Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1150

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1150 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2023 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin ‘Pimentón de Murcia’ (STFC)

    C/2023/3794

    IO L 152, 13.6.2023, p. 3–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1150/oj

    13.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 152/3


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1150 ÓN gCOIMISIÚN

    an 6 Meitheamh 2023

    lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin ‘Pimentón de Murcia’ (STFC)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Spáinne ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Pimentón de Murcia’ atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 464/2001 ón gCoimisiún (2).

    (2)

    Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin.

    (3)

    Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm ‘Pimentón de Murcia’ (STFC) formheasta anois.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meitheamh 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Thar ceann an Uachtaráin,

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 464/2001 ón gCoimisiún an 7 Márta 2001 lena bhforlíontar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2400/96 maidir le ainmneacha áirithe a chlárú i ‘gClár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint’ dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair a chosaint (IO L 66, 8.3.2001, lch. 29).

    (3)  IO C 68, 24.2.2023, lch. 44.


    Top