EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1805

Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/26/2023/INIT

IO L 234, 22.9.2023, p. 48–100 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1805/oj

22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 234/48


RIALACHÁN (AE) 2023/1805 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meán Fómhair 2023

maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

San earnáil muiriompair atá thart ar 75 % de thrádáil sheachtrach an Aontais agus 31 % dá thrádáil inmheánach i dtéarmaí méideanna. Téann 400 milliún paisinéir ar bord nó i dtír i gcalafoirt de chuid na mBallstát go bliantúil, tuairim agus 14 mhilliún ar longa paisinéirí cúrsála san áireamh. Dá bhrí sin, is cuid riachtanach de chóras iompair an Aontais é an muiriompar agus tá ról ríthábhachtach aige maidir le geilleagar an Aontais. Tá an margadh muiriompair faoi réir iomaíochas láidir idir gníomhaithe eacnamaíocha laistigh den Aontas agus lasmuigh de, iomaíochas a bhfuil cothrom iomaíochta fíor-riachtanach lena aghaidh. Maidir le cobhsaíocht agus rathúnas an mhargaidh muiriompair agus ghníomhaithe eacnamaíocha an mhargaidh sin, braitheann sin ar chreat beartais atá soiléir agus comhchuibhithe inar féidir le hoibreoirí muiriompair, calafoirt agus gníomhaithe eile san earnáil feidhmiú ar bhonn comhionannas deiseanna. I gcás ina dtarlaíonn saobhadh margaidh, bíonn an riosca ann go gcuirfí oibreoirí muiriompair nó calafoirt faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid lena n-iomaitheoirí laistigh den earnáil muiriompair nó in earnálacha iompair eile. D’fhéadfadh caillteanas a bheith ann mar thoradh ar an míbhuntáiste sin in iomaíochas an tionscail muiriompair, mar aon le níos lú post agus caillteanas nascachta le haghaidh saoránach agus gnólachtaí.

(2)

De réir Thuarascáil Gheilleagar Gorm an Aontais, 2022, cruthaíodh thart ar 5,7 milliún post in 2014 san iomlán le Geilleagar Gorm an Aontais, ar cruthaíodh 3,2 milliún díobh trí fhostaíocht dhíreach sna hearnálacha seanbhunaithe agus 2,5 milliún breise a gineadh trí na slabhraí soláthair faoi seach. Luaitear sa tuarascáil sin freisin go gcruthaíonn calafoirt mhuirí an Aontais amháin tuairim is 2,5 milliún post (díreach agus indíreach) in 2014. As an méid sin post, ní dhéantar ach thart ar 0,5 milliún post a léiriú le staidreamh earnálach, toisc go ngineann calafoirt mhuirí tairbhí fostaíochta agus eacnamaíocha in earnálacha eile, mar shampla lóistíocht agus seirbhísí loingseoireachta muirí. Ghin na seacht n-earnáil bhunaithe de Gheilleagar Gorm an Aontais oll-bhreisluach EUR 183,9 billiún in 2019 (3).

(3)

De réir an doiciméid inmheánaigh oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [An Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a sheoladh ar bhealach a leasa don todhchaí], i gcomparáid le modhanna eile iompair, is é an muiriompar fós an modh iompair is éifeachtúla ó thaobh carbóin de in aghaidh an tona km. Ag an am céanna, is é trácht loinge go calafoirt sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó ó na calafoirt sin a ghineann 11 % d’astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) uile an Aontais ó iompar agus 3 go 4 % d’astaíochtaí CO2 uile an Aontais. Meastar go dtiocfaidh méadú ar astaíochtaí CO2 ó mhuiriompar, mura ndéanfar gníomhaíocht bhreise. Rannchuideoidh gach earnáil de gheilleagar an Aontais le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú go tapa go glan-nialas faoi 2050 ar a dhéanaí, mar a chumhdaítear i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go leagfadh an tAontas bealach iomchuí amach chun aistriú gasta éiceolaíoch na hearnála muiriompair a bhaint amach, rud a chuideodh freisin le ceannaireacht dhomhanda an Aontais i ndáil leis na teicneolaíochtaí glasa, na seirbhísí glasa agus na réitigh ghlasa a choinneáil agus a chur chun cinn a thuilleadh, agus chun cruthú post a spreagadh sna slabhraí luacha lena mbaineann, agus an t-iomaíochas á choinneáil.

(4)

Chun gealltanas aeráide an Aontais a fheabhsú faoi Chomhaontú Pháras (5), arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘Comhaontú Pháras’), is é is aidhm do Rialachán (AE) 2021/1119 astaíochtaí GCT (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a laghdú 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030 agus cuireann sé an tAontas ar an mbealach chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí. Ina theannta sin, tá gá le hionstraimí beartais comhlántacha éagsúla chun úsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a tháirgtear go hinbhuanaithe a chur chun cinn agus a bhrostú, lena n-áirítear a n-úsáid san earnáil muiriompair, agus prionsabal na neodrachta teicneolaíche á urramú ag an am céanna. Ní mór an fhorbairt teicneolaíochta agus imscaradh na teicneolaíochta is gá a bheith faoi lánseol faoi 2030 chun ullmhú d’athrú i bhfad níos gasta ina dhiaidh sin. Tá sé ríthábhachtach freisin an nuálaíocht a chothú agus tacú le taighde don nuálaíocht atá ag teacht chun cinn agus don nuálaíocht a bheidh ann amach anseo mar shampla, breoslaí malartacha atá ag teacht chun cinn, éicidhearthóireacht, ábhair bhithbhunaithe, tiomáint ghaoithe agus tiomáint ghaothchuidithe.

(5)

I gcomhthéacs breosla a aistriú chuig breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh, tá sé riachtanach feidhmiú ceart mhargadh muiriompair an Aontais maidir le breoslaí muirí a áirithiú, breoslaí ar sciar substaintiúil de chostais na n-oibreoirí loinge iad, chomh maith le hiomaíochas cothrom sa mhargadh a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, do bhearta a bheith costéifeachtach. Is féidir tionchar mór a bheith ag difríochtaí i riachtanais bhreosla ar fud na mBallstát ar fheidhmiú eacnamaíoch oibreoirí loinge agus is féidir tionchar diúltach a bheith ag na difríochtaí sin ar iomaíochas sa mhargadh. De thoradh nádúr idirnáisiúnta na loingseoireachta, féadfaidh oibreoirí loinge méideanna móra breosla a lastáil i dtríú tíortha agus méideanna móra breosla a iompar go furasta, rud a d’fhéadfadh cur leis an mbaol go gcaillfeadh calafoirt an Aontais a n-iomaíochas i gcomparáid le calafoirt nach calafoirt de chuid an Aontais iad. D’fhéadfadh sceitheadh carbóin agus éifeachtaí díobhálacha ar iomaíochas na hearnála a bheith mar thoradh ar an staid sin, más rud é go bhfuil breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin ar fáil ag calafoirt mhuirí faoi dhlínse Ballstáit ach mura bhfuil ceanglais ann maidir lena n-úsáid a bhfuil feidhm acu maidir le gach long a thagann isteach nó a imíonn amach as calafoirt mhuirí faoi dhlínse na mBallstát. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo, ba cheart bearta a leagan síos chun a áirithiú go rachaidh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin i bhfód ar mhargadh na mbreoslaí muirí faoi dhálaí cóiriomaíochta i margadh muiriompair an Aontais.

(6)

Tá an earnáil muiriompair faoi réir iomaíocht láidir idirnáisiúnta. Mar gheall ar dhifríochtaí móra idir ualaí rialála ar fud na mbratstát is minic go mbíonn cleachtais nach bhfuil ag teastáil ann, mar shampla athrú brataí long. Le sainghné dhomhanda na hearnála, leagtar béim ar a thábhachtaí atá cur chuige atá neodrach ó thaobh na brataí de agus timpeallacht rialála fhabhrach, a chuideodh chun infheistíocht nua a mhealladh agus iomaíochas chalafoirt, longúinéirí agus oibreoirí long an Aontais a choimirciú.

(7)

Chun tionchar a bheith aige ar ghníomhaíochtaí uile na hearnála muiriompair, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le leath den fhuinneamh a úsáideann long atá ag tabhairt faoi mhuiraistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, maidir le leath den fhuinneamh a úsáideann long atá ag tabhairt faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, maidir leis an bhfuinneamh iomlán a úsáideann long atá ag tabhairt faoi mhuiraistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit, agus maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear laistigh de chalafort faoi dhlínse Ballstáit. D’áiritheofaí leis an gcreat cur i bhfeidhm sin éifeachtacht an Rialacháin seo, lena n-áirítear trí thionchar dearfach an chreata sin ar an gcomhshaol a mhéadú. Leis an gcreat sin ba cheart teorainn a chur leis an riosca maidir le cuairteanna seachanta ar chalafoirt agus leis an riosca maidir le dí-chomhchruinniú gníomhaíochtaí athródaithe lasmuigh den Aontas. Chun oibriú rianúil tráchta muirompair a áirithiú agus chun saobhadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint, ba cheart cothrom na Féinne a áirithiú le rialacha comhsheasmhacha a leagtar amach sa Rialachán seo i measc oibreoirí muiriompair agus i measc calafort a áirithiú maidir leis na turais uile a thagann isteach i gcalafoirt atá faoi dhlínse na mBallstát nó a imíonn astu, chomh maith le fanacht na long sna calafoirt sin.

(8)

Tá sé ríthábhachtach don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát a áirithiú go leanúnach go léiríonn a nósanna imeachta riaracháin dea-chleachtais agus bearta a dhéanamh chun comhsheasmhacht a áirithiú, dúbláil a sheachaint i reachtaíocht earnálach agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a shimpliú, agus ar an gcaoi sin an t-ualach riaracháin ar longúinéirí, ar oibreoirí long, ar chalafoirt agus ar fhíoraitheoirí a choinneáil chomh híseal agus is féidir.

(9)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), le Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), le Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (11), agus Treoir ón gComhairle lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Aontais maidir le cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (athmhúnlú) chun an méid deimhneachta dlíthiúla agus infheistíochta is gá a áirithiú. Leis an gcomhsheasmhacht sin, d’áiritheofaí creat reachtach comhleanúnach don earnáil muiriompair, lena rannchuidítear le táirgeadh breoslaí malartacha inbhuanaithe a mhéadú go suntasach, lena n-áirithítear imscaradh an bhonneagair is gá agus lena ndreasaítear úsáid na mbreoslaí sin i sciar long atá ag fás go seasta.

(10)

Ba cheart comhairliúcháin a dhéanamh idir comhlacht bainistíochta an chalafoirt agus úsáideoirí an chalafoirt agus geallsealbhóirí ábhartha eile, dá bhforáiltear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), chun comhordú a dhéanamh ar infhaighteacht seirbhísí calafoirt a chomhordú maidir leis an soláthar breosla malartaigh atá beartaithe agus a imscartar i gcalafoirt, agus maidir leis an éileamh a bhfuiltear ag súil leis ó longa a stadann ag na calafoirt sin.

(11)

Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le longa ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, gan beann ar a mbratach. Ar mhaithe le comhleanúnachas le rialacha an Aontais agus le rialacha idirnáisiúnta i réimse an mhuiriompair, agus chun an t-ualach riaracháin a theorannú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le longa a bhfuil olltonnáiste (GT) os cionn 5 000 acu ach níor cheart feidhm a bheith aige maidir le longa cogaidh, cúntaigh cabhlaigh, longa gabhála éisc ná longa próiseála éisc, longa adhmaid de thógáil bhunúsach, longa nach dtiomáintear go meicniúil ná longa rialtais arna n-úsáid chun críoch neamhthráchtála. D’ainneoin nach bhfuil sna longa os cionn OT 5 000 ach thart ar 55 % de na longa uile a thagann isteach i gcalafoirt faoi Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), is iadsan is cúis le thart ar 90 % d’astaíochtaí CO2 ón earnáil muiriompair. Ba cheart don Choimisiún an staid a athmheasúnú go tráthrialta, d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a shíneadh chun longa faoi bhun OT 5 000 a chumhdach.

(12)

Maidir le Ballstáit nach bhfuil aon chalafoirt mhuirí ar a gcríoch acu, aon fhíoraitheoir creidiúnaithe, aon long a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus nach stát riaracháin iad de réir bhrí an Rialacháin seo, ní gá dóibh aon ghníomhaíocht a dhéanamh maidir leis na ceanglais faoi seach faoin Rialachán seo fad atá na himthosca sin ann.

(13)

I bhfianaise na gcostas méadaithe le haghaidh longa a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo, cuireann an easpa beart domhanda leis an mbaol go dtarlódh imchéimniú. Má thugtar cuairteanna seachanta ar chalafoirt lasmuigh den Aontas agus má dhéantar gníomhaíochtaí trasloingsithe a athlonnú chuig calafoirt lasmuigh den Aontas, ní hé hamháin go laghdófar na tairbhí comhshaoil a bhaineann le costais na n-astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí muiriompair a inmheánú, ach d’fhéadfadh astaíochtaí breise a bheith mar thoradh air mar gheall ar an bhfad breise a thaistealaíonn longa chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a imghabháil. Is iomchuí, dá bhrí sin, stadanna áirithe ag calafoirt nach de chuid an Aontais iad a eisiamh ó choincheap an chalafoirt cuarda. Ba cheart an t-eisiamh sin a bheith dírithe ar chalafoirt i gcomharsanacht an Aontais ina bhfuil an baol imghabhála is suntasaí ann. Is ionann teorainn 300 muirmhíle ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit agus freagairt chomhréireach ar iompar imghabhála, agus cothromaíocht á déanamh idir an t-ualach breise agus an riosca imghabhála. Thairis sin, níor cheart go spriocdhíreofaí leis an eisiamh ó choincheap an chalafoirt cuarda ach ar stadanna a dhéanann longa coimeádán ag calafoirt áirithe nach de chuid an Aontais iad, i gcás inarb ionann trasloingsiú coimeádán agus an chuid is mó den trácht coimeádán. I gcás na loingsithe sin gabhann riosca imghabhála freisin, in éagmais bearta maolaitheacha, le mol calafoirt a aistriú chuig calafoirt lasmuigh den Aontas agus éifeachtaí na himghabhála a ghéarú. Chun comhréireacht agus cóir chomhionann an bhirt dhomhanda a áirithiú, ba cheart aird a thabhairt ar bhearta i dtríú tíortha atá coibhéiseach leis an Rialachán seo.

(14)

Chun cás sonrach na réigiún oileánach a chur san áireamh, mar a chuirtear i dtreis le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar aon leis an ngá le nascacht a chaomhnú idir oileáin agus réigiúin is forimeallaí an Aontais le réigiúin láir an Aontais, ba cheart díolúintí sealadacha a cheadú i gcás muiraistir a dhéanann longa paisinéirí seachas longa cúrsála paisinéirí idir calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus calafort cuarda atá faoi dhlínse an Bhallstáit chéanna atá suite ar oileán ina bhfuil níos lú ná 200 000 buanchónaitheoirí.

(15)

Agus saintréithe agus srianta speisialta na réigiún is forimeallaí den Aontas á gcur san áireamh, go háirithe a n-iargúltacht agus a n-oileánachas, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar inrochtaineacht na réigiún sin agus a nascacht éifeachtúil a chaomhnú trí mhuiriompar. Dá bhrí sin, le haghaidh longa a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, níor cheart ach leath den fhuinneamh a úsáidtear i gcás muiraistir a imíonn as nó a thagann isteach i gcalafort cuarda atá suite i réigiún is forimeallaí a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart díolúintí sealadacha a cheadú i gcás muiraistir idir calafort cuarda atá suite i réigiún is forimeallaí agus calafort cuarda eile atá suite i réigiún is forimeallaí, agus i ndáil leis an bhfuinneamh arna úsáid ag longa le linn a bhfanachta laistigh de chalafoirt cuarda na réigiún is forimeallaí comhfhreagrach.

(16)

Na Ballstáit nach bhfuil teorainn talún acu le haon Bhallstát eile, tá siad ag brath go háirithe ar a nasc muirí leis an gcuid eile den Aontas, go háirithe chun an nascacht is gá a choinneáil dá saoránaigh. Ní mór do na Ballstáit sin brath ar chonarthaí seirbhíse poiblí nó ar oibleagáidí seirbhíse poiblí chun an sprioc maidir le nascacht a chothabháil trí longa paisinéirí a bhaint amach. Ba cheart díolúine shealadach a cheadú chun a chur ar chumas na mBallstát aghaidh a thabhairt ar an ngéarghá atá le seirbhís ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a sholáthar agus nascacht chomh maith le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a áirithiú.

(17)

Sa bhreis ar fhéidearthacht ghinearálta do Bhallstáit muiraistir a dhéanann longa paisinéirí, seachas longa paisinéirí cúrsála, chuig oileáin ina bhfuil níos lú ná 200 000 cónaitheoir buan, a dhíolmhú, ba cheart díolúine chomhchosúil a cheadú maidir le muiraistir intíre chuig oileáin a dhéantar faoi chuimsiú conradh seirbhíse poiblí nó atá faoi réir oibleagáid seirbhíse poiblí. Tá na conarthaí agus na hoibleagáidí sin bunaithe ag na Ballstáit chun leibhéal iomchuí nascachta a áirithiú le réigiúin oileánacha ar phraghsanna inacmhainne, ar leibhéal nascachta é nach mbeadh bainte amach ag fórsaí an mhargaidh murach sin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith i dteideal na muiraistir sin a dhéanann longa paisinéirí idir a mórthír agus oileán an Bhallstáit chéanna a dhíolmhú go sealadach, chun na coinníollacha faoinar bunaíodh na conarthaí seirbhíse poiblí nó na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a choinneáil ar bun agus chun nascacht inbhuanaithe an oileáin lena mbaineann, chomh maith le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, a áirithiú.

(18)

Bunaítear le hAirteagal 2, pointe 1, de Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle (14) go gcaithfear leis na calafoirt atá in Ceuta agus Melilla mar an gcéanna le calafoirt oileánacha. Cé nach calafoirt oileánacha iad ó nádúr, ciallaíonn a suíomh geografach ar mhórthír na hAfraice agus easpa nasc talún leis an Spáinn, i ndáil le mórthír na hEorpa agus go háirithe leis an Spáinn, go bhfuil na calafoirt sin inchomparáide le calafoirt oileánacha. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas gur calafoirt oileánacha iad Ceuta agus Melilla i ndáil leis an díolúine shealadach don chabatáiste muirí idir mórthír Ballstáit agus na hoileáin atá faoina dhlínse.

(19)

Bíonn costais bhreise ar iompar muirí mar thoradh ar an seoltóireacht faoi dhálaí oighir, go háirithe sna codanna thuaidh de Mhuir Bhailt, agus airíonna teicniúla long a aicmítear mar longa oighir, agus d’fhéadfaí na costais sin a mhéadú a thuilleadh leis an Rialachán seo. Na costais bhreise sin le haghaidh longa a aicmítear mar longa oighir a thagann mar thoradh ar a bheith ag seoladh faoi dhálaí oighir agus ar a n-airíonna teicniúla, ba cheart iad a mhaolú chun cothrom na Féinne a choinneáil. Ba cheart a cheadú do chuideachtaí, dá bhrí sin, go gcuirfí i bhfeidhm, i gcás na long a aicmítear mar longa oighir, méid teoranta coigeartaithe maidir leis an bhfuinneamh arna úsáid ar bord. Ina theannta sin, ar feadh tréimhse theoranta ama, ba cheart go bhféadfaí leis an Rialachán seo sciar den fhuinneamh breise a úsáidtear le linn na seoltóireachta faoi dhálaí oighir a dhíolmhú ar feadh na dtréimhsí sonracha ina mbíonn ar longa a aicmítear mar longa oighir aghaidh a thabhairt ar dhálaí loingseoireachta oighir. Chuige sin, ba cheart modheolaíocht infhíoraithe a bhunú chun comhghaolú a chumasú idir sciar díolmhaithe fuinnimh agus dálaí iarbhír loingseoireachta oighir. Ba cheart don Choimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar an modheolaíocht sin, go háirithe i bhfianaise a stóinsí atá an faireachán a dhéantar ar na sonraí is gá chun fad agus fuinneamh breise na loingseoireachta faoi dhálaí oighir a thuairisciú, d’fhonn síneadh féideartha a chur leis an mbeart sin.

(20)

Ba cheart gurbh í an chuideachta an t-eintiteas a bheadh freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, cuideachta a shainmhínítear mar úinéir na loinge nó aon eagraíocht nó duine eile, mar shampla an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a bhfuil an fhreagracht glactha aige, ó úinéir na loinge, an long a oibriú, agus a bhfuil aontaithe aige, trí bhíthin an fhreagracht sin a ghlacadh, na dualgais agus na freagrachtaí uile a fhorchuirtear leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta Long agus um Chosc ar Thruailliú, mar a chuirtear chun feidhme laistigh den Aontas trí Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), a ghlacadh ar láimh. Tá an sainmhíniú ar chuideachta faoin Rialachán seo i gcomhréir leis an gcóras domhanda bailithe sonraí a bhunaigh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) in 2016.

(21)

Chun breoslaí nua agus réitigh fuinnimh nua a fhorbairt agus a imscaradh, ní mór cur chuige comhordaithe a bheith ann chun freastal ar sholáthar, éileamh agus cur ar fáil bonneagar dáilte iomchuí. Cé go dtugann creat rialála reatha an Aontais aghaidh, i bpáirt, ar tháirgeadh breosla trí bhíthin Threoir (AE) 2018/2001 agus ar dháileadh breosla trí bhíthin Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), tá gá freisin le huirlis lena mbunaítear leibhéil mhéadaitheacha éilimh ar bhreoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin.

(22)

Cé go gcuirtear feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn le hionstraimí ar nós praghsáil carbóin nó spriocanna i ndáil le déine carbóin gníomhaíochta, níl siad oiriúnach chun athrú mór a spreagadh i dtreo breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa ghearrthéarma ná sa mheántéarma. Dá bhrí sin, tá gá le cur chuige rialála sonrach atá tiomnaithe d’imscaradh breoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh, mar shampla an ghaoth nó leictreachas.

(23)

Maidir le hidirghabháil bheartais chun éileamh ar bhreoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin a spreagadh, ba cheart í a bheith sprioc-bhunaithe agus ba cheart go ndéanfaí prionsabal na neodrachta teicneolaíche a urramú léi. Dá réir sin, ba cheart teorainneacha a leagan amach ar dhéine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord gan úsáid aon bhreosla nó teicneolaíochta ar leith a fhorordú. Ba cheart teorainneacha den chineál sin a leagan síos i ndáil le luach tagartha, luach a chomhfhreagraíonn do mheándéine GCT an fhlít ón bhfuinneamh arna úsáid ag long ar bord in 2020, meándéine a cinneadh ar bhonn na sonraí a ndearnadh faireachán orthu agus a tuairiscíodh i gcreat Rialachán (AE) 2015/757, ar bhonn na modheolaíochta agus ar bhonn na luachanna réamhshocraithe a leagtar síos in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo.

(24)

Maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a bhfuil ardacmhainneacht inbhuanaitheachta, aibíocht tráchtála agus ardacmhainneacht nuálaíochta agus fáis chun freastal ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo ag gabháil leo, ba cheart forbairt agus imscaradh na mbreoslaí sin a chur chun cinn. Leis sin, tacófar le margaí breosla nuálacha agus iomaíocha a chruthú agus le soláthar leordhóthanach breoslaí muirí inbhuanaithe a áirithiú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma chun rannchuidiú le huaillmhianta dícharbónaithe iompair an Aontais, agus san am céanna iarrachtaí an Aontais i leith ardleibhéal cosanta comhshaoil a neartú. Chun na críche sin, ba cheart breoslaí muirí inbhuanaithe arna dtáirgeadh ó na bunábhair a liostaítear i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, chomh maith le breoslaí muirí sintéiseacha, a bheith incháilithe. Go háirithe, tá na breoslaí muirí inbhuanaithe arna dtáirgeadh ó na bunábhair a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 fíor-riachtanach, toisc go mbeidh an teicneolaíocht is aibí ó thaobh na tráchtála de ar fáil cheana féin sa ghearrthéarma chun na breoslaí muirí sin a tháirgeadh d’fhonn muiriompar a dhícharbónú.

