Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D3206

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3206 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429 lena n-údaraítear an Laitvia beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), agus ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

ST/15717/2024/INIT

IO L, 2024/3206, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3206/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3206/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3206

19.12.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3206 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Nollaig 2024

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429 lena n-údaraítear an Laitvia beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), agus ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE, rialaítear ceart na ndaoine inchánacha an cháin bhreisluacha (CBL) a ghearrtar ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí a úsáideann siad chun críocha a n-idirbheart cáinmhuirearaithe a asbhaint. Ceanglaíter le hAirteagal 26(1), pointe (a), den Treoir sin, cuntas a thabhairt ar CBL nuair a úsáidtear sócmhainn ghnó chun críoch príobháideach daoine inchánacha nó a bhfoirne nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch eile seachas a ngnó.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429 ón gComhairle (2), arna leasú le Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1921 (3) agus (AE) 2021/1968 (4) ón gComhairle, údaraítear an Laitvia, go dtí an 31 Nollaig 2024, teorainn 50 % a chur leis an gceart CBL a asbhaint ar chaiteachas ar ghluaisteáin paisinéirí nach n-úsáidtear go hiomlán chun críoch gnó agus údaraítear an Laitvia gan caitheamh le húsáid gluaisteáin paisinéirí chun críoch phríobháideach mar sholáthairtí seirbhísí ar chomaoin, ar gluaisteán é a áirítear i sócmhainní gnólachta duine inchánach, i gcás ina raibh an gluaisteán sin faoi réir teorannú a údaraítear faoi Airteagal 1 den Chinneadh sin (‘an beart speisialta’).

(3)

Trí litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 15 Bealtaine 2024, d’iarr an Laitvia údarú, i gcomhréir le hAirteagal 395(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2006/112/CE, chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm (‘an iarraidh’).

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh chuig na Ballstáit eile le litir dar dáta an 10 Meán Fómhair 2024. Le litir dar dáta an 11 Meán Fómhair 2024, thug an Coimisiún fógra don Laitvia go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithniú a dhéanamh ar an iarraidh.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429, chuir an Laitvia tuarascáil isteach, in éineacht leis an iarraidh, ina raibh an t-athbhreithniú ar an gcéatadán a leagtar amach le haghaidh an teorannaithe ar an gceart asbhainte CBL dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh Cur Chun Feidhme sin. Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil faoi láthair, eadhon taithí iniúchóireachta cánach agus sonraí staidrimh a bhaineann le húsáid phríobháideach gluaisteán paisinéirí, áitíonn an Laitvia go bhfuil bonn cirt fós leis an teorainn 50 % agus go bhfuil sí iomchuí i gcónaí.

(6)

I bhfianaise thionchar dearfach an bhirt speisialta ar an ualach riaracháin ar cháiníocóirí agus ar údaráis chánach trí bhailiú CBL a shimpliú agus cosc a chur ar imghabháil cánach trí thaifid mhíchearta a choinneáil, measann an Coimisiún go bhfuil sé iomchuí síneadh a chur leis an mbeart speisialta. Ba cheart, dá bhrí sin, údarú a thabhairt don Laitvia leanúint den bheart speisialta sin a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta bhreise go dtí an 31 Nollaig 2027.

(7)

Ba cheart an beart speisialta a theorannú don am is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht agus ar oiriúnacht an ráta cionroinnte a chuirtear i bhfeidhm ar an gceart CBL a asbhaint.

(8)

Tá an beart speisialta comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú, is é sin an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú agus cineálacha áirithe imghabhála cánach nó seachanta cánach a chosc, ós rud é go bhfuil sé teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme de. Ina theannta sin, ní chruthaítear leis an mbeart speisialta an riosca go n-aistreofaí calaois chuig earnálacha eile nó chuig Ballstáit eile.

(9)

I gcás ina measfaidh an Laitvia go mbeidh gá le síneadh a chur leis an mbeart speisialta tar éis 2027, ba cheart di iarraidh ar shíneadh den sórt sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2027. Ba cheart tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, ina mbeidh athbhreithniú ar an gcéatadán arna chur i bhfeidhm..

(10)

De réir na faisnéise a sholáthair an Laitvia, ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailíonn an Laitvia ag céim an tomhaltais deiridh, agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraítear ó CBL.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429:

‘Airteagal 6

1.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Nollaig 2027.

2.   Aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an údarú dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin í faoin 31 Márta 2027 agus beidh tuarascáil ag gabháil léi ina mbeidh athbhreithniú ar an gcéatadán a leagtar amach in Airteagal 1.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Is chuig Poblacht na Laitvia a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiseil, an 10 Nollaig 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

VARGA M.


(1)   IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429 ón gComhairle an 10 Nollaig 2015 lena n-údaraítear don Laitvia beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 334, 22.12.2015, lch. 15).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1921 ón gComhairle an 4 Nollaig 2018 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/191/AE lena n-údaraítear don Laitvia beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 311, 7.12.2018, lch. 36).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1968 ón gComhairle an 9 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429 lena n-údaraítear don Laitvia beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 401, 12.11.2021, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3206/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top