This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0167
Commission Delegated Regulation (EU) 2023/167 of 3 November 2022 amending Delegated Regulation (EU) 2020/256 establishing a multiannual rolling planning (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/167 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 lena mbunaítear pleanáil rollach ilbhliantúil (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/167 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 lena mbunaítear pleanáil rollach ilbhliantúil (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/7650
IO L 24, 26.1.2023, p. 3–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32020R0256 | Athchur | iarscríbhinn I cuid B | 31/12/2022 |
26.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 24/3 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/167 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Samhain 2022
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 lena mbunaítear pleanáil rollach ilbhliantúil
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 ón gCoimisiún (2), bunaíodh pleanáil rollach ilbhliantúil maidir leis an mbailiú sonraí faoi Rialachán (AE) 2019/1700 ó 2021 go dtí 2028. |
(2) |
Chun a áirithiú go mbeidh an phleanáil rollach ilbhliantúil éifeachtach agus comhsheasmhach le riachtanais na n-úsáideoirí, is gá í a oiriúnú tríd an ábhar ad hoc atá le cumhdach leis an modúl ad hoc le haghaidh 2025 den Suirbhé Eorpach ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (EU-SILC) a shonrú, ó tharla nach raibh eolas air tráth a glacadh Rialachán (AE) 2020/256. |
(3) |
Tá na hoiriúnuithe ar an bpleanáil rollach ilbhliantúil le teacht i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 24 mhí roimh thús gach tréimhse bailithe sonraí, mar a shonraítear sa phleanáil le haghaidh bailiú bliantúil nó fobhliantúil sonraí. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/256 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 31 Nollaig 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Samhain 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 261I, 14.10.2019, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí phleanáil rollach ilbhliantúil a bhunú (IO L 54, 26.2.2020, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/256, cuirtear an méid seo a leanas in ionad chuid B:
“Cuid B: Tréimhsí bailithe sonraí le haghaidh na bhfearann ag a bhfuil roinnt tréimhsiúlachtaí
Fearainn |
Grúpaí (acrainmneacha) |
Blianta bailithe sonraí |
|||||||
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
||
Lucht saothair |
In aghaidh na ráithe (LFQ) |
Gach ráithe |
Gach ráithe |
Gach ráithe |
Gach ráithe |
Gach ráithe |
Gach ráithe |
Gach ráithe |
Gach ráithe |
In aghaidh na bliana (LFY) |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
|
‘Cúiseanna le himirce’ agus ‘socruithe maidir le huaireanta oibre’ (LF2YA) |
X |
|
X |
|
X |
|
X |
|
|
‘Rannpháirtíocht san oideachas foirmiúil agus seachfhoirmiúil agus san oiliúint fhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil (12 mhí)’, ‘míchumas agus gnéithe eile den Mhodúl Eorpach Íosta maidir le Sláinte’ agus ‘gnéithe den Mhodúl Eorpach Íosta maidir le Sláinte’ (LF2YB) |
|
X |
|
X |
|
X |
|
X |
|
An staid ina bhfuil imircigh agus a neasghaolta ar mhargadh an tsaothair (LF8YA) |
X |
|
|
|
|
|
|
|
|
Pinsin agus rannpháirtíocht sa mhargadh saothair (LF8YB) |
|
|
X |
|
|
|
|
|
|
‘Daoine óga sa mhargadh saothair’ agus ‘gnóthachtáil oideachais – sonraí, lena n-áirítear oideachas a stopadh nó a tréigeadh’ (LF8YC) |
|
|
|
X |
|
|
|
|
|
Saol na hoibre agus saol an teaghlaigh a thabhairt chun réitigh (LF8YD) |
|
|
|
|
X |
|
|
|
|
Eagrú na hoibre agus socruithe maidir le ham oibre (LF8YE) |
|
|
|
|
|
|
X |
|
|
Tionóiscí ag an obair agus fadhbanna sláinte a bhaineann leis an obair (LF8YF) |
|
|
|
|
|
|
|
X |
|
Ábhar ad hoc maidir le scileanna gairmiúla |
|
X |
|
|
|
|
|
|
|
Ábhar ad hoc (le sainiú ag tráth níos déanaí) |
|
|
|
|
|
X |
|
|
|
Ioncam agus Dálaí Maireachtála |
In aghaidh na bliana (ILCY) |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
Leanaí (ILC3YA) |
X |
|
|
X |
|
|
X |
|
|
Sláinte (ILC3YB) |
|
X |
|
|
X |
|
|
X |
|
An Margadh Saothair agus Tithíocht (ILC3YC) |
|
|
X |
|
|
X |
|
|
|
Mianach saoil (ILC6YA) |
|
X |
|
|
|
|
|
X |
|
Tarchur míbhuntáistí ó ghlúin go glúin & Deacrachtaí tithíochta (ILC6YB) |
|
|
X |
|
|
|
|
|
|
Rochtain ar sheirbhísí (ILC6YC) |
|
|
|
X |
|
|
|
|
|
Rófhéichiúnas, tomhaltas agus saibhreas (ILC6YD) |
|
|
|
|
|
X |
|
|
|
Ábhar ad hoc maidir le Socruithe agus dálaí maireachtála leanaí laistigh de theaghlaigh scartha nó chumaisc |
X |
|
|
|
|
|
|
|
|
Ábhar ad hoc maidir le hÉifeachtúlacht fuinnimh an teaghlaigh |
|
|
X |
|
|
|
|
|
|
Ábhar ad hoc maidir le Fuinneamh agus an Comhshaol |
|
|
|
|
X |
|
|
|
|
Ábhar ad hoc (le sainiú ag tráth níos déanaí) |
|
|
|
|
|
|
X” |
|