(25)

Tarlaíonn athrú indíreach ar an talamhúsáid nuair a ghlacann saothrú barra le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise ról traidisiúnta a dtáirgthe le haghaidh bia agus beatha. Cuireann an t-éileamh breise sin brú breise ar an talamh agus mar thoradh air, d’fhéadfadh sé go gcuirfí síneadh le talamh talmhaíochta le go gcumhdófaí limistéir a bhfuil stoc ard carbóin orthu, mar shampla, foraoisí, bogaigh agus talamh portaigh, rud as a n-eascródh astaíochtaí GCT breise agus cailliúint bhreise bithéagsúlachta. Léiríonn taighde a rinneadh go mbraitheann méid na héifeachta sin ar thosca éagsúla, lena n-áirítear an cineál bunábhair a úsáidtear chun breosla a tháirgeadh, leibhéal an éilimh breise ar bhunábhar i ngeall ar úsáid bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise, agus a mhéid a thugtar cosaint do thalamh a bhfuil stoc ard carbóin air ar fud an domhain. Ní féidir leibhéal na n-astaíochtaí GCT a eascraíonn as athrú indíreach ar an talamhúsáid a ríomh go haonchiallach a bheaichte agus is gá chun na fachtóirí astaíochta a bhunú a bhfuil gá leo chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, tá fianaise ann go n-eascraíonn athrú indíreach ar an talamhúsáid, ar leibhéil éagsúla, as gach breosla arna tháirgeadh ó bhunábhar. Anuas ar astaíochtaí GCT a bhaineann le hathrú indíreach ar an talamhúsáid, a d’fhéadfadh an laghdú ar astaíochtaí GCT a thiocfadh as bithbhreoslaí aonair, as bithleachtanna aonair nó as breoslaí bithmhaise aonair, nó cuid den laghdú sin, a chur ar neamhní – tá rioscaí maidir leis an mbithéagsúlacht ag baint le hathrú indíreach ar an talamhúsáid. Tá na rioscaí sin fíor-thromchúiseach i ndáil leis an leathnú mór táirgthe a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh méadú mór ar an éileamh. Dá réir sin, níor cheart úsáid breoslaí barrbhunaithe bia agus beatha a chur chun cinn faoin Rialachán seo. Maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise mar sin, i bhfianaise a dtairbhí comhshaoil atá níos ísle, a leibhéil feidhmíochta atá níos ísle i dtéarmaí cumas laghdaithe astaíochtaí GCT agus ábhair imní inbhuanaitheachta níos leithne, le Treoir (AE) 2018/2001 cuirtear teorainn cheana lena n-ionchur, agus cuirtear caidhp air, maidir leis na spriocanna coigiltis i dtaobh astaíochtaí GCT san earnáil iompair de bhóthar agus d’iarnród.

(26)

Chun creat dlíthiúil soiléir intuartha a chruthú agus ar an dóigh sin spreagadh a thabhairt d’fhorbairt luath an mhargaidh agus úsáid na dteicneolaíochtaí breosla is inbhuanaithe agus is nuálaí lena mbaineann acmhainneacht fáis chun freastal ar riachtanais a bheidh ann amach anseo, ní mór dreasacht thiomnaithe a bheith ann do bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (RFNBO). Tá údar leis an dreasacht sin toisc go bhfuil acmhainneacht mhór ag na cineálacha breosla sin fuinneamh in-athnuaite a thabhairt isteach i meascán an bhreosla umair mhuirí, lena n-acmhainneacht shuntasach dícharbónaithe, chomh maith le costas measta a dtáirgthe sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Nuair a tháirgtear iad ó leictreachas agus carbón inbhuanaithe a ghabhtar go díreach ón aer, tá ar chumas breoslaí sintéiseacha laghduithe suas le 100 % a bhaint amach ar astaíochtaí i gcomparáid le breoslaí iontaise. Tá buntáistí suntasacha acu freisin i gcomparáid le cineálacha eile breoslaí inbhuanaithe maidir le héifeachtúlacht acmhainne an phróisis táirgeachta, go háirithe ó thaobh tomhaltas uisce de. Mar sin féin, tá costais táirgthe RFNBO i bhfad níos airde faoi láthair ná praghas margaidh an bhreosla traidisiúnta agus meastar go leanfaidh na hardchostais sin sa mheántéarma. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le meascán beart chun tacaíocht a áirithiú le haghaidh ghlacadh RFNBO inbhuanaithe, lena n-áirítear an fhéidearthacht ‘iolraitheoir’ a úsáid go dtí deireadh 2033, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an fuinneamh ó RFNBO a chomhaireamh faoi dhó. Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag fo-sprioc 2 % RFNBO ó 2034 i leith más rud é, tar éis faireachán a dhéanamh ar an margadh, go dtuairiscíonn an Coimisiún go bhfuil sciar RFNBO sna breoslaí umair muirí arna n-úsáid ag longa a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo níos lú ná 1 % faoi 2031. Tá sé i gceist leis an meascán sin de bhearta tacú le RFNBO comhartha a thabhairt d’oibreoirí long agus do sholáthraithe breosla maidir le hinfheistíocht a dhéanamh chun an cineál sin breosla in-athnuaite, inscálaithe agus inbhuanaithe a ghlacadh, ós rud é go soláthraítear sprioc deiridh leis lena dtugtar cinnteacht do sholáthraithe breosla maidir le híoséileamh amach anseo chomh maith leis an deis don mhargadh teacht ar an mbealach is éifeachtúla chun coigeartú a dhéanamh dá réir sin. Ós rud é go bhfuil margadh le haghaidh RFNBO muirí le forbairt go fóill, áirítear coimircí agus solúbthacht sa Rialachán seo i dtreo cásanna éagsúla maidir le glacadh margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann.

(27)

Cé go bhfuil acmhainneacht ard ag RFNBO freastal ar riachtanais dícharbónaithe san earnáil mhuirí, d’fhéadfadh breoslaí eile acmhainneacht inchomparáide dícharbónaithe a bheith ann freisin. D’fhéadfadh fachtóirí ar nós aibíocht teicneolaíochta nó infhaighteacht don earnáil mhuirí difear a dhéanamh do ghlacadh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin i gcalafoirt éagsúla. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach neodracht theicneolaíoch a áirithiú agus idirdhealú míchuí a sheachaint in aghaidh breoslaí eile a bhaineann amach laghduithe déine GCT atá comhchosúil le RFNBO, chomh maith le pionós a ghearradh ar longa a úsáideann na breoslaí sin a sheachaint. Chuige sin, tá sé tábhachtach an tairseach 70 % maidir le laghdú ar GCT a cheanglaítear i gcás RFNBO, mar a leagtar amach le Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle a thabhairt faoi deara. Is féidir tairseach den sórt sin a shroicheadh freisin le breoslaí seachas RFNBO, de thionscnamh bitheolaíoch nó sintéiseach.

(28)

Faoi láthair, tá leibhéil neamhshuntasacha éilimh ar bhithbhreoslaí, ar bhithleachtanna agus ar bhreoslaí bithmhaise a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha san earnáil muiriompair toisc gur de bhunadh iontaise níos mó ná 99 % de na breoslaí muirí atá á n-úsáid faoi láthair. Le neamh-incháilitheacht na mbreoslaí a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha chun rannchuidiú le cuspóirí an Rialacháin seo, íoslaghdaítear freisin aon riosca maidir le moill a chur le dícharbónú na hearnála iompair, rud a d’fhéadfadh eascairt, murach sin, as aistriú bithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra ó iompar de bhóthar chuig an muiriompar. Ós rud é go leanann an t-iompar de bhóthar go fóill de bheith ar an earnáil iompair is mó truaillithe ar fad agus go n-úsáidtear breoslaí de bhunadh iontaise den chuid is mó sa mhuiriompar faoi láthair, tá sé fíor-riachtanach aistriú mar sin a íoslaghdú. Dá bhrí sin, is iomchuí cruthú éilimh ar bhithbhreoslaí ó bharra bia agus beatha, ar bhithleachtanna agus ar bhreoslaí bithmhaise a sheachaint, éileamh a d’fhéadfadh a bheith mór, trína n-úsáid a chur chun cinn faoin Rialachán seo. Dá réir sin, leis na hastaíochtaí GCT breise agus le cailliúint na bithéagsúlachta arb é gach cineál bithbhreosla a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha is cúis leo, ní mór a mheas gur breoslaí iad sin lena mbaineann na fachtóirí astaíochta céanna leis an gconair is lú fabhar.

(29)

De thoradh na n-agaí fada tionscanta a bhaineann le forbairt agus le himscaradh breoslaí agus réiteach fuinnimh nua le haghaidh an mhuiriompair, chomh maith le meántréimhse idir 25 agus 30 bliain a bheith i saolré fhadthréimseach long go hiondúil, tá gá le gníomhaíocht ghasta agus le creat rialála fadtéarmach atá soiléir agus intuartha a bhunú lena n-éascófaí pleanáil agus infheistíocht ó na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann. Le creat rialála mar sin, éascófar forbairt agus úsáid breoslaí agus réitigh fuinnimh nua le haghaidh an mhuiriompair agus spreagfar infheistíocht ó pháirtithe leasmhara. Le creat rialála mar sin, ba cheart teorainneacha a shainiú le haghaidh déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord go dtí 2050. Ba cheart na teorainneacha sin éirí níos uaillmhianaí le himeacht ama chun an fhorbairt theicneolaíoch agus an méadú ar tháirgeadh breoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin a bhfuil coinne leo a léiriú.

(30)

Leis an Rialachán seo, ba cheart an mhodheolaíocht agus an fhoirmle a bhunú chun meándéine bhliantúil GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a ríomh. Ba cheart an fhoirmle sin a bheith bunaithe ar an tomhaltas breosla arna thuairisciú ag longa agus ba cheart fachtóirí astaíochta ábhartha na mbreoslaí arna dtomhailt a mheas léi. Ba cheart úsáid foinsí ionadacha fuinnimh, mar shampla, an ghaoth nó leictreachas, a léiriú sa mhodheolaíocht freisin.

(31)

Chun léargas níos iomláine a thabhairt ar fheidhmíocht chomhshaoil na bhfoinsí fuinnimh éagsúla, ba cheart feidhmíocht GCT breoslaí a mheas ar bhonn tobar-go-marbhshruth, agus tionchair an táirgthe fuinnimh, an iompair, an dáilte agus na húsáide ar bord á gcur san áireamh. Dhéanfaí sin chun dreasachtaí a sholáthar maidir le conairí teicneolaíochta agus táirgthe lena soláthrófaí lorg GCT níos ísle agus fíorthairbhí ag baint leo i gcomparáid leis na breoslaí traidisiúnta atá ann faoi láthair.

(32)

Ba cheart feidhmíocht tobar-go-marbhshruth na mbreoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin a bhunú agus úsáid á baint as fachtóirí astaíochta réamhshocraithe nó fachtóirí astaíochta iarbhír deimhnithe lena gcumhdaítear astaíochtaí tobar-go-humar agus astaíochtaí umar-go-marbhshruth. Chun críoch an Rialacháin seo, níor cheart ach fachtóirí astaíochtaí tobar-go-humar réamhshocraithe agus na fachtóirí astaíochtaí CO2 umar-go-marbhshruth réamhshocraithe le haghaidh breoslaí iontaise a úsáid.

(33)

I gcás dul chun cinn teicneolaíoch maidir le teicneolaíochtaí laghdaithe GCT nua, mar shampla gabháil carbóin ar bord, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht rannchuidiú na dteicneolaíochtaí sin le laghdú astaíochtaí díreacha GCT ar bord long a léiriú sna foirmlí i dtaca le déine GCT agus cothromaíocht chomhlíontachta a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus IV, faoi seach.

(34)

Ní mór cur chuige cuimsitheach a bheith ann maidir leis na hastaíochtaí GCT is ábhartha (CO2, CH4 agus N2O) chun úsáid foinsí fuinnimh a chur chun cinn a bhfuil lorg iomlán GCT níos ísle acu. Chun acmhainneacht téite domhanda an mheatáin agus ocsaídí nítriúla a léiriú, ba cheart an teorainn a leagtar síos leis an Rialachán seo a shloinneadh i dtéarmaí ‘CO2 coibhéiseach’.

(35)

Le húsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite agus foinse mhalartaigh tiomána, mar shampla an ghaoth agus grianfhuinneamh, laghdaítear go mór an déine GCT maidir le húsáid fhuinneamh foriomlán na loinge. Maidir leis an deacracht na foinsí fuinnimh sin a thomhais agus a chainníochtú go beacht (eadrannacht na húsáide fuinnimh, aistriú díreach chun tiomána, etc.), níor cheart dó sin bac a chur ar a n-aitheantas in úsáid fhuinneamh foriomlán na loinge trí bhíthin meastacháin ar a rannchuidiú le cothromaíocht fuinnimh na loinge.

(36)

Is ábhar imní suntasach ag limistéir chósta agus ag cathracha calafoirt an truailliú aeir arna tháirgeadh ag longa i gcalafoirt (ocsaídí sulfair, ocsaídí nítrigine agus ábhar cáithníneach). Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí sonracha diana a fhorchur chun astaíochtaí a laghdú ó longa ar múráil le taobh cé.

(37)

Maidir leis an oibleagáid atá ar chalafoirt soláthar cumhachta ar tír (OPS) a chur ar fáil, a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1804, ba cheart í a mheaitseáil le hoibleagáid chomhfhreagrach a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le longa chun nascadh le bonneagar OPS agus iad ar múráil le taobh cé, chun éifeachtacht an bhonneagair sin a áirithiú agus an riosca a bhaineann le sócmhainní tréigthe a sheachaint.

(38)

Le húsáid OPS, maolaítear truailliú aeir arna tháirgeadh ag longa agus laghdaítear an méid astaíochtaí GCT arna ghineadh ag an muiriompar. Is éard atá in OPS soláthar cumhachta atá ar fáil do longa, cumhacht atá ag éirí níos glaine, i bhfianaise na sciartha méadaitheacha d’fhuinneamh in-athnuaite agus d’fhoinsí fuinnimh saor ó iontaisí i meascán leictreachais an Aontais. Cé nach gcumhdaítear le Treoir 2014/94/AE ach an fhoráil maidir le pointí nasctha OPS, lean an t-éileamh ar an teicneolaíocht sin agus, dá thoradh sin, imscaradh na teicneolaíochta sin de bheith teoranta riamh. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha sonracha a bhunú chun sainordú a thabhairt do longa coimeádán agus longa paisinéirí OPS a úsáid, ós iad na catagóirí long a tháirgeann an méid is mó astaíochtaí in aghaidh na loinge agus iad ar múráil le taobh cé, de réir na sonraí a bailíodh faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2015/757 in 2018.

(39)

Anuas ar OPS, le teicneolaíochtaí eile d’fhéadfaí a bheith ábalta tairbhí comhshaoil coibhéiseacha a chur ar fáil i gcalafoirt. Nuair a léirítear go bhfuil úsáid teicneolaíochta malartaí coibhéiseach le húsáid OPS, ba cheart an long sin a bheith díolmhaithe ón oibleagáid OPS a úsáid.

(40)

Rinneadh tionscadail agus réitigh éagsúla OPS a thástáil le haghaidh longa ar ancaire, ach níl aon réiteach teicniúil aibí inscálaithe ar fáil faoi láthair. Ar an gcúis sin, ba cheart an oibleagáid chun úsáid a bhaint as OPS a theorannú, i bprionsabal, do longa ar mhúráil le taobh cé. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún athmheasúnú rialta a dhéanamh ar an staid, d’fhonn an oibleagáid sin a leathnú chuig longa ar ancaire, nuair a bheidh na teicneolaíochtaí riachtanacha aibí a ndóthain. Idir an dá linn, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an oibleagáid OPS a úsáid a fhorchur, i gcásanna áirithe, ar longa atá ar ancaire, mar shampla i gcalafoirt atá feistithe leis an teicneolaíocht sin cheana féin nó atá lonnaithe i limistéir inar cheart aon truailliú a sheachaint.

(41)

Ba cheart eisceachtaí ón oibleagáid OPS a úsáid a chur ar fáil freisin ar roinnt cúiseanna oibiachtúla, a dhéanfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cuarda nó aon eintiteas cuí-údaraithe a fhíorú, tar éis dó dul i gcomhairle le heintitis ábhartha i gcás inarb iomchuí. Ba cheart na heisceachtaí sin a theorannú do stadanna neamhsceidealta i gcalafoirt, nach ndéantar ar bhonn córasach, ar chúiseanna sábháilteachta nó chun beatha a shábháil ar muir, do ghearrfhanachtaí long ar múráil le taobh cé de níos lú ná dhá uair an chloig toisc gurb é sin an t-am íosta is gá chun nascadh a dhéanamh, do chásanna nach bhfuil OPS ar fáil nó ina bhfuil sé neamh-chomhoiriúnach, le húsáid giniúna fuinnimh ar bord faoi staideanna éigeandála agus do thástálacha cothabhála agus feidhmiúla.

(42)

I gcalafoirt a thagann faoi réir cheanglais Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/1804, i gcás nach bhfuil OPS ar fáil nó ina bhfuil sé neamh-chomhoiriúnach, ba cheart eisceachtaí a bheith teoranta go dtí go mbeadh dóthain ama ag longúinéirí agus oibreoirí calafoirt na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh, chun na dreasachtaí is gá a chur ar fáil le haghaidh na n-infheistíochtaí sin agus chun iomaíochas éagórach a sheachaint. Ba cheart d’oibreoirí loinge a gcuairteanna ar chalafoirt a phleanáil go cúramach chun a áirithiú go mbeidh siad in ann a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh agus iad ar múráil le taobh cé gan truailleáin aeir ná GCT a astú chun an comhshaol i limistéir chósta agus i gcathracha calafoirt a chosaint. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le líon teoranta eisceachtaí is infheidhme i gcás nach bhfuil OPS ar fáil nó ina bhfuil sé neamh-chomhoiriúnach chun freastal ar chásanna nár soláthraíodh OPS, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag oibreoir na loinge orthu. Chun an riosca a bhaineann le sócmhainní tréigthe a mhaolú, mar aon le neamh-chomhoiriúnacht bhonneagar OPS ar bord agus i mbeart agus éileamh ar bhreoslaí malartacha agus míchothromaíochtaí soláthair, ba cheart cruinnithe comhairliúcháin rialta idir geallsealbhóirí ábhartha a eagrú chun ceanglais agus pleananna a bheidh ann amach anseo a phlé agus cinntí a dhéanamh ina leith.

(43)

Leis an gceanglas ar chalafoirt OPS a sholáthar, a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1804, cuirtear san áireamh na cineálacha long a bhfreastalaítear orthu agus na méideanna tráchta faoi seach de chalafoirt mhuirí. Maidir leis an gceanglas i dtaca le longa a nascadh le OPS, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le longa agus iad ag dul isteach i gcalafoirt nach gcumhdaítear leis an gceanglas OPS a leagtar amach sa Rialachán sin, seachas má tá OPS suiteáilte ag an gcalafort agus má tá sé ar fáil ag an gcé a bhfuil cuairt á tabhairt air, agus sa chás sin, ba cheart ceangal a chur ar an long nascadh le OPS ón 1 Eanáir 2035.

(44)

I bhfianaise na n-éifeachtaí dearfacha ar thruailliú aeir áitiúil a bhaineann le húsáid OPS agus an gá le húsáid na teicneolaíochta sin a dhreasú sa ghearrthéarma, ba cheart déine charbóin tháirgeadh an leictreachais arna soláthar ag beart a áireamh ag nialas. Ba cheart don Choimisiún a bheartú go bhféadfaí na hastaíochtaí GCT iarbhír a bhaineann leis an leictreachas a sheachadtar trí OPS a chur san áireamh ag céim níos déanaí.

(45)

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na samhlacha rialachais éagsúla do chalafoirt ar fud an Aontais, go háirithe maidir leis an bhfreagracht as deimhniú a eisiúint lena ndíolmhaítear long ón oibleagáid nascadh le OPS.

(46)

Tá comhordú idir calafoirt agus oibreoirí long ríthábhachtach chun nósanna imeachta nasctha réidhe le OPS i gcalafoirt a áirithiú. Ba cheart d’oibreoirí long na calafoirt ar a bhfuil siad ag tabhairt cuairt a chur ar an eolas faoin rún atá acu nascadh le OPS agus méid na cumhachta is gá le linn na cuairte ar leith, go háirithe nuair is mó é ná na riachtanais a mheastar a bheith ann don chatagóir loinge sin.

(47)

Ó 2035 ar aghaidh, ba cheart líon na n-eisceachtaí a dheonaítear faoin Rialachán seo ón oibleagáid nascadh le OPS, a bhfuil feidhm acu maidir le cásanna áirithe nach féidir leis an long nascadh le OPS, a theorannú in aghaidh na loinge le linn tréimhse tuairiscithe. Chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le longa agus chun na difríochtaí idir a bpróifílí oibriúcháin a léiriú, ba cheart a léiriú le líon na n-eisceachtaí minicíocht chuairteanna na long ar chalafoirt ach níor cheart níos mó ná deich gcuairt ar chalafort a bheith i gceist riamh in aghaidh na tréimhse tuairiscithe. Mar sin féin, níor cheart pionós a ghearradh ar long agus níor cheart cuairteanna ar chalafort a chomhaireamh i gcoinne uaslíon na n-eisceachtaí i gcás inar iarr an long, roimh theacht isteach i gcalafort, nascadh le OPS agus inar ghlac an calafort nó an t-eintiteas cuí-údaraithe leis an iarraidh sin, ach nach bhfuil an long in ann nascadh le OPS, agus ina bhfuil sí in ann a léiriú nach bhféadfadh sí a bheith ar an eolas go réasúnta nach mbeadh sí in ann nascadh le OPS.

(48)

Leis an Rialachán seo, ba cheart córas láidir trédhearcach faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh a fhorálacha a rianú. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras sin ar bhonn neamh-idirdhealaitheach maidir le gach long agus ba cheart gá a bheith le fíorúchán tríú páirtí chun cruinneas na sonraí a chuirtear isteach sa chóras sin a áirithiú. Chun gur fusa cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú, ba cheart aon sonraí a tuairiscíodh cheana chun críoch Rialachán (AE) 2015/757 a úsáid, i gcás inar gá, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a dheimhniú chun an t-ualach riaracháin a fhorchuirtear ar chuideachtaí, ar fhíoraitheoirí agus ar údaráis inniúla a theorannú.

(49)

Ba cheart do chuideachtaí a bheith freagrach as faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an méid fuinnimh agus ar an gcineál fuinnimh arna úsáid ag long ar bord agus iad i mbun loingseoireachta agus i mbeart, chomh maith le faisnéis ábhartha eile, mar shampla, faisnéis faoin gcineál innill atá ar bord nó faoi theicneolaíochtaí tiomána gaothchuidithe a bheith ann, d’fhonn comhlíontacht a léiriú leis an teorainn le déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun gur fusa do na fíoraitheoirí na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe sin a chomhlíonadh agus na gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh, cosúil lena dhéantar le Rialachán (AE) 2015/757, ba cheart do chuideachtaí an modh faireacháin atá beartaithe a dhoiciméadú agus tuilleadh sonraí a chur ar fáil faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i bplean faireacháin. Ba cheart an plean faireacháin, chomh maith le haon mhodhnú air ina dhiaidh sin, más infheidhme, a chur faoi bhráid an fhíoraitheora agus ba cheart don fhíoraitheoir meastóireacht a dhéanamh air.

