EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0948

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/948 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2023 lena n-údaraítear salann sóidiam 6′-siailiol-lachtóis arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha Escherichia coli BL21(DE3) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/3052

IO L 128, 15.5.2023, p. 52–58 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/948/oj

15.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 128/52


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/948 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Meitheamh 2023

lena n-údaraítear salann sóidiam 6′-siailiol-lachtóis arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha Escherichia coli BL21(DE3) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha a údaraítear agus a áirítear ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta an Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/82 ón gCoimisiún (3) údaraíodh salann sóidiam 6′-Siailiol-lachtóis a fhaightear trí choipeadh miocróbach agus úsáid á baint as an tréithchineál géinmhodhnaithe K12 DH1 de Escherichia coli a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283.

(4)

An 15 Bealtaine 2020, chuir an chuideachta Chr. Hansen A/S (‘an t-iarratasóir’) iarratas ar údarú faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun salann sóidiam 6′-Siailiol-lachtóis (‘6′-SL’), rud a fhaightear trí choipeadh miocróbach ina n-úsáidtear dhá thréithchineál ghéinmhodhnaithe (tréithchineál táirgthe, agus tréithchineál díghrádúcháin atá roghnach) a dhíorthaítear ón tréithchineál óstach Escherichia coli BL21(DE3), a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir cead salann sóidiam 6′SL a thairgtear sa chaoi sin a úsáid i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), bia gránachbhunaithe shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, bianna do naíonáin agus do leanaí óga chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, bianna chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 seachas bianna do naíonáin agus do leanaí óga, i ndeochanna bainnebhunaithe agus i dtáirgí comhchosúla a cheaptar lena gcaitheamh ag leanaí óga, agus i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) atá beartaithe don phobal i gcoitinne. Ina dhiaidh sin, an 9 Nollaig 2022, mhodhnaigh an t-iarratasóir an iarraidh tosaigh san iarratas maidir le salann sóidiam 6′-SL arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha Escherichia coli BL21(DE3) a úsáid i bhforbhianna chun naíonáin agus leanaí óga a eisiamh. Mhol an t-iarratasóir nár cheart forbhianna ina bhfuil salann sóidiam 6′-SL arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha Escherichia coli BL21(DE3) a thomhailt má thomhlaítear bianna eile arna mbreisiú le salann sóidiam 6′-SL a thomhailt ar an lá céanna.

(5)

An 15 Bealtaine 2020, chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin freisin go gcosnófaí staidéir agus sonraí eolaíocha dílseánaigh, is iad sin, mais-speictriméadracht (‘MS’), athshondas maighnéadach núicléach (‘NMR’) agus crómatagrafaíocht mhalartaithe anian ardfheidhmíochta le bailíochtú mhodh an bhraite aimpéarméadraigh bhíogaigh (‘HPAEC-PAD’) agus na torthaí chun aitheantas 6′-SL agus fotháirgí carbaihiodráite atá sa bhia núíosach a chinneadh (6); tuairisc (7) ar na tréithchineálacha táirgthe salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL agus ar na tréithchineálacha díghrádúcháin salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL atá roghnach, agus na deimhnithe deascaidh (8) a bhaineann leo; córas um imoibriú slabhrúil polaiméaráise cainníochtúil fíor-ama (‘qPCR’) agus tuarascálacha maidir le bailíochtú modha le haghaidh na dtréithchineálacha táirgthe salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL agus na dtréithchineálacha díghrádúcháin salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL atá roghnach (9); tástáil bhaictéarach ais-sócháin le salann sóidiam 6′-SL (10); tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le salann sóidiam 6′-SL (11); staidéar raoin dáileoige 7 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le salann sóidiam 6′SL (12); agus staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le salann sóidiam 6′SL (13), arna chur isteach mar thaca leis an iarratas.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, an 11 Nollaig 2020, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú a dhéanamh ar 6′-SL a fhaightear trí choipeadh miocróbach agus úsáid á baint as dhá thréithchineál ghéinmhodhnaithe (tréithchineál táirgthe, agus tréithchineál díghrádúcháin atá roghnach) a dhíorthaítear ón tréithchineál óstach E. coli BL21(DE3), mar bhia núíosach.

