EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0956

Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/7/2023/REV/1

IO L 130, 16.5.2023, p. 52–104 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/956/oj

16.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/52


RIALACHÁN (AE) 2023/956 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Bealtaine 2023

lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I dteachtaireacht uaidh an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’, leag an Coimisiún straitéis nua fáis amach. Is é is aidhm don straitéis sin an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil, ag a mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch a bheidh tíosach ar acmhainní, agus é gan aon ghlanastaíochtaí (líon na n-astaíochtaí lúide na haistrithe) gás ceaptha teasa (‘astaíochtaí gás ceaptha teasa’) faoi 2050 ar a dhéanaí, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Tá sé mar aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. San am céanna, ní mór an claochlú sin a bheith cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár. D’fhógair an Coimisiún freisin i dteachtaireacht uaidh an 12 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách - Plean Gníomhaíochta AE: I dtreo Truailliú Nialasach don Aer, d’Uisce agus don Ithir] go gcuirfí chun cinn ionstraimí agus dreasachtaí ábhartha chun feabhas a chur ar chur chun feidhme an phrionsabail ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ a leagtar amach in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) agus dá réir sin chun céimniú amach an ‘truaillithe saor in aisce’ a thabhairt chun críche d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí idir an dícharbónú agus an uaillmhian maidir le truailliú nialasach.

(2)

Tháinig Comhaontú Pháras (4), a glacadh an 12 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), i bhfeidhm an 4 Samhain 2016 (‘Comhaontú Pháras’). D’aontaigh na páirtithe i gComhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. Faoi Chomhshocrú Aeráide Ghlaschú, a glacadh an 13 Samhain 2021, d’aithin Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC freisin, ag feidhmiú mar chruinniú de na Páirtithe i gComhaontú Pháras, go laghdófaí go mór rioscaí agus tionchair an athraithe aeráide dá dteorannófaí an méadú ar an meánteocht dhomhanda go 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus gheall siad spriocanna 2030 a neartú faoi dheireadh 2022 chun an bhearna uaillmhéine a dhúnadh.

(3)

Is éard atá i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol chomh maith le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Is mó arís anois an luach atá ag baint leis an gComhaontú Glas don Eoraip i bhfianaise thionchair thromchúiseacha phaindéim COVID-19 ar shláinte agus ar dhea-bhail eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais.

(4)

Thug an tAontas gealltanas a ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud gheilleagar an Aontais a laghdú 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030, faoi mar a leagtar amach sa mhéid a cuireadh faoi bhráid UNFCCC thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát maidir le nuashonrú an rannchuidithe arna chinneadh go náisiúnta ón Aontas agus óna Bhallstáit.

(5)

Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) cumhdaítear sa reachtaíocht an cuspóir maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050 ar a dhéanaí. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin sprioc cheangailteach intíre de chuid an Aontais laghdú 55 % ar a laghad le hais na leibhéal a bhí ann in 1990 le haghaidh glanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach san Aontas faoi 2030.

(6)

Le Tuarascáil Speisialta 2018 ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir leis na tionchair a ghabhann le méaduithe teochta domhanda 1,5° C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochta gás ceaptha teasa domhanda, cuirtear bunús láidir eolaíoch ar fáil chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus léirítear inti gur gá dlús a chur leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide. Deimhnítear sa tuarascáil sin go bhfuil géarghá le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun an dóchúlacht go dtarlódh teagmhais adhaimsire a laghdú, agus gur gá an t-athrú aeráide a theorannú go méadú teochta domhanda 1,5° C. Ina theannta sin, maidir le conairí maolaithe, atá comhsheasmhach leis an téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, mura ndéanfar iad a ghníomhachtú go tapa, beidh gá le bearta oiriúnaithe i bhfad níos costasaí agus níos casta a dhéanamh chun tionchair na leibhéal níos airde téimh dhomhanda a sheachaint. San ionchur ó Mheitheal I sa Séú Tuarascáil Mheasúnaithe ó IPCC dar teideal ‘Climate Change 2021: The Physical Science Basis’ [Athrú Aeráide 2021: An Bonn Eolaíochta Fisiciúla], meabhraítear go bhfuil tionchar ag an athrú aeráide cheana ar gach réigiún ar domhan agus tuartar go dtiocfaidh méadú ar an athrú aeráide sna blianta amach romhainn i ngach réigiún. Cuirtear i bhfios go láidir sa tuarascáil sin nach mbeidh sé indéanta an téamh a theorannú gar do 1,5 °C nó fiú 2 °C, mura ndéanfar laghduithe láithreach, go mear agus ar mórscála, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.

(7)

Tá beartas uaillmhianach maidir leis an ngníomhaíocht aeráide á shaothrú ag an Aontas agus tá creat rialála curtha i bhfeidhm aige chun sprioc 2030 atá aige a bhaint amach maidir le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Is é atá sa reachtaíocht lena gcuirtear an sprioc sin chun feidhme, inter alia, Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas (‘CTA AE’) agus lena dtugtar isteach praghsáil chomhchuibhithe i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ar leibhéal an Aontais le haghaidh earnálacha agus fo-earnálacha dianfhuinnimh, Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), lena dtugtar isteach spriocanna náisiúnta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), lena gceanglaítear ar na Ballstáit astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid talún a chúiteamh le haistriú gás ceaptha teasa ón atmaisféar.

(8)

Cé go bhfuil a astaíochtaí gás ceaptha teasa intíre laghdaithe go suntasach ag an Aontas, bhí na hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe in allmhairí chuig an Aontas ag dul i méid, agus, ar an gcaoi sin, bhí siad ag baint an bhoinn ó iarrachtaí an Aontais lorg domhanda a astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Tá sé de fhreagracht ar an Aontas leanúint de ról ceannasach a bheith aige sa ghníomhú domhanda ar son na haeráide.

(9)

Fad agus atá cineálacha cur chuige beartais ag líon mór comhpháirtithe idirnáisiúnta de chuid an Aontais nach mbaintear amach an leibhéal céanna uaillmhéine aeráide leo, tá riosca sceite carbóin ann. Tarlaíonn sceitheadh carbóin más rud é, ar chúiseanna costais a bhaineann le beartais aeráide, go ndéanann gnólachtaí in earnálacha nó fo-earnálacha áirithe táirgeadh a aistriú go tíortha eile nó go ndéanann siad allmhairí ó na tíortha sin in ionad táirgí coibhéiseacha nach bhfuil chomh dian céanna ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de. D’fhéadfadh méadú ar iomlán na n-astaíochtaí domhanda a bheith mar thoradh ar chásanna den sórt sin, rud a chuirfeadh laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa i mbaol, laghdú a bhfuil géarghá leis má tá an domhan chun an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Agus a uaillmhian aeráide á méadú ag an Aontas, d’fhéadfadh an riosca sceite carbóin sin an bonn a bhaint d’éifeachtacht bheartais laghdaithe astaíochtaí an Aontais.

(10)

An tionscnamh maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’), is cuid den phacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ é. Tá SCCT le bheith ina eilimint bunriachtanach de bhosca uirlisí an Aontais chun an cuspóir maidir le hAontas aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí i gcomhréir le Comhaontú Pháras trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí sceite carbóin mar thoradh ar uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais. Meastar go rannchuideoidh SCCT freisin le dícharbónú a chur chun cinn i dtríú tíortha.

(11)

Na sásraí atá ann cheana chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin in earnálacha agus i bhfo-earnálacha inarb ann don riosca sin, is éard atá iontu sásraí lena ndéantar lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce go hidirthréimhseach agus bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochta indírí a thabhaítear ó chostais astaíochta gás ceaptha teasa a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais. Leagtar amach na sásraí sin in Airteagal 10a(6) agus Airteagal 10b de Threoir 2003/87/CE, faoi seach. Is ionstraim beartais é leithdháileadh saor in aisce CTA AE ar leibhéal na dtáirgeoirí is fearr d’earnálacha tionsclaíocha áirithe chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin. Mar sin féin, i gcomparáid leis an gceantáil iomlán, le leithdháileadh saor in aisce den sórt sin, lagaítear an praghaschomhartha a thugann an córas agus, dá bhrí sin, bíonn tionchar aige ar na dreasachtaí le haghaidh infheistíochta in astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú tuilleadh.

(12)

Féachann SCCT le hionadú a dhéanamh ar na sásraí sin atá ann faoi láthair trí aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin ar bhealach difriúil, eadhon trí phraghsáil carbóin atá coibhéiseach le haghaidh allmhairí agus táirgí intíre a áirithiú. Chun aistriú diaidh ar ndiaidh ón gcóras reatha ina bhfuil lamháltais saor in aisce chuig SCCT a áirithiú, ba cheart SCCT a thabhairt isteach de réir a chéile de réir mar a chuirtear deireadh de réir a chéile le lamháltais saor in aisce in earnálacha a chumhdaítear le SCCT. Maidir le cur i bhfeidhm comhpháirteach agus idirthréimhseach lamháltais CTA AE a leithdháiltear saor in aisce chomh maith le cur i bhfeidhm SCCT, níor cheart é a bheith mar thoradh orthu sin, i gcás ar bith, go bhfaigheadh earraí AE cóir níos fabhraí i gcomparáid leis an gcóir a fhaigheann earraí a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

(13)

Tá an praghas carbóin ag dul i méid agus teastaíonn infheictheacht fhadtéarmach, intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil ó chuideachtaí chun a gcinntí a dhéanamh maidir le hinfheistíocht i ndícharbónú próiseas tionsclaíoch. Dá bhrí sin, chun an creat dlíthiúil a neartú le haghaidh sceitheadh carbóin a chomhrac, ba cheart bealach soiléir a bhunú chun raon feidhme SCCT a leathnú tuilleadh de réir a chéile chun táirgí, earnálacha agus fo-earnálacha atá i mbaol sceite carbóin a chumhdach.

(14)

Cé gurb é is cuspóir do SCCT an riosca sceite carbóin a chosc, leis an Rialachán seo, thabharfaí spreagadh do tháirgeoirí ó thríú tíortha freisin teicneolaíochtaí a úsáid atá níos éifeachtaí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ionas go nginfí níos lú astaíochtaí. Ar an gcúis sin, táthar ag súil go dtacóidh SCCT go héifeachtach le hastaíochtaí gás ceaptha teasa i dtríú tíortha a laghdú.

(15)

Mar ionstraim chun sceitheadh carbóin a chosc agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ba cheart a áirithiú le SCCT go mbeidh táirgí allmhairithe faoi réir córas rialála lena gcuirtear i bhfeidhm costais charbóin atá coibhéiseach leo sin a ghearrtar faoi CTA AE, rud a d’fhágfadh go mbeadh praghas carbóin coibhéiseach ann le haghaidh táirgí allmhairithe agus táirgí intíre. Is beart aeráide é SCCT ar cheart dó tacú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda a laghdú agus an riosca sceite carbóin a chosc, agus comhoiriúnacht le dlí na hEagraíochta Domhanda Trádála á háirithiú ag an am céanna.

(16)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hearraí a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais ó thríú tíortha, ach amháin i gcás ina bhfuil táirgeadh na n-earraí sin faoi réir CTA AE cheana trína chur i bhfeidhm maidir le tríú tíortha nó tríú críocha nó maidir le córas praghsála carbóin atá idirnasctha go hiomlán le CTA AE.

(17)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta ag gabháil ar bhonn leanúnach leis an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de, ba cheart, agus athbhreithniú á dhéanamh ar an Rialachán seo san am atá le teacht, tréithe agus srianta sainiúla na réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, chomh maith le tréithe agus srianta sainiúla na Stát oileánach ar cuid de chríoch chustaim an Aontais iad, a chur san áireamh, gan an bonn a bhaint d’iomláine ná comhleanúnachas dhlíchóras an Aontais, lena n-áirítear an margadh inmheánach agus comhbheartais.

(18)

D’fhonn an riosca maidir le sceitheadh carbóin i suiteálacha amach ón gcósta a chosc, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hearraí, nó táirgí próiseáilte ó na hearraí sin de thoradh an nós imeachta próiseála isteach, a thugtar chuig oileán saorga, struchtúr seasta nó ar snámh, nó aon struchtúr eile ar an scairbh ilchríochach nó i limistéar eacnamaíoch eisiach Ballstáit ina bhfuil an struchtúr sin nó an limistéar eacnamaíoch eisiach sin cóngarach do chríoch chustaim an Aontais. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun coinníollacha mionsonraithe a leagan síos maidir le SCCT a chur i bhfeidhm i gcás na n-earraí sin.

(19)

Ba cheart na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ar cheart iad a bheith faoi réir SCCT a bheith ar aon dul leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a chumhdaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, eadhon dé-ocsaíd charbóin (‘CO2’) agus, i gcás inarb ábhartha, ocsaíd nítriúil agus sárfhluaracarbóin. Ba cheart feidhm a bheith ag SCCT ar dtús maidir leis na hastaíochtaí díreacha gás ceaptha teasa sin ó am táirgthe na n-earraí go dtí go n-allmhairítear na hearraí sin isteach i gcríoch chustaim an Aontais, amhail raon feidhme CTA AE, chun comhleanúnachas a áirithiú. Ba cheart feidhm a bheith ag SCCT freisin maidir le hastaíochtaí indíreacha. Is iad na hastaíochtaí indíreacha sin na hastaíochtaí a eascraíonn as giniúint leictreachais a úsáidtear chun na hearraí a tháirgeadh a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ina leith. Dá gcuirfí astaíochtaí indíreacha san áireamh, chuirfí tuilleadh le héifeachtacht chomhshaoil SCCT agus lena uaillmhian rannchuidiú leis an athrú aeráide a chomhrac. Níor cheart, áfach, astaíochtaí indíreacha a chur san áireamh ar dtús i gcás na n-earraí a bhfuil feidhm ag bearta airgeadais ina leith san Aontas agus lena ndéantar costais astaíochtaí indíreacha a chúiteamh arna dtabhú ó chostais astaíochtaí gás ceaptha teasa arna dtabhairt ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais. Sainaithnítear na hearraí sin in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart na hathbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar CTA AE i dTreoir 2003/87/CE agus, go háirithe, athbhreithnithe ar bhearta cúitimh na gcostas indíreach a léiriú go hiomchuí a mhéid a bhaineann le raon feidhme chur i bhfeidhm SCCT. Le linn na hidirthréimhse, ba cheart sonraí a bhailiú chun tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar an modheolaíocht chun astaíochtaí indíreacha a ríomh. Ba cheart cainníocht an leictreachais a úsáidtear chun na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a tháirgeadh a chur san áireamh sa mhodheolaíocht sin, chomh maith leis an tír thionscnaimh, foinse na giniúna agus na fachtóirí astaíochtaí a bhaineann leis an leictreachas sin. Ba cheart an mhodheolaíocht shonrach a shonrú tuilleadh chun an bealach is iomchuí a bhaint amach chun sceitheadh carbóin a chosc agus chun sláine chomhshaoil SCCT a áirithiú.

(20)

Tá sé de chuspóir coiteann ag CTA AE agus ag SCCT astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearnálacha agus sna hearraí céanna a phraghsáil trí lamháltais shonracha a úsáid nó trí dheimhnithe sonracha a úsáid. Is de chineál rialála iad an dá chóras agus tá údar leo i ngeall ar an ngá atá le srian a chur le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, i gcomhréir leis an sprioc cheangailteach chomhshaoil faoi dhlí an Aontais, a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, glanastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030 agus an cuspóir aeráidneodracht ar fud an gheilleagair a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí.

(21)

Cé go socraítear le CTA AE líon iomlán na lamháltas a eisítear (‘an chaidhp’) maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí laistigh dá raon feidhme agus go gceadaítear leis lamháltais a thrádáil (‘an córas teorannaithe agus trádála astaíochtaí’), níor cheart teorainneacha cainníochtúla ar allmhairí a bhunú le SCCT, ionas nach ndéanfar sreafaí trádála a shrianadh. Thairis sin, cé go bhfuil feidhm ag CTA AE maidir le suiteálacha san Aontas, ba cheart feidhm a bheith ag SCCT maidir le hearraí áirithe a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

(22)

Tá roinnt gnéithe sonracha ag córas SCCT i gcomparáid le CTA AE, lena n-áirítear, i ndáil le praghas dheimhnithe SCCT a ríomh, na deiseanna chun deimhnithe SCCT a thrádáil agus tréimhse bhailíochta na ndeimhnithe. Is ann do na gnéithe sin mar gheall ar an ngá atá le héifeachtacht SCCT a chaomhnú mar bheart chun sceitheadh carbóin le himeacht ama a chosc. Áirithítear leo freisin nach mbeidh ualach rómhór ag baint le bainistiú chóras SCCT, ó thaobh na n-oibleagáidí a fhorchuirtear ar oibreoirí agus ó thaobh acmhainní riaracháin de, agus, ag an am céanna, go gcaomhnófar leibhéal solúbthachta ar fáil d’oibreoirí arb ionann é agus an leibhéal solúbthachta atá ar fáil d’oibreoirí faoi CTA AE. Tá tábhacht ar leith ag baint le cothromaíocht den sórt sin a áirithiú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) lena mbaineann.

(23)

Chun a éifeachtacht a chaomhnú mar bheart chun sceitheadh carbóin a chosc, ní mór SCCT a bheith ar aon dul le praghas CTA AE. Cé go ndéantar praghas na lamháltas a scaoiltear ar an margadh a chinneadh trí cheantanna ar mhargadh CTA AE, ba cheart praghas dheimhnithe SCCT a bheith ina léiriú réasúnta ar phraghas ceantanna den sórt sin trí mheánphraghsanna arna ríomh ar bhonn seachtainiúil. Léirítear go mion le meánphraghsanna seachtainiúla den sórt sin luaineachtaí praghsanna CTA AE agus fágann siad go mbíonn corrlach réasúnta ag allmhaireoirí chun leas a bhaint as athruithe praghsanna CTA AE, á áirithiú freisin go leanfaidh údaráis riaracháin de bheith in ann an córas a bhainistiú.

(24)

Faoi CTA AE, is leis an gcaidhp a chinntear soláthar na lamháltas astaíochtaí agus a thugtar deimhneacht maidir leis na hastaíochtaí uasta gás ceaptha teasa. Is í an chothromaíocht idir an soláthar sin agus éileamh an mhargaidh a chinneann an praghas carbóin. Tá gá le ganntanas chun dreasacht phraghais a bheith ann. Níl sé beartaithe leis an Rialachán seo caidhp a fhorchur ar líon na ndeimhnithe SCCT atá ar fáil d’allmhaireoirí; dá mbeadh allmhaireoirí in ann deimhnithe SCCT a thabhairt ar aghaidh agus a thrádáil, d’fhéadfadh an cumas sin a fhágáil go dtiocfadh ann do chásanna nach mbeadh praghas dheimhnithe SCCT ina léiriú a thuilleadh ar an éabhlóid ar an bpraghas in CTA AE. Le cás den sórt sin, lagófaí an dreasacht le haghaidh dícharbónú, thabharfaí tús áite don sceitheadh carbóin agus dhéanfaí dochar do chuspóir uileghabhálach aeráide SCCT. D’fhéadfadh praghsanna difriúla d’oibreoirí ó thíortha difriúla a bheith mar thoradh air freisin. Tá údar, dá bhrí sin, leis na teorainneacha ar na féidearthachtaí deimhnithe SCCT a thrádáil agus iad a thabhairt ar aghaidh toisc nach mór gan an bonn a bhaint de chuspóir éifeachtachta agus aeráide SCCT agus nach mór a áirithiú go gcaithfear go cothrom le hoibreoirí ó thíortha éagsúla. Mar sin féin, chun an deis a chaomhnú d’allmhaireoirí a gcostais a optamú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo le haghaidh córas inar féidir le húdaráis méid áirithe deimhnithe breise a athcheannach ó allmhaireoirí. Ba cheart an méid sin a shocrú ar leibhéal a thugann corrlach réasúnta d’allmhaireoirí chun a gcostais a ghiaráil thar thréimhse bhailíochta na ndeimhnithe, agus éifeacht fhoriomlán ar tharchur praghsanna á caomhnú san am céanna, rud a d’áiritheodh go gcaomhnófaí cuspóir comhshaoil an bhirt.

(25)

Ós rud é go mbeadh feidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hallmhairí earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais, seachas maidir le suiteálacha, bheadh gá freisin feidhm a bheith ag oiriúnuithe agus simplithe áirithe in SCCT. Is é ba cheart a bheith i gceann de na simplithe sin córas simplí agus inrochtana dearbhaitheach a thabhairt isteach trína ndéanfadh allmhaireoirí na hastaíochtaí iomlána fíoraithe gás ceaptha teasa atá leabaithe in earraí a allmhairítear i mbliain féilire ar leith a thuairisciú. Ba cheart uainiú atá difriúil i gcomparáid le timthriall comhlíontachta CTA AE a chur i bhfeidhm freisin chun aon scrogall a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar oibleagáidí ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe faoin Rialachán seo agus faoi Threoir 2003/87/CE.

(26)

Ba cheart do na Ballstáit pionóis a fhorchur as sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go ndéanfar na pionóis sin a fhorfheidhmiú. Go sonrach, ba cheart méid an phionóis as mainneachtain ag dearbhóir údaraithe SCCT deimhnithe SCCT a ghéilleadh a bheith comhionann leis an méid de bhun Airteagal 16(3) agus (4) de Threoir 2003/87/CE. Mar sin féin, i gcás inar duine seachas dearbhóir údaraithe SCCT a thug na hearraí isteach san Aontas gan na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart méid na bpionós sin a bheith níos airde chun a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, á chur san áireamh freisin nach bhfuil sé d’oibleagáid ar an duine sin deimhnithe SCCT a ghéilleadh. Tá forchur na bpionós faoin Rialachán seo gan dochar do phionóis a fhéadfar a fhorchur faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta as oibleagáidí ábhartha eile a shárú, go háirithe iad sin a bhaineann le rialacha custaim.

(27)

Cé go bhfuil feidhm ag CTA AE maidir le próisis agus gníomhaíochtaí táirgthe áirithe, le SCCT, ba cheart díriú go háirithe ar na hallmhairí earraí comhfhreagracha. Chuige sin, ní mór earraí allmhairithe a shainaithint go soiléir trí iad a aicmiú san Ainmníocht Chomhcheangailte (‘AC’) a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (9) agus trí iad a nascadh le hastaíochtaí leabaithe.

(28)

Ba cheart na hearraí nó na táirgí próiseáilte a chumhdaítear le SCCT na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le CTA AE a léiriú ós rud é go bhfuil an córas sin bunaithe ar chritéir chainníochtúla agus cháilíochtúla atá nasctha le cuspóir comhshaoil Threoir 2003/87/CE agus gurb é an córas rialála astaíochtaí gás ceaptha teasa is cuimsithí san Aontas é.