(50)

Chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin, ba cheart córas uathúil faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a bhunú i gcomhair cuideachtaí, chun gníomhartha dlí an Aontais maidir le laghdú astaíochtaí GCT ón muiriompar a chur chun feidhme. Chun na críche sin, go gairid tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht an Rialacháin seo le Rialachán (AE) 2015/757 a scrúdú mar aon le haon dúbailt a d’fhéadfadh a bheith eatarthu agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a ullmhú chun an Rialachán seo nó Rialachán (AE) 2015/757 a leasú.

(51)

Tá deimhniúchán láidir breoslaí agus faireachán láidir ar bhreoslaí fíor-riachtanach chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus chun sláine comhshaoil na mbreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a ráthú, breoslaí a meastar go ndéanfar iad a imscaradh san earnáil mhuirí. Ba cheart tabhairt faoin deimhniúchán sin trí bhíthin próiseas trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. D’fhonn deimhniúchán a éascú agus an t-ualach riaracháin a theorannú, ba cheart do dheimhniú breoslaí a shainítear i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 nó, i gcás inarb infheidhme, le forálacha ábhartha gnímh dlí de chuid an Aontais maidir leis na margaí inmheánacha i ngás in-athnuaite agus nádúrtha agus in hidrigin, a bheith ag brath ar na rialacha arna mbunú leis na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais maidir le deimhniúchán. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcur chuige deimhniúcháin sin maidir le breoslaí a stóráiltear lasmuigh den Aontas freisin, ar cheart iad a mheas mar bhreoslaí allmhairithe, ar an gcaoi chéanna a ndéantar sin le Treoir (AE) 2018/2001. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag cuideachtaí imeacht ó na luachanna réamhshocraithe dá bhforáiltear leis na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais nó leis an gcreat nua sin, níor cheart sin a dhéanamh ach amháin nuair is féidir na luachanna a dheimhniú le ceann de na scéimeanna deonacha a aithnítear faoi Threoir (AE) 2018/2001 nó, i gcás inarb infheidhme, faoi ghníomh dlí de chuid an Aontais a bhaineann leis na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus nádúrtha agus in hidrigin, agus lena mbunaítear tairseacha áirithe maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT chomh maith leis na modheolaíochtaí chun iad a ríomh (i gcás luachanna tobair-go-humar).

(52)

Ba cheart an deis imthosca astaíochta iarbhír umar-go-marbhshruth a ríomh, ar fachtóirí iad a imíonn ó na fachtóirí sin a shainítear in Iarscríbhinn II, a chur ar fáil do chuideachtaí, ar choinníoll go gcinnfear an ríomh sin i gcomhréir le caighdeáin aitheanta idirnáisiúnta atá ábhartha don ábhar agus go dtacaíonn na caighdeáin sin leo. Ba cheart an ríomh sin ar fhachtóirí astaíochta umar-go-marbhshruth a leathnú go príomha chun tástáil saotharlainne a dhéanamh nó chun astaíochtaí a thomhas go díreach i gcás astaíochtaí gan chuntas ó thiontairí fuinnimh, lena n-áirítear innill dócháin inmheánaigh, cealla breosla agus aonaid ghaolmhara athchóirithe, gástuirbíní nó coirí. Ós rud é go mbaineann fachtóirí astaíochta iarbhír CO2 umar-go-marbhshruth le comhdhéanamh an bhreosla seachas leis an tiontaire fuinnimh, níor cheart iad a bheith éagsúil leis na luachanna réamhshocraithe atá in Iarscríbhinn II. Níor cheart na fachtóirí astaíochta umar-go-marbhshruth sin a athríomh, go háirithe i gcás breoslaí sintéiseacha nó bithbhreoslaí, ach amháin i gcás ina bhforbraítear aon chaighdeán idirnáisiúnta ábhartha chuige sin. Níor cheart go bhféadfaí imeacht ó na luachanna réamhshocraithe a chuirtear i láthair le haghaidh na bhfachtóirí astaíochta dócháin CO2 i gcás breoslaí iontaise.

(53)

Is iad fíoraitheoirí a dhéanann gníomhaíochtaí fíorúcháin. Chun neamhchlaontacht agus éifeachtacht a áirithiú, ba cheart na fíoraitheoirí a bheith ina n-eintitis dlí inniúla neamhspleácha agus ba cheart iad a bheith creidiúnaithe ag comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Ba cheart na hacmhainní agus an fhoireann atá i gcomhréir le méid an chabhlaigh a ndéanann siad gníomhaíochtaí fíorúcháin ina leith faoin Rialachán seo a bheith ag fíoraitheoirí. Le fíorú, ba cheart cruinneas agus iomláine an fhaireacháin agus an tuairiscithe arna ndéanamh ag cuideachtaí agus comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

(54)

Agus úsáid á baint as na sonraí agus as an bhfaisnéis a ndéanann cuideachtaí faireachán orthu agus a thuairiscíonn siad, ba cheart do na fíoraitheoirí meándéine bhliantúil GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord agus iarmhéid comhlíontachta na loinge maidir leis an teorainn a ríomh agus a bhunú, lena n-áirítear aon bharrachas nó easnamh comhlíontachta, chomh maith lena chinneadh cé acu ar chloígh nó nár chloígh an long leis an oibleagáid maidir le OPS a úsáid. Ba cheart don fhíoraitheoir fógra a thabhairt don chuideachta lena mbaineann faoin bhfaisnéis sin. I gcás inarb é an fíoraitheoir an t-eintiteas céanna leis an bhfíoraitheoir chun críocha Rialachán (AE) 2015/757, d’fhéadfaí an fógra sin a thabhairt i dteannta leis an tuarascáil fíorúcháin faoin Rialachán sin.

(55)

Ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí leictreonach a bhunú agus feidhmiú an bhunachair sonraí sin a áirithiú, bunachar sonraí ina gclárófaí feidhmíocht gach loinge agus lena n-áiritheofaí comhlíontacht gach loinge leis an Rialachán seo (‘bunachar sonraí FuelEU’). Ba cheart bunachar sonraí FuelEU a úsáid i gcás na ngníomhaíochtaí is tábhachtaí uile is gá chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Chun tuairisciú a éascú agus chun an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí, ar fhíoraitheoirí agus ar úsáideoirí eile a theorannú, le bunachar sonraí FuelEU ba cheart tógáil ar mhodúl THETIS-MRV atá ann faoi láthair nó, a mhéid agus is féidir, ba cheart an bunachar sonraí a fhorbairt mar leagan nuashonraithe de. Le bunachar sonraí FuelEU, ba cheart go mbeifí in ann an fhaisnéis agus na sonraí arna mbailiú chun críocha Rialachán (AE) 2015/757 a úsáid.

(56)

Braithfidh comhlíonadh an Rialacháin seo ar ghnéithe a bhféadfadh sé nach mbeadh smacht ag an gcuideachta orthu, mar shampla, saincheisteanna a bhaineann le hinfhaighteacht an bhreosla nó le cáilíocht an bhreosla. Dá bhrí sin, ba cheart solúbthacht a thabhairt do chuideachtaí barrachas comhlíontachta a thar-rolladh ó bhliain go bliain nó barrachas comhlíontachta a fháil ar réamhiasacht, laistigh de theorainneacha áirithe, ón mbliain dár gcionn. Maidir le húsáid OPS i mbeart, rud a bhfuil tábhacht mhór ag baint leis maidir leis an gcáilíocht aeir áitiúil i gcathracha calafoirt agus i limistéir chósta, níor cheart an úsáid sin a bheith incháilithe le haghaidh forálacha solúbthachta comhchosúla.

(57)

Chun gaibhniú teicneolaíochta a sheachaint agus chun leanúint de thacú leis na réitigh is feidhmiúla a chur in úsáid, ba cheart cead a bheith ag cuideachtaí feidhmíochtaí long éagsúil a chomhthiomsú. Chuige sin, ba cheart go bhféadfaí ró-fheidhmíocht loinge amháin a úsáid chun tearcfheidhmíocht long eile a chúiteamh, ar choinníoll go bhfuil an chomhlíontacht chomhthiomsaithe iomlán dearfach. Leis sin, cruthaítear féidearthacht maidir le cúiteamh a dhéanamh ar an ró-chomhlíontacht agus dreasaítear an infheistíocht i dteicneolaíochtaí ardfhorbartha. An fhéidearthacht maidir le comhlíontacht chomhthiomsaithe a roghnú, ba cheart di leanúint de bheith deonach agus ba cheart di a bheith faoi réir comhaontú ag na cuideachtaí lena mbaineann.

(58)

Maidir le doiciméad comhlíontachta (‘doiciméad comhlíontachta FuelEU’) a eisíonn fíoraitheoir, nó i gcás inarb iomchuí, údarás inniúil an Stáit riaracháin, de réir na nósanna imeachta a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart sin a bheith á choimeád ag longa mar fhianaise gur comhlíonadh na teorainneacha maidir le déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord agus gur comhlíonadh an oibleagáid maidir le OPS a úsáid. Ba cheart d’fhíoraitheoirí, nó i gcás inarb iomchuí, d’údarás inniúil an Stáit riaracháin, taifead a dhéanamh i mbunachar sonraí FuelEU d’eisiúint dhoiciméad comhlíontachta FuelEU.

(59)

Ba cheart d’fhíoraitheoirí líon na gcuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafoirt a chinneadh i gcomhréir le sraith critéar atá soiléir agus oibiachtúil, agus an fhaisnéis ábhartha uile á cur san áireamh, lena n-áirítear fad an fhanachta, méid agus cineál an fhuinnimh a ídítear, agus cur i bhfeidhm aon eisceachta, le haghaidh gach aon chuairt ar chalafort a thagann faoi réim feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart do na cuideachtaí an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’fhíoraitheoirí chun comhlíontacht a chinneadh.

(60)

Gan dochar don fhéidearthacht maidir le comhlíonadh tríd na forálacha solúbthachta agus comhthiomsaithe, longa nach gcomhlíonann na teorainneacha maidir le meándéine bhliantúil GCT an fhuinnimh arna úsáid ar bord, ba cheart iad a bheith faoi réir pionóis a mbeidh tionchar athchomhairleach aige, atá comhréireach le méid na neamhchomhlíontachta agus a chuirfidh deireadh le haon bhuntáiste eacnamaíoch mar thoradh ar neamhchomhlíonadh, agus cothrom iomaíochta san earnáil á chaomhnú dá réir (‘pionós FuelEU’). Ba cheart pionós FuelEU a bheith bunaithe ar an méid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin ba cheart do na longa a úsáid chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus ar chostas an bhreosla sin.

(61)

Ba cheart pionós FuelEU a fhorchur freisin ar gach cuairt neamhchomhlíontach ar chalafort. Ba cheart an pionós sin faoi FuelEU a bheith comhréireach leis an gcostas a bhaineann leis an leictreachas a úsáid ar leibhéal leordhóthanach, ba cheart tionchar athchomhairleach a bheith aige a mhéid a bhaineann le húsáid foinsí fuinnimh ar mó an truailliú uathu agus ba cheart dó a bheith léirithe mar EUR, arna iolrú faoi éileamh iomlán na loinge atá i mbeart ar chumhacht leictreach agus faoi líon iomlán uaireanta an chloig, slánaithe suas go dtí slán-uair an chloig is gaire, a chaitear i mbeart i agus gan ceanglais OPS a bheith á gcomhlíonadh. I ngeall ar easpa figiúirí cruinne maidir leis an gcostas ar OPS a sholáthar san Aontas, ba cheart an ráta seo a bheith bunaithe ar mheánphraghas leictreachais an Aontais le haghaidh tomhaltóirí nach teaghlaigh iad, arna iolrú faoi fhachtóir a dó, chun muirir eile a bhaineann le soláthar na seirbhíse a chur san áireamh, lena n-áirítear, inter alia, costais nasctha agus gnéithe téarnaimh infheistíochta.

(62)

Ba cheart an t-ioncam a ghinfear le híocaíocht na bpionós faoi FuelEU agus a bhaileoidh na Stáit riaracháin a úsáid chun dáileadh agus úsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a chur chun cinn san earnáil iompair mhuirí, agus chun cuidiú le hoibreoirí iompair mhuirí a spriocanna aeráide agus comhshaoil a bhaint amach.

(63)

Cé gur cheart don chuideachta a bheith freagrach fós as oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, agus as na pionóis faoi FuelEU a íoc, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é ‘údar an truaillithe a íocfaidh as’ agus chun glacadh breoslaí níos glaine a chur chun cinn, d’fhéadfadh an t-eintiteas atá freagrach as an mbreosla a cheannach nó as cinntí oibríochtúla a dhéanamh a dhéanann difear do dhéine GCT an fhuinnimh a úsáidtear ar an long, trí chomhaontuithe conarthacha leis an gcuideachta úd, i gcás easnamh comhlíontachta, a bheith faoi oibleagáid an chuideachta a aisíoc nó a chúiteamh ar shlí eile i ndáil le costas na bpionós faoi FuelEU a thiocfaidh as oibriú na loinge. Ba cheart an chuideachta sin a bheith in ann, ar bhonn conarthach, a iarraidh ar an bhfíoraitheoir méid na bpionós faoi FuelEU a chomhfhreagraíonn d’oibriú na loinge ag an eintiteas eile le linn na tréimhse tuairiscithe a ríomh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go dtuigfí gurb ionann oibriú na loinge agus an lastas atá á iompar, bealach agus luas na loinge a chinneadh. Ar an gcaoi chéanna, cé gur cheart go leanfadh an chuideachta de bheith freagrach as oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, chomh maith le pionóis FuelEU a íoc, ba cheart do chuideachtaí agus do sholáthraithe breosla a bheith in ann, trí bhíthin comhaontuithe conarthacha, teacht ar chomhaontú maidir le gealltanais fhrithpháirteacha chun cainníochtaí réamhchinntithe breoslaí áirithe a tháirgeadh, a sholáthar agus a cheannach. Le comhaontuithe conarthacha den sórt sin, d’fhéadfaí foráil a dhéanamh maidir le dliteanas soláthróirí breosla cúiteamh a thabhairt don chuideachta as pionóis a íoc i gcásanna nár cuireadh breoslaí ar fáil don chuideachta mar a comhaontaíodh.

(64)

Ba cheart forfheidhmiú na n-oibleagáidí a bhaineann leis an Rialachán seo a bheith bunaithe ar ionstraimí atá ann cheana, lena n-áirítear iad sin arna mbunú faoi Threoracha 2009/16/CE (18) agus 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Ba cheart na smachtbhannaí dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Chun pionós míchuí nó dúbailte a sheachaint i leith na sáruithe céanna, níor cheart do na smachtbhannaí sin dúbailt a dhéanamh ar phionóis FuelEU a chuirtear i bhfeidhm i gcás ina bhfuil easnamh comhlíontachta ag long nó i gcás ina ndearna an long cuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafort. Ba cheart an doiciméad lena ndeimhnítear comhlíonadh na loinge le ceanglais an Rialacháin seo a chur le liosta na ndeimhnithe agus na ndoiciméad dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2009/16/CE.

(65)

Chun ualach riaracháin na gcuideachtaí a laghdú, ba cheart Ballstát amháin in aghaidh na cuideachta loingseoireachta a bheith freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an Rialacháin seo. Ba cheart forálacha ábhartha Threoir 2003/87/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) a chur i bhfeidhm chun an Stát riaracháin a chinneadh i ndáil le gach cuideachta. Ba cheart cead a bheith ag an Stát riaracháin seiceálacha breise a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann long ar leith an Rialachán seo, don dá thréimhse tuairiscithe roimhe sin agus ba cheart don Stát riarachán a áirithiú freisin go ndéantar pionóis FuelEU a íoc in am trátha.

(66)

I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta atá glactha ag na fíoraitheoirí faoin Rialachán seo ar na cuideachtaí lena mbaineann, go háirithe maidir le cuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafoirt a chinneadh, méid phionós FuelEU a ríomh agus eisiúint dhoiciméad comhlíontachta FuelEU a dhiúltú, ba cheart do na cuideachtaí sin a bheith i dteideal iarratas ar athbhreithniú ar na bearta sin a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit inar creidiúnaíodh an fíoraitheoir. I bhfianaise an chirt chun leighis éifeachtaigh, a chumhdaítear in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba cheart cinntí a ghlacann údaráis inniúla faoin Rialachán seo a bheith faoi réir athbhreithniúcháin ag cúirt i mBallstát an údaráis inniúil sin, arna dhéanamh i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

(67)

Chun a áirithiú go gcoinneofar cothrom iomaíochta trí fheidhmiú éifeachtúil an Rialacháin seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an méid seo a leanas: an liosta fachtóirí astaíochta tobar-go-marbhshruth a leasú; faisnéis faoin bhfosprioc RFNBO; an tábla atá ann cheana a leagtar amach in Iarscríbhinn III a leasú trí theicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha eile a chur leis; modhanna agus critéir bhreise maidir le creidiúnú fíoraitheoirí a bhunú; fachtóir pionóis FuelEU a oiriúnú bunaithe ar fhorbairtí i gcostas an fhuinnimh; agus leasú a dhéanamh ar fhachtóir uimhriúil an phionóis faoi FuelEU, bunaithe ar innéacsú mheánchostas an leictreachais san Aontas. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (21). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(68)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). Ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh go bhféadfaí faisnéis agus sonraí arna mbailiú chun críocha Rialachán (AE) 2015/757 a athúsáid nuair a bhunaíonn sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta na gcalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta atá eisiata ón sainmhíniú ar chalafoirt chuarda; na critéir chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht táirgeachta agus infhaighteacht RFNBO san earnáil muiriompair agus an modh chun fachtóir na difríochta praghais idir RFNBO agus breoslaí iontaise a ríomh; sonrú na rialacha maidir le cur i bhfeidhm na fosprice RFNBO, más infheidhme; na critéir mhionsonraithe maidir le glacadh leis na teicneolaíochtaí agus an chaoi a n-oibrítear iad chun a mheas gur teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha iad; an fhaisnéis ó longa a bhfuil sé beartaithe acu nascadh le OPS nó teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha a úsáid i gcalafoirt agus an nós imeachta chun an fhaisnéis sin a sholáthar; na teimpléid le haghaidh pleananna faireacháin caighdeánaithe, lena n-áirítear na rialacha teicniúla maidir lena gcur i bhfeidhm aonfhoirmeach; liosta na gcaighdeán idirnáisiúnta agus na dtagairtí deimhniúcháin chun fachtóirí astaíochta iarbhír umar-go-marbhshruth a léiriú; sonraíochtaí breise na rialacha maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear sa Rialachán seo; rialacha maidir le cearta rochtana ar bhunachar sonraí FuelEU agus sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla an bhunachair sonraí sin; agus samhlacha do dhoiciméad comhlíontachta FuelEU.

(69)

I bhfianaise ghné idirnáisiúnta na hearnála muiriompair, is fearr cur chuige domhanda chun déine GCT an fhuinnimh arna úsáidtear ag longa a theorannú ós rud é go mbeadh an cur chuige sin i bhfad níos éifeachtaí de bharr raon feidhme níos leithne a bheith ag gabháil leis. Sa chomhthéacs sin, agus d’fhonn forbairt rialacha idirnáisiúnta a éascú laistigh de IMO, ba cheart don Choimisiún faisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a roinnt le IMO agus le comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha eile, agus ba cheart aighneachtaí ábhartha a chur faoi bhráid IMO, ag leanúint d’iarrachtaí an Aontais spriocanna uaillmhianacha maidir le dícharbónú muirí a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta. I gcás ina dtagtar ar chomhaontú ar chur chuige domhanda maidir le hábhair atá ábhartha maidir leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo d’fhonn é a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na rialacha idirnáisiúnta.

(70)

Ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme agus infhaighteacht uirlisí a áirithiú le haghaidh comhoibriú agus malartú dea-chleachtas don earnáil muiriompair, mar a shainmhínítear sa doiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún dar teideal ‘Treoirlínte i dtaca le Rialáil Níos Fearr’ iad.

(71)

Ós rud é go mbeidh costais bhreise coigeartaithe agus costais bhreise riaracháin mar thoradh ar an Rialachán seo, ba cheart athbhreithniú grinn a dhéanamh ar an ualach rialála foriomlán a bheidh ar an earnáil muiriompair. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta ar fheidhmiú an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh sa tuarascáil sin ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí an Rialacháin seo agus a mhéid a bhí tionchar aige ar iomaíochas na hearnála. Ba cheart don tuarascáil sin idirghníomhú an Rialacháin seo le gníomhartha dlí ábhartha eile de chuid an Aontais a chumhdach freisin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí agus bearta féideartha a rinneadh nó a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an brú costais iomlán ar an earnáil muiriompair a laghdú.

(72)

Ós rud é nach féidir le Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh a bheith á nglacadh ar fud an Aontais ag longa a thagann isteach i gcalafoirt, atá laistigh de chalafoirt nó a imíonn ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, a ghnóthú go leordhóthanach gan an riosca a ghlacadh go dtabharfaí isteach bacainní ar an margadh inmheánach agus saobhadh iomaíochta idir calafoirt agus oibreoirí muiriompair, agus, de bharr a scála agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú trí rialacha aonfhoirmeacha a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais lena gcruthófar dreasachtaí eacnamaíocha d’oibreoirí muirí chun leanúint de bheith ag oibriú gan bhac agus, san am céanna, oibleagáidí maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a chomhlíonadh, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóir

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha lena bhforchuirtear na nithe seo a leanas:

(a)

teorainn le déine gás ceaptha teasa (GCT) an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a thagann isteach chuig calafoirt faoi dhlínse Ballstáit, a fhanann iontu nó a imíonn uathu; agus

(b)

oibleagáid maidir le soláthar cumhachta ar tír (OPS) nó teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha a úsáid i gcalafoirt faoi dhlínse Ballstáit.

Is é is cuspóir dó agus an méid sin á dhéanamh leis méadú a dhéanamh ar úsáid chomhsheasmhach breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh in iompar muirí ar fud an Aontais, i gcomhréir leis an gcuspóir aeráidneodracht ar fud an Aontais a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus oibriú rianúil an iompair mhuirí a áirithiú, cinnteacht rialála a chruthú maidir le glacadh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus teicneolaíochtaí inbhuanaithe agus saobhadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na longa ar fad a bhfuil olltonnáiste os cionn 5 000 acu a mbíonn sé de chuspóir acu paisinéirí nó lastas a iompar chun críocha tráchtála, beag beann ar a mbratach, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an fuinneamh arna úsáid le linn a bhfanachta laistigh de chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit;

(b)

an fuinneamh ar fad arna úsáid ar mhuiraistir ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit chuig calafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit;

(c)

d’ainneoin phointe (b), leath den fhuinneamh arna úsáid i gcás muiraistear a thagann isteach i gcalafort cuarda atá suite i réigiún is forimeallaí faoi dhlínse Ballstáit nó a imíonn ó chalafort cuarda atá suite i réigiún is forimeallaí faoi dhlínse Ballstáit; agus

(d)

leath an fhuinnimh arna úsáid ar mhuiraistir a thagann isteach i gcalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit nó a imíonn ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit, i gcás ina bhfuil an calafort cuarda deiridh nó an chéad chalafort cuarda eile faoi dhlínse tríú tír.

2.   Faoin 31 Nollaig 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear liosta de chalafoirt trasloingsithe coimeádán comharsanachta. Tabharfaidh an Coimisiún an liosta sin cothrom le dáta faoin 31 Nollaig gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.

Liostófar leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír calafort mar chalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta i gcás inar mó sciar trasloingsithe na gcoimeádán, arna thomhas in aonaid is coibhéiseach le 20 troigh, ná 65 % de thrácht iomlán coimeádán an chalafoirt sin le linn na tréimhse 12 mhí is déanaí dá bhfuil sonraí ábhartha ar fáil, agus i gcás ina bhfuil an calafort sin lonnaithe lasmuigh den Aontas ach níos lú ná 300 muirmhíle ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit.