(7)

An 26 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch maidir le ‘Sábháilteacht 6′-siailiol-lachtóis arna tháirgeadh ag tréithchineál díorthach Escherichia coli BL21(DE3) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283’ (14) i gcomhréir le ceanglais Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(8)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go raibh salann sóidiam 6′-SL sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe do na spriocghrúpaí atá beartaithe. Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim eolaíoch sin chun a shuí go gcomhlíonann salann sóidiam 6′-SL arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha Escherichia coli BL21(DE3) ceanglais Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, nuair a úsáidtear é i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i mbia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonáin agus do leanaí óga agus bia do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, i mbianna do naíonáin agus do Uimh. 609/2013, i mbianna chun críocha speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 seachas bianna do naíonáin agus do leanaí óga, i ndeochanna bainnebhunaithe agus i dtáirgí comhchosúla a cheaptar lena gcaitheamh ag leanaí óga, agus i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(9)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire go raibh an chonclúid uaidh i ndáil le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar staidéir agus sonraí eolaíocha ón mais-speictriméadracht (‘MS’), ón athshondas maighnéadach núicléach (‘NMR’) agus ón gcrómatagrafaíocht mhalartaithe anian ardfheidhmíochta le bailíochtú mhodh an bhraite aimpéarméadraigh bhíogaigh (‘HPAEC-PAD’) agus na torthaí chun aitheantas 6′-SL agus na fotháirgí carbaihiodráite atá sa bhia núíosach a chinneadh; an tuairisc ar na tréithchineálacha táirgthe salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL agus na tréithchineálacha díghrádúcháin salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL atá roghnach, agus na deimhnithe deascaidh a bhaineann leo; an córas um imoibriú slabhrúil polaiméaráise cainníochtúil fíor-ama (‘qPCR’) agus tuarascálacha maidir le bailíochtú modha le haghaidh na dtréithchineálacha táirgthe salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL agus na dtréithchineálacha díghrádúcháin salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL atá roghnach; an tástáil bhaictéarach ais-sócháin le salann sóidiam 6′-SL; an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le salann sóidiam 6′-SL; an staidéar raoin dáileoige 7 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le salann sóidiam 6′SL; agus, an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le salainn sóidiam 6′-SL, atá ann i gcomhad an iarratasóra agus nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach ná teacht ar a chonclúid dá uireasa.

(10)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na staidéir agus na sonraí eolaíocha sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach a bheith aige chun tagairt a dhéanamh dóibh i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(11)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta dílseánaigh agus eisiacha aige chun tagairt a dhéanamh do na staidéir agus sonraí eolaíocha dílseánaigh arna gcur isteach mar thaca leis an iarratas, is iad sin, mais-speictriméadracht (‘MS’), athshondas maighnéadach núicléach (‘NMR’) agus crómatagrafaíocht mhalartaithe anian ardfheidhmíochta le bailíochtú mhodh an bhraite aimpéarméadraigh bhíogaigh (‘HPAEC-PAD’) agus na torthaí chun aitheantas 6′-SL agus fotháirgí carbaihiodráite atá sa bhia núíosach a chinneadh; an tuairisc ar na tréithchineálacha táirgthe salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL agus na tréithchineálacha díghrádúcháin salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL atá roghnach, agus na deimhnithe deascaidh a bhaineann leo; an córas um imoibriú slabhrúil polaiméaráise cainníochtúil fíor-ama (‘qPCR’) agus tuarascálacha maidir le bailíochtú modha le haghaidh na dtréithchineálacha táirgthe salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL agus na dtréithchineálacha díghrádúcháin salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL atá roghnach; an tástáil bhaictéarach ais-sócháin le salann sóidiam 6′-SL; an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le salann sóidiam 6′-SL; an staidéar raoin dáileoige 7 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le salann sóidiam 6′SL; agus, an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le salainn sóidiam 6′-SL, faoin dlí náisiúnta an tráth a chuir sé an t-iarratas isteach, agus nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí ná na staidéir sin, iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh.

(12)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh bunús leordhóthanach tugtha ag an iarratasóir gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, na staidéir agus sonraí eolaíocha dílseánaigh arna gcur isteach mar thaca leis an iarratas, is iad sin, mais-speictriméadracht (‘MS’), athshondas maighnéadach núicléach (‘NMR’) agus crómatagrafaíocht mhalartaithe anian ardfheidhmíochta le bailíochtú mhodh an bhraite aimpéarméadraigh bhíogaigh (‘HPAEC-PAD’) agus na torthaí chun aitheantas 6′-SL agus fotháirgí carbaihiodráite atá sa bhia núíosach a chinneadh; an tuairisc ar na tréithchineálacha táirgthe salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL agus na tréithchineálacha díghrádúcháin salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL atá roghnach, agus na deimhnithe deascaidh a bhaineann leo; an córas um imoibriú slabhrúil polaiméaráise cainníochtúil fíor-ama (‘qPCR’) agus tuarascálacha maidir le bailíochtú modha le haghaidh na dtréithchineálacha táirgthe salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL agus na dtréithchineálacha díghrádúcháin salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL atá roghnach; an tástáil bhaictéarach ais-sócháin le salann sóidiam 6′-SL; an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le salann sóidiam 6′-SL; an staidéar raoin dáileoige 7 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le salann sóidiam 6′SL; agus, an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le salann sóidiam 6′-SL, ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun 6′-SL arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha de Escherichia coli BL21(DE3) a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(13)

Mar sin féin, maidir le húdarú i leith salann sóidiam 6′-SL arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha de Escherichia coli BL21(DE3) agus an tagairt do na sonraí eolaíocha atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile ina dhiaidh sin cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh, ar choinníoll go mbeidh a n-iarratas bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin.

