EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0950

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/950 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh 2’-Fúcaisiollachtós (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/3091

IO L 128, 15.5.2023, p. 68–72 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/950/oj

15.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 128/68


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/950 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Bealtaine 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh 2’-Fúcaisiollachtós

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2015/2283 foráiltear nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

Áirítear 2’-Fúcaisiollachtós ó fhoinse shintéiseach agus ó fhoinse mhiocróbach mar bhia núíosach údaraithe i liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

(4)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/376 ón gCoimisiún (3), i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), údaraíodh 2’-Fúcaisiollachtós sintéiseach a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh.

(5)

An 23 Meitheamh 2016, thug an cuideachta Glycom A/S (“an t-iarratasóir”) fógra don Choimisiún, de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97, go raibh sé beartaithe aici 2’-Fúcaisiollachtós a tháirgtear trí choipeadh baictéarach le Escherichia coli tréithchineál K-12 a chur ar an margadh. Áiríodh 2’-Fúcaisiollachtós de thionscnamh miocróbach a tháirgtear le Escherichia coli tréithchineál K-12 i liosta an Aontais de bhianna núíosacha ar bhonn an fhógra sin nuair a bunaíodh liosta an Aontais.

(6)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2201 ón gCoimisiún (5), i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97, údaraíodh 2’-Fúcaisiollachtós a tháirgtear le Escherichia coli tréithchineál BL21 a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh.

(7)

An 13 Deireadh Fómhair 2022, chuir an t-iarratasóir iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, iarratas ar athrú ar choinníollacha úsáide 2’-Fúcaisiollachtóis. Maidir leis an gcoinníoll oibleagáideach nár cheart 2’-Fúcaisiollachtós nó Lachta-N-neoiteatra-ós a úsáid ach ag cóimheas 2:1 (dhá pháirt 2’-Fúcaisiollachtós le haghaidh páirt amháin Lachta-N-neoiteatra-ós) nuair a úsáidtear 2’-Fúcaisiollachtós i gcomhcheangal le Lachta-N-neoiteatra-ós i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus i ndeochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a cheaptar do leanaí óga ag na leibhéil atá údaraithe faoi láthair, is é sin suas le 1,2 g/l, d’iarr an t-iarratasóir go mbainfí an coinníoll sin.

(8)

San iarratas ar an modhnú atá beartaithe ar choinníollacha úsáide 2’-Fúcaisiollachtóis agus maidir leis an gcóimheas oibleagáideach 2:1 idir 2’-Fúcaisiollachtós agus Lachta-N-neoiteatra-ós nuair a úsáidtear le chéile iad i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, agus i ndeochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a cheaptar do leanaí óga, mheas an t-iarratasóir go gcuireann an oibleagáid sin teorainn gan ghá ar chumas na n-oibreoirí gnólachtaí bia na bianna sin a chur ar an margadh le cóimheasa éagsúla den dá olagaishiúicríd sin.

(9)

Measann an Coimisiún nach dócha go mbeidh tionchar ag an nuashonrú a iarradh ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha ar shláinte an duine agus nach gá don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) meastóireacht sábháilteachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283. I ndáil leis sin agus sa tuairim uaidh le déanaí (7), maidir le húsáid 2’-Fúcaisiollachtóis leis féin nó úsáid Lachta-N-neoiteatra-óis leis féin i bhforbhianna mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) ag na huasleibhéil atá údaraithe faoi láthair, is é sin suas le 1,2 g/lá nó suas le 0,6 mg/lá faoi seach, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil an úsáid sin sábháilte, agus go mbeadh iontógáil gach ceann de na holagaishiúicrídí sin de thoradh na n-úsáidí sin níos lú ná an iontógáil Lachta-N-neoiteatra-óis nó 2’-Fúcaisiollachtóis ó bhainne daonna ina bhfuil siad go nádúrtha.

