This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0319
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/319 of 12 February 2026 imposing a definitive anti-dumping duty and definitively collecting the provisional duty imposed on imports of valine originating in the People’s Republic of China
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/319 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2026 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí vailín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/319 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2026 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí vailín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin
C/2026/714
IO L, 2026/319, 13.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/319/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/319 |
13.2.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/319 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Feabhra 2026
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí vailín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’)., agus go háirithe Airteagal 9(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Tionscnamh
|
(1) |
An 19 Nollaig 2024, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí vailín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’ nó ‘an tír lena mbaineann’) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’). |
|
(2) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a chuir Eurolysine SAS (‘Eurolysine’ nó ‘an gearánach’) isteach an 5 Samhain 2024. Ba é tionscal vailín an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán a rinne an gearán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
1.2. Clárú
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/326 ón gCoimisiún (3) (‘an Rialachán maidir le clárú’), chuir an Coimisiún allmhairí vailín de thionscnamh na Síne faoi réir a gcláraithe. |
1.3. Bearta sealadacha
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 17 Iúil 2025, thug an Coimisiún achoimre ar na dleachtanna beartaithe do na páirtithe, agus thug sé sonraí dóibh faoi ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach ar leor iad chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais. Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre. |
|
(5) |
An 23 Iúil 2025, chuir Bayannur Huaheng Biotechnology Co., Ltd. (‘BHB’, in éineacht lena chuideachtaí comhlachaithe ‘Huaheng Group’) aighneacht i scríbhinn isteach inar cuireadh a thuairimí in iúl maidir leis na hearráidí cléireachais líomhnaithe i ríomh an chorrlaigh dumpála is infheidhme maidir leis, ag maíomh go ndearna an Coimisiún earráid (i) trí mhuirir bhainc a asbhaint faoi dhó, (ii) trí phraghas aonaid gránphlúir amháin a mheas in ionad mheánphraghsanna aonaid gránphlúir agus púdair próitéine i ndáil leis an gcoigeartú suas ar thagarmharc gránphlúir don uasmharcáil neamh-ghéinmhodhnaithe (‘neamh-GMO’), agus (iii) trí úsáid a bhaint as costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘costais SGA’) 23,3 % lena n-áirítear méid USD 17 848 le haghaidh costais dáileacháin ós rud é go líomhnaítear gur asbhaineadh na costais dáileacháin sin ón bpraghas onnmhairiúcháin. |
|
(6) |
Chinn an Coimisiún go raibh údar leis an maíomh faoi (ii) agus rinne sé athbhreithniú ar an ríomh dumpála le haghaidh Huaheng Group dá réir sin. Diúltaíodh don mhaíomh faoi (i) ag an gcéim shealadach ach, tar éis fianaise bhreise a chur isteach, rinneadh athbhreithniú air ina dhiaidh sin tar éis an nochta shealadaigh in aithris 145 thíos. Diúltaíodh do mhaíomh ó CJ (Shenyang) Biotechnology Co., Ltd. (‘CJS’) a bhí cosúil leis an maíomh faoi (iii) ag an gcéim shealadach agus in aithrisí 140 go 141 thíos. |
|
(7) |
An 14 Lúnasa 2025, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1737 ón gCoimisiún (4) (‘an Rialachán sealadach’), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí vailín de thionscnamh na Síne. |
1.4. An nós imeachta ina dhiaidh sin
|
(8) |
Tar éis na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe a nochtadh ar ar an mbonn a forchuireadh dleacht frithdhumpála shealadach (‘an nochtadh sealadach’), chuir an gearánach agus an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte, CJS, in éineacht lena chuideachtaí comhlachaithe agus Huaheng Group aighneachtaí i scríbhinn isteach ag cur a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Rialachán sealadach. |
|
(9) |
Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáladh éisteachtaí leis an ngearánach, le CJS, in éineacht lena chuideachtaí comhlachaithe, agus le Huaheng Group. |
|
(10) |
Tar éis an nochta shealadaigh, chláraigh Ajinomoto Omnichem, an Bheilg (‘Ajinomoto’), allmhaireoir comhlachaithe leis an táirgeoir onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríoch ón tSín Shanghai Ajinomoto Amino Acid Co. Ltd, mar pháirtí leasmhar agus chuir sé barúlacha isteach maidir leis an raon táirge. Tugtar aghaidh ar na barúlacha sin in aithrisí 27 go 37. |
|
(11) |
Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach dá gcinntí críochnaitheacha. Agus an Coimisiún ag teacht ar a thorthaí cinntitheacha, mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus rinne sé athbhreithniú ar a chonclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí. |
|
(12) |
Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas maidir leis na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí vailín de thionscnamh na Síne (‘an nochtadh deiridh’). Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh. Fuarthas barúlacha ón ngearánach, Huaheng Group, CJS agus Ajinomoto. |
|
(13) |
Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht chomh maith. Reáchtáladh éisteachtaí leis an ngearánach, le Huaheng Group agus le CJS. |
1.5. Sampláil
|
(14) |
In éagmais barúlacha maidir le sampláil na n-allmhaireoirí neamhchomhlachaithe, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithris 8 den Rialachán sealadach. |
|
(15) |
Maidir le sampláil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, mhaígh an gearánach nár chuir sonraí na tréimhse imscrúdúcháin, ar a raibh sampla na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin bunaithe, dinimic an mhargaidh a thosaigh roimh an tréimhse imscrúdúcháin san áireamh i gceart. Go háirithe, mhaígh an gearánach go raibh díolacháin CJS leis an Aontas an-teoranta i gcomparáid le díolacháin CJS ar mhargadh na Síne. Dá bhrí sin, líomhain an gearánach, ós rud é go ndéantar measúnú ar dhumpáil mar an difríocht idir an praghas onnmhairiúcháin agus an praghas intíre, nach mbeadh CJS ionadaíoch ar staid an mhargaidh. |
|
(16) |
Thug an Coimisiún dá aire gur fionnadh san imscrúdú gur ann do shaobhadh suntasach sa mhargadh le haghaidh vailín sa tSín, agus dá bhrí sin nach bhfuil an gnáthluach bunaithe ar dhíolacháin intíre na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. In aon chás, mar a léirítear in aithris 10 den Rialachán sealadach, roghnaigh an Coimisiún sampla na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin bunaithe ar an méid ionadaíoch is mó d’onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí imscrúdú a dhéanamh orthu go réasúnta laistigh den am a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán, agus bhí CJS ionadaíoch ina leith sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(17) |
D’athdhearbhaigh an gearánach freisin nach raibh CJS ionadaíoch toisc nach cuideachta faoi úinéireacht Shíneach é. Mar thacaíocht, d’ardaigh an gearánach go raibh CJS i measc na ngearánach in imscrúduithe frithdhumpála leanúnacha ar allmhairí lísín ón tSín sa Bhrasaíl agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘SAM’). |
|
(18) |
Dhiúltaigh an Coimisiún cheana féin do chuid den mhaíomh sin, i.e. gur chuideachta eachtrach é CJS a bhí ag oibriú sa tSín agus, dá bhrí sin, nach raibh sé ag oibriú faoi na coinníollacha céanna le cuideachtaí faoi úinéireacht Shíneach, in aithris 16 den Rialachán sealadach, toisc nach raibh na critéir sin ábhartha don tsampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán ina leagtar amach gur cheart sampla a bhunú ar an méid ionadaíoch is mó d’onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí imscrúdú a dhéanamh orthu go réasúnta laistigh den am a bhí ar fáil. Ar an gcaoi chéanna, níl ról na gcuideachtaí lena mbaineann i ndáil le táirgí eile agus faoi shainchúram dlínsí eile ábhartha ach oiread. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(19) |
Tar éis an nochta deiridh, mhaígh an gearánach gur tháinig laghdú mór ar onnmhairí CJS chuig an Aontas chun tairbhe onnmhaireoirí eile de chuid na Síne, ós rud é go bhfuil praghas i bhfad níos airde ar vailín CJS. Dúirt an gearánach freisin gur deimhníodh an méid sin le torthaí an Choimisiúin in aithris 133 i ndáil le húsáid chorrlach brabúis an allmhaireora neamhchomhlachaithe (Quimidroga’s S.A. – ‘Quimidroga’), nár measadh a bheith ionadaíoch. |
|
(20) |
Thug an Coimisiún dá aire, de réir Airteagal 17 den bhun-Rialachán, go bhfuil an sampla bunaithe ar shonraí a bhí ar fáil nuair a roghnaíodh an sampla. Ar bhonn na sonraí sin, chinn an Coimisiún go raibh an sampla ionadaíoch do dhíolacháin onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Níl imthosca a tháinig chun cinn tar éis na tréimhse imscrúdúcháin ábhartha maidir le roghnú an tsampla. Ar an gcaoi chéanna, ní raibh praghas na n-allmhairí vailín ábhartha chun an sampla a roghnú, rud a bhí bunaithe ar an méid ionadaíoch is mó d’onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí imscrúdú a dhéanamh orthu go réasúnta laistigh den am a bhí ar fáil. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(21) |
D’áitigh an gearánach freisin go dtairbheoidh táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte na Síne go míchuí de chorrlach dumpála íseal CJS, toisc go n-áirítear é i ríomh mheánchorrlach dumpála ualaithe na gcuideachtaí sampláilte is infheidhme freisin maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha neamhshampláilte. Dúirt an gearánach freisin nár leor meánchorrlach dumpála ualaithe an tsampla chun tionscal an Aontais a chosaint ar na hallmhairí dumpáilte. Dá bhrí sin, d’iarr an gearánach ar an gCoimisiún an corrlach dumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha neamhshampláilte a ríomh ar bhealach lena léireofaí staid an mhargaidh ar bhealach níos fearr agus lena gcosnófaí tionscal an Aontais ar bhealach níos éifeachtaí. |
|
(22) |
Níor sholáthair an gearánach aon mhodheolaíocht shonrach chun an corrlach dumpála is infheidhme maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte a ríomh. Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 9(6) den bhun-Rialachán, i gcás ina n-úsáidtear sampláil faoi Airteagal 17 den Rialachán sin, maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir le táirgeoirí onnmhairiúcháin neamhshampláilte comhoibríocha, ‘nach rachaidh an dleacht sin thar an meánchorrlach ualaithe dumpála arna shocrú do na páirtithe sa sampla’. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(23) |
In éagmais barúlacha eile maidir le sampláil na dtairgeoirí onnmhairiúcháin, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí a leagtar amach in aithrisí 10 go 18 den Rialachán sealadach. |
1.6. Scrúdú aonair
|
(24) |
In éagmais barúlacha maidir le scrúdú aonair, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithris 19 den Rialachán sealadach. |
1.7. Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin
|
(25) |
Tar éis an nochta shealadaigh, tugadh cuairt fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán ag áitreabh an tairgeora neamhchomhlachaithe a thug freagairt iomlán ar an gceistneoir:
|
1.8. An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(26) |
In éagmais barúlacha a bhaineann leis an tréimhse imscrúdúcháin agus leis an tréimhse faoi bhreathnú, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí uaidh a leagtar amach in aithris 24 den Rialachán sealadach. |
2. AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
|
(27) |
Tar éis an nochta shealadaigh, chuir Ajinomoto, allmhaireoir comhlachaithe le táirgeoir onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríoch Síneach, barúlacha isteach maidir le raon feidhme an táirge inar maíodh go mbeadh saintréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha fíor-riachtanacha éagsúla ag vailín a úsáidtear le haghaidh iarratais chógaisíochta (vailín de ghrád cógaisíochta) agus úsáidí beartaithe éagsúla, leibhéal idirmhalartachta, caighdeáin cháilíochta, agus bealaí dáileacháin i gcomparáid le vailín de ghrád bia agus beatha agus d’iarr sé go ndéanfaí é a eisiamh ó raon feidhme an táirge. |
|
(28) |
Thug Ajinomoto údar lena mhaíomh trí thagairt a dhéanamh do na rialacha tionscnaimh neamhfhabhracha le haghaidh chaibidil 29, lena gcumhdaítear an táirge lena mbaineann, ar ar a mbonn a mheastar gur claochlú substaintiúil ar an táirge é an t-íonú. Ar an mbonn sin, agus ós rud é go ndéantar próiseas íonúcháin den sórt sin ar vailín de ghrád cógaisíochta, d’áitigh Ajinomoto nár cheart é a chumhdach leis an sainmhíniú ar an táirge. |
|
(29) |
Níor cuireadh isteach an maíomh maidir leis an raon táirge go dtí tar éis fhorchur na mbeart sealadach, agus de réir an Fhógra Tionscnaimh, ba cheart an sprioc-am le haghaidh aon mhaíomh maidir leis an raon táirge a chur isteach laistigh de 10 lá ó thionscnamh an imscrúdaithe seo. Dá réir sin, cuireadh deireadh leis an maíomh agus, dá bhrí sin, ní raibh sé inghlactha a thuilleadh ag an gcéim sin. |
|
(30) |
Gan beann ar an méid sin, thug an Coimisiún dá aire ar dtús gur chinn sé, in aithris 32 den Rialachán sealadach, go bhfuil bun-saintréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha comhchosúla ag na gráid éagsúla vailín toisc iad uile a bheith déanta den mhóilín céanna agus toisc go bhfuil na bun-fheidhmeanna céanna i gcoiteann acu i.e. lisín an-díleáite a sholáthar d’ainmhithe agus do dhaoine, i dtáirgí cógaisíochta, i mbia (mar fhorlíon cothaithe) nó i mbeatha. Thairis sin, táirgtear gach grád tríd an bpróiseas táirgthe céanna, le leibhéil éagsúla íonúcháin agus eastósctha. Allmhairítear gach grád vailín faoi na cóid TARIC chéanna. |
|
(31) |
Níor chuir Ajinomoto aon fhianaise ar fáil a thabharfadh údar leis an maíomh go raibh saintréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha éagsúla ag vailín de ghrád cógaisíochta. Go deimhin, dheimhnigh Ajinomoto go bhfuil an táirge mar an gcéanna go ceimiceach le vailín de ghrád bia nó beatha agus go bhfuil sé bunaithe ar an móilín céanna (L-vailín). Chomh maith leis sin, na caighdeáin cháilíochta éagsúla a líomhnaítear a bheith infheidhme maidir le táirgeoirí vailín de ghrád cógaisíochta, ní athraíonn siad comhdhéanamh ceimiceach an táirge. |
|
(32) |
Mhaígh Ajinomoto go mbeadh dath púdair níos criostalta i gceist le vailín de ghrád cógaisíochta mar gheall ar phróiseáil bhreise ar vailín de ghrád beatha a bheith déanta ag Ajinomoto. Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, d’ainneoin na difríochta sin, go bhfuil na táirgí fós an-chosúil le chéile, agus go bhfuil a mbuntréithe fós mar an gcéanna. |
|
(33) |
Ar an dara dul síos, de réir na conclúide ar thángthas uirthi sa Rialachán sealadach in aithris 32, cé go bhfuil na ceanglais maidir le híonacht vailín cógaisíochta níos airde, tá an fheidhm chéanna aige fós, i.e. an t-aimíonaigéad riachtanach a sholáthar d’ainmhithe agus do dhaoine, i dtáirgí cógaisíochta, i mbia (mar fhorlíonadh cothaithe), nó i mbeatha. |
|
(34) |
Ar an tríú dul síos, maidir leis na rialacha tionscnaimh neamhfhabhracha do chaibidil 29, dheimhnigh Ajinomoto é féin go bhfuil an chonclúid in aithris 32 den Rialachán sealadach infheidhme maidir leis an ngrád bia ach nár cheart feidhm a bheith aici maidir le vailín de ghrád cógaisíochta, os rud é go ndéantar claochlú substaintiúil ar vailín de ghrád beatha sa phróiseas íonúcháin. Mar sin féin, ní hamháin go gcumhdaítear próiseáil le haghaidh feidhmeanna cógaisíochta leis na rialacha tionscnaimh neamhfhabhracha do Chaibidil 29 dá dtagraíonn an t-allmhaireoir, ach cumhdaítear leo freisin substaintí de ghrád bia. Dá bhrí sin, is próiseas táirgthe den chatagóir chéanna le grád bia é an t-íonú chun críoch cógaisíochta. |
|
(35) |
