EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0435

Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE

PE/80/2022/REV/1

IO L 63, 28.2.2023, p. 1–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/435/oj

28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 63/1


RIALACHÁN (AE) 2023/435 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Feabhra 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175, an chéad mhír d’Airteagal 177, Airteagal 192(1), Airteagal 194(2) agus Airteagal 322(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ó glacadh Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (“an tSaoráid”), bhí tionchar mór ag imeachtaí geopholaitiúla nach bhfacthas a macasamhail riamh roimhe a spreagadh le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ag an mbealach ar ghéaraigh siad iarmhairtí ghearchéim COVID-19 go díreach agus go hindíreach, ar shochaí agus ar gheilleagar an Aontais, ar a dhaoine agus ar a chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Go háirithe, tá sé níos soiléire ná riamh go bhfuil slándáil fuinnimh agus neamhspleáchas fuinnimh an Aontais fíor-riachtanach chun téarnamh rathúil inbhuanaithe cuimsitheach ó ghéarchéim COVID-19 a bhaint amach, mar is gnéithe móra iad freisin a chuireann le hathléimneacht gheilleagar an Aontais.

(2)

Mar gheall ar na naisc dhíreacha idir téarnamh inbhuanaithe, cur le hathléimneacht an Aontais agus slándáil fuinnimh an Aontais, laghdú ar spleáchas ar bhreoslaí iontaise, go háirithe ón Rúis, agus ról an Aontais in aistriú cóir agus cuimsitheach, is ionstraim dhea-oiriúnach í an tSaoráid chun rannchuidiú le freagairt an Aontais ar na dúshláin sin atá ag teacht chun cinn. Is amhlaidh atá freisin i bhfianaise reachtaíocht aeráide agus chomhshaoil an Aontais agus ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais, agus go háirithe Comhaontú Pharás a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (5).

(3)

I nDearbhú Versailles an 10 agus 11 Márta 2022, d’iarr na Ceannairí Stáit agus Rialtais ar an gCoimisiún plean REPowerEU a mholadh faoi dheireadh mhí na Bealtaine an bhliain chéanna chun deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairiú breosla iontaise ón Rúis, a athdhearbhaíodh an cuireadh sin sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 agus 25 Márta 2022. Ba cheart an sprioc sin a bhaint amach i bhfad roimh 2030 ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gComhaontú Glas don Eoraip, a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019, agus leis na cuspóirí aeráide do 2030 agus do 2050 a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(4)

Ba cheart feabhas a chur ar chumas na Saoráide tacú le hathchóirithe agus le hinfheistíochtaí atá tiomanta do sholáthairtí fuinnimh a éagsúlú, go háirithe breoslaí iontaise, agus chun athléimneacht, slándáil agus inbhuanaitheacht chóras fuinnimh an Aontais a mhéadú, rud a chuirfeadh le hinacmhainneacht fuinnimh agus, ar an gcaoi sin, a neartódh neamhspleáchas straitéiseach an Aontais in éineacht le geilleagar oscailte. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ní mór don Aontas éifeachtúlacht fuinnimh agus iontaofacht agus athléimneacht na ngréasán tarchurtha agus dáileacháin a mhéadú, chun solúbthacht an chórais a chur chun cinn, chun plódú a íoslaghdú, lena n-áirítear trí bhíthin acmhainneacht mhéadaithe stórála eangaí agus leictreachais, chun digitiú a chur chun cinn, agus chun slabhraí soláthair athléimneacha, cibearshlándáil agus cosaint agus oiriúnú aeráide an bhonneagair uile a áirithiú, agus spleáchais straitéiseacha fuinnimh á laghdú ag an am céanna.

(5)

Chun comhlántacht, comhsheasmhacht agus comhleanúnachas na mbeartas agus na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an Aontas agus ag na Ballstáit a uasmhéadú chun neamhspleáchas, slándáil agus inbhuanaitheacht sholáthar fuinnimh an Aontais a chothú, ba cheart na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin a bhaineann le fuinneamh a bhunú trí “caibidil REPowerEU” thiomnaithe de na pleananna téarnaimh agus athléimneachta.

(6)

Leis an aistriú éifeachtach i dtreo fuinneamh glas agus laghdú tapa ar an spleáchas ar fhuinneamh breosla iontaise ar bhealach cuimsitheach, éilítear bearta chun borradh a chur faoin éifeachtúlacht fuinnimh agus faoin gcoigilteas fuinnimh i bhfoirgnimh agus sa bhonneagar criticiúil fuinnimh gaolmhar agus chun tionscail a dhícharbónú ar bhealach níos tapúla. Tá sé ríthábhachtach an infheistíocht i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú go tapa, amhail réitigh téimh agus fuaraithe inbhuanaithe éifeachtúla a ghlacadh, ar bealach éifeachtach iad chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin is práinní a bhaineann leis an soláthar fuinnimh agus leis an gcostas fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht a thabhairt freisin d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí lena méadaítear éifeachtúlacht fuinnimh, lena ndícharbónaítear an tionsclaíocht – lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as breoslaí ísealcharbóin, amhail hidrigin ísealcharbóin agus trí hidrigin in-athnuaite agus breoslaí in-athnuaite eile de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a ghlacadh, agus coigilteas fuinnimh gheilleagair na mBallstát a mhéadú, i gcomhréir le spriocanna fuinnimh agus aeráide agus creat dlíthiúil an Aontais. Ba cheart don Choimisiún, go háirithe, na Ballstáit a spreagadh chun bearta lena dtacaítear le dícharbónú na tionsclaíochta a áireamh ina gcaibidlí REPowerEU.

(7)

Táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú ar spleáchas foriomlán fuinnimh an Aontais mar thoradh ar chéimniú amach an spleáchais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Leis na caibidlí REPowerEU ba cheart rannchuidiú le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a mhéadú agus a neartú gan a spleáchas ar allmhairí amhábhar ó thríú tíortha a mhéadú an iomarca.

(8)

Agus na pleananna téarnaimh agus athléimneachta mar aon le caibidlí REPowerEU á n-ullmhú, ba cheart do na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha a chomhordú ar bhealach a mbainfear amach na cuspóirí maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a leagtar amach in Airteagal 174 den Chonradh, arb é is aidhm dóibh na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú, agus aird ar leith á tabhairt ar limistéir agus oileáin atá iargúlta, forimeallach agus scoite amach, agus a bhfuil srianta breise ag baint leo cheana féin.

(9)

Chun raon feidhme fhreagairt an Aontais a uasmhéadú, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit uile a mbeidh plean téarnaimh agus athléimneachta á thíolacadh acu tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo,ina n-iarrtar úsáid a bhaint as cistiú breise i bhfoirm iasachtaí, nó, i gcomhréir le rialacha nua atá le bunú faoin Rialachán leasaitheach seo, ó lamháltais ón gcóras trádála astaíochtaí a chur ar ceant faoi Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) nó ó aistrithe ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) caibidil REPowerEU a áireamh ina bplean téarnaimh agus athléimneachta. I gcomhréir leis an bhféidearthacht atá ann cheana, faoi Rialachán (AE) 2021/241,) dréachtphlean téarnaimh agus athléimneachta a thíolacadh, agus chun a áirithiú go n-ullmhófar caibidlí REPowerEU go cuí, féadfaidh na Ballstáit dréachtchaibidil REPowerEU a thíolacadh sula gcuirfear plean modhnaithe téarnaimh agus athléimneachta isteach. Ba cheart ualach riaracháin míchuí a sheachaint.

(10)

Ba cheart go n-áireofaí i gcaibidlí REPowerEU athchóirithe agus infheistíochtaí nua, ón 1 Feabhra 2022 ar aghaidh, a rannchuidíonn le cuspóirí REPowerEU agus a théann i ngleic leis an ngéarchéim de bharr imeachtaí geopholaitiúla a tharla le déanaí. Mar sin féin, is féidir bearta a áirítear sna cinntí cur chun feidhme ón gComhairle a glacadh cheana féin a rannchuidíonn le cuspóirí REPowerEU a áireamh i gcaibidil REPowerEU, más rud é, tar éis an ranníocaíocht uasta airgeadais a nuashonrú, go mbeidh an Ballstát lena mbaineann faoi réir laghdú ar a ranníocaíocht uasta airgeadais. Sa chás sin, ba cheart an Ballstát a bheith in ann bearta den sórt sin a chur san áireamh ina chaibidil REPowerEU suas le méid na gcostas measta is comhionann leis an laghdú ar an ranníocaíocht uasta airgeadais.

(11)

Ba cheart Ballstát a bheith in ann an chuid uas-scálaithe de bhearta a áirítear sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a glacadh cheana a áireamh ina chaibidil REPowerEU, mar aon leis na garspriocanna agus na spriocanna comhfhreagracha. Ba cheart a thabhairt isteach leis an méadú sin feabhas substainteach ar leibhéal uaillmhéine na mbeart, mar a léirítear i ndearadh nó i leibhéal na ngarspriocanna agus na spriocanna comhfhreagracha, agus ag an am céanna, cur leis na bearta a áirítear sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a glacadh cheana.

(12)

Ba cheart do Bhallstát a chaibidil REPowerEU a chur isteach i bhfoirm aguisín a ghabhann lena phlean téarnaimh agus athléimneachta. Ba cheart míniú a bheith i gcaibidil REPowerEU ar an gcaoi a bhfuil na bearta a áirítear inti comhleanúnach le hiarrachtaí an Bhallstáit lena mbaineann cuspóirí REPowerEU a bhaint amach, agus na bearta a áirítear sna cinntí cur chun feidhme ón gComhairle a glacadh cheana á gcur san áireamh, chomh maith le míniú ar rannchuidiú foriomlán na mbeart sin agus ar bhearta comhlántacha nó tionlacain náisiúnta eile arna maoiniú ag an Aontas le cuspóirí REPowerEU.

(13)

Ba cheart caibidlí REPowerEU, inter alia, a bheith ag rannchuidiú le sciar na bhfuinneamh inbhuanaithe agus inathnuaite sa mheascán fuinnimh a mhéadú agus le haghaidh a thabhairt ar scrogaill sa bhonneagar fuinnimh. A mhéid a bhaineann le bonneagar gáis nádúrtha, ba cheart tógáil le hathchóirithe agus infheistíochtaí i gcaibidlí REPowerEU chun an soláthar a éagsúlú ón Rúis ar na riachtanais atá sainaitheanta faoi láthair tríd an measúnú arna dhéanamh agus arna chomhaontú ag an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis, a bunaíodh de mheon na dlúthpháirtíochta a mhéid a bhaineann le slándáil an tsoláthair, agus riachtanais slándála fuinnimh straitéisí an Bhallstáit lena mbaineann agus na bearta ullmhachta treisithe, lena n-áirítear stóráil fuinnimh, a rinneadh chun iad féin a chur in oiriúint do bhagairtí nua geopholaitiúla a chur san áireamh, gan an bonn a bhaint den rannchuidiú fadtéarmach leis an aistriú glas.

(14)

Ba cheart critéar iomchuí measúnaithe a chur isteach mar bhonn chun go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar athchóirithe agus ar infheistíochtaí sna caibidlí REPowerEU agus chun go n-áiritheoidh sé go mbeidh athchóirithe agus infheistíochtaí sin oiriúnach chun na cuspóirí sonracha REPowerEU a bhaint amach. Ba cheart rátáil A a bheith ag teastáil faoin gcritéar measúnaithe nua sin le go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú dearfach ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta ábhartha.