(29)

Dá ndéanfaí raon feidhme SCCT a shainmhíniú ar bhealach lena léirítear na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le CTA AE, bheadh sé sin ina rannchuidiú freisin lena a áirithiú nach gcuirfear cóir is lú fabhar ar tháirgí allmhairithe ná mar a chuirfear ar tháirgí comhchosúla de bhunús intíre.

(30)

Cé gurb é is cuspóir deiridh SCCT cumhdach táirgí leathan a bheith ann, ba stuama tosú le líon áirithe earnálacha ina bhfuil earraí atá measartha aonchineálach mar a bhfuil riosca sceite carbóin. Liostaítear na hearnálacha a meastar a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2019/708 ón gCoimisiún (10).

(31)

Ba cheart na hearraí, ar cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ina leith, a roghnú tar éis anailís chúramach a dhéanamh ar a n-ábharthacht i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa carntha agus i dtéarmaí riosca sceite carbóin sna hearnálacha CTA AE comhfhreagracha, agus castacht agus an t-ualach riaracháin ar na hoibreoirí lena mbaineann á dteorannú ag an am céanna. Go háirithe, ba cheart bunábhair agus buntáirgí a chumhdaítear le CTA AE a chur san áireamh sa roghnúchán, agus é mar chuspóir leis sin a áirithiú go mbeidh astaíochtaí atá leabaithe i dtáirgí atá dian ar astaíochtaí a allmhairítear isteach san Aontas faoi réir praghas carbóin atá coibhéiseach leis an bpraghas carbóin a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí AE, agus an riosca sceite carbóin a mhaolú. Seo a leanas na critéir ábhartha ba cheart a bheith ann chun an roghnúchán a chaolú: ar an gcéad dul síos, ábharthacht na n-earnálacha i dtéarmaí astaíochtaí, is é sin cé acu atá nó nach bhfuil an earnáil ar cheann de na hastaírí astaíochtaí comhiomlána gás ceaptha teasa is mó; ar an dara dul síos, neamhchosaint na hearnála ar riosca suntasach sceite carbóin, mar a shainmhínítear de bhun Threoir 2003/87/CE; agus ar an tríú dul síos, an gá atá le cothromaíocht a bheith ann idir cumhdach leathan táirge i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa agus, san am céanna, an chastacht agus an t-ualach riaracháin a theorannú.

(32)

Le húsáid an chéad chritéir, bheifí in ann na hearnálacha tionsclaíocha seo a leanas a liostú i dtéarmaí astaíochtaí carntha: iarann agus cruach, scaglanna, stroighin, alúmanam, ceimiceáin bhunúsacha orgánacha, hidrigin agus leasacháin.

(33)

Níor cheart, áfach, aghaidh a thabhairt ar earnálacha áirithe atá liostaithe i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2019/708 sa Rialachán seo ag an gcéim seo, i ngeall ar a saintréithe ar leith.

(34)

Go háirithe, níor cheart ceimiceáin orgánacha a chur ar áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo i ngeall ar shrianta teicniúla a fhágann, tráth ghlacadh an Rialacháin seo, nach féidir astaíochtaí leabaithe na n-earraí allmhairithe sin a shainmhíniú go soiléir. I gcás na n-earraí sin, is bunpharaiméadar é an tagarmharc is infheidhme faoi CTA AE, rud a fhágann nach féidir astaíochtaí atá leabaithe in earraí allmhairithe aonair a leithdháileadh ar mhodh cinnte. Teastaíonn tuilleadh sonraí agus anailíse chun leithdháileadh lamháltas níos spriocdhírithe a chur i bhfeidhm maidir le ceimiceáin orgánacha.

(35)

Tá feidhm ag srianta teicniúla comhchosúla maidir le táirgí scaglainne, óir is é mar atá i gcás na dtáirgí sin nach féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa a shannadh ar mhodh cinnte do na táirgí aschuir aonair. An tráth céanna, ní le táirgí sonracha, amhail peitreal, díosal nó ceirisín, atá baint dhíreach ag an tagarmharc ábhartha in CTA AE, ach leis an aschur scaglainne ina iomláine.

(36)

Ba cheart táirgí alúmanaim a chuimsiú in SCCT toisc gur mó an neamhchosaint atá acu ar sceitheadh carbóin. Thairis sin, i roinnt feidhmeanna tionsclaíocha tá táirgí alúmanaim in iomaíocht dhíreach le táirgí cruach i ngeall ar shaintréithe atá an-chosúil le saintréithe na dtáirgí cruach.

(37)

Tráth ghlacadh an Rialachán seo, tá allmhairí hidrigine isteach san Aontas sách íseal. Meastar, áfach, go dtiocfaidh athrú suntasach ar an staid sin sna blianta amach romhainn de réir mar a chuirfidh an pacáiste de chuid an Aontais ‘Oiriúnach do 55’ úsáid na hidrigine in-athnuaite chun cinn. Maidir leis an tionscal a dhícharbónú ina iomláine, tiocfaidh méadú ar an éileamh ar hidrigin in-athnuaite, agus, dá bhrí sin, beidh próisis táirgthe neamh-chomhtháite ann i dtáirgí iartheachtacha a bhfuil hidrigin mar réamhtheachtaí acu. Is é hidrigin a áireamh i raon feidhme SCCT an bealach iomchuí chun dícharbónú na hidrigine a chothú tuilleadh.

(38)

Ar an gcaoi chéanna, ba cheart táirgí áirithe a chuimsiú i raon feidhme SCCT d’ainneoin leibhéal íseal na n-astaíochtaí leabaithe a tharlaíonn le linn a bpróisis táirgthe toisc, dá n-eisiafaí iad, go méadódh sé sin an dóchúlacht go ndéanfaí cuimsiú táirgí cruach in SCCT a imchéimniú tríd an bpatrún trádála a mhodhnú i dtreo táirgí iartheachtacha.

(39)

Os a choinne sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ar dtús maidir le táirgí áirithe nach bhfuil astaíochtaí suntasacha i gceist lena dtáirgeadh amhail dramh feiriúil, roinnt fearó-chóimhiotal agus leasacháin áirithe.

(40)

Ba cheart allmhairiú leictreachais a chuimsiú i raon feidhme an Rialacháin seo, toisc gurb í an earnáil seo is cúis le 30 % d’iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas. Le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais leathnófaí an bhearna maidir le costais charbóin idir táirgeadh leictreachais laistigh den Aontas agus táirgeadh leictreachais i dtríú tíortha. Leis an mbearna sin, mar aon leis an dul chun cinn a dhéantar chun eangach leictreachais an Aontais a nascadh le heangach leictreachais a chomharsan, mhéadófaí an riosca sceite carbóin i ngeall ar an méadú ar allmhairí leictreachais, a dtáirgtear cuid shuntasach de le gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe.

(41)

Chun ualach iomarcach riaracháin a mhéid a bhaineann le riaracháin náisiúnta inniúla agus allmhaireoirí, a sheachaint, is iomchuí na cásanna teoranta a shonrú nár cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí faoin Rialachán seo. Tá an fhoráil de minimis sin, áfach, gan dochar d’fheidhmiú leanúnach na bhforálacha faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus, go háirithe, reachtaíocht chustaim, lena n-áirítear maidir le calaois a chosc.

(42)

Ós rud é nár cheart é a bheith ar allmhaireoirí táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh tráth an allmhairithe, ba cheart bearta riaracháin sonracha a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin ag céim níos déanaí. Dá bhrí sin, níor cheart allmhaireoirí a bheith i dteideal earraí a allmhairiú atá faoi réir an Rialacháin seo ach amháin tar éis d’údaráis inniúla údarú a dheonú dóibh.

(43)

Níor cheart do na húdaráis chustaim a cheadú d’aon duine cé is moite de dhearbhóir SCCT údaraithe earraí a allmhairiú. I gcomhréir le hAirteagail 46 agus 48 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), tá na húdaráis chustaim i dteideal seiceálacha a dhéanamh ar na hearraí, lena n-áirítear i ndáil le sainaithint an dearbhóra SCCT údaraithe, cód AC ocht ndigit, cainníocht agus tír thionscnaimh na n-earraí allmhairithe, dáta an dearbhaithe agus an nós imeachta custaim. Ba cheart don Choimisiún na rioscaí a bhaineann le SCCT a áireamh i mbunú na gcritéar riosca comhchoiteann agus na gcaighdeán comhchoiteann de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

(44)

Le linn idirthréimhse, ba cheart do na húdaráis chustaim na dearbhóirí custaim a chur ar an eolas faoin oibleagáid maidir le faisnéis a thuairisciú, chun rannchuidiú le bailiú faisnéise agus le feasacht faoin ngá atá le stádas dearbhóirí SCCT údaraithe a iarraidh i gcás inarb infheidhme. Ba cheart do na húdaráis chustaim an fhaisnéis sin a chur in iúl ar bhealach iomchuí lena áirithiú go gcuirfear na dearbhóirí custaim ar an eolas faoin oibleagáid sin.

(45)

Ba cheart SCCT a bhunú ar chóras dearbhaitheach ina ndéanfadh dearbhóir SCCT údaraithe, a d’fhéadfadh ionadaíocht a dhéanamh ar níos mó ná allmhaireoir amháin, dearbhú a chur isteach go bliantúil maidir leis na hastaíochtaí leabaithe sna hearraí a allmhairíodh isteach i gcríoch chustaim an Aontais agus a dhéanfadh líon áirithe deimhnithe SCCT a ghéilleadh a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí sin a dearbhaíodh. Ba cheart an chéad dearbhú SCCT, i ndáil le bliain féilire 2026, a chur isteach faoin 31 Bealtaine 2027.

(46)

Ba cheart dearbhóir SCCT údaraithe a bheith in ann laghdú a éileamh ar líon na ndeimhnithe SCCT atá le géilleadh, laghdú a chomhfhreagraíonn don phraghas carbóin a íoctar go hiarbhír cheana sa tír thionscnaimh le haghaidh na n-astaíochtaí leabaithe údaraithe.

(47)

Ba cheart na hastaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh a bheith deimhnithe ag duine atá creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) nó de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 (13).

(48)

Ba cheart do SCCT a cheadú d’oibreoirí suiteálacha táirgthe i dtríú tíortha clárú i gclárlann SCCT agus a n-astaíochtaí leabaithe ó tháirgeadh earraí a chur ar fáil do dhearbhóirí SCCT údaraithe. Ba cheart oibreoir a bheith in ann a roghnú nach dtabharfaí rochtain don phobal ar a ainm nó a hainm, a sheoladh nó a seoladh ná a shonraí nó a sonraí teagmhála i gclár SCCT.

(49)

Bheadh difríocht idir deimhnithe SCCT agus lamháltais CTA AE, agus is gné fhíor-riachtanach de na lamháltais sin an cheantáil laethúil. An gá atá le praghas soiléir a shocrú le haghaidh deimhnithe SCCT, rud é sin a d’fhágfadh go gcuirfeadh an foilsiú laethúil ualach rómhór agus mearbhall ar oibreoirí, de dheasca an riosca go gcaillfeadh na praghsanna laethúla a mbailíocht tráth a bhfoilsithe. Dá réir sin, bheadh foilsiú phraghsanna SCCT ar bhonn seachtainiúil ina léiriú níos cruinne ar threocht phraghsála lamháltais CTA AE a eisítear ar an margadh agus shaothródh sé an cuspóir aeráide céanna. Dá bhrí sin, ba cheart ríomh phraghsanna deimhnithe SCCT a bhunú ar bhonn fráma ama níos faide, amhail ar bhonn seachtainiúil ná ar an bhfráma ama a bunaíodh le CTA AE, eadhon ar bhonn laethúil. Ba cheart a chur de chúram ar an gCoimisiún an meánphraghas sin a ríomh agus a fhoilsiú.

(50)

Chun solúbthacht a thabhairt do na dearbhóirí SCCT údaraithe maidir lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus chun ligean dóibh tairbhiú de luaineachtaí i bpraghas na lamháltas CTA AE, ba cheart deimhnithe SCCT a bheith bailí ar feadh tréimhse theoranta ama ón dáta a ceannaíodh iad. Ba cheart deis a bheith ann don dearbhóir SCCT údaraithe cuid de na deimhnithe a ceannaíodh de bharraíocht a athdhíol. D’fhonn deimhnithe SCCT a ghéilleadh, ba cheart don dearbhóir SCCT údaraithe líon na ndeimhnithe is gá a charnadh le linn na bliana, agus atá comhfhreagrach leis na tairseacha á socrú ag deireadh gach ráithe.

(51)

Tugann saintréithe fisiceacha an leictreachais mar tháirge údar le dearadh a bheith beagán difriúil laistigh de SCCT i gcomparáid le hearraí eile. Ba cheart luachanna réamhshocraithe a úsáid faoi choinníollacha a shonraítear go soiléir, agus ba cheart é a bheith d’fhéidearthacht ag dearbhóirí SCCT údaraithe a éileamh go ríomhfaí a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo ar bhonn a gcuid astaíochtaí iarbhír. Tá difríocht idir trádáil an leictreachais agus trádáil earraí eile, go háirithe toisc go ndéantar an trádáil trí eangacha leictreachais idirnasctha, a bhaineann úsáid as malartáin chumhachta agus as cineálacha sonracha trádála. An mhargadhchúpláil, foirm trádála leictreachais is ea í a ndéantar rialáil dhlúth uirthi agus lenar féidir tairiscintí agus ofrálacha a chomhiomlánú ar fud an Aontais.

(52)

Chun riosca imchéimniúcháin a sheachaint agus chun feabhsú a dhéanamh ar inrianaitheacht astaíochtaí CO2 iarbhír ó allmhairiú an leictreachais agus óna úsáid in earraí, níor cheart ríomh astaíochtaí iarbhír a cheadú ach amháin faoi choinníollacha dochta áirithe. Go háirithe, ba cheart é a bheith riachtanach a léiriú go ndearnadh ainmniúchán cinnte maidir leis an toilleadh idirnaisc a leithdháileadh agus go bhfuil gaol conarthach díreach idir an ceannaitheoir agus táirgeoir an leictreachais in-athnuaite, nó idir an ceannaitheoir agus táirgeoir an leictreachais a ngabhann astaíochtaí atá faoi bhun an luacha réamhshocraithe leis.

(53)

Chun an riosca sceite carbóin a laghdú, ba cheart don Choimisiún beart a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais imchéimnithe. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an riosca maidir le himchéimniú den sórt sin i ngach earnáil a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ina leith.

(54)

Maidir leis na Comhpháirtithe Conarthacha sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh arna thabhairt i gcrích ag Cinneadh 2006/500/CE (14) agus na Páirtithe i gComhaontuithe Comhlachais, lena n-áirítear Limistéir Dhoimhne Chuimsitheacha Shaorthrádála, tá siad tiomanta do phróisis dícharbónaithe ar cheart go mbeadh mar thoradh orthu sa deireadh go nglacfar sásraí praghsála carbóin a bheidh comhchosúil le CTA AE nó coibhéiseach leis nó go nglacfaidh na Comhpháirtithe sin páirt in CTA AE.

(55)

Is toisc thábhachtach é comhtháthú na dtríú tíortha i margadh leictreachais an Aontais do na tíortha sin maidir le dlús a chur lena n-aistriú chuig córais fuinnimh ina mbeidh sciar ard fuinnimh in-athnuaite. An mhargadhchúpláil sa mhargadh leictreachais, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún (15), cuireann sí ar a gcumas do thríú tíortha leictreachas ó fhuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú níos fearr isteach sa mhargadh leictreachais, an leictreachas sin a mhalartú ar bhealach éifeachtúil laistigh de limistéar níos leithne, rud a dhéanann cothromaíocht a bhaint amach idir an soláthar agus an t-éileamh laistigh de mhargadh an Aontais atá níos mó ná a margaí féin, agus déine astaíochta CO2 a nginiúna leictreachais a laghdú. Le comhtháthú na dtríú tíortha isteach i margadh leictreachais an Aontais, cuirtear freisin le slándáil an tsoláthair leictreachais sna tíortha sin agus sna Ballstáit chomharsanachta.

(56)

Nuair a bheidh margadh leictreachais tríú tíortha comhtháite go dlúth isteach i margadh leictreachais an Aontais tríd an margadhchúpláil, ba cheart teacht ar réitigh theicniúla chun cur i bhfeidhm SCCT a áirithiú maidir le leictreachas a onnmhairítear ó na tíortha sin isteach i gcríoch chustaim an Aontais. Mura féidir teacht ar réitigh theicniúla, ba cheart do thríú tíortha a bhfuil a margaí cúpláilte le margadh an Aontais tairbhe a bhaint as díolúine atá teoranta ó thaobh ama de ó SCCT go dtí 2030 maidir le honnmhairiú leictreachais amháin, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Ba cheart do na tríú tíortha sin, áfach, treochlár a fhorbairt agus gealltanas a thabhairt go gcuirfidh siad sásra praghsála carbóin chun feidhme a bheidh coibhéiseach le CTA AE, agus ba cheart dóibh gealltanas a thabhairt go mbainfidh siad aeráidneodracht amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus go n-ailíneoidh siad le reachtaíocht an Aontais i réimsí an chomhshaoil, na haeráide, na hiomaíochta agus an fhuinnimh. Ba cheart díolúine den sórt sin a aistarraingt tráth ar bith má bhíonn cúiseanna ann lena chreidiúint nach gcomhlíonann an tír atá i gceist a gealltanais nó nach bhfuil córas trádála astaíochtaí glactha aici faoi 2030 atá coibhéiseach le CTA AE.

(57)

Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha idirthréimhseacha ar feadh tréimhse theoranta ama. Chuige sin, ba cheart feidhm a bheith ag SCCT gan coigeartú airgeadais, agus é de chuspóir aige sin a chur i bhfeidhm rianúil a éascú, agus dá réir sin, an riosca maidir le tionchair shuaiteacha ar thrádáil a laghdú. Ba cheart go mbeadh ar allmhaireoirí na hastaíochtaí leabaithe in earraí a allmhairíodh le linn na ráithe roimhe sin den bhliain féilire a thuairisciú ar bhonn ráithiúil, ag leagan amach na n-astaíochtaí díreacha agus indíreacha mar aon le haon phraghas carbóin a íocadh go hiarbhír ar an gcoigríoch. Ba cheart tuarascáil dheireanach SCCT, arb í an tuarascáil atá le cur isteach don ráithe dheireanach de 2025, a thíolacadh faoin 31 Eanáir 2026.

(58)

Chun feidhmiú cuí SCCT a éascú agus a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a chur ar fáil do na húdaráis inniúla maidir lena bhfeidhmeanna agus a n-oibleagáidí a chur i gcrích faoin Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún comhordú a dhéanamh, treoirlínte a eisiúint agus tacú le malartú dea-chleachtas.

(59)

Chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach costéifeachtach, ba cheart don Choimisiún bainistiú a dhéanamh ar chlárlann SCCT ina bhfuil sonraí faoi dhearbhóirí, oibreoirí agus suiteálacha SCCT údaraithe i dtríú tíortha.

(60)

Ba cheart ardán lárnach coiteann a bhunú chun deimhnithe SCCT a dhíol agus a athcheannach. D’fhonn formhaoirseacht a dhéanamh ar na hidirbhearta ar an ardán lárnach coiteann, ba cheart don Choimisiún malartú faisnéise agus comhar idir na húdaráis inniúla, chomh maith le hidir na húdaráis sin agus an Coimisiún, a éascú. Ina theannta sin, ba cheart sreabhadh tapa faisnéise a bhunú idir an t-ardán lárnach coiteann agus clárlann SCCT.

(61)

Chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún rialuithe rioscabhunaithe a dhéanamh agus ba cheart dó athbhreithniú a dhéanamh dá réir sin ar inneachar dearbhuithe SCCT.

(62)

Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a chumasú tuilleadh, ba cheart don Choimisiún, mar réamh-ionchur, a ríomhanna féin maidir leis na deimhnithe SCCT atá le géilleadh a chur ar fáil do na húdaráis inniúla, ar bhonn a athbhreithnithe ar dhearbhuithe SCCT. Ba cheart réamh-ionchur den sórt sin a chur ar fáil chun críocha táscacha amháin agus gan dochar don ríomh cinntitheach atá le déanamh ag an údarás inniúil. Go háirithe, níor cheart aon cheart achomhairc ann ná aon bheart feabhais eile a bheith indéanta i gcoinne réamh-ionchur den sórt sin arna dhéanamh ag an gCoimisiún.

(63)

Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann athbhreithnithe a dhéanamh freisin ar dhearbhuithe aonair SCCT chun críocha forfheidhmithe. Ba cheart conclúidí na n-athbhreithnithe ar dhearbhuithe aonair SCCT a roinnt leis an gCoimisiún. Ba cheart na conclúidí sin a chur ar fáil freisin d’údaráis inniúla eile trí chlárlann SCCT.

(64)

Ba cheart na Ballstáit a bheith freagrach as an ioncam a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a shuí agus a bhailiú i gceart.

(65)

Ba cheart don Choimisiún measúnú tráthrialta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ba cheart díriú sna tuarascálacha sin go háirithe ar fhéidearthachtaí maidir le feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí ar son na haeráide i dtreo an cuspóir a bhaint amach maidir leis an Aontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050 ar a dhéanaí. Ba cheart don Choimisiún, mar chuid den tuairisciú sin, an fhaisnéis is gá a bhailiú d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú tuilleadh chuig astaíochtaí indíreacha leabaithe sna hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a luaithe is féidir, agus chuig earraí agus seirbhísí eile a d’fhéadfadh a bheith i mbaol sceitheadh carbóin, amhail táirgí iartheachtacha, agus modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar mhodhanna maidir le lorg comhshaoil, mar a leagtar amach i Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún (16). Ba cheart measúnú a bheith sna tuarascálacha sin freisin ar thionchar SCCT ar sceitheadh carbóin, lena n-áirítear i ndáil le honnmhairí, agus ar an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus críochach atá aige ar fud an Aontais, agus tréithe agus srianta sainiúla na réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE agus na Stát oileánach ar cuid de chríoch chustaim an Aontais iad á gcur san áireamh.