(10)

Is leor na forais atá le fáil san fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas agus sa tuairim ón Údarás chun a shuí go bhfuil na hathruithe a iarrtar ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh 2’-Fúcaisiollachtós i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus gur cheart iad a fhormheas.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir sin.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/376 ón gCoimisiún an 11 Márta 2016 lena n-údaraítear 2′-O-fúcaisiollachtós a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2016, lch. 27).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair bia núíosaigh (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2201 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2017 lena n-údaraítear 2′-fúcaisiollachtós a tháirgtear le Escherichia coli tréithchineál BL21 a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 313, 29.11.2017, lch. 5).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críoch speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).

(7)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(5):7257.

(8)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh 2’-Fúcaisiollachtóis i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

2’-Fúcaisiollachtós

Catagóir bhia shonraithe

Uasleibhéil

1.

Is é ‘2′-fúcaisiollachtós’ ainmniú an bhia núíosaigh a bheidh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu.

2.

Lipéadú na bhforbhianna ina bhfuil 2′-fúcaisiollachtós, beidh ráiteas air nár cheart na forbhianna a úsáid má thomhlaítear bianna eile arna mbreisiú le 2′-fúcaisiollachtós an lá céanna.

3.

Lipéadú na bhforbhianna ina bhfuil 2′-fúcaisiollachtós a cheaptar do leanaí óga, beidh ráiteas air nár cheart na forbhianna a úsáid má thomhlaítear bainne cíche nó bianna eile arna mbreisiú le 2′-fúcaisiollachtós an lá céanna.’

 

Táirgí bainne paistéartha neamhbhlaistithe agus táirgí bainne steirilithe neamhbhlaistithe (lena n-áirítear táirgí TUA)

1,2 g/l

Táirgí bainnebhunaithe coipthe neamhbhlaistithe

1,2 g/l le haghaidh deochanna

19,2 g/kg le haghaidh táirgí nach deochanna iad

Táirgí bainnebhunaithe coipthe blaistithe lena n-áirítear táirgí teaschóireáilte

1,2 g/l le haghaidh deochanna

19,2 g/kg le haghaidh táirgí nach deochanna iad

Analóga déiríochta, lena n-áirítear gealáin deochanna

1,2 g/l le haghaidh deochanna

12 g/kg le haghaidh táirgí nach deochanna iad

400 g/kg le haghaidh gealáin

Barraí gránaigh

12 g/kg

Milseoirí boird

200 g/kg

Bainne foirmle do naíonáin mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

1,2 g/l sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, agus a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir

Bainne foirmle leantach mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

1,2 g/l sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, agus a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir

Bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

12 g/kg le haghaidh táirgí nach deochanna iad

1,2 g/l le haghaidh bianna leachtacha atá réidh le húsáid, agus a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir

Deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a cheaptar do leanaí óga

1,2 g/l le haghaidh deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, agus a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir

Bianna chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

I gcomhréir le riachtanais chothaitheacha shonracha na ndaoine a bhfuil na táirgí ceaptha dóibh

Ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear faoi Rialúchán (AE) Uimh. 609/2013

4,8 g/l le haghaidh deochanna

40 g/kg le haghaidh barraí

Táirgí aráin agus pasta a bhfuil ráitis orthu maidir le neamhláithreacht ghlútain iontu nó níos lú de iontu i gcomhréir le ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 828/2014

60 g/kg

Deochanna blaistithe

1,2 g/l

Caife, tae (seachas tae dubh), insiltí luibheanna agus torthaí, siocaire; tae, insiltí luibheanna agus torthaí agus eastóscáin siocaire; ullmhóidí tae, plandaí, torthaí agus gránach le haghaidh insiltí, chomh maith le meascáin agus meascáin ar an toirt de na táirgí sin

9,6 g/l — tagraíonn an t-uasleibhéal do na táirgí agus iad réidh le húsáid

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, don phobal i gcoitinne, seachas naíonáin

3,0 g/lá don phobal i gcoitinne

1,2 g/lá do leanaí óga


Top