(15)

Ní leor infheistíochtaí i mbonneagar agus i dteicneolaíochtaí amháin chun a áirithiú go laghdófar spleáchas ar bhreoslaí iontaise i bhfianaise na n-easnamh lucht saothair agus scileanna atá ann faoi láthair. Sa chomhthéacs sin, is féidir acmhainní a thiomnú cheana féin d’athsciliú agus d’uas-sciliú daoine, chun tuilleadh scileanna glasa a thabhairt don lucht saothair mar aon le hacmhainní a thiomnú don taighde agus forbairt réiteach nuálach a bhaineann leis an aistriú glas. Moltar do na Ballstáit tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in athsciliú agus uas-sciliú, go háirithe le haghaidh scileanna agus teicneolaíochtaí digiteacha gaolmhara agus glasa chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár le linn an aistrithe ghlais. I gcás ina n-áiríonn Ballstát ina chaibidil REPowerEU bearta a bhaineann le hathsciliú agus uas-sciliú daoine, ba cheart don Choimisiún a mheas cé acu an bhfuil bearta den sórt sin ag cur go mór le hathcháiliú an lucht saothair i dtreo scileanna glasa agus scileanna digiteacha gaolmhara.

(16)

I bhfianaise thionchar eacnamaíoch agus sóisialta na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair, ina bhfuil praghsanna arda fuinnimh ag géarú thionchar ghéarchéim COVID-19, trí ualach airgeadais na dtomhaltóirí a mhéadú tuilleadh, go háirithe i gcás na dtomhaltóirí is leochailí, lena n-áirítear teaghlaigh a bhfuil ioncam íseal acu nó cuideachtaí leochaileacha lena n-áirítear micrifhiontair, agus i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus mar aitheantas do phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ba cheart é a bheith indéanta bearta a áireamh i gcaibidlí REPowerEU freisin chun cabhrú le haghaidh a thabhairt go struchtúrach ar chásanna bochtaineachta fuinnimh, trí athchóirithe agus infheistíochtaí fadtéarmacha. Le hathchóirithe agus infheistíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, ba cheart leibhéal níos airde tacaíochta airgeadais a sholáthar do scéimeanna éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear trí ionstraimí airgeadais tiomnaithe, beartais agus scéimeanna fuinnimh ghlain chun an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú do na teaghlaigh agus do chuideachtaí lena n-áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide a bhfuil deacrachtaí móra acu mar gheall ar bhillí arda fuinnimh.

(17)

Ba cheart bearta laghdaithe éilimh fuinnimh arna ndéanamh ag na Ballstáit a bheith mar dhreasacht d’infheistíochtaí i gcoigilteas fuinnimh.

(18)

Ba cheart cur i bhfeidhm córais nua maidir le caibidlí REPowerEU a bheith gan dochar do gach ceanglas dlíthiúil eile faoi Rialachán (AE) 2021/241, mura bhforáiltear a mhalairt.

(19)

Leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear caibidil REPowerEU, ba cheart rannchuidiú le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin ar fad nó ar fho-thacar suntasach de na dúshláin arna sainaithint sna moltaí tír-shonracha, lena n-áirítear na moltaí tír-shonracha arna nglacadh faoi thimthriall Sheimeastar Eorpach 2022 ina ndéantar tagairt inter alia do na dúshláin fuinnimh atá roimh na Ballstáit.

(20)

Tá infheistíochtaí suntasacha digiteacha i gceist le haistriú éifeachtach i dtreo fuinneamh glas agus le laghdú ar spleáchas ar fhuinneamh. I bhfianaise Rialachán (AE) 2021/241, ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuiltear ag súil leis go rannchuideoidh na bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear iad siúd i gcaibidil REPowerEU, leis an aistriú digiteach agus le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as agus an dtugann siad cuntas ar an méid a chuireann siad leis an sprioc dhigiteach bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh clibeáil dhigiteach. Mar sin féin, i bhfianaise phráinn agus thábhacht na ndúshlán fuinnimh atá roimh an Aontas gan fasach, níor cheart athchóirithe agus infheistíochtaí i gcaibidil REPowerEU a chur san áireamh agus leithdháileadh iomlán an phlean á ríomh chun críche an ceanglas maidir le sprioc dhigiteach a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/241 a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit féachaint le bearta a chur san áireamh i gcaibidlí REPowerEU, a mhéid is féidir, ar bearta iad lena rannchuidítear leis an sprioc dhigiteach bunaithe ar na modheolaíochta le haghaidh clibeáil dhigiteach.

(21)

Tá nósanna imeachta fada riaracháin ar chuid de na príomhbhacainní ar fhuinnimh in-athnuaite a imscaradh. Áirítear ar na bacainní sin castacht na rialacha is infheidhme maidir le suíomhanna a roghnú agus údaruithe riaracháin le haghaidh na dtionscadal, castacht agus fad an mheasúnaithe ar thionchar comhshaoil na dtionscadal, saincheisteanna nasctha leis an eangach, agus srianta foirne na n-údarás deonaithe ceadanna nó oibreoirí eangaí. Is gá na próisis riaracháin deonaithe ceadanna le haghaidh foinsí inathnuaite fuinnimh agus bonneagar eangaí cumhachta gaolmhar a shimpliú a thuilleadh agus dlús a chur leo chun a áirithiú go mbainfidh an tAontas a spriocanna fuinnimh agus aeráide amach. Rinneadh moltaí do na Ballstáit i gcomhthéacs Sheimeastar Eorpach 2022 chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite. Mar a fógraíodh i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal “Plean REPowerEU”, mhol an Coimisiún leasú a dhéanamh ar Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite, arb é is aidhm di próiseas deonaithe ceadaithe níos tapúla a bhunú d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite. Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle (10), lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite, tugadh isteach rialacha éigeandála sealadacha.

(22)

De bhun Airteagal 18(4), pointe (q), de Rialachán (AE) 2021/241, ba cheart do na Ballstáit achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin, a dhéantar i gcomhréir le creataí dlíthiúla náisiúnta, a sholáthar d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bhaineann le cur chun feidhme a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta. Ba cheart an comhairliúchán sin a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar athchóirithe agus infheistíochtaí atá le cur san áireamh i gcaibidil REPowerEU a d’fhéadfadh a bheith ann, ar bhealach lena dtugtar dóthain ama do pháirtithe leasmhara freagairt agus ag an am céanna fós a áirithiú go gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann bailchríoch tapa ar chaibidil REPowerEU. San achoimre nuashonraithe, ba cheart a leagan amach na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo, ba cheart toradh an chomhairliúcháin chomhlántaigh a mhíniú inti agus ba cheart breac-chuntas a thabhairt ar an gcaoi ar léiríodh an t-ionchur a fuarthas ó na páirtithe leasmhara i gcaibidlí REPowerEU.

(23)

Tá cur i bhfeidhm an phrionsabail “gan dochar suntasach a dhéanamh” de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) (an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”) bunriachtanach chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme ar bhealach inbhuanaithe na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a dhéantar mar chuid den téarnamh ó ghéarchéim COVID-19. Ba cheart go leanfadh sé d’fheidhm a bheith aige maidir leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a dtacaíonn an tSaoráid leo, agus díolúine spriocdhírithe amháin ann chun ábhair imní láithreacha an Aontais maidir le slándáil fuinnimh a chosaint. I bhfianaise an chuspóra maidir le soláthairtí fuinnimh a éagsúlú ó sholáthróirí Rúiseacha, ba cheart do na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí is gá, a leagtar amach i gcaibidlí REPowerEU, chun feabhas a chur ar an mbonneagar fuinnimh agus ar na saoráidí fuinnimh chun freastal ar riachtanais láithreacha maidir le slándáil an tsoláthair le haghaidh gáis a bheith incháilithe le haghaidh tacaíocht airgeadais faoin tSaoráid fiú mura gcomhlíonann siad an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”. De ghnáth, eisiatar bonneagar agus saoráidí ola ó chaibidil REPowerEU. De mhaolú air sin, maidir le Ballstát a bhí faoi réir an mhaolaithe eisceachtúil shealadaigh in Airteagal 3m(4) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle (12) go dtí go dtiocfaidh an Rialachán leasaitheach seo i bhfeidhm, mar gheall ar a spleáchas sonrach ar amhola agus ar a shuíomh geografach, ba cheart dó a bheith in ann an bonneagar agus na saoráidí ola is gá chun freastal ar riachtanais láithreacha maidir le slándáil an tsoláthair a áireamh i gcaibidil REPowerEU.

Ba cheart don Choimisiún a mheas an bhfuil bearta a meastar go dtabharfar aghaidh ar riachtanais láithreacha maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh leo incháilithe do mhaolú ar an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”. Chun críche an mheasúnaithe sin, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann breithniú a dhéanamh, as measc imthosca eile, ar an riosca a ghabhann le héifeachtaí gaibhnithe agus ar neamh-infhaighteacht roghanna malartacha atá níos glaine agus indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de a d’fhéadfaí a úsáid laistigh d’amlíne inchomparáide. Ba cheart an measúnú sin a bheith comhréireach, agus aird á tabhairt ar an bpráinn a bhaineann le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. I gcás amhrais, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis ábhartha a sholáthar chun tacú leis an measúnú. Ba cheart an mheastóireacht ar roghanna malartacha níos glaine a dhéanamh laistigh de theorainneacha réasúnta.

(24)

Ba cheart gach beart sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta a dhéanamh i gcomhréir le acquis comhshaoil an Aontais is infheidhme agus le acquis comhshaoil náisiúnta is infheidhme, go háirithe maidir le measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol agus cosaint an dúlra. Maidir le bearta a bhaineann tairbhe as an maolú ar an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, ba cheart do na Ballstáit iarrachtaí sásúla a dhéanamh chun an dochar a d’fhéadfaí a dhéanamh do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 a theorannú, i gcás inarb indéanta, agus chun an dochar a mhaolú, trí bhearta eile, lena n-áirítear bearta i gcaibidlí REPowerEU.

(25)

Ba cheart caibidlí REPowerEU a bheith comhsheasmhach le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát agus le spriocanna aeráide an Aontais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119.

(26)

Mar léiriú ar an gComhaontú Glas don Eoraip mar straitéis fáis inbhuanaithe na hEorpa agus ar a thábhachtaí atá sé le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, leis an tSaoráid rannchuideofar le bearta aeráide agus inbhuanaitheacht comhshaoil a phríomhshruthú agus leis an sprioc fhoriomlán go mbeidh 30 % den chaiteachas i mbuiséad an Aontais ag tacú le cuspóirí aeráide a ghnóthú. Chuige sin, leis na bearta a dtacaíonn an tSaoráid leo agus a áirítear i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta Ballstát, ba cheart rannchuidiú go héifeachtach leis an aistriú glas, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, agus ba cheart gurb ionann iad agus 37 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta agus 37 % ar a laghad de chostais mheasta iomlána na mbeart i gcaibidil REPowerEU, bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh rianú aeráide a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/241. Ba cheart an mhodheolaíocht sin a úsáid dá réir sin le haghaidh bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála a liostaítear san Iarscríbhinn sin. Má aontaíonn an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún, ba cheart é a bheith indéanta na comhéifeachtaí le haghaidh tacaíocht do na cuspóirí aeráide a mhéadú go dtí 40 % nó 100 % i gcomhair infheistíochtaí aonair, mar a mhínítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, chun bearta tionlacain athchóiriúcháin a mhéadaíonn go hinchreidte a dtionchar ar na cuspóirí aeráide a chur san áireamh. Chuige sin, ba cheart é a bheith indéanta na comhéifeachtaí le haghaidh tacaíocht do na cuspóirí aeráide a mhéadú suas go dtí méid iomlán de 3 % de leithdháileadh an phlean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh infheistíochtaí aonair. Leis an tSaoráid, ba cheart tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramófar go hiomlán caighdeáin agus tosaíochtaí an Aontais ó thaobh na haeráide agus an chomhshaoil de agus an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”.