Thairis sin, de réir Ajinomoto, níor mheas an gearánach gur táirge lena mbaineann vailín de ghrád cógaisíochta. Maíonn Ajinomoto go dtáirgeann cuideachta seachas an gearánach vailín de ghrád cógaisíochta san Aontas. Ós rud é gur mhaígh an gearánach gurb ionann é agus 100 % den táirgeadh vailín san Aontas agus nach raibh sé ar an eolas faoi tháirgeoirí eile, d’áitigh Ajinomoto nach gcumhdófaí an grád cógaisíochta leis an ngearán. Dheimhnigh an Coimisiún a chuid torthaí in aithris 33 den Rialachán sealadach, is é sin gur léirigh an t-imscrúdú go raibh an cumas teicniúil ag Eurolysine, tar éis dó údaruithe rialála ábhartha a fháil, gach grád vailín a tháirgeadh. Thairis sin, sa tuairisc ar an táirge sa ghearán, sainmhíníodh an táirge mar aimíonaigéad ag a bhfuil foirmle cheimiceach lena gcumhdaítear vailín de gach grád, lena n-áirítear de ghrád cógaisíochta. |
|
(36) |
Mar chonclúid, diúltaíodh do na maímh ón allmhaireoir. |
|
(37) |
In éagmais aon bharúlacha eile maidir leis an táirge faoi imscrúdú, an táirge lena mbaineann agus an táirge comhchosúil, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí 25 go 33 den Rialachán sealadach. |
|
(38) |
Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Ajinomoto a bharúlacha ón gcéim shealadach, ar thug an Coimisiún aghaidh uirthi cheana féin in aithrisí 27 go 36. Rinne an chuideachta trácht ar an difríocht sa phraghas idir vailín de ghrád cógaisíochta agus vailín de ghrád beatha, agus d’áitigh sí go bhfuil an praghas ar tháirge de ghrád cógaisíochta i bhfad níos airde, agus dá bhrí sin níor léiríodh go ndearna allmhairí de ghrád cógaisíochta díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. Chuir an chuideachta in iúl freisin an difríocht i ngníomhaíochtaí idir a cuid táirgeoirí comhlachaithe sa tSín agus táirgeoirí de chuid an Aontais. Mhaígh Ajinomoto gur tháirg Eurolysine an táirge faoi imscrúdú, ach go ndéanann Shanghai Ajinomoto é a íonú chun vailín de ghrád cógaisíochta a dhéanamh, ar próiseas iomlán difriúil é nach féidir leis an ngearánach a dhéanamh. Thairis sin, mhaígh an chuideachta nach bhfuil an 2 tháirge beartaithe do na húsáideoirí céanna, ós rud é go n-úsáidtear vailín de ghrád cógaisíochta chun críoch cógaisíochta, agus go n-úsáidtear vailín de ghrád beatha le haghaidh beatha ainmhithe. Ar deireadh, d’athdhearbhaigh siad nach n-áireofaí vailín de ghrád cógaisíochta sa ghearán agus, dá bhrí sin, nach mbeadh sé faoi raon feidhme an imeachta reatha. |
|
(39) |
Dheimhnigh an Coimisiún a chuid measúnuithe, agus thug sé dá aire gurb éard atá i gceist le vailín de ghrád cógaisíochta leagan vailín (i.e. an táirge faoi imscrúdú) ag a bhfuil leibhéal íonachta áirithe, mar a dheimhnigh Ajinomoto féin. Dá bhrí sin, d’ainneoin na difríochta praghais, ós rud é go ndéanann Ajinomoto cuid éagsúil de phróiseas táirgthe an táirge faoi imscrúdú, agus na n-úsáidí éagsúla atá beartaithe, ní bonn leordhóthanach é sin chun iad a mheas mar tháirgí éagsúla, rud a sonraíodh in aithrisí 27 go 36. |
|
(40) |
Thairis sin, níorbh fhéidir an fhaisnéis maidir leis an difríocht sa phróiseas táirgthe, saintréithe sonracha líomhnaithe vailín de ghrád cógaisíochta agus praghsanna a fhíorú le linn an imscrúdaithe toisc nár chomhoibrigh an táirgeoir Síneach atá comhlachaithe le Ajinomoto leis an imscrúdú seo, agus toisc níor roghnaigh Ajinomoto páirt a ghlacadh san imscrúdú ach amháin tar éis fhorchur na mbeart sealadach. Ina theannta sin, ní thacaíonn aon fhianaise shubstaintiúil lena mhaímh. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún go dtagann gach cineál vailín faoin táirge faoi imscrúdú, agus dá réir sin go raibh sé ina chúis leis an díobháil ar tugadh tuairisc uirthi i ranna 4 agus 5 den Rialachán sealadach. Rinne an Coimisiún measúnú ar thionchar allmhairí uile an táirge lena mbaineann ar thionscal an Aontais, dá bhrí sin diúltaíodh do mhaíomh Ajinomoto. |
|
(41) |
Tugadh aghaidh cheana in aithris 35 ar an argóint nach mbeadh tionscal an Aontais in ann vailín de ghrád cógaisíochta a tháirgeadh, agus nár áiríodh sa ghearán é. Ina theannta sin, luadh vailín de ghrád cógaisíochta go sonrach sa ghearán mar chuid den raon táirge. Ar deireadh, dheimhnigh tionscal an Aontais go bhfuil sé in ann vailín a tháirgeadh don mhargadh neamhbheatha agus go raibh an bhunfheidhm chéanna ag na gráid íonachta éagsúla vailín, is é sin vailín a sholáthar d’ainmhithe agus vailín d’úsáid an duine. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(42) |
Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún a mheasúnú agus dhiúltaigh sé don mhaíomh maidir le vailín de ghrád cógaisíochta a eisiamh ó raon feidhme an táirge. |
3. DUMPÁIL
|
(43) |
Tar éis an nochta shealadaigh, chuir an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte, CJS, Huaheng Group, agus an gearánach barúlacha isteach. |
3.1. Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán
|
(44) |
In éagmais aon bharúlacha maidir leis an nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí in aithrisí 34 go 40 den Rialachán sealadach. |
3.2. An Gnáthluach
3.2.1. Saobhadh suntasach a bheith ann
|
(45) |
In éagmais barúlacha maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí mar a leagtar amach in aithrisí 44 go 139 den Rialachán sealadach. |
3.2.2. Tír ionadaíoch
|
(46) |
Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh sealadach, thacaigh an gearánach le cinneadh an Choimisiúin an Cholóim a roghnú mar an tír ionadaíoch. |
|
(47) |
Tar éis an nochta shealadaigh, chuir Huaheng Group i gcoinne cinneadh an Choimisiúin an Cholóim a roghnú mar an tír ionadaíoch. Ar an gcéad dul síos, d’áitigh Grúpa Huaheng gurbh í an Indinéis an tír ionadaíoch ab iomchuí toisc gurbh í an t-aon tír í (i) a tháirg vailín, (ii) a chuir allmhairí neamhshaofa substaintiúla i láthair maidir leis na príomhthosca táirgeachta uile, agus (iii) ina raibh sonraí airgeadais ar fáil go héasca lenar cumhdaíodh an tréimhse imscrúdúcháin iomlán. Ar an dara dul síos, mura n-úsáidfí an Coimisiún an Indinéis, mhaígh Huaheng Group gur cheart don Choimisiún an Mhalaeisia a úsáid, a roghnaíodh sa dara nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh an 4 Meitheamh 2025 (‘an Dara Nóta’). Ar an tríú dul síos, ba cheart an Cholóim a dhícháiliú mar gheall ar an saobhadh ar fhormhór na bpríomhthosca táirgeachta agus mar gheall ar an easpa sonraí airgeadais atá ar fáil. Mar sin féin, dá gcoinneofaí an Cholóim fós, d’iarr Grúpa Huaheng ar an gCoimisiún an tagarmharc le haghaidh gránphlúir a ionadú. |
— An Indinéis
|
(48) |
Mhaígh Grúpa Huaheng nach bhféadfar táirgeadh táirge laistigh den chatagóir ghinearálta chéanna nó den earnáil ghinearálta chéanna a mheas ach amháin nuair nach ann d’aon táirgeadh an táirge faoi imscrúdú in aon tír ina bhfuil leibhéal inchomparáide forbartha eacnamaíche. Sa chás i dtrácht, as an dá thír atá ar fáil bunaithe ar na critéir sin, an Bhrasaíl agus an Indinéis, ba cheart tosaíocht a thabhairt don Indinéis toisc go bhfuil allmhairí substaintiúla de na príomhthosca táirgeachta aici. Maidir leis an mBrasaíl, sa Dara Nóta dheimhnigh an Coimisiún, fiú dá dtáirgfeadh an Bhrasaíl vailín le linn na tréimhse imscrúdúcháin, nach raibh aon fhaisnéis airgeadais nuashonraithe ann. Dá bhrí sin, bhí an Bhrasaíl le cur as an áireamh mar thír a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch. |
|
(49) |
Thug an Coimisiún dá aire gur thug cur chuige Huaheng Group neamhaird ar an imthoisc, sa chás seo, nach raibh aon sonraí airgeadais ar fáil go héasca d’aon táirgeoir vailín san Indinéis. Dá bhrí sin, b’éigean don Choimisiún dul i muinín táirge sa chatagóir ghinearálta chéanna nó san earnáil ghinearálta chéanna le vailín. Ina chuid barúlacha maidir leis an nochtadh sealadach, níor athdhearbhaigh Huaheng Group ach an fhéidearthacht dul i muinín an táirgeoir aigéid chitrigh PT. Indo Acidatama Tbk. In aon chás, thug an Coimisiún dá aire freisin gur chuir sé an Indinéis as an áireamh mar thír ionadaíoch iomchuí bunaithe ar sciar suntasach na n-allmhairí ón tSín le haghaidh 4 cinn ar a laghad de na tosca táirgeachta is tábhachtaí agus bunaithe ar shaobhadh margaidh ar arbhar agus ar ghual. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(50) |
Thairis sin, d’easaontaigh Grúpa Huaheng le tuairim an Choimisiúin gur roghnaigh Grúpa Huaheng an Bhrasaíl agus an Tuirc mar thíortha ionadaíocha féideartha ar chuir sé an Indinéis i gcomparáid leo, seachas an Indinéis a chur i gcomparáid leis an Malaeisia agus leis an gColóim (5). Chun aghaidh a thabhairt ar thoradh sealadach an Choimisiúin, chuir Grúpa Huaheng in iúl go raibh allmhairí suntasacha arbhair isteach san Indinéis agus luaigh sé go raibh coinne leis go dtionscnóidh an Cholóim imscrúdú ar allmhairí arbhair de thionscnamh SAM. Cé nár tionscnaíodh aon imscrúdú den sórt sin, mhaígh Huaheng Group gur thug sé sin le fios go bhféadfadh sé go raibh praghas an arbhair sa Cholóim saofa mar gheall ar allmhairí a líomhnaítear a fóirdheonaíodh ó SAM, ós rud é gur sholáthair SAM beagnach 97 % d’allmhairí iomlána arbhair isteach sa Cholóim. Mheas an Coimisiún go raibh maíomh Huaheng Group amhantrach agus gan bunús, toisc nár thug sé aon fhianaise ar fhóirdheonú líomhnaithe arbhair SAM agus toisc nár thionscain an Cholóim imscrúdú cosanta trádála ar arbhar ó SAM. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(51) |
Chuir Huaheng Group in iúl go raibh méideanna na n-allmhairí gránphlúir isteach san Indinéis i gcomhréir le méideanna na n-allmhairí isteach sa Mhalaeisia agus go raibh siad níos airde ná méideanna na n-allmhairí isteach sa Cholóim. |
|
(52) |
Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin cheana féin in aithris 161 den Rialachán sealadach. Ós rud é nár chuir Grúpa Huaheng aon argóint bhreise isteach chun tacú leis na maímh sin, dhiúltaigh an Coimisiún dóibh ar bhonn na réasúnaíochta a leagtar amach in aithris 161 den Rialachán sealadach. |
|
(53) |
Thairis sin, d’áitigh Huaheng Group go raibh an bealach nár bhreathnaigh an Coimisiún ach ar na tosca táirgeachta a raibh tionchar ag sciar suntasach d’allmhairí na Síne orthu míthreorach toisc nár chuir sé na tosca táirgeachta uile san áireamh. Dá bhrí sin, de réir Huaheng Group, na tagarmharcanna bunaithe ar allmhairí gránphlúir, guail agus carbóin ghníomhachtaithe isteach sa Cholóim, bhí siad neamhiontaofa freisin. Maidir leis sin, d’athdhearbhaigh Huaheng Group a bharúlacha a bhfuil achoimre orthu in aithris 184 den Rialachán sealadach i ndáil le hallmhairí tosca táirgeachta den sórt sin isteach san Indinéis, i gcomparáid le hallmhairí isteach sa Mhalaeisia agus sa Cholóim. |
|
(54) |
Mar sin féin, níor aontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin toisc go ndearna sé anailís ar na tosca táirgeachta uile a luaigh Huaheng Group, lena n-áirítear arbhar, san Indinéis. Mar shampla, sa chéad nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh an 2 Aibreán 2025 (‘an Chéad Nóta’), d’ardaigh an Coimisiún gurb ann don toirmeasc ar allmhairiú arbhair san Indinéis. Chomh maith leis sin, níor chinn an Coimisiún go raibh allmhairí gránphlúir, guail agus carbóin ghníomhachtaithe isteach sa Cholóim saofa. Tugadh aghaidh air sin go sonrach in aithrisí 66, 68 agus 70. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(55) |
Chuir Huaheng Group i gcoinne léamh an Choimisiúin in aithris 187 den Rialachán sealadach go bhféadfadh an toirmeasc ar allmhairiú arbhair san Indinéis a bheith ina chúis le méid níos ísle allmhairí i gcomparáid leis an Malaeisia agus leis an gColóim (6). De réir Ghrúpa Huaheng, bréagnaíodh léamh an Choimisiúin toisc go raibh meánphraghas allmhairiúcháin an arbhair isteach san Indinéis mar an gcéanna leis an bpraghas allmhairiúcháin isteach sa Mhalaeisia agus níos airde ná an praghas allmhairiúcháin isteach sa Cholóim. Thairis sin, i dtuairim Huaheng Group, níor léiríodh an toirmeasc ar allmhairiú arbhair san Indinéis i méideanna allmhairí na hIndinéise. Ar an gcaoi chéanna, maidir le gual, a ndéanann saobhadh margaidh a shainaithin an Coimisiún sa Chéad Nóta difear dó, d’áitigh Huaheng Group go raibh an praghas allmhairiúcháin isteach san Indinéis inchomparáide leis an bpraghas isteach sa Mhalaeisia. |
|
(56) |
Bhí sé i gceist leis an gcomparáid praghsanna a rinne Huaheng Group a léiriú nach ndearna an saobhadh margaidh a sainaithníodh ar arbhar agus ar ghual difear do phraghas allmhairiúcháin na dtosca táirgeachta sin isteach san Indinéis. Mar sin féin, in aithris 187 den Rialachán sealadach, d’áitigh an Coimisiún go bhféadfadh tionchar a bheith ag an toirmeasc ar allmhairiú arbhair ar mhéid na n-allmhairí, ach nach raibh measúnú á dhéanamh aige, sa chomhthéacs sin, ar éifeacht phraghais toirmisc den sórt sin. Dá bhrí sin, níor thug na hargóintí a chuir Huaheng Group chun cinn aghaidh ar réasúnaíocht an Choimisiúin agus níor bhain siad an bonn de thorthaí an Choimisiúin ina leith sin. Thairis sin, a mhéid a bhaineann leis an maíomh nár léiríodh an toirmeasc ar allmhairiú arbhair i méideanna allmhairí na hIndinéise, mheabhraigh an Coimisiún gur mhínigh sé sa Chéad Nóta, faoin toirmeasc sin ar allmhairiú arbhair, go gceadaítear allmhairí arbhair laistigh de mhíonna forordaithe agus ar an gcoinníoll nach bhfuil an t-éileamh intíre comhlíonta ag an táirgeadh áitiúil (7). Dá bhrí sin, ní toirmeasc iomlán é an toirmeasc ar allmhairíú arbhair agus leanann allmhairí arbhair de bheith ag sreabhadh, cé go bhfuil siad ar leibhéal laghdaithe. Ní fhéadfadh staitisticí allmhairiúcháin a léiriú ansin nach raibh allmhairí arbhair isteach san Indinéis, mar is cosúil go dtugann Huaheng Group le tuiscint. Os a choinne sin, léiríonn siad allmhairí arbhair, ach i méideanna níos ísle i gcomparáid leis an Malaeisia agus leis an gColóim, pointe nár thug Huaheng Group aghaidh air. Ar deireadh, in aon chás, leis an gcomparáid le praghsanna sa Mhalaeisia agus sa Cholóim a rinne Huaheng Group i ndáil le harbhar agus gual araon, ní léirítear cé acu a rinne nó nach ndearna an saobhadh margaidh difear do phraghas an arbhair agus an ghuail san Indinéis. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(57) |
Ar deireadh, mhaígh Huaheng Group, tar éis réasúnaíocht an Choimisiúin gur thug méid íseal le fios gurb ann do shaobhadh, go ndéanfaí gránphlúir sa Cholóim a shaobhadh freisin mar gheall ar an méid íseal allmhairí a léireofaí freisin sa phraghas ard sa Cholóim. |
|
(58) |
Thug an Coimisiún aghaidh ar an maíomh gur saobhadh praghas allmhairiúcháin gránphlúir isteach sa Cholóim in aithris (66) agus dhiúltaigh sé dó. |
— An Mhalaeisia
|
(59) |
Ina bharúlacha tar éis an nochta shealadaigh, d’easaontaigh Huaheng Group le conclúid an Choimisiúin nach bhféadfadh sonraí airgeadais Ajinomoto Malaysia a bheith ina dtagarmharc iontaofa le haghaidh chostais SGA agus brabúis toisc gur scoir Ajinomoto Malaysia de ghlútamáit mhonasóidiam a tháirgeadh, an táirge eile a mheas an Coimisiún a bheith sa chatagóir ghinearálta chéanna le vailín, sa Mhalaeisia. I ndáil leis sin, cheistigh Huaheng Group iontaofacht thuarascáil bhliantúil 2024 Ajinomoto Malaysia a mhéid a bhaineann le scor de tháirgeadh glútamáite monasóidiam mar gheall ar an easpa soiléireachta líomhnaithe maidir le foclaíocht na tuarascála bliantúla. |
|
(60) |
Thug an Coimisiún dá aire gur deimhníodh freisin in imscrúdú a rinneadh le déanaí nach raibh baint ag Ajinomoto Malaysia a thuilleadh le táirgeadh glútamáite monasóidiam, imscrúdú inar chuir údaráis na Malaeisia an Coimisiún ar an eolas gurbh é Ajinoriki Malaysia an t-aon táirgeoir glútamáite monasóidiam sa tír (8). Dá bhrí sin, níorbh fhéidir sonraí Ajinomoto Malaysia a úsáid agus diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(61) |
Maidir le Ajinoriki Malaysia, chuir Huaheng Group in aghaidh chonclúid an Choimisiúin nach bhféadfadh sonraí airgeadais Ajinoriki Malaysia a bheith ina dtagarmharc iontaofa le haghaidh chostais SGA agus brabúis mar gheall ar a rannpháirtíocht i gcleachtais imchéimnithe (9). Go deimhin, de réir Huaheng Group, ní dhearnadh measúnú ar rannpháirtíocht Ajinoriki Malaysia i gcleachtais imchéimnithe i dtáirgeadh glútamáite monasóidiam ach amháin le haghaidh thréimhse thuairiscithe an imscrúdaithe sin (1 Iúil 2023-30 Meitheamh 2024). |
|
(62) |