Chun críoch na ngníomhartha cur chun feidhme sin, measfar gur trasloingsíodh coimeádáin nuair a dhíluchtófar iad ó long go dtí an calafort d’aon toisc chun iad a luchtú ar long eile.

Ní áireofar ar liosta na gcalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta arna bhunú ag an gCoimisiún calafoirt atá lonnaithe i dtríú tír a gcuireann an tríú tír sin bearta atá coibhéiseach leis an Rialachán seo i bhfeidhm go héifeachtach ina leith.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

3.   Féadfaidh na Ballstáit bealaí sonracha agus calafoirt shonracha a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1, pointí (a) agus (b) maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear ar mhuiraistir a dhéanann longa paisinéirí seachas longa cúrsála paisinéirí idir calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit, agus calafort cuarda atá faoi dhlínse an Bhallstáit chéanna agus atá lonnaithe in oileán ina bhfuil níos lú ná 200 000 buanchónaitheoir, agus maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear le linn a bhfanachta laistigh de chalafort cuarda an oileáin sin. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí mar sin tar éis an 31 Nollaig 2029. Sula dtiocfaidh na díolúintí sin i bhfeidhm, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu. Foilseoidh an Coimisiún na díolúintí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   Féadfaidh na Ballstáit bealaí sonracha agus calafoirt shonracha a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1, pointí (a) agus (c) maidir leis an bhfuinneamh arna úsáid ag longa ar mhuiraistir idir calafort cuarda atá suite i réigiún is forimeallaí, agus calafort cuarda eile atá suite i réigiún is forimeallaí, agus maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear le linn a bhfanachta laistigh de na calafoirt chuarda sna réigiúin is forimeallaí sin. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí mar sin tar éis an 31 Nollaig 2029. Sula dtiocfaidh na díolúintí sin i bhfeidhm, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu. Foilseoidh an Coimisiún na díolúintí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   Féadfaidh Ballstáit nach bhfuil teorainn talún acu le haon Bhallstát eile longa paisinéirí a dhéanann muiraistir thrasnáisiúnta faoi oibleagáidí seirbhíse poiblí nó faoi chonarthaí seirbhíse poiblí a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1 maidir le calafoirt cuarda Ballstát eile. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí den sórt sin tar éis an 31 Nollaig 2029. Sula dtiocfaidh na díolúintí sin i bhfeidhm, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu. Foilseoidh an Coimisiún na díolúintí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

6.   Féadfaidh na Ballstáit longa paisinéirí a sholáthraíonn seirbhísí muiriompair de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1 faoi oibleagáidí seirbhíse poiblí nó faoi chonarthaí seirbhíse poiblí, a bheidh á n-oibriú roimh an 12 Deireadh Fómhair 2023, le haghaidh na mbealaí sonracha idir a gcalafoirt chuarda mhórthíre agus na calafoirt chuarda atá faoina ndlínse agus atá lonnaithe in oileán nó i gcathracha Ceuta agus Melilla. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí mar sin tar éis an 31 Nollaig 2029. Sula dtiocfaidh na díolúintí sin i bhfeidhm, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu. Foilseoidh an Coimisiún na díolúintí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Chun críocha chur i bhfeidhm na míre seo, measfar gur calafoirt chuarda ar oileán iad cathracha Ceuta agus Melilla.

7.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa cogaidh, cúntaigh chabhlaigh, longa gabhála éisc ná longa próiseála éisc, longa adhmaid de thógáil bhunúsach, longa nach dtiomáintear le fearas meicniúil, ná longa atá faoi úinéireacht nó atá á n-oibriú ag rialtas agus a úsáidtear chun críocha neamhthráchtála amháin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa’ nó ‘astaíochtaí GCT’ dé-ocsaíd charbóin (CO2), meatán (CH4) agus ocsaíd nítriúil (N2O) a scaoiltear isteach san atmaisféar;

(2)

ciallaíonn ‘bithbhreoslaí’ bithbhreoslaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (33), de Threoir (AE) 2018/2001;

(3)

ciallaíonn ‘bithghás’ bithghás mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (28), de Threoir (AE) 2018/2001;

(4)

ciallaíonn ‘breoslaí carbóin athchúrsáilte’ breoslaí carbóin athchúrsáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (35), de Threoir (AE) 2018/2001;

(5)

ciallaíonn ‘breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’ (RFNBO) breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (36), de Threoir (AE) 2018/2001;

(6)

ciallaíonn ‘barra bia agus beatha’ barra bia agus beatha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (40), de Threoir (AE) 2018/2001;

(7)

ciallaíonn ‘teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha’ teicneolaíocht, nach scaoileann na gáis ceaptha teasa agus na truailleáin aeir seo a leanas isteach san atmaisféar nuair a úsáidtear í chun fuinneamh a sholáthar: dé-ocsaíd charbóin (CO2), meatán (CH4), ocsaíd nítriúil (N2O), ocsaídí sulfair (SOx), ocsaídí nítrigine (NOx) agus ábhar cáithníneach (PM);

(8)

ciallaíonn ‘foinsí ionadacha fuinnimh’ fuinneamh in-athnuaite a ghintear ar bord nó leictreachas a sholáthraítear ó OPS;

(9)

ciallaíonn ‘tiomáint ghaothchuidithe’ tiomáint loinge, bíodh sí páirteach nó iomlán, le fuinneamh gaoithe a bhaintear trí chórais tiomána cúnaimh ghaoithe, mar shampla, inter alia, seolta rótair, eiteoga, seolta crua nó dochta, seolta boga, sciatháin shúcháin nó tuirbíní;

(10)

ciallaíonn ‘calafort cuarda’ calafort ina stopann longa chun lastas a luchtú nó a dhíluchtú nó chun paisinéirí a thabhairt ar bord nó a chur i dtír seachas stadanna chun críocha athbhreoslú a dhéanamh, soláthairtí a fháil, faoiseamh a thabhairt don chriú, dul isteach i nduga tirim nó deisiú a dhéanamh ar an long, ar a trealamh nó orthu araon, agus chun na gcríoch sin amháin; stadanna i gcalafort toisc cabhair a bheith ag teastáil ón long nó toisc í a bheith i nguais; aistrithe ó long go long a dhéantar lasmuigh de chalafoirt; stadanna chun críche foscadh a ghlacadh ó dhrochaimsir nó a bhfuil gá leo de bharr gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus chun na críche sin amháin; agus stadanna long coimeádán i gcalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 2(2);

(11)

ciallaíonn ‘muiraistear’ muiraistear mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (c), de Rialachán (AE) 2015/757;

(12)

ciallaíonn ‘réigiún is forimeallaí’ críoch dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE;

(13)

ciallaíonn ‘cuideachta’ úinéir na loinge nó aon eagraíocht nó duine eile amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a ghlac an fhreagracht chuige ón úinéir an long a oibriú, agus a ghlac chuige na dualgais agus na freagrachtaí uile arna bhforchur leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta

(14)

ciallaíonn ‘olltonnáiste’ (GT) olltonnáiste mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (e), de Rialachán (AE) 2015/757;

(15)

ciallaíonn ‘long atá i mbeart’ long atá i mbeart mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (n), de Rialachán (AE) 2015/757;

(16)

ciallaíonn ‘long ar ancaire’ long atá i mbeart nach bhfuil ar múráil le taobh cé;

(17)

ciallaíonn ‘fuinneamh arna úsáid ar bord’ an méid fuinnimh arna shloinneadh ina mheigigiúil (MJ) a úsáideann long chun tiomáint nó chun aon trealamh ar bord a oibriú, ar muir nó i mbeart;

(18)

ciallaíonn ‘tobar-go-marbhshruth’ modh chun astaíochtaí a ríomh lena gcuirtear san áireamh an tionchar GCT a bhaineann le fuinneamh a tháirgeadh, a iompar, a dháileadh agus a úsáid ar bord, lena n-áirítear le linn dócháin;

(19)

ciallaíonn ‘déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ar bord’ an méid astaíochtaí GCT, arna shloinneadh ina ghraim de choibhéis CO2 a bhunaítear ar bhonn tobar-go-marbhshruth, in aghaidh MJ d’fhuinneamh arna úsáid ar bord;

(20)

ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta’ an meánráta astaíochta GCT i gcoibhneas leis na sonraí gníomhaíochta maidir le sreabhadh foinse, lena nglactar le hocsaídiú iomlán i gcás dócháin agus tiontú iomlán i gcás na n-imoibrithe ceimiceacha eile uile;

(21)

ciallaíonn ‘aicme oighir’ an nodaireacht a shannann údaráis inniúla náisiúnta an stáit brataí nó eagraíocht arna haithint ag an stát sin don long, lena léirítear gur dearadh an long sin le haghaidh loingseoireachta faoi dhálaí muiroighir;

(22)

ciallaíonn ‘imeall oighir’ críochú ag tráth ar bith idir an fharraige oscailte agus oighear farraige de chineál ar bith, bíodh sé seasta nó le sruth, mar a leagtar amach i mír 4.4.8 d’Ainmníocht Mhuiroighir na hEagraíochta Domhanda Meitéareolaíochta, mí an Mhárta 2014;

(23)

ciallaíonn ‘ag seoladh faoi dhálaí oighir’ long atá aicmithe mar long oighir a sheoladh i limistéar farraige laistigh den imeall oighir;

(24)

ciallaíonn ‘soláthar cumhachta ar tír’ (OPS) an córas chun leictreachas a sholáthar do longa i mbeart, ar leictreachas ardvoltais nó ísealvóltais é le sruth ailtéarnach nó díreach, lena n-áirítear suiteálacha ar thaobh na loinge agus ar thaobh na cé nuair atáthar ag cothú phríomh-lasc-chlár dáileacháin na loinge go díreach chun an tréimhse ar bord nó ualaí oibre seirbhíse a chumhachtú nó chun ceallraí in-athluchtaithe a luchtú;

(25)

ciallaíonn ‘éileamh ar chumhacht leictreach i mbeart’ an t-éileamh ar leictreachas ó long atá i mbeart chun freastal ar na riachtanais fuinnimh uile bunaithe ar leictreachas ar bord;

(26)

ciallaíonn ‘éileamh iomlán na loinge atá i mbeart ar chumhacht leictreach’ an luach is airde, arna shloinneadh i gcileavatanna, den éileamh iomlán ar leictreachas ó long atá i mbeart, lena n-áirítear ualaí oibre óstáin agus láimhseála lastais;

(27)

ciallaíonn ‘fíoraitheoir’ eintiteas dlítheanach a dhéanann gníomhaíochtaí fíorúcháin agus atá creidiúnaithe ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus de bhun an Rialacháin seo;

(28)

ciallaíonn ‘doiciméad comhlíontachta FuelEU’ doiciméad is sonrach do long, a eisíonn fíoraitheoir do chuideachta, ar doiciméad é lena ndearbhaítear gur chomhlíon an long sin an Rialachán seo le haghaidh tréimhse shonrach tuairiscithe;

(29)

ciallaíonn ‘long paisinéirí’ long paisinéirí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (i), de Threoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);

(30)

ciallaíonn ‘long chúrsála paisinéirí’ long paisinéirí nach bhfuil deic lastais uirthi, agus atá deartha go heisiach chun paisinéirí a iompar ar bhonn tráchtála i gcóiríocht thar oíche le linn muiraistir;

(31)

ciallaíonn ‘long coimeádán’ long a dheartar chun coimeádáin a iompar sa bholg nó ar deic, agus chuige sin amháin;

(32)

ciallaíonn ‘cuairt neamhchomhlíontach ar chalafort’ cuairt ar chalafort nach gcomhlíonann an long an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 6(1) lena linn, agus nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6(5) ina leith;

(33)

ciallaíonn ‘an chonair is lú fabhar’ an chonair táirgeachta is déine ó thaobh carbóin de a úsáidtear le haghaidh aon bhreosla ar leith;

(34)

ciallaíonn ‘coibhéis CO2’ an tomhas méadrach a úsáidtear chun astaíochtaí ó CO2, CH4 agus N2O a ríomh ar bhonn a n-acmhainneachta téite domhanda, trí mhéideanna CH4 agus N2O a choinbhéartú go dtí an méid coibhéise CO2 ag a bhfuil an acmhainneacht téite domhanda chéanna;

(35)

ciallaíonn ‘iarmhéid comhlíontachta’ an tomhas ar ró-chomhlíontacht nó ar thearc-chomhlíontacht loinge maidir leis na teorainneacha le meándéine bhliantúil GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord nó fosprioc RFNBO, tomhas a ríomhtar i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn IV;

(36)

ciallaíonn ‘barrachas comhlíontachta’ iarmhéid comhlíontachta a bhfuil luach dearfach leis;

(37)

ciallaíonn ‘easnamh comhlíontachta’ iarmhéid comhlíontachta a bhfuil luach diúltach leis;

(38)

ciallaíonn ‘iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe’ suim iarmhéideanna comhlíontachta na long uile a áirítear sa chomhthiomsú;

(39)

ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta an chalafoirt’ comhlacht bainistíochta an chalafoirt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2017/352;

(40)

ciallaíonn ‘Stát riaracháin’ Ballstát arna chinneadh trí Airteagal 3gf(1) de Threoir 2003/87/CE a chur i bhfeidhm i ndáil le cuideachta de réir bhrí an Rialacháin seo, gan dochar do rogha na n-údarás inniúil atá i gceannas laistigh den Bhallstát ábhartha;

(41)

ciallaíonn ‘tréimhse tuairiscithe’ tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig den bhliain ina ndéantar faireachán agus taifeadadh ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa Rialachán seo, i gcás ina gcuirtear san áireamh sonraí maidir le muiraistir a thosaíonn agus a chríochnaíonn in 2 bhliain féilire éagsúla faoin mbliain féilire lena mbaineann;

(42)

ciallaíonn ‘tréimhse fíorúcháin’ an bhliain féilire díreach tar éis na tréimhse tuairiscithe.

Caibidil II

Ceanglais maidir le fuinneamh arna úsáid ag longa ar bord

Airteagal 4

Teorainn maidir le déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord

1.   Ní bheidh meándéine bhliantúil GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord le linn tréimhse tuairiscithe níos mó ná an teorainn a leagtar amach i mír 2.

2.   Ríomhfar an teorainn dá dtagraítear i mír 1 trí luach tagartha 91,16 gram de choibhéis CO2 in aghaidh MJ a laghdú faoi na céatadáin seo a leanas:

2 % ón 1 Eanáir 2025;

6 % ón 1 Eanáir 2030;

14,5 % ón 1 Eanáir 2035;

31 % ón 1 Eanáir 2040;

62 % ón 1 Eanáir 2045;

80 % ón 1 Eanáir 2050.

3.   Ríomhfar déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord mar an méid astaíochtaí GCT in aghaidh an aonaid fuinnimh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun Iarscríbhinn II a leasú chun fachtóirí astaíochta tobar-go-marbhshruth a bhaineann le haon fhoinse nua fuinnimh a chur ar áireamh nó chun fachtóirí astaíochta atá ann cheana a oiriúnú chun comhsheasmhacht a áirithiú le caighdeáin idirnáisiúnta a bheidh ann amach anseo nó le gníomhartha dlí an Aontais i réimse an fhuinnimh, i gcomhréir leis an eolas eolaíoch agus teicniúil is fearr atá ar fáil.

Airteagal 5

Úsáid Breoslaí In-athnuaite de Thionscnamh Neamhbhitheolaíoch

1.   Chun déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a ríomh, ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2033, is féidir iolraitheoir ‘2’ a úsáid chun luach saothair a thabhairt don long as RFNBO a úsáid. Tá an mhodheolaíocht don ríomh sin leagtha amach in Iarscríbhinn I.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán, ríomh agus foilsiú ar bhonn bliantúil, ar bhonn na sonraí arna dtaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU dá dtagraítear in Airteagal 19 agus 18 mí ar a dhéanaí tar éis dheireadh gach tréimhse tuairiscithe, ar sciar an RFNBO san fhuinneamh bliantúil arna úsáid ag long ar bord a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

3.   Más lú ná 1 % an sciar RFNBO dá dtagraítear i mír 2 don tréimhse tuairiscithe 2031, beidh feidhm ag fosprioc 2 % maidir leis na breoslaí sin san fhuinneamh bliantúil arna úsáid ag long ar bord ón 1 Eanáir 2034, faoi réir mhír 5.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 3 i gcás ina léireoidh torthaí an fhaireacháin dá bhforáiltear i mír 2 agus atá ar fáil roimh an 1 Eanáir 2033 go bhfuil an sciar dá dtagraítear i mír 2 níos mó ná 2 %.

5.   Más rud é, bunaithe ar na gníomhaíochtaí faireacháin dá dtagraítear i mír 2 agus tar éis mheasúnú an Choimisiúin, go bhfuil fianaise ann go bhfuil acmhainneacht táirgeachta neamhleor ann agus nach bhfuil RFNBO ar fáil don earnáil mhuirí, dáileadh geografach míchothrom nó praghas ró-ard na mbreoslaí sin, ní bheidh feidhm ag an bhfosprioc dá bhforáiltear i mír 3.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na critéir don mheasúnú dá bhforáiltear i mír 5 agus an modh chun fachtóir na difríochta i bpraghsanna idir RFNBO agus breoslaí iontaise a úsáidtear i gcill 14 den tábla i gCuid B d’Iarscríbhinn IV a ríomh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

mír 5 den Airteagal seo a fhorlíonadh le heilimintí breise;

(b)

faisnéis a thabhairt faoi neamh-infheidhmeacht na fo-sprice dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, a eascraíonn as an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó as an measúnú dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

8.   I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfosprioc dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2033, gníomhartha cur chun feidhme chun na rialacha maidir le cur i bhfeidhm mhír 3 den Airteagal seo a shonrú a thuilleadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

fíorú agus ríomh dá dtagraítear in Airteagal 16;

(b)

na sásraí solúbthachta is infheidhme a leagtar amach in Airteagail 20 agus 21;

(c)

pionóis FuelEU is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 23 agus in Iarscríbhinn IV.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

9.   Ní bheidh feidhm ag an bhfosprioc dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, más infheidhme, maidir le long a léiríonn go mbaintear amach an sciar céanna den fhuinneamh bliantúil arna úsáid ar bord le breoslaí eile lena soláthraítear coigiltis choibhéiseacha astaíochtaí GCT agus atá deimhnithe de bhun Airteagal 10 den Rialachán seo, cé is moite de bhithbhreoslaí dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.

10.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an sciar den fhuinneamh bliantúil arna úsáid ag long ar bord ó OPS.

Airteagal 6

Ceanglais astaíochtaí nialasacha bhreise an fhuinnimh a úsáidtear i mbeart

1.   Ón 1 Eanáir 2030, long a mhúráiltear cois cé i gcalafort cuarda a chumhdaítear le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/1804, agus atá faoi dhlínse Ballstáit, nascfaidh sí le OPS agus úsáidfidh sí é le haghaidh iomlán a héilimh ar chumhacht leictreach i mbeart.

2.   Ón 1 Eanáir 2035, long a mhúráiltear cois cé i gcalafort cuarda nach gcumhdaítear le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/1804, atá faoi dhlínse Ballstáit agus i gcás ina bhfuil an ché feistithe le OPS atá ar fáil, nascfaidh sí leis an OPS sin agus úsáidfidh sí í le haghaidh iomlán a héilimh ar chumhacht leictreach i mbeart.

3.   Ón 1 Eanáir 2030 agus go dtí an 31 Nollaig 2034, agus tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhlacht bainistíochta an chalafoirt, féadfaidh Ballstát a chinneadh go nascfaidh long atá feistithe cois cé i gcalafort cuarda faoina dhlínse nach gcumhdaítear le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/1804, nó i gcodanna áirithe den chalafort sin, go nascfaidh sí le OPS agus go n-úsáidfidh sí í le haghaidh iomlán a héilimh ar chumhacht leictreach i mbeart. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoin gcinneadh uaidh maidir leis an gceanglas sin a fhorchur bliain sula gcuirfear i bhfeidhm é. Ní mór feidhm a bheith ag cinneadh den sórt sin ó thús tréimhse tuairiscithe. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh sé liosta nuashonraithe de na calafoirt lena mbaineann ar fáil go poiblí. Beidh rochtain éasca ar an liosta sin.

4.   Beidh feidhm ag míreanna 1, 2, agus 3 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

longa coimeádán;

(b)

longa paisinéirí.

5.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 ná 3 maidir leis na longa seo a leanas:

(a)

longa atá ar múráil le cé ar feadh níos lú ná 2 uair an chloig, tréimhse a ríomhtar ar bhonn am an teacht isteach agus am na himeachta a ndéantar faireachán agus taifeadadh orthu i gcomhréir le hAirteagal 15;

(b)

longa a bhaineann úsáid as teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha a chomhlíonann na ceanglais ghinearálta do na teicneolaíochtaí sin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III agus a liostaítear agus a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le míreanna 6 agus 7 den Airteagal seo, le haghaidh iomlán a n-éilimh ar chumhacht leictreach i mbeart, agus iad ar múráil ag an gcé;

(c)

mar gheall ar imthosca gan choinne nach bhfuil neart ag an long orthu, longa nach mór dóibh cuaird neamhsceidealta a dhéanamh ar chalafort, nach ndéantar ar bhonn córasach, ar chúiseanna sábháilteachta nó chun beatha a shábháil ar muir, seachas iad siúd atá eisiata cheana faoi Airteagal 3, pointe (10);

(d)

longa nach féidir leo nascadh le OPS toisc nach bhfuil pointí nasctha OPS i gcalafort ann;

(e)

longa nach bhfuil in ann ceangal le OPS toisc, go heisceachtúil, má bhíonn cobhsaíocht na greille leictreachais i mbaol toisc nach leor a bhfuil ar fáil de chumhacht ar tír chun éileamh na loinge ar chumhacht leictreach i mbeart a shásamh;

(f)

longa nach bhfuil in ann ceangal le OPS toisc nach bhfuil an tsuiteáil ar an gcósta ag an gcalafort comhoiriúnach leis an trealamh cumhachta ar tír atá ar bord, ar choinníoll go ndéantar an tsuiteáil le haghaidh nasc le tír mór ar bord na loinge a dheimhniú i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1804 maidir le córais nascachta cladaigh long farraige;

(g)

longa a bhfuil féinghiniúint fuinnimh ar bord ag teastáil uathu, ar feadh tréimhse theoranta ama, i gcásanna práinne ina bhfuil baol láithreach don bheatha, don long nó don chomhshaol nó ar chúiseanna eile force majeure;

(h)

cé go bhfuil siad nasctha fós le OPS, ar feadh tréimhse ama atá teoranta a mhéid a bhfuil gá léi, longa nach mór dóibh giniúint fuinnimh ar bord a úsáid le haghaidh tástálacha cothabhála, nó le haghaidh tástálacha feidhmiúla a dhéantar arna iarraidh sin d’oifigeach údaráis inniúil nó d’ionadaí eagraíochta aitheanta a thugann faoi shuirbhé nó cigireacht.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an tábla neamh-uileghabhálach a leagtar amach in Iarscríbhinn III a leasú trí theicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha eile a chur leis, de réir bhrí Airteagal 3, pointe (7).

7.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na critéir mhionsonraithe inghlacthachta a bhunú, lena n-áirítear teorainneacha córais agus ceanglais deimhniúcháin a shainiú, ar critéir iad a mheasfar a bheith ag comhlíonadh na gceanglas ginearálta maidir le teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear na nuashonruithe a dhéanfar uirthi amach anseo.

Maidir le liosta na dteicneolaíochtaí atá ann cheana dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III, glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin faoin 30 Meitheamh 2024, i gcás inarb infheidhme. I gcás aon teicneolaíochtaí nua, glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin, i gcás ina mbeidh teicneolaíochtaí eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn III ar fáil, gan moill mhíchuí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

8.   Cuirfidh longa in iúl roimh ré d’údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cuarda nó d’aon eintiteas cuí-údaraithe roimh dhul isteach i gcalafoirt go bhfuil rún acu nascadh le OPS nó go bhfuil rún acu teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha a úsáid agus mír 5, pointe (b) á chur i bhfeidhm. Na longa a bhfuil sé ar intinn acu nascadh le OPS, cuirfidh siad in iúl freisin an méid cumhachta a bhfuil siad ag súil leis le linn na cuarda sin ar chalafort.