(27)

Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, bearta a bhfuil gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta acu, arna sainaithint sa mheasúnú ar riachtanais is déanaí ón gCoimisiún, a áireamh i gcaibidlí REPowerEU, a rannchuideoidh le breisluach Eorpach a ghiniúint, i measc nithe eile. Ba cheart a chur san áireamh freisin go bhféadfadh éifeachtaí iarmharta a bheith ag bearta a dhéantar i mBallstát amháin ar Bhallstáit eile. Ba cheart don Choimisiún an comhar idir na Ballstáit a éascú a luaithe is féidir d’fhonn bearta a fhorbairt a bhfuil gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta acu lena n-áireamh i gcaibidlí REPowerEU. Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú gurb ionann na bearta sin agus méid arb ionann é agus 30 % ar a laghad de chostais mheasta na mbeart i gcaibidil REPowerEU. Sa bhreis ar bhearta a bhfuil gné thrasteorann nó ilnáisiúnta nó éifeacht acu, féadfaidh bearta ar an leibhéal náisiúnta a rannchuidíonn le soláthar fuinnimh a dhaingniú san Aontas ina iomláine, i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU, go háirithe maidir le haghaidh a thabhairt ar na scrogaill atá ann cheana ó thaobh tarchur, dáileadh agus stóráil fuinnimh de, mar a shainaithnítear sa mheasúnú is déanaí ón gCoimisiún ar riachtanais, rud a mhéadóidh ar an bpoitéinseal maidir le sreabha trasteorann idir na Ballstáit, agus ar an gcaoi sin ba cheart a mheas go bhfuil gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta ag baint le sreabha trasteorann idir na Ballstáit. Ba cheart a mheas freisin go bhfuil éifeacht dhearfach trasteorann ag bearta lena laghdaítear an spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus lena laghdaítear an t-éileamh ar fhuinneamh toisc go ndéanann siad acmhainneacht nó soláthar a shaoradh tuilleadh do Bhallstáit eile.

(28)

Ba cheart critéar iomchuí measúnaithe a chur leis mar bhonn chun go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar ghné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a áirítear i gcaibidlí REPowerEU.

(29)

Ba cheart tuilleadh dreasachtaí a thabhairt do na Ballstáit tacaíocht iasachta a iarraidh chun a áirithiú go nglacfaidh na Ballstáit na cistí atá ar fáil agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcomhlíonadh acu. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a chur in iúl, chomh soiléir agus is féidir, don Choimisiún ar a dhéanaí 30 lá tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé ar intinn acu iarraidh ar thacaíocht iasachta a chur isteach. Ba cheart don Choimisiún forléargas a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ag an am céanna, ar théarmaí comhionanna agus gan moill mhíchuí ar na rúin arna gcur in iúl ag na Ballstáit agus ar an mbealach chun cinn atá beartaithe chun na hacmhainní atá ar fáil a dháileadh. Leis an teachtaireacht sin maidir leis an méid atá ar intinn aige, níor cheart dochar a dhéanamh do chumas na mBallstát tacaíocht iasachta a iarraidh go dtí an 31 Lúnasa 2023 i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/241, lena n-áirítear i gcás iarrataí os cionn 6,8 % dá n-ollioncam náisiúnta (OIN) i gcás ina bhfuil feidhm ag na coinníollacha ábhartha. Leis sin, ní cheart ach an oiread dochar a dhéanamh don Choimisiún dul isteach sa chomhaontú iasachta chomhfhreagrach tar éis an cinneadh cur chun feidhme ábhartha ón gComhairlea ghlacadh.

(30)

Moltar do na Ballstáit na caibidlí REPowerEU a chur isteach a luaithe is féidir agus, más féidir, faoi 2 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo. I gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2021/241, ba cheart don Coimisiún measúnú a dhéanamh ar an bpleanmodhnaithe téarnaimh agus athléimneachta arna gcur isteach ag an mBallstát laistigh de 2 mhí agus déanfaidh sé togra le haghaidh Cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle. I bhfianaise a phráinní atá na dúshláin atá os comhair na mBallstát, ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh an measúnú ar na pleananna modhnaithe téarnaimh agus athléimneachta a thabhairt i gcrích gan moill mhíchuí.

(31)

Ina theannta sin, chun ardleibhéal uaillmhéine a dhreasú le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí atá le cur san áireamh i gcaibidil REPowerEU, ba cheart foinsí cistiúcháin tiomnaithe nua a chur ar fáil.

(32)

Le Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle (13), tugtar isteach ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach do chuideachtaí agus buanbhunaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil gníomhaíochtaí acu in earnálacha an pheitriliam amh, an gháis nádúrtha, an ghuail agus na scaglann is infheidhme i ngach Ballstát. Iarrtar ar na Ballstáit cion de na fáltais a ghintear leis an ranníocaíocht shealadach sin a úsáid, chun sineirgí agus comhlántachtaí a chothú leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí ina gcaibidlí REPowerEU ar bhealach comhleanúnach, chun bearta a chistiú atá le cur chun feidhme ar leibhéal náisiúnta i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU.

(33)

Mar gheall ar an staid eacnamaíoch agus gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, ní mór don Aontas na hacmhainní atá ar fáil a shlógadh chun soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú go tapa agus chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú roimh 2030. Sa chomhthéacs sin, le Treoir 2003/87/CE ba cheart luach airgid eisceachtúil a cheadú trí sciar de lamháltais ón gciste don nuálaíocht agus de lamháltais a leithdháiltear ar na Ballstáita cur ar ceant, cé is moite de lamháltais a leithdháiltear ar mhaithe le dlúthpháirtíocht, fás agus idirnaisc, agus ba cheart ioncam a dhíriú i dtreo athchóirithe agus infheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí REPowerEU, faoi chuimsiú na Saoráide. Ba cheart tús áite a thabhairt do lamháltais ón gciste don nuálaíocht agus do lamháltais arna leithdháileadh ar Bhallstáit a chur ar ceant. Ba cheart cuid de na lamháltais ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh, a dhéanfaí a neamhbhailíochtú murach sin, a úsáid chun an ciste don nuálaíocht a athshlánú.

(34)

I gcomhthéacs idirghabháil éigeandála an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh, a eascraíonn as tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, le bearta eisceachtúla sealadacha spriocdhírithe faoi chuimsiú bheartas comhtháthaithe 2014-2020 a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), trí úsáid sholúbtha a bhaint as acmhainní de chuid Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus an Chiste Chomhtháthaithe, ba cheart cabhrú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a ndéanann méaduithe ar phraghsanna fuinnimh difear mór dóibh chomh maith le teaghlaigh leochaileacha, costais fuinnimh arna dtabhú agus arna n-íoc ón 1 Feabhra 2022 ar aghaidh a chumhdach. Tá an tacaíocht sin ag teacht go hiomlán le cuspóirí REPowerEU.

(35)

Go háirithe, ba cheart úsáid eisceachtúil a bhaint as CFRE chun tacaíocht caipitil oibre a chur ar fáil do FBManna a ndéanann méaduithe ar phraghsanna fuinnimh difear mór dóibh. Maidir le tacaíocht do FBManna a ndéanann méaduithe ar phraghsanna fuinnimh difear mór dóibh, ba cheart an tacaíocht sin a bheith comhréireach agus ba cheart léi na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair a urramú. Thairis sin, ba cheart úsáid eisceachtúil a bhaint as CSE chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha, mar a shainítear i rialacha náisiúnta, chun cabhrú leo a gcostais tomhaltais fuinnimh a íoc fiú in éagmais bearta a chuireann le hinfhostaitheacht na ndaoine a fhaigheann tacaíocht i.e. bearta gníomhacha. Is bearta eisceachtúla iad sin a bhfuil géarghá leo chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh a d’eascair as tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Áirithítear leo go mbeidh rochtain ag na daoine a fhaigheann tacaíocht ar sheirbhísí riachtanacha, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú freisin leis na dálaí atá fabhrach don dea-shláinte is gá chun páirt a ghlacadh i margadh an tsaothair. Féadfar tacaíocht a chur ar fáil le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus leis an gCiste Chomhtháthaithe go hidirmhalartach. Ina theannta sin, sa bhreis ar CSE, ba cheart do CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe a bheith in ann tacú le bearta coinneála poist trí scéimeanna oibre gearr-ama agus trí scéimeanna coibhéiseacha, lena n-áirítear tacaíocht do dhaoine féinfhostaithe. Tá sé d’aidhm ag scéimeanna den sórt sin fostaithe agus daoine féinfhostaithe a chosaint ar bhaol na dífhostaíochta. Tá acmhainní a leithdháiltear ar na scéimeanna sin le húsáid go heisiach chun tacú le hoibrithe agus daoine féinfhostaithe. Ba cheart tacaíocht ón Aontas do scéimeanna oibre gearr-ama agus scéimeanna coibhéiseacha den sórt sin a bheith teoranta ó thaobh ama de. Ba cheart a bheith in ann úsáid a bhaint freisin as acmhainní REACT-EU a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 le haghaidh na dtrí chineál tacaíochta sin chun treisiú le hiarrachtaí leanúnacha na mBallstát i dtreo théarnamh athléimneach a ngeilleagair tar éis ghéarchéim COVID-19.

(36)

Le socruithe sonracha clársceidealaithe, ba cheart a bheith in ann acmhainní a chlársceidealú go heisiach laistigh d’aiseanna tosaíochta tiomnaithe agus rannchuidiú le tosaíochtaí infheistíochta sonracha. Chun tacaíocht shuntasach a thairiscint do na Ballstáit maidir lena n-iarrachtaí ar iarmhairtí na géarchéime fuinnimh a shrianadh, ba cheart do na Ballstáit tairbhe eisceachtúil a bhaint as ráta cómhaoinithe 100 % a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le haiseanna tosaíochta tiomnaithe na gclár oibríochtúil lena soláthraítear tacaíocht den sórt sin go heisiach go dtí deireadh thréimhse chlársceidealaithe 2014-2020. Ba cheart do na bearta teoranta agus spriocdhírithe sin na hidirghabhálacha struchtúracha sa bheartas comhtháthaithe lena dtacaítear le táirgeadh fuinnimh ghlain agus le cur chun cinn na héifeachtúlachta fuinnimh a chomhlánú. Chun srianta buiséadacha an Aontais a chur san áireamh, ba cheart uasteorainn EUR 5 000 000 000 in 2023 a chur le híocaíochtaí ón gCoimisiún le hoibríochtaí den sórt sin faoi na tosaíochtaí tiomnaithe.

(37)

Chun solúbthacht leordhóthanach a chur ar fáil do na Ballstáit agus do réigiúin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua atá ag teacht chun cinn, ba cheart Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) foráil a dhéanamh go mbeidh an deis ag na Ballstáit suas le 7,5 % d’acmhainní a iarraidh faoi CFRE, Ciste Shóisialta na hEorpa agus faoin gCiste Comhtháthaithe chun rannchuidiú le cuspóirí REPowerEU. Leis na cistí sin, ba cheart é a bheith indéanta tacaíocht a sholáthar do chuspóirí REPowerEU i gcás ina dtagann an tacaíocht sin faoi raon feidhme an Chiste lena mbaineann, ina rannchuidíonn sí lena chuspóirí sonracha agus ina gcomhlíonann sí na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060 agus sa Rialachán Chiste-shonracha lena mbaineann, lena n-áirítear an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”.