Thug an Coimisiún dá aire gur tharla an t-athrú ar an ngréasán trádála a fionnadh san imscrúdú frith-imchéimniúcháin atá idir lámha mar gheall ar an méadú ar onnmhairí thrádálaí gaolmhar Ajinoriki Malaysia sa tSín chuig an Malaeisia, a thosaigh ó 2021, le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin (10). Dá bhrí sin, rinne an patrún trádála athraithe arna shainaithint ag an gCoimisiún san imscrúdú frith-imchéimniúcháin difear do shonraí airgeadais Ajinoriki Malaysia ó 2022. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(63) |
Thairis sin, maidir leis an bhfíoras gur siar go dtí 2022 a théann na sonraí airgeadais is déanaí ó Ajinoriki Malaysia, mhaígh Huaheng Group go raibh an Coimisiún ag brath ar na sonraí brabúis níos as dáta ó allmhaireoirí neamhghaolmhara ó imscrúdú maidir le hallmhairí alcól polaivinile áirithe de thionscnamh na Síne (‘imscrúdú APV’) (11), chun brabús trádálaithe agus allmhaireoirí gaolmhara a shuí. |
|
(64) |
Thug an Coimisiún dá aire, maidir le brabús réasúnta táirgeora i dtír ionadaíoch agus an gnáthluach á chinneadh aige i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, ar thaobh amháin, agus an corrlach brabúis a úsáidtear chun an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú faoi Airteagal 2(9) agus Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán, ar an taobh eile, go bhfuil siad bunaithe ar bhunús dlí difriúil agus go bhfuil cuspóir difriúil leo agus, dá bhrí sin, nach bhfuil siad inchomparáide. Dá bhrí sin, ní raibh an Coimisiún in ann brath ar shonraí airgeadais Ajinoriki Malaysia ó 2022 agus diúltaíodh don mhaíomh sin. |
— An Cholóim
|
(65) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Huaheng Group go raibh tagarmharc na Colóime le haghaidh gránphlúir saofa agus gur cheart don Choimisiún tagarmharc níos iomchuí amhail an praghas allmhairiúcháin isteach san Indinéis, isteach sa Mhalaeisia nó ‘praghas allmhairiúcháin domhanda’ a chur ina ionad. Ar an gcéad dul síos, mhaígh Huaheng Group go raibh an méid allmhairí isteach sa Cholóim íseal go neamhionadaíoch, mar shampla i gcomparáid leis an Indinéis nó leis an Malaeisia, ar allmhaireoirí móra gránphlúir iad araon. Ar an dara dul síos, mhaígh Huaheng Group go raibh praghsanna allmhairiúcháin thar a bheith ard mar thoradh ar an méid an-íseal allmhairí isteach sa Cholóim, mar shampla i gcomparáid leis an mBrasaíl (37 % níos airde), leis an Téalainn (27 %), leis an Indinéis (72 %) agus leis an Malaeisia (65 %). Ar an tríú dul síos, chuir Huaheng Group sonraí isteach maidir leis na hallmhairí isteach sa Cholóim in aghaidh na cuideachta allmhairiúcháin agus in aghaidh na tíre tionscnaimh. Mhaígh Huaheng Group go raibh cuideachta allmhairiúcháin amháin freagrach as beagnach 50 % de na hallmhairí uile isteach sa Cholóim. Mhaígh Huaheng Group freisin gur ó sholáthróirí gaolmhara a tháinig na hallmhairí uile ón gcuideachta allmhairiúcháin sin, rud a chaith amhras ar neamhthuilleamaí an phraghais ceannaigh, dar le Huaheng Group. Ar an gceathrú dul síos, mhaígh Huaheng Group go raibh príomhghníomhaíochtaí na cuideachta allmhairiúcháin sin san earnáil bia, deochanna agus cógaisíochta agus gur dócha, dá bhrí sin, go raibh praghas níos airde ar an ngránphlúr a d’allmhairigh an chuideachta sin ná an gránphlúir tionsclaíoch a d’úsáid táirgeoir Huaheng Group, i.e. BHB. |
|
(66) |
A mhéid a bhaineann leis an gcéad phointe agus leis an dara pointe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid sa Chéad Nóta go raibh tionchar ag saobhadh margaidh ar arbhar san Indinéis i bhfoirm toirmeasc ar allmhairiú arbhair. Thairis sin, rinne an Coimisiún measúnú ar shonraí le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin ó GTA maidir le méid agus luach na n-allmhairí chuig gach tír de thionscnamh gach tíre seachas an tSín agus tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Léirigh na sonraí, cé go raibh an praghas sa Mhalaeisia 40 % níos ísle ná mar a bhí sa Cholóim, go raibh tíortha ann freisin a raibh méideanna móra allmhairí acu a raibh praghsanna comhchosúla nó níos airde acu ná an Cholóim amhail an Ghearmáin (mar an gcéanna leis an gColóim), an Fhrainc (26 % níos airde ná an Cholóim), Ceanada (34 % níos airde ná an Cholóim), an Ríocht Aontaithe (64 % níos airde ná an Cholóim) agus an Astráil (1 % níos airde ná an Cholóim). Thug an Coimisiún dá aire freisin, cé gur luaigh Huaheng Group an Bhrasaíl mar shampla de thír ag a bhfuil praghas allmhairiúcháin níos ísle ná an Cholóim, go raibh méid na n-allmhairí isteach sa Bhrasaíl 21 % níos ísle ná mar a bhí sa Cholóim. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh praghas allmhairiúcháin thar a bheith ard mar thoradh ar mhéid na n-allmhairí isteach sa Cholóim. Ar an mbonn sin, ós rud é go raibh praghsanna allmhairiúcháin éagsúil ó thír go tír, ní féidir leis sin ann féin údar a thabhairt le praghsanna níos airde nó níos ísle a cháiliú mar phraghsanna neamhghnácha agus, dá bhrí sin, ní mór neamhaird a thabhairt orthu. Maidir leis an tríú pointe, níor chuir Huaheng Group fianaise isteach maidir le cé acu a bhí nó nach raibh an chuideachta allmhairiúcháin agus a soláthróirí comhlachaithe. Thairis sin, rinne an Coimisiún measúnú ar na sonraí a chuir Huaheng Group isteach agus thug sé dá aire go raibh éagsúlacht mhór sna praghsanna ar ar cheannaigh an chuideachta allmhairiúcháin a shainaithin Huaheng Group gránphlúir ag brath ar an tír sholáthair, agus dá bhrí sin níor chruthaigh na sonraí a soláthraíodh go bhféadfaí an difríocht a mhíniú le beartais praghsála aistrithe a d’fhéadfadh a bheith ann. Thairis sin, bhí allmhaireoirí eile sa Cholóim a cheannaigh ar phraghas comhchosúil ón tír sholáthair chéanna. Ar deireadh, thug an Coimisiún dá aire go liostaítear ar shuíomh gréasáin na cuideachta allmhairiúcháin (13) táirgí agus gníomhaíochtaí nach bhfuil teoranta do bhia, deochanna agus cógaisíocht, mar shampla cothú ainmhithe agus feidhmeanna tionsclaíocha. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún nach raibh bunús leis an maíomh gur dócha gur cheannaigh an chuideachta allmhairiúcháin gránphlúir ar phraghas ard. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh agus mheas sé go raibh tagarmharc na Colóime maidir le gránphlúr réasúnta. |
|
(67) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CJS go raibh tagarmharcanna an Choimisiúin maidir le carbón gníomhachtaithe agus aigéad aicéiteach neamhiontaofa. Maidir le carbón gníomhachtaithe, mhaígh CJS go raibh tagarmharc boilscithe mar thoradh ar na méideanna ísle allmhairí sa Cholóim toisc go raibh méideanna allmhairí i bhfad níos airde i ngach tír ard-mheánioncaim eile, i.e. an Bhrasaíl, an Indinéis, an Cholóim, an Téalainn agus an Tuirc, arna sainaithint ag an gCoimisiún sa Chéad Nóta. Mhol CJS go n-úsáidfí an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe sa Tuirc nó tagarmharc idirnáisiúnta mar rogha mhalartach níos ionadaíche, toisc go léireodh na tagarmharcanna sin ar bhealach níos cruinne na praghsanna margaidh ar charbón gníomhachtaithe. Rinne CJS tagairt freisin do chásanna eile inar bhain an Coimisiún úsáid as tagarmharcanna malartacha chun tacú lena thogra. |
|
(68) |
Mheas an Coimisiún nár chuir CJS fianaise leordhóthanach ar fáil chun bunús a thabhairt lena mhaíomh go bhfuil praghas allmhairiúcháin carbóin ghníomhachtaithe isteach sa Cholóim ró-bhoilscithe. Bhí na méideanna allmhairí sa Cholóim leordhóthanach chun tagarmharc iontaofa a shuí. Thairis sin, tá an úsáid a bhaineann an Coimisiún as tagarmharcanna tírshonracha comhsheasmhach lena chleachtas seanbhunaithe. Thagair CJS do chásanna eile inar úsáideadh tagarmharcanna malartacha gan mhíniú a thabhairt cén fáth a bhfuil na samplaí sin ábhartha sa chás seo, agus do dhálaí sonracha an mhargaidh tráth an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh CJS. |
|
(69) |
Maidir le haigéad aicéiteach, d’áitigh CJS go bhfuil an praghas allmhairiúcháin róbhoilscithe, agus go bhfuil sé 40–80 % níos airde ná na meánphraghsanna allmhairiúcháin isteach sna tíortha ard-mheánioncaim eile a shainaithin an Coimisiún sa Chéad Nóta. Ba é ba chúis leis sin dhá phríomhthoisc, dar le CJS: ar an gcéad dul síos, tá méid réasúnta íseal allmhairí aigéid aicéitigh ag an gColóim i gcomparáid leis na tíortha ard-mheánioncaim eile, agus ar an dara dul síos, líomhnaíonn siad gur aigéad aicéiteach de ghrád íonachta níos airde é an cineál aigéid aicéitigh a allmhairítear isteach sa Cholóim, rud atá níos costasaí. Chun bunús a thabhairt leis sin, thug CJS dá aire, nuair a allmhairíonn an Cholóim aigéad aicéiteach ón nGearmáin agus ón Ísiltír, go bhfuil an praghas i bhfad níos airde ná nuair a allmhairíonn an Tuirc aigéad aicéiteach ó na tíortha céanna, is dócha mar gheall ar an difríocht idir na gráid a allmhairítear. Mhol CJS go n-úsáidfí an praghas allmhairiúcháin isteach sa Bhrasaíl nó tagarmharc idirnáisiúnta mar thagarmharc níos cruinne le haghaidh aigéad aicéiteach. |
|
(70) |
Mheas an Coimisiún nár chuir CJS fianaise leordhóthanach ar fáil chun bunús a thabhairt lena mhaíomh go bhfuil praghas allmhairiúcháin aigéid aicéitigh isteach sa Cholóim róbhoilscithe toisc nár thagair sé ach d’allmhairí na Colóime ón nGearmáin agus ón Ísiltír. Thug an Coimisiún dá go raibh níos lú ná 0,1 % d’allmhairí iomlána na Colóime i gceist le hallmhairí ón nGearmáin agus ón Ísiltír agus, dá bhrí sin, nach bhfuil siad ionadaíoch ar phatrún foriomlán allmhairiúcháin na Colóime. Mar a luaitear in aithris 66, ós rud é go raibh na praghsanna allmhairiúcháin éagsúil ó thír go tír, ní chiallaíonn sé sin per se go bhfuil an praghas allmhairiúcháin isteach sa Cholóim neamhghnách agus gur cheart neamhaird a thabhairt air. In éagmais aon fhianaise ar shaobhadh i margadh na Colóime, tá tagarmharcanna an Choimisiúin maidir le carbón gníomhachtaithe agus aigéad aicéiteach fós ina dtáscaire iontaofa agus ionadaíoch ar phraghas an mhargaidh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh CJS. |
|
(71) |
D’áitigh an gearánach go raibh allmhairí guail isteach sa Cholóim íseal toisc go raibh an Cholóim ina honnmhaireoir mór guail agus mhaígh sé nár thug an Coimisiún aghaidh ar allmhairí chomh híseal sin in aithris 161 den Rialachán sealadach. Mhaígh an gearánach go mbeadh toradh níos iomchuí ann dá n-úsáidfí meán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí chuig gach tír de thionscnamh gach tíre seachas an tSín agus tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755, mar a thuairiscítear in GTA. |
|
(72) |
Thug an Coimisiún dá aire nár thug an gearánach bunús leis sin agus nár sholáthair sé aon fhianaise maidir leis an bhfáth a ndearna méid íseal líomhnaithe na n-allmhairí guail isteach sa Cholóim difear d’iontaofacht an tagarmhairc sa chás sonrach atá i gceist. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur leor méid na n-allmhairí guail isteach sa Cholóim sa chás seo chun tagarmharc réasúnta a bhunú gan gá le dul i muinín tagarmharc idirnáisiúnta malartach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
3.2.2.1.
— An Indinéis
|
(73) |
Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Huaheng Group nár thug an Coimisiún aghaidh go hiomlán ar a mhaíomh tar éis an nochta shealadaigh i bhfabhar an Indinéis a roghnú mar thír ionadaíoch, ar dá réir a rinne sciar suntasach d’allmhairí ó SAM difear do phraghas allmhairiúcháin arbhair na Colóime. Thug an Coimisiún achoimre ar an mbarúil sin agus thug sé aghaidh uirthi in aithris 50. D’athdhearbhaigh Huaheng Group a mhaíomh go raibh praghas na n-allmhairí fóirdheonaithe líomhnaithe ó SAM faoi bhun phraghas na bhfoinsí malartacha (an Bhrasaíl, Paragua, an Airgintín agus Eacuadór) agus gur laghdaíodh praghas allmhairiúcháin arbhair na Colóime go saorga i gcomparáid leis an bpraghas allmhairiúcháin isteach san Indinéis, sa Téalainn agus sa Mhalaeisia, a d’allmhairigh níos lú arbhair ó SAM. Thug Huaheng Group údar leis an bhfíoras go raibh praghas allmhairiúcháin níos ísle fós ag an mBrasaíl ná mar a bhí ag an gColóim toisc gurb í an Bhrasaíl an tríú táirgeoir arbhair is mó ar domhan, rud a líomhnaítear a laghdódh éileamh allmhairiúcháin na Brasaíle agus a shochtfadh praghsanna allmhairiúcháin. |
|
(74) |
Dheimhnigh an Coimisiún go raibh maíomh Huaheng Group amhantrach. Go deimhin, tá réasúnaíocht Huaheng Group bunaithe ar an bhfíoras gur shaobh allmhairí arbhair ó SAM an tagarmharc a léirítear leis an bpraghas allmhairiúcháin arbhair isteach sa Cholóim, rud nach mbeadh chomh hiomchuí céanna leis an bpraghas allmhairiúcháin arbhair isteach san Indinéis dá bhrí sin. Mar sin féin, murab ionann agus allmhairí arbhair ón tSín, i gcás inar aimsíodh saobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán san imscrúdú reatha in aithris 138 den Rialachán sealadach, níor léiríodh go raibh allmhairí arbhair ó SAM saofa. Go deimhin, níor tionscnaíodh an t-imscrúdú frith-fhóirdheontais a raibh sé beartaithe ag an gColóim a thionscnamh. Mhaígh Huaheng Group go mb’fhéidir nár tionscnaíodh an t-imscrúdú sin mar gheall ar ábhair imní maidir le frithbheart na Stát Aontaithe, gan aon fhianaise a chur ar fáil maidir leis an dearbhú sin. Dá bhrí sin, theip ar Huaheng Group a chruthú go raibh allmhairí ó SAM saofa. Mar thoradh air sin, bhí an chuid eile den mhaíomh gan bhunús. Ós rud é go raibh praghas na n-allmhairí ó SAM níos ísle ná foinsí malartacha soláthair, ní raibh praghas allmhairiúcháin arbhair isteach sa Cholóim saofa ná íslithe go saorga. Ina ionad sin, chomhthacaigh siad leis an tuairim gur fhreagair praghas allmhairiúcháin arbhair isteach sa Cholóim do ghnáthdhinimic an mhargaidh a léirigh praghas íseal a phríomhfhoinse, Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus go raibh sé mar thoradh ar an ngnáthdhinimic sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(75) |
D’easaontaigh Huaheng Group leis an gcaoi ar thug an Coimisiún aghaidh ar a mhaíomh tar éis an nochta shealadaigh go raibh méid na n-allmhairí gránphlúir isteach sa Cholóim níos ísle ná méid na n-allmhairí isteach san Indinéis, a bhí suntasach agus inchomparáide le méid na n-allmhairí isteach san Indinéis ina ionad sin. Thug an Coimisiún achoimre ar an maíomh sin in aithris 51 agus thug sé aghaidh air in aithris 52, faoi threoir aithris 161 den Rialachán sealadach. Mhaígh Huaheng Group, áfach, in aithris 161 den Rialachán sealadach, gur thug an Coimisiún dá aire go raibh líon na dtosca táirgeachta sa Cholóim a ndearna sciar suntasach d’allmhairí na Síne difear dóibh níos ísle i gcomparáid le tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
(76) |
Tugadh aghaidh ar mhaíomh Huaheng Group go raibh méid allmhairí gránphlúir isteach sa Cholóim níos ísle ná isteach san Indinéis in aithris 161 den Rialachán sealadach, inar aontaigh an Coimisiún le Huaheng Group go raibh allmhairí stáirse arbhair isteach sa Cholóim níos ísle i gcomparáid leis an Indinéis. Dá bhrí sin, cuireadh barúil Huaheng Group san áireamh, ach níor chaith méid níos ísle allmhairí i gcomparáid le tír ionadaíoch fhéideartha eile ann féin amhras ar ionadaíochas ná ar iontaofacht an tagarmhairc a fuarthas uaidh. Tugadh aghaidh in aithris 66 agus tuilleadh in aithrisí 97 go 99 ar an gceist ar leithligh maidir le cé acu a bhí nó nach raibh aon tionchar ag méid na n-allmhairí gránphlúir isteach sa Cholóim ar iontaofacht an tagarmhairc. Rinneadh méid na n-allmhairí gránphlúir isteach sa Cholóim a chothromú a thuilleadh ansin in aithris 161 den Rialachán sealadach leis an anailís a rinne an Coimisiún ina dhiaidh sin ar an sciar d’allmhairí na Síne (as na hallmhairí foriomlána) de na tosca táirgeachta, rud a mhínigh cén fáth nach tír ionadaíoch iomchuí í an Indinéis. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh maidir leis an mainneachtain aghaidh a thabhairt ar mhéid allmhairí gránphlúir. |
|
(77) |
