|
|
Ainmneacha (Traslitriú an litrithe Bealarúisise) (Traslitriú an litrithe Rúisise)
|
Ainmneacha (Litriú Bealarúisise) (Litriú Rúisise)
|
Faisnéis Aitheantais
|
Cúiseanna lena liostú
|
Dáta an liostaithe
|
|
‘26.
|
Ivan Yurievich SAKALOUSKI
Ivan Yurievich SOKOLOVSKI
|
Iван Юр’евіч САКАЛОЎСКI
Иван Юрьевич СОКОЛОВСКИЙ
|
Post/Poist: Stiúrthóir ar ionad coinneála Akrestina, Mionsc
Dáta breithe: 17.11.1979
Inscne: fireann
|
Ina cháil mar Stiúrthóir ar ionad coinneála Akrestina i Mionsc, is é atá freagrach as an íde mhídhaonna agus tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh do shaoránaigh atá á gcoinneáil tar éis thoghchán uachtaránachta 2020.
|
2.10.2020
|
|
108.
|
Sviatlana, Anatoleuna LYUBETSKAYA
Svetlana Anatolevna LYUBETSKAYA
|
Святлана Анатольеўна ЛЮБЕЦКАЯ
Светлана Анатольевна ЛЮБЕЦКАЯ
|
Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Bhunreachtúil na Bealarúise, iar-chomhalta de Theach Ionadaithe Thionól Náisiúnta Phoblacht na Bealarúise, iar-Chathaoirleach ar an mBuanchoimisiún Dlí
Dáta breithe: 3.6.1971
Áit bhreithe: APSS (an Úcráin anois)
Inscne: baineann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Sa phost a bhí aici mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún Parlaiminteach Dlí, bhí Sviatlana Lyubetskaya freagrach as glacadh an Chóid nua um Sháruithe Riaracháin (a tháinig i bhfeidhm an 1 Márta 2021) lena n-údaraítear gabhálacha treallacha agus lenar forchuireadh dliteanas méadaithe i gcás rannpháirtíocht in ollimeachtaí, lena n-áirítear siombailí polaitiúla a chur ar taispeáint. Tríd na gníomhaíochtaí reachtacha sin, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear an ceart chun comhthionóil shíochánta, agus cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach. Baintear an bonn go mór den daonlathas agus den smacht reachta sa Bhealarúis leis na gníomhaíochtaí reachtacha seo.
Tá sí gníomhach i gcónaí i réimeas Lukashenko agus í ina breitheamh sa Chúirt Bhunreachtúil, ceaptha ag Alexander Lukashenko.
|
21.6.2021
|
|
112.
|
Siarhei Aliaksandravich GUSACHENKA
Sergey Alexandrovich GUSACHENKO
|
Сяргей Аляксандравiч ГУСАЧЭНКА
Сергей Александрович ГУСАЧЕНКО
|
Post/Poist: Leas-Chathaoirleach ar Chuideachta Náisiúnta Teilifíse agus Raidió an Stáit/ (Belteleradio Company)
Dáta breithe: 5.11.1983
Áit bhreithe: Mionsc, APSS (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Teil. (oifig): + 375 (17) 369-90-15
|
Ina cháil mar Chéad-Leas-Chathaoirleach ar Belteleradio Company (Cuideachta Náisiúnta Teilifíse agus Raidió an Stáit), údar agus láithreoir an chláir teilifíse bolscaireachta sheachtainiúil “Glavnyy efir”, tá faisnéis bhréagach á soláthar go fonnmhar ag Siarhei Gusachenka do mhuintir na Bealarúise faoi thorthaí na dtoghchán, faoi agóidí, faoin gcos ar bolg atá á himirt ag údaráis an stáit agus faoi ghníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú mídhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais. Tá sé freagrach as an gcaoi a gcuireann teilifís an stáit faisnéis ar fáil faoi staid na tíre, ag tacú ar an gcaoi sin leis na húdaráis lena n-áirítear Lukashenka.
Dá bhrí sin tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka.
|
21.6.2021
|
|
125.
|
Mikhail Saferbakovich GUTSERIEV
|
Микаил (Михаил) Сафарбекович ГУЦЕРИЕВ
|
Post/Poist: Fear gnó, scairshealbhóir agus cathaoirleach bhord feidhmeannach Slavkali, cathaoirleach bhord stiúrthóirí agus scairshealbhóir de chuid: JSC Mospromstroi, Industrial Financial Group Safmar JSC, LLC Proekt Grad.