(38)

Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit lena mbaineann, a leithdháileadh sealadach iomlán nó cuid dá leithdháileadh sealadach a aistriú ó acmhainní an Chúlchiste Coigeartaithe Brexit chuig an tSaoráid. De dheasca ghéarchéim COVID-19, ar measa fós í mar gheall ar an mbagairt ar shlándáil fuinnimh an Aontais, is measa fós na hiarmhairtí diúltacha a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas sna Ballstáit, lena n-áirítear a réigiúin agus a bpobail áitiúla, agus earnálacha, go háirithe sna hearnálacha sin is mó a ndéanann an tarraingt siar sin dochar dóibh. Maidir leis na bearta a bheidh le cistiú faoin gCúlchiste Coigeartaithe Brexit agus na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá le cistiú faoin tSaoráid, féadfaidh siad cuspóirí comhchosúla a bheith acu agus féadfaidh siad ábhar den chineál céanna a bheith acu. I ndeireadh na dála, is é is aidhm don Chúlchiste agus don tSaoráid araon na tionchair dhiúltacha ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú. Sa chomhthéacs sin, cé go ndíríonn na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí faoin tSaoráid go príomha ar aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí eacnamaíocha na paindéime, féadfaidh siad rannchuidiú freisin le cur i gcoinne iarmhairtí díobhálacha gan choinne sna Ballstáit agus sna hearnálacha is mó atá thíos le Brexit. Ar deireadh, déantar gealltanais agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoin gCúlchiste Coigeartaithe Brexit agus faoin tSaoráid araon a iontráil de bhreis ar uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil. Sa chás sin, agus aird á tabhairt ar an suaitheadh sa mhargadh fuinnimh domhanda arb iad na forbairtí geopholaitiúla is déanaí is cúis leis, is iomchuí solúbthacht a chur ar fáil do na Ballstáit trí aistrithe ón gCúlchiste Coigeartaithe Brexit chuig an tSaoráid a cheadú, rud a fhágann gur féidir freastal ar a gcuspóirí agus an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach, ar deireadh.

(39)

Ba cheart eisíocaíochtaí maoinithe bhreise do na Ballstáit a áiríonn caibidil REPowerEU ina phlean téarnaimh agus athléimneachta a dhéanamh de réir rialacha na Saoráide go dtí deireadh 2026.

(40)

Maidir le hiarraidh, arna cur isteach i bplean téarnaimh agus athléimneachta, ar chistiú tiomnaithe, lena n-áirítear leithdháileadh ó lamháltais an chórais trádála astaíochtaí faoi Treoir 2003/87/CE a chur ar ceant, aistrithe acmhainní ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ó Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus ón gCiste Chomhtháthaithe atá faoi rialú ag Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus aistrithe acmhainní ón gCúlchiste Coigeartaithe Brexit, ar bhearta atá i gcaibidil REPowerEU ba cheart a léiriú léi riachtanas airgeadais níos airde atá nasctha le hathchóirithe agus infheistíochtaí a áirítear sa chaibidil sin.

(41)

Chun a áirithiú go dtabharfar tús áite don tacaíocht airgeadais chun freagairt níos fearr a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair, ba cheart é a bheith indéanta, arna iarraidh sin do Bhallstát atá le tíolacadh in éineacht le caibidil REPowerEU i bplean modhnaithe téarnaimh agus athléimneachta, is féidir méid den chistiú breise is gá chun bearta dá chaibidil REPowerEU a mhaoiniú a íoc i bhfoirm dhá íocaíocht réamh-mhaoinithe.

Ba cheart don Choimisiún an chéad íocaíocht réamh-mhaoinithe a dhéanamh, a mhéid is féidir, laistigh de 2 mhí tar éis don Choimisiún dul isteach sa ghealltanas dlíthiúil chun críche Rialachán (AE) 2021/241, agus an dara híocaíocht réamh-mhaoinithe a dhéanamh laistigh de 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme ón gComhairle lena bhformheastar an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta lena n-áirítear caibidil REPowerEU. Ba cheart íocaíochtaí lena gcomhfhreagraítear don réamh-mhaoiniú a dhéanamh faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil, go háirithe infhaighteacht na gcistí ó chuntas NextGenerationEU, cistí arna bhformheas i mbuiséad bliantúil an Aontais agus an t-ioncam a fhaightear ó cheantáil lamháltas an Chórais Trádála Astaíochtaí faoi Threoir 2003/87/CE, agus leis an réamhaistriú éifeachtach acmhainní faoi chláir bhainistíochta comhroinnte, má iarrtar sin.

(42)

Chun uasteorainneacha íocaíochta an chreata airgeadais ilbhliantúil a chomhlíonadh, ba cheart caidhp a bhunú le haghaidh íocaíochtaí a chomhfhreagraíonn don réamh-mhaoiniú le haghaidh méideanna a aistrítear faoi Rialachán (AE) 2021/1060.

(43)

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a leagtar amach i gcaibidil REPowerEU agus ar a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí REPowerEU, agus eolas a chur ar fáil i ndáil leis sin, go háirithe trí mhalartuithe le linn an idirphlé téarnaimh agus athléimneachta, trí thuarisciú sa scórchlár téarnaimh agus athléimneachta, agus trí chuid ar leith sa tuarascáil bhliantúil atá le tíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(44)

Bhí tionchar suntasach ag imeachtaí geopholaitiúla a tharla le déanaí ar phraghsanna fuinnimh, bia agus ábhar tógála agus ba iad ba chúis freisin le ganntanais sna slabhraí soláthair domhanda, a raibh méadú ar an mboilsciú agus dúshláin nua mar thoradh orthu, lena n-áirítear baol na bochtaineachta fuinnimh agus costas maireachtála níos airde. D’fhéadfadh freagairt ar na dúshláin sin a bheith ag teastáil. D’fhéadfadh tionchar díreach a bheith ag na forbairtí sin ar an acmhainneacht atá ann maidir leis na bearta sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme. A mhéid is féidir leis na Ballstáit a léiriú go bhfuil cloch mhíle nó sprioc shonrach ag baint leis na forbairtí sin, bíodh sin ina n-iomláine nó i bpáirt, nach féidir iad a bhaint amach a thuilleadh, d’fhéadfaí na cásanna sin a agairt mar imthosca oibiachtúla faoi Rialachán (AE) 2021/241. Thairis sin, a mhéid is féidir leis na Ballstáit a léiriú go bhfuil baint amach cloch mhíle nó sprioc shonrach ag teacht salach ar bhaint amach chuspóirí REPowerEU, d’fhéadfaí cásanna den sórt sin a agairt freisin mar imthosca oibiachtúla faoin Rialachán sin. Ina theannta sin, níor cheart go mbainfeadh aon iarraidh ar leasuithe an bonn de chur chun feidhme foriomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear iarrachtaí athchóirithe agus infheistíochta na mBallstát,

(45)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2021/241, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755, agus Treoir 2003/87/CE a leasú dá réir.

(46)

Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/241

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcomhréir leis na sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, an comhleanúnachas agus na sineirgí a ngintear leo, agus i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19, is é cuspóir ginearálta na Saoráide comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn trí fheabhas a chur ar athléimneacht, ar ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, ar acmhainn choigeartaithe agus ar acmhainneacht fáis na mBallstát, trí thionchar sóisialta agus eacnamaíoch na géarchéime sin, go háirithe ar na mná, a mhaolú, trí rannchuidiú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, trí thacú leis an aistriú glas, agus trí rannchuidiú le spriocanna aeráide 2030 an Aontais a ghnóthú, ar spriocanna iad a leagtar amach i bpointe (11) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/1999, trí chomhlíonadh an chuspóra go mbeidh Aontas aeráidneodrach ann faoi 2050 agus trí chomhlíonadh chuspóir an aistrithe dhigitigh, agus trí athléimneacht, slándáil agus inbhuanaitheacht chóras fuinnimh an Aontais a mhéadú tríd an laghdú is gá a dhéanamh ar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus trí sholáthairtí fuinnimh a éagsúlú ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear trí mhéadú ar ghlacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainneacht stórála fuinnimh a mhéadú, lena rannchuideofar, dá bhrí sin, le cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta aníos, fás inbhuanaithe agus comhtháthú inbhuanaithe gheilleagair an Aontais a athbhunú agus a chur chun cinn, cothú á dhéanamh ar fhostaíocht ardcháilíochta a chruthú, agus lena rannchuideofar le huathriail straitéiseach an Aontais in éineacht le geilleagar oscailte agus lena nginfear breisluach Eorpach.”;

(2)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Leis an tSaoráid, ní thacófar ach le bearta lena n-urramaítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, a mbeidh feidhm acu freisin maidir leis na bearta a áirítear i gcaibidlí REPowerEU, mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo.”;

(3)

Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(d)

i gcás inarb infheidhme, na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 21c.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ní bheidh an tacaíocht iasachta do phlean téarnaimh agus athléimneachta an Bhallstáit lena mbaineann níos airde ná an difríocht idir costais iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta, mar a athbhreithníodh i gcás inarb ábhartha, agus an ranníocaíocht uasta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 11, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an t-ioncam dá dtagraítear in Airteagal 21a agus, acmhainní arna n-aistriú ó chláir bhainistíocht chomhroinnte.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   De mhaolú ar mhír 5, faoi réir infhaighteacht na n-acmhainní, féadfar, in imthosca eisceachtúla, méid na tacaíochta iasachta a mhéadú, agus riachtanais an Bhallstáit iarrthaigh á gcur san áireamh, mar aon le hiarrataí ar thacaíocht iasachta atá tíolactha cheana féin ag Ballstáit eile nó atá beartaithe acu a thíolacadh, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm ag an am céanna. Chun cur i bhfeidhm na bprionsabal sin a éascú, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún faoi an 31 Márta 2023, cé acu atá sé ar intinn acu tacaíocht iasachta a iarraidh. Déanfaidh an Coimisiún go comhuaineach, ar théarmaí comhionanna agus gan moill mhíchuí, forléargas a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar na rúin arna gcur in iúl ag na Ballstáit agus ar an mbealach chun cinn atá beartaithe chun na hacmhainní atá ar fáil a dháileadh. Ní dhéanfaidh sé sin dochar do chumas na mBallstát tacaíocht iasachta a iarraidh go dtí an 31 Lúnasa 2023, lena n-áirítear i gcás iarrataí os cionn 6,8 % OIN, i gcás ina bhfuil feidhm ag na coinníollacha ábhartha. Ní dhéanfaidh sé dochar ach oiread don chomhaontú iasachta comhfhreagrach a dhéanamh tar éis an cinneadh cur chun feidhme ábhartha ón gComhairle a ghlacadh.”;

(4)

In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Beidh bearta ar cuireadh tús leo ón 1 Feabhra 2020 ar aghaidh incháilithe ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

Mar sin féin, ní bheidh na bearta ná na hinfheistíochtaí nua dá dtagraítear in Airteagal 21c(1) incháilithe, ach amháin i gcás ina gcuirtear tús leo ón 1 Feabhra 2022 ar aghaidh.”;

(5)

Leasaítear Airteagal 18(4) mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(ca)

míniú ar an gcaoi a rannchuidíonn caibidil REPowerEU le haghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, tosaíocht leordhóthanach a thabhairt do riachtanais na ndaoine sin dá ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear, chomh maith le leochaileachtaí a laghdú le linn na séasúr geimhridh atá le teacht;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

míniú cáilíochtúil ar an gcaoi a bhfuiltear ag dréim leis go rannchuideoidh na bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta leis an aistriú glas, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, an ionann iad agus méid arb ionann é agus 37 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta agus an ionann na bearta den chineál sin a áirítear i gcaibidil REPowerEU agus méid arb ionann é agus 37 % ar a laghad de chostais mheasta iomlána na mbeart a áirítear sa chaibidil sin, bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh rianú aeráide a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; úsáidfear an mhodheolaíocht dá réir sin i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn VI; féadfar na comhéifeachtaí don tacaíocht do na cuspóirí aeráide a mhéadú suas go dtí méid iomlán de 3 % de leithdháileadh an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhair infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain athchóirithe a mhéadaíonn a dtionchar ar na cuspóirí aeráide go mór a chur san áireamh, de réir mar a mhínítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

eolas táscach faoi cé acu an tionscadail trasteorann nó tionscadail ilnáisiúnta atá sna bearta a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, míniú maidir leis an gcaoi a bhfuil gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta ag baint leis na bearta ábhartha i gcaibidil REPowerEU, lena n-áirítear na bearta sin lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin arna sainaithint sa mheasúnú is déanaí ar riachtanais ón gCoimisiún, agus léiriú i dtaobh an ionann costais iomlána na mbeart sin agus méid arb ionann é agus 30 % ar a laghad de chostais mheasta chaibidil REPowerEU;”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (q):