D’easaontaigh Huaheng Group freisin leis an gcaoi ar thug an Coimisiún aghaidh ar a mhaíomh tar éis an nochta shealadaigh nár cheart don Choimisiún féachaint ar líon na dtosca táirgeachta a ndearna allmhairí ón tSín difear dóibh, ach ar sciar na dtosca táirgeachta a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chostais mhonaraíochta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. De réir Huaheng Group, ba cheart breathnú ar mhéideanna na n-allmhairí gránphlúir, guail agus carbóin ghníomhachtaithe isteach sa Cholóim, a bhí níos ísle ná allmhairí isteach san Indinéis, ón bpeirspictíocht sin. Thug an Coimisiún achoimre ar an maíomh sin in aithris (53) agus thug sé aghaidh air in aithris 54. Mheas Huaheng Group, áfach, nár bhréagnaigh an Coimisiún a argóint in aithris 54. Dar le Huaheng Group, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar na tosca táirgeachta i gcoibhneas lena sciar den chostas monaraíochta, toisc go léireodh sé sin go díreach an tionchar saofa agus an gnáthluach á ríomh, ach níor thug comhaireamh na dtosca táirgeachta léargas cruinn ar mhéid an tsaofa. Mhaígh Huaheng Group, nuair a chuirtear na tosca táirgeachta uile san áireamh, go raibh an tionchar saofa, arna thomhas in aghaidh chostas iomlán na monaraíochta, i bhfad níos airde sa Cholóim ná san Indinéis nó sa Mhalaeisia, agus sciar an ghránphlúir á chur san áireamh. Sa chonclúid sin, chuir Huaheng Group san áireamh nach raibh aon tionchar saofa ag an toirmeasc ar allmhairiú arbhair san Indinéis ar na praghsanna allmhairiúcháin, mar a mhínítear in aithrisí 82 agus 83, cé go raibh tionchar saofa ag méid íseal allmhairí gránphlúir isteach sa Cholóim. |
|
(78) |
Níl bunús i bpáirt leis an maíomh a rinne Huaheng Group. Trí thagairt a dhéanamh do líon na dtosca táirgeachta a ndéanann sciar suntasach d’allmhairí Síneacha difear dóibh, chuir an Coimisiún san áireamh freisin sciar na dtosca táirgeachta i gcostas táirgthe an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte (a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ag brath ar struchtúr costais gach táirgeora), mar a mhínítear in aithris 186 den Rialachán sealadach. Go deimhin, in aithris 186 den Rialachán sealadach agus sna fonótaí a ghabhann leis, mhínigh an Coimisiún go mion go ndearna allmhairí ón tSín isteach san Indinéis difear do cheithre thoisc, agus sciar idir 45 % agus 83 % d’allmhairí iomlána gach toisce i gceist leo: (i) monaihiodráit ghlúcóis agus púdar díshócháise forocsaíde, (ii) aigéad fosfarach, (iii) sóid loiscneach, agus (iv) carbón gníomhachtaithe. Thug an Coimisiún le fios go raibh [1–10] % de chostais mhonaraíochta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte i gceist leis na tosca táirgeachta sin. Ar an lámh eile, bhí tionchar ag allmhairí Síneacha isteach sa Mhalaeisia ar thrí thoisc agus bhí sciar idir 49 % agus 81 % d’allmhairí iomlána gach tosca i gceist leo: (i) monaihiodráit ghlúcóis agus púdar díshócháise forocsaíde, (ii) aigéad fosfarach, (iii) carbón gníomhachtaithe. [1–6] % de chostas iomlán monaraíochta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a bhí i gceist leis na tosca táirgeachta sin. Ar an lámh eile, bhí tionchar ag allmhairí ón tSín agus ón gColóim isteach sa Mhalaeisia ar 3 thoisc agus bhí sciar idir 36 % agus 65 % d’allmhairí iomlána gach tosca i gceist leo: (i) monaihiodráit ghlúcóis agus púdar díshócháise forocsaíde, (ii) aigéad fosfarach, (iii) carbón gníomhachtaithe. [1-8] % de chostas iomlán monaraíochta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a bhí i gceist leis na tosca táirgeachta sin. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún san áireamh go maith sciartha na dtosca táirgeachta i gcostas táirgthe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Léiríodh leis sin, áfach, go ndéanfaí difear do chion níos mó den chostas táirgthe dá n-úsáidfí an Indinéis mar thír ionadaíoch, i gcomparáid leis an Malaeisia agus leis an gColóim. An chúis ar tháinig Huaheng Group ar an gconclúid éagsúil, bunaithe ar an sciar den chostas táirgthe a ndearnadh difear dó, go raibh tionchar níos mó ag allmhairí ón tSín ar an gColóim ná mar a bhí ar an Indinéis agus go raibh an Mhalaeisia ag brath ar an toimhde mhícheart go raibh allmhairí arbhair, gránphlúir, guail agus carbóin ghníomhachtaithe isteach sa Cholóim saofa nó nach raibh siad inúsáidte ar bhealach eile. Mar sin féin, níor léiríodh é sin i gcás aon cheann de na 4 thoisc tháirgeachta sin. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris 74 nach raibh praghas allmhairiúcháin arbhair isteach sa Cholóim saofa; in aithrisí 93 agus 97 go 99 go raibh praghas allmhairiúcháin gránphlúir isteach sa Cholóim réasúnta; in aithris 72 go raibh praghas allmhairiúcháin an ghuail isteach sa Cholóim réasúnta freisin; agus in aithris 68 go raibh praghas allmhairiúcháin an charbóin ghníomhachtaithe isteach sa Cholóim réasúnta. Dá bhrí sin, maidir le maíomh Huaheng Group, sa Cholóim, go raibh tionchar ag tosca táirgeachta a raibh tionchar ag allmhairí ón tSín orthu ar sciar níos mó den chostas táirgthe, tá sé bunaithe ar roinnt áitreabh bréagach. Ina theannta sin, nuair a tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go ndearnadh difear níos mó don Indinéis ná don Cholóim i dtéarmaí sciar na n-allmhairí Síneacha, níor bhreithnigh sé an toirmeasc ar allmhairiú arbhair san Indinéis. Trí bhreithniú a dhéanamh ar an toirmeasc ar allmhairiú arbhair san Indinéis, chomh maith leis na srianta margaidh ar ghual, thiocfadh an Coimisiún ar an gconclúid fós nach bhféadfaí an Indinéis a mheas mar thír ionadaíoch oiriúnach. Dá bhrí sin, diúltaíodh éileamh Huaheng Group. |
|
(79) |
Thairis sin, mhaígh Huaheng Group nár thug an Coimisiún aghaidh ar a bharúlacha tar éis an nochta shealadaigh maidir le hallmhairí monaihiodráite glúcóis agus púdair díshócháise forocsaíde, aigéid fhosfaraigh, sóide loiscní agus carbóin ghníomhachtaithe isteach san Indinéis, i gcomparáid le hallmhairí na dtosca táirgeachta sin isteach sa Mhalaeisia agus sa Cholóim. |
|
(80) |
Mar a leagtar amach in aithris (53), ní dhearna Huaheng Group, ina bharúlacha tar éis an nochta shealadaigh, ach na barúlacha a chuir sé fáil cheana féin tar éis an Dara Nóta a athdhearbhú. Thug an Coimisiún achoimre ar na barúlacha sin in aithris 184 den Rialachán sealadach agus thug sé aghaidh orthu in aithrisí 185 go 188 den Rialachán sin. Tar éis an nochta shealadaigh, dhírigh Huaheng Group ar chomparáid idir an Indinéis agus an Cholóim agus an Mhalaeisia, agus d’iarr sé ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an gcomparáid sin. Mar sin féin, bhréagnaigh an Coimisiún cheana féin tuairim Huaheng Group (i) go raibh monaihiodráit ghlúcóis agus púdar díshócháise forocsaíde, (ii) aigéad fosfarach, (iii) sóid loiscneach agus (iv) carbón gníomhachtaithe ábhartha go teoranta sa chostas táirgthe in aithris 186 den Rialachán sealadach, rud a léiríonn go raibh sciar allmhairí na Síne de na tosca sin sa Mhalaeisia agus sa Cholóim níos ísle ná sciar na n-allmhairí sin san Indinéis. |
|
(81) |
In aon chás, agus comparáid á déanamh go sonrach idir sciar allmhairí na Síne de na tosca sin isteach san Indinéis agus sciar allmhairí na Síne de na tosca céanna isteach sa Mhalaeisia agus sa Cholóim, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid seo a leanas: d’admhaigh Huaheng Group go raibh an sciar d’allmhairí carbóin ghníomhachtaithe ón tSín isteach san Indinéis (45,11 %) níos airde ná an sciar d’allmhairí ón tSín isteach sa Cholóim (39,59 %). Thairis sin, thug an Coimisiún aghaidh ar ionadaíochas an tagarmhairc carbóin ghníomhachtaithe in aithris (68). Maidir le monaihiodráit ghlúcóis agus púdar díshócháise forocsaíde, ós rud é go ndearna allmhairí ón tSín difear don Indinéis, don Mhalaeisia agus don Cholóim, níor bhréagnaigh sé sin an fíoras gurb í an Cholóim an tír is lú a ndearnadh difear di i dtéarmaí sciar allmhairí na Síne, agus sciar 36,38 % aici, i gcomparáid le 80,55 % sa Mhalaeisia agus 83,46 % san Indinéis. Ar an gcaoi chéanna, níor bhréagnaigh an fíoras go raibh praghas allmhairí aigéid fhosfaraigh isteach san Indinéis i gcomhréir leis an bpraghas allmhairiúcháin isteach sa Mhalaeisia agus sa Cholóim go raibh praghas allmhairiúcháin na hIndinéise ar an bpraghas ab ísle i measc na 3 thír agus go raibh sciar na n-allmhairí Síneacha san Indinéis, 82,36 %, níos airde ná sa Cholóim, áit nach raibh ach 65,30 % i gceis le hallmhairí Síneacha, agus an Mhalaeisia, nár measadh fiú go raibh tionchar ag allmhairí Síneacha uirthi. Ar deireadh, maidir le sóid loiscneach, d’ainneoin go raibh an praghas allmhairiúcháin isteach san Indinéis ar an bpraghas ab airde, bhí sé i gcomhréir freisin le praghas allmhairí na Síne isteach sa Mhalaeisia. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhféadfadh aon cheann de na heilimintí a thug Grúpa Huaheng chun cinn a thorthaí a aisiompú agus dhiúltaigh sé do na barúlacha. |
|
(82) |
Ar deireadh, mhaígh Huaheng Group, trí chomparáid a sholáthar don Choimisiún idir praghsanna allmhairiúcháin arbhair san Indinéis, sa Mhalaeisia agus sa Cholóim, go mbréagnódh sé cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh méid íseal allmhairí arbhair isteach san Indinéis a bheith mar thoradh ar an toirmeasc ar allmhairiú arbhair. Mhaígh Huaheng Group freisin gur mheas an Coimisiún nach raibh praghsanna allmhairiúcháin ábhartha agus go mbunódh sé a chonclúidí ar mhéideanna allmhairí amháin. Ar deireadh, mhaígh Huaheng Group go raibh praghas allmhairiúcháin ionadaíoch neamhshaofa ag an Indinéis ar arbhar, d’ainneoin an toirmeasc ar allmhairiú a bheith ann. |
|
(83) |
Níor aontaigh an Coimisiún le léirmhíniú Huaheng Group nár chuir an Coimisiún ach méideanna allmhairí san áireamh. In aithris 56, ní dhearna an Coimisiún ach aghaidh a thabhairt ar bharúil ó Huaheng Group. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár léirigh an fhaisnéis a chuir an chuideachta ar fáil nach ndearna an saobhadh margaidh difear do phraghas an arbhair san Indinéis. An fíoras go raibh praghsanna arbhair ailínithe ar fud na 3 thír (an Indinéis, an Mhalaeisia agus an Cholóim) le linn na tréimhse imscrúdúcháin, níor léirigh an méid sin ann féin nach ndearna an toirmeasc ar allmhairiú difear do phraghas allmhairiúcháin arbhair san Indinéis. In aon chás, níor cuireadh an Indinéis as an áireamh mar thír ionadaíoch bunaithe ar an toirmeasc ar allmhairiú arbhair amháin, ach freisin mar gheall ar sciar na n-allmhairí ón tSín le haghaidh 4 thoisc táirgeachta agus saobhadh margaidh ar ghual. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
— An Mhalaeisia
|
(84) |
Mhaígh Huaheng Group nár thug an Coimisiún aghaidh ar a mhaíomh tar éis an nochta shealadaigh nach léireofaí go soiléir i dtuarascáil bhliantúil 2024 Ajinomoto Malaysia scor de tháirgeadh glútamáite monasóidiam ach go léireofaí inti athlonnú próiseas áirithe nó deireadh a chur leo de réir a chéile, chun go bhféadfaí a shonraí airgeadais a úsáid fós mar thagarmharc iontaofa. D’áitigh Huaheng Group freisin go raibh an deimhniú a thug údaráis na Malaeisia in imscrúdú eile, gurbh é Ajinoriki Malaysia an t-aon táirgeoir glútamáite monasóidiam sa tír mar a leagtar amach in aithris 60, teoranta do na táirgeoirí a bhfuil aithne ag údaráis na Malaeisia orthu, agus ní do na táirgeoirí uile sa tír. De réir Huaheng Group, níor suíodh leis na heilimintí sin i dteannta a chéile gur cuireadh deireadh iomlán le táirgeadh glútamáite monasóidiam sa Mhalaeisia agus mhaígh siad, dá bhrí sin, go bhféadfadh an Coimisiún sonraí airgeadais Ajinomoto Malaysia ó 2024 a úsáid fós. |
|
(85) |
Murab ionann agus an méid a mhaígh Huaheng Group, chuir an Coimisiún na maímh a rinneadh san áireamh. Dá bhrí sin, mar a leagtar amach in aithris 60, deimhníodh leis an deimhniú a fuair údaráis na Malaeisia conclúid an Choimisiúin nárbh fhéidir sonraí airgeadais Ajinomoto Malaysia a úsáid. Ós rud é go bhféadfadh sé nár thagair an dearbhú a fuair údaráis na Malaeisia ach do na táirgeoirí aitheanta, agus ní do na táirgeoirí uile, ní dócha go gcaithfí amhras ar an gconclúid sin, ós rud é gur mheas an Coimisiún go bhfuil údaráis tíre curtha ar an eolas go réasúnta faoi na táirgeoirí sa tír sin. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach bhféadfadh an débhríocht líomhnaithe a bhraith Huaheng Group i dtuarascáil bhliantúil 2024 Ajinomoto Malaysia tacú le conclúid Huaheng Group gur leanadh de tháirgeadh glútamáite monasóidiam sa Mhalaeisia, go háirithe agus é á mheas gur sholáthair údaráis na Malaeisia eilimintí contrártha agus an fhaisnéis san Fhógra Tionscnaimh maidir le hImscrúdú agus Bearta Eatramhacha – Cás Comhdhlúite EAPA 7950 arna eisiúint ag Custaim agus Cosaint Teorann na Stát Aontaithe (14), arna chur ar fáil don Choimisiún ag páirtithe leasmhara eile sna barúlacha a ghabhann leis an Dara Nóta agus mar a luaitear in aithris 189 den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir sonraí Ajinomoto Malaysia a úsáid agus diúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. |
|
(86) |
Dhearbhaigh Huaheng Group freisin nár tugadh aghaidh ar a mhaíomh tar éis an nochta shealadaigh nár cheart don Choimisiún costais SGA agus brabús Ajinomoto Malaysia a cháiliú mar chostais agus brabús míréasúnta, ós rud é gur léirigh siad sonraí 2024 agus nár tugadh aghaidh ar fhigiúirí na Colóime a bhaineann le 2023. |
|
(87) |
Mar sin féin, in aithris 199 den Rialachán sealadach, dhiúltaigh an Coimisiún sonraí airgeadais Ajinomoto Malaysia a úsáid mar thagarmharc do mhéideanna réasúnta le haghaidh chostais SGA agus brabúis bunaithe ar an bhfíoras gur scoir Ajinomoto Malaysia de ghlútamáit mhonasóidiam a tháirgeadh sa Mhalaeisia, agus ní nach raibh costais SGA agus brabús Ajinomoto Malaysia réasúnta dá bharr. Go deimhin, thagair na ‘méideanna réasúnta le haghaidh chostais SGA agus le haghaidh brabúis’ do chaighdeán an tagarmhairc, ní do cháilíocht shonraí airgeadais Ajinomoto Malaysia ann féin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(88) |
Maidir le conclúidí an Choimisiúin a leagtar amach in aithris 200 den Rialachán sealadach, agus in aithris 61 a bhaineann le rannpháirtíocht Ajinoriki Malaysia i gcleachtais imchéimnithe, mhaígh Huaheng Group go raibh onnmhairí thrádálaí gaolmhar Ajinoriki Malaysia sa tSín fós an-teoranta i ndearbhthéarmaí in 2021 (15), ionas go bhfuil amhras ann an bhféadfadh sé sin a bheith ina athrú ar an ngréasán trádála, rud atá ar cheann de na coinníollacha maidir le honnmhairí a cháiliú mar imchéimniú ar bhearta frithdhumpála. Dúirt Huaheng Group freisin nach raibh i gceist le hathrú ar an ngréasán trádála ach ceann amháin as ceithre choinníoll charnacha chun a shuí gurb ann d’imchéimniú i gcomhréir leis an mbun-Rialachán agus nár bailíodh na sonraí is gá chun measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise ar dhumpáil atá ar cheann de na coinníollacha sin ach amháin le haghaidh thréimhse thuairiscithe an imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin a luaitear in aithris (61), i.e. an 1 Iúil 2023-30 Meitheamh 2024. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí sonraí airgeadais Ajinoriki Malaysia ó 2022 a úsáid fós. |
|
(89) |
In aithris 200 den Rialachán sealadach, dhiúltaigh an Coimisiún do shonraí airgeadais Ajinoriki Malaysia le haghaidh 2022 toisc gur dhíorthaigh siad freisin ó thrasloingsiú glútamáite monasóidiam ón tSín tríd an Malaeisia, agus ní ón bhfíortháirgeadh amháin. Ar an gcaoi chéanna, in aithris 62, thagair an Coimisiún don athrú ar an ngréasán trádála. Dá bhrí sin, fiú murar suíodh na 4 choinníoll charnacha chun imchéimniú a shuí le haghaidh 2021, rinne an trasloingsiú difear do shonraí airgeadais Ajinoriki Malaysia ó 2022, ionas nach bhféadfadh an Coimisiún a mheas go raibh siad iontaofa. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(90) |
Ar deireadh, mhaígh Huaheng Group nár cheart an caighdeán chun corrlach brabúis ionadaíoch a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus faoi Airteagail 2(9) agus 2(10) den bhun-Rialachán a bheith mar an gcéanna agus gur cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, brath ar shonraí airgeadais Ajinoriki Malaysia ó 2022 ós rud é go raibh sé ag brath ar shonraí a bhí níos sine fós agus an praghas onnmhairiúcháin á choigeartú aige faoi Airteagail 2(9) agus 2(10) den bhun-Rialachán. |
|
(91) |
Thug an Coimisiún dá aire, i gcás na Colóime, go raibh sonraí 2024 agus 2023 ón táirgeoir aigéid chitrigh Sucroal ar fáil agus nár mhínigh Huaheng Group cén fáth ar cheart don Choimisiún brath ar shonraí airgeadais Ajinoriki Malaysia ó 2022, nuair a bhí sonraí airgeadais níos nuaí ar fáil sa Cholóim. Tacaítear leis an gconclúid sin a thuilleadh toisc gur shuigh an Coimisiún cheana féin go ndearna oibríochtaí trasloingsithe a thrádálaí ghaolmhair difear do shonraí Ajinoriki Malaysia ó 2022, mar a mhínítear in aithrisí 62 agus 89. Agus na heilimintí sin á gcur san áireamh, ní raibh an Coimisiún in ann brath ar shonraí airgeadais Ajinoriki Malaysia ó 2022. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. Ní iomchuí comparáid a dhéanamh le cinneadh an phraghais onnmhairiúcháin faoi Airteagal 2(9) agus 2(10) den bhun-Rialachán sa chomhthéacs sin, toisc go leanann cinneadh corrlaigh brabúis réasúnta faoi na forálacha sin breithnithe éagsúla. |