Comhalta de bhord stiúrthóirí agus scairshealbhóir JSC NKNeftisa
Dáta breithe: 9.3.1958
Áit bhreithe: Akmolinsk, APSS (an Chasacstáin anois)
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Rúiseach
|
Is fear gnó Rúiseach mór le rá é Mikhail Gutseriev, agus leasanna gnó aige sa Bhealarúis in earnáil an fhuinnimh, earnáil na potaise, earnáil an fháilteachais agus in earnálacha eile. Tá seanaithne aige ar Aliaksandr Lukashenka agus a bhuí leis an nasc sin, charnaigh sé saibhreas suntasach agus tá sé in ann tionchar a imirt i measc scothaicme pholaitiúil na Bealarúise. Ba é Safmar, cuideachta a bhí á rialú ag Gutseriev, an t-aon ghnólacht ola Rúiseach a lean d’ola a sholáthar do scaglanna na Bealarúise le linn na géarchéime fuinnimh idir an Bhealarúis agus an Rúis go luath in 2020.
Thacaigh Gutseriev le Lukashenka i ndíospóidí leis an Rúis faoi sheachadtaí ola freisin. Bhí Gutseriev ina chathaoirleach ar bhord stiúrthóirí cuideachta Slavkali agus ina scairshealbhóir i gcuideachta Slavkali, comhlacht é a bhfuil an mhonarcha mianadóireachta agus próiseála clóiríde potaisiam, Nezhinsky, á tógáil aige bunaithe ar fhosú salainn potaise, Starobinsky, gar do Lyuban. Is í an infheistíocht is mó atá déanta sa Bhealarúis, infheistíocht dar luach USD 2 bhilliún. Gheall Lukashenka go n-athbhaistfí baile Lyuban “Gutserievsk” in ómós dó.
I measc na ngnóthaí eile a bhí aige sa Bhealarúis, bhí stáisiúin pheitril agus iostaí ola, óstán, lárionad gnó agus críochfort aerfoirt i Mionsc. Ghabh Lukashenka buíochas le Gutseriev freisin as na rannchuidithe airgeadais le carthanacht agus as na billiúin dollar a infheistiú sa Bhealarúis.
Dhearbhaigh Gutseriev freisin gurb úinéir é d’áit chónaithe ar le Lukashenka de facto í, agus eisean á cheilt dá bharr nuair a thosaigh iriseoirí ag imscrúdú sócmhainní Lukashenka. D’fhreastail Gutseriev ar oirniú rúnda Lukashenka an 23 Meán Fómhair 2020. I mí Dheireadh Fómhair 2020, bhí Lukashenka agus Gutseriev araon i láthair ag oscailt eaglaise ceartchreidmhí a ndearna Gutseriev urraíocht uirthi.
Chuidigh Gutseriev le scanóirí CT a fháil don Bhealarúis le linn ghéarchéim COVID-19. Dá bhrí sin, tá Mikhail Gutseriev ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.
|
21.6.2021
|
|
166.
|
Aleh Siarheevich HAIDUKEVICH
Oleg Sergeevich GAIDUKEVICH
|
Алег Сяргеевіч ГАЙДУКЕВIЧ
Олег Сергеевич ГАЙДУКЕВИЧ
|
Post/poist: Leas-Chathaoirleach an Bhuanchoiste um Ghnóthaí Idirnáisiúnta i dTeach Ionadaithe an Tionóil Náisiúnta, is comhalta é de thoscaireacht an Tionóil Náisiúnta le haghaidh teagmhálacha le Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa. Cathaoirleach ar Pháirtí Daonlathach Liobrálach na Bealarúise.
Dáta breithe: 26.3.1977
Áit bhreithe: Mionsc, APSS (an Bhealarúis anois)
Inscne: Fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Aitheantas Pearsanta: 3260377A081PB9
Pasuimhir: MP2663333
|
Is é Aleh Haidukevich Leas-Chathaoirleach an Bhuanchoiste um Ghnóthaí Idirnáisiúnta i dTeach Ionadaithe an Tionóil Náisiúnta, is comhalta é de thoscaireacht an Tionóil Náisiúnta le haghaidh teagmhálacha le Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa. D’fhoilsigh sé ráitis phoiblí inar mhol sé an t-atreorú a rinneadh ar eitilt paisinéirí FR4978 chuig Mionsc an 23 Bealtaine 2021. Cinneadh polaitiúil a bhí ansin, agus gan údar ceart ar bith leis, go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra, Raman Pratasevich, agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis.