(66)

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chleachtais chun teacht timpeall ar an Rialachán seo agus ba cheart dó aghaidh a thabhairt ar na cleachtais sin, lena n-áirítear i gcásanna ina bhféadfadh oibreoirí a gcuid earraí a mhodhnú beagán gan a mbuntréithe a athrú, nó lastais a scoilteadh go saorga, chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a sheachaint. Aon chásanna ina seolfaí earraí chuig tríú tír nó réigiún sula n-allmhaireofaí chuig margadh an Aontais iad, agus é mar aidhm leis sin na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a sheachaint, nó ina n-onnmhaireodh oibreoirí i dtríú tíortha a dtáirgí ar lú a ndéine astaíochtaí gás ceaptha teasa chuig an Aontas agus ina gcoinneodh siad a dtáirgí ar mó a ndéine astaíochtaí gás ceaptha teasa do mhargaí eile, nó ina ndéanfadh onnmhaireoirí nó táirgeoirí atheagrú ar a bpatrúin díola agus a mbealaí díola, nó aon chineálacha eile détháirgthe agus déchleachtas díola, agus é mar aidhm acu na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a sheachaint, ba cheart faireachán a dhéanamh ar na cásanna sin freisin.

(67)

Agus lánurraim á tabhairt do na prionsabail a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart é a bheith d’aidhm ag an obair chun raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú na hearnálacha uile a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE a áireamh faoi 2030. Dá bhrí sin, agus athbhreithniú agus meastóireacht á ndéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún leanúint de thagairt a dhéanamh don amlíne sin, agus tosaíocht a thabhairt d’astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearraí is mó atá neamhchosanta ar sceitheadh carbóin agus atá an-dian ar charbón a chur ar áireamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, chomh maith leo sin atá leabaithe i dtáirgí iartheachtacha ina bhfuil cion suntasach de cheann amháin ar a laghad de na hearraí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Mura dtíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach le haghaidh leathnú den sórt sin, faoi 2030, ar raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart dó Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi na cúiseanna leis sin agus na bearta is gá a dhéanamh chun an cuspóir a bhaint amach, is é sin na hearnálacha uile a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE a chur ar áireamh a luaithe is féidir.

(68)

Ba cheart don Choimisiún freisin tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo dhá bhliain tar éis dheireadh na hidirthréimhse, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin. Ba cheart an t-uainiú do thíolacadh na dtuarascálacha sin cloí leis na tráthchláir maidir le feidhmiú an mhargaidh carbóin de bhun Airteagal 10(5) de Threoir 2003/87/CE. Ba cheart measúnú ar thionchair SCCT a bheith sna tuarascálacha.

(69)

Chun go bhféadfar freagairt thapa agus éifeachtach a thabhairt ar imthosca neamh-intuartha, eisceachtúla agus gan chúis a mbeidh iarmhairtí scriosacha acu ar bhonneagar eacnamaíoch agus tionsclaíoch tríú tír amháin nó níos mó atá faoi réir SCCT, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, de réir mar is iomchuí, lena leasófar an Rialachán seo. Ba cheart a leagan amach i dtogra reachtach den sórt sin na bearta is iomchuí i bhfianaise na gcúinsí atá ag an tríú tír nó na tríú tíortha, agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcaomhnú ag an am céanna. Ba cheart teorainn ama a bheith leis na bearta sin.

(70)

Ba cheart leanúint den idirphlé le tríú tíortha agus ba cheart spás a bheith ann do chomhar agus do réitigh a d’fhéadfadh a bheith ina mbonn faisnéise le haghaidh roghanna sonracha a bheidh le déanamh maidir le mionsonraí SCCT le linn a chur chun feidhme, go háirithe le linn na hidirthréimhse.

(71)

Ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh, ar bhealach cóir agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, dul i gcomhairle le tríú tíortha a ndéanann an Rialachán seo difear dá dtrádáil leis an Aontas, chun an fhéidearthacht a fhiosrú maidir le hidirphlé agus comhar i dtaca le cur chun feidhme gnéithe sonracha de SCCT. Ba cheart don Choimisiún freisin, an fhéidearthacht a fhiosrú maidir le comhaontuithe a thabhairt i gcrích a chuireann sásra praghsála carbóin tríú tíortha san áireamh. Ba cheart don Aontas cúnamh teicniúil a chur ar fáil chuige sin do thíortha i mbéal forbartha agus do na tíortha is lú forbairt arna sainaithint ag na Náisiúin Aontaithe (TLFanna).

(72)

Le bunú SCCT, iarrtar go bhforbrófaí comhar déthaobhach, iltaobhach agus idirnáisiúnta le tríú tíortha. Chuige sin, ba cheart fóram tíortha a chur ar bun le hionstraimí praghsála carbóin nó le hionstraimí inchomparáide eile (‘Club Aeráide’), chun an cur chun feidhme de bheartais uaillmhianacha aeráide a chur chun cinn i ngach tír agus an bealach a réiteach do chreat praghsála carbóin domhanda. Ba cheart don Chlub Aeráide a bheith oscailte deonach agus neamheisiach agus é a bheith dírithe go háirithe ar arduaillmhian i leith na haeráide a bhaint amach i gcomhréir le Comhaontú Pháras. D’fhéadfadh an Club Aeráide feidhmiú faoi choimirce eagraíocht idirnáisiúnta iltaobhach agus ba cheart dó éascú a dhéanamh ar chomparáid agus, i gcás inarb iomchuí, chomhordú na mbeart ábhartha a mbeadh tionchar acu ar laghdú astaíochtaí. Ba cheart don Chlub Aeráide tacú freisin le hinchomparáideacht na mbeart aeráide ábhartha trí cháilíocht an fhaireacháin, an tuairiscithe agus an fhíoraithe ar an aeráid a áirithiú i measc a chomhaltaí agus trí mhodhanna rannpháirtíochta agus trédhearcachta a sholáthar idir an tAontas agus a chomhpháirtithe trádála.

(73)

Chun tacú tuilleadh le gnóthú spriocanna Chomhaontú Pháras i dtríú tíortha, is inmhianaithe go leanfadh an tAontas de thacaíocht airgeadais a chur ar fáil trí bhuiséad an Aontais do mhaolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú i TLFanna, lena n-áirítear ina n-iarrachtaí a dtionscal monaraíochta a dhícharbónú agus a chlaochlú. Leis an tacaíocht sin ón Aontas, ba cheart rannchuidiú freisin le héascú a dhéanamh ar oiriúnú na dtionscal lena mbaineann do na ceanglais rialála nua a eascraíonn as an Rialachán seo.

(74)

Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag SCCT táirgeadh níos glaine a spreagadh, tá an tAontas tiomanta d’oibriú le tríú tíortha ísealioncaim agus meánioncaim, agus tacú leo, i dtreo dhícharbónú a dtionscal monaraíochta mar chuid den ghné sheachtrach den Chomhaontú Glas don Eoraip agus i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Ba cheart don Aontas leanúint de thacaíocht a thabhairt do na tíortha sin trí bhuiséad an Aontais, go háirithe TLFanna, chun rannchuidiú lena áirithiú go gcuirfear in oiriúint iad do na hoibleagáidí faoin Rialachán seo. Ba cheart don Aontas leanúint de thacaíocht a thabhairt freisin don mhaolú ar an athrú aeráide agus don oiriúnú don athrú aeráide sna tíortha sin, lena n-áirítear ina n-iarrachtaí i dtreo a dtionscal monaraíochta a dhícharbónú agus a chlaochlú, laistigh d’uasteorainn an chreata airgeadais ilbhliantúil agus den tacaíocht airgeadais a thugann an tAontas don mhaoiniú idirnáisiúnta don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Tá an tAontas ag obair i dtreo acmhainn dhílis nua a thabhairt isteach a bheidh bunaithe ar an ioncam a ghintear le díol dheimhnithe SCCT.

(75)

Ní dochar an Rialachán seo do Rialacháin (AE) 2016/679 (17) ná (AE) 2018/1725 (18) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(76)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (19) mutatis mutandis maidir leis an Rialachán seo.

(77)

Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i ndáil leis an méid seo a leanas:

an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais agus nósanna imeachta a leagan síos do thríú tíortha nó tríú críocha a baineadh den liosta i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III, lena áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm maidir leis na tíortha nó na críocha sin i ndáil le leictreachas;

leasú a dhéanamh ar liosta na dtríú tíortha agus na dtríú críocha a liostaítear i bpointe 1 nó i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III, trí na tíortha nó na críocha sin a chur leis an liosta sin, chun na tríú tíortha nó na tríú críocha sin atá lánpháirtithe go hiomlán in CTA AE, nó atá nasctha leis, i gcás comhaontuithe amach anseo, a eisiamh ó SCCT, nó trí thríú tíortha nó tríú críocha a bhaint den liosta sin, agus, ar an gcaoi sin, iad a chur faoi réir SCCT, i gcás nach ngearrann siad muirear éifeachtach ar phraghas CTA AE ar earraí a onnmhairítear chuig an Aontas;

an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le creidiúnú fíoraitheoirí a dheonú, rialú agus formhaoirseacht a dhéanamh ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe, creidiúnú a tharraingt siar, agus aitheantas frithpháirteach agus meastóireacht piaraí a dhéanamh ar na comhlachtaí creidiúnaithe;

an Rialachán seo a fhorlíonadh trí uainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le díol agus athcheannach dheimhnithe SCCT a shainiú tuilleadh; agus

liosta na n-earraí in Iarscríbhinn I a leasú trí earraí atá modhnaithe beagán a chur leis, in imthosca áirithe, chun bearta a neartú lena dtugtar aghaidh ar chleachtais imchéimnithe.

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (20). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(78)

Ba cheart comhairliúcháin den sórt sin a dhéanamh ar bhealach trédhearcach agus féadfar a áireamh iontu comhairliúcháin roimh ré le geallsealbhóirí, amhail comhlachtaí inniúla, an tionscal (lena n-áirítear FBManna), comhpháirtithe sóisialta amhail ceardchumainn, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí comhshaoil.

(79)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

(80)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh. Dá bhrí sin, ba cheart do SCCT dul i muinín sásraí iomchuí agus éifeachtacha chun caillteanais ioncaim phoiblí a sheachaint.

(81)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon sceitheadh carbóin a chosc agus ar an gcaoi sin astaíochtaí domhanda carbóin a laghdú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(82)

Ionas go bhféadfar gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme faoin Rialachán seo a ghlacadh go tráthúil, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I, tráth a n-allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais, chun an riosca sceite carbóin a chosc, lena laghdaítear astaíochtaí domhanda carbóin agus lena dtacaítear le gnóthú spriocanna Chomhaontú Pháras, agus trí dhreasachtaí a chruthú freisin le haghaidh astaíochtaí a laghdú ag oibreoirí i dtríú tíortha.

2.   Le SCCT, comhlánaítear an córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas arna bhunú faoi Threoir 2003/87/CE (‘CTA AE’) trí shraith choibhéiseach rialacha a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairiú na n-earraí dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

3.   Tá sé beartaithe go dtiocfaidh SCCT in ionad na sásraí a bunaíodh faoi Threoir 2003/87/CE chun an riosca sceite carbóin a chosc trína léiriú a mhéid atá lamháltais CTA AE leithdháilte saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 10a den Treoir sin.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I, de thionscnamh tríú tír, i gcás ina ndéantar na hearraí sin, nó táirgí próiseáilte ó na hearraí sin ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála isteach dá dtagraítear in Airteagal 256 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo de thionscnamh tríú tír, i gcás ina ndéantar na hearraí sin, nó táirgí próiseáilte ó na hearraí sin ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála isteach dá dtagraítear in Airteagal 256 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, a thabhairt chuig oileán saorga, struchtúr seasta nó ar snámh, nó aon struchtúr eile ar an scairbh ilchríochach nó i limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Ballstáit atá cóngarach do chríoch chustaim an Aontais.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos coinníollacha mionsonraithe maidir le SCCT a chur i bhfeidhm ar na hearraí sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le coincheapa atá coibhéiseach le hallmhairiú isteach i gcríoch an Aontais agus le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta, a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta maidir le dearbhú SCCT a thíolacadh i ndáil leis na hearraí sin agus na rialuithe atá le déanamh ag na húdaráis chustaim. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2) den Rialachán seo.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo:

(a)

maidir le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais ar choinníoll nach mó luach intreach na n-earraí sin, in aghaidh na coinsíneachta, ná an luach a shonraítear d’earraí ar luach diomaibhseach dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle (22);

(b)

maidir le hearraí atá i mbagáiste pearsanta taistealaithe ag teacht ó thríú tír ar choinníoll nach mó luach intreach na n-earraí sin ná an luach a shonraítear d’earraí ar luach diomaibhseach dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009;

(c)

maidir le hearraí atá le bogadh nó le húsáid i gcomhthéacs gníomhaíochtaí míleata de bhun Airteagal 1, pointe (49), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (23).

4.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí de thionscnamh na dtríú tíortha agus na dtríú críocha a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III.

5.   Measfar gur earraí de thionscnamh tríú tíortha iad earraí allmhairithe i gcomhréir leis na rialacha maidir le tionscnamh neamhfhabhair dá dtagraítear in Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

6.   Déanfar tríú tíortha agus tríú críocha a liostú i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III i gcás ina gcomhlíonann siad gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá feidhm ag CTA AE maidir leis an tríú tír nó an tríú críoch sin nó gur tugadh comhaontú i gcrích idir an tríú tír sin nó an tríú críoch sin agus an tAontas ar comhaontú é lena ndéantar nasc iomlán idir CTA AE agus córas trádála astaíochtaí an tríú tír nó an tríú críoch sin;

(b)

an praghas carbóin a íoctar i dtír thionscnaimh na n-earraí, muirearaítear go hiarbhír é ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearraí sin gan aon lacáistí seachas na cinn sin a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le CTA AE freisin.

7.   Má tá margadh leictreachais ag tríú tír nó ag tríú críoch, ar margadh é atá comhtháite trí mhargadhchúpláil le margadh inmheánach an Aontais don leictreachas, agus mura bhfuil aon réiteach teicniúil ann chun SCCT a chur i bhfeidhm i leith allmhairiú leictreachais isteach i gcríoch chustaim an Aontais ón tríú tír sin nó ón tríú críoch sin, beidh díolúine ó chur i bhfeidhm SCCT ag an allmhairiú leictreachais ón tír nó ón gcríoch, ar choinníoll go bhfuil measúnú déanta ag an gCoimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas go léir i gcomhréir le mír 8:

(a)

tá comhaontú tugtha i gcrích ag an tríú tír nó ag an tríú críoch leis an Aontas, lena leagtar amach oibleagáid maidir le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i réimse an leictreachais, lena n-áirítear an reachtaíocht maidir le forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh, chomh maith le rialacha eile i réimse an fhuinnimh, an chomhshaoil agus na hiomaíochta;

(b)

cuirtear chun feidhme leis an reachtaíocht intíre sa tríú tír sin nó sa tríú críoch sin príomhfhorálacha reachtaíocht mhargadh leictreachais an Aontais, lena n-áirítear an reachtaíocht maidir le forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh agus le margadhchúpláil margaí leictreachais;

(c)

tá treochlár curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an tríú tír nó ag an tríú críoch, ina bhfuil amchlár chun bearta a ghlacadh chun na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (d) agus (e) a chur chun feidhme;

(d)

tá gealltanas tugtha ag an tríú tír nó ag an tríú críoch i leith na haeráidneodrachta faoi 2050 agus, i gcás inarb infheidhme, tá straitéis forbartha fhadtéarmach, le haghaidh lár an chéid agus ailínithe leis an gcuspóir sin, foirmlithe aici dá réir maidir le híseal-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus curtha in iúl go foirmiúil aici do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), agus tá an gealltanas sin curtha chun feidhme aici ina reachtaíocht intíre;

(e)

agus an treochlár á chur chun feidhme aici dá dtagraítear i bpointe (c), tá comhlíonadh na sprioc-amanna a socraíodh agus dul chun cinn substaintiúil i dtreo ailíniú na reachtaíochta intíre le dlí an Aontais i réimse na gníomhaíochta ar son na haeráide léirithe ag an tríú tír nó ag an tríú críoch, ar bhonn an treochláir sin, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo praghsála carbóin ar leibhéal coibhéiseach leis an Aontas go háirithe a mhéid a bhaineann le giniúint leictreachais. Tá córas trádála astaíochtaí le haghaidh leictreachais a chur chun feidhme, a bhfuil praghas coibhéiseach aige le CTA AE, le tabhairt chun críche faoin 1 Eanáir 2030;

(f)

tá córas éifeachtach curtha ar bun ag an tríú tír nó ag an tríú críoch chun allmhairiú indíreach leictreachais isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó thríú críocha eile nach gcomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach i bpointí (a) go (e) a chosc.

8.   Déanfar tríú tír nó tríú críoch a chomhlíonann na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 7 a liostú i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III, agus cuirfidh sí isteach dhá thuarascáil maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha sin, an chéad tuarascáil le cur isteach faoin 1 Iúil 2025 agus an dara tuarascáil faoin 31 Nollaig 2027. Faoin 31 Nollaig 2025 agus faoin 1 Iúil 2028, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, go háirithe ar bhonn an treochláir dá dtagraítear i mír 7, pointe (c), agus ar bhonn na dtuarascálacha a fuarthas ón tríú tír nó ón tríú críoch, an bhfuil an tríú tír nó an tríú críoch sin fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 7.

9.   Déanfar tríú tír nó tríú críoch a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III a bhaint den liosta sin i gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

má tá cúiseanna ag an gCoimisiún a mheas nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach léirithe ag an tríú tír nó ag an tríú críoch sin chun ceann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 7a chomhlíonadh, nó má tá beart déanta ag an tríú tír nó ag an tríú críoch sin atá ar neamhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i reachtaíocht aeráide agus chomhshaoil an Aontais;

(b)

má tá bearta déanta ag an tríú tír nó ag an tríú críoch sin atá contrártha lena cuspóirí dícharbónaithe, amhail tacaíocht phoiblí a sholáthar chun acmhainneacht nua ghiniúna a bhunú a astaíonn níos mó ná 550 gram de dhé-ocsaíd charbóin (‘CO2’) de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh na cileavatuaire leictreachais;

(c)

má tá fianaise ag an gCoimisiún go bhfuil, mar thoradh ar mhéadú ar onnmhairí leictreachais chuig an Aontas, méadú 5% ar a laghad tagtha ar na hastaíochtaí in aghaidh na cileavatuaire leictreachais a táirgeadh sa tríú tír nó sa tríú críoch sin i gcomparáid leis an 1 Eanáir 2026.

10.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais agus nósanna imeachta a leagan síos do thríú tíortha nó tríú críocha a baineadh ón liosta i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III, chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis na tíortha nó na críocha sin a áirithiú maidir le leictreachas. Má tharlaíonn sé i gcásanna mar sin go bhfuil an mhargadhchúpláil fós ar neamhréir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh na tríú tíortha nó na tríú críocha sin a eisiamh ó mhargadhchúpláil an Aontais agus féadfaidh sé a cheangal go mbeadh leithdháileadh acmhainne sainráite ann ag an teorainn idir an tAontas agus na tríú tíortha nó tríú críocha sin, ionas gur féidir SCCT a chur i bhfeidhm.

11.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun na liostaí de thríú tíortha nó de thríú críocha a liostaítear i bpointe 1 nó 2 d’Iarscríbhinn III a leasú trí thríú tír nó tríú críoch a chur leis nó a bhaint as, ag brath ar cibé atá nó nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 6, 7 nó 9 den Airteagal seo á gcomhlíonadh i ndáil leis an tríú tír nó leis an tríú críoch sin.

