Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0954

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/954 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2023 lena gceartaítear Iarscríbhinní XIII, XIV agus XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’fheoil úr ó chrúbaigh, ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim agus coinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcás nach é an tAontas a gceann scríbe deiridh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/3092

    IO L 128, 15.5.2023, p. 84–88 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/954/oj

    15.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 128/84


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/954 ÓN gCOIMISIÚN

    an 12 Bealtaine 2023

    lena gceartaítear Iarscríbhinní XIII, XIV agus XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’fheoil úr ó chrúbaigh, ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim agus coinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcás nach é an tAontas a gceann scríbe deiridh

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos, inter alia, na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus tá feidhm aige ón 21 Aibreán 2021. Ceann de na ceanglais sláinte ainmhithe sin is ea gur cheart gur ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin, a thiocfaidh na coinsíneachtaí sin.

    (2)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha, nó ó chriosanna nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 foráiltear nach gceadófar coinsíneachtaí ainmhithe, de tháirgí geirmeacha ná de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoina raon feidhme a theacht isteach san Aontas ach amháin más ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a thagann siad, a liostaítear le haghaidh na speiceas agus na gcatagóirí áirithe sin ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch i gcomhréir leis na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin.

    (3)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear coinsíneachtaí de na speicis agus catagóirí ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch sin a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin. Nuair a glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagadh amach liostaí comhchosúla i roinnt Gníomhartha ón gCoimisiún, lena n-áirítear i Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún (4) i gcás coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí éanlaithe clóis, agus i Rialachán (AE) Uimh. 206/2010 ón gCoimisiún (5) i gcás coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe agus d’fheoil úr. Rinneadh Rialacháin (CE) Uimh. 798/2008 agus (AE) Uimh. 206/2010 a aisghairm le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 le héifeacht ón 21 Aibreán 2021.

    (4)

    Sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach an liosta de na tríú tíortha, na críocha nó na criosanna de thríú tír nó de chríoch óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’fheoil úr ó chrúbaigh a theacht isteach san Aontas. I dteideal cholún 7 den tábla sin, ba cheart fonóta a chur isteach mar léiriú ar an bhfonóta a leagtar amach i dteideal cholún 7 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II i Rialachán (AE) Uimh. 206/2010 lena bhforáiltear maidir le feoil úr a fhaightear ó chrúbaigh a mharaítear agus a dheimhnítear roimh an dáta deiridh nach gceadófar a teacht isteach san Aontas ach amháin ar feadh tréimhse theoranta.

    (5)

    Ina theannta sin, i gcolún 5 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, san iontráil le haghaidh chrios BR-2 sa Bhrasaíl, ba cheart an coinníoll sonrach “Ní dhearnadh aon vacsaíniú” a chur isteach mar léiriú ar an ráthaíocht fhorlíontach “H” i gCuid 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 206/2010 ós rud é nach ndéantar aon vacsaíniú in aghaidh an ghalair crúb agus béil sa chrios sin den Bhrasaíl agus dá bhrí sin nach mór d’údarás inniúil na Brasaíle faireachas séireolaíoch rialta a chur chun feidhme chun a léiriú nach bhfuil víreas an ghalair crúb agus béil i gcúrsaíocht ann. Dá bhrí sin, ba cheart an tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a cheartú dá réir.

    (6)

    Sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach an liosta de na tríú tíortha, na críocha nó na criosanna de thríú tír nó de chríoch óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. I dteideal cholún 6 den tábla sin, ba cheart fonóta a chur isteach mar léiriú ar an bhfonóta a leagtar amach i dteideal cholún 6A den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 lena bhforáiltear maidir le feoil úr a fhaightear ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a mharaítear agus a dheimhnítear roimh an dáta deiridh nach gceadófar a teacht isteach san Aontas ach amháin ar feadh tréimhse theoranta. Dá bhrí sin, ba cheart an tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a cheartú dá réir.