— An Cholóim
|
(92) |
Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Huaheng Group, ós rud é gur roghnaigh an Coimisiún an Cholóim mar thír ionadaíoch gan coigeartú a dhéanamh dá phraghsanna gránphlúir a líomhnaítear a bheith ard go saorga, go raibh na leibhéil dleachta a d’eascair as sin ag teacht salach ar an bhfíorchás eacnamaíoch. Dá bhrí sin, mhaígh Huaheng Group, cé gur bhain sé úsáid as próiseas táirgthe a bhfuil costais níos ísle mar thoradh air ná an ceann a d’úsáid CJS, go raibh an dleacht frithdhumpála a ríomhadh do Huaheng Group níos mó ná 20 % níos airde ná mar a bhí i gcás CJS. |
|
(93) |
Thug an Coimisiún dá aire gur eascair toradh na ndleachtanna frithdhumpála go heisiach as úsáid a bhaint as an modheolaíocht dá bhforáiltear sa bhun-Rialachán agus a léirítear in aithris 44. Mar a mhínítear in aithris 113, chuir an Coimisiún na tagarmharcanna comhfhreagracha sa tír ionadaíoch iomchuí in ionad na gcostas saofa sa tSín le haghaidh gach toisce táirgeachta. Thairis sin, mhínigh an Coimisiún in aithrisí 66, 97, 98 agus 99 an fáth ar mheas sé go raibh an tagarmharc le haghaidh gránphlúir sa Cholóim réasúnta. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. |
|
(94) |
Tar éis an nochta deiridh, d’easaontaigh Huaheng Group le toradh an Choimisiúin in aithris 66 go raibh praghas gránphlúir sa Cholóim réasúnta agus mhaígh sé go raibh an toradh ag teacht salach ar Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus nach raibh sé i gcomhréir le cleachtas an Choimisiúin roimhe seo, mar a leagtar amach ar bhealach níos mionsonraithe thíos. |
|
(95) |
Ar an gcéad dul síos, mhaígh Huaheng Group, bunaithe ar Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, nach mór don Choimisiún a shuí an bhfuil praghas allmhairiúcháin réasúnta trí chomparáid a dhéanamh le tíortha a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche acu atá cosúil leis an tSín seachas le tíortha a bhfuil leibhéal éagsúil forbartha eacnamaíche acu. Mhaígh Huaheng Group gurbh é sin an cur chuige a lean an Coimisiún nuair a d’fhorchuir sé bearta sealadacha ar allmhairí dé-ocsaídí mangainéise leictrealaíocha de thionscnamh na Síne (16) (‘Rialachán sealadach GLE’). Dúirt Huaheng Group freisin go raibh praghas allmhairiúcháin gránphlúir sa Cholóim idir 31 % agus 33 % níos airde ná meán an phraghais allmhairiúcháin i dtíortha ina bhfuil an leibhéal céanna forbartha eacnamaíche leis an tSín, ag brath ar an modh comparáide a úsáideadh. |
|
(96) |
Ar an dara dul síos, a mhéid a bhaineann le hallmhairí gránphlúir isteach sa Cholóim, chuir Huaheng Group sonraí isteach chun a mhaíomh go raibh na ceithre chuideachta a bhfuil ‘Ingredion’ ina n-ainmneacha mar chuid de Ingredion Group agus chuir siad i gcoinne chinneadh an Choimisiúin nach ndearna beartais phraghsála inmheánacha de chuid Ingredion Group difear do phraghsanna. Mhaígh Huaheng Group nach raibh ach éagsúlachtaí beaga i gceist le praghsanna allmhairiúcháin ó Ingredion Colombia ó Ingredion Mexico agus ó Ingredion Peru, rud a thug le fios nach raibh siad ar neamhthuilleamaí. D’áitigh Huaheng Group freisin, cé go raibh níos mó luaineachta i gceist le praghsanna allmhairiúcháin ó Ingredion Brazil, go mb’fhéidir go raibh na láithreáin táirgthe éagsúla a bhí á n-oibriú ag Ingredion Brazil ina gcúis leis sin. Mhaígh Huaheng Group freisin go bhféadfadh na gníomhaíochtaí éagsúla a rinne Ingredion Colombia (cothú ainmhithe, bia, etc.) a bheith ina gcúis leis na difríochtaí i bpraghsanna allmhairiúcháin ó Ingredion Colombia. D’áitigh Huaheng Group freisin go raibh meánphraghsanna allmhairiúcháin Ingredion Colombia beagnach 80 % níos airde ná mar a bhí i gcás allmhairí eile gránphlúir isteach sa Cholóim, agus go raibh fiú na hallmhairí ar phraghas is ísle ó Ingredion Colombia 10–25 % níos airde ná an meán le haghaidh allmhairí eile isteach sa Cholóim. Ar deireadh, mhaígh Huaheng Group nach raibh praghsanna comhchosúla ag allmhairí eile isteach sa Cholóim agus a bhí ag Ingredion Colombia ach amháin i gcás idirbhearta a raibh méideanna an-íseal i gceist leo. |
|
(97) |
Mar a mhínítear in aithrisí 98 agus 99, d’easaontaigh an Coimisiún le Huaheng Group nach raibh praghas allmhairiúcháin gránphlúir isteach sa Cholóim réasúnta agus nach raibh an toradh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ná ag teacht salach ar chleachtas cáis an Choimisiúin roimhe seo. |
|
(98) |
A mhéid a bhaineann leis an gcéad mhaíomh, mheas an Coimisiún go liostaítear na foinsí a fhéadfaidh an Coimisiún a úsáid chun praghsanna agus costais shaofa a ionadú in Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach nach dtugtar treoir ann maidir leis an gcaoi a bhféadfaidh an Coimisiún a shuí an bhfuil tagarmharc sonrach thar a bheith ard nó nach bhfuil. Chun a shuí an raibh praghas allmhairiúcháin gránphlúir isteach sa Cholóim thar a bheith ard, rinne an Coimisiún comparáid le tíortha ar domhan ina bhfuil méideanna allmhairí gránphlúir níos airde ná an Cholóim, gan beann ar a leibhéal forbartha eacnamaíche. Mar a léirítear in aithris 66, chinn an Coimisiún go raibh roinnt tíortha ann a raibh méideanna móra allmhairí acu a raibh praghsanna allmhairiúcháin níos airde acu ná mar a bhí sa Cholóim. Fiú dá nglacfadh an Coimisiún le maíomh Huaheng Group maidir leis an gcomparáid a theorannú do thíortha laistigh den leibhéal céanna forbartha eacnamaíche leis an tSín, níor mheas an Coimisiún go suífí go mbeadh praghas atá 31–33 % níos airde thar a bheith ard. Thagair Huaheng Group do Rialachán sealadach EMD, mar a mheabhraítear in aithris (95). D’ainneoin go bhfuil gach cás uathúil agus go ndéantar anailís air de réir a fhiúntas féin, scrúdaigh an Coimisiún tagairt Huaheng Group agus chinn sé gur measadh go raibh praghsanna thar a bheith ard sa chás sin nuair a bhí siad 102 %, 1 115 %, 1 233 % agus 2 608 % níos airde ná an meánphraghas allmhairiúcháin isteach i ngach tír ar leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín. I Rialachán sealadach EMD, rinneadh toisc tháirgeachta amháin a raibh a praghas 29 % níos airde a ionadú freisin toisc go raibh 0,00006 % d’allmhairí chuig gach tír ar leibhéal na forbartha eacnamaíche cosúil leis an tSín i gceist leis, agus measadh san imscrúdú sin go raibh sé an-íseal. Thug an Coimisiún dá aire gur 0,8 % de na hallmhairí chuig gach tír incháilithe ar an leibhéal céanna forbartha leis an tSín a bhí i méid na n-allmhairí gránphlúir isteach sa Cholóim san imscrúdú seo, a raibh níos mó ná 644 000 tona i gceist leo. Ba í an Cholóim an deichiú hallmhaireoir gránphlúir ba mhó de na 41 thír incháilithe ón ngrúpa sin freisin (17). Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh. |
|
(99) |
A mhéid a bhaineann leis an dara maíomh, mheabhraigh an Coimisiún, mar a mhínítear in aithris 66, nár chuir Huaheng Group fianaise isteach chun tacú leis go raibh na heintitis ‘Ingredion’ comhlachaithe agus go raibh praghsáil aistrithe ar siúl. Fuarthas amach nach raibh bunús le gné an mhaímh a bhaineann leis na héagsúlachtaí i bpraghsanna allmhairiúcháin ag Ingredion Colombia. Bhain an chuid eile den mhaíomh leis na gníomhaíochtaí éagsúla a rinne Ingredion Colombia, ach ní raibh bunús leis an gcuid sin ach oiread. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún, fiú dá mbeadh na cuideachtaí Ingredion comhlachaithe, go raibh na maímh agus na sonraí tacaíochta a chuir Huaheng Group ar fáil amhantrach agus nach raibh siad ina bhfianaise ar na hathruithe ar phraghsanna allmhairiúcháin a tugadh faoi deara. A mhéid a bhaineann leis na comparáidí breise a chuir Huaheng Group ar fáil ar leibhéal na n-idirbheart allmhairiúcháin sa Cholóim, níor mheas an Coimisiún go raibh na difríochtaí neamhghnách agus thug sé dá aire nár chuir Huaheng Group fianaise isteach chun iad a mhíniú. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh. |
|
(100) |
In éagmais barúlacha eile maidir leis an tír ionadaíoch, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí 140 go 208 den Rialachán sealadach. |
3.2.3. Foinsí arna n-úsáid chun costais agus tagarmharcanna a shuí
|
(101) |
Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an ghnáthluacha in aithrisí 41 go 261 den Rialachán sealadach. |
|
(102) |
Tar éis an nochta shealadaigh, chuir an gearánach in iúl nach raibh luachanna neamhshaofa na dtagarmharcanna le haghaidh amhábhar a thuairiscítear i dTábla 1 den Rialachán sealadach ag teacht leis na luachanna a léirítear san iarscríbhinn a ghabhann leis an réamhnochtadh leis na tagarmharcanna. |
|
(103) |
Dheimhnigh an Coimisiún gurbh iad na luachanna a úsáideadh sa ríomh na luachanna a tuairiscíodh san iarscríbhinn leis na tagarmharcanna le haghaidh amhábhar, a bhí réamhnochta do na páirtithe, cé is moite d’arbhar agus gránphlúr, ar cuireadh an coigeartú a thuairiscítear in aithris (224) den Rialachán sealadach leis. Ar mhaithe le soiléireacht, chuir an Coimisiún leagan nuashonraithe agus ceartaithe de Thábla 1 ar fáil. ‘Tábla 1 Tosca táirgeachta vailín
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
3.2.3.1.
|
(104) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Huaheng Group nár chuir an Coimisiún an réaltacht eacnamaíoch san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aige ar cheart arbhar nó gránphlúir a úsáid mar thoisc tháirgeachta ábhartha chun a chostas táirgthe a ríomh. Dúirt Huaheng Group freisin go ndearna rogha an Choimisiúin idirdhealú ar Huaheng Group i gcomparáid leis an táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte eile. |
|
(105) |
Thug an Coimisiún dá aire gur úsáid sé mar thosca táirgeachta na hionchuir sin go léir a ceannaíodh chun vailín a tháirgeadh, agus dá bhrí sin chuir sé an réaltacht eacnamaíoch san áireamh. D’úsáid an Coimisiún an cur chuige céanna don táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte eile agus dá bhrí sin ní dhearna sé idirdhealú idir táirgeoirí. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh. |
|
(106) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Huaheng Group nár cheart gránphlúr a bheith faoi réir coigeartú i leith gránphlúir géinmhodhnaithe (‘OGM’) ós rud é gur ar éigean a tháinig aon allmhairí ó SAM, áit a bhfuil ráta glactha táirgí OGM ard (24). D’áitigh Huaheng Group gur thug leibhéal ard praghsanna gránphlúir sa Cholóim le fios go raibh na hallmhairí sin neamh-OGM, rud a chiallaíonn go bhfuil siad níos costasaí ná gránphlúr OGM, mar a leagtar amach in aithris 224 den Rialachán sealadach. |
|
(107) |
D’aontaigh an Coimisiún go raibh méid na n-allmhairí gránphlúir ó SAM isteach sa Cholóim íseal. Mar sin féin, níor aontaigh an Coimisiún gur thug leibhéal praghsanna gránphlúir sa Cholóim le fios go raibh allmhairí neamh-OGM i gceist. Go deimhin, léirigh an t-imscrúdú gur OGM den chuid is mó a bhí san arbhar a fásadh sna 3 thír óna bhfuair an Cholóim an chuid is mó de gránphlúir (suas le 89 %): 90 % sa Bhrasaíl (25), 99 % san Airgintín (26) agus 80 % i bParagua (27). Dá bhrí sin, choinnigh an Coimisiún an coigeartú ar bun agus dhiúltaigh sé don mhaíomh. |
|
(108) |
Tar éis an nochta shealadaigh, d’iarr an gearánach deimhniú gur cuireadh na costais iompair iar-allmhairiúcháin san áireamh sa tagarmharc le haghaidh arbhair. |
|
(109) |
Mhínigh an Coimisiún in aithrisí 220, 222 agus 230 den Rialachán sealadach gur chuir sé costais iompair intíre leis na tagarmharcanna neamhshaofa le haghaidh amhábhar. |
|
(110) |
D’iarr an gearánach ar an gCoimisiún freisin soiléiriú a thabhairt maidir leis an difríocht idir an tagarmharc le haghaidh arbhair a thuairiscítear i dTábla 1, lena n-áirítear an phréimh neamh-OGM, agus an tagarmharc le haghaidh arbhair a thuairiscítear san iarscríbhinn ábhartha a ghabhann leis an réamhnochtadh. |
|
(111) |
Mar a léirítear in aithris (103), cheartaigh an Coimisiún an luach a thuairiscítear i dTábla 1. Ina theannta sin, mar a mhínítear in aithris (224) den Rialachán sealadach, cuireann an phréimh neamh-OGM leis an tagarmharc 5,7 % de luach an tagarmhairc a thuairiscítear san iarscríbhinn ábhartha a ghabhann leis an réamhnochtadh. Tuairiscítear an luach neamhshaofa dá thoradh sin i dTábla 1. |
|
(112) |
Tar éis an nochta shealadaigh, chuir CJS i gcoinne gur chuir an Coimisiún cóimheas an chostais iompair ar luach ceannaigh na n-ionchur a thuairiscigh CJS le praghas allmhairiúcháin na dtosca táirgeachta sa Cholóim, seachas an costas iompair iarbhír a thuairiscigh CJS a chur leis, ag maíomh, dá bhrí sin, gur thug an Coimisiún neamhaird ar a chostas iompair iarbhír gan údar cuí. Go háirithe, líomhain CJS nár léirigh an Coimisiún go raibh a chostais iompair saofa agus gur bhain sé na costais iarbhír láimhseála, lódála agus iompair intíre ón bpraghas onnmhairiúcháin, gan tagarmharc a chur ina n-ionad agus, dá bhrí sin, gan na costais sin a mheas mar chostais iontaofa. |
|
(113) |
Chinn an Coimisiún, agus Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán á chur i bhfeidhm aige, nach iomchuí praghsanna agus costais intíre na Síne a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach sa tSín. Dá bhrí sin, ríomh an Coimisiún an gnáthluach go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Chuige sin, chuaigh an Coimisiún i muinín phraghas allmhairiúcháin na dtosca táirgeachta isteach sa Cholóim mar thagarmharc chun praghas na dtosca táirgeachta céanna don tSín a ionadú. I gcomhréir lena ghnáthchleachtais, chuaigh an Coimisiún i muinín chóimheas an chostais iompair ar luach ceannaigh iarbhír na n-ionchur a thuairiscigh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne mar mheastachán ar na costais iompair sa Cholóim. Le linn an imscrúdaithe, níor shuigh CJS go dearfach nach raibh a chostais iompair saofa. Mar thoradh air sin, measadh go raibh an meastachán ar an gcostas iompair sa Cholóim, bunaithe ar chóimheas an chostais sin ar luach ceannaigh iarbhír na n-allmhairí mar a thuairiscigh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, cruinn. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
3.2.3.2.
|
(114) |
Tar éis an nochta shealadaigh, rinne CJS maíomh maidir leis an tagairt a d’úsáid an Coimisiún chun an tagarmharc do na seachtháirgí a ríomh. Sa leagan rúnda dá aighneacht, d’fhorbair CJS an maíomh sin le tuilleadh sonraí. |
|
(115) |
Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Cuireadh tuilleadh sonraí maidir le measúnú an Choimisiúin ar fáil do CJS ina nochtadh sonrach toisc gur airíodh faisnéis rúnda ann. |
|
(116) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh an gearánach nár gineadh púdar próitéine mar sheachtháirge trí ghránphlúr a chlaochlú go glúcós, ós rud é gur baineadh an chuid próitéine den arbhar cheana féin sna céimeanna roimhe sin den phróiseas muilleála. Thairis sin, de réir an ghearánaigh, is gnách go mbíonn luach difriúil ag fotháirgí ar mhórán próitéine ná mar a bhíonn ag próitéin ina bhfuil carbaihiodráití den chuid is mó. |
|
(117) |
Dheimhnigh an Coimisiún le linn na cuairte fíorúcháin ar an láthair gur seachtháirge a bhí i bpúdar próitéine nuair a bhí ábhair ionchuir áirithe á n-úsáid chun vailín a tháirgeadh. A mhéid a bhaineann le luach an phúdair próitéine, mheabhraigh an Coimisiún nár cuireadh san áireamh sa mhodheolaíocht a úsáideadh chun seachtháirgí a luacháil, ar a dtugtar tuairisc in aithris (246) den Rialachán sealadach, an praghas ar ar trádáladh seachtháirgí den sórt sin. Thug an Coimisiún dá aire freisin nár shoiléirigh an gearánach a thuilleadh conas ba cheart luach púdair próitéine a shuí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(118) |
Thairis sin, cheistigh an gearánach ar cheart an bonn le cóimheas na seachtháirgí arna ríomh ag an gCoimisiún a bheith difriúil. Mar sin féin, níor mhínigh sé a thuilleadh an maíomh sin agus cén bunús leis an gcóimheas idir praghas na seachtháirgí sa tSín agus praghas an phríomhábhair ionchuir sa tSín ba cheart a úsáid ina ionad sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
3.2.3.3.