“(q)

chun an plean téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú agus, i gcás ina mbeidh fáil air, a chur chun feidhme, achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí sochaí sibhialta, eagraíochtaí don óige, agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, a rinneadh i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta, agus an chaoi a léirítear ionchur na bpáirtithe leasmhara sa phlean téarnaimh agus athléimneachta; leis an achoimre sin le comhlánú, i gcás inar cuireadh caibidil REPowerEU san áireamh, trí na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo a leagan amach, le tuairisc ar thoradh an phróisis comhairliúcháin i ndáil leis an gcaibidil sin, agus le hachoimre ar an gcaoi ar léiríodh an t-ionchur a fuarthas inti;”;

(6)

Leasaítear Airteagal 19(3) mar seo a leanas:

(a)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(da)

cíbe acu an bhfuil nó nach bhfuil i gcaibidil REPowerEU na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 21c lena rannchuidítear ar bhealach éifeachtach leis an tslándáil fuinnimh, le héagsúlú sholáthar fuinnimh an Aontais, le méadú ar úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh agus na héifeachtúlachta fuinnimh, le méadú ar acmhainneachtaí stórála fuinnimh nó leis an laghdú is gá a dhéanamh ar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise roimh 2030;

(db)

cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil i gcaibidil REPowerEU na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 21c a mheastar a mbeidh gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta acu;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta lena rannchuidítear go héifeachtach leis an aistriú glas, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, an ionann iad agus méid arb ionann é agus 37 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta agus an ionann na bearta sin i gcaibidil REPowerEU agus méid arb ionann é agus 37 % ar a laghad de chostais mheasta iomlána na mbeart a áirítear sa chaibidil sin, bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh rianú aeráide a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; úsáidfear an mhodheolaíocht dá réir sin i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn VI; féadfar na comhéifeachtaí don tacaíocht do na cuspóirí aeráide a mhéadú suas go dtí méid iomlán de 3 % de leithdháileadh an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhair infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain athchóirithe a mhéadaíonn a dtionchar ar na cuspóirí aeráide go mór a chur san áireamh, faoi réir chomhaontú an Choimisiúin;”;

(7)

In Airteagal 20(5), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ca)

achoimre ar na bearta a bheartaítear i gcaibidil REPowerEU a bhfuil gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta acu, lena n-áirítear na bearta sin lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin arna sainaithint sa mheasúnú is déanaí ar riachtanais ón gCoimisiún, i gcás inarb ionann costais mheasta na mbeart sin agus méid arb ionann é agus níos lú ná 30 % de chostais mheasta na mbeart uile a áirítear i gcaibidil REPowerEU, míniú ar na cúiseanna atá leis sin, go háirithe léiriú lena léirítear go dtugann bearta eile a áirítear i gcaibidil REPowerEU aghaidh níos fearr ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3), nó nach bhfuil dóthain tionscadal réalaíoch ar fáil a bhfuil gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta acu, go háirithe i bhfianaise shaolré na Saoráide;”;

(8)

Cuirtear isteach an chaibidil seo a leanas i ndiaidh Chaibidil III:

Caibidil IIIa

REPowerEU

Airteagal 21a

Ioncam ón gcóras trádála astaíochtaí faoi Threoir 2003/87/CE

1.   Cuirfear EUR 20 000 000 000 i bpraghsanna reatha, a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 10e de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), ar fáil mar thacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha bhreise faoin tSaoráid le haghaidh cur chun feidhme faoin Rialachán seo chun athléimneacht chóras fuinnimh an Aontais a mhéadú trí spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus trí na soláthairtí fuinnimh ar leibhéal an Aontais a éagsúla. Mar a fhoráiltear in Airteagal 10e de Threoir 2003/87/CE, ioncam sannta seachtrach a bheidh sna méideanna sin i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.

2.   Déanfar sciar leithdháilte an mhéid dá dtagraítear i mír 1 atá ar fáil do gach Ballstát a ríomh ar bhonn na dtáscairí a leagtar amach sa mhodheolaíocht in Iarscríbhinn IVa.

3.   Leithdháilfear an méid dá dtagraítear i mír 1 go heisiach ar bhearta dá dtagraítear in Airteagal 21c, cé is moite de bhearta dá dtagraítear in Airteagal 21c(3), pointe (a). Féadfar speansais dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a chumhdach leis freisin.

4.   Déanfar leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí lena gcumhdaítear an méid dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil go huathoibríoch don mhéid sin ón 1 Márta 2023.

5.   Féadfaidh gach Ballstát iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun méid nach mó ná a sciar a leithdháileadh trí na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 21c a áireamh ina phlean agus a gcostais mheasta á léiriú.

6.   Leagfar síos leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle arna ghlacadh de bhun Airteagal 20(1) méid an ioncaim dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leithdháiltear ar an mBallstát tar éis iarraidh a thíolacadh de bhun mhír 5 den Airteagal seo. Íocfar an méid comhfhreagrach i dtráthchodanna, faoi réir an chistithe atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 24, a luaithe a bheidh na garspriocanna agus na spriocanna a sainaithníodh maidir le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 21c comhlíonta go sásúil ag an mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 21b

Acmhainní ó chláir bhainistíochta comhroinnte chun tacú le cuspóirí REPowerEU

1.   Faoi chuimsiú na n-acmhainní a leithdháiltear orthu, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a iarraidh faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3) den Rialachán seo ó chláir a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus agus ón gCiste Comhtháthaithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 26a de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 agus sna Rialacháin Chiste-shonracha. Cuirfear an tacaíocht sin chun feidhme i gcomhréir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 agus leis na Rialacháin Ciste-shonracha.

2.   Féadfar acmhainní a aistriú faoi Airteagal 4a de Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) chun tacú leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21c den Rialachán seo.

Airteagal 21c

Caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta

1.   Beidh caibidil REPowerEU, ina mbeidh bearta agus a ngarspriocanna agus a spriocanna comhfhreagracha, san áireamh i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin tar éis 1 Márta 2023 lena gceanglaítear cistiú breise a úsáid faoi Airteagail 14, 21a nó 21b. Is éard a bheidh sna bearta i gcaibidil REPowerEU athchóirithe agus infheistíochtaí nua, ar cuireadh tús leo ón 1 Feabhra 2022 ar aghaidh, nó an chuid uas-scálaithe d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí a áirítear sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a glacadh cheana maidir leis an mBallstát lena mbaineann.

2.   De mhaolú ar mhír 1, na Ballstáit atá faoi réir laghdú ar an ranníocaíocht uasta airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 11(2), féadfaidh siad bearta a áireamh i gcaibidlí REPowerEU dá dtagraítear sna cinntí cur chun feidhme ón gComhairle a glacadh cheana gan uas-scálú a bheith déanta orthu, suas le méid na gcostas measta atá comhionann leis an laghdú sin.

3.   Le hathchóirithe agus infheistíochtaí i gcaibidil REPowerEU, féachfar le rannchuidiú le ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí seo a leanas:

(a)

feabhas a chur ar bhonneagar fuinnimh agus ar shaoráidí fuinnimh chun freastal ar riachtanais láithreacha slándála an tsoláthair gáis, lena n-áirítear gás nádúrtha leachtaithe, go háirithe le go mbeifear in ann an soláthar a éagsúlú ar mhaithe le leas an Aontais trí chéile; ní fhéadfar an bonneagar agus na bearta a bhaineann leis na saoráidí ola is gá chun freastal ar riachtanais láithreacha maidir le slándáil an tsoláthair a áireamh i gcaibidil REPowerEU de chuid Ballstáit ach i gcás ina raibh an Ballstát sin faoi réir an mhaolaithe eisceachtúil shealadaigh in Airteagal 3m(4) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 faoin 1 Márta 2023, mar gheall ar a spleáchas sonrach ar amhola agus ar a shuíomh geografach;

(b)

borradh a chur faoin éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh agus bonneagar criticiúil fuinnimh, an tionsclaíocht a dhícharbónú, táirgeadh agus glacadh bithmheatáin inbhuanaithe agus hidrigine in-athnuaite nó saor ó iontaise a mhéadú, agus sciar an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú agus luas a chur lena imscaradh;

(c)

aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh;

(d)

laghdú ar an éileamh ar fhuinneamh a dhreasú;

(e)

aghaidh a thabhairt ar scrogaill inmheánacha agus trasteorann maidir le tarchur agus dáileadh fuinnimh, tacú le stóráil leictreachais agus dlús a chur le comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite, agus tacú le hiompar astaíochtaí nialasacha agus lena bhonneagar, lena n-áirítear iarnróid;

(f)

tacú leis na cuspóirí a leagtar amach i bpointí (a) go (e) tríd an lucht saothair a athcháiliú chun scileanna glasa agus digiteacha gaolmhara a bhaint amach, chomh maith le tacú leis na slabhraí luacha in amhábhair agus teicneolaíochtaí criticiúla atá nasctha leis an aistriú glas.

4.   Beidh míniú i gcaibidil REPowerEU freisin ar an gcaoi a bhfuil bearta sa chaibidil sin comhleanúnach le hiarrachtaí an Bhallstáit lena mbaineann chun cuspóirí a leagtar amach i mír 3 a bhaint amach, agus na bearta san áireamh sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a glacadh cheana á gcur san áireamh, chomh maith le míniú ar rannchuidiú foriomlán na mbeart sin agus bearta comhlántacha nó tionlacain eile, arna gcistiú go náisiúnta agus arna gcistiú ag an Aontas leis na cuspóirí sin.

5.   Ní chuirfear costais mheasta na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí atá i gcaibidil REPowerEU san áireamh agus leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta faoi Airteagal 18(4), pointe (f), agus Airteagal 19(3), pointe (f) á ríomh.

6.   De mhaolú ar Airteagal 5(2), Airteagal 17(4), Airteagal 18(4), pointe (d), agus Airteagal 19(3), pointe (d), ní bheidh feidhm ag prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” maidir leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí faoi mhír 3, pointe (a), den Airteagal seo, faoi réir measúnú dearfach ón gCoimisiún go gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:

(a)

go bhfuil an beart riachtanach agus comhréireach chun freastal ar riachtanais láithreacha maidir le slándáil an tsoláthair i gcomhréir le mír 3, pointe (a), den Airteagal seo agus roghanna malartacha indéanta a bheadh níos glaine agus an riosca a bhaineann le héifeachtaí gaibhnithe á gcur san áireamh;

(b)

go bhfuil iarrachtaí sásúla déanta ag an mBallstát lena mbaineann chun an dochar a d’fhéadfaí a dhéanamh do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 a theorannú, i gcás inarb indéanta, agus chun dochar a mhaolú trí bhearta eile, lena n-áirítear bearta i gcaibidil REPowerEU;

(c)

nach gcuireann an beart baint amach spriocanna aeráide 2030 an Aontais agus cuspóir aeráidneodrachta an Aontais faoi 2050 i mbaol, bunaithe ar bhreithnithe cáilíochtúla;

(d)

go bhfuil sé beartaithe go mbeidh an beart i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2026.

7.   Nuair a bheidh an measúnú dá dtagraítear i mír 6 á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt nó faisnéis bhreise a iarraidh. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis bhreise a iarradh ar fáil.

8.   Ní rannchuideoidh an t-ioncam a chuirfear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 21a le hathchóirithe agus infheistíochtaí faoi mhír 3, pointe (a), den Airteagal seo.