Ina theannta sin, rinne Aleh Haidukevich ráitis phoiblí inar mhol sé go bhféadfaí ceannairí freasúra na Bealarúise a choinneáil thar lear agus a iompar go dtí an Bhealarúis “i mbúit cairr”. Ar an gcaoi sin, thacaigh sé leis an mbrú faoi chois leanúnach ag na fórsaí slándála ar fhreasúra daonlathach na Bealarúise agus ar iriseoirí.
Tá Aleh Haidukevich ina Chathaoirleach ar Pháirtí Daonlathach Liobrálach na Bealarúise.
Dá bhrí sin tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka.
|
21.6.2021
|
|
195.
|
Ivan Ivanavich GALAVATYI
Ivan Ivanovich GOLOVATY
|
Iван Iванавiч ГАЛАВАТЫ
Иван Иванович ГОЛОВАТЫЙ
|
Post/Poist: iarArd-Stiúrthóir Open Joint Stock Company “Belaruskali”, Cathaoirleach bhord maoirseachta JSC Belarussian Potash Company.
Comhalta de Bhuanchoiste Chomhairle na Poblachta de chuid Tionól Náisiúnta Phoblacht na Bealarúise maidir le Gnóthaí Eachtracha agus Slándáil Náisiúnta, , Céad Leas-Stiúrthóir Nedra Nezhin
Dáta breithe: 15.6.1976
Áit bhreithe: Pogost Settlement, Soligorsk District, Minsk Province, an Bhealarúis
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Is é Ivan Galavatyi iarArd-Stiúrthóir Belaruskali, cuideachta faoi úinéireacht stáit, ar mórfhoinse ioncaim agus airgeadra eachtraigh í do réimeas Lukashenka. Is iarchomhalta de Chomhairle na Poblachta agus den Tionól Náisiúnta é. Is iomaí post tábhachtach eile atá aige sa Bhealarúis agus le linn a ghairmréime bronnadh go leor duaiseanna stáit air, cuid acu díreach ó lámha Lukashenka. Bhí sé ina dhlúthchomlach le Lukashenka agus le baill dá theaghlach. Ba é Aliaksandr Lukashenka a mhol go rachadh Ivan Golovaty chun oibre mar ambasadóir i gceann de thíortha Chomhlathas na Stát Neamhspleách. Tá sé ag baint tairbhe, dá bhrí sin, as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.
Ina cháil mar Ard-Stiúrthóir Belaruskali, bhí Ivan Galavatyi bainteach go díreach san aslonnú a rinne réimeas Lukashenka i gcomhar leis an Rúis ar leanaí Úcránacha a raibh cónaí orthu sna críocha faoi fhorghabháil. Tacaíonn Ivan Galavatyi, dá bhrí sin, le réimeas Lukashenka. Tá sé gníomhach fós i réimeas Lukashenka mar Chéad Leas-Stiúrthóir Nedra Nezhin, cuideachta a bhfuil tuairisc faoi gurb é comharba Slavkali é, mórtháirgeoir potaise sa Bhealarúis.
Baineadh préimheanna d’fhostaithe OJSC “Belaruskali” agus briseadh amach as a bpost iad as páirt a ghlacadh i stailceanna agus agóidí síochánta tar éis na dtoghchán uachtaránachta calaoiseach a reáchtáladh sa Bhealarúis i mí Lúnasa 2020. Ba é Alexander Lukashenka é féin a bhagair go gcuirfí mianadóirí ón Úcráin in ionad na stailceoirí. Dá bhrí sin, mar cheann Belaruskali, tá Ivan Galavatyi freagrach as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
3.6.2022
|
|
196.
|
Aliaksandr Uladzimirovich KARNIENKA
Alexander Vladimirovich KORNIENKO
|
Аляксандр Уладзiмiравiч КАРНIЕНКА
Александр Владимирович КОРНИЕНКО
|
Post/Poist: Iarcheann na coilíneachta pionósaí IK-17 Shklov, Leifteanantchoirnéal na Seirbhíse Inmheánaí
Cigire Ceantair; Roinn Gnóthaí Inmheánacha Choiste Feidhmiúcháin Cheantar Slutsk
Dáta breithe: 9.1.1979
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Nuair a bhí Aliaksandr Karnienka ina cheann ar an gcoilíneacht pionósach IK-17 Shklov bhí sé freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, an chéastóireacht san áireamh, a tugadh do na príosúnaithe polaitiúla agus do shaoránaigh eile arna gcoinneáil sa choilíneacht sin tar éis thoghchán uachtaránachta 2020 agus le linn na n-agóidí síochánta a tharla ina dhiaidh. Is é a bhí i gceannas ar an gcoilíneacht phionósach tráth a bhásaigh an príosúnach polaitiúil, Vitold Ashurak, sa choilíneacht phionósach sin an 21 Bealtaine 2021, nach léir fós mar a tharla sin.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.