(14)

I gcomhréir le coinníollacha úsáide forbhianna ina bhfuil salann sóidiam 6′-SL arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha Escherichia coli BL21(DE3) mar a mhol an t-iarratasóir, is gá a chur in iúl do thomhaltóirí trí lipéadú iomchuí nár cheart do naíonáin ná do leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois forbhianna a bhfuil salann sóidiam 6′-SL iontu a thomhailt agus nár cheart iad a úsáid má dhéantar bianna eile arna mbreisiú le salann sóidiam 6′-SL a thomhailt ar an lá céanna.

(15)

Maidir le salann sóidiam 6′-SL arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha de Escherichia coli BL21(DE3) a áireamh mar bhia núíosach ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha, is iomchuí go mbeidh na coinníollacha úsáide is gá, na sonraíochtaí is gá agus faisnéis eile a bhaineann lena údarú, dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, san áireamh freisin.

(16)

Salann sóidiam 6′-SL arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha de Escherichia coli BL21(DE3), ba cheart é a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1)   Salann sóidiam 6′-Siailiol-lachtóis arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha de Escherichia coli BL21(DE3), údaraítear é a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

Salann sóidiam 6′-Siailiol-lachtós arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha de Escherichia coli BL21(DE3), áireofar é i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

(2)   Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ní údaraítear ach an chuideachta Chr. Hansen A/S (15) an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin an 4 Meitheamh 2023, ach amháin má fhaigheann iarratasóir údarú ina dhiaidh sin don bhia núíosach sin gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú ó Chr. Hansen A/S.

Airteagal 3

Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ó Chr. Hansen A/S.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/82 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 lena n-údaraítear salann sóidiam 6′-siailiol-lachtóis a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 29, 28.1.2021, lch. 16 ).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críoch speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).

(5)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).

(6)  Chr. Hansen 2018 agus 2021 (nár foilsíodh).

(7)  Chr. Hansen 2021 (nár foilsíodh).

(8)  Chr. Hansen 2020 agus 2021 (nár foilsíodh).

(9)  Chr. Hansen 2014 agus 2021 (nár foilsíodh).

(10)  Chr. Hansen 2018 (nár foilsíodh) agus Parschat K., Oehme A., Leuschner J., Jennewein S., agus Parkot J. 2020. A safety evaluation of mixed human milk oligosaccharides in rats. Food and Chemical Toxicology, 136, 111118.

(11)  Chr. Hansen 2018 (nár foilsíodh) agus Parschat K., Oehme A., Leuschner J., Jennewein S., agus Parkot J. 2020. A safety evaluation of mixed human milk oligosaccharides in rats. Food and Chemical Toxicology, 136, 111118.

(12)  Chr. Hansen 2018 agus 2021 (nár foilsíodh) agus Parschat K., Oehme A., Leuschner J., Jennewein S., agus Parkot J. 2020. A safety evaluation of mixed human milk oligosaccharides in rats. Food and Chemical Toxicology, 136, 111118.

(13)  Chr. Hansen 2019 agus 2021 (nár foilsíodh) agus Parschat K., Oehme A., Leuschner J., Jennewein S., agus Parkot J. 2020. A safety evaluation of mixed human milk oligosaccharides in rats. Food and Chemical Toxicology, 136, 111118.

(14)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(12):7645.

(15)  Seoladh: Boege Allé 10-12, 2970 Hoersholm, an Danmhairg.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais shonracha bhreise maidir le lipéadú

Ceanglais eile

Cosaint Sonraí

“Salann sóidiam 6-Siailiol-lachtóis (‘6-SL’)

(arna tháirgeadh ag tréithchineálacha díorthacha de E. coli BL21(DE3))

Catagóir bhia shonraithe

Uasleibhéil

Is é ‘salann sóidiam 6′-Siailiol-lachtóis’ ainmniú an bhia núíosaigh a bheidh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu.

Lipéadú na bhforbhianna ina bhfuil salann sóidiam 6′-Siailiol-lachtóis (6′-SL), beidh ráiteas air

(a)

nár cheart do leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois iad a thomhailt;

(b)

nár cheart iad a thomhailt má thomhlaítear bianna eile arna mbreisiú le salann sóidiam 6′-Siailiol-lachtóis ar an lá céanna.