9.   Ní rachaidh costais mheasta iomlána na mbeart atá faoi réir measúnú dearfach ag an gCoimisiún faoi mhír 6 thar 30 % de chostais mheasta iomlána na mbeart a áirítear i gcaibidil REPowerEU.

Airteagal 21d

Réamh-mhaoiniú REPowerEU

1.   Féadfaidh iarraidh ar réamh-mhaoiniú a bheith ag gabháil leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta ina bhfuil caibidil REPowerEU. Faoi réir an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus in Airteagal 21(2) a bheith glactha ag an gComhairle faoin 31 Nollaig 2023, déanfaidh an Coimisiún suas le dhá íocaíocht réamh-mhaoinithe le haghaidh méid iomlán suas le 20 % den chistiú breise arna iarraidh ag an mBallstát lena mbaineann chun a chaibidil REPowerEU a mhaoiniú, faoi Airteagail 7, 12, 14, 21a agus 21b, agus prionsabal na córa comhionainne i measc na mBallstát agus prionsabal na comhréireachta á gcomhlíonadh aige.

2.   Maidir le hacmhainní a aistreofar faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/1060, ní rachaidh ceachtar den dá thacar íocaíochtaí réamh-mhaoinithe thar EUR 1 000 000 000.

3.   De mhaolú ar Airteagal 116(1) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe, a mhéid is féidir agus faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil, mar seo a leanas:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an gcéad íocaíocht réamh-mhaoinithe, laistigh de 2 mhí tar éis don Choimisiún agus don Bhallstát lena mbaineann an comhaontú, a thabhairt i gcrích, ar gealltanas dlíthiúil é dá dtagraítear in Airteagal 23;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an dara híocaíocht réamh-mhaoinithe, laistigh de 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme ón gComhairle lena bhformheastar an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta lena n-áirítear caibidil REPowerEU.

4.   Déanfar íocaíocht an réamh-mhaoinithe i leith na n-acmhainní dá dtagraítear i mír 2 tar éis faisnéis a fháil ó na Ballstáit uile i dtaobh an bhfuil sé beartaithe acu réamh-mhaoiniú na n-acmhainní sin a iarraidh nó nach bhfuil, agus, i gcás inar gá, ar bhonn pro-rata chun an uasteorainn iomlán de EUR 1 000 000 000 a urramú.

5.   I gcásanna réamh-mhaoinithe faoi mhír 1, déanfar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 20(5), pointe (a), agus, i gcás inarb infheidhme, méid na hiasachta atá le híoc dá dtagraítear in Airteagal 20(5), pointe (h), a choigeartú go comhréireach.;

(*1)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32)."

(*2)  Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (IO L 357, 8.10.2021, p. 1).”;"

(9)

In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   A luaithe a ghlacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme mar a thagraítear dó in Airteagal 20(1), tabharfaidh an Coimisiún comhaontú i gcrích leis an mBallstát lena mbaineann ina mbeidh gealltanas dlíthiúil aonair de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais. Maidir le gach Ballstát, ní bheidh an gealltanas dlíthiúil níos mó ná iomlán na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 11(1) le haghaidh 2021 agus 2022, an ranníocaíocht airgeadais nuashonraithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2) le haghaidh 2023 agus an méid a ríomhtar faoi Airteagal 21a(2).”;

(10)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 25a

Trédhearcacht maidir le faighteoirí deiridh

1.   Cruthóidh gach Ballstát tairseach phoiblí atá éasca le húsáid ina mbeidh sonraí maidir leis an 100 faighteoir deiridh a fhaigheann an méid is mó maoinithe chun bearta faoin tSaoráid a chur chun feidhme. Tabharfaidh na Ballstáit na sonraí sin cothrom le dáta faoi dhó sa bhliain.

2.   Maidir leis na faighteoirí deiridh dá dtagraítear i mír 1, foilseofar an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

i gcás duine dlítheanach, ainm dlíthiúil iomlán agus uimhir aitheantais CBL nó uimhir aitheantais cánach an fhaighteora, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, nó aitheantóir eile uathúil arna shuíomh ar an leibhéal náisiúnta,

(b)

i gcás duine nádúrtha, ainm agus sloinne an fhaighteora;

(c)

an méid a fuair gach faighteoir, chomh maith leis na bearta gaolmhara a fuair Ballstát an cistiú ina leith faoin tSaoráid.

3.   Ní fhoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 38(3) de Rialachán Airgeadais.

4.   I gcás ina bhfoilsítear sonraí pearsanta, scriosfaidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 2 bhliain tar éis dheireadh na bliana airgeadais inar íocadh an cistiú don fhaighteoir deiridh.

5.   Déanfaidh an Coimisiún tairseacha poiblí na mBallstát a lárú agus na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a fhoilsiú sa scórchlár téarnaimh agus athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 30.”;

(11)

In Airteagal 26(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(h)

an dul chun cinn i ndáil le cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí sna caibidlí REPowerEU.”;

(12)

In Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Saoráide agus déanfaidh sé gnóthú na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 a thomhas, lena n-áirítear cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí i gcaibidlí REPowerEU agus a rannchuidiú maidir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3). Beidh an faireachán ar chur chun feidhme spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin tSaoráid.”;

(13)

In Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Ina theannta sin, léireoidh an Scórchlár an dul chun cinn i ndáil le cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i dtaca leis na táscairí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 29(4). Áireofar ann freisin an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na mbeart i gcaibidlí REPowerEU agus a rannchuidiú maidir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3) agus faisnéis a thaispeáint maidir le hallmhairí breoslaí iontaise an Aontais a laghdú agus soláthairtí fuinnimh a éagsúlú.”;

(14)

Leasaítear Airteagal 31 mar seo a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

“3.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil freisin an fhaisnéis seo a leanas:”;

(ii)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(d)

forléargas ar bhearta a bhfuil gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta acu a áirítear i gcaibidlí uile REPowerEU, a gcostais mheasta iomlána agus léiriú an ionann costais iomlána na mbeart sin agus méid arb ionann é agus 30 % ar a laghad de chostais mheasta iomlána na mbeart a áirítear i gcaibidlí uile REPowerEU;

(e)

líon na mbeart a thagann faoi Airteagal 21c(3), pointe (a), a áirítear i gcaibidlí uile REPowerEU, agus a gcostais mheasta iomlána;

(f)

an dul chun cinn i ndáil le cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí i gcaibidil REPowerEU, trí roinn thiomnaithe ina n-áireofar ceachtanna a foghlaimíodh tar éis anailís a dhéanamh ar na sonraí atá ar fáil maidir le faighteoirí deiridh agus samplaí de dhea-chleachtais.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   Ní dhéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) de mhír 3 a áireamh sa tuarascáil bhliantúil ach amháin tar éis fhormheas an mheasúnaithe ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta uile ina bhfuil caibidil REPowerEU.”;

(15)

In Airteagal 32, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Sa tuarascáil mheastóireachta, déanfar measúnú, go háirithe, ar a mhéid a gnóthaíodh na cuspóirí, ar éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus ar an mbreisluach Eorpach. Déanfar a mheas léi freisin ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile chomh maith leis an measúnú ar chur chun feidhme chaibidlí REPowerEU agus ar a rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3).”;

(16)

Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinn IVa;

(17)

Leasaítear Iarscríbhinn V i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013:

“Airteagal 25b

Bearta eisceachtúla le haghaidh úsáid na gCistí chun tacú le FBManna a ndéanann méaduithe ar phraghsanna fuinnimh difear mór dóibh, le teaghlaigh leochaileacha agus scéimeanna oibre gearr-ama agus scéimeanna coibhéiseacha

1.   Mar bheart eisceachtúil a bhfuil fíorghá leis chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, féadfaidh CFRE tacú le maoiniú caipitil oibre i bhfoirm deontas do FBManna a ndéanann méaduithe ar phraghsanna fuinnimh difear mór dóibh, faoin tosaíocht infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(3), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013. Is iad FBManna is mó atá thíos le méaduithe ar phraghsanna fuinnimh iad siúd atá incháilithe chun cabhair a fháil le haghaidh costais bhreise i ngeall ar mhéaduithe as cuimse ar phraghasanna an gháis nádúrtha agus an leictreachais faoin gcreat géarchéime sealadach do bhearta Státchabhrach.

Mar bheart eisceachtúil breise a bhfuil fíorghá leis chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh a eascraíonn as cogadh foghadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, féadfaidh CSE tacú le teaghlaigh leochaileacha chun cabhrú leo a gcostais tomhaltais fuinnimh a íoc, fiú gan aon bhearta gníomhacha comhfhreagracha, faoin tosaíocht infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013.

2.   Féadfar oibríochtaí lena soláthraítear an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a mhaoiniú trí CFRE nó CSE+ ar bhonn na rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste eile. Ina theannta sin, i gcás ina rannchuidíonn oibríochtaí den sórt sin le ceann de na tosaíochtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Ciste Comhtháthaithe iad a mhaoiniú ar bhonn na rialacha is infheidhme maidir le CFRE nó CSE. Thairis sin, féadfaidh CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe rochtain ar an margadh saothair a mhaoiniú freisin trí phoist fostaithe agus daoine féinfhostaithe a chothabháil, trí obair ghearr-ama agus trí scéimeanna coibhéiseacha, ar bhonn na rialacha is infheidhme maidir le CSE faoin tosaíocht infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a)(v), de Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013.

3.   Déanfar oibríochtaí lena soláthraítear an tacaíocht dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chlársceidealú go heisiach faoi ais tosaíochta thiomnaithe nua. Féadfaidh cistiú ó CFRE agus ó CSE ó chatagóirí éagsúla réigiún agus ón gCiste Comhtháthaithe a bheith san ais tosaíochta thiomnaithe. An tacaíocht arna soláthar ag acmhainní REACT-EU, de réir bhrí Airteagal 92a, clársceidealófar í faoi ais tosaíochta thiomnaithe ar leithligh lena rannchuidítear leis an tosaíocht infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 92b(9), an tríú fomhír.

Na méideanna a leithdháilfear ar na haiseanna tosaíochta tiomnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, ní rachaidh siad thar 10 % d’acmhainní iomlána CFRE, CSE ná an Chiste Chomhtháthaithe, lena n-áirítear acmhainní de chuid REACT-EU faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, arna leithdháileadh ar an mBallstát lena mbaineann don chlárthréimhse 2014-2020, mar a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme ábhartha ón gCoimisiún. De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír d’Airteagal 120(3), cuirfear ráta cómhaoinithe 100 % i bhfeidhm maidir le haon ais nó aiseanna tosaíochta tiomnaithe.

4.   Maidir le hiarrataí ar leasú ar chlár oibríochtúil atá ann cheana arna dtíolacadh ag Ballstát darb aidhm ais tosaíochta thiomnaithe amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt isteach, beidh údar cuí leo agus beidh an clár athbhreithnithe ag gabháil leo. Ní bheidh na heilimintí a liostaítear in Airteagal 96(2), pointe (b)(v) agus (vii), ag teastáil sa tuairisc ar aon ais tosaíochta sa chlár oibríochtúil athbhreithnithe.

5.   De mhaolú ar Airteagal 65(9), beidh caiteachas ar oibríochtaí lena dtacaítear le maoiniú caipitil oibre i bhfoirm deontas do FBManna a ndéanann méaduithe ar phraghsanna fuinnimh difear mór dóibh, agus ar oibríochtaí a thugann tacaíocht do theaghlaigh leochaileacha chun cabhrú leo a gcostais tomhaltais fuinnimh a chomhlíonadh, beidh an caiteachas sin agus obair ghearr-ama agus scéimeanna coibhéiseacha incháilithe ón 1 Feabhra 2022. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 65(6) maidir le hoibríochtaí agus scéimeanna den sórt sin.