12.   Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha nó tríú críocha d’fhonn sásraí praghsála carbóin i dtíortha nó críocha den sórt sin a chur san áireamh chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 9.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘earraí’ earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(2)

ciallaíonn ‘gáis ceaptha teasa’ gáis ceaptha teasa mar a shonraítear in Iarscríbhinn I i ndáil le gach ceann de na hearraí a liostaítear san Iarscríbhinn sin;

(3)

ciallaíonn ‘astaíochtaí’ scaoileadh gás ceaptha teasa san atmaisféar ó tháirgeadh earraí;

(4)

ciallaíonn ‘allmhairiú’ scaoileadh i saorchúrsaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(5)

ciallaíonn ‘CTA AE’ (Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh) an córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas i leith gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE cé is moite de ghníomhaíochtaí eitlíochta;

(6)

ciallaíonn ‘críoch chustaim an Aontais’ an chríoch a shainítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(7)

ciallaíonn ‘tríú tír’ tír nó críoch lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais;

(8)

ciallaíonn ‘scairbh ilchríochach’ scairbh ilchríochach mar a shainmhínítear in Airteagal 76 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;

(9)

ciallaíonn ‘limistéar eacnamaíoch eisiach’ limistéar eacnamaíoch eisiach mar a shainmhínítear in Airteagal 55 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus ar dhearbhaigh Ballstát gur limistéar eacnamaíoch eisiach é de bhun an choinbhinsiúin sin;

(10)

ciallaíonn ‘luach intreach’ an luach intreach ar earraí tráchtála a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (48), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446;

(11)

ciallaíonn ‘margadhchúpláil’ acmhainn tarchurtha a leithdháileadh trí chóras Aontais lena ndéantar orduithe a mheaitseáil agus acmhainní traslimistéir a leithdháileadh go comhuaineach faoi mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2015/1222;

(12)

ciallaíonn ‘leithdháileadh acmhainne sainráite’ leithdháileadh acmhainne tarchurtha trasteorann ar leithligh ó thrádáil leictreachais;

(13)

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t-údarás arna ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 11;

(14)

ciallaíonn ‘údaráis chustaim’ riaracháin chustaim na mBallstát mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(15)

ciallaíonn ‘allmhaireoir’ an duine a thaisceann dearbhú custaim maidir le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíocht earraí in ainm an duine sin agus thar ceann an duine sin, nó i gcás ina dtaisceann ionadaí custaim indíreach an dearbhú custaim i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, an duine ar a dtaisctear an dearbhú sin thar ceann an duine sin;

(16)

ciallaíonn ‘dearbhóir custaim’ dearbhóir mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (15), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 é, a thaisceann dearbhú custaim chun earraí a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ina ainm féin nó an duine a dtaisctear dearbhú den sórt sin ina ainm;

(17)

ciallaíonn ‘dearbhóir SCCT údaraithe’ duine atá údaraithe ag údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 17;

(18)

ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach nó aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é nó í ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige nó aici gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh;

(19)

ciallaíonn ‘bunaithe i mBallstát’:

(a)

i gcás duine nádúrtha, aon duine a bhfuil a áit nó a háit chónaithe i mBallstát;

(b)

i gcás duine dlítheanach nó comhlachas daoine, aon duine a bhfuil a oifig chláraithe nó a hoifig chláraithe, a cheannáras lárnach nó a ceannáras lárnach nó buanbhunaíocht ghnó i mBallstát;

(20)

ciallaíonn ‘Uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (uimhir EORI)’ an uimhir a shann an t-údarás custaim nuair a rinneadh an clárúchán chun críoch custaim i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(21)

ciallaíonn ‘astaíochtaí díreacha’ astaíochtaí ó phróisis táirgthe earraí, lena n-áirítear astaíochtaí ó tháirgeadh téimh agus fuaraithe a ídítear le linn na bpróiseas táirgthe, gan beann ar shuíomh táirgthe an téimh nó an fhuaraithe;

(22)

ciallaíonn ‘astaíochtaí leabaithe’ astaíochtaí díreacha a scaoiltear le linn táirgeadh earraí agus astaíochtaí indíreacha ó tháirgeadh leictreachais a ídítear le linn na bpróiseas táirgthe, arna ríomh i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus atá sonraithe tuilleadh sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7(7);

(23)

ciallaíonn ‘tona de CO2e’ tona méadrach amháin CO2, nó méid d’aon ghás ceaptha teasa eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhfuil acmhainneacht téite domhanda choibhéiseach aige;

(24)

ciallaíonn ‘deimhniú SCCT’ deimhniú i bhformáid leictreonach a fhreagraíonn do thona amháin de CO2e d’astaíochtaí leabaithe in earraí;

(25)

ciallaíonn ‘géilleadh’ deimhnithe SCCT a fhritháireamh in aghaidh na n-astaíochtaí leabaithe dearbhaithe in earraí allmhairithe nó in aghaidh na n-astaíochtaí leabaithe in earraí allmhairithe ar cheart iad a bheith dearbhaithe;

(26)

ciallaíonn ‘próisis táirgthe’ na próisis cheimiceacha agus na próisis fhisiceacha a fheidhmítear chun earraí a tháirgeadh i suiteáil;

(27)

ciallaíonn ‘luach réamhshocraithe’ luach, a ríomhtar nó a bhaintear as sonraí tánaisteacha, lena léirítear na hastaíochtaí leabaithe in earraí;

(28)

ciallaíonn ‘astaíochtaí iarbhír’ na hastaíochtaí a ríomhtar bunaithe ar shonraí príomhúla ó na próisis táirgthe earraí agus ó tháirgeadh leictreachais a ídítear le linn na bpróiseas sin de réir mar a chinntear i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;

(29)

ciallaíonn ‘praghas carbóin’ an tsuim airgid a íoctar, faoi scéim um laghdú astaíochtaí carbóin, i dtríú tír i bhfoirm cánach, tobhaigh nó táille nó i bhfoirm lamháltas astaíochtaí faoi chóras trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa, a ríomhtar de réir gáis ceaptha teasa a chumhdaítear leis an mbeart sin agus a scaoiltear le linn tháirgeadh na n-earraí;

(30)

ciallaíonn ‘suiteáil’ aonad teicniúil do-aistrithe ina ndéantar próiseas táirgthe;

(31)

ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine a oibríonn nó a dhéanann rialú ar shuiteáil i dtríú tír;

(32)

ciallaíonn ‘comhlacht creidiúnaithe náisiúnta’ comhlacht creidiúnaithe náisiúnta arna cheapadh ag gach Ballstát de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(33)

ciallaíonn ‘lamháltas CTA AE’ lamháltas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (a), de Threoir 2003/87/CE é i leith gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin seachas gníomhaíochtaí eitlíochta;

(34)

ciallaíonn ‘astaíochtaí indíreacha’ astaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais a thomhlaítear le linn na bpróiseas táirgthe d’earraí, gan beann ar shuíomh tháirgeadh an leictreachais arna thomhailt.

CAIBIDIL II

OIBLEAGÁIDÍ AGUS CEARTA DEARBHÓIRÍ SCCT ÚDARAITHE

Airteagal 4

Allmhairiú earraí

Ní dhéanfaidh ach dearbhóir SCCT údaraithe earraí a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

Airteagal 5

Iarratas ar údarú

1.   Aon allmhaireoir atá bunaithe i mBallstát, sula n-allmhaireoidh sé earraí i gcríoch chustaim an Aontais, déanfaidh sé iarratas ar stádas dearbhóra SCCT údaraithe (‘iarratas ar údarú’). I gcás ina gceapfaidh an t-allmhaireoir sin ionadaí custaim indíreach i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus ina n-aontóidh an t-ionadaí custaim indíreach gníomhú mar dhearbhóir SCCT údaraithe, cuirfidh an t-ionadaí custaim indíreach an t-iarratas ar údarú isteach.

2.   I gcás nach bhfuil allmhaireoir bunaithe i mBallstát, déanfaidh an t-ionadaí custaim indíreach an t-iarratas ar údarú a chur isteach.

3.   Cuirfear an t-iarratas ar údarú isteach trí chlárlann SCCT arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 14.

4.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina leithdháiltear acmhainn tarchurtha chun leictreachas a allmhairiú trí leithdháileadh acmhainne sainráite, measfar, chun críocha an Rialacháin seo, gur dearbhóir SCCT údaraithe sa Bhallstát é an duine ar leithdháileadh acmhainn air chun allmhairithe agus a ainmníonn an acmhainneacht chun allmhairithe sin, i gcás ina ndearbhaíonn an duine allmhairiú leictreachais sa dearbhú custaim. Tá allmhairí le tomhas in aghaidh na teorann ar feadh tréimhsí ama nach faide ná uair an chloig agus ní bheidh sé indéanta onnmhairiú nó idiriompar a asbhaint san uair an chloig chéanna.

Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar taisceadh an dearbhú custaim an duine a chlárú sa chlárlann SCCT.

5.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas faoin iarratasóir san áireamh san iarratas ar údarú:

(a)

ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála;

(b)

uimhir EORI;

(c)

an phríomhghníomhaíocht eacnamaíoch a dhéantar san Aontas;

(d)

deimhniú ón údarás cánach sa Bhallstát ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe nach bhfuil an t-iarratasóir sin faoi réir ordú aisghabhála gan íoc le haghaidh fiachais chánach náisiúnta;

(e)

dearbhú ar onóir nach raibh an t-iarratasóir páirteach in aon sárú tromchúiseach ná i sáruithe leantacha ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais ná ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh le linn na 5 bliana roimh bhliain an iarratais, lena n-áirítear gan aon taifead a bheith aige maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch;

(f)

an fhaisnéis uile is gá lena thaispeáint go bhfuil an acmhainn airgeadais agus an acmhainn oibríochtúil ag an iarratasóir chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus, má chinneann an t-údarás inniúil ar bhonn measúnú riosca gur gá sin, doiciméid tacaíochta lena ndeimhnítear an fhaisnéis sin, amhail an cuntas brabúis agus caillteanais agus an clár comhardaithe le haghaidh suas le 3 cinn de na blianta airgeadais ba dhéanaí dár dúnadh na cuntais;

(g)

luach airgeadúil measta agus méid measta allmhairí earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais de réir chineál na n-earraí, le haghaidh na bliana féilire ina gcuirtear isteach an t-iarratas agus le haghaidh na bliana féilire dár gcionn;

(h)

ainmneacha agus faisnéis teagmhála na ndaoine sin a bhfuil an t-iarratasóir ag feidhmiú ar a son, más infheidhme.

6.   Féadfaidh an t-iarratasóir a iarratas a tharraingt siar tráth ar bith.

7.   Cuirfidh dearbhóir SCCT údaraithe an t-údarás inniúil ar an eolas gan mhoill, trí chlárlann SCCT, faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh faoi mhír 5 den Airteagal seo a tharla tar éis an cinneadh lena ndeonaítear stádas an dearbhóra SCCT údaraithe a ghlacadh de bhun Airteagal 17 a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcinneadh sin nó ar inneachar an údaraithe a deonaíodh faoi.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le teachtaireachtaí idir an t-iarratasóir, an t-údarás inniúil agus an Coimisiún, maidir le formáid chaighdeánach an iarratais ar údarú agus maidir leis na nósanna imeachta chun iarratas den sórt sin a chur isteach trí chlárlann SCCT, maidir leis an nós imeachta atá le leanúint ag an údarás inniúil agus maidir leis na sprioc-amanna chun iarratais ar údarú a phróiseáil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, agus maidir leis na rialacha maidir le húdarás inniúil na ndearbhóirí SCCT údaraithe maidir le hallmhairiú leictreachais a shainaithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Airteagal 6

Dearbhú SCCT

1.   Faoin 31 Bealtaine gach bliain, agus den chéad uair in 2027 don bhliain 2026, bainfidh gach dearbhóir SCCT údaraithe úsáid as an gclárlann SCCT dá dtagraítear in Airteagal 14 chun dearbhú SCCT a chur isteach don bhliain féilire roimhe sin.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa dearbhú SCCT:

(a)

cainníocht iomlán gach cineáil earraí a allmhairíodh le linn na bliana féile roimhe sin, arna sloinneadh i meigeavatuair i gcás leictreachais agus i dtonaí i gcás earraí eile;

(b)

iomlán na n-astaíochtaí leabaithe sna hearraí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, arna shloinneadh i dtonnaí d’astaíochtaí CO2e in aghaidh na meigeavatuaire leictreachais nó, i gcás earraí eile, i dtonnaí d’astaíochtaí CO2e in aghaidh an tonna de gach cineál earraí, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 7 agus a fíoraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8;

(c)

an líon iomlán deimhnithe SCCT a chomhfhreagraíonn d’iomlán na n-astaíochtaí leabaithe dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo, atá le géilleadh, tar éis an laghdaithe atá dlite mar gheall ar an bpraghas carbóin a íocadh i dtír thionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 9 agus an coigeartú is gá chun an méid a leithdháiltear lamháltais CTA AE saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 31 a léiriú;

(d)

cóipeanna de thuarascálacha fíorúcháin a d’eisigh fíoraitheoirí creidiúnaithe faoi Airteagal 8 agus Iarscríbhinn VI.

3.   I gcás ina n-allmhairítear táirgí próiseáilte a eascraíonn as nós imeachta próiseála isteach dá dtagraítear in Airteagal 256 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, tuairisceoidh an dearbhóir SCCT údaraithe sa dearbhú SCCT na hastaíochtaí atá leabaithe sna hearraí a cuireadh faoin nós imeachta próiseála isteach agus a raibh na táirgí próiseáilte allmhairithe mar thoradh orthu, fiú i gcás nach earraí iad na táirgí próiseáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh feidhm ag an mír seo freisin i gcás inar earraí arna dtabhairt ar ais iad na táirgí próiseáilte a eascraíonn as an nós imeachta próiseála isteach dá dtagraítear in Airteagal 205 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

4.   I gcás inar táirgí próiseáilte ar toradh iad ar nós imeachta próiseála amach dá dtagraítear in Airteagal 259 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 na hearraí allmhairithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ní thabharfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe tuairisc sa dearbhú SCCT ach ar na hastaíochtaí ón oibríocht phróiseála a rinneadh taobh amuigh de chríoch chustaim an Aontais.

5.   I gcás inar earraí arna dtabhairt ar ais dá dtagraítear in Airteagal 203 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 iad na hearraí allmhairithe, tabharfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe tuairisc ar leithligh -‘nialas’ a thuairisceoidh sé - sa dearbhú SCCT, le haghaidh iomlán na n-astaíochtaí leabaithe a chomhfhreagraíonn do na hearraí sin.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann le formáid chaighdeánach an dearbhaithe SCCT, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe maidir le gach suiteáil agus tír thionscnaimh agus cineál na n-earraí atá le tuairisciú a thacaíonn leis na hiomláin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, go háirithe a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí leabaithe agus leis an bpraghas carbóin a íocadh, an nós imeachta chun an dearbhú SCCT a chur isteach tríd an gclárlann SCCT, agus na socruithe chun deimhnithe SCCT dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), den Airteagal seo, a ghéilleadh, i gcomhréir le hAirteagal 22(1), go háirithe maidir leis an bpróiseas agus maidir le roghnú na ndeimhnithe SCCT atá le géilleadh ag dearbhóir údaraithe SCCT. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Airteagal 7

Astaíochtaí leabaithe a ríomh

1.   Déanfar astaíochtaí leabaithe in earraí a ríomh de bhun na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. I gcás earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, ní dhéanfar ach astaíochtaí díreacha a ríomh agus a chur san áireamh.

2.   Déanfar astaíochtaí leabaithe in earraí seachas leictreachas a chinneadh bunaithe ar na hastaíochtaí iarbhír i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach i bpointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn IV. I gcás nach féidir astaíochtaí iarbhír a chinneadh go leormhaith, agus i gcás astaíochtaí indíreacha freisin, déanfar na hastaíochtaí leabaithe a chinneadh faoi threoir luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach i bpointe 4.1 d’Iarscríbhinn IV.

3.   Déanfar astaíochtaí leabaithe i leictreachas allmhairithe a chinneadh faoi threoir luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i bpointe 4.2 d’Iarscríbhinn IV, mura léiríonn an dearbhóir SCCT údaraithe go gcomhlíontar na critéir chun na hastaíochtaí leabaithe a chinneadh bunaithe ar na hastaíochtaí iarbhír a liostaítear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn IV.

4.   Déanfar astaíochtaí indíreacha leabaithe a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i bpointe 4.3 d’Iarscríbhinn IV agus a shonraítear tuilleadh sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 7 den Airteagal seo, ach amháin má léiríonn an dearbhóir SCCT údaraithe go gcomhlíontar na critéir chun na hastaíochtaí leabaithe a chinneadh bunaithe ar astaíochtaí iarbhír a liostaítear i bpointe 6 d’Iarscríbhinn IV.

5.   Coimeádfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe taifid den fhaisnéis atá de dhíth chun na hastaíochtaí leabaithe a ríomh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V. Beidh na taifid sin mionsonraithe a ndóthain chun cur ar a gcumas d’fhíoraitheoirí atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 na hastaíochtaí leabaithe a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le hIarscríbhinn VI agus chun cur ar a chumas don Choimisiún agus don údarás inniúil an dearbhú SCCT a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 19(2).

6.   Coimeádfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe na taifid sin ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5, lena n-áirítear tuarascáil an fhíoraitheora, go dtí deireadh an cheathrú bliain i ndiaidh na bliana a cuireadh isteach an dearbhú SCCT nó ba cheart an dearbhú SCCT a chur isteach.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

cur i bhfeidhm gnéithe de na modhanna ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, lena n-áirítear teorainneacha córais próiseas táirgthe agus ábhar ionchuir ábhartha (réamhtheachtaithe), fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha astaíochtaí iarbhír agus luachanna réamhshocraithe agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, ar sonraí iad a gcinnfear na luachanna réamhshocraithe ar a mbonn, lena n-áirítear an leibhéal mionsonra agus fíorú na sonraí, agus lena n-áirítear sonrú breise ar earraí atá le meas mar ‘earraí simplí’ agus ‘earraí casta’ chun críche phointe 1 d’Iarscríbhinn IV; sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin freisin na coinníollacha faoina meastar nach féidir astaíochtaí iarbhír a chinneadh go leordhóthanach, chomh maith leis na heilimintí d’fhianaise lena léirítear go gcomhlíontar na critéir is gá chun údar a thabhairt le húsáid astaíochtaí iarbhír le haghaidh an leictreachais arna thomhailt i bpróisis táirgthe earraí chun críche mhír 2 a liostaítear i bpointí 5 agus 6 d’Iarscríbhinn IV; agus

(b)

cur i bhfeidhm gnéithe de na modhanna ríofa de bhun mhír 4 i gcomhréir le pointe 4.3 d’Iarscríbhinn IV.

I gcás ina bhfuil údar oibiachtúil leis, forálfar leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír gur féidir luachanna réamhshocraithe a oiriúnú do limistéir, réigiúin nó tíortha ar leith chun tosca sonracha oibiachtúla, a mbíonn tionchar acu ar astaíochtaí, a chur san áireamh, mar shampla gnáthfhoinsí fuinnimh nó próisis thionsclaíocha. Leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, tógfar ar reachtaíocht atá ann cheana chun faireachán agus fíorú a dhéanamh ar shonraí astaíochtaí agus gníomhaíochta i gcás suiteálacha atá cumhdaithe faoi Threoir 2003/87/CE, go háirithe Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (24), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (25). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2) den Rialachán seo.

Airteagal 8

Astaíochtaí leabaithe a fhíorú

1.   Áiritheoidh an dearbhóir SCCT údaraithe go ndéanfaidh fíoraitheoir atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 iomlán na n-astaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh sa dearbhú SCCT arna chur isteach de bhun Airteagal 6 a fhíorú, bunaithe ar na prionsabail fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

2.   I dtaca le hastaíochtaí leabaithe in earraí a táirgeadh i suiteálacha i dtríú tír atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 10, féadfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe rogha a dhéanamh faisnéis fhíoraithe a úsáid a nochtadh dó i gcomhréir le hAirteagal 10(7) chun an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na prionsabail fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a chur i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an fhéidearthacht an oibleagáid atá ar an bhfíoraitheoir cuairt a thabhairt ar an tsuiteáil ina dtáirgtear earraí ábhartha a tharscaoileadh, in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus gan meastachán iontaofa ar na hastaíochtaí leabaithe a chur i mbaol;

(b)

tairseacha a shainiú chun a chinneadh an bhfuil míthuairiscí nó neamh-chomhréireachtaí ábhartha; agus

(c)

na doiciméid tacaíochta is gá le haghaidh na tuarascála fíorúcháin, lena n-áirítear a formáid.

I gcás ina nglacfaidh sé na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, éileoidh an Coimisiún coibhéis agus comhleanúnachas leis na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2) den Rialachán seo.

Airteagal 9

Praghas carbóin a íocadh i dtríú tír

1.   Féadfaidh dearbhóir SCCT údaraithe éileamh a dhéanamh sa dearbhú SCCT ar laghdú i líon na ndeimhnithe SCCT atá le géilleadh chun an praghas carbóin a íocadh sa tír thionscnaimh le haghaidh na n-astaíochtaí leabaithe údaraithe a chur san áireamh. Ní fhéadfar an laghdú a éileamh ach amháin má íocadh an praghas carbóin go héifeachtach sa tír thionscnaimh. Sa chás sin, cuirfear san áireamh aon lacáiste nó aon chineál eile cúitimh atá ar fáil sa tír sin agus a mbeadh laghdú ar an bpraghas carbóin sin mar thoradh air.

2.   Coinneoidh an dearbhóir SCCT údaraithe taifid den doiciméadacht is gá lena léiriú go raibh na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe faoi réir praghas carbóin i dtír thionscnaimh na n-earraí a íocadh go héifeachtach amhail dá dtagraítear i mír 1. Coinneoidh an dearbhóir SCCT údaraithe, go háirithe, fianaise a bhaineann le haon lacáiste nó le haon chineál cúitimh eile atá ar fáil, go háirithe na tagairtí do reachtaíocht ábhartha na tíre sin. Déanfaidh duine atá neamhspleách ar an dearbhóir SCCT údaraithe agus ar údaráis na tíre tionscnaimh an fhaisnéis sa doiciméadacht sin a dheimhniú. Beidh ainm agus faisnéis teagmhála an duine neamhspleách sin le feiceáil ar an doiciméadacht. Coinneoidh an dearbhóir SCCT údaraithe fianaise ar íocaíocht iarbhír phraghas an charbóin freisin.

3.   Coimeádfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe na taifid dá dtagraítear i mír 2, go dtí deireadh an cheathrú bliain i ndiaidh na bliana ar lena linn a cuireadh an dearbhú SCCT isteach nó ba cheart an dearbhú SCCT a chur isteach.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an meánphraghas bliantúil carbóin a íoctar go héifeachtach i gcomhréir le mír 1 a chomhshó ina laghdú comhfhreagrach ar líon na ndeimhnithe SCCT atá le géilleadh, lena n-áirítear an praghas carbóin arna íoc go héifeachtach in airgeadra eachtrach a chomhshó go euro ag an meánráta malairte bliantúil, an fhianaise a cheanglaítear maidir le híocaíocht iarbhír phraghas an charbóin, samplaí d’aon lacáiste ábhartha nó de chineál eile cúitimh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cáilíochtaí an duine neamhspleách dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus na coinníollacha chun neamhspleáchas an duine sin a fhionnadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Airteagal 10

Oibreoirí agus suiteálacha i dtríú tíortha a chlárú

1.   Arna iarraidh sin d’oibreoir suiteála atá lonnaithe i dtríú tír, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis faoin oibreoir sin agus faoina shuiteáil a chlárú i gclárlann SCCT dá dtagraítear in Airteagal 14.

2.   Ar an bhfaisnéis a bheidh san iarraidh ar chlárú dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis seo a leanas le háireamh i gclárlann SCCT tráth an chláraithe:

(a)

ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála an oibreora;

(b)

suíomh gach suiteála lena n-áirítear an seoladh iomlán agus comhordanáidí geografacha arna sloinneadh i ndomhanfhad agus i ndomhanleithead, lena n-áirítear 6 dheachúil;

(c)

príomhghníomhaíocht eacnamaíoch na suiteála.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra don oibreoir faoin gclárú i gclárlann SCCT. Beidh an clárú bailí ar feadh thréimhse 5 bliana ón dáta a thugtar fógra faoi d’oibreoir na suiteála.

4.   Cuirfidh an t-oibreoir an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a thagann chun cinn tar éis an chláraithe, agus tabharfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha cothrom le dáta i gclárlann SCCT.

5.   Déanfaidh an t-oibreoir an méid seo a leanas:

(a)

na hastaíochtaí leabaithe a chinneadh, ar astaíochtaí iad a ríomhtar i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, de réir chineál na n-earraí a tháirgtear ag an tsuiteáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(b)

a áirithiú go ndéanann fíoraitheoir atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 na hastaíochtaí leabaithe dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a fhíorú i gcomhréir leis na prionsabail fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn VI;

(c)

cóip a choimeád den tuarascáil fíorúcháin chomh maith le taifid den fhaisnéis a cheanglaítear chun na hastaíochtaí leabaithe in earraí a ríomh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V ar feadh tréimhse 4 bliana tar éis an fíorú a dhéanamh.

6.   Beidh na taifid dá dtagraítear i mír 5, pointe (c), den Airteagal seo mionsonraithe a ndóthain chun fíorú na n-astaíochtaí leabaithe a chumasú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Iarscríbhinn VI, agus chun an t-athbhreithniú a chumasú, i gcomhréir le hAirteagal 19, ar an dearbhú SCCT arna dhéanamh ag dearbhóir SCCT údaraithe ar nochtadh an fhaisnéis ábhartha dó i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.