Tá sé gníomhach fós i réimeas Lukashenka agus é ina oifigeach de Choiste Feidhmiúcháin Cheantar Slutsk.
|
3.8.2023
|
|
258.
|
Viktar Arkadzievich SHAUTSOU
Viktor Arkadievich CHEVTSOV/SHEVSTOV
|
Вiктар Аркадзьевiч ШАЎЦОЎ
Виктор Аркадьевич ШЕВЦОВ
|
Post/poist: Pearsa gnó, infheisteoir
Dáta breithe: 5.12.1963
Áit bhreithe: Razumava village, Vitebsk region, an Bhealarúis
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: MP4572331, arna eisiúint an 12.2 2021
Uimhir aitheantais phearsanta: 3051263A036PB7
|
Is pearsa gnó é Viktar Shautsou ag a bhfuil leasanna gnó sa Bhealarúis.
Ina ról mar chonsal oinigh na nOileán Filipíneach, tacaíonn sé le réimeas Lukashenka. Ina theannta sin, bíonn tairbhe á baint aige as an réimeas, trí pháirt a bheith aige in Reshenie Bank, a bhfuil leasanna agus páirt aige sin i gcoimpléasc iarsmalann Dudutki, a bhaineann tairbhe as buiséad stáit na Bealarúise.
Tacaíonn agus tairbhíonn Viktar Shautsou mar sin as réimeas Lukashenka.
|
5.8.2024
|
|
260.
|
Anton Genadzevich DUDAL
Anton Gennadievich DUDAL
|
Антон Генадзевіч ДУДАЛЬ
Антон Геннадьевич ДУДАЛЬ
|
Post/poist: iarBhreitheamh i gcúirt réigiún Bobruisk agus i gcathair Bobruisk Cathaoirleach ar Chúirt Cheantar Kirovsky
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Dáta breithe: 11.8.1986
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais phearsanta: 3110886M079PB3
|
Ba bhreitheamh é Anton Dudal a d’oibrigh i gcúirt cheantar Bobruisk agus chathair Bobruisk. Ba é Aliaksandr Lukashenka a cheap é in 2019. Chuir sé breitheanna dar cuspóir polaitiúil ar líon mór saoránach Bealarúiseach, lena n-áirítear daoine a chuir a dtuairimí in aghaidh an Uachtaráin in iúl. Ghearr sé pianbhreith ar shaoránach as gníomhaíochtaí féinchosanta tráth a bhí forfheidhmitheoirí dlí ag caitheamh leis go brúidiúil. D’aistrigh sé Andrey Sachevko chuig príosún in Mahiliou.
Tá Anton Dudal freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.
Tá sé gníomhach fós i réimeas Lukashenka agus é ina Chathaoirleach ar Chúirt Cheantar Kirovsky.
|
5.8.2024
|
|
261.
|
Mikalai Vasilievich SIARHEEVICH
Nikolai Vasilievich SERGEEVICH
|
Мікалай Васільевіч СЯРГЕЕВIЧ
Николай Васильевич СЕРГЕЕВИЧ
|
Post/Poist: iarBhreitheamh i gCúirt Cheantar Zhlobinsky de Réigiún Gomel Cathaoirleach ar Chúirt Cheantar Chechersky
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Dáta breithe: 22.8.1983
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais phearsanta: 3220883H026PB7
|
Ba bhreitheamh Bealarúiseach é Mikalai Siarheevich a bhí ag obair i gCúirt Cheantar Zhlobinsky de Réigiún Gomel. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap é. Chuir sé breitheanna dar cuspóir polaitiúil ar líon mór saoránach Bealarúiseach a chuir a dtuairimí in aghaidh an Uachtaráin in iúl maidir leis na toghcháin uachtaránachta chalaoiseacha in 2020, agus ar dhaoine a bhí rannpháirteach in agóidí Zhlobin.
Tá Mikalai Siarheevich freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.
Tá sé gníomhach fós i réimeas Lukashenka agus é ina Chathaoirleach ar Chúirt Cheantar Chechersky.
|
5.8.2024’
|