6.   De mhaolú ar Airteagal 125(3), pointe (b), féadfaidh oibríochtaí lena dtacaítear le maoiniú caipitil oibre i bhfoirm deontas do FBManna a ndéanann méaduithe ar phraghsanna fuinnimh difear mór dóibh agus d’oibríochtaí a thugann tacaíocht do theaghlaigh leochaileacha chun cabhrú leo a gcostais tomhaltais fuinnimh a chomhlíonadh, féadfaidh an caiteachas sin agus obair ghearr-ama agus scéimeanna coibhéiseacha a roghnú le haghaidh tacaíocht ó CFRE, ó CSE nó ón gCiste Comhtháthaithe sula bhformheasfar an clár athbhreithnithe.

7.   I gcás oibríochtaí lena dtacaítear le maoiniú caipitil oibre i bhfoirm deontas do FBManna a ndéanann méaduithe ar phraghsanna fuinnimh difear mór dóibh ar oibríochtaí iad sin a chuirtear chun feidhme lasmuigh de limistéar an chláir ach laistigh den Bhallstát, ní bheidh feidhm ach ag pointe (d) d’Airteagal 70(2), an chéad fhomhír. De mhaolú ar Airteagal 70(4), maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE a thugann tacaíocht do theaghlaigh leochaileacha chun cabhrú leo a gcostais tomhaltais fuinnimh a íoc agus maidir le hobair ghearr-ama agus scéimeanna coibhéiseacha a chuirtear chun feidhme lasmuigh de limistéar an chláir ach laistigh den Bhallstát, beidh feidhm freisin ag Airteagal 70(2), an chéad fhomhír, pointe (d).

8.   Ní rachaidh na híocaíochtaí iomlána ón gCoimisiún leis na Ballstáit ó CFRE, ó CSE, agus ón gCiste Comhtháthaithe, seachas acmhainní REACT-EU, do na tosaíochtaí tiomnaithe dá dtagraítear i mír 3 thar EUR 5 000 000 000 in 2023. Íocfar méideanna, faoi réir an chistithe atá ar fáil faoi uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil 2014-2020.

9.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.”.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1060

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 22(3), pointe (g), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

tábla ina sonrófar na leithdháiltí airgeadais iomlána do gach ceann de na Cistí agus, i gcás inarb infheidhme, do gach catagóir réigiúin don chlárthréimhse ina hiomláine agus de réir bliana, lena n-áirítear aon mhéideanna arna n-aistriú de bhun Airteagal 26 nó 27 agus iarraidh ó Bhallstát ar bhearta tacaíochta lena rannchuidítear leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3) de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3);

(*3)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).”;"

(2)

in Airteagal 24, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘8.   I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ nó ón gCiste Comhtháthaithe, féadfaidh an Ballstát leasú ar chlár a chur isteach, i gcomhréir leis an Airteagal seo, á iarraidh go n-áireofar bearta lena rannchuidítear leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3) de Rialachán (AE) 2021/241 i gclár, i gcás ina rannchuidítear tacaíocht den sórt sin le cuspóirí sonracha an Chiste lena mbaineann mar a leagtar amach iad i Rialacháin Chiste-shonracha. Déanfar na méideanna arna n-iarraidh le haghaidh beart den sórt sin a chlársceidealú faoi chuspóir sonrach i gcomhréir leis na Rialacháin Chiste-shonracha agus áireofar iad i dtosaíocht. Ní rachaidh na méideanna sin ar an iomlán thar theorainn 7,5 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh do gach Ciste.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 26a

Tacaíocht do na cuspóirí in Airteagal 21c(3) de Rialachán (AE) 2021/241

1.   Na Ballstáit a chuireann pleananna téarnaimh agus athléimneachta ina bhfuil caibidil REPowerEU faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241, féadfaidh siad a iarraidh, trí leasú ar chlár faoi Airteagal 24 den Rialachán seo, go n-áirítear suas le 7,5 % dá leithdháileadh náisiúnta tosaigh faoi CFRE, CSE+ agus an Ciste Comhtháthaithe i dtosaíochtaí lena rannchuidítear leis na cuspóirí mar a leagtar amach in Airteagal 21c(3) de Rialachán (AE) 2021/241, ar choinníoll go rannchuidítear tacaíocht den sórt sin le cuspóirí sonracha an Chiste lena mbaineann mar a leagtar amach sna Rialacháin Chiste-shonracha. Beidh féidearthacht iarrata den sórt sin gan dochar don fhéidearthacht acmhainní atá beartaithe faoi Airteagal 26 den Rialachán seo a aistriú.

2.   Maidir le hacmhainní a iarrann na Ballstáit faoin Airteagal seo, cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na Rialacháin Chiste-shonracha.

3.   Leagfar amach in iarrataí ar chlár a leasú méid iomlán na n-acmhainní lena rannchuidítear leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3) de Rialachán (AE) 2021/241 do gach bliain de réir Ciste agus de réir catagóir réigiúin, i gcás inarb infheidhme.”;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn V i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1755

I Rialachán (AE) 2021/1755, cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 4a

Aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

1.   Faoin 1 Márta 2023, féadfaidh na Ballstáit iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun méideanna uile an leithdháilte shealadaigh a leagtar amach i ngníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 4(5), nó cuid díobh, a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4). Má fhormheastar an iarraidh ar aistriú, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme chun na méideanna coigeartaithe tar éis na n-aistrithe a léiriú.

2.   I gcás ina ndéanfaidh an t-aistriú difear do na tráthchodanna a íocadh cheana nó atá le híoc mar réamh-mhaoiniú, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(1) dá réir i gcás an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, na tráthchodanna 2021 agus 2022 uile, nó cuid díobh, arna n-íoc leis an mBallstát sin mar réamh-mhaoiniú, a aisghabháil. Sa chás sin, aistreofar na méideanna aisghafa chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun tairbhe eisiach an Bhallstáit lena mbaineann.

3.   I gcás ina roghnaíonn Ballstát a leithdháileadh sealadach iomlán nó cuid de a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfar na méideanna a bheidh le caitheamh chun críocha Airteagal 4(4), an chéad fhomhír, a laghdú go comhréireach.

4.   I gcás ina roghnaíonn Ballstát a leithdháileadh sealadach iomlán a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ní bheidh feidhm ag Airteagal 10(1).

5.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 10(2) maidir leis na méideanna arna n-aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

Airteagal 5

Leasuithe ar Threoir 2003/87/CE

I dTreoir 2003/87/CE, cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 10e

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

1.   Mar bheart aonuaire urghnách, go dtí an 31 Lúnasa 2026, cuirfear na lamháltais arna gcur ar ceant de bhun mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, ar ceant go dtí go sroichfidh an t-ioncam iomlán a fhaightear ó cheantáil den sórt sin EUR 20 billiún. Cuirfear an t-ioncam sin ar fáil don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) agus cuirfear chun feidhme é i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin.

2.   De mhaolú ar Airteagal 10a(8), go dtí an 31 Lúnasa 2026, cuirfear cuid de na lamháltais dá dtagraítear sa mhír sin ar ceant chun tacú leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3), pointí (b) go (f), de Rialachán (AE) 2021/241, go dtí go sroichfidh an t-ioncam a fhaightear ó cheantáil den sórt sin EUR 12 bhilliún.

3.   Go dtí an 31 Lúnasa 2026, déanfar roinnt lamháltas ón gcainníocht a chuirfeadh na Ballstáit ar ceant murach sin faoi Airteagal 10(2), pointe (a), a chur ar ceant ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2030 chun tacú leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3), pointí (b) go (f), de Rialachán (AE) 2021/241, go dtí go sroichfidh an t-ioncam a fhaightear ón gceantáil sin EUR 8 mbilliún. Déanfar na lamháltais sin, i bprionsabal, a chur ar ceant i méideanna bliantúla comhionanna thar an tréimhse ábhartha.

4.   De mhaolú ar Airteagal 1(5a) de Chinneadh (AE) 2015/1814, go dtí an 31 Nollaig 2030, úsáidfear 27 milliún lamháltas neamh-leithdháilte sa chúlchiste cobhsaíochta margaidh ón gcainníocht iomlán a bheadh neamhbhailí thar an tréimhse sin murach sin, chun tacú leis an nuálaíocht, dá dtagraítear in Airteagal 10a(8), an chéad fhomhír, den Treoir seo.

5.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na lamháltais atá le cur ar ceant faoi mhíreanna 2 agus 3, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh íocaíochtaí réamh-mhaoinithe i gcomhréir le hAirteagal 21d de Rialachán (AE) 2021/241, ar ceant i gcomhréir leis na prionsabail agus na rialacha mionsonraithe a leagtar síos in Airteagal 10(4) den Treoir seo agus i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún (*6) chun a áirithiú go mbeidh méid leordhóthanach acmhainní an chiste nuálaíochta ann sa tréimhse ón 2023 go 2026. Déanfar athbhreithniú ar an tréimhse le haghaidh ceantála dá dtagraítear san Airteagal seo bliain amháin tar éis a thosaithe i bhfianaise thionchar na ceantála dá bhforáiltear san Airteagal seo ar an margadh carbóin agus ar an bpraghas carbóin.

6.   Is é an BEI a bheidh ina cheantálaí le haghaidh na lamháltas a bheidh le ceantáil de bhun an Airteagail seo ar an ardán ceant arna cheapadh de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 agus cuirfidh sé ioncam a ghinfear ón gceantáil ar fáil don Choimisiún.

7.   Is éard a bheidh san ioncam a ghinfear ó lamháltais a chur ar ceant ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7).

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Feabhra 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO C 486, 21.12.2022, lch. 185.

(2)  IO C 333, 1.9.2022, lch. 5.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Feabhra 2023.

(4)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(5)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(6)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(7)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(8)  Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (IO L 357, 8.10.2021, lch. 1).

(9)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(10)  Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite (IO L 335, 29.12.2022, lch 36).

(11)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO L 261 I, 7.10.2022, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347. 20.12.2013, lch. 320).

(15)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).


IARSCRÍBHINN I

I Rialachán (AE) 2021/241, cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach:

‘IARSCRÍBHINN IVa

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht chun sciar leithdháilte na n-acmhainní i bhfoirm tacaíocht bhreise airgeadais faoin tSaoráid nach n-íocfar ar ais dá dtagraítear in Airteagal 21a(1) atá ar fáil do gach Ballstát a ríomh. Cuirtear an méid seo san áireamh, i leith gach Ballstáit sa mhodh:

an daonra;

inbhéarta de OTI per capita;

an díbhoilsceoir praghsanna ollfhoirmithe caipitil sheasta;

sciar na mbreoslaí iontaise in olltomhaltas fuinnimh intíre.

Chun comhchruinniú iomarcach acmhainní a sheachaint:

tá uasteorainn 160 % de mheán ualaithe an Aontais le hinbhéarta de OTI per capita;

tá uasteorainn 55 % de mheán ualaithe an Aontais le hinbhéarta de OTI per capita má tá OTI per capita an Bhallstáit lena mbaineann os cionn 130 % de mheán AE-27;

socraítear sciar leithdháilte íosta ag 0.15 %;

socraítear sciar leithdháilte uasta ag 13.80 %.