7.   Féadfaidh oibreoir an fhaisnéis ar fhíorú astaíochtaí leabaithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a nochtadh do dhearbhóir SCCT údaraithe. Beidh an dearbhóir SCCT údaraithe i dteideal úsáid a bhaint as an bhfaisnéis nochta sin chun an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 8 a chomhlíonadh.

8.   Féadfaidh an t-oibreoir a iarraidh, ag aon tráth, go ndéanfaí é a dhíchlárú ón gclárlann SCCT. Déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin dó, agus tar éis dó fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla, an t-oibreoir a dhíchlárú agus an fhaisnéis faoin oibreoir sin agus faoina shuiteáil a scriosadh ón gclárlann SCCT, ar choinníoll nach mbeidh gá leis an bhfaisnéis sin chun an t-athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhuithe SCCT a tíolacadh. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó deis a thabhairt don oibreoir lena mbaineann éisteacht a fháil agus tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha, an fhaisnéis a dhíchlárú freisin má fhionnann an Coimisiún nach bhfuil an fhaisnéis faoin oibreoir sin cruinn a thuilleadh. Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis inniúla ar an eolas faoi na díchláruithe sin.

CAIBIDIL III

ÚDARÁIS INNIÚLA

Airteagal 11

Údaráis inniúla

1.   Ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás inniúil chun na feidhmeanna agus na dualgais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

Cuirfidh an Coimisiún liosta de na húdaráis inniúla uile ar fáil do na Ballstáit agus foilseoidh sé an fhaisnéis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar fáil i gclárlann SCCT.

2.   Malartóidh na húdaráis inniúla aon fhaisnéis atá bunriachtanach nó ábhartha maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas faoin Rialachán seo.

Airteagal 12

An Coimisiún

Sa bhreis ar na cúraimí eile a fheidhmíonn sé faoin Rialachán seo, tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na húdaráis inniúla agus a bhfeidhmeanna agus a ndualgais faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu, agus déanfaidh sé a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú trí thacú le dea-chleachtais a mhalartú, agus trí threoirlínte a eisiúint ina leith, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus trí mhalartú leormhaith faisnéise agus comhair a chur chun cinn idir na húdaráis inniúla, chomh maith le hidir na húdaráis inniúla agus an Coimisiún.

Airteagal 13

Rúndacht ghairmiúil agus nochtadh faisnéise

1.   Gach faisnéis a fhaigheann an t-údarás inniúil nó an Coimisiún agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, ar faisnéis rúnda í de bharr a cineáil nó ar faisnéis í a sholáthraítear ar bhonn rúnda, beidh sí faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní nochtfaidh an t-údarás inniúil ná an Coimisiún an fhaisnéis sin gan réamhchead sainráite an duine nó an údaráis a sholáthair í nó de bhua dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún an fhaisnéis sin a chomhroinnt le chéile, leis na húdaráis chustaim, leis na húdaráis atá i gceannas ar smachtbhannaí riaracháin nó coiriúla, agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh daoine a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo agus go gcuirfear an reachtaíocht chustaim i bhfeidhm. Beidh an fhaisnéis chomhroinnte sin cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil agus ní dhéanfar í a nochtadh d’aon duine ná d’aon údarás eile seachas de bhua dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.

Airteagal 14

Clárlann SCCT

1.   Bunóidh an Coimisiún clárlann SCCT de dhearbhóirí SCCT údaraithe i bhfoirm bunachar sonraí leictreonach caighdeánaithe ina mbeidh na sonraí maidir le deimhnithe SCCT na ndearbhóirí SCCT údaraithe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis atá i gclárlann SCCT ar fáil go huathoibríoch agus i bhfíor-am d’údaráis chustaim agus d’údaráis inniúla.

2.   Beidh i gclárlann SCCT dá dtagraítear i mír 1 cuntais le faisnéis faoi gach dearbhóir SCCT údaraithe, go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála an dearbhóra SCCT údaraithe;

(b)

uimhir EORI an dearbhóra SCCT údaraithe;

(c)

uimhir chuntais SCCT;

(d)

an uimhir aitheantais, praghas díola, dáta díola, agus dáta tugtha suas, dáta athcheannaigh, nó dáta cealaithe dheimhnithe SCCT i gcás gach dearbhóra SCCT údaraithe.

3.   Beidh i gclárlann SCCT, i roinn ar leithligh den chlárlann, an fhaisnéis faoi na hoibreoirí agus suiteálacha i dtríú tíortha, arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 10(2).

4.   Beidh an fhaisnéis i gclárlann SCCT dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 faoi rún, cé is moite d’ainmneacha, seoltaí agus faisnéis teagmhála na n-oibreoirí agus suíomh na suiteálacha i dtríú tíortha. Maidir le hainm, seoladh agus faisnéis teagmhála an oibreora, féadfaidh oibreoir rogha a dhéanamh gan rochtain a bheith ag an bpobal ar na nithe sin. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis phoiblí i gclárlann SCCT a chur ar fáil i bhformáid idir-inoibritheach.

5.   Foilseoidh an Coimisiún, ar bhonn bliantúil, i gcás gach ceann de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I, na hastaíochtaí comhiomlánaithe atá leabaithe sna hearraí allmhairithe.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir le bonneagar agus próisis agus nósanna imeachta sonracha chlárlann SCCT, lena n-áirítear an anailís riosca dá dtagraítear in Airteagal 15, na bunachair sonraí leictreonacha ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, sonraí na gcuntas atá i gclárlann SCCT dá dtagraítear in Airteagal 16, tarchur na faisnéise maidir le díol, athcheannach agus cealú dheimhnithe SCCT dá dtagraítear in Airteagal 20 chuig clárlann SCCT, agus cros-seiceáil na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 25(3). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Airteagal 15

Anailís riosca

1.   Déanfaidh an Coimisiún rialuithe rioscabhunaithe ar na sonraí agus ar na hidirbhearta a gcoimeádtar taifead orthu i gclárlann SCCT, dá dtagraítear in Airteagal 14, chun a áirithiú nach bhfuil aon neamhrialtachtaí ann i gceannach, sealbhaíocht, géilleadh, athcheannach agus cur ar ceal dheimhnithe SCCT.

2.   Má shainaithníonn an Coimisiún neamhrialtachtaí de thoradh na rialuithe a dhéantar faoi mhír 1, cuirfidh sé na húdaráis inniúla lena mbaineann ar an eolas ionas go ndéanfar tuilleadh imscrúduithe chun na neamhrialtachtaí a sainaithníodh a cheartú.

Airteagal 16

Cuntais i gclárlann SCCT

1.   Sannfaidh an Coimisiún uimhir chuntais SCCT uathúil do gach dearbhóir SCCT údaraithe.

2.   Tabharfar rochtain do gach dearbhóir SCCT údaraithe ar a chuntas i gclárlann SCCT.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an cuntas ar bun a luaithe a dheonófar an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir SCCT údaraithe faoi sin.

4.   Má tá an dearbhóir SCCT údaraithe tar éis scor dá ghníomhaíocht eacnamaíoch nó má rinneadh a údarú a chúlghairm, dúnfaidh an Coimisiún cuntas an dearbhóra SCCT údaraithe sin, ar choinníoll go mbeidh a chuid oibleagáidí uile faoin Rialachán seo comhlíonta ag an dearbhóir SCCT údaraithe.

Airteagal 17

Údarú

1.   I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 5, deonóidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an dearbhóir bunaithe stádas dearbhóra SCCT údaraithe ar choinníoll go bhfuil na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo comhlíonta. Aithneofar stádas dearbhóra SCCT údaraithe i ngach Ballstát.

Sula ndeonófar stádas dearbhóra SCCT údaraithe, déanfaidh an t-údarás inniúil nós imeachta comhairliúcháin a sheoladh maidir leis an iarratas ar údarú trí chlárlann SCCT. Beidh baint ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile agus ag an gCoimisiún leis an nós imeachta comhairliúcháin agus ní rachaidh sé thar 15 lá oibre.

2.   Is iad seo a leanas a bheidh sna critéir chun stádas dearbhóra SCCT údaraithe a dheonú:

(a)

nach raibh an t-iarratasóir rannpháirteach i sárú tromchúiseach ná i sáruithe leantacha ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais, ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh ná ar an Rialachán seo ná ar ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a glacadh faoin Rialachán seo, agus go háirithe nach bhfuil aon taifead ag an iarratasóir maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch le linn na 5 bliana roimh an iarratas;

(b)

léiríonn an t-iarratasóir an acmhainn airgeadais agus an acmhainn oibríochtúil atá aige chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;

(c)

tá an t-iarratasóir bunaithe sa Bhallstát ina dtíolacfar an t-iarratas; agus

(d)

tá uimhir EORI sannta don iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

3.   I gcás ina bhfionnann an t-údarás inniúil nár comhlíonadh na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, nó i gcás inar mhainnigh an t-iarratasóir an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 5(5) a sholáthar, diúltófar do stádas dearbhóra SCCT údaraithe a dheonú. Leis an gcinneadh sin, tabharfar na cúiseanna atá leis an diúltú do stádas dearbhóra SCCT údaraithe agus áireofar ann faisnéis maidir leis an bhféidearthacht achomharc a dhéanamh.

4.   Déanfar cinneadh an údaráis inniúil lena ndeonaítear stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chlárú i gclárlann SCCT agus beidh an fhaisnéis seo a leanas ann:

(a)

ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála an dearbhóra SCCT údaraithe;

(b)

uimhir EORI an dearbhóra SCCT údaraithe;

(c)

uimhir chuntais SCCT a shanntar don dearbhóir SCCT údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 16(1);

(d)

an ráthaíocht a cheanglaítear i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.

5.   Chun na critéir a leagtar amach i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo a chomhlíonadh, éileoidh an t-údarás inniúil go soláthrófar ráthaíocht más rud é nach raibh an t-iarratasóir bunaithe ar feadh an 2 bhliain airgeadais roimh an mbliain a cuireadh isteach an t-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

Socróidh an t-údarás inniúil méid na ráthaíochta sin ag an méid arna ríomh mar luach comhiomlán líon na ndeimhnithe SCCT a bheadh ar an dearbhóir SCCT údaraithe a ghéilleadh i gcomhréir le hAirteagal 22 i leith allmhairí earraí a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 5(5), pointe (g). Ráthaíocht bhainc a bheidh sa ráthaíocht a sholáthrófar, atá iníoctha ar an gcéad éileamh, ag institiúid airgeadais a oibríonn san Aontas nó trí aon fhoirm eile ráthaíochta lena soláthraítear dearbhú coibhéiseach.

6.   I gcás ina suíonn an t-údarás inniúil nach n-áirithítear leis an ráthaíocht a sholáthraítear, nó nach leor í a thuilleadh, acmhainn airgeadais agus oibríochtúil an dearbhóra údaraithe SCCT chun oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, éileoidh sé ar an dearbhóir SCCT údaraithe rogha a dhéanamh idir ráthaíocht bhreise a sholáthar nó ráthaíocht nua a chur in ionad na ráthaíochta tosaigh i gcomhréir le mír 5.

7.   Scaoilfidh an t-údarás inniúil an ráthaíocht go díreach tar éis an 31 Bealtaine den dara bliain inar ghéill an dearbhóir SCCT údaraithe deimhnithe SCCT i gcomhréir le hAirteagal 22.

8.   Déanfaidh an t-údarás inniúil stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm sna cásanna seo a leanas:

(a)

go n-iarrfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe cúlghairm; nó

(b)

nach gcomhlíonann an dearbhóir SCCT údaraithe na critéir a leagtar amach i míreanna 2 nó 6 den Airteagal seo a thuilleadh, nó go raibh baint aige le sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha ar an oibleagáid i leith deimhnithe SCCT dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a ghéilleadh nó ar an oibleagáid chun a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach dheimhnithe SCCT ar a chuntas i gclárlann SCCT ag deireadh gach ráithe dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

Sula ndéanfar stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm, tabharfaidh an t-údarás inniúil an deis don dearbhóir SCCT údaraithe éisteacht a fháil agus déanfaidh sé nós imeachta comhairliúcháin a sheoladh maidir le cúlghairm fhéideartha an stádais sin. Beidh baint ag údaráis inniúla sna Ballstáit eile agus ag an gCoimisiún leis an nós imeachta comhairliúcháin agus ní rachaidh sé thar 15 lá oibre.

Beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh mar aon le faisnéis faoin gceart chun achomharc a dhéanamh san áireamh in aon chinneadh cúlghairme.

9.   Cláróidh an t-údarás inniúil faisnéis i gclárlann SCCT maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na hiarratasóirí ar diúltaíodh a n-iarratas ar údarú de bhun mhír 3; agus

(b)

na daoine a ndearnadh a stádas mar dhearbhóir SCCT údaraithe a chúlghairm de bhun mhír 8.

10.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na coinníollacha seo a leanas a ghlacadh i gcás:

(a)

chur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear gan a bheith rannpháirteach i sárú tromchúiseach ná i sáruithe leantacha faoi mhír 2, pointe (a), den Airteagal seo;

(b)

chur i bhfeidhm na ráthaíochta dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7den Airteagal seo;

(c)

chur i bhfeidhm na gcritéar maidir le sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo;

(d)

na n-iarmhairtí a bhaineann le stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo; agus

(e)

na spriocdhátaí sonracha agus formáid an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 8 den Airteagal seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Airteagal 18

Creidiúnú fíoraitheoirí

1.   Is fíoraitheoir creidiúnaithe chun críche an Rialacháin seo a bheidh in aon duine atá creidiúnaithe i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 le haghaidh grúpa ábhartha gníomhaíochtaí. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun grúpaí ábhartha gníomhaíochtaí a shainaithint trí ailíniú a dhéanamh ar na cáilíochtaí is gá a bheith ag fíoraitheoir creidiúnaithe chun fíoruithe a dhéanamh chun críche an Rialacháin seo leis an ngrúpa ábhartha gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus a léirítear sa deimhniú creidiúnaithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2) den Rialachán seo.

2.   Féadfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, arna iarraidh sin dó, duine a chreidiúnú chun bheith ina fhíoraitheoir chun críche an Rialacháin seo i gcás ina measann sé, ar bhonn na doiciméadachta a chuirtear isteach chuige, go bhfuil sé d’acmhainn ag an duine sin na prionsabail fíorúcháin dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI a chur i bhfeidhm agus cúraimí fíorúcháin na n-astaíochtaí leabaithe de bhun Airteagail 8 agus 10 á ndéanamh aige.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar na coinníollacha le haghaidh creidiúnú a dheonú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, le haghaidh rialú agus formhaoirsiú a dhéanamh ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe, le haghaidh creidiúnú a tharraingt siar agus le haghaidh aitheantas frithpháirteach agus meastóireacht piaraí a dhéanamh ar chomhlachtaí creidiúnúcháin.

Airteagal 19

Athbhreithniú ar dhearbhuithe SCCT

1.   Beidh ról maoirseachta ag an gCoimisiún san athbhreithniú ar dhearbhuithe SCCT.

2.   Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhuithe SCCT, i gcomhréir le straitéis athbhreithnithe, lena n-áirítear fachtóirí riosca, laistigh den tréimhse dar críoch an ceathrú bliain i ndiaidh na bliana ar lena linn ba cheart dearbhuithe SCCT a bheith curtha isteach.

D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san athbhreithniú fíorú ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i ndearbhú SCCT agus i dtuarascálacha fíorúcháin ar bhonn na faisnéise arna cur in iúl ag na húdaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 25, aon fhaisnéis ábhartha eile, agus ar bhonn aon iniúchta a mheastar a bhfuil gá leis, lena n-áirítear iniúchadh ag áitreabh an dearbhóra SCCT údaraithe.

Cuirfidh an Coimisiún tionscnamh agus torthaí an athbhreithnithe in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe bunaithe, trí chlárlann SCCT.

Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe bunaithe athbhreithniú a dhéanamh freisin ar dhearbhú SCCT laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Cuirfidh an t-údarás inniúil tionscnamh agus torthaí an athbhreithnithe in iúl don Choimisiún, trí chlárlann SCCT.

3.   Leagfaidh an Coimisiún amach go tréimhsiúil na fachtóirí sonracha riosca agus pointí airde, bunaithe ar anailís ar na rioscaí a bhaineann le cur chun feidhme SCCT ar leibhéal an Aontais, agus faisnéis atá i gclárlann SCCT, sonraí arna gcur in iúl ag údaráis chustaim, agus foinsí faisnéise ábhartha eile á gcur san áireamh, lena n-áirítear na rialuithe agus na seiceálacha a chuirtear i gcrích de bhun Airteagail 15(2) agus 25.

Déanfaidh an Coimisiún éascú freisin ar mhalartú tuairimí leis na húdaráis inniúla maidir le gníomhaíochtaí calaoiseacha agus pionóis arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 26.

4.   I gcás ina mainníonn dearbhóir SCCT údaraithe dearbhú SCCT a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 6, nó i gcás ina measann an Coimisiún, ar bhonn a athbhreithnithe faoi mhír 2 den Airteagal seo, go bhfuil líon dearbhaithe na ndeimhnithe SCCT míchruinn, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar oibleagáidí an dearbhóra SCCT údaraithe sin faoin Rialachán seo ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dó. Déanfaidh an Coimisiún réamh-ríomh a shuí ar an líon iomlán deimhnithe SCCT ar cheart iad a ghéilleadh, faoin 31 Nollaig ar a dhéanaí den bhliain i ndiaidh na bliana sin inar cheart an dearbhú SCCT a bheith tíolactha, nó faoin 31 Nollaig ar a dhéanaí den cheathrú bliain i ndiaidh na bliana sin inar tíolacadh an dearbhú SCCT mícheart, de réir mar is infheidhme. Déanfaidh an Coimisiún an réamh-ríomh sin a sholáthar d’údaráis inniúla, chun críoch táscach agus gan dochar don ríomh cinntitheach arna shuí ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe bunaithe.

5.   I gcás ina dtagann an t-údarás inniúil ar an tátal go bhfuil líon dearbhaithe na ndeimhnithe SCCT atá le géilleadh míchruinn, nó nach ndearnadh aon dearbhú SCCT a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 6, cinnfidh sé an líon deimhnithe SCCT ar cheart iad a bheith géillte ag an dearbhóir SCCT údaraithe, agus an fhaisnéis arna tíolacadh ag an gCoimisiún á cur san áireamh.

Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don dearbhóir SCCT údaraithe faoina chinneadh maidir leis an líon deimhnithe SCCT a chinntear agus iarrfaidh sé go ngéillfidh an dearbhóir SCCT údaraithe na deimhnithe SCCT breise laistigh de thréimhse aon mhí amháin.

Beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh mar aon le faisnéis faoin gceart chun achomharc a dhéanamh san áireamh i gcinneadh an údaráis inniúil. Tabharfar fógra faoin gcinneadh freisin trí chlárlann SCCT.

I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil, tar éis dó an réamh-ríomh a fháil ón gCoimisiún i gcomhréir le míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo, gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh, cuirfidh an t-údarás inniúil an Coimisiún ar an eolas dá réir sin, trí chlárlann SCCT.

6.   I gcás ina dtagann an t-údarás inniúil ar an tátal gur mó an líon deimhnithe SCCT a ghéilltear ná an líon ar cheart iad a bheith géillte, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi gan mhoill. Déanfar na deimhnithe SCCT de bhreis a ghéilltear a athcheannach i gcomhréir le hAirteagal 23.

CAIBIDIL IV

DEIMHNITHE SCCT

Airteagal 20

Deimhnithe SCCT a dhíol

1.   Díolfaidh na Ballstáit deimhnithe SCCT ar ardán lárnach coiteann le dearbhóirí SCCT údaraithe atá bunaithe sa Bhallstát sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an t-ardán lárnach coiteann a bhunú agus a bhainistiú tar éis nós imeachta um sholáthar comhpháirteach idir an Coimisiún agus na Ballstáit.

Beidh rochtain ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis inniúla ar an bhfaisnéis atá san ardán lárnach coiteann.

3.   Déanfar an fhaisnéis faoi dheimhnithe SCCT a dhíol, a athcheannach agus a chealú san ardán lárnach coiteann a aistriú chuig clárlann SCCT ag deireadh gach lae oibre.

4.   Díolfar deimhnithe SCCT le dearbhóirí SCCT údaraithe ar an bpraghas a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 21.

5.   Áiritheoidh an Coimisiún go sannfar uimhir chéannachta uathúil do gach deimhniú SCCT nuair a chruthófar é. Cláróidh an Coimisiún an uimhir chéannachta uathúil agus an praghas agus dáta díola an deimhnithe SCCT i gclárlann SCCT i gcuntas an dearbhóra SCCT údaraithe atá ag ceannach an deimhnithe sin.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar an Rialachán seo tríd an uainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann leis an mbainistiú ar dhíolachán agus athcheannach dheimhnithe SCCT a shonrú a thuilleadh, ag féachaint le comhleanúnachas a áirithiú le nósanna imeachta Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún (26).

Airteagal 21

Praghas na ndeimhnithe SCCT

1.   Ríomhfaidh an Coimisiún praghas na ndeimhnithe SCCT mar mheán na bpraghsanna scoir lamháltais CTA AE ar an ardán ceantála, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 i gcás gach seachtaine féilire.

I gcás na seachtainí féilire sin nach mbíonn aon cheant sceidealta ar an ardán ceantála, is é an praghas a bheidh ar dheimhnithe SCCT ná meán na bpraghsanna scoir lamháltais CTA AE ón tseachtain dheireanach ina raibh ceantanna ar siúl ar an ardán ceantála.

2.   Foilseoidh an Coimisiún an meánphraghas, dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, ar a shuíomh gréasáin nó ar aon bhealach iomchuí eile ar an gcéad lá oibre den tseachtain féilire dár gcionn. Beidh feidhm ag an bpraghas sin ón gcéad lá oibre tar éis lá a fhoilsithe go dtí an chéad lá oibre den tseachtain féilire dár gcionn.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm na modheolaíochta dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo chun meánphraghas deimhnithe SCCT a ríomh agus na socruithe praiticiúla a dhéanamh chun an praghas sin a fhoilsiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Airteagal 22

Deimhnithe SCCT a ghéilleadh

1.   Faoin 31 Bealtaine gach bliain, agus den chéad uair in 2027 don bhliain 2026, déanfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe líon deimhnithe SCCT a ghéilleadh trí chlárlann SCCT, ar deimhnithe iad a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí leabaithe atá dearbhaithe i gcomhréir le hAirteagal 6(2), pointe (c), agus atá fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 8, don bhliain féilire roimh an ngéilleadh. Déanfaidh an Coimisiún deimhnithe SCCT a ghéilltear a bhaint de chlárlann SCCT. Áiritheoidh an dearbhóir SCCT údaraithe go bhfuil an líon deimhnithe SCCT a éilítear ar fáil ar a chuntas i gclárlann SCCT.