    (7)

    Sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach, inter alia, liosta de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcás nach é an tAontas a gceann scríbe deiridh. I gcolún 5 den tábla sin, san iontráil le haghaidh chrios RU-2 sa Rúis, ba cheart earráid chléireachais maidir le hainm an deimhnithe sláinte ainmhithe “BOV-X” a luaitear leis an gcrios sin a cheartú chun “BOV-X-TRANSIT-RU” a lua i gcomhréir leis an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach i dtaca le bó-ainmhithe a theacht isteach san Aontas ar bó-ainmhithe iad atá beartaithe le haghaidh idirthuras ó réigiún Kaliningrad chuig réigiúin eile den Rúis trí chríoch na Liotuáine mar a leagtar amach i gCaibidil 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún (6). Dá bhrí sin, ba cheart an tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

    (8)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní XIII, XIV agus XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a cheartú dá réir.

    (9)

    Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón 21 Aibreán 2021, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun trádáil a éascú, ba cheart éifeacht a bheith ag na ceartúcháin atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne.

    (10)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ceartaítear Iarscríbhinní XIII, XIV agus XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Bealtaine 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2008 lena leagtar síos liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar éanlaith chlóis agus táirgí éanlaithe clóis a allmhairiú isteach sa Chomhphobal agus a bheith ar idirthuras tríd agus na ceanglais deimhniúcháin tréidliachta (IO L 226, 23.8.2008, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 206/2010 ón gCoimisiún an 12 Márta 2010 lena leagtar síos liostaí de thríú tíortha, críocha nó codanna díobh atá údaraithe chun ainmhithe áirithe agus feoil úr a thabhairt isteach san Aontas Eorpach agus na ceanglais deimhniúcháin tréidliachta (IO L 73, 20.3.2010, lch. 1).

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe talún agus a dtáirgí geirmeacha, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin a thabhairt isteach san Aontas agus maidir lena ngluaiseachtaí idir na Ballstáit, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/470/AE (IO L 113, 31.3.2021, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    (1)

    Ceartaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

    (a)

    i gCuid 1, ceartaítear an tábla mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad theidil cholúin an tábla:

    Cód ISO agus ainm

    an tríú tír nó na críche

    Cód an chreasa

    mar a leagtar amach i gCuid 2

    Speicis tionscnaimh na feola

    a cheadaítear a theacht isteach san Aontas

    Deimhnithe sláinte ainmhithe

    Coinníollacha sonracha

    mar a leagtar amach i gCuid 3

    Ráthaíochtaí sláinte ainmhithe

    mar a leagtar amach i gCuid 4

    Dáta deiridh  (1)

    Dáta oscailte

    1

    2

    3

    4

    5

    6

    7

    8

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh chrios BR-2 sa Bhrasaíl:

    BR

    An Bhrasaíl

    BR-2

    Bó-ainmhithe

    BOV

    Aibiú, pH agus díchnámhú

    Ní dhearnadh aon vacsaíniú

    Cosc ar scairteach

    Inrianaitheacht bhreise

     

     

    1.12.2008”

    (2)

    in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, i Roinn B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theidil cholúin an tábla:

    Cód ISO agus ainm

    an tríú tír nó na críche

    Cód an chreasa

    mar a leagtar amach i gCuid 2

    Deimhniú sláinte ainmhithe na gcatagóirí atá ceadaithe a theacht isteach san Aontas

    Coinníollacha sonracha

    mar a leagtar amach i gCuid 3

    Ráthaíochtaí breise

    mar a leagtar amach i gCuid 4

    Dáta deiridh  (2)

    Dáta oscailte

    1

    2

    3

    4

    5

    6

    7

    (3)

    in Iarscríbhinn XXII, i gCuid 1, sa tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh chrios RU-2 sa Rúis:

    RU

    An Rúis

    RU-2

    Bó-ainmhithe

     

    BOV-X-TRANSIT-RU

    Ó Kaliningrad chuig mórthír na Rúise tríd an Liotuáin”

     

     


    (1)  Coinsíneachtaí d’fheoil úr ó chrúbaigh a mharaítear agus dheimhnítear roimh an dáta a leagtar amach i gcolún 7, ceadófar a dteacht isteach san Aontas le linn na tréimhse 90 lá ón dáta sin.”

    (2)  Coinsíneachtaí d”fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a mharaítear agus a dheimhnítear roimh an dáta a leagtar amach i gcolún 6, ceadófar a dteacht isteach san Aontas i rith na tréimhse 90 lá ón dáta sin ’


    Top