|
(119) |
Mhaígh Huaheng Group nár thug an Coimisiún aghaidh ar cheann dá bharúlacha tar éis an nochta shealadaigh. Go háirithe, mhaígh Huaheng Group go raibh cur chuige an Choimisiúin maidir le gránphlúr seachas arbhar a úsáid mar thoisc tháirgeachta ag teacht salach ar an gceanglas in Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán an gnáthluach a ríomh ar leibhéal an pháirtí faoi imscrúdú, is é sin, Huaheng Group seachas BHB. |
|
(120) |
Níor aontaigh an Coimisiún nár thug sé aghaidh ar an maíomh. Thug an Coimisiún achoimre ar an maíomh sin in aithris 104 agus thug sé aghaidh air in aithris 105 ar bhonn na faisnéise a cuireadh ar fáil sa leagan neamhíogair de na barúlacha a chuir Huaheng Group isteach. A mhéid a bhaineann leis an modh chun an gnáthluach ríofa a shuí, agus mar a mhínítear in aithris 105, mheas an Coimisiún mar thosca táirgeachta na hionchuir uile a cheannaigh an táirgeoir onnmhairiúcháin iarbhír BHB chun vailín a tháirgeadh. Cé gur áiríodh arbhar agus gránphlúr araon mar thosca táirgeachta i bhfreagra bunaidh BHB ar an gceistneoir (roimh litreacha easnaimh agus fíorú), shuigh an Coimisiún nár cheannaigh BHB arbhar ach díreach gránphlúr ó sholáthróirí gaolmhara agus neamhghaolmhara. Dá bhrí sin, d’iarr an Coimisiún ar BHB costas na dtáblaí monaraíochta a chur isteach ag tosú óna n-ábhair cheannaithe, lena n-áirítear gránphlúr. Comhfhreagraíonn an bealach sin chun na tosca táirgeachta a shainaithint do phróiseas táirgthe an táirgeora onnmhairiúcháin dá gcinntear an gnáthluach. Ba í sin an fhaisnéis a d’fhíoraigh an Coimisiún ar an láthair freisin agus níor chuir Huaheng Group ina choinne gur cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar thoisc tháirgeachta eile. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh. |
|
(121) |
Mhaígh Eurolysine nach raibh an tagarmharc guail a d’úsáid an Coimisiún ionadaíoch mar gheall ar struchtúr mhargadh guail na Colóime. D’áitigh sé go n-onnmhairíonn an Cholóim guail theirmigh i méideanna an-mhór, agus go bhfuil allmhairí imeallach, go bhfuil siad teoranta do ghráid shonracha amhail gual miotalóireachta agus cóc, agus go bhfuil sciar diomaibhseach den táirgeadh intíre i gceist leo. De réir Eurolysine, fágann méid íseal agus cáilíocht ilchineálach na n-allmhairí sin go bhfuil praghsanna allmhairiúcháin neamhiontaofa ó thaobh staidrimh de agus gur dócha go bhfuil siad claonta síos. Thug sé dá aire freisin gur chuir an Coimisiún tagarmharc domhanda guail i bhfeidhm in imscrúdú frithdhumpála a rinneadh le déanaí ar lísín de thionscnamh na Síne, arna thabhairt i gcrích ag an gCoimisiún an 11 Iúil 2025 (28) (‘imscrúdú lísín’), inar breathnaíodh dálaí comhchosúla margaidh, agus d’áitigh sé go n-áiritheofaí comhsheasmhacht dá nglacfaí an cur chuige céanna san imscrúdú seo. |
|
(122) |
Scrúdaigh an Coimisiún an maíomh agus thug sé dá aire gur foinsí staidrimh ginearálta maidir le táirgeadh agus onnmhairí guail na Colóime a bhí sna hábhair a soláthraíodh. Cé go ndeimhnítear leo sin iomadúlacht na n-onnmhairí guail theirmigh, ní sholáthraítear leo faisnéis tháirgeshonrach maidir leis na cineálacha guail a allmhairítear isteach sa Cholóim ná fianaise go mbeadh na praghsanna allmhairiúcháin a úsáidtear sa tagarmharc neamhionadaíoch nó claonta. Dá bhrí sin, níor suíodh leis an maíomh nasc idir struchtúr ginearálta mhargadh guail na Colóime agus an tagarmharc a cuireadh i bhfeidhm. Thug an Coimisiún faoi deara freisin gur bhain an tagairt don imscrúdú lísín le grád difriúil guail agus, dá bhrí sin, nach raibh ábharthacht chinntitheach ag baint léi. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(123) |
D’áitigh Eurolysine freisin nár léirigh an tagarmharc le haghaidh uisce a d’úsáid an Coimisiún na costais uisce thionsclaíocha iarbhír. Mhaígh sé gur chosúil go gcomhfhreagraíonn an luach a úsáideach do shéarachas seachas do sholáthar uisce, agus nach raibh muirir síntiúis sheasta ná na costais a bhaineann le cóireáil fuíolluisce san áireamh sa luach sin. |
|
(124) |
Mar sin féin, bhí an maíomh sin bunaithe ar shonraí le haghaidh réigiún eile seachas an réigiún a bhí gceist san imscrúdú. Mar a thuairiscítear in aithris 213 den Rialachán sealadach, bhraith an Coimisiún ar fhaisnéis ó sholáthróir uisce Bogotà, príomhchathair na Colóime, Acueducto S.A., ach rinne Eurolysine tagairt d’fhigiúirí le haghaidh Soacha. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(125) |
Mhaígh Eurolysine freisin nár chumhdaigh ríomh an Choimisiúin ar chostas an leictreachais ach costais athraitheacha tomhaltais agus nár léirigh sé na muirir sheasta a d’íoc úsáideoirí tionsclaíocha. D’áitigh sé go n-áirítear i struchtúr taraife sholáthraí na Colóime ENEL roinnt comhpháirteanna seasta neamhroghnacha is infheidhme maidir le tomhaltóirí móra, amhail bunmhuirir mhíosúla, infhaighteacht an chórais agus táillí riaracháin, muirir éilimh chonraithe agus costais a bhaineann leis an líonra. Mhaígh Eurolysine gur cheart iad sin a chur leis an tagarmharc. Thug siad Eurolysine dá aire freisin san imscrúdú lísín, inar úsáideadh an Cholóim agus ENEL mar fhoinsí ar an gcaoi chéanna, gur chuir an Coimisiún muirir leictreachais sheasta san áireamh sa luach neamhshaofa agus d’áitigh siad go n-áiritheofaí comhsheasmhacht tríd an gcur chuige céanna a chur i bhfeidhm anseo. |
|
(126) |
Scrúdaigh an Coimisiún an maíomh agus thug sé dá aire go raibh an argóint a bhaineann le muirir leictreachais sheasta bunaithe ar léamh mícheart ar an gcur chuige a glacadh san imscrúdú lísín. Go deimhin, sa chás sin, mar atá sa chás seo, bhí an tagarmharc ag brath ar tharaifí Nivel 3 arna bhfoilsiú ag ENEL don earnáil thionsclaíoch (sector no residencial). Thairis sin, mar a mhínítear in aithris 194 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/74 ón gCoimisiún (29), níor cuireadh aon mhuirear breise leis toisc go gcumhdaítear na costais uile leis an bpraghas a tuairiscíodh. Dá bhrí sin, bhí an cur chuige a glacadh san imscrúdú lísín agus san imscrúdú reatha comhsheasmhach, ós rud é nár cuireadh muirir bhreise leis i gceachtar den dá imscrúdú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(127) |
In éagmais aon barúlacha eile maidir leis na foinsí a úsáideach chun na costais agus tagarmharcanna a úsáideadh chun an gnáthluach a chinneadh, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí 209 go 261 den Rialachán sealadach. |
3.3. An praghas onnmhairiúcháin
|
(128) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CJS nár cuireadh nóta creidmheasa san áireamh i gceart i ríomh an phraghais onnmhairiúcháin, toisc gur asbhain an Coimisiún luach an nóta creidmheasa ach nár asbhain sé an méid comhfhreagrach ó na hidirbhearta tuairiscithe. |
|
(129) |
Thug an Coimisiún dá aire gur tagraíodh sa nóta creidmheasa d’idirbheart i gcás nár tháinig an méid a léiríodh ar an doiciméad seachadta don mhéid a fuair an custaiméir, méid a bhí níos lú. Dá bhrí sin, d’eisigh CJ Europe GmbH (‘CJE’) nóta creidmheasa maidir le luach na méideanna a bhí in easnamh, gan an méid féin a lua. Léiríonn an fhianaise ar an taifead gur fhág an méid a bhí in easnamh i gceist saoráid CJE, agus dá bhrí sin ba é an méid bunaidh a tuairiscíodh i dtáblaí CJE an chainníocht cheart fós. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(130) |
Mhaígh CJS freisin go raibh an brabús ar ar a bhonn a rinne an Coimisiún an coigeartú faoi Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán ag brath ar shean-imscrúdú maidir le hallmhairí APV de thionscnamh na Síne (30). Sa leagan rúnda dá aighneacht, d’fhorbair CJS an maíomh sin le tuilleadh sonraí. Chuir CJS in iúl freisin gur fhreagair Quimidroga agus Millenis SAS (‘Millenis’) araon an ceistneoir le haghaidh allmhaireoirí neamhghaolmhara. |
|
(131) |
Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Cuireadh tuilleadh sonraí maidir le measúnú an Choimisiúin ar fáil do CJS ina nochtadh sonrach toisc gur airíodh faisnéis rúnda ann. |
|
(132) |
Thug an Coimisiún dá aire, d’ainneoin freagraí ar an gceistneoir a bheith faighte aige ó 2 allmhaireoir, go raibh ceann amháin acu neamhiomlán agus nach rabhthas in ann an corrlach brabúis a shuí. Sholáthair an dara cuideachta tacar iomlán sonraí agus an brabús a bhaineann leis an táirge faoi imscrúdú agus, tar éis bearta sealadacha a fhorchur, chomhaontaigh sí a freagra ar an gceistneoir a fhíorú, a corrlach brabúis a nochtadh sa tréimhse imscrúdúcháin agus go n-úsáidfí é sa ríomh. |
|
(133) |
Tar éis do na sonraí agus an fhaisnéis a sholáthair an chuideachta a bheith fíoraithe, suíodh san imscrúdú go raibh aimíonaigéid á gceannach ag an allmhaireoir go heisiach, lena n-áirítear an táirge faoi imscrúdú, ó cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte le breis agus 10 mbliana, agus é ag gníomhú mar dháileoir eisiach dó i mBallstát amháin. Tá an t-eisiachas sin bunaithe ar chomhaontú ó bhéal idir na páirtithe. Mar thoradh ar an eisiachas sin, ní féidir leis an allmhaireoir foinsiú ó sholáthróirí eile. Deimhníonn na fíorais a suíodh leis an imscrúdú an méid sin. Go deimhin, cheannaigh an t-allmhaireoir vailín ón táirgeoir sin amháin agus dhíol sé sa Bhallstát sin amháin é (31). Chinn an t-imscrúdú freisin, le linn na tréimhse imscrúdúcháin, go raibh corrlach brabúis an allmhaireora, mar gheall ar ligean isteach an allmhaireora féin, an-íseal, toisc go raibh air cuid de na hearraí allmhairithe a dhíol faoi chaillteanas, agus gur ar éigean a bhaineann sé cóimheá airgid amach. Bhí brabús íseal den sórt sin ann toisc nárbh fhéidir leis an allmhaireoir vailín a fhoinsiú ó aon táirgeoir onnmhairiúcháin Síneach eile a raibh praghsanna níos saoire aige, rud a chuirfeadh ar a chumas athdhíol ansin le brabúis níos airde, chomh maith le staid dhíobhálach fhoriomlán an mhargaidh arb é is príomhthréith di méideanna móra allmhairí dumpáilte saora atá in iomaíocht le díolacháin na n-allmhaireoirí. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nach bhféadfaí a mheas go bhfuil an corrlach brabúis a bhain an t-allmhaireoir sin amach le linn na tréimhse imscrúdúcháin ionadaíoch ar an mbrabús a dhéanfadh allmhaireoir neamhspleách, nach bhfuil aon chineál comhlachais aige le táirgeoirí onnmhairiúcháin agus atá in ann, dá bhrí sin, foinsiú ó gach soláthróir. Go deimhin, mar a tugadh faoi deara thuas agus mar a d’aithin an chuideachta, bhí a brabús le linn na tréimhse imscrúdúcháin an-íseal mar gheall ar an gcomhaontú eisiachais agus mar gheall ar an méadú géar ar mhéideanna allmhairí saora ar phraghsanna laghdaitheacha ó tháirgeoirí eile sa tSín. I bhfianaise na n-eilimintí thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach féidir brabús den sórt sin a mheas mar bhrabús réasúnta de réir bhrí Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Ar an taobh eile, tá an corrlach brabúis a úsáidtear ag an gcéim shealadach den imscrúdú reatha ionadaíoch ar ghníomhaíocht den sórt sin, ar na cúiseanna a mhínítear in aithris 265 den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh CJS, agus bhraith an Coimisiún ar bhrabús 6,89 % a measadh a bheith réasúnta san imscrúdú (32) ar lísín agus san imscrúdú APV roimhe seo (33). |
|
(134) |
Tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh CJS a mhaíomh gur cheart don Choimisiún luach an nóta creidmheasa a chur san áireamh agus an praghas onnmhairiúcháin á ríomh aige, mar aon leis an méid comhfhreagrach ó na hidirbhearta tuairiscithe. D’easaontaigh CJS le ráiteas an Choimisiúin gur fhág an méid a bhí in easnamh saoráid CJE, agus luaigh sé easpa fianaise chun tacú leis an gconclúid sin. |
|
(135) |
Mheabhraigh an Coimisiún an 2 ghné den fhianaise ar an taifead a bailíodh le linn an fhíorúcháin ar an láthair, a thacaigh lena chinneadh gur fhág an méid a bhí in easnamh i gceist áitreabh CJE. Ar an gcéad dul síos, léirigh an doiciméad seachadta, a áirítear ar leathanach 7 d’Fhoilseán Fíorúcháin 14, go raibh an toirt atá i gceist san áireamh i meáchan an vailín a lódáladh sa trucail. Ar an dara dul síos, léiríodh ar an nóta creidmheasa gur eisíodh é le haghaidh luach na toirte atá in easnamh amháin, gan aon choigeartú comhfhreagrach ar an méid. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur fhág an vailín saoráid CJE, gan beann ar cé acu a fuair nó nach bhfuair an cliant í. Ós rud é nár mheas CJE féin, tar éis dá chustaiméir an neamhréireacht a chur in iúl, gurbh iomchuí an méid vailín ina stoc a choigeartú, ní féidir ceangal a chur ar an gCoimisiún coigeartú a dhéanamh nach ndearna an chuideachta ar an gcéad dul síos. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh. |
|
(136) |
Tar éis an nochta deiridh, mhaígh CJS nár cheart don Choimisiún brabús as dáta an imscrúdaithe APV a úsáid chun a phraghas onnmhairiúcháin a ríomh, ach an corrlach brabúis [1-5] % a úsáideadh in imscrúdú frithdhumpála a rinneadh le déanaí ar allmhairí roisíní eapocsacha de thionscnamh na Síne, na Téaváine agus na Téalainne (34) (‘imscrúdú roisíní eapocsacha’). |
|
(137) |
Thug an Coimisiún dá aire go raibh an corrlach brabúis a úsáideadh san imscrúdú maidir le roisíní eapocsacha bunaithe ar bhrabús allmhaireora neamhghaolmhair chomhoibríoch aonair (35). D’aontaigh an t-allmhaireoir atá i gceist go bhféadfadh an Coimisiún a bhrabús a úsáid le haghaidh na ríomhanna san imscrúdú ar roisíní eapocsacha, ach níor aontaigh sé le foilsiú a bhrabúis, agus go deimhin cuireadh an brabús in iúl mar raon [1–5] % i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/393. Os a choinne sin, bhí an corrlach brabúis a úsáideadh san imscrúdú maidir le roisíní eapocsacha bunaithe ar bhrabús 3 allmhaireoir neamhchomhlachaithe comhoibríocha (36). Foilsíodh meán an bhrabúis sin, 6,89 %, agus é saor ó ábhair imní rúndachta an tráth sin, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336. Níorbh fhéidir leis an gCoimisiún úsáid a bhaint as an gcorrlach brabúis a sholáthair allmhaireoir neamhghaolmhar comhoibríoch aonair in imscrúdú ar leithligh ach nár foilsíodh mar gheall ar a rúndacht chuideachta-shonrach, nuair atá corrlach brabúis atá saor ó ábhair imní rúndachta ar fáil go poiblí in imscrúdú eile. Ar deireadh, thug an Coimisiún dá aire nár mhínigh CJS cén fáth a mbeadh méideanna níos réasúnta le haghaidh brabúis mar thoradh ar chorrlach brabúis an imscrúdaithe roisíní eapocsacha ná an corrlach brabúis a úsáideadh san imscrúdú APV, seachas gur suíodh in imscrúdú níos déanaí é. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(138) |
In éagmais barúlacha maidir leis an bpraghas onnmhairiúcháin a chinneadh, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (262) go (263) den Rialachán sealadach. |
3.4. Comparáid
|
(139) |
Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha. I gcás ina raibh údar leis mar gheall ar an ngá a bhí le comparáid chothrom a áirithiú, choigeartaigh an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin de réir difríochtaí a imríonn tionchar ar phraghsanna agus ar inchomparáideacht praghsanna. |
3.4.1. Coigeartuithe arna ndéanamh ar an ngnáthluach
|
(140) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CJS, murab ionann agus ráiteas an Choimisiúin in aithris 270 den Rialachán sealadach, gur áiríodh costais dáileacháin i gcostais SGA Sucroal agus d’iarr sé ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, iad a asbhaint ón ngnáthluach chun comparáid chóir a dhéanamh ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha. |
|
(141) |
In aithris 270 den Rialachán sealadach, bhí sé beartaithe ag an gCoimisiún tagairt a dhéanamh do chostais iompair, seachas do chostais dáileacháin. Léirítear é sin san abairt tar éis an ráitis dá ndearna CJS tagairt, ina rinne an Coimisiún tagairt do ‘éilimh gan bhunús go bhfuil costais iompair san áireamh i gcostais SGA’. Leis an ráiteas ón gCoimisiún in aithris 270, cuireadh i dtábhacht nach raibh aon fhaisnéis ar fáil a léiríonn go raibh aon chostas iompair san áireamh i gcostais SGA Sucroal, agus go sonrach san ítim le haghaidh costais dáileacháin, ar cheart é a asbhaint ón ngnáthluach. Go deimhin, ní gá go gcomhfhreagraíonn an chatagóir chuntasaíochta ‘costais dáileacháin’ do mhuirir fhisiceacha lasta nó seachadta a thabhaítear tar éis leibhéal an phraghais díreach ón monarcha. I gcomhréir leis an gcleachtas cuntasaíochta coiteann, féadfaidh na costais sin raon costas tráchtála agus riaracháin a chumhdach, lena n-áirítear trádstóráil, bainistiú lóistíochta, foireann díolacháin, agus margaíocht, atá ina gcuid de chostais SGA ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha agus nár cheart a asbhaint ón ngnáthluach. Go deimhin, d’fhéadfadh costais SGA den sórt sin, lena n-áirítear costais tráchtála agus riaracháin, fanacht go dlisteanach sa ghnáthluach ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha, ar choinníoll nach léirítear go bhfuil forluí idir iad agus costais a asbhaineadh ón bpraghas onnmhairiúcháin. Ní raibh an briseadh síos ar chostais dáileacháin Sucroal ná ar an ítim ‘costais eile’ ar fáil go poiblí, agus níor sholáthair CJS aon fhianaise gur chomhfhreagair na ‘costais dáileacháin’ i gcuntais Sucroal go heisiach do mhuirir lasta iartheachtacha nó láimhseála atá inchomparáide leis na muirir sin a asbhaintear óna bpraghas onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(142) |
Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí mar a leagtar amach iad in aithrisí 267 go 271 den Rialachán sealadach. |
3.4.2. Coigeartuithe a rinneadh ar an bpraghas onnmhairiúcháin
|
(143) |
Mar a leagtar amach in aithrisí 272 agus 273 den Rialachán sealadach, rinneadh coigeartuithe maidir le dleacht chustaim, muirir eile ar allmhairí, lastas, árachas, láimhseáil, luchtú agus costais choimhdeacha, pacáil, costais chreidmheasa, coimisiúin, agus muirir bhainc, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán. |
|
(144) |
Tar éis an nochta shealadaigh, chuir CJS in iúl gur asbhain an Coimisiún costais phacála agus muirir bhainc a d’íoc CJE ón bpraghas onnmhairiúcháin faoi dhó. D’iarr CJS ar an gCoimisiún a áirithiú nár baineadh na costais sin ach aon uair amháin. Chinn an Coimisiún go raibh údar leis an maíomh sin agus choigeartaigh sé a ríomh. |
|
(145) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Huaheng Group go ndearna an Coimisiún costas áirithe a chomhaireamh faoi dhó agus an praghas onnmhairiúcháin á ríomh. Chinn an Coimisiún go raibh údar leis an maíomh sin agus choigeartaigh sé a ríomh. |
|
(146) |
Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, mhaígh Huaheng Group nár chomhlíon an Coimisiún a dhualgas cruthúnais chun an coigeartú a dhéanamh ar an bpraghas onnmhairiúcháin de bhun Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán maidir le díolacháin a dhéantar ón táirgeoir le cuideachta chomhlachaithe agus a onnmhairítear ansin chuig an Aontas, mar a leagtar amach in aithris 274 den Rialachán sealadach. Go háirithe, mhaígh Huaheng Group (i) nár mhínigh an Coimisiún cén fáth go mbeadh feidhmeanna atá comhchosúil le feidhmeanna gníomhaire atá ag obair ar bhonn coimisiúin ag an trádálaí gaolmhar mar thoradh ar bhrabús a dhéanamh nó réimse leathan earraí a thrádáil; agus (ii) cén fáth ar ghá coigeartú den sórt sin a dhéanamh ar mhaithe le hinchomparáideacht praghsanna idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach. |
|
(147) |
Níor mheas an Coimisiún go raibh údar leis an maíomh. In aithris 275 den Rialachán sealadach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur úsáid Huaheng Group cuideachta laistigh dá ghrúpa chun críoch trádála. Cuireadh tuilleadh sonraí maidir le measúnú an Choimisiúin ar fáil do Huaheng ina nochtadh sonrach toisc gur airíodh faisnéis rúnda gnó ann. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh feidhmeanna á ndéanamh ag an trádálaí gaolmhar Anhui Huaheng Biotechnology Co., Ltd (‘AHB’) atá comhchosúil le feidhmeanna gníomhaire atá ag obair ar bhonn coimisiúin. Dá bhrí sin, bhí údar le coigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán. |
|
(148) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CJS nár comhlíonadh na coinníollacha chun an coigeartú a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán maidir lena thrádálaí comhlachaithe CJ CheilJedang Corp. (‘CJCJ’) agus sholáthair sé sonraí rúnda faoi na hoibríochtaí a rinne CJCJ chun tacú leis an maíomh. |
|
(149) |
Rinne an Coimisiún anailís chúramach ar mhaímh CJS agus chinn sé go raibh údar leo. Rinne an Coimisiún anailís, áfach, ar cé acu a bhí nó nach raibh socrú sonrach an ghrúpa maidir le díolacháin onnmhairiúcháin ina thoisc a rinne difear d’inchomparáideacht praghsanna chun comparáid chóir a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin faoi Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán. |
|
(150) |
Suíodh san imscrúdú gur dhíol CJS leis an Aontas trí thrádálaí comhlachaithe le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus gur thabhaigh an trádálaí sin costais agus gur réadaigh sé brabúis a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar dhíolacháin an Aontais. Ar an lámh eile, ríomhadh gnáthluach an táirge lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, agus dá bhrí sin áiríodh méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair chostais SGA agus i gcomhair brabús. Mar a tugadh faoi deara in aithris 254 den Rialachán sealadach, fuarthas go raibh na costais agus na brabúis sin réasúnta le haghaidh leibhéal na trádála díreach ón monarcha agus, dá bhrí sin, ní fhéadfaí costais agus brabúis trádálaí ghaolmhair a áireamh leo. |