2.   Áiritheoidh an dearbhóir SCCT údaraithe go gcomhfhreagraíonn an líon deimhnithe SCCT ar a chuntas i gclárlann SCCT ag deireadh gach ráithe do 80 % ar a laghad de na hastaíochtaí leabaithe, arna gcinneadh trí thagairt do luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, sna hearraí uile atá allmhairithe aige ó thús na bliana féilire.

3.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún nach bhfuil an líon deimhnithe SCCT i gcuntas dearbhóra SCCT údaraithe i gcomhréir leis na hoibleagáidí de bhun mhír 2, cuirfidh sé in iúl é sin, trí chlárlann SCCT, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT bunaithe.

Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don dearbhóir SCCT údaraithe faoin ngá atá le líon leordhóthanach deimhnithe SCCT a áirithiú ina chuntas laistigh de mhí amháin ón bhfógra sin a fháil.

Déanfaidh an t-údarás inniúil an fógra a thugtar don dearbhóir SCCT údaraithe, agus an freagra a fhaightear uaidh, a chlárú i gclárlann SCCT.

Airteagal 23

Athcheannach deimhnithe SCCT

1.   I gcás ina n-iarrann dearbhóir SCCT údaraithe amhlaidh, déanfaidh an Ballstát ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe bunaithe na deimhnithe SCCT iomarcacha a bheidh fágtha ar chuntas an dearbhóra i gclárlann SCCT a athcheannach tar éis na ndeimhnithe a bheith géillte i gcomhréir le hAirteagal 22.

Déanfaidh an Coimisiún na deimhnithe SCCT iomarcacha a athcheannach tríd an ardán lárnach coiteann dá dtagraítear in Airteagal 20 thar ceann an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe bunaithe. Déanfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe an iarraidh ar athcheannach a thíolacadh faoin 30 Meitheamh gach bliain ar lena linn a rinneadh deimhnithe SCCT a ghéilleadh.

2.   Beidh an líon deimhnithe atá faoi réir an athcheannaigh dá dtagraítear i mír 1 teoranta d’aon trian de líon iomlán na ndeimhnithe SCCT a cheannaigh an dearbhóir SCCT údaraithe le linn na bliana féilire roimhe sin.

3.   Is é an praghas athcheannaigh a bheidh ar gach deimhniú SCCT an praghas a íocann an dearbhóir SCCT údaraithe as an deimhniú sin tráth an cheannaigh.

Airteagal 24

Deimhnithe SCCT a chur ar ceal

An 1 Iúil gach bliain, cuirfidh an Coimisiún ar ceal aon deimhniú SCCT a ceannaíodh le linn na bliana roimh an mbliain féilire roimhe sin agus a bhí fágtha i gcuntas dearbhóra SCCT údaraithe i gclárlann SCCT. Cuirfear na deimhnithe SCCT sin ar ceal gan aon chúiteamh.

I gcás ina ndéantar líon na ndeimhnithe SCCT atá le géilleadh a chonspóid i ndíospóid atá ar feitheamh i mBallstát, cuirfidh an Coimisiún cealú na ndeimhnithe SCCT ar fionraí a mhéid a chomhfhreagraíonn don mhéid is ábhar don díospóid. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe bunaithe aon fhaisnéis ábhartha a chur in iúl gan mhoill don Choimisiún.

CAIBIDIL V

RIALACHA IS INFHEIDHME I LEITH ALLMHAIRIÚ EARRAÍ

Airteagal 25

Rialacha is infheidhme i leith allmhairiú earraí

1.   Níor cheart do na húdaráis chustaim a cheadú d’aon duine cé is moite de dhearbhóir SCCT údaraithe earraí a allmhairiú.

2.   Déanfaidh na húdaráis chustaim go tréimhsiúil agus go huathoibríoch, go háirithe trí bhíthin an tsásra faireachais a bunaíodh de bhun Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, faisnéis shonrach maidir leis na hearraí a dhearbhaítear le haghaidh allmhairiú a chur in iúl don Choimisiún. Áireofar san fhaisnéis sin uimhir EORI agus uimhir chustaim SCCT an dearbhóra SCCT údaraithe, cód AC ocht ndigit na n-earraí, an líon, tír thionscnaimh, dáta an dearbhaithe custaim agus an nós imeachta custaim.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe bunaithe agus déanfaidh sé, i gcás gach dearbhóra SCCT, cros-seiceáil ar an bhfaisnéis sin leis na sonraí i gclárlann SCCT de bhun Airteagal 14.

4.   Féadfaidh na húdaráis chustaim, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, faisnéis rúnda a fhaigheann na húdaráis chustaim agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, nó a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda do na húdaráis chustaim, a chur in iúl don Choimisiún agus d’údarás inniúil an Bhallstáit a rinne stádas an dearbhóra SCCT údaraithe a dheonú.

5.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialachán (CE) Uimh. 515/97 maidir leis an Rialachán seo.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainítear raon na faisnéise, agus an tréimhsiúlacht, uainiú agus an modh chun an fhaisnéis a chur in iúl de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

CAIBIDIL VI

FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 26

Pionóis

1.   Dearbhóir SCCT údaraithe a mhainníonn, faoin 31 Bealtaine gach bliain, an líon deimhnithe SCCT a ghéilleadh a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí atá leabaithe in earraí a allmhairíodh le linn na bliana féilire roimhe sin, beidh sé faoi dhliteanas pionós a íoc. Beidh an pionós sin comhionann leis an bpionós i leith astaíochtaí iomarcacha a leagtar amach in Airteagal 16(3) de Threoir 2003/87/CE, agus a ardaítear de bhun Airteagal 16(4) den Treoir sin, agus beidh sé infheidhme sa bhliain a allmhairítear na hearraí. Beidh feidhm ag an bpionós sin i gcás gach deimhnithe SCCT nach bhfuil géillte ag an dearbhóir SCCT údaraithe.

2.   I gcás ina ndéanann duine seachas dearbhóir SCCT údaraithe earraí a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, beidh an duine sin faoi dhliteanas pionós a íoc. Beidh an pionós sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus, ag brath go háirithe ar fad, tromchúis, raon, cineál intinniúil agus atarlú an neamhchomhlíonta sin agus ar leibhéal chomhoibriú an duine leis an údarás inniúil, beidh a mhéid ó thrí oiread go cúig oiread an phionóis dá dtagraítear i mír 1, a bheidh infheidhme sa bhliain a dtugtar isteach na hearraí, i gcás gach deimhnithe SCCT nach bhfuil géillte ag an duine.

3.   Ní dhéanfaidh íocaíocht an phionóis an dearbhóir SCCT údaraithe a scaoileadh ón oibleagáid i leith an líon deimhnithe SCCT atá fós gan géilleadh a ghéilleadh i mbliain ar leith.

4.   Má chinneann an t-údarás inniúil, lena n-áirítear i bhfianaise na réamhríomhanna arna ndéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 19, gur mhainnigh dearbhóir SCCT údaraithe an oibleagáid a chomhlíonadh i leith deimhnithe SCCT a ghéilleadh mar a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, nó go bhfuil earraí tugtha isteach ag an duine sin i gcríoch chustaim an Aontais gan na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh mar a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás inniúil an pionós a fhorchur de bhun mhír 1 nó mhír 2 den Airteagal seo, de réir mar is infheidhme. Chuige sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don dearbhóir SCCT údaraithe nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2 den Airteagal seo, don duine faoi na nithe seo a leanas:

(a)

go bhfuil an t-údarás inniúil tagtha ar an tátal go bhfuil mainnithe ag an dearbhóir SCCT údaraithe nó ag an duine dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;

(b)

na cúiseanna atá lena thátal;

(c)

méid an phionóis a fhorchuirtear ar an dearbhóir SCCT údaraithe nó ar an duine dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(d)

an dáta óna mbeidh an pionós dlite;

(e)

an ghníomhaíocht atá le déanamh ag an dearbhóir SCCT údaraithe nó ag an duine dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo chun an pionós a íoc; agus

(f)

an ceart atá ag an dearbhóir SCCT údaraithe nó ag an duine dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo achomharc a dhéanamh.

5.   I gcás nach n-íoctar an pionós faoin dáta dlite dá dtagraítear i mír 4, pointe (d), déanfaidh an t-údarás inniúil íocaíocht an phionóis a aimsiú trí gach bealach a bheidh ar fáil dó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

6.   Déanfaidh na Ballstáit na cinntí maidir le pionóis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur in iúl don Choimisiún agus cláróidh siad an íocaíocht deiridh dá dtagraítear i mír 5 i gclárlann SCCT.

Airteagal 27

Imchéimniú

1.   Gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir leis an Airteagal seo, bunaithe ar shonraí ábhartha agus oibiachtúla, chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais lena ndéantar an Rialachán seo a imchéimniú.

2.   Saineofar cleachtais imchéimniúcháin mar athrú ar an bpatrún trádála in earraí, ar athrú é a eascraíonn as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leo seachas aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a sheachaint, go hiomlán nó go páirteach. Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis an gcleachtas, próiseas nó obair sin, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(a)

na hearraí lena mbaineann a mhodhnú rud beag chun iad a chur faoi chóid AC nach liostaítear in Iarscríbhinn I, ach amháin i gcás ina ndéanann an modhnú athrú ar a mbuntréithe;

(b)

lastais a roinnt go saorga ina gcoinsíneachtaí nach ndéantar lena luach intreach an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 2(3) a shárú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an gcás ar leibhéal an Aontais, d’fhonn cleachtais imchéimniúcháin a shainaithint, lena n-áirítear trí fhaireachas margaidh nó ar bhonn aon fhoinse ábhartha faisnéise, amhail aighneachtaí ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus tuairisciú uathu.

4.   Ballstát nó aon pháirtí a ndéanann aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 2 difear dó, nó a dtéann na cásanna sin chun sochair dó, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Choimisiún má bhíonn air dul i ngleic le cleachtais imchéimniucháin. Maidir le páirtithe leasmhara seachas páirtithe a ndéantar difear dóibh go díreach nó páirtithe a thairbhíonn, amhail eagraíochtaí comhshaoil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, a aimsíonn fianaise nithiúil maidir le cleachtais imchéimniúcháin, féadfaidh siad freisin fógra a thabhairt don Choimisiún.

5.   Luafar san fhógra dá dtagraítear i mír 4 na cúiseanna is bun leis agus áireofar ann sonraí agus staidreamh ábhartha chun tacú leis an maíomh maidir le himchéimniú an Rialacháin seo. Cuirfidh an Coimisiún tús le himscrúdú ar mhaíomh maidir le himchéimniú i gcás ina bhfaigheann sé fógra ó Bhallstát, nó ó pháirtí dá ndéantar difear, ó pháirtí a thairbhíonn nó ó pháirtí leasmhar eile, ar choinníoll go gcomhlíonann an fógra na ceanglais dá dtagraítear sa mhír seo, nó i gcás ina gcinneann an Coimisiún féin go bhfuil gá leis an imscrúdú sin. Agus an t-imscrúdú á dhéanamh, féadfaidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis chustaim cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Tabharfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 9 mí ó dháta an fhógra. I gcás ina dtionscnaítear imscrúdú, tabharfaidh an Coimisiún fógra do na húdaráis inniúla uile.

6.   I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún lena chreidiúint, agus na sonraí, na tuarascálacha agus an staidreamh ábhartha á gcur san áireamh aige, lena n-áirítear iad siúd arna soláthar ag údaráis chustaim, gur ann do na himthosca dá dtagraítear i mír 2, pointe (a) den Airteagal seo, i mBallstát amháin nó níos mó trí bhíthin patrún bunaithe, tugtar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun leasú a dhéanamh ar liosta na n-earraí in Iarscríbhinn I trí na hearraí táirgí atá modhnaithe de bheagán dá dtagraítear i mír 2, pointe (a) den Airteagal seo, a chur leis chun críoch frith-imchéimniúcháin.

CAIBIDIL VII

AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ AGUS AN NÓS IMEACHTA COISTE

Airteagal 28

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 2(10), 2(11), 18(3), 20(6) agus 27(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 17 Bealtaine 2023. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid breise, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 2(10), 2(11), 18(3), 20(6) agus 27(6) a chúlghairm aon tráth.

4.   Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

5.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

6.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

7.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 2(10), 2(11), 18(3), 20(6) nó 27(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 29

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste SCCT cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VIII

TUAIRISCIÚ AGUS ATHBHREITHNIÚ

Airteagal 30

Tuairisciú agus athbhreithniú ag an gCoimisiún

1.   Baileoidh an Coimisiún, i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, an fhaisnéis is gá d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú mar a léirítear i mír 2, pointe (a), agus dá bun, agus chun modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh atá bunaithe ar mhodhanna tomhais maidir le lorg comhshaoil.

2.   Roimh dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 32, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Áireofar measúnú sa tuarascáil ar an méid seo a leanas:

(a)

an fhéidearthacht an raon feidhme a leathnú chuig:

(i)

astaíochtaí indíreacha leabaithe sna hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(ii)

astaíochtaí leabaithe in iompar na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i seirbhísí iompair;

(iii)

earraí atá i mbaol sceite carbóin seachas iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus go sonrach ceimiceáin orgánacha agus polaiméirí orgánacha;

(iv)

ábhair ionchuir eile (réamhtheachtaithe) le haghaidh na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(b)

na critéir atá le húsáid chun earraí a shainaithint atá le háireamh sa liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo bunaithe ar na hearnálacha atá i mbaol sceite carbóin arna sainaithint de bhun [Airteagal 10b de] Threoir 2003/87/CE; beidh tráthchlár ag gabháil leis an measúnú sin a dtiocfaidh deireadh leis in 2030 chun na hearraí a áireamh de réir a chéile faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus an leibhéal riosca a bhaineann lena sceitheadh carbóin faoi seach á chur san áireamh go háirithe;

(c)

na ceanglais theicniúla chun astaíochtaí leabaithe a ríomh i gcás earraí eile atá le háireamh sa liosta in Iarscríbhinn I;

(d)

an dul chun cinn atá déanta sa phlé idirnáisiúnta maidir le gníomhú ar son na haeráide;

(e)

an córas rialachais, lena n-áirítear na costais riaracháin;

(f)

tionchar an Rialacháin seo ar earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a allmhairítear ó thíortha i mbéal forbartha le sainleas chuig na tíortha is lú forbairt arna sainaithint ag na Náisiúin Aontaithe (TLFanna) agus ar éifeachtaí an chúnaimh theicniúil a thugtar;

(g)

an mhodheolaíocht chun astaíochtaí indíreacha a ríomh de bhun Airteagal 7(7) agus phointe 4.3 d’Iarscríbhinn IV.

3.   Bliain amháin ar a laghad roimh dheireadh na hidirthréimhse, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sainaithnítear táirgí atá níos faide síos shlabhra luacha na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a mholann sé a mheas lena gcuimsiú faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Chuige sin, forbróidh an Coimisiún, go tráthúil, modheolaíocht ar cheart di a bheith bunaithe ar ábharthacht ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa carntha agus riosca sceite carbóin de.

4.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 faoi dheireadh na hidirthréimhse, lena n-áirítear measúnú tionchair mionsonraithe, go háirithe d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú ar bhonn na gconclúidí ar thángthas orthu sna tuarascálacha sin.

5.   Gach 2 bhliain ó dheireadh na hidirthréimhse, mar chuid dá thuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 10(5) de Threoir 2003/87/CE, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht SCCT maidir le haghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin d’earraí a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú chuig tríú tíortha nach gcuireann CTA AE ná sásra comhchosúil praghsála carbóin i bhfeidhm. Déanfar measúnú sa tuarascáil go háirithe ar fhorbairt onnmhairí an Aontais in earnálacha SCCT agus ar na forbairtí maidir le sreabha trádála agus astaíochtaí leabaithe na n-earraí sin ar an margadh domhanda. I gcás inarb é conclúid na tuarascála go bhfuil riosca sceite carbóin ann d’earraí a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú chuig na tríú tíortha sin nach gcuireann CTA AE ná sásra praghsála carbóin den chineál céanna i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin ar bhealach a gcomhlíontar dlí na hEagraíochta Domhanda Trádála agus lena gcuirtear dícharbónú suiteálacha san Aontas san áireamh.

6.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú SCCT d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar na tionchair agus ar choigeartuithe féideartha ar a chur i bhfeidhm.

Roimh an 1 Eanáir 2028, agus gach 2 bhliain dá éis sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus feidhmiú SCCT. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil:

(a)

measúnú ar thionchar SCCT ar an méid seo a leanas:

(i)

sceitheadh carbóin, lena n-áirítear i ndáil le honnmhairí;

(ii)

na hearnálacha a chlúdaítear;

(iii)

an margadh inmheánach, lena n-áirítear tionchar eacnamaíoch agus críochach ar fud an Aontais;

(iv)

boilsciú agus praghas tráchtearraí;

(v)

an éifeacht ar thionscail a úsáideann earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(vi)

trádáil idirnáisiúnta, lena n-áirítear athdháileadh acmhainní; agus

(vii)

na tíortha is lú forbairt;

(b)

measúnú ar an méid seo a leanas:

(i)

an córas rialachais, lena n-áirítear measúnú ar chur chun feidhme agus riar údarú dhearbhóirí SCCT ag Ballstáit;

(ii)

raon feidhme an Rialacháin seo;

(iii)

cleachtais imchéimnithe;

(iv)

cur i bhfeidhm pionós sna Ballstáit;

(c)

torthaí imscrúduithe agus pionóis arna bhforchur;

(d)

faisnéis chomhiomlánaithe maidir le déine astaíochtaí do gach tír thionscnaimh le haghaidh na n-earraí éagsúla a liostaítear in Iarscríbhinn I.

7.   I gcás inar tharla imeacht gan choinne, eisceachtúil agus gan chúis nach bhfuil smacht ag tríú tír amháin nó níos mó atá faoi réir SCCT air, agus a bhfuil iarmhairtí scriosacha ag an imeacht sin ar bhonneagar eacnamaíoch agus tionsclaíoch na tíre sin nó na dtíortha lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an staid agus cuirfidh sé tuarascáil, lena ngabhfaidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, chun an Rialachán seo a leasú trí na bearta sealadacha is gá a leagan amach chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca eisceachtúla sin.

8.   Ó dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán seo, mar chuid den tuairisciú bliantúil de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus tuairisciú ar an gcaoi ar rannchuidigh an maoiniú faoin Rialachán sin le dícharbónú an tionscail monaraíochta i dtíortha is lú forbairt.

CAIBIDIL IX

COMHORDÚ A DHÉANAMH LE LEITHDHÁILEADH NA LAMHÁLTAS SAOR IN AISCE FAOI CTA AE

Airteagal 31

Leithdháileadh na lamháltas saor in aisce faoi CTA AE agus an oibleagáid deimhnithe SCCT a ghéilleadh

1.   Déanfar coigeartú ar na deimhnithe SCCT atá le géilleadh i gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán seo chun go gcuirfear san áireamh a mhéid a leithdháiltear lamháltais CTA AE saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ar shuiteálacha a tháirgeann, laistigh den Aontas, na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an coigeartú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ríomh. Leagfar amach na rialacha mionsonraithe sin trí thagairt do na prionsabail a chuirtear i bhfeidhm in CTA AE le haghaidh saor-leithdháileadh lamháltas do shuiteálacha a tháirgeann, laistigh den Aontas, na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus na tagarmharcanna éagsúla a úsáidtear in CTA AE le haghaidh an tsaor-leithdháilte á gcur san áireamh d’fhonn na tagarmharcanna sin a chomhcheangal sna luachanna comhfhreagracha i gcomhair na n-earraí lena mbaineann, agus na hábhair ionchuir ábhartha (réamhtheachtaithe) á gcur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

CAIBIDIL X

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32

Raon feidhme na hidirthréimhse

Le linn na hidirthréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 31 Nollaig 2025, beidh oibleagáidí an allmhaireora faoin Rialachán seo teoranta do na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagail 33, 34 agus 35 den Rialachán seo. I gcás ina bhfuil an t-allmhaireoir bunaithe i mBallstát agus ina gceapann sé ionadaí custaim indíreach i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, agus i gcás ina gcomhaontóidh an t-ionadaí custaim indíreach amhlaidh, beidh feidhm ag na hoibleagáidí tuairiscithe maidir leis an ionadaí custaim indíreach sin. I gcás nach bhfuil an t-allmhaireoir bunaithe i mBallstát, beidh feidhm ag na hoibleagáidí tuairiscithe maidir leis an ionadaí custaim indíreach.

Airteagal 33

Allmhairiú earraí

1.   Cuirfidh na húdaráis chustaim an t-allmhaireoir nó, sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 32, an t-ionadaí custaim indíreach, ar an eolas faoin oibleagáid tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 35, tráth nach déanaí ná an tráth a scaoilfear na hearraí i saorchúrsaíocht.

2.   Trí bhíthin an tsásra faireachais a bunaíodh de bhun Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 nó trí bhíthin tarchur leictreonach sonraí, cuirfidh na húdaráis chustaim in iúl don Choimisiún, go tréimhsiúil agus go huathoibríoch, faisnéis mar gheall ar earraí allmhairithe, lena n-áirítear táirgí próiseáilte ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála amach. Áireofar i bhfaisnéis den sórt sin uimhir EORI an dearbhóra custaim agus an allmhaireora, cód AC ocht ndigit, líon, tír thionscnaimh, dáta an dearbhaithe custaim agus an nós imeachta custaim.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil an dearbhóir custaim, agus, i gcás inarb infheidhme, an t-allmhaireoir, bunaithe.