Ar an bhfaisnéis a fháil ó long maidir leis an nasc le OPS dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, dearbhóidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cuarda nó aon eintitis chuí-údaraithe don long an bhfuil nasc le OPS ar fáil.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an fhaisnéis atá le soláthar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus an dara fomhír, chomh maith leis an nós imeachta chun an fhaisnéis sin a sholáthar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

9.   Déanfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cuarda nó aon eintiteas cuí-údaraithe, tar éis dul i gcomhairle le comhlacht bainistíochta an chalafoirt i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis seo a leanas a chinneadh agus a thaifeadadh gan mhoill i mbunachar sonraí FuelEU:

(a)

eisceacht a leagtar amach i mír 5 a chur i bhfeidhm;

(b)

neamhchomhlíonadh loinge leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 i gcás nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí a leagtar amach i mír 5.

10.   Ón 1 Eanáir 2035, i gcalafoirt a thagann faoi cheanglais Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/1804, ní fhéadfar na heisceachtaí dá bhforáiltear i mír 5, pointí (d), (e) agus (f) a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le líon uasta cuairteanna ar chalafort arb ionann é agus 10 % de líon iomlán cuairteanna ar chalafort loinge a tharla le linn tréimhse tuairiscithe, arna slánú suas go dtí an tslánuimhir is gaire, i gcás inarb ábhartha, nó go dtí uasmhéid de 10 gcuairt ar chalafoirt le linn na tréimhse tuairiscithe ábhartha, cibé acu is ísle.

Ní áireofar cuairt ar chalafort chun críoch comhlíontachta leis an bhforáil seo i gcás ina léiríonn an chuideachta, ar bhonn an mhalartaithe faisnéise dá bhforáiltear i mír 8, nárbh fhéidir léi a fhios a bheith aici go réasúnach nach mbeadh an long in ann nascadh le OPS ar aon cheann de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 5, pointí (d), (e) nó (f).

11.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh, i gcalafort nó i gcodanna áirithe de chalafort atá faoina dhlínse, go bhfuil longa coimeádán nó longa paisinéirí atá ar ancaire cumhdaithe ag na hoibleagáidí céanna a leagtar amach sa Rialachán seo agus is infheidhme maidir le longa atá ar múráil le cé. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoin gcinneadh uaidh maidir leis an gceanglas sin a fhorchur bliain sula gcuirfear i bhfeidhm é. Ní mór feidhm a bheith ag cinneadh den sórt sin ó thús tréimhse tuairiscithe. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh sé liosta nuashonraithe de na calafoirt lena mbaineann ar fáil go poiblí. Beidh rochtain éasca ar an liosta sin.

Caibidil III

Comhprhionsabail agus deimhniú

Airteagal 7

Comhphrionsabail le haghaidh faireacháin agus tuairisciú

1.   I gcomhréir le hAirteagail 8, 9 agus 10, déanfaidh cuideachtaí faireachán agus tuairisciú ar na sonraí ábhartha, le haghaidh gach loinge dá gcuid, le linn tréimhse tuairiscithe. Déanfaidh siad an faireachán agus an tuairisciú sin laistigh de na calafoirt uile atá faoi dhlínse Ballstáit agus le haghaidh aon mhuiraistir dá dtagraítear in Airteagal 2(1).

2.   Beidh an faireachán agus an tuairisciú iomlán agus cumhdófar leo an fuinneamh arna úsáid aon tráth ag longa ar bord, le linn dóibh a bheith ar muir nó i mbeart. Cuirfidh cuideachtaí bearta iomchuí i bhfeidhm chun aon bhearna sna sonraí a sheachaint laistigh den tréimhse tuairiscithe.

3.   Beidh an faireachán agus an tuairisciú comhsheasmhach agus inchomparáide thar am. Chuige sin, úsáidfidh cuideachtaí na modheolaíochtaí faireacháin céanna agus na tacair sonraí chéanna faoi réir modhnuithe arna measúnú ag an bhfíoraitheoir. Áiritheoidh na cuideachtaí go ndéanfar sláine na sonraí a mbeidh faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu a dhearbhú go réasúnach.

4.   Gheobhaidh cuideachtaí na sonraí agus na doiciméid faireacháin uile, lena n-áirítear toimhdí, tagairtí, fachtóirí astaíochta, nótaí seachadta umair breosla arna gcomhlánú i gcomhréir le hIarscríbhinn I agus le sonraí gníomhaíochta, agus déanfaidh siad anailís orthu agus stórálfaidh siad iad ar feadh 5 bliana ar a laghad, chomh maith le haon fhaisnéis eile is gá chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú, ar bhealach trédhearcach agus cruinn, i bhfoirm páipéir nó leictreonach, ionas go mbeidh an fíoraitheoir in ann déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a chinneadh.

5.   Agus faireachán agus tuairisciú á ndéanamh ar ghníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagail 8, 9, 10 agus 15 den Rialachán seo, úsáidfear faisnéis agus sonraí arna mbailiú chun críoch Rialachán (AE) 2015/757 i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 8

Plean Faireacháin

1.   Faoin 31 Lúnasa 2024, cuirfidh cuideachtaí plean faireacháin faoi bhráid na bhfíoraitheoirí le haghaidh gach loinge dá gcuid, plean ina léireofar an modh a roghnaítear as measc na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an méid fuinnimh, an cineál fuinnimh agus fachtóir astaíochta an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord agus aon fhaisnéis ábhartha eile.

2.   I gcás longa a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo den chéad uair i ndiaidh an 31 Lúnasa 2024, cuirfidh cuideachtaí plean faireacháin faoi bhráid an fhíoraitheora gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 2 mhí i ndiaidh céad chuairt gach loinge ar chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit.

3.   Is éard a bheidh sa phlean faireacháin doiciméadú iomlán trédhearcach agus beidh na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, san áireamh ann:

(a)

céannacht agus cineál na loinge, lena n-áirítear a hainm, a huimhir aitheantais IMO (Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta), a calafort cláraithe nó a calafort baile, agus ainm úinéir na loinge;

(b)

ainm na cuideachta agus seoladh, uimhir theileafóin agus sonraí ríomhphoist duine teagmhála;

(c)

tuairisc ar na córais tiontaithe fuinnimh a suiteáladh ar bord agus an toilleadh cumhachta lena mbaineann arna shloinneadh ina mheigeavatanna (MW);

(d)

maidir le longa dá dtagraítear in Airteagal 6(4), pointe (b), tuairisc ar chaighdeáin agus ar shaintréithe an trealaimh chun nascadh le OPS, nó le teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha, a cheadú;

(e)

luach éileamh iomlán na loinge atá i mbeart ar chumhacht leictreach, mar a fhoráiltear ina comhardú ualaigh leictrigh nó ina staidéar maidir le hualach leictreach a úsáidtear chun comhlíonadh Rialacháin 40 agus 41 de Chaibidil II-1 de an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS) a léiriú, mar atá faofa ag a Brat-Riarachán nó ag eagraíocht aitheanta mar atá sainmhínithe i gCód IMO um Eagraíochtaí Aitheanta arna ghlacadh le Rúin MEPC.237(65) agus MSC.349(92). I gcás nach mbíonn an long in ann an tagairt sin a sholáthar, meastar an luach sin mar 25 % d’uasrátálacha leanúnacha phríomhinnill na loinge – mar a shonraítear ina ndeimhniú EIAPP arna sheachadadh i gcur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (MARPOL) nó, mura gceanglaítear go gcaithfidh deimhniú EIAPP a bheith ag na hinnill, ar ainmchlár na n-inneall;

(f)

tuairisc ar na foinsí fuinnimh a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid ar bord agus an long i mbun loingseoireachta agus í i mbeart chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 4 agus 6 a chomhlíonadh;

(g)

tuairisc ar na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar thomhaltas breosla na loinge chomh maith leis an bhfuinneamh a sholáthraítear le foinsí ionadacha fuinnimh nó teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha;

(h)

tuairisc ar na nósanna imeachta maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar fhachtóirí astaíochtaí tobar-go-humar agus umar-go-marbhshruth a bheidh le húsáid ar bord, i gcomhréir leis na modhanna a shonraítear in Airteagal 10 agus in Iarscríbhinní I agus II;

(i)

tuairisc ar na nósanna imeachta arna n-úsáid chun faireachán a dhéanamh ar iomláine an liosta muiraistear;

(j)

tuairisc ar na nósanna imeachta arna n-úsáid chun sonraí gníomhaíochta in aghaidh an mhuiraistir a chinneadh, lena n-áirítear na nósanna imeachta, na freagrachtaí, na foirmlí agus na foinsí sonraí chun an méid ama a chaitear ar muir idir an calafort imeachta agus an calafort teachta isteach agus an t-am a chaitear i mbeart a chinneadh agus a thaifeadadh;

(k)

tuairisc ar na nósanna imeachta, na córais agus na freagrachtaí arna n-úsáid chun aon sonra sa phlean faireacháin a nuashonrú le linn na tréimhse tuairiscithe;

(l)

tuairisc ar an modh atá le húsáid chun sonraí ionadacha a chinneadh ar féidir é a úsáid chun bearnaí sna sonraí a líonadh nó chun earráidí sonraí a shainaithint agus a cheartú;

(m)

bileog taifid athbhreithnithe chun mionsonraí uile stair an athbhreithnithe a thaifeadadh;

(n)

I gcás ina n-iarrann an chuideachta an fuinneamh breise arna úsáid mar gheall ar aicme oighir na loinge a eisiamh ó ríomh an iarmhéid comhlíontachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, faisnéis faoi aicme oighir na loinge;

(o)

i gcás ina n-iarrann an chuideachta an fuinneamh breise arna úsáid mar gheall ar sheoladh faoi dhálaí oighir a eisiamh ó ríomh an iarmhéid comhlíontachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, faisnéis maidir le haicme oighir na loinge agus tuairisc ar nós imeachta infhíoraithe chun faireachán a dhéanamh ar an bhfad a taistealaíodh le haghaidh an mhuiraistir iomláin chomh maith leis an achar a taistealaíodh agus é ag seoltóireacht faoi dhálaí oighir, an dáta, an t-am agus an suíomh ar dhul isteach agus ar fhágáil na coinníollacha oighir agus an tomhaltas breosla agus é ag seoladh faoi dhálaí oighir;

(p)

i gcás long a bhfuil tiomáint ghaothchuidithe aici, tuairisc ar an trealamh tiomána gaoithe suiteáilte ar bord agus luachanna PWIND agus PPROP mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I.

4.   Bainfidh cuideachtaí úsáid as pleananna faireacháin caighdeánaithe bunaithe ar theimpléid. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena gcinnfear na teimpléid sin, lena n-áirítear na rialacha teicniúla lena gcur i bhfeidhm aonfhoirmeach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

Airteagal 9

Modhnuithe ar an bplean faireacháin

1.   Seiceálfaidh cuideachtaí go rialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, cé acu a léirítear cineál agus feidhmiú na loinge le plean faireacháin na loinge nó nach léirítear agus cé acu is féidir an mhodheolaíocht faireacháin a fheabhsú, a cheartú nó a nuashonrú.

2.   Déanfaidh cuideachtaí an plean faireacháin a mhodhnú gan moill mhíchuí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

athrú ar chuideachta;

(b)

tá córais nua tiontaithe fuinnimh, cineálacha nua fuinnimh, córais nua chun nascadh le OPS, nó foinsí ionadacha fuinnimh nua nó teicneolaíochtaí nua astaíochtaí nialasacha in úsáid;

(c)

féadfaidh athrú ar infhaighteacht sonraí, mar gheall ar chineálacha nua trealaimh tomhais, modhanna nua samplála nó modhanna nua anailíse a úsáid, nó ar chúiseanna eile, difear a dhéanamh do chruinneas na sonraí a bhailítear;

(d)

chinn cuideachtaí, fíoraitheoirí nó údaráis inniúla go bhfuil na sonraí a eascraíonn as an modh faireacháin a cuireadh i bhfeidhm mícheart;

(e)

go mbeidh fíoraitheoirí tar éis aon chuid den phlean faireacháin a shainaithint mar chuid nach bhfuil i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo agus ceanglóidh an fíoraitheoir ar an gcuideachta é a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11(1);

(f)

tá sé aimsithe ag cuideachtaí, fíoraitheoirí nó údaráis inniúla nach leor na modhanna chun bearnaí sonraí a chosc agus earráidí sonraí a shainaithint chun cruinneas, iomláine agus trédhearcacht sonraí a áirithiú.

3.   Tabharfaidh na cuideachtaí fógra do na fíoraitheoirí gan aon mhoill mhíchuí maidir le haon togra le haghaidh modhnú ar an plean faireacháin.

Airteagal 10

Deimhniú breoslaí agus fachtóirí astaíochta

1.   I gcás ina bhfuil bithbhreoslaí, bithghás, RFNBO agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/2001, le cur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

bithbhreoslaí agus bithghás nach gcomhlíonann na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT a leagtar amach in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 nó a tháirgtear ó bharra bia agus beatha, measfar go bhfuil na fachtóirí astaíochta céanna acu agus atá ag an gconair breosla iontaise is lú fabhar le haghaidh an chineáil sin breosla;

(b)

RFNBO agus breoslaí carbóin athchúrsáilte nach gcomhlíonann na tairseacha maidir le laghduithe ar astaíochtaí GCT a leagtar amach in Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2018/2001, measfar go bhfuil na fachtóirí astaíochta céanna acu agus atá ag an gconair breosla iontaise is lú fabhar le haghaidh an chineáil sin breoslaí.

2.   Measfar go bhfuil na fachtóirí astaíochta céanna ag breoslaí nach gcumhdaítear i mír 1 agus atá ag an gconair is lú fabhar do bhreosla iontaise don chineál breosla atá i gceist, ach amháin má deimhníodh iad i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais maidir leis na margaí inmheánacha i ngás in-athnuaite agus nádúrtha agus i hidrigin, lena mbunaítear tairseach maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT agus modheolaíocht ghaolmhar chun astaíochtaí GCT ó tháirgeadh na mbreoslaí sin a ríomh.

3.   Ar bhonn na nótaí seachadta umair breosla arna gcomhlánú i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, soláthróidh cuideachtaí sonraí cruinne, iomlána agus iontaofa maidir le déine astaíochtaí GCT agus saintréithe inbhuanaitheachta breoslaí atá le cur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo a bheidh deimhnithe faoi scéim arna haithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 30(5) agus (6) de Threoir (AE) 2018/2001 nó, i gcás inarb infheidhme, forálacha ábhartha ghníomhartha dlí an Aontais maidir leis na margaí inmheánacha i ngás in-athnuaite agus nádúrtha agus sa hidrigin.

4.   Ní imeoidh cuideachtaí ó luachanna réamhshocraithe na bhfachtóirí astaíochtaí tobar go marbhshruth a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le breoslaí iontaise. Gan dochar do mhír 1, beidh cuideachtaí i dteideal imeacht ó luachanna réamhshocraithe na bhfachtóirí astaíochtaí tobar go marbhshruth a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo ar choinníoll go ndéantar na luachanna iarbhír a dheimhniú faoi scéim a aithníonn an Coimisiún. Déanfar an deimhniú sin le haghaidh bithbhreoslaí, bithgháis, RFNBO agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, i gcomhréir le hAirteagal 30(5) agus (6) de Threoir (AE) 2018/2001 nó, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha ábhartha ghníomhartha dlí an Aontais a bhaineann leis na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus nádúrtha agus i hidrigin.

5.   Beidh cuideachtaí i dteideal imeacht ó luachanna réamhshocraithe na bhfachtóirí astaíochtaí umar-go-marbhshruth a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cé is moite d’fhachtóirí astaíochtaí CO2 umar-go-marbhshruth le haghaidh breoslaí iontaise, ar choinníoll go ndéantar luachanna iarbhír a dheimhniú trí thástáil saotharlainne nó tomhais ar astaíochtaí díreacha.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme d’fhonn a shonrú cé na caighdeáin idirnáisiúnta agus na tagairtí deimhniúcháin a nglactar leo chun fachtóirí astaíochtaí iarbhír umar-go-marbhshruth a léiriú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

Caibidil IV

Fíorú agus creidiúnú

Airteagal 11

An plean faireacháin agus an plean faireacháin modhnaithe a mheasúnú

1.   I gcás gach loinge agus i gcás ina n-athraítear an fíoraitheoir, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chomhréireacht an phlean faireacháin leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 7, 8 agus 9. I gcás ina sainaithnítear i measúnú an fhíoraitheora neamh-chomhréireachtaí leis na ceanglais sin, déanfaidh an chuideachta lena mbaineann, gan aon mhoill mhíchuí, athbhreithniú ar a plean faireacháin dá réir agus cuirfidh sí an plean athbhreithnithe faoi bhráid an fhíoraitheora le haghaidh measúnú deiridh sula dtosóidh an tréimhse tuairiscithe. Tiocfaidh an chuideachta lena mbaineann ar chomhaontú leis an bhfíoraitheoir maidir leis an tréimhse atá riachtanach chun na hathbhreithnithe sin a thabhairt isteach. Ní shínfear an tréimhse sin thar thús na tréimhse tuairiscithe i gcás ar bith.

2.   Beidh modhnuithe ar an bplean faireacháin faoi Airteagal 9(2), pointí (b), (c) agus (d), faoi réir measúnú arna dhéanamh ag an bhfíoraitheoir. Tar éis an mheasúnaithe sin, cuirfidh an fíoraitheoir in iúl don chuideachta lena mbaineann cibé atá na modhnuithe sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 7, 8 agus 9.

3.   A luaithe a bheidh measúnú sásúil déanta ar an bplean faireacháin agus ar an bplean faireacháin modhnaithe, déanfaidh an fíoraitheoir iad a thaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU. Beidh rochtain ar an bplean faireacháin agus ar an bplean faireacháin modhnaithe ag an Stát riaracháin.

Airteagal 12

Oibleagáidí ginearálta agus prionsabail ghinearálta do na fíoraitheoirí

1.   Beidh an fíoraitheoir neamhspleách ar an gcuideachta nó ar an oibreoir loinge agus cuirfidh sé na gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoin Rialachán seo i gcrích chun leas an phobail. Chun na críche sin agus chun coinbhleachtaí leasa féideartha a sheachaint, ní cuideachta, oibreoir loinge ná úinéir cuideachta a bheidh san fhíoraitheoir ná in aon chuid d’eintiteas dlíthiúil ar cuid de é. Ina theannta sin, ní bheidh an fíoraitheoir faoi úinéireacht cuideachta, oibreora loinge ná úinéra cuideachta ná ní bheidh caidreamh aige le cuideachta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhspleáchas agus dá neamhchlaontacht.

2.   Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar iontaofacht, inchreidteacht, cruinneas, agus iomláine na sonraí agus na faisnéise a bhaineann leis an méid fuinnimh, an cineál fuinnimh agus fachtóir astaíochta an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord, go háirithe na nithe seo a leanas:

(a)

tomhaltas breosla agus úsáid foinsí ionadacha fuinnimh a chur i leith muiraistear agus le beart;

(b)

na sonraí tuairiscithe maidir le tomhaltas breosla agus na tomhais agus na ríomhanna gaolmhara;

(c)

rogha agus cur i bhfeidhm fachtóirí astaíochta;

(d)

úsáid OPS nó cur i bhfeidhm aon cheann de na heisceachtaí arna dtaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU i gcomhréir le hAirteagal 6(9), pointe (a);

(e)

na sonraí nach mór a thabhairt faoi Airteagal 10(3).

3.   Bunófar an measúnú dá dtagraítear i mír 2 ar na breithnithe seo a leanas:

(a)

cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí tuairiscithe comhleanúnach i ndáil leis na sonraí measta atá bunaithe ar shonraí rianaithe long agus saintréithe long mar shampla, cumhacht an innill shuiteáilte;

(b)

cé acu atá nó nach bhfuil aon neamhréireacht sna sonraí tuairiscithe, go háirithe nuair a bhíonn toirt iomlán an bhreosla a cheannaíonn gach long go bliantúil á cur i gcomparáid leis an tomhaltas comhiomlán breosla le linn muiraistear;

(c)

ar bailíodh na sonraí i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme; agus

(d)

cé acu atá nó nach bhfuil taifid ábhartha na loinge iomlán agus comhsheasmhach.

Airteagal 13

Nósanna imeachta fíorúcháin

1.   Sainaithneoidh an fíoraitheoir rioscaí ionchasacha i ndáil leis an bpróiseas faireacháin agus tuairiscithe trí chomparáid a dhéanamh idir méid, cineál agus fachtóir astaíochta tuairiscithe an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord agus sonraí measta bunaithe ar shonraí rianaithe na loinge agus saintréithe na loinge, mar shampla, cumhacht an innill shuiteáilte. I gcás ina n-aimsítear éagsúlachtaí suntasacha, déanfaidh an fíoraitheoir tuilleadh anailísí.

2.   Sainaithneoidh an fíoraitheoir rioscaí ionchasacha a bhaineann leis na céimeanna difriúla ríomha trí athbhreithniú a dhéanamh ar fhoinsí na sonraí agus ar na modheolaíochtaí ar fad arna n-úsáid ag an gcuideachta lena mbaineann.

3.   Cuirfidh an fíoraitheoir san áireamh aon mhodh éifeachtach rialaithe riosca arna chur i bhfeidhm ag an gcuideachta lena mbaineann chun leibhéil neamhchinnteachta a laghdú, ar leibhéil iad a bhaineann leis an gcruinneas is sonrach do na modhanna faireacháin a úsáidtear.

4.   Arna iarraidh sin don fhíoraitheoir, cuirfidh an chuideachta lena mbaineann aon fhaisnéis bhreise ar fáil a chuirfidh ar chumas an fhíoraitheora a ghníomhaíochtaí fíorúcháin a chur i gcrích. I gcás inar gá chun iontaofacht, inchreidteacht, cruinneas agus iomláine na sonraí agus na faisnéise tuairiscithe a chinneadh, déanfaidh an fíoraitheoir seiceálacha le linn an phróisis fíorúcháin. I gcás amhrais, féadfaidh an fíoraitheoir cuairteanna ar an láthair a sheoladh ag áitreabh na cuideachta nó ar bord na loinge. Tabharfaidh an chuideachta rochtain don fhíoraitheoir ar áitreabh na cuideachta nó na loinge chun na gníomhaíochtaí fíorúcháin a éascú.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na rialacha do na gníomhaíochtaí fíoraithe dá dtagraítear sa Rialachán seo a shonrú tuilleadh, maidir leis na gnéithe seo a leanas ar a laghad: inniúlachtaí na bhfíoraitheoirí; doiciméid atá le cur ar fáil ag cuideachtaí do na fíoraitheoirí; comhréireacht an phlean faireacháin agus an plean mhodhnaithe faireacháin a mheasúnú; measúnú riosca, lena n-áirítear seiceálacha, atá le déanamh ag fíoraitheoirí; An tuarascáil FuelEU dá dtagraítear in Airteagal 15(3) a fhíorú; tairseach ábharthachta; sláine réasúnach ó na fíoraitheoirí; míshonruithe agus neamh-chomhréireachtaí; ábhar na tuarascála fíoraithe; moltaí maidir le feabhsúcháin; cuairt ar an láthair; agus cumarsáid idir cuideachtaí, fíoraitheoirí, údaráis inniúla agus an Coimisiún. Beidh na rialacha a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme sin bunaithe ar na prionsabail maidir le fíorúchán dá bhforáiltear in Airteagail 11 agus 12 agus san Airteagal seo agus ar chaighdeáin ábhartha a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

Airteagal 14

Creidiúnú fíoraitheoirí

1.   Creidiúnóidh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe fíoraitheoirí le haghaidh gníomhaíochtaí fíorúcháin a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Faoi dheireadh gach bliana, tabharfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta fógra don Choimisiún faoi liosta na bhfíoraitheoirí creidiúnaithe, mar aon leis na sonraí teagmhála ábhartha go léir.