|
(151) |
Dá bhrí sin, ní raibh an chomparáid idir an gnáthluach sin agus an praghas onnmhairiúcháin sin cothrom, ós rud é gur áiríodh sa phraghas onnmhairiúcháin costais agus brabúis trádálaí ghaolmhair agus gur ríomhadh an gnáthluach glan ar eilimintí den sórt sin. Chruthaíodh leis sin neamhshiméadracht a dhéanann difear d’inchomparáideacht praghsanna idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh údar le coigeartú faoi Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán. |
|
(152) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, chun comparáid chóir a áirithiú idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin, d’asbhain an Coimisiún ón bpraghas onnmhairiúcháin na costais SGA sin agus brabúis an trádálaí ghaolmhair nár áiríodh sa ghnáthluach, ón bpraghas onnmhairiúcháin. I socrú sonrach chainéal díolachán onnmhairiúcháin an ghrúpa, rinneadh an coigeartú trí úsáid a bhaint as na costais iarbhír SGA a d’íoc CJCJ, agus, i bhfianaise an ghaoil agus an leithdháilte brabúis idir CJCJ agus CJS, rud a chur isteach ar an mbrabús a baineadh amach, is é sin an brabús barúlach 6,89 % dá dtagraítear in aithris 133 thuas. |
|
(153) |
Tar éis an nochta deiridh, mhaígh CJS, chun coigeartú a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán, go raibh ar an gCoimisiún a léiriú conas a rinne rannpháirtíocht CJCJ i bpróiseas sonraiscthe na ndíolachán onnmhairiúcháin difear don inchomparáideacht praghsanna leis an ngnáthluach. Mhaígh CJS freisin, d’ainneoin gur admhaigh sé nár comhlíonadh na coinníollacha chun coigeartú a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán, gur chuir an Coimisiún an coigeartú céanna i bhfeidhm faoi Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán gan a léiriú gur íoc custaiméirí CJS praghsanna éagsúla ar an margadh intíre mar gheall ar rannpháirtíocht CJCJ i ndíolacháin onnmhairiúcháin an táirge faoi imscrúdú chuig an Aontas. Sa leagan rúnda den aighneacht, chuir CJS tuilleadh sonraí isteach maidir le costais SGA agus coigeartuithe brabúis. |
|
(154) |
Níl aon chonspóid ann go ndíolann CJS leis an Aontas trí thrádálaí gaolmhar: CJCJ. Is féidir cuid de chostais SGA an trádálaí sin a leithdháileadh go réasúnta ar dhíolacháin an táirge lena mbaineann ar mhargadh an Aontais. Gineann CJCJ brabús freisin. |
|
(155) |
Sa bhreithiúnas ó CCCME, thug an Chúirt Ghinearálta dá haire ‘nach ndéanann tosca difear go ginearálta do ghnáthluach arna ríomh faoi Airteagal 2(6a) a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá inchomparáideacht toisc gur suíodh go saorga é’. (37) Is é sin le rá, mura féidir a thaispeáint go dearfach gur úsáideadh eilimint a bhfuil coigeartú á lorg ina leith chun an gnáthluach a ríomh, ní féidir an coigeartú a dhéanamh. Ós rud é, mar a tugadh faoi deara in aithrisí 253 agus 267 go 271 den Rialachán sealadach, gur ríomhadh an gnáthluach sa chás atá i gceist, i measc nithe eile, trí úsáid a bhaint as costais SGA a fuarthas a bheith réasúnta do leibhéal na trádála díreach ón monarcha, fágann sé sin, de réir sainmhínithe, nach bhféadfaí costais trádálaí ghaolmhair a áireamh sna costais sin. |
|
(156) |
Is deacair tionchar ar inchomparáideacht praghsanna idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach a léiriú ar bhealach níos soiléire ná trína léiriú go bhfuil gné, sa chás seo costais SGA trádálaí ghaolmhair, i láthair sa chéad cheann agus in easnamh sa dara ceann. Is é sin le rá, trína léiriú go bhfuil an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach neamhshiméadrach. Tá coincheap na hinchomparáideachta praghsanna idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach nasctha go dlúth le coincheap na siméadrachta eatarthu. Mhínigh an Chúirt an méid sin in Dashiqiao Sanqiang (38) mar a leanas: ‘Bunaíodh leis an gcásdlí freisin gur léir ó fhoclaíocht agus ó scéim Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán nach féidir coigeartú a dhéanamh ar an bpraghas onnmhairiúcháin ná ar an ngnáthluach ach amháin chun difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do na praghsanna agus, dá bhrí sin, dá n-inchomparáideacht a chur san áireamh. Ciallaíonn sé sin, i bhfocail eile, gurb é is cuspóir do choigeartú an neamhshiméadracht idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a athbhunú, agus mar thoradh air sin, má rinneadh an coigeartú go bailí, tugtar le tuiscint go bhfuil an neamhshiméadracht idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin athbhunaithe aige.’ (39) |
|
(157) |
Tháinig an Chúirt ar an gconclúid ansin ‘in aon mheasúnú ar chothroime an mhodha comparáide a úsáidtear, gur príomhghné é coincheap na siméadrachta idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin, dá bhrí sin, lena léirítear an gá atá le hinchomparáideacht praghsanna a shuí de réir bhrí Airteagal 1(2) den bhun-Rialachán.’ (40) |
|
(158) |
Bhreithnigh an Chúirt Ghinearálta in Sinopec neamhshiméadracht idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin i gcomhthéacs coigeartú faoi Airteagal 2(10)(k). Mheabhraigh an Chúirt ar dtús cinneadh an Choimisiúin gurbh ann do neamhshiméadracht idir an bpraghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach mar thoradh ar CBL neamh-in-aisíoctha a bheith i láthair sa phraghas onnmhairiúcháin, agus gan é a bheith i láthair sa ghnáthluach (41), agus tháinig sí ar an gconclúid ansin ‘gur léirigh an Coimisiún an gá a bhí ann […] an coigeartú atá i gceist a dhéanamh.’ (42) Cé gur chinn an Chúirt nach bhféadfaí an coigeartú a dhéanamh faoi Airteagal 2(10)(b), agus go ndearna an Coimisiún earráid dlí dá bhrí sin, chinn sí freisin ‘nach raibh aon éifeacht chinntitheach ag an earráid sin ar an measúnú a rinne údar an ghnímh sin’. (43) Tharla sé sin toisc, de réir na Cúirte, le hAirteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán ‘gur ceadaíodh don Choimisiún an coigeartú […] atá i gceist a dhéanamh chun an neamhshiméadracht idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann a athbhunú agus chun comparáid chothrom idir an dá luach sin a áirithiú.’ (44) I bhfocail eile, dheimhnigh an Chúirt gur leor an measúnú a rinne an Coimisiún, a bhí teoranta do chinneadh na neamhshiméadrachta (cosúil leis an measúnú a rinneadh sa chás os comhair na Cúirte seo) chun an coigeartú a dhéanamh faoi Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán. |
|
(159) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, thug an Coimisiún dá aire go raibh gá leis an gcoigeartú faoi Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán chun an neamhshiméadracht idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a athbhunú, agus ar an gcaoi sin comparáid chothrom a áirithiú. Go deimhin, ní mór an chomparáid a dhéanamh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha, mar a mhínítear in aithris 117. Cé gur suíodh an gnáthluach ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha, ní féidir praghas onnmhairiúcháin lena n-áirítear costais SGA agus brabús trádálaí ghaolmhair a mheas ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún an costas a d’íoc CJCJ agus an brabús barúlach a chur ar an áireamh chun comparáid a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna. Mar thoradh ar rannpháirtíocht CJCJ, atá teoranta do dhíolacháin onnmhairiúcháin, bíonn costais agus brabúis ann nach mór a chur san áireamh dá bhrí sin. Go deimhin, ní féidir le CJS tairbhe a bhaint as gníomhaíocht eacnamaíoch CJCJ ná as na buntáistí cánach a cheadaítear leis agus, an tráth céanna, a mhaíomh nach n-athródh easpa gníomhaíochta den sórt sin aon rud sa bhealach díolacháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(160) |
Thairis sin, mhaígh CJS gur sháraigh an Coimisiún prionsabal dhlí an Aontais maidir leis an lex specialis, ar dá réir nach féidir le hInstitiúidí de chuid an Aontais dul timpeall ar fhoráil níos sonraí trí bheith ag brath ar fhoráil ghinearálta. Mhaígh CJS ina leith sin gur fhoráil ghinearálta a bheadh i gceist le hAirteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán, agus gur fhoráil shonrach a bheadh i gceist le hAirteagal 2(10)(i). |
|
(161) |
Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin, ós rud é nach foráil ghinearálta é Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán i gcomparáid le hAirteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán, ach cás eile faoinar féidir coigeartuithe a dhéanamh. Go deimhin, rinneadh tagairt in Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán do ‘fachtóirí eile nach ndéantar foráil maidir leo faoi phointí (a) go (j)’. Mhaígh CJS agus d’aontaigh an Coimisiún nach bhféadfadh feidhm a bheith ag Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán sa chás seo toisc nach raibh aon choimisiún de réir bhrí na forála sin á íoc. Seachas dul timpeall ar fhoráil shonrach trína bheith ag brath ar fhoráil ghinearálta, ní dhearna an Coimisiún ach an cháilíocht cheart a shannadh don chás. Thairis sin, tá cur chuige den sórt sin i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Ginearálta in Sinopec, a bhfuil achoimre air in aithris 158. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(162) |
Ar deireadh, dá gcoimeádfadh an Coimisiún a choigeartú ar bhonn Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán, mhaígh CJS nach bhféadfadh coigeartú den sórt sin a bheith cothrom leis an gcoigeartú a rinneadh faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán, toisc nach ionann an dá choigeartú agus toisc gur shuigh an Coimisiún nár comhlíonadh na coinníollacha chun coigeartú a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 2(10)(i). Mar thoradh air sin, d’iarr CJS ar an gCoimisiún cainníochtú a dhéanamh ar an gcaoi a ndearna rannpháirtíocht CJCJ sa phróiseas sonrasctha díolacháin onnmhairiúcháin difear don inchomparáideacht praghsanna leis an ngnáthluach. Go háirithe, má mheas an Coimisiún go ndearna brabús CJCJ difear don inchomparáideacht praghsanna, mhaígh CJS gur cheart 2 % ar a mhéad a bheith i gceist leis an mbrabús sin, cosúil leis an mbrabús a úsáideadh san imscrúdú frithdhumpála ar tháirgí cothroma teorollta áirithe d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile de thionscnamh na hÉigipte, na Seapáine agus Vítneam iad (45) (‘imscrúdú HRF’). |
|
(163) |
Thug an Coimisiún dá aire, agus an coigeartú do chostais SGA á ríomh aige, gur eisiaigh an Coimisiún cheana féin ó mhíreanna chostais SGA nach raibh ábhartha maidir le díolacháin an táirge faoi imscrúdú leis an Aontas, mar a léirítear in aithris (165). Dá bhrí sin, níor mheas an Coimisiún le haghaidh choigeartú chostais SGA ach na míreanna sin a d’eascair as ról CJCJ a rinne difear d’inchomparáideacht praghsanna. A mhéid a bhaineann leis an mbrabús, ní fhéadfadh an Coimisiún brath ar bhrabús iarbhír CJCJ, toisc gur brabús idir eintitis chomhlachaithe é, agus bhí sé ag brath ar bhrabús barúlach an imscrúdaithe APV, mar an fhoinse faisnéise is iontaofa atá ar fáil sa chás seo, mar a shuitear in aithris 265 den Rialachán sealadach agus in aithrisí 133 agus 137. Níor léirigh CJS cén fáth a mbeadh an brabús a úsáidtear in imscrúdú HRF níos iomchuí, seachas gur brabús níos ísle é. Ina theannta sin, suíodh brabús den sórt sin in imscrúdú HRF i ndáil le hearnáil eacnamaíoch dhifriúil, an earnáil cruach, agus níl baint aige le hearnáil na gceimiceán mar an brabús barúlach a suíodh in imscrúdú APV. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(164) |
Chuir CJS maíomh isteach freisin maidir le cainníochtú an choigeartaithe bunaithe ar asbhaint SGA CJCJ ar dtús de bhun Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán, agus ag an gcéim seo de bhun Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán. Go háirithe, bhain an maíomh sin le 5 mhír a bhí ábhartha chun costais SGA CJCJ a shuí. Sa leagan rúnda dá aighneacht, d’fhorbair CJS an maíomh sin le tuilleadh sonraí. |
|
(165) |
Chinn an Coimisiún go raibh údar páirteach leis an maíomh sin i gcás 3 cinn de na 5 ítim agus d’asbhain sé iad ó na costais SGA atá ábhartha don choigeartú dá réir sin. Diúltaíodh don mhaíomh maidir leis an 2 mhír eile. Cuireadh tuilleadh sonraí maidir le measúnú an Choimisiúin ar fáil do CJS ina nochtadh sonrach toisc gur airíodh faisnéis rúnda ann. |
|
(166) |
Ar deireadh, chuir CJS maíomh isteach freisin maidir le cainníochtú an choigeartaithe bunaithe ar bhrabús réasúnach. 6,89 % a asbhaint, de bhun Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán ar dtús, agus ag an gcéim seo de bhun Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán. Sa leagan rúnda dá aighneacht, d’fhorbair CJS an maíomh sin le tuilleadh sonraí. |
|
(167) |
Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Mar a mhínítear in aithrisí 149 go 152, chuaigh an Coimisiún i muinín an coigeartú a choinneáil ar bun le haghaidh brabús barúlach 6,89 %, arna shuí mar a phléitear in aithris 133. Cuireadh tuilleadh sonraí maidir le measúnú an Choimisiúin ar fáil do CJS ina nochtadh sonrach toisc gur airíodh faisnéis rúnda ann. |
|
(168) |
Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Huaheng Group nár thug an Coimisiún aghaidh ar an maíomh tar éis an nochta shealadaigh nár thug an Coimisiún údar leis an bhfáth ar ghá an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun inchomparáideacht praghsanna idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a áirithiú. Maidir leis sin, mhaígh Huaheng Group gur asbhaineadh costais a bhain le seirbhísí a rinne AHB ón bpraghas onnmhairiúcháin ach gur áiríodh na costais le haghaidh na seirbhísí céanna sa ghnáthluach agus gur cheart iad a asbhaint. Mhaígh Huaheng Group freisin go mbeadh na torthaí a leagtar amach in aithris 141 go bhféadfadh costais áirithe SGA fanacht go dlisteanach sa ghnáthluach ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha, ar choinníoll nach léirítear go bhfuil forluí idir iad agus costais a asbhaineadh ón bpraghas onnmhairiúcháin, ina bhfianaise bhreise ar an neamhshiméadracht sin. |
|
(169) |
Chinn an Coimisiún go raibh údar leis an bpraghas onnmhairiúcháin a choigeartú ós rud é gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris 147 go raibh feidhmeanna ag AHB atá comhchosúil le feidhmeanna gníomhaire atá ag obair ar bhonn coimisiúin. Mar a mhínítear freisin in aithrisí 274 go 276 den Rialachán sealadach, fuair AHB corrlach brabúis ar athdhíolacháin an táirge lena mbaineann agus ós rud é gur suíodh go ndearna sé feidhmeanna atá comhchosúil le feidhmeanna gníomhaire atá ag obair ar bhonn coimisiúin, bhí údar le coigeartú le haghaidh coimisiúin. Bhí sé sin amhlaidh ós rud é, mar a mhínítear in aithris 261 den Rialachán sealadach, gur ríomhadh an gnáthluach ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha. Is é sin le rá, mar a mhínítear in aithrisí 156 agus 157, de bharr eilimint (coimisiún) a bheith sa phraghas onnmhairiúcháin agus toisc í a bheith in easnamh ón ngnáthluach, cruthaíodh neamhshiméadracht idir an dá cheann nach mór a cheartú chun an chomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a dhéanamh ‘cothrom’ de réir bhrí Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Maidir le cainníochtú an choigeartaithe do choimisiúin, mar a dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta in Çolakoğlu (46), féadfaidh an Coimisiún an caidreamh idir an monaróir agus an trádálaí gaolmhar a chur san áireamh agus méid iomchuí an choigeartaithe atá le déanamh á chinneadh. I gcás comhlachais idir an monaróir agus an trádálaí, féadfaidh an Coimisiún an coigeartú a chainníochtú trí Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm de réir analaí. I gcásanna den sórt sin, déantar an coigeartú le haghaidh coimisiún arna ríomh ar bhonn chostais SGA an trádálaí atá i gceist agus ar bhrabús barúlach. Ós rud é go raibh BHB agus AHB mar chuid de Huaheng Group, agus go bhfuarthas amach nach raibh a gcaidreamh ar neamhthuilleamaí, mar a tacaíodh leis na forálacha sa chomhaontú i scríbhinn idir BHB agus AHB, bhí an coigeartú bunaithe ar na costais SGA arna dtabhú ag an trádálaí gaolmhar agus ar bhrabús barúlach. Dá bhrí sin, ós rud é nach ndearna an Coimisiún coigeartú do chostais agus brabús SGA ach do choimisiún a ríomhadh bunaithe ar chostais SGA agus ar bhrabús barúlach, níor chinn an Coimisiún gurbh infheidhme an maíomh go raibh neamhshiméadracht idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin mar thoradh ar an gcoigeartú do chostas SGA. Níor áitigh Huaheng Group tráth ar bith le linn an imscrúdaithe go raibh coimisiún i láthair sa ghnáthluach ríofa, gan trácht ar bhunús a thabhairt leis an maíomh sin nó é a chainníochtú, mar a cheanglaítear leis an gcásdlí dá dtagraítear in aithris 269 den Rialachán sealadach. Go deimhin, mar a tugadh faoi deara in aithris 168, ríomhadh an gnáthluach glan ar aon choimisiún. In aon chás, fiú dá mbeadh ar an gCoimisiún coigeartú a dhéanamh le haghaidh chostais agus bhrabús SGA, níor mheas an Coimisiún go mbeadh gá le costais a asbhaint ó chostais SGA chun inchomparáideacht idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a áirithiú. Ar an gcéad dul síos, níor chuir Huaheng Group aon fhianaise isteach a léiríonn gur áiríodh sa ghnáthluach na costais SGA a úsáideadh chun an coimisiún a ríomh. Ar an dara dul síos, ba iad na costais SGA a bhí sa ghnáthluach na costais iarbhír arna dtabhú ag táirgeoir, go háirithe na costais arna dtabhú ag Sucroal sa Cholóim. Ar an tríú dul síos, ba iad na costais SGA a asbhaineadh ón bpraghas onnmhairiúcháin na costais iarbhír arna dtabhú ag AHB ina fheidhmeanna mar thrádálaí comhlachaithe. Ós rud é gur bhain na costais SGA le gníomhaíochtaí éagsúla (táirgeoir onnmhairiúcháin agus trádálaí gaolmhar), níor ghá aon chostas ó chostais SGA tháirgeoir na Colóime, Sucroal, a asbhaint ón ngnáthluach. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh. |
|
(170) |
Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Huaheng Group freisin nár chomhlíon an Coimisiún an dualgas cruthúnais ba ghá chun an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú de réir bhrí Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán agus go háirithe nach bhféadfaí aon choigeartú a dhéanamh i gcásanna inar ranna díolacháin inmheánacha lena bhfoirmítear eintiteas eacnamaíoch aonair iad cuideachtaí atá ar leithligh go dlíthiúil. |
|
(171) |
Sholáthair an Coimisiún in aithris 147 a cúiseanna ar mheas sé gur trádálaí é AHB a bhfuil feidhmeanna aige atá comhchosúil le feidhmeanna gníomhaire atá ag obair ar bhonn coimisiúin. Thairis sin, chinn an Coimisiún gur leor an toradh sin chun coigeartú a dhéanamh ar an bpraghas onnmhairiúcháin faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán agus nach raibh gá le haon chruthúnas breise sa chomhthéacs sin. Ina theannta sin, níor mhaígh Huaheng Group riamh gur eintiteas eacnamaíoch aonair a bhí in AHB agus an táirgeoir onnmhairiúcháin. Meabhraítear, de réir cásdlí i gcás inar thug an Coimisiún fianaise chomhsheasmhach ar aird go ndéanann dáileoir atá cleamhnaithe le táirgeoir feidhmeanna atá inchomparáide le feidhmeanna gníomhaire atá ag obair ar bhonn coimisiúin, gur faoin dáileoir sin nó faoin táirgeoir sin a bheidh sé fianaise a thabhairt ar aird nach bhfuil údar le coigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán, mar shampla trína léiriú gur eintiteas eacnamaíoch aonair iad (47). |
|
(172) |
In éagmais barúlacha eile maidir le coigeartuithe ar an bpraghas onnmhairiúcháin, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí 272 go 276 den Rialachán sealadach. |
3.5. Corrlaigh dhumpála
|
(173) |
Mar a shonraítear in aithrisí 144 go 145 agus 164 go 165, tar éis maímh ó na páirtithe leasmhara, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na corrlaigh dhumpála. |
|
(174) |
Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, dleacht gan íoc:
|
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(175) |
In éagmais barúlacha maidir le cinneadh thionscal an Aontais agus tháirgeadh an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí 281 go 283 den Rialachán sealadach. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(176) |
In éagmais barúlacha maidir le tomhaltas an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí 284 go 289 den Rialachán sealadach. |
4.3. Allmhairí ón tír lena mbaineann
|
(177) |
In éagmais barúlacha maidir le hallmhairí ón tír lena mbaineann, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí 290 go 294 den Rialachán sealadach. |
4.3.1. Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais
|
(178) |
In éagmais barúlacha, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí 295 go 301 den Rialachán sealadach. |
|
(179) |
Ag féachaint don cheartúchán sa ríomh mar a shonraítear in aithris 195, rinneadh athbhreithniú ar thoradh na comparáide praghsanna, arna shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus léiríodh meánchorrlach sladghearrtha ualaithe idir 15,0 % agus 22,2 % leis na hallmhairí ón tír lena mbaineann ar mhargadh an Aontais. |
4.4. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.4.1. Barúlacha ginearálta
|
(180) |
In éagmais barúlacha, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí 302 go 306 den Rialachán sealadach |
4.4.2. Táscairí maicreacnamaíocha
4.4.2.1.