Sainmhínítear an eochair leithdháilte arna cur i bhfeidhm ar an méid dá dtagraítear in Airteagal 21a (1), ρi mar a leanas:

Image 1

i gcás inarb iad na Ballstáit i go z na Ballstáit a thairbhíonn de sciar íosta leithdháilte agus gurb iad na Ballstáit i go q a thairbhíonn de sciar uasta leithdháilte.

i gcás

Formula

i gcás

Formula
agus
Formula
agus
Formula
,

i gcás

Formula
do Bhallstáit i le
Formula
agus

Formula
do Bhallstáit i le
Formula

Ina sainmhínítear (1):

daoni,2021 mar dhaonra iomlán 2021 i mBallstát i;

daonAE,2021 mar dhaonra iomlán 2021 i mBallstáit AE-27;

Formula
mar mheán ualaithe OTI ainmniúil 2021 per capita Bhallstáit AE-27;

Formula
mar OTI ainmniúil 2021 per capita ag Ballstát i;

FFGICi,2020 mar sciar 2020 de bhreoslaí iontaise in olltomhaltas fuinnimh intíre Bhallstát i;

FFGICAE,2020 mar mheánsciar ualaithe de bhreoslaí iontaise 2020 in olltomhaltas fuinnimh intíre Bhallstáit AE-27;

Formula
mar chóimheas d’innéacs praghsanna ollfhoirmithe caipitil sheasta Q2 2022 (díbhoilsceoir intuigthe, 2015=100, airgeadra náisiúnta, sonraí arna gcoigeartú go séasúrach agus de réir féilire) Bhallstát i agus d’innéacs praghsanna ollfhoirmithe caipitil sheasta Q2 2021 (díbhoilsceoir intuigthe, 2015=100, airgeadra náisiúnta, sonraí arna gcoigeartú de réir séasúir agus sonraí féilire) Bhallstát i;

Formula
mar chóimheas d’innéacs praghsanna ollfhoirmithe caipitil sheasta Q2 2022 (díbhoilsceoir intuigthe, 2015=100, airgeadra náisiúnta, sonraí arna gcoigeartú go séasúrach agus de réir féilire) de chomhiomlán AE-27 agus d’innéacs praghsanna ollfhoirmithe caipitil sheasta Q2 2021 (díbhoilsceoir intuigthe, 2015=100, airgeadra náisiúnta, sonraí arna gcoigeartú go séasúrach agus de réir féilire) de chomhiomlán AE-27.

Is é an toradh a bheidh ar an modheolaíocht a chur i bhfeidhm ar an méid dá dtagraítear in Airteagal 21a(1) an sciar agus an méid seo a leanas in aghaidh an Bhallstáit:

Ballstát

Sciar mar % den iomlán

Méid (in EUR 1 000 , praghsanna reatha)

An Bheilg

1,41 %

282 139

An Bhulgáir

2,40 %

480 047

An tSeicia

3,41 %

681 565

An Danmhairg

0,65 %

130 911

An Ghearmáin

10,45 %

2 089 555

An Eastóin

0,42 %

83 423

Éire

0,45 %

89 598

An Ghréig

3,85 %

769 222

An Spáinn

12,93 %

2 586 147

An Fhrainc

11,60 %

2 320 955

An Chróit

1,35 %

269 441

An Iodáil

13,80 %

2 760 000

An Chipir

0,26 %

52 487

An Laitvia

0,62 %

123 983

An Liotuáin

0,97 %

194 020

Lucsamburg

0,15 %

30 000

An Ungáir

3,51 %

701 565

Málta

0,15 %

30 000

An Ísiltír

2,28 %

455 042

An Ostair

1,05 %

210 620

An Pholainn

13,80 %

2 760 000

An Phortaingéil

3,52 %

704 420

An Rómáin

7,00 %

1 399 326

An tSlóivéin

0,58 %

116 910

An tSlóvaic

1,83 %

366 959

An Fhionlainn

0,56 %

112 936

An tSualainn

0,99 %

198 727

AE27

100,00 %

20 000 000


(1)  Is ó Eurostat a fuarthas na sonraí uile atá sa Rialachán seo. Is é an 20 Meán Fómhair 2022 an scoithdháta le haghaidh sonraí stairiúla a úsáidtear chun an eochair leithdháilte san iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm. Áirítear breoslaí iontaise soladacha, gáis mhonaraithe, móin agus táirgí móna, scealla ola agus gaineamh ola, táirgí ola agus peitriliam (gan cion bithbhreosla san áireamh), gás nádúrtha agus dramhaíl neamhinathnuaite i mbreoslaí iontaise.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/241 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre i roinn 2, pointe 2.5:

“2.5.

Tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta lena rannchuidítear go héifeachtach leis an aistriú glas, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, arb ionann an méid atá i gceist leo agus 37 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta agus gurb ionann na bearta sin a áirítear sa chaibidil REPowerEU agus 37 % ar a laghad de chostais mheasta iomlána na mbeart sa chaibidil REPowerEU, bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh rianú aeráide a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; úsáidfear an mhodheolaíocht dá réir sin i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn VI; féadfar na comhéifeachtaí don tacaíocht do na cuspóirí aeráide a mhéadú suas go dtí méid iomlán de 3 % de leithdháileadh an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhair infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain athchóirithe a mhéadaíonn a dtionchar ar na cuspóirí aeráide go mór a chur san áireamh, faoi réir chomhaontú an Choimisiúin.”;

(2)

I roinn 2, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

“2.12.

Táthar ag súil go gcuirfidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21c [...] ar bhealach éifeachtach leis an tslándáil fuinnimh, le héagsúlú sholáthar fuinnimh an Aontais, le méadú ar ghlacadh na mbreoslaí in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh, le méadú ar acmhainneachtaí stórála fuinnimh nó leis an laghdú is gá a dhéanamh ar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise roimh 2030.

Agus measúnú á dhéanamh ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21c faoin gcritéar seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na dúshláin shonracha agus an cistiú breise faoin tSaoráid atá ar fáil don Bhallstát lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún na heilimintí seo a leanas san áireamh freisin:

Raon feidhme

táthar ag súil go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe go héifeachtach le feabhas a chur ar an mbonneagar fuinnimh agus ar shaoráidí fuinnimh chun freastal ar riachtanais láithreacha shlándáil an tsoláthair gáis, lena n-áirítear gás nádúrtha leachtaithe nó ola, i gcás ina mbíonn feidhm ag an maolú faoi Airteagal 21c(3), pointe (a), go háirithe ionas go mbeifear in ann an soláthar a éagsúlú ar mhaithe leis an Aontas ina iomláine;

táthar ag súil go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe go héifeachtach le borradh a chur faoin éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh agus i mbonneagar criticiúil fuinnimh, leis an tionsclaíocht a dhícharbónú, le táirgeadh agus glacadh bithmheatáin inbhuanaithe agus hidrigine inathnuaite nó hidrigine atá saor ó fhoinsí iontaise a mhéadú, agus sciar an fhuinnimh inathnuaite a mhéadú agus luas a chur lena imscaradh;

táthar ag súil go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe go héifeachtach le haghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh agus, i gcás inarb ábhartha, go dtabharfar tosaíocht leordhóthanach do riachtanais na ndaoine sin dá ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear chomh maith le leochaileachtaí a laghdú le linn na séasúr geimhridh atá le teacht;

meastar go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe go héifeachtach le haghaidh a thabhairt ar dhreasachtaí a chruthú chun an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú;

le cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe, meastar go dtabharfar aghaidh ar scrogaill inmheánacha agus trasteorann maidir le tarchur agus dáileadh fuinnimh, go dtacófar le stóráil leictreachais agus go gcuirfear dlús le comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite, agus go dtacófar le hiompar astaíochtaí nialasacha agus lena bhonneagar, lena n-áirítear iarnróid;

le cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe, meastar go dtacófar go héifeachtach leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3), pointí (a) go (e), tríd an lucht saothair a athcháiliú chun scileanna glasa agus gaolmhara digiteacha a bhaint amach, chomh maith le tacú leis na slabhraí luacha in amhábhair agus teicneolaíochtaí criticiúla atá nasctha leis an aistriú glas;

agus

tá na bearta atá beartaithe comhleanúnach le hiarrachtaí an Bhallstáit lena mbaineann chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3) a bhaint amach, agus na bearta a áirítear sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a glacadh cheana, chomh maith le bearta eile comhlántacha arna maoiniú go náisiúnta agus ag an Aontas nó a ghabhann leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3) á gcur san áireamh.

Rátáil

 

A – meastar go láidir go mbeidh sé sin i gceist

 

B – meastar go measartha go mbeidh sé sin i gceist

 

C – is beag a mheastar go mbeidh sé sin i gceist

2.13.

Meastar go mbeidh gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21c.

Cuirfidh an Coimisiún na heilimintí seo a leanas san áireamh don mheasúnú faoin gcritéar seo:

Raon feidhme

táthar ag súil go gcuirfidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe ar an leibhéal náisiúnta leis an tslándáil fuinnimh san Aontas ina iomláine a chinntiú, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin arna sainaithint sa mheasúnú is déanaí ar riachtanais ón gCoimisiún, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3), agus rannchuidiú airgeadais atá ar fáil don Bhallstáit lena mbaineann agus a shuíomh geografach á gcur san áireamh;

meastar go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus leis an éileamh ar fhuinneamh a laghdú.

Rátáil

 

A – meastar go láidir go mbeidh sé sin i gceist

 

B – meastar go measartha go mbeidh sé sin i gceist

 

C – is beag a mheastar go mbeidh sé sin i gceist”;

(3)

leasaítear roinn 3 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear “grád A le haghaidh chritéir 2.2, 2.3, 2.5, 2.6 agus 2.12’ in ionad na fleisce a léitear ‘grád A le haghaidh chritéir 2.2, 2.3, 2.5, 2.6”;

(b)

cuirtear “grád A le haghaidh chritéir 2.2, 2.3, 2.5, 2.6 agus 2.12’ in ionad na fleisce a léitear ‘grád A le haghaidh chritéir 2.2, 2.3, 2.5, 2.6”.


IARSCRÍBHINN III

Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs faoi phointe 3:

“Tagairt: pointí (g)(i), (ii) agus (iii) d’Airteagal 22(3), Airteagal 112(1), (2) agus (3), agus Airteagail 14, 26 agus 26a RFC”;

(2)

Leasaítear Pointe 3.1 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre agus an tábla neamhuimhrithe:

“3.1

Aistrithe agus ranníocaíochtaí (*1)

Tagairt: Airteagail 14, 26, 26a agus 27 RFC

Leasú cláir a bhaineann le

ranníocaíocht le InvestEU

aistriú chuig ionstraimí atá faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach

aistriú idir CFRE, CSF+, an Ciste Comhtháthaithe nó chuig Ciste nó Cistí eile

Cistí lena rannchuidítear leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3) de Rialachán (AE) 2021/241 (*2)

(*1)  Infheidhme maidir le leasuithe cláir i gcomhréir le hAirteagail 14, 26 agus 26a agus maidir leosan amháin, cé is moite d’aistrithe comhlántacha chuig CUAC (an Ciste um Aistriú Cóir) i gcomhréir le hAirteagal 27 RFC. Ní dhéanfaidh aistrithe difear do mhiondealú bliantúil na leithreas airgeadais ar leibhéal CAI le haghaidh Ballstáit."

(b)

Cuirtear an tábla seo a leanas isteach i ndiaidh thábla 17B:

“Tábla 21: Acmhainní a rannchuidíonn leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3) de Rialachán (AE) 2021/241

Ciste

Catagóir réigiúin

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán

CFRE

Níos forbartha

 

 

 

 

 

 

 

 

Trasdul

 

 

 

 

 

 

 

Beagfhorbartha

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

 

 

 

 

 

 

 

CSE+

Níos forbartha

 

 

 

 

 

 

 

 

Trasdul

 

 

 

 

 

 

 

Beagfhorbartha

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

 

 

 

 

 

 

 

Ciste Comhtháthaithe

N/B”

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

 

 

 

 

 

 

 


(*1)  Infheidhme maidir le leasuithe cláir i gcomhréir le hAirteagail 14, 26 agus 26a agus maidir leosan amháin, cé is moite d’aistrithe comhlántacha chuig CUAC (an Ciste um Aistriú Cóir) i gcomhréir le hAirteagal 27 RFC. Ní dhéanfaidh aistrithe difear do mhiondealú bliantúil na leithreas airgeadais ar leibhéal CAI le haghaidh Ballstáit.


Top