2.   I gcás nach ndéantar aon fhoráil shonrach maidir le creidiúnú fíoraitheoirí a leagan síos sa Rialachán seo, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

3.   Beidh dóthain acmhainne agus foirne ag fíoraitheoirí i gcónaí chun iad a chumasú chun déileáil le méid an chabhlaigh a ndéanann siad gníomhaíochtaí fíorúcháin ina leith faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh saineolas leordhóthanach i gcónaí ag fíoraitheoirí, go háirithe ar mhuiriompar, chun iad a chumasú na cúraimí a cheanglaítear faoin Rialachán seo a chur i gcrích. Beidh siad in ann acmhainn agus foireann a shannadh do gach áit oibre, nuair is gá sin agus de réir mar is gá sin chun na cúraimí a cheanglaítear faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

4.   Aon údarás inniúil a shainaithníonn neamhchomhréireacht gníomhaíochtaí fíoraitheora faoi raon feidhme an Rialacháin seo, cuirfidh sé údarás inniúil an Bhallstáit ar an eolas maidir leis an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta a rinne creidiúnú ar an bhfíoraitheoir. Iarrfaidh údarás inniúil Bhallstát an chomhlachta creidiúnaithe náisiúnta ar a chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta an fhaisnéis sin a chur san áireamh mar chuid dá ghníomhaíochtaí faireachais.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodhanna agus critéir bhreise a bhunú le haghaidh creidiúnú fíoraitheoirí, maidir leis na gnéithe seo a leanas ar a laghad: iarraidh ar chreidiúnú le haghaidh gníomhaíochtaí laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo; measúnú ar na fíoraitheoirí, arna dhéanamh ag na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta; gníomhaíochtaí faireachais arna ndéanamh ag na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta chun leanúnachas an chreidiúnaithe a dheimhniú; bearta riaracháin atá le glacadh mura gcomhlíonann an fíoraitheoir ceanglais an Rialacháin seo; agus ceanglais ar chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta chun a bheith inniúil chun creidiúnú a sholáthar d’fhíoraitheoirí le haghaidh gníomhaíochtaí fíoraithe laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe. Beidh na modhanna agus na critéir a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar na prionsabail maidir le fíorúchán dá bhforáiltear in Airteagail 11, 12 agus 13 agus ar chaighdeáin ábhartha a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta.

Caibidil V

Comhlíontacht a thaifeadadh, a fhíorú, a thuairisciú agus a mheasúnú

Airteagal 15

Faireachán agus tuairisciú

1.   Ón 1 Eanáir 2025, bunaithe ar an bplean faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 8 agus tar éis don fhíoraitheoir measúnú a dhéanamh ar an bplean sin, déanfaidh cuideachtaí faireachán agus taifeadadh ar an bhfaisnéis seo a leanas, le haghaidh gach loinge a thagann isteach i calafort cuarda nó a imíonn uaidh, agus le haghaidh gach muiraistir dá dtagraítear in Airteagal 2(1):

(a)

an calafort óna n-imítear agus an calafort a dtagtar isteach ann lena n-áirítear dáta agus am na himeachta agus an teachta isteach agus an méid ama a chaitear i mbeart;

(b)

i gcás gach loinge a bhfuil feidhm ag Airteagal 6(1) lena haghaidh, an nascadh leis an OPS agus úsáid OPS nó cur i bhfeidhm aon cheann de na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6(5) mar a dhearbhaítear de bhun Airteagal 6(9), pointe (a), i gcás inarb infheidhme;

(c)

méid gach cineáil breosla a ídítear i mbeart agus ar muir;

(d)

méid an leictreachais arna sheachadadh ar an long trí OPS;

(e)

maidir le gach cineál breosla a ídítear le linn don long a bheith i mbeart agus ar muir, fachtóir astaíochtaí tobar-go-humar, fachtóirí astaíochtaí umar-go-marbhshruth an bhreosla dhóite, agus fachtóirí astaíochtaí umar-go-marbhshruth an bhreosla shleamhnaithe a bhaineann le tomhaltóirí éagsúla an bhreosla atá ar bord, lena gcumhdaítear na gáis cheaptha teasa ábhartha uile;

(f)

méid gach cineáil foinse ionadaí fuinnimh a ídítear i mbeart agus ar muir;

(g)

aicme oighir na loinge, má iarrann an chuideachta an fuinneamh breise arna úsáid mar gheall ar aicme oighir na loinge a eisiamh ó ríomh an iarmhéid comhlíontachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, agus úsáid á baint as Moladh 25/7 ón gCoimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint (HELCOM) maidir le sábháilteacht na loingseoireachta geimhridh i Muir Bhailt chun an comhfhreagras idir aicmí oighir a bhunú;

(h)

aicme oighir na loinge, an dáta, an t-am agus an suíomh nuair a théann long isteach sna dálaí oighir agus nuair a fhágann sí dálaí oighir, an méid breosla de gach cineál a ídítear agus an fad a taistealaíodh agus í ag seoladh faoi dhálaí oighir mar aon leis an bhfad iomlán a taistealaíodh do gach muiraistear le linn na tréimhse tuairiscithe, má iarrann an chuideachta an fuinneamh breise arna úsáid de bharr seoladh faoi dhálaí oighir a eisiamh ó ríomh an iarmhéid comhlíontachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

2.   Déanfaidh cuideachtaí an fhaisnéis agus na sonraí a liostaítear i mír 1 a thaifeadadh ar bhealach tráthúil agus trédhearcach agus iad a thiomsú ar bhonn bliantúil lena gcuirtear ar chumas an fhíoraitheora comhlíontacht leis an Rialachán seo a fhíorú.

3.   Faoin 31 Eanáir den tréimhse fíorúcháin, cuiridh cuideachtaí tuarascáil long-shonrach ( ‘tuarascáil FuelEU’) ar fáil don fhíoraitheoir ina mbeidh an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na sonraí faireacháin agus na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 7(4) le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.

4.   I gcás long a aistriú ó chuideachta amháin go cuideachta eile:

(a)

cuirfidh cuideachta an aistrithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in iúl don fhíoraitheoir don am ar ghlac sí freagracht as oibriú na loinge lena linn;

(b)

Chomh gar agus is féidir don lá a chríochnófar an t-aistriú agus tráth nach déanaí ná mí ina dhiaidh sin, déanfaidh an fíoraitheoir a rinne gníomhaíochtaí fíoraithe don long faoi chuideachta an aistrithe an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú agus a thaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU i gcomhréir le hAirteagal 16; agus

(c)

gan dochar do phointí (a) agus (b), is í an chuideachta a bheidh freagrach as oibriú na loinge an 31 Nollaig den tréimhse thuairiscithe a bheidh freagrach as an long a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 4 agus 6 don tréimhse tuairiscithe ar fad ina ndearnadh an t-aistriú nó na haistrithe iolracha.

Airteagal 16

Fíorú agus ríomh

1.   Tar éis an fhíoraithe mar a leagtar amach in Airteagail 11, 12 agus 13, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar cháilíocht, ar iomláine agus ar chruinneas na tuarascála FuelEU. Chun na críche sin, úsáidfidh an fíoraitheoir aon fhaisnéis atá i mbunachar sonraí FuelEU, lena n-áirítear faisnéis arna soláthar faoi chuarda calafoirt i gcomhréir le hAirteagal 6.

2.   Nuair is é conclúid an mheasúnaithe fhíoraithe dá dtagraítear i mír 1, le dearbhú réasúnach ón bhfíoraitheoir, go bhfuil an tuarascáil FuelEU saor ó mhíráitis nó neamhchomhréireachtaí ábhartha, tabharfaidh an fíoraitheoir fógra don chuideachta lena mbaineann faoin tuarascáil fíorúcháin ina luaitear go bhfuil an tuarascáil FuelEU i gcomhréir leis an Rialachán seo. Sonrófar sa tuarascáil fíorúcháin na saincheisteanna ar fad a bhaineann leis an obair atá ar bun ag an bhfíoraitheoir.

3.   I gcás ina sainaithnítear leis an measúnú fíorúcháin míráitis nó neamh-chomhréireachtaí leis an Rialachán seo, cuirfidh an fíoraitheoir an chuideachta lena mbaineann ar an eolas faoi go tráthúil. Déanfaidh an chuideachta, gan aon mhoill mhíchuí, na míráitis nó na neamh-chomhréireachtaí a cheartú ansin ionas go bhféadfar an próiseas fíoraithe a chríochnú go tráthúil agus déanfaidh sí an tuarascáil athbhreithnithe FuelEU agus aon fhaisnéis eile is gá chun na mí-ráitis nó na neamh-chomhréireachtaí a sainaithníodh a cheartú a chur chuig an bhfíoraitheoir. Ina thuarascáil fíorúcháin, luafaidh an fíoraitheoir an gcomhlíonann an tuarascáil FuelEU, arna leasú, an Rialachán seo. I gcás nár ceartaíodh na míráitis nó na neamh-chomhréireachtaí a cuireadh in iúl agus ina n-eascraíonn míráitis ábhartha astu, tabharfaidh an fíoraitheoir fógra don chuideachta faoin tuarascáil fíorúcháin ina luafar nach gcomhlíonann tuarascáil FuelEU an Rialachán seo.

4.   Ar bhonn thuarascáil FuelEU a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas a ríomh:

(a)

meándéine bhliantúil GCT an fhuinnimh arna úsáid ag an long lena mbaineann ar bord, agus úsáid á baint as an modheolaíocht a shonraítear in Iarscríbhinn I;

(b)

iarmhéid comhlíontachta na loinge, agus úsáid á baint as an bhfoirmle a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IV;

(c)

líon na gcuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafort sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin lena n-áirítear an t-am a caitheadh ar múráil le cé agus, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 6(9), ar ancaire, le haghaidh gach cuarda ar chalafort a dhéanann an long nach bhfuil i gcomhlíonadh leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6;

(d)

méid an fhuinnimh bhliantúil arna úsáid ag long ar bord, gan fuinneamh ó OPS a áireamh;

(e)

méid an fhuinnimh bhliantúil arna úsáid ag long ar bord ón RFNBO.

5.   Faoin 31 Márta den tréimhse fíorúcháin, tabharfaidh an fíoraitheoir fógra don chuideachta faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 agus déanfaidh sé an tuarascáil FuelEU, a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán seo, an tuarascáil fíorúcháin agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a thaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU.

Beidh rochtain ag an Stát riaracháin ar an bhfaisnéis uile a thaifeadfar i mbunachar sonraí FuelEU.

Airteagal 17

Seiceálacha breise arna ndéanamh ag údarás inniúil

1.   Tráth ar bith, féadfaidh údarás inniúil an Stáit riaracháin, i gcás cuideachta agus i gcomhair aon cheann dá longa, seiceálacha breise a dhéanamh, i ndáil leis an dá thréimhse thuairiscithe roimhe sin, ar aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

an tuarascáil FuelEU a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán seo arna bunú i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 16;

(b)

an tuarascáil fíorúcháin arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 16;

(c)

na ríomhanna arna ndéanamh ag an bhfíoraitheoir i gcomhréir le hAirteagal 16(4).

2.   Arna iarraidh sin don údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an chuideachta aon fhaisnéis nó doiciméid is gá ar fáil lena gcuirfear ar chumas an údaráis inniúil seiceálacha breise a dhéanamh agus ceadóidh sí rochtain ar áitreabh na cuideachta nó na loinge chun na seiceálacha breise sin a éascú.

3.   Eiseoidh an t-údarás inniúil dá tagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tuarascáil maidir le seiceálacha breise lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na ríomhanna nuashonraithe arna ndéanamh agus Airteagal 17(1), pointe (c) á chur i bhfeidhm, méid nuashonraithe an bharrachais comhlíontachta nó an réamhbharrachais comhlíontachta agus méid nuashonraithe an phionóis FuelEU.

4.   I gcás ina sainaithnítear sa tuarascáil maidir le seiceálacha breise dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo míráitis, neamh-chomhréireachtaí nó míríomhanna a mbíonn mar thoradh orthu neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 4 nó 6 agus, dá thoradh sin, go ngearrtar pionós FuelEU nó go ndéantar méid pionóis FuelEU a íocadh cheana a mhodhnú, tabharfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo fógra don chuideachta lena mbaineann faoi mhéid comhfhreagrach an phionóis FuelEU nó faoi mhéid an phionóis mhodhnaithe FuelEU. Áiritheoidh na Ballstáit go n-íocfaidh an chuideachta atá freagrach as an long le linn na tréimhse atá faoi réir na seiceálacha breise méid atá comhionann leis an bpionós FuelEU nó leis an bpionós modhnaithe FuelEU sin laistigh d’aon mhí amháin tar éis fógra a fháil ina leith, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 23.

5.   Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 doiciméad comhlíontachta FuelEU de chuid loinge a bhaint gan mhoill ó bhunachar sonraí FuelEU, ar long í nár íoc a cuideachta in am trátha na pionóis FuelEU dá dtagraítear i mír 4 agus cuirfidh sé an bhaint sin in iúl don chuideachta lena mbaineann in am trátha. Ní eiseoidh sé an doiciméad ábhartha FuelEU arís go dtí go n-íocfar suim atá comhionann leis an bpionós FuelEU, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an chuideachta na coinníollacha eile a leagtar amach sa Rialachán seo maidir leis an doiciméad comhlíontachta FuelEU a shealbhú.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 5 maidir le long a aistríodh chuig cuideachta seachas an chuideachta a ghlac an fhreagracht as a hoibriú le linn na tréimhse atá faoi réir na seiceálacha breise.

7.   Na gníomhaíochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo, tuarascáil na seiceálacha breise dá dtagraítear i mír 3 mar aon leis an gcruthúnas ar íocaíochtaí na bpionós FuelEU, déanfaidh na heintitis a rinne na gníomhaíochtaí sin nó a rinne an tuarascáil nó an íocaíocht sin a thaifead gan mhoill i mbunachar sonraí FuelEU.

Airteagal 18

Uirlisí tacaíochta agus treoir

Forbróidh an Coimisiún uirlisí faireacháin iomchuí, chomh maith le treoir agus uirlisí spriocdhírithe rioscabhunaithe, chun gníomhaíochtaí fíorúcháin agus forfheidhmiúcháin a bhaineann leis an Rialachán seo a éascú agus a chomhordú. A mhéid is féidir, cuirfear an treoir agus na huirlisí sin ar fáil do na Ballstáit, do na fíoraitheoirí agus do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta chun críoch faisnéise a chomhroinnt agus chun forfheidhmiú láidir an Rialacháin seo a áirithiú ar bhealach níos fearr.

Airteagal 19

Bunachar sonraí agus tuairisciú FuelEU

1.   Forbróidh an Coimisiún bunachar sonraí leictreonach FuelEU chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo (‘bunachar FuelEU’), áiritheoidh an Coimisiún feidhmiú an bhunachair sonraí sin agus nuashonróidh sé é. Bainfear úsáid as bunachar sonraí FuelEU chun taifead a choinneáil ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí fíorúcháin, ar iarmhéid comhlíontachta long, lena n-áirítear úsáid a bhaint as na sásraí solúbthachta a leagtar amach in Airteagail 20 agus 21, ar chur i bhfeidhm na n-eisceachtaí a leagtar amach in Airteagal 6(5), ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le híocaíocht na bpionós FuelEU arna bhforchur faoi Airteagal 23 agus ar eisiúint an doiciméid comhlíontachta FuelEU. Beidh rochtain ag na cuideachtaí, na fíoraitheoirí, na húdaráis inniúla agus aon eintiteas cuí-údaraithe, na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) agus an Coimisiún air, maille le cearta agus feidhmiúlachtaí rochtana iomchuí a chomhfhreagraíonn dá bhfreagrachtaí faoi seach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

2.   Cuirfear aon eilimintí a thaifeadfar nó a mhodhnófar i mbunachar sonraí FuelEU in iúl do na heintitis a mbeidh rochtain acu orthu.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha maidir le cearta rochtana agus sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla bhunachar sonraí FuelEU, lena n-áirítear rialacha maidir le fógra a thabhairt agus scagadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

Airteagal 20

Baincéireacht agus iasachtú barrachais comhlíontachta idir tréimhsí tuairiscithe

1.   Ar bhonn na ríomhanna arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16(4), i gcás ina bhfuil barrachas comhlíontachta ag an long, don tréimhse tuairiscithe, maidir leis an déine GCT atá aici agus dá dtagraítear in Airteagal 4(2) nó, más infheidhme, maidir le fosprioc RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3), féadfaidh an chuideachta é a bhancáil in iarmhéid comhlíontachta na loinge céanna le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile. Déanfaidh an chuideachta taifead ar bhancáil an bharrachais comhlíontachta le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile i mbunachar sonraí FuelEU, faoi réir a formheasta ag a fíoraitheoir. Ní fhéadfaidh an chuideachta an barrachas comhlíontachta a bhancáil a thuilleadh ón uair a eisítear doiciméad comhlíontachta FuelEU.

2.   Ar bhonn na ríomhanna a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 16(4), i gcás ina bhfuil easnamh comhlíontachta ag an long, le haghaidh na tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an chuideachta réamhbharrachas comhlíontachta den mhéid comhfhreagrach a fháil ar iasacht ón gcéad tréimhse tuairiscithe eile. Cuirfear an réamhbharrachas comhlíontachta le hiarmhéid comhlíontachta na loinge le haghaidh na tréimhse tuairiscithe agus dealófar an réamhbharrachas comhlíontachta iolraithe faoi 1,1 ó iarmhéid comhlíontachta na loinge céanna sa chéad tréimhse tuairiscithe eile. Ní fhéadfar an réamhbharrachas comhlíontachta a fháil ar iasacht sna cásanna seo a leanas:

(a)

le haghaidh méid atá níos mó ná 2 % os cionn na teorann a leagtar amach in Airteagal 4(2), arna iolrú faoi thomhaltas fuinnimh na loinge arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

(b)

le haghaidh dhá thréimhse tuairiscithe i ndiaidh a chéile.

3.   Faoin 30 Aibreán den tréimhse fíorúcháin, déanfaidh an chuideachta taifead i mbunachar sonraí FuelEU ar an réamhbharrachas comhlíontachta, tar éis don fhíoraitheoir é a fhormheas.

4.   I gcás nach mbeidh aon chuairt ar chalafort san Aontas ag long le linn na tréimhse tuairiscithe agus i gcás ina mbeidh réamhbharrachas comhlíontachta faighte ar iasacht aici sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, tabharfaidh údarás inniúil an Stáit riaracháin fógra don chuideachta lena mbaineann faoin 1 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin maidir le méid an phionóis FuelEU dá dtagraítear in Airteagal 23(2) a sheachain sí ar dtús tríd an réamhbharrachas comhlíontachta sin a fháil ar iasacht, iolraithe faoi 1,1.

Airteagal 21

Comhlíontacht a chomhthiomsú

1.   Maidir le hiarmhéideanna comhlíontachta, do dhéine GCT dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus, más infheidhme, fosprioc RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3), de chuid dhá long nó níos mó, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 16(4), féadfar iad a chomhthiomsú chun críocha na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 4 agus, más infheidhme, in Airteagal 5(3). Ní fhéadfar iarmhéid comhlíontachta loinge a chur ar áireamh i níos mó ná aon chomhthiomsú amháin sa tréimhse tuairiscithe chéanna.

Féadfar dhá chomhthiomsú ar leith a úsáid le haghaidh na sprice déine GCT agus le haghaidh na forsprice do RFNBO.

2.   Cláróidh an chuideachta i mbunachar sonraí FuelEU go bhfuil sé de rún aici iarmhéid comhlíontachta na loinge a chur san áireamh i gcomhthiomsú, leithdháileadh iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe ar gach long ar leith, agus rogha an fhíoraitheora a roghnófar chun an leithdháileadh sin a fhíorú.

3.   I gcás ina bhfuil na longa atá rannpháirteach sa chomhthiomsú á rialú ag dhá chuideachta nó níos mó, déanfaidh gach cuideachta lena mbaineann sa chomhthiomsú, i mbunachar sonraí FuelEU, sonraí an chomhthiomsaithe arna gclárú i mbunachar sonraí FuelEU a bhailíochtú, lena n-áirítear leithdháileadh iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe ar longa an chomhthiomsaithe agus rogha an fhíoraitheora a roghnófar chun leithdháileadh iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe ar gach long ar leith a fhíorú.

4.   Ní bheidh comhthiomsú bailí ach amháin más comhlíonadh dearfach é an comhlíonadh iomlán arna chomhthiomsú, mura mbeidh easnamh comhlíontachta níos airde, tar éis leithdháileadh na comhlíontachta comhthiomsaithe, ag longa a raibh easnamh comhlíontachta acu arna ríomh i gcomhréir le Airteagal 16(4) agus mura mbeidh easnamh comhlíontachta, tar éis leithdháileadh na comhlíontachta comhthiomsaithe, ag longa a raibh barrachas comhlíontachta acu arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 16(4).

5.   Ní áireofar long i gcomhthiomsú mura gcomhlíonfaidh sí an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 24.

6.   Más barrachas comhlíontachta le haghaidh long aonair is toradh ar iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe, beidh feidhm ag Airteagal 20(1).

7.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 20(2) maidir le long atá rannpháirteach sa chomhthiomsú.

8.   Faoin 30 Aibreán den tréimhse fíorúcháin, déanfaidh an fíoraitheoir roghnaithe taifead i mbunachar sonraí FuelEU ar chomhdhéanamh críochnaitheach an chomhthiomsaithe agus ar leithdháileadh iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe ar gach long ar leith.

Airteagal 22

Doiciméad comhlíontachta FuelEU

1.   Faoin 30 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin, eiseoidh an fíoraitheoir doiciméad comhlíontachta FuelEU le haghaidh na loinge lena mbaineann, ar choinníoll nach bhfuil easnamh comhlíontachta ar an long, tar éis chur i bhfeidhm Airteagail 20 agus 21, nár thug an long cuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafoirt agus go gcomhlíonann sí an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 24.

2.   I gcás ina bhfuil pionóis FuelEU dá dtagraítear in Airteagal 23(2) nó 23(5) dlite, déanfaidh údarás inniúil an Stáit riaracháin, faoin 30 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin, doiciméad comhlíontachta FuelEU a eisiúint don long lena mbaineann, ar choinníoll gur íocadh méid atá comhionann leis na pionóis FuelEU.

3.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméad comhlíontachta FuelEU:

(a)

céannacht na loinge (ainm, uimhir aitheantais IMO agus calafort a cláraithe nó a calafort baile);

(b)

ainm, seoladh agus príomháit ghnó úinéir na loinge;

(c)

céannacht an fhíoraitheora;

(d)

dáta eisiúna an doiciméid sin, a thréimhse bailíochta agus an tréimhse tuairiscithe dá dtagraíonn sé.

4.   Maidir leis an doiciméad comhlíontachta FuelEU, beidh sé bailí ar feadh thréimhse 18 mí i ndiaidh dheireadh na tréimhse tuairiscithe nó go dtí go n-eiseofar doiciméad comhlíontachta nua FuelEU, cibé acu a tharlaíonn is túisce.

5.   Déanfaidh an fíoraitheoir nó, i gcás inarb infheidhme, údarás inniúil an Stáit riaracháin an doiciméad comhlíontachta eisithe FuelEU a thaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU gan mhoill.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar samhlacha le haghaidh an doiciméid comhlíontachta FuelEU, lena n-áirítear teimpléid leictreonacha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Airteagal 23

Pionóis FuelEU

1.   Roimh an 1 Bealtaine den tréimhse fíorúcháin, ar bhonn na ríomhanna arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(4) agus tar éis chur i bhfeidhm féideartha Airteagail 20 agus 21, déanfaidh an fíoraitheoir iarmhéideanna comhlíontachta fíoraithe na loinge le haghaidh déine GCT dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a thaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU agus, más infheidhme, le haghaidh na forsprice do RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

Má tá easnamh comhlíontachta ag long le haghaidh na fosprice do RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3), déanfar pionós FuelEU a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IV.