|
(181) |
In éagmais barúlacha maidir le táirgeadh, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta, deimhníodh aithrisí 307 go 310 den Rialachán sealadach. |
4.4.2.2.
|
(182) |
In éagmais barúlacha maidir le méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh, deimhníodh aithrisí 311 go 313 den Rialachán sealadach. |
4.4.2.3.
|
(183) |
In éagmais barúlacha maidir le fostaíocht agus táirgiúlacht, deimhníodh aithrisí 314 go 316 den Rialachán sealadach. |
4.4.2.4.
|
(184) |
In éagmais barúlacha maidir le méid an chorrlaigh dumpála agus maidir le téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo, deimhníodh aithrisí 317 go 318 den Rialachán sealadach |
4.4.3. Táscairí micreacnamaíocha
4.4.3.1.
|
(185) |
In éagmais barúlacha maidir le praghsanna agus tosca a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna, deimhníodh aithrisí 319 go 321 den Rialachán sealadach. |
4.4.3.2.
|
(186) |
In éagmais barúlacha maidir le costais saothair, deimhníodh aithrisí 322 go 323 den Rialachán sealadach. |
4.4.3.3.
|
(187) |
In éagmais barúlacha maidir le fardail, deimhníodh aithrisí 324 go 326 den Rialachán sealadach. |
4.4.3.4.
|
(188) |
In éagmais barúlacha maidir le brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a thiomsú, deimhníodh aithrisí 327 go 332 den Rialachán sealadach. |
4.5. Conclúid maidir le díobháil
|
(189) |
In éagmais barúlacha breise, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, bunaithe ar na torthaí a nochtadh sa Rialachán sealadach, gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán agus gur deimhníodh aithrisí 333 go 338 den Rialachán sealadach dá bhrí sin. |
5. CÚISÍOCHT
5.1. Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte
|
(190) |
In éagmais barúlacha, deimhníodh aithrisí 339 go 341 den Rialachán sealadach. |
5.2. Éifeachtaí tosca eile
5.2.1. Allmhairí ó thríú tíortha
|
(191) |
In éagmais barúlacha, deimhníodh aithrisí 342 go 343 den Rialachán sealadach. |
5.2.2. Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais
|
(192) |
In éagmais barúlacha, deimhníodh aithrisí 344 go 347 den Rialachán sealadach. |
5.3. Conclúid maidir le cúisíocht
|
(193) |
In éagmais barúlacha, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ar bhonn na dtorthaí a nochtar sa Rialachán sealadach, go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais mar gheall ar na hallmhairí dumpáilte ón tSín, agus maidir leis na tosca eile, a breithníodh leo féin nó le chéile, nach ndearnadh maolú ar an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha mar gheall orthu, ná nár briseadh é. Dá bhrí sin, deimhníodh aithrisí 348 go 352 den Rialachán sealadach. |
6. LEIBHÉAL NA mBEART
6.1. Corrlach díobhála
|
(194) |
In éagmais barúlacha, deimhníodh aithrisí 353 go 359 den Rialachán sealadach. |
|
(195) |
In éagmais barúlacha, deimhnítear aithris 360 den Rialachán sealadach. Mar sin féin, thug an Coimisiún dá aire nár coigeartaíodh praghsanna táirgeora onnmhairiúcháin amháin go dtí leibhéal teorann an Aontais chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna. Cheartaigh an Coimisiún an ríomh dá réir, agus is mar a leanas atá an leibhéal díothaithe díobhála deiridh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus gach cuideachta eile:
|
6.2. Conclúid maidir le leibhéal na mbeart
|
(196) |
De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:
|
7. LEAS AN AONTAIS
7.1. Leas thionscal an Aontais
|
(197) |
In éagmais barúlacha, deimhníodh aithrisí 363 go 366 den Rialachán sealadach. |
7.2. Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil
|
(198) |
In éagmais barúlacha, deimhníodh aithrisí 367 go 369 den Rialachán sealadach. |
7.3. Leas úsáideoirí
|
(199) |
In éagmais barúlacha, deimhníodh aithrisí 370 go 374 den Rialachán sealadach. |
7.4. An chonclúid maidir le leas an Aontais
|
(200) |
In éagmais barúlacha maidir le leas an Aontais, deimhníodh aithris 375 den Rialachán sealadach |
8. BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA
8.1. Bearta cinntitheacha
|
(201) |
Ar bhonn na gconclúidí ar ar thángthas orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann. |
|
(202) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála cinntitheacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:
|
|
(203) |
Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin, dá bhrí sin, infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna monarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo sin a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhiú de na rátaí sin agus ba cheart go mbeidís faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Síne’. |
|
(204) |
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfí na dleachtrátaí frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur chuig an gCoimisiún (48). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(205) |
Chun na rioscaí imchéimniúcháin a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a chuirtear sonrasc tráchtála bailí faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin isteach, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’. |
|
(206) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má sholáthraítear sonrasc a chomhlíonann na riachtanais go léir a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ba cheart d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus d’fhéadfadh sé, ar nós i ngach cás eile, go n-éileoidh siad doiciméid bhreise (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí sa dearbhú a dheimhniú agus chun a áirithiú go bhfuil údar maith leis an ráta dleachta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin, i gcomhréir le dlí custaim. |
|
(207) |
Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha lena dhéanamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
|
(208) |
Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith ag dleacht frithdhumpála na n-allmhairí uile eile de thionscnamh na Síne ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin freisin. |
|
(209) |
Táirgeoirí onnmhairiúcháin nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ba cheart dóibh a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála iad le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin; (ii) nach bhfuil gaol aige le táirgeoir onnmhairiúcháin a rinne amhlaidh; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air é sin a dhéanamh i gcainníochtaí substaintiúla. |
8.2. Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha
|
(210) |
I bhfianaise na gcorrlach dumpála a cinneadh agus an leibhéil díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na ndleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach suas go dtí na leibhéil a bhunaítear faoin Rialachán seo. |
8.3. Bailiú cúlghabhálach
|
(211) |
Mar a luaitear i roinn (1.2), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe. |
|
(212) |
Le linn chéim chinntitheach an imscrúdaithe, rinneadh na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an chláraithe a mheasúnú. Rinne an Coimisiún anailís lena fháil amach ar comhlíonadh na critéir faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha. |
|
(213) |
Léiríodh in anailís an Choimisiúin ná tháinig aon mhéadú suntasach ar allmhairí sa bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin, mar a leagtar síos in Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán. I gcás na hanailíse sin, rinne an Coimisiún comparáid idir meánmhéideanna allmhairí míosúla an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdúcháin a bhí ar leibhéal [1 750–2 417] MT/mí agus na meánmhéideanna míosúla allmhairí le linn na tréimhse ón mí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe seo go dtí an mhí iomlán dheireanach roimh fhorchur na mbeart sealadach (1 455 MT/mí). Chomh maith leis sin, nuair a bhí meánmhéid allmhairí míosúla an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdúcháin á gcur i gcomparáid leis na meánmhéideanna allmhairí míosúla le linn na tréimhse ón mí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe seo suas go dtí an mhí inar forchuireadh bearta sealadacha agus an mhí sin san áireamh (1 320 MT/mí), níorbh fhéidir aon mhéadú suntasach eile a thabhairt faoi deara.
|
|
(214) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach na dleachta frithdhumpála cinntithí. |
|
(215) |
Mar fhreagra ar an nochtadh deiridh, d’easaontaigh an gearánach le measúnú an Choimisiúin agus mhaígh sé, bunaithe ar shonraí ón bhfaisnéis mhargaidh speisialaithe a soláthraíodh sa ghearán agus sna freagraí ceistneora, a d’úsáid an Coimisiún freisin chun méideanna allmhairí an táirge lena mbaineann le linn an imscrúdaithe a shuí, gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le bailiú cúlghabhálach dleachtanna. De réir na sonraí sin, d’áitigh an gearánach gur tháinig méadú suntasach ar allmhairí míosúla an táirge lena mbaineann tar éis na tréimhse imscrúdúcháin. Go sonrach, mhaígh an gearánach go raibh lastais mhíosúla idir tonna amháin agus 2,5 tonna vailín ar an meán sa bhliain 2024, gur shroich na lastais suas le 6 oiread an luacha sin i mí Feabhra 2025 agus gur seoladh méideanna an-ard chuig an Aontas i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2025, rud a thug le fios go raibh stoic á gcarnadh. Léireodh an borradh sin ar onnmhairí ón tSín chuig an Aontas tar éis na tréimhse imscrúdúcháin gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le bailiú cúlghabhálach dleachtanna, agus dá bhrí sin d’iarr an gearánach ar an gCoimisiún dleachtanna a fhorchur go cúlghabhálach. |
|
(216) |
Agus méid na n-allmhairí á shuí, rinne an Coimisiún coigeartú ar na sonraí a sholáthair an gearánach ón bhfaisnéis mhargaidh speisialaithe, mar a thuairiscítear in aithrisí 287 agus 290 den Rialachán sealadach, trí cheartúcháin a dhéanamh mar thoradh ar shonraí cros-seiceáilte arna gcur isteach ag na honnmhaireoirí comhoibríocha arna bhfíorú ar an láthair. Thairis sin, ó tionscnaíodh an t-imscrúdú, tá cód TARIC ar leithligh ann don táirge lena mbaineann, rud a chuireann ar chumas an Choimisiúin brath go hiomlán ar na staitisticí allmhairiúcháin arna soláthar ag na Ballstáit. Níor aimsigh an Coimisiún aon chúis le míchlú a tharraingt ar na sonraí sin agus, dá bhrí sin, rinne sé comparáid idir na meán-allmhairí míosúla a thuairiscigh na Ballstáit agus na meán-allmhairí míosúla a cinneadh le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin, de réir mar a leagtar amach i roinn 4.3 den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, ní mheasann an Coimisiún go bhfuil bunús le maíomh an ghearánaigh agus dheimhnigh sé a chonclúid nár comhlíonadh na coinníollacha mar a leagtar amach in Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na dleachta cinntithí frithdhumpála. |
9. FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH
|
(217) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (49), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
|
(218) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála cinntitheach ar allmhairí vailín agus a n-eistir, agus salainn díobh sin, mar chomhdhúil orgánach ar leithligh atá sainithe ó thaobh na ceimice de, bíodh eisíontais iontu nó ná bíodh, a aicmítear faoi láthair faoi chód AC ex 2922 49 85 (cód TARIC 2922 49 85 87) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.
2. Is mar a leanas a bheidh ráta na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar na táirgí a bhfuil tuairisc orthu i mír 1 agus arna dtáirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Tír thionscnaimh |
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%) |
Cód breise TARIC |
|
Daon-Phoblacht na Síne |
CJ (Shenyang) Biotechnology Co., Ltd. |
31,3 |
89TX |
|
Bayannur Huaheng Biotechnology Co., Ltd. |
53,8 |
89TY |
|
|
Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn |
42,2 |
|
|
|
Gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne |
53,8 |
8999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid san aonad atá á úsáid againn) de (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go dtabharfar an sonrasc sin ar aird, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
4. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
Na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na dleachta frithdhumpála sealadaí faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1737, déanfar iad a bhailiú go cinntitheach. Na méideanna arna n-urrú de bhreis ar an dleacht frithdhumpála, déanfar iad a scaoileadh.
Airteagal 3
Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir mheánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
nach ndearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdúcháin (an 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2024); |
|
(b) |
nach bhfuil sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo, agus a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú bunaidh; agus |
|
(c) |
gur onnmhairigh sé iarbhír an táirge lena mbaineann, sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin. |
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí vailín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO C, C/2024/7460, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7460/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/326 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2025 lena gcuirtear allmhairí vailín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe, (IO L 2025/326, 19.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/326/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1737 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí vailín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2025/1737, 14.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1737/oj).
(5) Rialachán Sealadach, aithris 187.
(6) Ibidem.
(7) https://globaltradealert.org/intervention/19519.
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/698 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2025 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 ar allmhairí glútamáite monasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad trí allmhairí glútamáite monasóidiam a choinsínítear ón Malaeisia, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh (IO L, 2025/698, 11.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/698/oj), aithris 18.
(9) Ibidem, aithris 60.
(10) Ibidem, aithrisí 63-64.
(11) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí alcól polaivinile áirithe de thionscnamh na Síne, (IO L 315, 29.9.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1336/oj).
(12) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj).
(13) https://www.ingredion.com/sa/es-co.
(14) Fógra Tionscnaimh maidir le hImscrúdú agus Bearta Eatramhacha – Cás Comhdhlúite EAPA 7950, 9 Iúil 2024, lch. 3.
(15) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/698, Tábla 4.
(16) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2120 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2023, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí dé-ocsaídí mangainéise leictrealaíocha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2023/2120, 13.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2120/oj), aithris 133.
(17) Tar éis an tSín agus na tíortha in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2015/755.
(18) Go dtí 6 dhigit mar a shainmhínítear i gCóras Comhchuibhithe na hEagraíochta Domhanda Custaim (EDC).
(19) Cé go gcuimsíonn na cóid ábhartha 1005 90 10 , 1005 90 90 , 1005 90 99 agus 100590000019 freisin, níor aisghabhadh sonraí GTA ach amháin faoi chód 1005 90 11 .
(20) Praghas coigeartaithe chun préimh arbhair neamh-OGM a léiriú, féach aithris 224 den Rialachán sealadach.
(21) https://www.enel.com.co/en/people/energy-rates.html.
(22) https://www.acueducto.com.co/wps/portal/EAB2/Home/atencion-al-usuario/tarifas/tarifas2023; https://www.acueducto.com.co/wps/portal/EAB2/Home/atencion-al-usuario/tarifas/tarifas_2024.
(23) Ba iad na sonraí GTA a úsáideadh sonraí GTA le haghaidh arbhair (cód custaim 1005 90 11 ) nó gránphlúr, i gcás inarb infheidhme (cód custaim 1108 12 ). Le haghaidh pro rata, féach aithris 246 den Rialachán Sealadach.’
(24) Féach aithrisí 223 agus 224 den Rialachán sealadach.
(25) https://www.embrapa.br/tema-transgenicos/sobre-o-tema.
(26) https://geneticliteracyproject.org/2024/09/12/farmers-in-brazil-and-argentina-ramp-up-growing-of-genetically-modified-drought-tolerant-wheat-that-can-grow-in-subtropical-regions/.
(27) https://gm.agbioinvestor.com/downloads/9.
(28) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1330 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí lísín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin, IO L, 2025/1330, 11.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1330/oj), aithris 42.
(29) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/74 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí lísín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2025/74, 14.1.2025, ELI http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/74/oj).
(30) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336.
(31) Cé is moite d’idirbheart ar leith trí chuideachta ghaolmhar Quimidroga i mBallstát eile.
(32) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/74, aithris 212, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1330, aithris 53.
(33) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 ón gCoimisiún, aithris 352.
(34) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/393 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí roisíní eapocsacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Téaváine agus na Téalainne (IO L 2025/393, 27.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/393/oj), aithris 208.
(35) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/393, aithris 208.
(36) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336, aithrisí 32, 352 agus 358.
(37) Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2024, CCCME agus Eile v an Coimisiún, T-263/22, ECLI:EU:T:2024:663, mír 188, agus an cásdlí a luaitear.
(38) Breithiúnas an 16 Nollaig 2011, Dashiqiao Sanqiang Refractory Materials v an Chomhairle, T-423/09, ECLI:EU:T:2011:764.
(39) Ibid, mír 42 agus an cásdlí a luaitear.
(40) Ibid., mír 43.
(41) Breithiúnas an 21 Feabhra 2024, Sinopec Chongqing SVW Chemical agus Eile v an Coimisiún, T-762/20, ECLI:EU:T:2024:113, mír 155.
(42) Ibid., mír 156.
(43) Ibid., mír 157.
(44) Ibid.
(45) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1919 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cothroma teorollta áirithe d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile de thionscnamh na hÉigipte, na Seapáine agus Vítneam agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú ar allmhairí na dtáirgí sin de thionscnamh na hIndia (IO L, 2025/1919, 26.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1919/oj), aithrisí 114 agus 126.
(46) Féach breithiúnas an 8 Bealtaine 2024, Çolakoğlu Metalurji agus Çolakoğlu Dıș Ticaret v An Coimisiún, T-630/21, ECLI:EU:T:2024:304, míreanna 94-97.
(47) Féach mar shampla Breithiúnas an 11 Meitheamh 2025, Akgün Seramik Sanayi ve Ticaret agus Eile v An Coimisiún, T-231/23, ECLI:EU:T:2025:580, mír 155, agus an cásdlí dá dtagraítear.
(48) Ríomhphost: TRADE-TDI-NAME-CHANGE-REQUESTS@ec.europa.eu; An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi/Wetstraat 170, 1040 Bruxelles/Brussel, BELGIQUE/BELGIË.
(49) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
IARSCRÍBHINN
Táirgeoirí allmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte eile
|
Tír |
Ainm |
Cód breise TARIC |
|
Daon-Phoblacht na Síne |
Xinjiang Meihua Amino Acid Co., Ltd. Tongliao Meihua Biological Sci-tech Co., Ltd. |
89TZ |
|
Ningxia EPPEN Biotech Co., Ltd. |
89UA |
|
|
Hulunbeier Northeast Fufeng Biotechnologies Co., Ltd.; Xinjiang Fufeng Biotechnologies Co., Ltd. |
89UB |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/319/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)