 

Údaraithe an 4 Meitheamh 2023.Tá an cuimsiú sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus ar shonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: ‘Chr. Hansen A/S’, Boege Allé 10-12, 2970 Hoersholm, an Danmhairg. Is é Chr. Hansen A/S amháin atá údaraithe chun an bia núíosach salann sóidiam 6′-Siailiol-lachtóis a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó ‘Chr. Hansen A/S’.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: an 4 Meitheamh 2028.”

Bainne foirmle do naíonáin mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

0.70 g/L sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athbhunaítear de réir mar a threoraíonn an monaróir

Bainne foirmle leantach mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

0.70 g/L sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athbhunaítear de réir mar a threoraíonn an monaróir

Bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonáin agus do leanaí óga agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

0.70 g/L nó 0.70 g/kg sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athbhunaítear de réir mar a threoraíonn an monaróir

Deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a cheaptar lena gcaitheamh ag leanaí óga

0.70 g/L sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athbhunaítear de réir mar a threoraíonn an monaróir

Bia chun críoch speisialta míochaine do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

I gcomhréir le riachtanais chothaitheacha áirithe na naíonán agus na leanaí óga a bhfuil na táirgí ceaptha dóibh ach nach mó, in aon chás, ná 0.70 g/L nó 0.70 g/kg sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir.

Bianna chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, seachas bianna do naíonáin agus leanaí óga

I gcomhréir le ceanglais shonracha chothaithe na ndaoine a mbeartaítear na táirgí dóibh

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, don phobal i gcoitinne, seachas naíonáin agus leanaí óga

1.8 g/lá

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia núíosach údaraithe

Sonraíocht

“Salann sóidiam 6-Siailiol-lachtóis (‘6-SL’)

(arna tháirgeadh ag tréithchineálacha díorthacha de E. coli BL21(DE3))

Tuairisc:

Is púdar nó ceirtleán idir bán agus neasbhán é salann sóidiam 6′-Siailiol-lachtóis (6′-SL) arna tháirgeadh trí phróiseas miocróbach agus ina bhfuil leibhéil theoranta lachtóis, 6′-siailiol-lachtalóis, agus aigéid shialaigh.

Sainmhíniú:

 

Ainm ceimiceach: Salann sóidiam N-aicéitile-α-D-néaraimínile-(2→6)-β-D-galachtaipioranóisile-(1→4)-D-glúcóis

 

Foirmle cheimiceach: C23H38NO19Na

 

Mais mhóilíneach: 655.53 Da

 

Uimh. CAS: 157574-76-0

Foinse: Dhá thréithchineál ghéinmhodhnaithe (tréithchineál táirgthe, agus tréithchineál díghrádúcháin atá roghnach) de Escherichia coli BL21 (DE3)

Saintréithe/Comhdhéanamh:

 

Salann sóidiam 6′-Siailiol-lachtóis (% d’ábhar tirim): ≥ 90.0 % (meáchan/meáchan)

 

6′-Siailiol-lachtalós (% d’ábhar tirim): ≤ 3.0 % (meáchan/meáchan)

 

D-Lachtós (% d’ábhar tirim): ≤ 5.0 % (meáchan/meáchan)

 

Aigéad sialach (% d’ábhar tirim): ≤ 2.0 % (meáchan/meáchan)

 

N-aicéitil-D-glúcósaimín (% d’ábhar tirim): ≤ 3.0 % (meáchan/meáchan)

 

Suim na gcarbaihiodráití eile (% d’ábhar tirim): ≤ 5.0 % (meáchan/meáchan)

 

Taisleach: ≤ 9.0 % (meáchan/meáchan)

 

Luaith: ≤ 8.5 % (meáchan/meáchan)

 

Próitéin iarmharach: ≤ 0.01 % (meáchan/meáchan)

 

Sóidiam: ≤ 4.2 % (meáchan/meáchan)

Éilleáin:

 

Arsanaic: ≤ 0.2 (mg/kg)

 

Aflatocsain M1: ≤ 0.025 (μg/kg)

Critéir mhicribhitheolaíocha:

 

An líon caighdeánach plátaí: ≤ 1 000 CFU/g

 

Enterobacteriaceae: ≤ 10 CFU/g

 

Salmonella spp.: Neamhláithreacht in 25 g

 

Giosta agus múscán: ≤ 100 CFU/g

 

Cronobacter spp.: Neamhláithreacht in 10 g

 

Iontocsainí iarmharacha: ≤ 10 EU/mg

 

a Suim de charbaihiodráití eile = 100 (% (meáchan/meáchan) d’ábhar tirim) – Salann sóidiam 6′-siailiol-lachtóis (% (meáchan/meáchan) d’ábhar tirim) - carbaihiodráití cainníochtaithe (% (meáchan/meáchan) – Luaith (% (meáchan/meáchan) d’ábhar tirim); CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta; EU: Aonaid Iontocsaine”


Top