2.   Áiritheoidh an Stát riaracháin i leith cuideachta, maidir le haon long dá cuid an 1 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin a bhfuil easnamh comhlíontachta le haghaidh déine GCT dá dtagraítear in Airteagal 4(2) nó, más infheidhme, le haghaidh na forsprice do RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3), go n-íocfaidh an chuideachta faoin 30 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin, tar éis dá húdarás inniúla bailíochtú féideartha a dhéanamh, méid atá comhionann leis an bpionós FuelEU a eascraíonn as cur i bhfeidhm na bhfoirmlí a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IV. Má tá easnamh comhlíontachta ag long 2 thréimhse tuairiscithe as a chéile nó níos mó, déanfar an méid sin a iolrú faoi 1 + (n -1)/10, i gcás inarb é n líon na dtréimhsí tuairiscithe as a chéile ar ina leith atá an chuideachta faoi réir pionós FuelEU i leith na loinge sin.

3.   Áiritheoidh an Stát riaracháin i leith cuideachta, i gcás aon long dá cuid atá sa chás dá dtagraítear in Airteagal 20(4), go n-íocann an chuideachta, faoin 30 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin, méid atá comhionann leis an bpionós FuelEU ar tugadh fógra faoi de bhun an Airteagail sin.

4.   Roimh an 1 Bealtaine den tréimhse fíorúcháin, i gcás inarb infheidhme ar bhonn na ríomhanna arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16(4), déanfaidh an fíoraitheoir taifead i mbunachar sonraí FuelEU ar líon iomlán na n-uaireanta a chaith an long ar múraíl le taobh cé ar neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 6.

5.   Áiritheoidh an Stát riaracháin i leith cuideachta, i gcás aon long dá cuid a thug cuairt neamhchomhlíontach amháin ar laghad ar chalafort, go n-íocfaidh an chuideachta faoin 30 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin méid atá comhionann leis an bpionós FuelEU a eascraíonn as EUR 1.5 a iolrú faoi éileamh iomlán na loinge atá i mbeart ar chumhacht leictreach agus líon iomlán uaireanta an chloig, slánaithe suas go dtí slán-uair an chloig is gaire, a chaith an long i mbeart ar neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 6.

6.   Beidh an creat dlíthiúil agus riaracháin is gá i bhfeidhm ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a bhaineann leis na pionóis FuelEU a fhorchur, a íoc agus a bhailiú.

7.   Na gníomhaíochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo mar aon leis an gcruthúnas ar íocaíochtaí as pionóis FuelEU, déanfaidh na heintitis a rinne na gníomhaíochtaí sin nó a rinne an íocaíocht sin iad a thaifeadadh gan mhoill i mbunachar sonraí FuelEU.

8.   Leanfaidh an chuideachta de bheith freagrach as na pionóis FuelEU a íoc, gan dochar don fhéidearthacht atá ag an gcuideachta comhaontuithe conarthacha a thabhairt i gcrích le hoibreoirí tráchtála na loinge lena bhforáiltear do dhliteanas na n-oibreoirí tráchtála sin an íocaíocht as na pionóis FuelEU a aisíoc leis an gcuideachta, nuair a ghlacann an t-oibreoir tráchtála sin an fhreagracht as an mbreosla a cheannach nó as an long a oibriú. Chun críocha na míre seo, ciallaíonn oibriú na loinge an lastas atá á iompar, an bealach taistil, agus luas na loinge a chinneadh.

9.   Leanfaidh an chuideachta de bheith freagrach as na pionóis FuelEU a íoc, gan dochar don fhéidearthacht atá ag an gcuideachta comhaontuithe conarthacha a thabhairt i gcrích le soláthróirí breosla lena bhforáiltear do dhliteanas na soláthróirí breosla íocaíocht as na pionóis FuelEU a aisíoc leis an gcuideachta.

10.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun Iarscríbhinn IV a leasú chun an fachtóir a shonraítear i gcill 7, agus i gcás inarbh infheidhme, cill 14 den tábla i gCuid B den Iarscríbhinn sin agus a úsáidtear san fhoirmle dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a oiriúnú, bunaithe ar na forbairtí ar chostas fuinnimh, agus chun an fachtóir iolrúcháin a leagtar síos i mír 5 den Airteagal seo a leasú, bunaithe ar innéacsú an mheánchostais leictreachais san Aontas.

11.   Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go n-úsáidfear an t-ioncam a ghintear ó na pionóis FuelEU, nó a choibhéis i luach airgeadais, chun tacú le mear-imscaradh agus úsáid na mbreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin san earnáil mhuirí, trí spreagadh a thabhairt chun cainníochtaí níos mó breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a tháirgeadh don earnáil mhuirí, trí thógáil saoráidí iomchuí buncaeireachta nó bhonneagar OPS i gcalafoirt a éascú, agus trí thacú le forbairt, tástáil agus imscaradh na dteicneolaíochtaí is nuálaí sa chabhlach chun laghduithe suntasacha astaíochtaí a bhaint amach.

Faoin 30 Meitheamh 2030, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit ar fáil go poiblí tuarascáil maidir le húsáid an ioncaim a ghintear ó na pionóis FuelEU thar an tréimhse 5 bliana roimh an mbliain ina n-eisítear an tuarascáil sin, lena n-áirítear faisnéis faoi na tairbhithe agus leibhéal an chaiteachais a bhaineann leis na cuspóirí a liostaítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 24

Oibleagáid maidir le doiciméad comhlíontachta bailí FuelEU a shealbhú

1.   Faoin 30 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin, beidh doiciméad comhlíontachta bailí FuelEU ag longa a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit, a fhanann ann nó a imíonn uaidh, nó a thug faoi mhuiraistir le linn na tréimhse tuairiscithe comhfhreagraí sin.

2.   An doiciméad comhlíontachta FuelEU arna eisiúint le haghaidh na loinge lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 22, beidh sé ina fhianaise ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

Airteagal 25

Forfheidhmiú

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na smachtbhannaí dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Maidir le haon chigireacht a dhéanfar ar long atá i gcalafort faoina dhlínse agus a dhéanfar i gcomhréir le Treoir 2009/16/CE, áiritheoidh gach Ballstát go n-áireofar leis an gcigireacht sin go seiceálfar go bhfuil doiciméad comhlíontachta bailí FuelEU ag an long sin.

3.   I gcás ina dteipeann ar long an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 24 a chomhlíonadh 2 thréimhse tuairiscithe as a chéile nó níos mó agus i gcás inar theip ar bhearta eile forfheidhmiúcháin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cuarda, i gcás long nach bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain aici agus tar éis dó deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a chur faoina bhráid, ordú díbeartha a eisiúint. I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cuarda ordú díbeartha a eisiúint, cuirfidh sé an t-ordú sin in iúl don Choimisiún, do na Ballstáit eile agus don Stát brataí lena mbaineann trí bhunachar sonraí FuelEU. Cé is moite d’aon Bhallstát a bhfuil a bhratach ar foluain ar an long, diúltóidh gach Ballstát cead iontrála chuig aon chalafort dá chuid don long atá faoi réir ordú díbeartha go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí. I gcás nach gcomhlíonann long an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 24 ar feadh dhá thréimhse tuairiscithe nó níos mó as a chéile agus go dtéann sí isteach i gcalafort de chuid an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain aici, ordóidh an Ballstát lena mbaineann, fad a bheidh an long sin i gceann dá chalafoirt, an bhratach a choinneáil go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí.

4.   Deimhneoidh an chuideachta lena mbaineann go bhfuil an oibleagáid doiciméad comhlíontachta bailí FuelEU a bheith ag long á comhlíonadh trí fhógra faoi dhoiciméad comhlíontachta bailí FuelEU a thabhairt don údarás náisiúnta inniúil a d’eisigh an t-ordú díbeartha. Beidh an mhír seo gan dochar d’fhorálacha an dlí idirnáisiúnta is infheidhme i gcás longa atá i nguais.

5.   Maidir le smachtbhannaí in aghaidh long ar leith arna bhforchur ag aon Bhallstát, tabharfar fógra fúthu don Choimisiún, do na Ballstáit eile agus don Stát brataí lena mbaineann trí bhunachar sonraí FuelEU.

Airteagal 26

Ceart chun athbhreithniú

1.   Beidh cuideachtaí i dteideal iarratas a chur isteach ar athbhreithniú a dhéanamh ar na ríomhanna agus ar na tomhais a chuireann an fíoraitheoir faoina mbráid faoin Rialachán seo, lena n-áirítear an diúltú doiciméad comhlíontachta FuelEU a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 22(1).

Déanfar an t-iarratas ar athbhreithniú a thaisceadh le húdarás inniúil an Bhallstáit inar creidiúnaíodh an fíoraitheoir laistigh de mhí tar éis fógra a fháil ón bhfíoraitheoir faoi thoradh an ríomha nó an tomhais.

2.   Beidh na cinntí a dhéanfaidh údarás inniúil Ballstáit faoin Rialachán seo faoi réir athbhreithniú ag cúirt de chuid Bhallstát an údaráis inniúil sin.

Airteagal 27

Na húdaráis inniúla

Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a bheadh freagrach as cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo (‘údaráis inniúla’) agus cuirfidh siad a n-ainm agus a sonraí teagmhála in iúl don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún liosta na n-údarás inniúil ar a shuíomh gréasáin.

Caibidil VI

Cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 28

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4(4), 5(7), 6(6), 14(5) agus 23(10) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 12 Deireadh Fómhair 2023.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4(4), 5(7), 6(6), 14(5) agus 23(10) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4(4), 5(7), 6(6), 14(5) agus 23(10) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 29

An nós imeachta coiste

1.   An Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 30

Tuarascálacha agus athbhreithniú

1.   Faoin 23 Meán Fómhair 2024, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina scrúdófar an idirghníomhaíocht agus an cóineasú idir an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2015/757 nó aon ghníomhartha eile dlí earnála. Féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin i gcás inarb iomchuí.

2.   Faoin 31 Nollaig 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin ar a dhéanaí, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle torthaí meastóireachta a bhaineann le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag saobhadh margaidh nó ag seachaint calafoirt; a mhéid a bhaineann leis an bhforbairt ar na teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha sa mhuiriompar, chomh maith leis an bhforbairt ar na teicneolaíochtaí agus ar an margadh le haghaidh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin, agus le haghaidh OPS, lena n-áirítear ar ancaire; a mhéid a bhaineann le húsáid an ioncaim arna ghiniúint ag pionóis FuelEU; agus a mhéid a bhaineann le tionchar an Rialacháin seo ar iomaíochas na hearnála muirí san Aontas.

Sa tuarascáil sin, breithneoidh an Coimisiún, inter alia, an méid seo a leanas:

(a)

raon feidhme ábhartha agus geografach an Rialacháin seo, a mhéid a bhaineann leis an tairseach olltonnáiste dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a laghdú nó sciar an fhuinnimh a úsáideann longa i muiraistir chuig tríú tíortha agus uathu dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (d), a mhéadú;

(b)

an teorainn dá dtagraítear in Airteagal 4(2), d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach;

(c)

cineálacha agus méid long a bhfuil feidhm ag Airteagal 6(1) maidir leo agus síneadh ar na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) chun longa atá ar ancaire a chumhdach;

(d)

na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6(5);

(e)

comhaireamh an leictreachais a sheachadtar trí OPS in Iarscríbhinn I agus an fachtóir astaíochta tobar-go-humar a bhaineann leis an leictreachas sin a shainmhínítear in Iarscríbhinn II;

(f)

an fhéidearthacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo sásraí tiomnaithe a áireamh le haghaidh na dteicneolaíochtaí breosla is inbhuanaithe agus is nuálaí a bhfuil acmhainneacht mhór dícharbónúcháin acu, chun creat dlíthiúil soiléir intuartha a chruthú agus chun forbairt margaidh agus imscaradh na dteicneolaíochtaí breosla sin a spreagadh;

(g)

ríomh an iarmhéid comhlíontachta i gcás longa a iarrann go n-eisiafaí an fuinneamh breise a úsáidtear mar gheall ar a bheith ag seoladh faoi dhálaí oighir a leagtar amach in Iarscríbhinní IV agus V, agus an síneadh a d’fhéadfaí a chur leis na forálacha sin tar éis an 31 Nollaig 2034;

(h)

an fhéidearthacht fuinneamh arna sholáthar ag an ngaoth a áireamh i ríomh déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ar bord a leagtar amach in Iarscríbhinn I, faoi réir modh infhíoraithe a bheith ar fáil chun faireachán agus cuntas a thabhairt ar fhuinneamh tiomána gaoithe;

(i)

an fhéidearthacht teicneolaíochtaí nua maidir le laghdú GCT, mar shampla gabháil carbóin ar bord, a áireamh i ríomh déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ar bord agus an chomhardaithe comhlíontachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus IV faoi seach,, faoi réir modh infhíoraithe a bheith ar fáil chun faireachán agus cuntas a thabhairt ar an gcarbón gafa;

(j)

an fhéidearthacht eilimintí breise a áireamh sa Rialachán seo, go háirithe astaíochtaí carbóin dhuibh;

(k)

an gá atá le bearta chun aghaidh a thabhairt ar iarrachtaí a dhéanann cuideachtaí na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a sheachaint.

Breithneoidh an Coimisiún, más iomchuí, an mbeidh togra chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil sin.

3.   Áireoidh an Coimisiún sa tuarascáil dá bhforáiltear i mír 2 meastóireacht ar thionchair shóisialta an Rialacháin seo ar an earnáil mhuirí, lena n-áirítear ar a lucht saothair.

4.   Agus a thuarascáil dá dtagraítear i mír 2 á hullmhú aige, breithneoidh an Coimisiún a mhéid a baineadh amach cuspóirí an Rialacháin seo a mhéid a bhí tionchair aige ar iomaíochas na hearnála muirí. Sa tuarascáil sin, breithneoidh an Coimisiún freisin idirghníomhaíocht an Rialacháin seo le gníomhartha dlí ábhartha eile de chuid an Aontais agus sainaithneoidh sé aon fhorálacha a d’fhéadfaí a thabhairt cothrom le dáta agus a shimpliú a shainaithint, mar aon le gníomhaíochtaí agus bearta a rinneadh nó a d’fhéadfaí a dhéanamh chun brú an chostais iomláin ar an earnáil mhuirí a laghdú. Mar chuid d’anailís an Choimisiúin ar éifeachtúlacht an Rialacháin seo, áireofar sa tuarascáil measúnú ar an ualach a fhorchuirtear ar ghnólachtaí leis an Rialachán seo.

Déanfaidh an Coimisiún breithniú, más iomchuí, ar cheart togra chun an Rialachán seo a leasú a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, i bhfianaise chonclúidí na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

5.   I gcás ina nglacfaidh IMO caighdeán domhanda breosla GCT nó teorainneacha domhanda maidir le déine GCT don fhuinneamh arna úsáid ag long ar bord, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gan mhoill. Sa tuarascáil sin, scrúdóidh an Coimisiún an beart domhanda sin a mhéid a bhaineann lena uaillmhian i bhfianaise chuspóirí Chomhaontú Pháras agus a shláine chomhshaoil fhoriomlán. Scrúdóidh sé freisin aon saincheist a bhaineann le nascadh agus ailíniú féideartha an Rialacháin seo leis an mbeart domhanda sin, lena n-áirítear an gá atá le rialáil dhúblála ar astaíochtaí GCT ó mhuiriompar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a sheachaint.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú a bheith ag gabháil leis an tuarascáil, agus í sin i gcomhréir le gealltanais an Aontais maidir le hastaíochtaí GCT ar fud an gheilleagair, darb aidhm sláine chomhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht aeráide an Aontais a chaomhnú.

6.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an Rialacháin seo i ndáil le muiriompar, go háirithe chun iompar imghabhála a bhrath chun cosc a chur ar an iompar sin ag céim luath, agus lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis na réigiúin is forimeallaí.

Léireofar torthaí an fhaireacháin sa tuarascáil a chuirfear ar fáil gach 2 bhliain dá dtagraítear in Airteagal 3gg(3) de Threoir 2003/87/CE.

Airteagal 31

Leasú ar Threoir 2009/16/CE

Cuirfear an pointe seo a leanas leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2009/16/CE:

‘51.

An doiciméad comhlíontachta FuelEU arna eisiúint faoi Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025, seachas Airteagail 8 agus 9, a mbeidh feidhm acu ón 31 Lúnasa 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. M. ALBARES BUENO


(1)   IO C 152, 6.4.2022, lch. 145.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Iúil 2023 (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Iúil 2023.

(3)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Muirí agus Iascaigh, an tAirmheán Taighde, Addamo, A., Calvo Santos, A., Guillén, J., et al., The EU blue economy report 2022 [Tuarascáil AE 2022 an Gheilleagair Ghoirm], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022, https://data.europa.eu/doi/10.2771/793264.

(4)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(5)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(6)  Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú i gcomhair córas trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134).

(8)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(10)  Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 a bhaineann le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58).

(11)  Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle an 20 Aibreán 2015 lena leagtar síos modhanna áirimh agus ceanglais tuairiscithe de bhun Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail (IO L 107, 25.4.2015, lch. 26).

(12)  Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (IO L 57, 3.3.2017, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).

(14)  Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm ar iompar muirí laistigh de na Ballstáit (cabatáiste muirí) (IO L 364, 12.12.1992, lch. 7).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3051/95 ón gComhairle (IO L 64, 4.3.2006, lch. 1).

(16)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le himscaradh bonneagar breoslaí malartacha (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(18)  Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

(19)  Treoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le comhlíonadh ceanglas Bratstát (IO L 131, 28.5.2009, lch. 132).

(20)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(21)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(23)  Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe (IO L 132, 21.5.2016, lch. 58).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le sábháilteacht mhuirí agus truailliú ó longa a chosc (IO L 324, 29.11.2002, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

An mhodheolaíocht chun déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a bhunú

Chun déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a ríomh, beidh feidhm ag an bhfoirmle seo a leanas, ar a dtugtar Cothromóid (1):

Formula

)Cothromóid (1)

Tobar-go-humar (WtT)

Formula

Umar go marbhshruth (TtW)

Formula

fwind

Fachtóir luaíochta le haghaidh tiomáint ghaothchuidithe

Chun críocha Chothromóid (1), cuirtear na téarmaí agus na nodaireachtaí éagsúla a úsáidtear i láthair sa tábla seo a leanas:

Téarma

Sainmhíniú

i

Innéacs a chomhfhreagraíonn do na cineálacha breosla arna seachadadh go dtí an long le linn na tréimhse tuairiscithe

j

Innéacs a chomhfhreagraíonn do na haonaid tomhaltóra breosla ar bord na loinge. Chun críoch an Rialacháin seo meastar gurb iad na haonaid tomhaltóra breosla atá le breithniú na príomhinnill, na hinnill chúnta, coirí, na cealla breosla agus loisceoirí dramhaíola

k

Innéacs a chomhfhreagraíonn do na pointí nasctha OPS

n

Líon iomlán na gcineálacha breosla arna seachadadh go dtí an long le linn na tréimhse tuairiscithe

c

Líon iomlán na bpointí nasctha OPS

m

Líon iomlán na n-aonad tomhaltóra breosla

Mi,j

Mais an bhreosla i arna tomhailt ag aonad tomhaltóra breosla j [gFuel]

Ek

Leictreachas a sheachadtar chuig an long in aghaidh an phointe nasctha OPS k [MJ]

CO2eqWtT,i

Fachtóir astaíochta GCT WtT an bhreosla i [gCO2eq/MJ]

Formula

Fachtóir astaíochta GCT WtT a bhaineann leis an leictreachas arna sheachadadh go dtí an long i mbeart in aghaidh an phointe nasctha OPS k [gCO2eq/MJ]

LCVi

Luach calrach íochtarach an bhreosla i [MJ/gFuel]

RWDi

I gcás gur de thionscnamh neamhbhitheolaíoch an breosla, is féidir fachtóir luaíochta 2 ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2033 a chur i bhfeidhm. Seachas sin RWDi = 1.

Cslipj

Comhéifeacht breosla neamhdhóite mar chéatadán de mhais an bhreosla i arna tomhailt in aghaidh an aonaid tomhaltóra breosla j [%]. Áirítear le Cslip astaíochtaí idirleata agus sceite.

Formula

Formula

Fachtóirí astaíochta GCT WtT ó bhreosla dóite i in aonad tomhaltóra breosla j [gGCT/gFuel]

CO2eq,TtWi,j

Astaíochtaí breosla dhóite mar choibhéis CO2 TtW i in aonad tomhaltóra breosla j [gCO2eq/gFuel]

Formula

Cothromóid (2)

Formula

Formula

Fachtóirí astaíochta GCT WtT ó bhreosla sceite i dtreo aonad tomhaltóra breosla j [gGCT/gFuel]

CO2eq,TtWslipi,j

Astaíochtaí breosla sceite i mar choibhéis CO2 TtW i dtreo aonad tomhaltóra breosla j [gCO2eq/gFuel]

Formula

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas: Csf CO2, agus Csf N2O, = 0.

CsfCH4j = 1.

Formula

Formula

Acmhainneacht téite domhanda CO2, CH4, N2O in imeacht 100 bliain, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/2001, mír 4 de Chuid C d’Iarscríbhinn V

Chun críocha an Rialacháin seo, socrófar ag nialas an téarma

Formula
in uimhreoir Chothromóid (1).

Modh chun [Mi] a chinneadh

Cinnfear mais [Mi] an bhreosla agus úsáid á baint as an méid a thuairiscítear i gcomhréir le creat an tuairiscithe faoi Rialachán (AE) 2015/757 le haghaidh muiraistir a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo bunaithe ar an modheolaíocht faireacháin a roghnaigh an chuideachta.

Modh chun fachtóirí astaíochtaí GCT WtT a chinneadh

Cinntear astaíochtaí WtT ar bhonn na modheolaíochta atá san Iarscríbhinn seo mar a fhoráiltear i gCothromóid (1).

Tá luachanna réamhshocraithe fachtóirí astaíochtaí GCT WtT (CO2eqWtT,i) in Iarscríbhinn II.

I gcás breoslaí iontaise, ní úsáidfear ach na luachanna réamhshocraithe in Iarscríbhinn II.

Féadfar luachanna iarbhír a úsáid ar choinníoll go mbeidh siad deimhnithe faoi scéim arna haithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 30(5) agus (6) de Threoir (AE) 2018/2001 le haghaidh bithbhreoslaí, bithgháis, RFNBO agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, nó, i gcás inarb infheidhme, forálacha ábhartha ghníomhartha dlí an Aontais maidir leis na margaí inmheánacha i ngás in-athnuaite agus nádúrtha agus sa hidrigin, agus Airteagal 10(4) den Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

Nóta Seachadta Buncair le haghaidh Breosla (BDN)

Faoi rialacháin Iarscríbhinn VI MARPOL atá ann cheana, tá an BDN sainordaitheach agus sonraítear faisnéis atá le háireamh sa BDN.

Chun críocha an Rialacháin seo:

1.

Comhlánófar BDNanna, lena n-áirítear breoslaí nach breoslaí iontaise iad a úsáidtear ar bord, leis an bhfaisnéis seo a leanas maidir leis na breoslaí sin:

Luach calrach íochtarach [MJ/g],

I gcás bithbhreoslaí, luachanna E mar a bhunaítear i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/2001, Cuid C d’Iarscríbhinn V agus Cuid B d’Iarscríbhinn VI [gCO2eq/MJ] agus fianaise ghaolmhar i dtaca le comhlíonadh na rialacha a leagtar amach sa Treoir sin maidir leis na breoslaí sin, lena sainaithnítear an chonair táirgeachta breosla,

I gcás breoslaí nach breoslaí iontaise ná bithbhreoslaí iad, fachtóir astaíochtaí GCT WtT [gCO2eq/MJ] agus deimhniú gaolmhar lena sainaithnítear an chonair táirgeachta breosla.