Airteagal 34

Oibleagáid tuairiscithe i dtaca le nósanna imeachta áirithe custaim

1.   I gcás ina n-allmhaireofar táirgí próiseáilte ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála isteach dá dtagraítear in Airteagal 256 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, áireofar san oibleagáid tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 35 den Rialachán seo an fhaisnéis faoi na hearraí a cuireadh faoin nós imeachta próiseála isteach agus a raibh na táirgí próiseáilte allmhairithe mar thoradh orthu, fiú mura liostaítear na táirgí próiseáilte in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh feidhm ag an mír seo freisin i gcás inar earraí arna dtabhairt ar ais iad na táirgí próiseáilte a eascraíonn as an nós imeachta próiseála isteach dá dtagraítear in Airteagal 205 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

2.   Ní bhainfidh an oibleagáid tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 35 den Rialachán seo le hallmhairiú na nithe seo a leanas:

(a)

táirgí próiseáilte ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála amach dá dtagraítear in Airteagal 259 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(b)

earraí a cháilíonn mar earraí arna dtabhairt ar ais i gcomhréir le hAirteagal 203 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

Airteagal 35

Oibleagáid tuairiscithe

1.   Cuirfidh gach allmhaireoir nó, sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 32, an t-ionadaí custaim indíreach, a d’allmhairigh earraí le linn ráithe ar leith de bhliain féilire, le haghaidh na ráithe sin, tuarascáil (‘tuarascáil SCCT’) ina bhfuil faisnéis faoi na hearraí a allmhairíodh le linn na ráithe sin faoi bhráid an Choimisiúin, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis dheireadh na ráithe sin.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas i dtuarascáil SCCT:

(a)

cainníocht iomlán gach cineáil earraí, arna sloinneadh in uaireanta meigeavata i gcás leictreachais agus i dtonaí i gcás earraí eile; agus arna sonrú in aghaidh gach suiteála a tháirgeann na hearraí sa tír thionscnaimh;

(b)

iomlán na n-astaíochtaí leabaithe iarbhír, arna shloinneadh i dtonnaí d’astaíochtaí coibhéise CO2e in aghaidh na meigeavatuaire leictreachais nó, i gcás earraí eile, i dtonnaí d’astaíochtaí coibhéise CO2e, in aghaidh an tonna de gach cineál earraí, arna ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;

(c)

iomlán na n-astaíochtaí indíreacha, arna ríomh i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7;

(d)

an praghas carbóin atá dlite i dtír thionscnaimh le haghaidh na n-astaíochtaí leabaithe sna hearraí allmhairithe, agus aon lacáiste nó aon chineál eile cúitimh atá ar fáil á gcur san áireamh.

3.   Cuirfidh an Coimisiún in iúl go tréimhsiúil do na húdaráis inniúla ábhartha liosta de na hallmhaireoirí nó na hionadaithe custaim indíreacha sin bunaithe sa Bhallstát, lena n-áirítear na réasúnuithe comhfhreagracha, a bhfuil cúiseanna aige lena chreidiúint nár chomhlíon siad an oibleagáid tuarascáil SCCT a chur isteach i gcomhréir le mír 1.

4.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil tuarascáil SCCT neamhiomlán nó mícheart, cuirfidh sé in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-allmhaireoir bunaithe nó, i gcásanna a chumhdaítear le hAirteagal 32, ina bhfuil an t-ionadaí custaim indíreach bunaithe, an fhaisnéis bhreise a mheasann sé a bheith riachtanach chun an tuarascáil sin a chomhlánú nó a cheartú. Cuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil chun críoch táscach amháin agus gan dochar do chinneadh cinntitheach an údaráis inniúil. Tionscnóidh an t-údarás inniúil sin an nós imeachta ceartúcháin agus tabharfaidh sé fógra don allmhaireoir nó, i gcásanna a chumhdaítear le hAirteagal 32, don ionadaí custaim indíreach indíreach faoin bhfaisnéis bhreise is gá chun an tuarascáil sin a cheartú. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí custaim indíreach sin tuarascáil cheartaithe faoi bhráid an údaráis inniúil lena mbaineann agus faoi bhráid an Choimisiúin.

5.   I gcás ina dtionscnóidh údarás inniúil an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo nós imeachta ceartúcháin, lena n-áirítear faisnéis a fuarthas i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo á meas, agus ina gcinnfidh sé nach bhfuil na bearta is gá déanta ag an allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, ag an ionadaí custaim indíreach chun tuarascáil SCCT a cheartú, nó i gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil lena mbaineann, go háirithe agus faisnéis a fuarthas i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo á cur san áireamh, nár chomhlíon an t-allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, an t-ionadaí custaim indíreach an oibleagáid tuarascáil SCCT a thíolacadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, forchuirfidh an t-údarás inniúil sin pionós éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ar an allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, ar an ionadaí custaim indíreach. Chuige sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAireagal 32, don ionadaí custaim indíreach agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

an chonclúid, agus na cúiseanna leis an gconclúid sin, i gcás inar mhainnigh an t-allmhaireoir, nó i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, an t-ionadaí custaim indíreach an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le tuarascáil a thíolacadh do ráithe ar leith nó nár ghlac sé na bearta is gá chun an tuarascáil a cheartú;

(b)

méid an phionóis atá á fhorchur ar an allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, ar an ionadaí custaim indíreach;

(c)

an dáta óna mbeidh an pionós dlite;

(d)

an ghníomhaíocht atá le déanamh ag an allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, ag an ionadaí custaim indíreach chun an pionós a íoc; agus

(e)

an ceart atá ag an allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, ag an ionadaí custaim indíreach achomharc a dhéanamh.

6.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil, tar éis dó an fhaisnéis a fháil ón gCoimisiún i gcomhréir leis an Airteagal seo, gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh, cuirfidh an t-údarás inniúil an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis atá le tuairisciú, an modh agus an fhormáid don tuairisciú sin, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe de réir na tíre tionscnaimh agus an chineáil earraí chun tacú leis na hiomláin dá dtagraítear i mír 2, pointí (a), (b) agus (c), agus samplaí d’aon lacáiste ábhartha nó d’aon chineál eile cúitimh atá ar fáil dá dtagraítear i mír 2, pointe (d);

(b)

raon táscach na bpionós atá le forchur de bhun mhír 5 agus na critéir atá le cur san áireamh chun an méid iarbhír a chinneadh, lena n-áirítear tromchúis agus fad na mainneachtana tuairisc a thabhairt;

(c)

rialacha mionsonraithe maidir leis an meánphraghas bliantúil carbóin atá dlite dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), arna shloinneadh in airgeadra eachtrach a chomhshó in euro ag an meánráta malairte bliantúil;

(d)

rialacha mionsonraithe maidir leis na gnéithe de na modhanna ríomha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, lena n-áirítear teorainneacha córais na bpróiseas táirgthe, na fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha na n-astaíochtaí iarbhír agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, lena n-áirítear an leibhéal mionsonra; agus

(e)

na modhanna agus an fhormáid do na ceanglais tuairiscithe le haghaidh astaíochtaí indíreacha in earraí allmhairithe; áireofar san fhormáid sin cainníocht an leictreachais a úsáidtear chun na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháirgeadh, chomh maith leis an tír thionscnaimh, foinse na giniúna agus na fachtóirí astaíochta a bhaineann leis an leictreachas sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2) den Rialachán seo. Beidh feidhm acu maidir le hearraí a allmhairítear le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán seo agus cuirfidh siad leis an reachtaíocht atá ann cheana le haghaidh suiteálacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE.

CAIBIDIL XI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 36

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2023. Mar sin féin:

(a)

beidh feidhm ag Airteagail 5, 10, 14, 16 agus 17 ón 31 Nollaig 2024;

(b)

beidh feidhm ag Airteagal 2(2) agus Airteagail 4, 6 go 9, 15 agus 19, Airteagal 20(1), (3), (4) agus (5), Airteagail 21 go 27 agus 31 ón 1 Eanáir 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 10 Bealtaine 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 181.

(2)  IO C 301, 5.8.2022, lch. 116.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Aibreán 2023.

(4)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(5)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘an Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(6)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(7)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(8)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).

(9)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(10)  Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/708 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na hearnálacha agus na fo-earnálacha a chinneadh a mheastar a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo sa tréimhse 2021 go 2030 (IO L 120, 8.5.2019, lch. 20).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(13)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú sonraí agus maidir le creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94).

(14)  Cinneadh 2006/500/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2006 maidir le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a bheith á thabhairt i gcrích ag an gComhphobal Eorpach (IO L 198, 20.7.2006, lch. 15).

(15)  Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú (IO L 197, 25.7.2015, lch. 24).

(16)  Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(20)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear Córas Comhphobail d'fhaoisimh ó dhleacht chustaim (IO L 324, 10.12.2009, lch. 23).

(23)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

(24)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).

(25)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais le haghaidh leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe liúntais astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2010 maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gáis ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal (IO L 302, 18.11.2010, lch. 1).

(27)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Liosta na n-earraí agus na ngás ceaptha teasa

1.   

Chun críche earraí a shainaithint, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí a thagann faoi na cóid Ainmníochta Comhcheangailte (‘AC’) a leagtar amach sa tábla seo a leanas. Is iad na cóid AC na cóid faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.

2.   

Chun críocha an Rialacháin seo, is iad na gáis cheaptha teasa a bhaineann le hearraí dá dtagraítear i bpointe 1 na gáis a leagtar amach sa tábla seo a leanas le haghaidh na n-earraí lena mbaineann.

Stroighin

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2507 00 80 – Créanna caoilíneacha eile

Dé-ocsaíd charbóin

2523 10 00 – Clincir stroighne

Dé-ocsaíd charbóin

2523 21 00 – Stroighin bhán Portland, bíodh sí daite go saorga nó ná bíodh

Dé-ocsaíd charbóin

2523 29 00 – Cineálacha eile stroighne Portland

Dé-ocsaíd charbóin

2523 30 00 – Stroighin alúmanach

Dé-ocsaíd charbóin

2523 90 00 – Cineálacha eile stroighne hiodrálaí

Dé-ocsaíd charbóin

Leictreachas

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2716 00 00 – Fuinneamh leictreach

Dé-ocsaíd charbóin

Leasacháin

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2808 00 00 – Aigéad nítreach; aigéid shulfainítreacha

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

2814 – Amóinia, bíodh sí ainhidriúil nó i dtuaslagán uiscí

Dé-ocsaíd charbóin

2834 21 00 - Níotráití potaisiam

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

3102 – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha, iad nítrigineach

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

3105 – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil dhá cheann nó trí cinn de na dúile leasacháin nítrigin, fosfar agus potaisiam; leasacháin eile; earraí faoin gcaibidil seo i dtáibléid nó i bhfoirmeacha comhchosúla nó i bpacáistí nach mó ná 10 kg a n-ollmheáchan

Cé is moite de: 3105 60 00 – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil an dá dhúil leasacháin fosfar agus potaisiam

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

Iarann agus cruach

Cód AC

Gás ceaptha teasa

72

– Iarann agus cruach

Cé is moite de:

 

7202 2 – Fearói-shileacan

 

7202 30 00 – Fearósileacamangainéis

 

7202 50 00 – Fearósileacacróimiam

 

7202 70 00 – Fearó-mholaibdéineam

 

7202 80 00 – Fearó-thungstan agus fearósileacatungstan

 

7202 91 00 – Fearói-thíotáiniam agus fearósileacatíotáiniam

 

7202 92 00 – Fearó-vanaidiam

 

7202 93 00 – Fearói-niabáit

 

7202 99 – Eile:

 

7202 99 10 – Fearó-fhosfar

 

7202 99 30 – Fearósileacamaignéisiam

 

7202 99 80 – Eile

 

7204 – Fuíollábhar iarainn agus dramhiarann; tinní dramhiarainn agus cruach lena n-athleá

Dé-ocsaíd charbóin

2601 12 00 – Iarnchlocha agus tiúcháin cheirtleánaithe, seachas iarnphirítí rósta

Dé-ocsaíd charbóin

7301 – Bratphíleáil iarainn nó cruach, bíodh sí druileáilte nó pollta, bíodh sí déanta as nithe cóimeáilte nó ná bíodh; uillinneacha, cruthanna agus cónaisc, agus táthú déanta orthu, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7302 – Ábhar tógála iarainn nó cruach le haghaidh iarnród nó le haghaidh trambhealaí, lena n-áirítear: ráillí, ráillí cosanta agus ráillí mantacha, lanna aistrithe treo, froganna trasnála, slata pointe agus píosaí eile i gcomhair na trasnála, trasnáin (trascheangail), lioscáin, teangacha ladhróige, dingeacha teanga ladhróige, bonnphlátaí (bunphlátaí), fáiscíní ráille, leabaphlátaí, ceangail agus ábhar speisialaithe eile chun ráillí a cheangal nó a dheisiú

Dé-ocsaíd charbóin

7303 00 –Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, déanta as iarann teilgthe

Dé-ocsaíd charbóin

7304 – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, gan uaim, iad déanta as cruach nó as iarann (seachas iarann teilgthe)

Dé-ocsaíd charbóin

7305 – Feadáin agus píobáin eile (iad táite, seamaithe nó dúnta ar bhealach eile den chineál sin, mar shampla), trasghearradh ciorclach iontu, iad níos mó ná 406,4 mm ar an trastomhas seachtrach, agus iad déanta as iarann nó cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7306 – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla eile (cinn séama oscailte nó cinn atá dúnta le táthú, seamú nó ar bhealach eile den chineál sin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7307 – Feistis feadáin nó píobáin (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7308 – Struchtúir (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna de struchtúir (droichid agus codanna droichid, geataí loic, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha doirse, comhlaí, balastráidí, piléir, colúin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach; plátaí, slata, uillinneacha, cruthanna, cónaisc, feadáin agus a leithéidí, arna n-ullmhú lena n-úsáid i struchtúir, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7309 00 – Taiscumair, umair, dabhcha agus taisceadáin eile den chineál sin le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh is mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

Dé-ocsaíd charbóin

7310 – Umair, bairillí, drumaí, cannaí, boscaí agus taisceadáin eile den chineál céanna, le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh iontu nach mó ná 300 l, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

Dé-ocsaíd charbóin

7311 00 – Coimeádáin le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7318 – Scriúnna, boltaí, cnónna, scriúnna cóiste, crúcaí scriú, seamanna, leicníní, pionnaí leicnín, leicneáin (lena n-áirítear leicneáin ar sprionga) agus earraí den chineál céanna, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7326 – Earraí eile iarainn nó cruach

Dé-ocsaíd charbóin

Alúmanam

Cód AC

Gás ceaptha teasa

7601 – Alúmanam neamhshaoirsithe

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7603 – Púdair agus calóga alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7604 – Barra, slata agus próifílí alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7605 – Sreang alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7606 – Plátaí, leatháin agus stiallacha alúmanaim, atá níos mó ná 0,2 mm ar tiús

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7607 – Scragall alúmanaim (bíodh sé priontáilte nó bíodh páipéar, cairtchlár, plaistigh nó ábhar taca comhchosúil ar a chúl nó ná bíodh), nach bhfuil níos mó ná 0,2 mm ar tiús (gan aon ábhar taca a áireamh)

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7608 – Feadáin agus píobáin alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7609 00 00 – Feistis feadáin nó píobáin alúmanaim (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla)

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7610 – Struchtúir alúmanaim (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna de struchtúir (mar shampla, droichid agus codanna droichid, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha dorais, balastráidí, piléir agus colúin); plátaí alúmanaim, slata, próifílí, feadáin agus a leithéid sin agus iad ullmhaithe le húsáid i struchtúir

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7611 00 00 – Taiscumair, umair, dabhcha agus taisceadáin chomhchosúla eile, as alúmanam, le haghaidh aon ábhair (seachas gás comhbhrúite nó leachtaithe), a bhfuil toilleadh níos mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7612 – Umair, bairillí, drumaí, cannaí, boscaí agus taisceadáin chomhchosúla eile (lena n-áirítear taisceadáin fheadánacha righne nó intitimeacha), as alúmanam, le haghaidh aon ábhair (seachas gás comhbhrúite nó leachtaithe), nach bhfuil toilleadh níos mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7613 00 00 – Coimeádáin alúmanaim le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7614 – Sreang dhualach, cáblaí, bandaí trilseánaithe agus a leithéid de dhéantús alúmanaim, nach bhfuil inslithe go leictreach

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7616 – Earraí eile alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

Ceimiceáin

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2804 10 00 – Hidrigin

Dé-ocsaíd charbóin


IARSCRÍBHINN II

Liosta na n-earraí nach bhfuil ach astaíochtaí díreacha le cur san áireamh ina leith, de bhun Airteagal 7(1)

Iarann agus cruach

Cód AC

Gás ceaptha teasa

72

– Iarann agus cruach

Cé is moite de:

 

7202 2 – Fearói-shileacan

 

7202 30 00 – Fearósileacamangainéis

 

7202 50 00 – Fearósileacacróimiam

 

7202 70 00 – Fearó-mholaibdéineam

 

7202 80 00 – Fearó-thungstan agus fearósileacatungstan

 

7202 91 00 – Fearói-thíotáiniam agus fearósileacatíotáiniam

 

7202 92 00 – Fearó-vanaidiam

 

7202 93 00 – Fearói-niabáit

 

7202 99 – Eile:

 

7202 99 10 – Fearó-fhosfar

 

7202 99 30 – Fearósileacamaignéisiam

 

7202 99 80 – Eile

 

7204 – Fuíollábhar iarainn agus dramhiarann; tinní dramhiarainn agus cruach lena n-athleá

Dé-ocsaíd charbóin

7301 – Bratphíleáil iarainn nó cruach, bíodh sí druileáilte nó pollta, bíodh sí déanta as nithe cóimeáilte nó ná bíodh; uillinneacha, cruthanna agus cónaisc, agus táthú déanta orthu, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7302 – Ábhar tógála iarainn nó cruach le haghaidh iarnród nó le haghaidh trambhealaí, lena n-áirítear: ráillí, ráillí cosanta agus ráillí mantacha, lanna aistrithe treo, froganna trasnála, slata pointe agus píosaí eile i gcomhair na trasnála, trasnáin (trascheangail), lioscáin, teangacha ladhróige, dingeacha teanga ladhróige, bonnphlátaí (bunphlátaí), fáiscíní ráille, leabaphlátaí, ceangail agus ábhar speisialaithe eile chun ráillí a cheangal nó a dheisiú

Dé-ocsaíd charbóin

7303 00 –Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, déanta as iarann teilgthe

Dé-ocsaíd charbóin

7304 – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, gan uaim, iad déanta as cruach nó as iarann (seachas iarann teilgthe)

Dé-ocsaíd charbóin

7305 – Feadáin agus píobáin eile (iad táite, mar shampla, sin nó iad seamaithe nó dúnta ar bhealach eile den chineál sin), trasghearradh ciorclach iontu, iad níos mó ná 406,4 mm ar an trastomhas seachtrach, agus iad déanta as iarann nó cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7306 – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla eile (cinn séama oscailte nó cinn atá dúnta le táthú, seamú nó ar bhealach eile den chineál sin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7307 – Feistis feadáin nó píobáin (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7308 – Struchtúir (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna de struchtúir (droichid agus codanna droichid, geataí loic, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha doirse, comhlaí, balastráidí, piléir, colúin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach; plátaí, slata, uillinneacha, cruthanna, cónaisc, feadáin agus a leithéidí, arna n-ullmhú lena n-úsáid i struchtúir, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7309 00 – Taiscumair, umair, dabhcha agus taisceadáin eile den chineál sin le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh is mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

Dé-ocsaíd charbóin

7310 – Umair, bairillí, drumaí, cannaí, boscaí agus taisceadáin eile den chineál céanna, le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh iontu nach mó ná 300 l, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

Dé-ocsaíd charbóin

7311 00 – Coimeádáin le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7318 – Scriúnna, boltaí, cnónna, scriúnna cóiste, crúcaí scriú, seamanna, leicníní, pionnaí leicnín, leicneáin (lena n-áirítear leicneáin ar sprionga) agus earraí den chineál céanna, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7326 – Earraí eile iarainn nó cruach

Dé-ocsaíd charbóin

Alúmanam

Cód AC

Gás ceaptha teasa

7601 – Alúmanam neamhshaoirsithe

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7603 – Púdair agus calóga alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7604 – Barra, slata agus próifílí alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7605 – Sreang alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7606 – Plátaí, leatháin agus stiallacha alúmanaim, atá níos mó ná 0,2 mm ar tiús

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7607 – Scragall alúmanaim (bíodh sé priontáilte nó bíodh páipéar, cairtchlár, plaistigh nó ábhar taca comhchosúil ar a chúl nó ná bíodh), nach bhfuil níos mó ná 0,2 mm ar tiús (gan aon ábhar taca a áireamh)

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7608 – Feadáin agus píobáin alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7609 00 00 – Feistis feadáin nó píobáin alúmanaim (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla)

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7610 – Struchtúir alúmanaim (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna de struchtúir (mar shampla, droichid agus codanna droichid, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha dorais, balastráidí, piléir agus colúin); plátaí alúmanaim, slata, próifílí, feadáin agus a leithéid sin agus iad ullmhaithe le húsáid i struchtúir

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7611 00 00 – Taiscumair, umair, dabhcha agus taisceadáin chomhchosúla eile, as alúmanam, le haghaidh aon ábhair (seachas gás comhbhrúite nó leachtaithe), a bhfuil toilleadh níos mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7612 – Umair, bairillí, drumaí, cannaí, boscaí agus taisceadáin chomhchosúla eile (lena n-áirítear taisceadáin fheadánacha righne nó intitimeacha), as alúmanam, le haghaidh aon ábhair (seachas gás comhbhrúite nó leachtaithe), nach bhfuil toilleadh níos mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7613 00 00 – Coimeádáin alúmanaim le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7614 – Sreang dhualach, cáblaí, bandaí trilseánaithe agus a leithéid de dhéantús alúmanaim, nach bhfuil inslithe go leictreach

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7616 – Earraí eile alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

Ceimiceáin

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2804 10 00 – Hidrigin

Dé-ocsaíd charbóin


IARSCRÍBHINN III

Tríú tíortha agus críocha atá lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo chun críoch Airteagal 2

1.   TRÍÚ TÍORTHA AGUS TRÍÚ CRÍOCHA ATÁ LASMUIGH DE RAON FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí de thionscnamh na dtíortha seo a leanas:

An Íoslainn

Lichtinstéin

An Iorua

An Eilvéis

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí de thionscnamh na gcríoch seo a leanas:

Büsingen

Helgoland

Livigno

Ceuta

Melilla

2.   TRÍÚ TÍORTHA AGUS TRÍÚ CRÍOCHA ATÁ LASMUIGH DE RAON FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO MAIDIR LE LEICTREACHAS A ALLMHAIRIÚ ISTEACH I gCRÍOCH CHUSTAIM AN AONTAIS

[Tríú tíortha nó tríú críocha atá le cur isteach nó atá le scriosadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 2(11).]


