Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1156

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1156 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2023 lena n-údaraítear modhanna grádúcháin chun conablaigh muc a aicmiú sa tSlóvaic agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/622/CE (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 3684) (Is é an téacs sa tSlóvaicis amháin atá barántúil)

    C/2023/3684

    IO L 152, 13.6.2023, p. 17–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1156/oj

    13.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 152/17


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1156 ÓN gCOIMISIÚN

    an 9 Meitheamh 2023

    lena n-údaraítear modhanna grádúcháin chun conablaigh muc a aicmiú sa tSlóvaic agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/622/CE

    (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 3684)

    (Is é an téacs sa tSlóvaicis amháin atá barántúil)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20, an chéad mhír, pointe (p), de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, foráiltear go mbeidh feidhm ag scálaí an Aontais um chonablaigh muc a aicmiú i gcomhréir le pointe B d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. Maidir le conablaigh muc a aicmiú, foráiltear le Roinn B.IV, pointe 1, d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin go bhfuil measúnú le déanamh ar an gcion feola trua trí bhíthin modhanna grádúcháin arna n-údarú ag an gCoimisiún, nach n-údarófar ach modhanna measúnaithe atá cruthaithe de réir staidrimh bunaithe ar thomhas fisiceach cuid anatamaíoch amháin nó níos mó den chonablach muice agus go bhfuil modhanna grádúcháin faoi réir uaslamháltais le haghaidh earráide staidrimh le linn measúnaithe a chomhlíonadh. Sainítear an lamháltas sin i gCuid A, pointe 1, mír 2, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182 ón gCoimisiún (2).

    (2)

    Le Cinneadh 2009/622/CE (3) ón gCoimisiún, údaraíodh trí mhodh chun conablaigh muc a ghrádú sa tSlóvaic.

    (3)

    Níor cheart modhnuithe ar na modhanna grádúcháin ná ar na gairis lena mbaineann a údarú, ach amháin má údaraítear sin go sainráite le cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún.

    (4)

    D’iarr an tSlóvaic ar an gCoimisiún freisin an dá mhodh nua seo a leanas a údarú: ‘Fat-O-Meater II (FOM II)’. Chun na críche sin, chuir an tSlóvaic tuairisc mhionsonraithe i láthair ar an triail dhiosctha, lena léirítear na prionsabail ar a bhfuil an modh nua sin bunaithe, torthaí na trialach diosctha agus an chothromóid a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an gcéatadán feola trua sa phrótacal dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182.

    (5)

    D’iarr an tSlóvaic ar an gCoimisiún freisin foirmle nuashonraithe a údarú le haghaidh an mhodh ‘Two-Point (Zwei Punkte — ZP)’ a údaraíodh cheana le Cinneadh 2009/622/CE chun conablaigh muc a ghrádú ar a críoch.

    (6)

    Trí na hiarrataí sin a scrúdú, fuarthas amach go gcomhlíontar na coinníollacha agus na híoscheanglais maidir leis an modh nua grádúcháin a údarú agus cothromóid an mhodha ‘Two-Point (Zwei Punkte — ZP)’ a nuashonrú mar a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182. Dá bhrí sin, ba cheart an modh sin agus an fhoirmle nua a údarú sa tSlóvaic.

    (7)

    Ar chúiseanna soiléireachta agus deimhneachta dlíthiúla, ba cheart Cinneadh 2009/622/CE a aisghairm.

    (8)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Údaraítear úsáid na modhanna grádúcháin seo a leanas chun cion cion feola trua conablach muc a mheas de bhun Roinn B.IV, pointe 1, d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 sa tSlóvaic:

    (a)

    an gaireas ar a dtugtar ‘Two-point method (Zwei-punkte, ZP)’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoi i gCuid I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

    (b)

    an gaireas ar a dtugtar ‘Fat-O-Meater (FOM)’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach na sonraí faoi i gCuid II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

    (c)

    an gaireas ar a dtugtar ‘Fat-O-Meater II (FOM II)’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach na sonraí faoi i gCuid III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

    (d)

    an gaireas ar a dtugtar ‘UltraFOM 300 (UFOM)’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoi i gCuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Údarófar modhnuithe ar na modhanna údaraithe grádúcháin nó ar ghairis lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1 le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún.

    Airteagal 3

    Aisghairtear Cinneadh 2009/622/CE.

    Airteagal 4

    Is chuig Poblacht na Slóvaice a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meitheamh 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scálaí an Aontais um chonablaigh mart, muc nó caorach a aicmiú agus maidir le praghsanna margaidh aicmithe áirithe conablach agus ainmhithe beo a aicmiú (IO L 171, 4.7.2017, lch. 74).

    (3)  Cinneadh 2009/622/CE ón gCoimisiún an 20 Lúnasa 2009 lena n-údaraítear modhanna chun conablaigh muc a ghrádú sa tSlóvaic (IO L 224, 27.8.2009, lch. 11).


    IARSCRÍBHINN

    MODHANNA GRÁDÚCHÁIN CHUN CONABLAIGH MUC A AICMIÚ SA tSLÓVAIC

    CUID I

    Two-Point (Zwei Punkte — ZP)

    1.

    Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ‘Two-point method (Zwei-punkte, ZP)’ trí thomhas a dhéanamh le rialóir.

    2.

    Féadfar an modh seo a chur chun feidhme trí rialóir a úsáid agus bunaítear an grádúchán ar bhonn na cothromóide fáistine. Tá sé bunaithe ar thiús an mhatáin agus ar thiús na saille a thomhas de láimh ar mheánlíne scoilte an chonablaigh.

    3.

    Ríomhfar cion feola trua na gconablach de réir na foirmle seo a leanas:

    Y = 60,45 – 0,4 × F + 0,075 × M

    i gcás ina bhfuil an chiall seo a leanas leis na téarmaí seo a leanas:

    Y

    =

    an céatadán feola trua sa chonablach;

    F

    =

    tiús saille (lena n-áirítear an craiceann) i milliméadair, arna thomhas ar mheánlíne scoilte an chonablaigh ag an suíomh is déine os cionn na musculus gluteus medius;

    M

    =

    tiús an mhatáin i milliméadair, arna thomhas ar mheánlíne scoilte an chonablaigh ag an nasc is giorra idir ceann tosaigh (cráiniach) an musculus gluteus medius agus imeall uachtarach (droim) chanáil an dromlaigh.

    Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 60 agus 120 kg iontu.

    CUID II

    Fat-O-Meater (FOM)

    1.

    Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘Fat-O-Meater (FOM)’.

    2.

    Beidh an gaireas feistithe le tóireadóir de thrastomhas 6 mhilliméadar ina mbeidh fótaidhé-óid den chineál Siemens SFH 950 agus fóta-bhrathadóir (cineál SFH 960), a bhfuil fad oibríochta idir 3 agus 103 milliméadar aige. Tiontaíonn ríomhaire torthaí na dtomhas sin ina meastacháin ar an bhfeoil trua.

    3.

    Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh de réir na bhfoirmlí seo a leanas:

    Y = 61,213 + 0,152 × M – 0,624 × F

    i gcás ina bhfuil an chiall seo a leanas leis na téarmaí seo a leanas:

    Y

    =

    meastachán ar an gcion feola trua sa chonablach;

    M

    =

    tiús an mhatáin i milliméadair arna thomhas idir an dara agus an tríú heasna dheireanach;

    F

    =

    tiús na saille (lena n-áirítear an craiceann) i milliméadair arna thomhas idir an dara agus an tríú heasna dheireanach;

    Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 60 agus 120 cileagram iontu.

    CUID III

    Fat-O-Meater II (FOM II)

    1.

    Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘Fat-O-Meater II (FOM II)’.

    2.

    Is éard atá sa ghaireas trealamh de chineál ‘Fat-O-Meater’ agus beidh tóireadóir 6 mm ar trastomhas ann ina bhfuil fóta-bhrathadóir (Siemens de chineál SFH 960 — BP 103 nó a leithéid) agus ag a bhfuil doimhneacht oibriúcháin suas go dtí 125 mm agus nasc le stóras fadtéarmach na sonraí arna mbailiú. Tá an t-ionchur agus an anailís uile atá ábhartha ó thaobh dlí de laistigh den phiostal FOM II.

    3.

    Ríomhfar cion feola trua na gconablach de réir na foirmle seo a leanas:

    Y = 63,21 – 0,643 × F + 0,089 × M

    i gcás ina bhfuil an chiall seo a leanas leis na téarmaí seo a leanas:

    Y

    =

    an céatadán feola trua sa chonablach;

    M

    =

    tiús an mhatáin i milliméadair, arna thomhas idir an dara agus an tríú heasna dheireanach; 70 mm ón meánlíne scoilte

    F

    =

    tiús na saille i milliméadair, arna thomhas idir an dara agus an tríú heasna dheireanach; 70 mm ón meánlíne scoilte

    Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 60 agus 120 kg iontu.

    CUID IV

    UltraFOM 300 (UFOM)

    1.

    Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘UltraFOM 300 (UFOM)’.

    2.

    Beidh an gaireas feistithe le tóireadóir ultrasonach ag 4 MHz (Krautkrämer MB 4 SE). Déanann micreaphróiseálaí (cineál Intel 80 C 32) an comhartha ultrasonach a dhigitiú, a stóráil agus a phróiseáil. Tiontóidh an gaireas Ultraform féin torthaí na dtomhas sin ina meastacháin ar an gcion feola trua.

    3.

    Ríomhfar cion feola trua na gconablach de réir na foirmle seo a leanas:

    Y = 64,436 + 0,073 × M – 0,742 × F

    i gcás ina bhfuil an chiall seo a leanas leis na téarmaí seo a leanas:

    Y

    =

    meastachán ar an gcion feola trua sa chonablach;

    M

    =

    tiús an mhatáin i milliméadair arna thomhas idir an dara agus an tríú heasna dheireanach;

    F

    =

    tiús na saille (lena n-áirítear an craiceann) i milliméadair arna thomhas idir an dara agus an tríú heasna dheireanach;

    Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 60 agus 120 cileagram iontu.


    Top