2.

I gcás ina gcumascfar táirgí, tabharfar an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo le haghaidh gach táirge.

Nóta Seachadta Leictreachais (EDN)

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar EDNanna ábhartha le haghaidh leictreachas a sheachadtar chuig an long:

1.

soláthróir: ainm, seoladh, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist, ionadaí;

2.

long ghlactha: Uimhir IMO (MMSI), ainm na loinge, cineál loinge, bratach, ionadaí na loinge;

3.

calafort: ainm, suíomh (LOCODE), críochfort/beart;

4.

Pointe nasctha OPS: sonraí an phointe nasctha;

5.

am OPS: am an tsoláthair cumhachta ar tír dáta/am tosaithe/críochnaithe;

6.

an fuinneamh a sholáthraítear: an codán cumhachta arna leithdháileadh ar phointe soláthair (más infheidhme) [kW], tomhaltas leictreachais (kWh) le haghaidh na tréimhse billeála, faisnéis faoin mbuaic chumhachta (má tá sí ar fáil);

7.

méadrú;

Modh chun fachtóirí astaíochtaí GCT TtW a chinneadh

Cinntear astaíochtaí TtW ar bhonn na modheolaíochta atá san Iarscríbhinn seo mar a fhoráiltear i gCothromóid (1) agus i gCothromóid (2)

Tá luachanna réamhshocraithe fachtóirí astaíochtaí GCT TtW (CO2eq,TtW,j) in Iarscríbhinn II.

I gcomhréir lena phlean faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 8 agus ar mheasúnú an fhíoraitheora, féadfaidh cuideachta modhanna eile a úsáid, mar shampla tomhas díreach CO2eq nó tástáil saotharlainne, má chuireann siad le cruinneas foriomlán an ríomha, agus Airteagal 10(5) á chur i bhfeidhm.

An modh chun astaíochtaí idirleata agus sceite TtW a chinneadh

Is éard atá in astaíochtaí idirleata agus sceite astaíochtaí arb é is cúis leo an méid breosla nach sroicheann cuasán dócháin an aonaid dócháin nó nach n-ídíonn an t-aonad tomhaltóra breosla toisc iad a bheith neamhdhóite, scaoilte nó tar éis sceitheadh ón gcóras. Chun críocha an Rialacháin seo, cuirtear astaíochtaí idirleata agus sceite san áireamh mar chéatadán de mhais an bhreosla a úsáideann an t-aonad tomhaltóra breosla. Tá na luachanna réamhshocraithe in Iarscríbhinn II.

Modhanna chun na fachtóirí luaíochta a bhaineann le tiomáint ghaothchuidithe

I gcás ina suiteáiltear tiomáint ghaothchuidithe ar bord, is féidir fachtóir luaíochta a chur i bhfeidhm, arna chinneadh mar a leanas:

Fachtóir luaíochta le haghaidh tiomáint le ghaothchuidithe -WIND (fwind)

Formula

0,99

0,05

0,97

0,1

0,95

≥ 0,15

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

Is é PWind cumhacht éifeachtach na gcóras tiomána ghaothchuidithe atá ar fáil agus comhfhreagraíonn sé do feff * Peff arna ríomh i gcomhréir le 2021 guidance on treatment of innovative energy efficiency technologies for calculation and verification of the attained energy efficiency design index (EEDI) and energy efficiency existing ships index (EEXI) [treoraíocht 2021 maidir le láimhseáil teicneolaíochtaí nuálacha éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh ríomh agus fhíorú an innéacs éifeachtúlachta fuinnimh dearaidh agus an innéacs éifeachtúlachta fuinnimh i gcás long atá ann cheana EEXI arna mbaint amach] (MEPC.1/Circ.896);

Is é PProp cumhacht tiomána na loinge agus comhfhreagraíonn sé do PME mar a shainmhínítear é sna 2018 guidelines on the method of calculation of the attained EEDI for new ships [treoirlínte 2018 maidir le modh ríofa an innéacs éifeachtúlachta fuinnimh dearaidh arna bhaint amach (EEDI) do longa nua] (rún IMO MEPC.364 (79)) agus sna 2021 guidelines on the method of calculation of the attained EEXI [treoirlínte 2021 maidir le modh ríofa an innéacs éifeachtúlachta fuinnimh i gcás long arna bhaint amach] (EEXI) (rún IMO MEPC.333(76)). I gcás ina bhfuil mótair seafta suiteáilte, PProp = PME + PPTI(i),shaft.

Ansin déantar innéacs déine GCT na loinge a ríomh trí thoradh Chothromóid (1) a iolrú faoin bhfachtóir luaíochta.


IARSCRÍBHINN II

Fachtóirí astaíochta réamhshocraithe

Úsáidfear na fachtóirí astaíochtaí réamhshocraithe atá sa tábla thíos chun an t-innéacs déine GCT dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a chinneadh, ach amháin i gcás ina n-atreoróidh cuideachtaí ó na fachtóirí astaíochtaí réamhshocraithe sin agus Airteagal 10(4) agus (5) den Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu.

Sa tábla thíos:

Ciallaíonn LT Le Tomhas,

Ciallaíonn N/I Neamh-Infhaighte,

Ciallaíonn an dais nach mbaineann ní le hábhar,

Bunaítear E i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/2001, Cuid C d’Iarscríbhinn V agus Cuid B d’Iarscríbhinn VI.

I gcás ina léiríonn cill go bhfuil TBM nó N/A ann, mura léirítear luach i gcomhréir le hAirteagal 10, úsáidfear an luach réamhshocraithe is airde don aicme breosla sa cholún céanna.

I gcás, maidir le aicme breosla ar leith, ina léiríonn gach cill sa cholún céanna TBM nó N/A, mura léirítear luach i gcomhréir le hAirteagal 10, úsáidfear luach réamhshocraithe na conaire breosla iontaise is lú fabhar. Níl feidhm ag an riail seo maidir le colún 9, i gcás ina dtagraíonn TBM nó N/A do luachanna nach bhfuil ar fáil don tomhaltóir breosla. I gcás nach bhfuil aon luach réamhshocraithe ann, ba cheart luach deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 10(5) a úsáid.

1

2

3

4

5

6

7

8

9

 

Tobar-go-humar (WtT)

Umar go marbhshruth (TtW)

Aicme breosla

Ainm na conaire

LCV

Formula

CO2eq WtT

Formula

Aicme an Aonaid Tomhaltóra Breosla

Formula

Formula

Formula

Formula

Formula

Formula

Cslip

Mar % de mhais an bhreosla a úsáideann an t-inneall

Breosla iontaise

Ola bhreosla throm (HFO)

ISO 8217 Gráid RME go RMK

0,0405

13,5

GACH ICE

3,114

0,00005

0,00018

-

LFO

ISO 8217 Gráid RMA go RMD

0,041

13,2

GACH ICE

3,151

0,00005

0,00018

-

MDO

MGO

ISO 8217 Gráid DMX go DMB

0,0427

14,4

GACH ICE

3,206

0,00005

0,00018

-

Breosla iontaise

GNL

0,0491

18.5

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla meánluais)

2,750

0

0,00011

3,1

GNL ar thimthriall Otto (débhreosla íseal-luais)

1,7

GNL ar thimthriall Díosail (débhreosla íseal-luais)

0,2

LBSI

2,6

Gás peitriliam leachtaithe (GPL)

0,046

7,8

GACH ICE

3,030 Ach ane

3,000 Própán

LT

LT

N/I

H2

(gás nádúrtha)

0,12

132

Breosla-chealla

0

0

-

-

ICE

0

0

LT

NH3

(gás nádúrtha)

0,0186

121

Breosla-chealla

0

N/I

LT

N/I

ICE

0

N/I

LT

N/I

Meatánól

(gás nádúrtha)

0,0199

31,3

GACH ICE

1,375

LT

LT

-

Bithbhreoslaí

Conairí Táirgeachta Eatánóil ó Threoir (AE) 2018/2001

An luach mar a leagtar amach é in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001

Formula

GACH ICE

1,913

LT

LT

-

Bithdhíosal

Conairí Táirgeachta ó Threoir (AE) 2018/2001

GACH ICE

2,834

LT

LT

-

Ola Glasraí Hidreachóireáilte (HVO)

Conairí Táirgeachta ó Threoir (AE) 2018/2001

GACH ICE

3,115

0,00005

0,00018

-

Bithmheatán leachtaithe mar bhreosla iompair

(Bith-GNL)

Conairí Táirgeachta ó Threoir (AE) 2018/2001

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla meánluais)

2,750

0

0,00011

3,1

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla íseal-luais)

1,7

GNL ar thimthriall Díosail (débhreoslaí)

0,2

LBSI

2,6

Conairí Táirgeachta Bithmheatánól ó Threoir (AE) 2018/2001

GACH ICE

1,375

LT

LT

-

Conairí Táirgeachta Eile ó Threoir (AE) 2018/2001

GACH ICE

3,115

0,00005

0,00018

-

Bithbhreosla

Bith-H2

Conairí Táirgeachta ó Threoir (AE) 2018/2001

An luach mar a leagtar amach é in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001

N/I

Breosla-chealla

0

0

0

-

ICE

0

0

LT

Breoslaí In-athnuaite de Thionscnamh Neamhbhitheolaíoch-

(RFNBO)--

leictribhreoslaí

leictridhíosal

0,0427

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001)

GACH ICE

3,206

0,00005

0,00018

-

leictrimheatánól

0,0199

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001)

GACH ICE

1,375

LT

LT

-

leictri-GNL

0,0491

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001)

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla meánluais)

2,750

0

0,00011

3,1

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla íseal-luais)

1,7

GNL ar thimthriall Díosail (débhreoslaí)

0,2

LBSI

2,6

leictri-H2

0,12

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001)

Breosla-chealla

0

0

0

-

ICE

0

0

LT

e-NH3

0.0186

N/I

Breosla-chealla

0

N/I

LT

N/I

ICE

0

N/I

LT

N/I

leictri-GPL

N/I

N/I

 

N/I

N/I

N/I

N/I

leictri-DME

N/I

N/I

 

N/I

N/I

N/I

-

Eile

Leictreachas

-

MEASCÁN FUINNIMH AN AONTAIS

Soláthar cumhachta ar tír (OPS)

-

-

-

-

I gColún 1 sainaithnítear aicme na mbreoslaí, eadhon breoslaí iontaise, bithbhreoslaí leachtacha, bithbhreoslaí gásacha, leictribhreoslaí.

I gColún 2 sainaithnítear ainm nó conairí na mbreoslaí ábhartha san aicme.

I gColún 3 tá luach calrach íochtarach na mbreoslaí in [MJ/g]. I gcás bithbhreoslaí leachtacha, déanfar luachanna fuinnimh de réir meáchain (luach calrach íochtarach, MJ/kg), mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, a thiontú in [MJ/g] agus a úsáid.

I gColún 4 tá fachtóirí astaíochtaí GCT WtT in [gCO2eq/MJ]:

(a)

I gcás bithbhreoslaí leachtacha, ríomhfar na luachanna réamhshocraithe trí úsáid a bhaint as luachanna E arna mbunú i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/2001, Cuid C d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin do gach bithbhreosla leachtach seachas bith-GNL agus Cuid B d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir sin do bhith-GNL, agus ar bhonn na luachanna réamhshocraithe a bhaineann leis an mbithbhreosla áirithe a úsáidtear mar bhreosla iompair agus a chonair táirgeachta, a leagtar síos sa Treoir sin, i gCuid D agus i gCuid E d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin do gach bithbhreosla leachtach seachas bith-GNL agus i gCuid D d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir sin do bhith-GNL. Mar sin féin, is gá luachanna E a choigeartú trí chóimheas na luachanna atá i gcolún 6 (cf_CO2) agus i gcolún 3 (LCV) a dhealú. Ceanglaítear sin faoin Rialachán seo, ina scartar na ríomhanna WtT agus TtW, chun comhaireamh dúbailte na n-astaíochtaí a sheachaint;

(b)

I gcás RFNBO agus breoslaí eile nach dtagraítear dóibh i bpointe (a) atá le cur san áireamh chun na críche dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo, déanfar luachanna réamhshocraithe a ríomh trí úsáid a bhaint as modheolaíocht an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 28(5) de Threoir (AE) 2018/2001, nó, más infheidhme, modheolaíocht chomhchosúil má shainmhínítear í faoi ghníomh dlí de chuid an Aontais a bhaineann leis na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus nádúrtha agus in hidrigin, de bhun Airteagal 10(1) agus (2) den Rialachán seo.

I gColún 5 sainaithnítear na príomhchineálacha/na príomhaicmí aonad tomhaltóra breosla, mar shampla, Innill Dócháin Inmheánaigh (ICE) dhá bhuille nó ceithre bhuille ar thimthriall Otto nó Díosail, Innill Gáis Ísealdó Spréachadhainte (LBSI), breosla-chealla, etc.

I gColún 6 tá an fachtóir astaíochta Cf le haghaidh CO2 in [gCO2/gfuel]. Úsáidfear luachanna na bhfachtóirí astaíochta mar a shonraítear i Rialachán (AE) 2015/757. I gcás na mbreoslaí sin uile nach bhfuil i Rialachán (AE) 2015/757, sonraítear na luachanna réamhshocraithe sa tábla.

I gColún 7 tá an fachtóir astaíochta Cf le haghaidh meatáin in [gCH4/gfuel]. I gcás breoslaí GNL, socraítear Cf le haghaidh meatáin ag nialas.

I gColún 8 tá an fachtóir astaíochta Cf le haghaidh ocsaíd nítriúil in [gN2O/gfuel].

I gColún 9 sainaithnítear an chuid den bhreosla a chailltear mar astaíochtaí idirleata agus sceite (Cslip), arna tomhas mar % de mhais an bhreosla a úsáideann an t-aonad tomhaltóra breosla sonrach. I gcás breoslaí ar nós GNL, a bhfuil na hastaíochtaí idirleata agus sceite ann ina leith, sloinntear méid na n-astaíochtaí idirleata agus sceite, mar a leagtar amach sa tábla, mar % de mhais an bhreosla a úsáidtear (Colún 9). Ríomhtar na luachanna Cslip sa tábla ag 50 % d'ualach iomlán an innill.


IARSCRÍBHINN III

Ceanglais ghinearálta maidir le teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha

Sainaithnítear sa tábla neamh-uileghabhálach seo a leanas cineálacha teicneolaíochtaí chomh maith le ceanglais ghinearálta maidir lena n-oibríocht a mheas mar theicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha de réir bhrí Airteagal 3, pointe (7).

Cineálacha teicneolaíochta

Ceanglais ghinearálta maidir le hoibríocht

Breosla-chealla

Cumhacht arna soláthar ag breosla-chealla ar bord le breosla nó córas lena n-áirithítear, nuair a úsáidtear í chun fuinneamh a sholáthar, nach scaoileann sí isteach san atmaisféar aon astaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (7)

Stóráil fuinnimh leictrigh ar bord

Cumhacht arna soláthar ag córais stórála fuinnimh leictrigh ar bord a luchtaíodh roimhe trí na nithe seo a leanas:

giniúint cumhachta ar bord ar muir

luchtú ceallraí ar tír

babhtáil ceallraí

Giniúint cumhachta ar bord ó fhuinneamh gaoithe nó gréine

Cumhacht arna soláthar ag foinsí fuinnimh in-athnuaite ar bord, a sholáthraítear go díreach don eangach loinge nó trí stóráil idirmheánach fuinnimh leictrigh ar bord a luchtú

Cumhacht a sholáthraítear le teicneolaíochtaí ar bord nach sainaithnítear sa tábla seo agus a bhaineann amach astaíochtaí nialasacha, de réir bhrí Airteagal 3, pointe (7), is féidir í a chur leis an tábla seo trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 6(6).

Beidh doiciméadacht ábhartha ag teastáil le cruthú go gcomhlíontar na ceanglais ghinearálta a luaitear thuas agus in Airteagal 6(6) le haghaidh teicneolaíochtaí eile chomh maith leis na critéir mhionsonraithe inghlacthachta a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(7).


IARSCRÍBHINN IV

Foirmlí chun an iarmhéid comhlíontachta agus na pionóis FuelEU a leagtar síos in airteagal 23(2) a ríomh

A.   Foirmlí chun iarmhéid comhlíontachta na loinge a ríomh

(a)

Chun iarmhéid comhlíontachta loinge le haghaidh déine GCT dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a ríomh, beidh feidhm ag an bhfoirmle seo a leanas:

Iarmhéid comhlíontachta [gCO2eq] =

(GHGIEtarget - GHGIEactual) x [

Formula

]

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

gCO2eq

Graim de choibhéis CO2

GHGIEtarget

An teorainn le déine GCT an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge de réir Airteagal 4(2)

GHGIEactual

Meándéine bhliantúil GCT an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge arna ríomh le haghaidh na tréimhse tuairiscithe ábhartha

I gcás aon loinge a bhfuil aicme oighir IC, IB, IA nó IA Super nó aicme oighir choibhéiseach aici, féadfaidh an chuideachta a iarraidh, go dtí an 31 Nollaig 2034, go n-eisiafaí an tomhaltas fuinnimh breise, de bharr seoladh faoi dhálaí oighir.

I gcás aon loinge a bhfuil aicme oighir IA nó IA Super nó aicme oighir choibhéiseach aici, féadfaidh an chuideachta a iarraidh go n-eisiafaí an tomhaltas fuinnimh breise, de bharr saintréithe teicniúla na loinge.

Sa dá chás ina ndéanfar an tomhaltas fuinnimh breise a eisiamh, chun an t-iarmhéid comhlíontachta thuas a ríomh, cuirfear mais choigeartaithe MiA a shainítear in Iarscríbhinn V in ionad luachanna Mi agus déanfar luach GHGIEactual atá le húsáid chun an t-iarmhéid comhlíontachta a ríomh a athríomh leis na luachanna comhfhreagracha MiA.

(b)

Chun iarmhéid comhlíontachta loinge a ríomh maidir leis an bhfosprioc do RFNBO de réir Airteagal 5(3), beidh feidhm ag an bhfoirmle seo a leanas:

CBRFNBO[MJ] =

Formula

I gcás

CBRFNBO

Iarmhéid comhlíontachta in MJ d’fhosprioc RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3)

Formula

Suim bhliantúil fuinnimh a úsáidtear ó RFNBO agus/nó ó bhreoslaí a sholáthraíonn laghduithe coibhéiseacha ar astaíochtaí GCT dá dtagraítear in Airteagal 5

B.   Foirmle chun na pionóis FuelEU a leagtar síos in Airteagal 23(2) a ríomh

Ríomhfar méid na bpionós FuelEU a leagtar síos in Airteagal 23(2) mar a leanas:

(a)

pionós FuelEU i leith iarmhéid comhlíontachta le haghaidh dhéine GCT na loinge, i gcomhréir le hAirteagal 4(2)

Pionós FuelEU =

Formula

1.

Pionós FuelEU

2.

in EUR

3.

Formula

4.

luach absalóideach an iarmhéid comhlíontachta

5.

Is ionann 41 000

6.

agus 1 thonna méadrach de VLSFO atá coibhéiseach le 41 000 MJ

7.

Is é 2 400

8.

an méid atá le híoc in EUR in aghaidh an ton mhéadraigh choibhéisigh de VLSFO

(b)

Pionós FuelEU i ndáil leis an bhfosprioc do RFNBO de réir Airteagal 5(3)

I gcás

Formula
, ríomhfar méid an phionóis FuelEU a leagtar síos in Airteagal 23(2) mar a leanas:

Pionós FuelEU (RFNBO) =

Formula

9.

Pionós FuelEU

10.

in EUR

11.

CBRFNBO

12.

luach an iarmhéid comhlíontachta le haghaidh RFNBO

13.

Pd

14.

Difríocht phraghais idir RFNBO agus breosla iontaise atá comhoiriúnach le suiteáil long

15.

41 000

16.

agus 1 thonna méadrach de VLSFO atá coibhéiseach le 41 000 MJ


IARSCRÍBHINN V

Mais choigeartaithe breosla le haghaidh loingseoireacht oighir a ríomh

Déantar cur síos san Iarscríbhinn seo conas an méid seo a leanas a ríomh:

an tomhaltas fuinnimh breise de bharr saintréithe teicniúla loinge ag a bhfuil aicme oighir IA nó IA Super nó ag a bhfuil aicme oighir choibhéiseach

tomhaltas fuinnimh bhreise loinge ag a bhfuil aicme oighir IC, IB, IA nó IA Super nó ag a bhfuil aicme oighir choibhéiseach aici, de bharr seoladh faoi dhálaí oighir

an mhais choigeartaithe [Mi A] tar éis an fuinneamh breise a asbhaint, arna leithdháileadh ar gach breosla i

Fuinneamh breise de bharr na haicme oighir

Ríomhtar an tomhaltas fuinnimh breise de bharr saintréithe teicniúla loinge a bhfuil an aicme oighir IA nó IA Super aici nó aicme oighir choibhéiseach mar a leanas:

 

Formula

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

Ciallaíonn Evoyages, total

iomlán an fhuinnimh a ídítear le linn na muiraistear go léir agus;

Ciallaíonn Eadditional due to ice conditions

an tomhaltas breise fuinnimh de bharr seoladh faoi dhálaí oighir.

Ríomhtar an fuinneamh iomlán a ídítear le linn na muiraistear go léir mar a leanas:

 

Formula

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn Mi, voyages, total

mais an bhreosla i arna tomhailt do na muiraistir go léir faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus;

ciallaíonn LCVi

luach calrach íochtarach an bhreosla i.

Fuinneamh breise mar gheall ar a bheith ag seoladh faoi dhálaí oighir

Ríomhtar tomhaltas fuinnimh bhreise loinge ag a bhfuil aicme oighir IC, IB, IA nó IA Super nó ag a bhfuil aicme oighir choibhéiseach aici, de bharr seoladh faoi dhálaí oighir, mar a leanas:

 

Formula

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn Evoyages,open water

an fuinneamh a ídítear le linn muiraistear in uisce oscailte agus;

ciallaíonn Evoyages,ice conditions, adjusted

an fuinneamh coigeartaithe arna thomhailt faoi dhálaí oighir.

Eadditional due to ice conditions

nach féidir a bheith níos airde ná

Formula

Is mar a leanas a ríomhtar an fuinneamh a ídítear le linn muiraistear lena n-áirítear seoltóireacht in uisce oscailte:

 

Formula

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn E voyages,ice conditions

fuinneamh a ídítear nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir, agus a ríomhtar mar a leanas:

 

Formula

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn Mvoyages,ice conditions

mais an bhreosla i a ídítear nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir, i raon feidhme an Rialacháin seo.

Is mar a leanas a ríomhtar an fuinneamh coigeartaithe a ídítear faoi dhálaí oighir:

 

Formula

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn Dice conditions

an t-achar comhiomlán a thaistealaítear nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

is é

Formula

an tomhaltas fuinnimh in aghaidh an achair a thaistealaítear in uisce oscailte arna ríomh mar a leanas:

 

Formula

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn Evoyages,ice conditions

an tomhaltas fuinnimh nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir agus;

is é Diomlán

an t-achar comhiomlán bliantúil a thaistealaítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Iomlán an fhuinnimh oighir bhreise mar gheall ar an aicme oighir agus ar a bheith ag seoladh faoi dhálaí oighir

 

Formula

Mais choigeartaithe [Mi,A]

Leithdháilfidh an chuideachta iomlán an fhuinnimh oighir bhreise E i additional ice ar na breoslaí éagsúla i a úsáidtear i rith na bliana, leis na dálaí seo a leanas:

 

Σ E i additional ice = E additional ice

I gcás gach breosla i,

 

Formula

Ríomhtar mais choigeartaithe an bhreosla [Mi,A] mar a leanas:

 

Formula


Top