IARSCRÍBHINN IV

Modhanna chun astaíochtaí leabaithe a ríomh chun críoch Airteagal 7

1.   SAINMHÍNITHE

Chun críocha na hIarscríbhinne seo agus Iarscríbhinní V agus VI, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘earraí simplí’ earraí a tháirgtear i bpróiseas táirgthe nach n-éilíonn ach ábhair ionchuir (réamhtheachtaithe) agus breoslaí nach ngabhann aon astaíochtaí leabaithe leo;

(b)

ciallaíonn ‘earraí coimpléascacha’ earraí seachas earraí simplí;

(c)

ciallaíonn ‘sainastaíochtaí leabaithe’ na hastaíochtaí leabaithe in aon tona amháin earraí, arna shloinneadh ina thonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2e in aghaidh an tona earraí;

(d)

ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta CO2’ meán ualaithe dhéine CO2 an leictreachais a ghintear as breoslaí iontaise i limistéar geografach; is éard atá san fhachtóir astaíochta CO2 an toradh a fhaightear trí shonraí astaíochta CO2 na hearnála leictreachais a roinnt ar ollmhéid na giniúna leictreachais ó bhreoslaí iontaise sa limistéar ábhartha geografach; sloinntear é i dtonnaí CO2 in aghaidh na meigeavatuaire;

(e)

ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta le haghaidh leictreachais’ an luach réamhshocraithe, arna shloinneadh i gcoibhéis CO2e, arb ionann é agus déine astaíochtaí an leictreachais a ídítear i dtáirgeadh earraí;

(f)

ciallaíonn ‘comhaontú ceannaigh cumhachta’ conradh faoina gcomhaontaíonn duine leictreachas a cheannach go díreach ó tháirgeoir leictreachais;

(g)

ciallaíonn ‘oibreoir córais tarchurtha’ oibreoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35), de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) é.

2.   NA hASTAÍOCHTAÍ LEABAITHE SONRACHA IARBHÍR A CHINNEADH LE hAGHAIDH EARRAÍ SIMPLÍ

Chun na sainastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí simplí a tháirgtear i suiteáil ar leith, déanfar na hastaíochtaí díreacha agus, i gcás inarb iomchuí, na hastaíochtaí indíreacha, a thabhairt sa chuntas. Chun na críche sin, tá an chothromóid seo a leanas le cur i bhfeidhm:

Formula

Nuair:

is é SEEg

na sainastaíochtaí leabaithe a ghabhann leis na hearraí g, i dtéarmaí coibhéise CO2e ina aghaidh an tona;

is é AttrEmg

na hastaíochtaí sannta a ghabhann leis na hearraí g; agus

is é ALg

leibhéal gníomhaíochta na n-earraí, arb é an méid de na hearraí a táirgeadh sa tsuiteáil sin é le linn na tréimhse tuairiscithe.

ciallaíonn ‘astaíochtaí sannta’ an chuid d’astaíochtaí na suiteála le linn na tréimhse tuairiscithe arb é próiseas táirgthe earraí g is cúis léi, agus é sin arna bhunú ar chur i bhfeidhm theorainneacha córais an phróisis táirgthe a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7(7). Is í an chothromóid seo a leanas a úsáidfear chun na hastaíochtaí sannta a ríomh:

Formula

Nuair:

is é DirEm

na hastaíochtaí díreacha, a thagann de thoradh an phróisis táirgthe, arna sloinneadh i dtonaí de choibhéis CO2e, faoi chuimsiú na dteorainneacha córais dá dtagraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 7(7) agus

is é IndirEm

na hastaíochtaí indíreacha a thagann de thoradh táirgeadh leictreachais a ídítear i bpróisis táirgthe earraí, arna sloinneadh i dtonnaí de choibhéis CO2e, laistigh de na teorainneacha córais dá dtagraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 7(7).

3.   NA hASTAÍOCHTAÍ LEABAITHE IARBHÍR A CHINNEADH LE hAGHAIDH EARRAÍ COIMPLÉASCACHA

Chun na sainastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí coimpléascacha a tháirgtear i suiteáil ar leith, tá an chothromóid seo a leanas le cur i bhfeidhm:

Formula

Nuair:

is é AttrEmg

na hastaíochtaí sannta a ghabhann leis na hearraí g;

is é ALg

leibhéal gníomhaíochta na n-earraí, eadhon, cainníocht na n-earraí sin a táirgeadh sa tsuiteáil sin le linn na tréimhse tuairiscithe, agus

nuair is é EEInpMat

na hastaíochtaí leabaithe a ghabhann leis na hábhair (réamhtheachtaithe) ionchuir a caitheadh sa phróiseas táirgthe. Ní bhreithneofar ach ábhair ionchuir (réamhtheachtaithe) a liostaítear mar ábhair atá ábhartha do theorainneacha córais an phróisis táirgthe mar a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 7(7). Mar seo a leanas a ríomhtar an EEInpMat is ábhartha:

Formula

Nuair:

is é Mi

mais an ábhair ionchuir (réamhtheachtaí) i a úsáideadh sa phróiseas táirgthe, agus

nuair is iad SEEi

na sainastaíochtaí leabaithe a ghabhann leis i leith an ábhair ionchuir (réamhtheachtaí) i. Maidir le SEEi, bainfidh oibreoir na suiteála úsáid as luach na n-astaíochtaí a eascraíonn as an tsuiteáil inar táirgeadh an t-ábhar ionchuir (réamhtheachtaí), ar choinníoll gur féidir sonraí na suiteála a thomhas ar mhodh leormhaith.

4.   NA LUACHANNA RÉAMHSHOCRAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7(2) AGUS 7(3) A CHINNEADH

Chun críche luachanna réamhshocraithe a chinneadh, ní úsáidfear ach luachanna iarbhír chun astaíochtaí leabaithe a chinneadh. In éagmais sonraí iarbhír, féadfar luachanna litríochta a úsáid. Foilseoidh an Coimisiún treoir maidir leis an gcur chuige chun ceartú a dhéanamh i ndáil le gáis cheaptha teasa nó dramhgháis a úsáidtear mar ionchur próisis, sula mbaileofar na sonraí is gá chun na luachanna réamhshocraithe ábhartha a chinneadh le haghaidh gach cineáil earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I. Agus na luachanna réamhshocraithe á gcinneadh, bainfear úsáid as na sonraí is fearr atá ar fáil. Beidh na sonraí is fearr a bheidh ar fáil bunaithe ar fhaisnéis iontaofa a bheidh ar fáil go poiblí. Athbhreithneofar luachanna réamhshocraithe go tréimhsiúil trí bhíthin na ngníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar de bhun Airteagal 7(7) bunaithe ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta agus is iontaofa, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise arna soláthar ag tríú tír nó ag grúpa de thríú tíortha.

4.1.   Na luachanna réamhshocraithe dá dtagraítear in Airteagal 7(2)

I gcás nach féidir leis an dearbhóir SCCT údaraithe na hastaíochtaí iarbhír a chinneadh ar mhodh leormhaith, úsáidfear luachanna réamhshocraithe. Socrófar na luachanna sin ag meándéine astaíochta gach tíre onnmhairiúcháin agus le haghaidh gach ceann de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I cé is moite de leictreachas, agus méadófar iad trí chorrlach a chur leo a cheapfar go comhréireach. Cinnfear an corrlach sin sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7(7) agus socrófar iad ar leibhéal iomchuí chun sláine comhshaoil SCCT a áirithiú, ag tógáil ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta agus is iontaofa, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise a bhailítear le linn na hidirthréimhse. I gcás nach féidir sonraí iontaofa maidir leis an tír onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm i gcás cineál áirithe earraí, bunófar na luachanna réamhshocraithe ar mheándéine astaíochtaí an X % is measa feidhmíocht de shuiteálacha CTA AE le haghaidh an chineáil sin earraí. Cinnfear luach X sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7(7) agus socrófar ar leibhéal iomchuí é chun sláine comhshaoil SCCT a áirithiú, ag tógáil ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta agus is iontaofa, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise a bhailítear le linn na hidirthréimhse.

4.2.   Na luachanna réamhshocraithe le haghaidh leictreachas allmhairithe dá dtagraítear in Airteagal 7(3)

Déanfar luachanna réamhshocraithe le haghaidh leictreachas allmhairithe a chinneadh do thríú tír, do ghrúpa de thríú tíortha nó do réigiún laistigh de thríú tír, bunaithe ar luachanna réamhshocraithe sonracha, i gcomhréir le pointe 4.2.1, nó, mura mbeidh na luachanna sin ar fáil, ar luachanna réamhshocraithe malartacha, i gcomhréir le pointe 4.2.2.

I gcás ina dtáirgtear an leictreachas i dtríú tír, i ngrúpa de thríú tíortha nó i réigiún laistigh de thríú tír, agus ina dtéann sé trí thríú tíortha, trí ghrúpaí de thríú tíortha, trí réigiúin laistigh de thríú tír nó trí Bhallstáit chun go n-allmhaireofar isteach san Aontas é, is iad na luachanna réamhshocraithe a bheidh le húsáid na luachanna ón tríú tír, ón ngrúpa de thríú tíortha nó ón réigiún laistigh de thríú tír inar táirgeadh an leictreachas.

4.2.1.   Luachanna réamhshocraithe sonracha le haghaidh tríú tír, grúpa de thríú tíortha nó réigiún laistigh de thríú tír

Socrófar na luachanna réamhshocraithe sonracha ag an bhfachtóir astaíochta CO2 sa tríú tír, sa ghrúpa tríú tíortha nó sa réigiún laistigh de thríú tír, bunaithe ar na sonraí is fearr atá ar fáil don Choimisiún.

4.2.2.   Luachanna réamhshocraithe malartacha

I gcás nach mbeidh luach réamhshocraithe sonrach ar fáil do thríú tír, do ghrúpa tríú tíortha nó do réigiún laistigh de thríú tír, socrófar an luach réamhshocraithe malartach le haghaidh leictreachais ag fachtóir astaíochta CO2 san Aontas.

I gcás inar féidir a léiriú, ar bhonn sonraí iontaofa, go bhfuil fachtóir astaíochta CO2 i dtríú tír, i ngrúpa de thríú tíortha nó i réigiún laistigh de thríú tír níos ísle ná an luach réamhshocraithe sonrach arna chinneadh ag an gCoimisiún nó níos ísle ná an fachtóir astaíochta CO2 san Aontas, féadfar luach réamhshocraithe malartach bunaithe ar an bhfachtóir astaíochta CO2 sin a úsáid i gcás an tríú tír sin, an ghrúpa sin de thríú tíortha, nó an réigiúin sin laistigh de thríú tír.

4.3   Luachanna réamhshocraithe le haghaidh astaíochtaí indíreacha leabaithe

Déanfar luachanna réamhshocraithe na n-astaíochtaí indíreacha atá leabaithe in earra a tháirgtear i dtríú tír a chinneadh ar luach réamhshocraithe a ríomhfar ar mheán an leictreachais a úsáidtear chun an t-earra sin a tháirgeadh, a ríomhfar ar mheán fhachtóir astaíochta eangach leictreachais an Aontais, fachtóir astaíochta eangach leictreachais na tíre tionscnaimh nó fachtóir astaíochta CO2 na bhfoinsí socraithe praghsanna sa tír thionscnaimh.

I gcás ina léiríonn tríú tír, nó grúpa de thríú tíortha, don Choimisiún, ar bhonn sonraí iontaofa, go bhfuil meánfhachtóir astaíochta meascáin leictreachais nó fachtóir astaíochta CO2 foinsí socraithe praghsanna sa tríú tír nó sa ghrúpa de thríú tíortha níos ísle ná an luach réamhshocraithe d’astaíochtaí indíreacha, bunófar luach réamhshocraithe malartach bunaithe ar an meánfhachtóir astaíochta CO2 sin don tír sin nó don ghrúpa tíortha sin.

Glacfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2025, gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 7(7) chun sonrú breise a dhéanamh i dtaobh cé acu de na modhanna ríomha arna gcinneadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír a mbeidh feidhm acu maidir le ríomh luachanna réamhshocraithe. Chun na críche sin, bunóidh an Coimisiún é féin ar na sonraí is cothroime le dáta agus is iontaofa, lena n-áirítear sonraí a bhailítear le linn na hidirthréimhse, maidir le cainníocht an leictreachais a úsáidtear chun na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháirgeadh, chomh maith leis an tír thionscnaimh, foinse na giniúna agus na fachtóirí astaíochta a bhaineann leis an leictreachas sin. Cinnfear an modh ríomha sonrach ar bhonn an mhodha is iomchuí chun an dá chritéar seo a leanas a bhaint amach:

sceitheadh carbóin a chosc;

sláine comhshaoil SCCT a áirithiú.

5.   COINNÍOLLACHA MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM ASTAÍOCHTAÍ LEABAITHE IARBHÍR I LEICTREACHAS ALLMHAIRITHE

Féadfaidh dearbhóir SCCT údaraithe na hastaíochtaí leabaithe iarbhír a chur i bhfeidhm in ionad na luachanna réamhshocraithe le haghaidh an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 7(3) má chomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

tá an méid leictreachais, a n-éilítear an úsáid astaíochtaí leabaithe iarbhír ina leith, cumhdaithe ag comhaontú ceannaigh cumhachta idir an dearbhóir SCCT údaraithe agus táirgeoir leictreachais atá lonnaithe i dtríú tír;

(b)

an tsuiteáil ina ngintear an leictreachas, tá sí nasctha go díreach le córas tarchurtha an Aontais nó is féidir a léiriú ag am an onnmhairithe nach raibh aon phlódú líonra fisiceach ag aon phointe sa líonra idir an tsuiteáil agus córas tarchurtha an Aontais;

(c)

ní astaíonn an tsuiteáil a tháirgeann leictreachas níos mó ná 550 gram CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh na cileavatuaire leictreachais;

(d)

tá méid an leictreachais a n-éilítear na hastaíochtaí leabaithe iarbhír a úsáid ina leith sannta ar bhealach cinnte don acmhainn idirnasctha leithdháilte ag na hoibreoirí córas tarchurtha freagracha uile sa tír thionscnaimh, sa tír ceann scríbe agus, más ábhartha, i ngach tír idiriompair, agus is don tréimhse ama chéanna, tréimhse nach mbeidh níos faide ná uair an chloig, a thagraíonn an acmhainn ainmnithe agus an táirgeadh leictreachais ag an tsuiteáil;

(e)

tá comhlíonadh na gcritéar thuas deimhnithe ag fíoraitheoir creidiúnaithe, a gheobhaidh tuarascálacha eatramhacha gach mí ar a laghad ina dtabharfar léiriú ar an gcaoi a bhfuiltear ag comhlíonadh na gcritéar sin.

Déanfar méid carntha an leictreachais faoin gcomhaontú ceannaigh cumhachta agus a astaíochtaí leabaithe iarbhír comhfhreagracha a eisiamh ó ríomh fhachtóir astaíochta na tíre nó an fhachtóra astaíochta CO2 a úsáidtear chun críche astaíochtaí indíreacha leabaithe leictreachais in earraí a ríomh i gcomhréir le pointe 4.3, faoi seach.

6.   COINNÍOLLACHA MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM ASTAÍOCHTAÍ LEABAITHE IARBHÍR I gCÁS ASTAÍOCHTAÍ INDÍREACHA

Féadfaidh dearbhóir SCCT údaraithe astaíochtaí leabaithe iarbhír a chur i bhfeidhm in ionad luachanna réamhshocraithe don ríomh dá dtagraítear in Airteagal 7(4) más féidir leis a léiriú go bhfuil nasc teicniúil díreach idir an tsuiteáil ina dtáirgtear an t-earra allmhairithe agus an fhoinse giniúna leictreachais nó má tá comhaontú ceannaigh cumhachta tugtha i gcrích ag oibreoir na suiteála sin le táirgeoir leictreachais atá lonnaithe i dtríú tír le haghaidh méid leictreachais atá coibhéiseach leis an méid a n-éilítear úsáid luacha shonraigh ina leith.

7.   LUACHANNA RÉAMHSHOCRAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7(2) A OIRIÚNÚ DE RÉIR GNÉITHE RÉIGIÚN-SONRACHA

Is féidir luachanna réamhshocraithe a chur in oiriúint do limistéir agus réigiúin ar leith laistigh de thríú tíortha ina bhfuil saintréithe sonracha i réim maidir le fachtóirí astaíochta oibiachtúla. Nuair atá sonraí atá curtha in oiriúint do na saintréithe áitiúla sonracha sin ar fáil agus nuair is féidir luachanna réamhshocraithe níos spriocdhírithe a chinneadh, féadfar na luachanna réamhshocraithe sin a úsáid.

I gcás dearbhóirí i leith earraí de thionscnamh tríú tír, grúpa de thríú tíortha nó réigiún laistigh de thríú tír, i gcás inar féidir leis na dearbhóirí sin, ar bhonn sonraí iontaofa, a léiriú gurb ísle na luachanna réamhshocraithe malartacha arna n-oiriúnú de réir gnéithe réigiún-sonracha ná na luachanna réamhshocraithe arna gcinneadh ag an gCoimisiún, féadfar na luachanna réamhshocraithe arna n-oiriúnú a úsáid.


(1)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).


IARSCRÍBHINN V

Ceanglais leabharchoimeádta le haghaidh faisnéis a úsáidtear chun astaíochtaí leabaithe a ríomh chun críoch Airteagal 7(5)

1.   NA SONRAÍ ÍOSTA NACH MÓR DO DHEARBHÓIR SCCT ÚDARAITHE A CHOINNEÁIL LE hAGHAIDH EARRAÍ ALLMHAIRITHE:

1.

Sonraí lena sainaithnítear an dearbhóir SCCT údaraithe:

(a)

ainm;

(b)

uimhir chuntais SCCT.

2.

Sonraí maidir le hearraí allmhairithe:

(a)

cineál agus cainníocht gach cineáil earraí;

(b)

an tír thionscnaimh;

(c)

na hastaíochtaí iarbhír nó na luachanna réamhshocraithe.

2.   NA SONRAÍ ÍOSTA ATÁ LE COINNEÁIL AG DEARBHÓIR SCCT ÚDARAITHE LE hAGHAIDH ASTAÍOCHTAÍ LEABAITHE IN EARRAÍ ALLMHAIRITHE ARNA mBUNÚ AR NA hASTAÍOCHTAÍ IARBHÍR

Do gach cineál earraí allmhairithe a gcinntear astaíochtaí leabaithe ina leith bunaithe ar astaíochtaí iarbhír, coinneofar na sonraí breise seo a leanas:

(a)

sainaitheantas na suiteála inar táirgeadh na hearraí;

(b)

faisnéis teagmhála oibreoir na suiteála inar táirgeadh na hearraí;

(c)

na tuarascálacha fíorúcháin mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI í;

(d)

sainastaíochtaí leabaithe na n-earraí.


IARSCRÍBHINN VI

Prionsabail fíorúcháin agus inneachar tuarascálacha fíorúcháin chun críoch Airteagal 8

1.   PRIONSABAIL AN FHÍORAITHE

Beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)

beidh dearcadh an sceipteachais ghairmiúil ag fíoraitheoirí agus iad ag déanamh na bhfíoruithe;

(b)

ní mheasfar na hastaíochtaí leabaithe iomlána a bheidh le dearbhú i ndearbhú SCCT a bheith fíoraithe ach amháin má aimsíonn an fíoraitheoir, le dearbhú réasúnta, go bhfuil an tuarascáil fíorúcháin saor ó mhíráitis ábhartha agus ó neamh-chomhréireachtaí ábhartha maidir le hastaíochtaí leabaithe a ríomh i gcomhréir le rialacha Iarscríbhinn IV;

(c)

beidh sé éigeantach go dtabharfaidh an fíoraitheoir cuairteanna ar an tsuiteáil ach amháin i gcás ina dtarscaoiltear ón éigeantas sin é trí bhíthin critéir shonracha a chomhlíonadh;

(d)

chun a chinneadh cé acu is ábhartha míráitis nó neamh-chomhréireachtaí, nó nach ábhartha, úsáidfidh an fíoraitheoir tairseacha a leagtar síos leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 8(3).

Maidir le paraiméadair nach gcinntear na tairseacha sin ina leith, bainfidh an fíoraitheoir úsáid as breithiúnas saineolach i dtaobh an bhfuil míráitis nó neamh-chomhréireachtaí, ina n-aonar nó nuair a dhéantar iad a chomhiomlánú le míráitis nó neamh-chomhréireachtaí eile, a bhfuil bonn cirt leo de bharr a méide agus a cineáil, le meas mar mhíráitis nó neamh-chomhréireachtaí ábhartha.

2.   INNEACHAR NA TUARASCÁLA FÍORÚCHÁIN

Ullmhóidh an fíoraitheoir tuarascáil fíorúcháin ina suífear astaíochtaí leabaithe na n-earraí agus ina sonrófar na saincheisteanna go léir a bhaineann leis an obair a rinneadh agus ina n-áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)

sainaitheantas na suiteálacha inar táirgeadh na hearraí;

(b)

faisnéis teagmhála oibreoir na suiteálacha inar táirgeadh na hearraí;

(c)

an tréimhse tuairiscithe is infheidhme;

(d)

ainm agus faisnéis teagmhála an fhíoraitheora;

(e)

uimhir chreidiúnaithe an fhíoraitheora, agus ainm an chomhlachta creidiúnaithe;

(f)

dáta na gcuairteanna ar na suiteálacha, más infheidhme, nó na cúiseanna nár tugadh cuairt ar an tsuiteáil;

(g)

cainníochtaí gach cineáil earraí dearbhaithe a táirgeadh sa tréimhse tuairiscithe;

(h)

cainníochtú astaíochtaí díreacha na suiteála le linn na tréimhse tuairiscithe;

(i)

tuairisc ar an gcaoi a sanntar astaíochtaí na suiteála do chineálacha éagsúla earraí;

(j)

faisnéis chainníochtúil faoi na hearraí, na hastaíochtaí agus na sreafaí fuinnimh nach mbaineann leis na hearraí sin;

(k)

i gcás earraí coimpléascacha:

(i)

cainníochtaí gach ábhar ionchuir (réamhtheachtaí) a úsáideadh;

(ii)

na hastaíochtaí leabaithe sonracha a bhaineann le gach ceann de na hábhair ionchuir (réamhtheachtaithe) a úsáideadh;

(iii)

má úsáidtear astaíochtaí iarbhír: sainaithint na suiteálacha inar táirgeadh an t-ábhar ionchuir (réamhtheachtaí) agus na hastaíochtaí iarbhír ó tháirgeadh an ábhair sin;

(l)

ráiteas an fhíoraitheora ina ndeimhnítear gurb é a bhreith nó a breith, le cinnteacht réasúnta, go bhfuil an tuarascáil saor ó mhíráitis ábhartha agus ó neamh-chomhréireachtaí ábhartha maidir le rialacha ríomha Iarscríbhinn IV;

(m)

faisnéis faoi mhíráitis ábhartha a aimsíodh agus a ceartaíodh;

(n)

faisnéis faoi neamh-chomhréireachtaí ábhartha leis na rialacha ríomha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a aimsíodh agus a ceartaíodh.


Top