Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0614

    Cinneadh (CBES) 2023/614 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála An 14 Márta 2023 maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh do mhisean comhpháirtíochta míleata an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger) (EUMPM Niger/1/2023)

    ST/7198/2023/INIT

    IO L 80, 20.3.2023, p. 93–93 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 18/09/2023; Arna aisghairm le 32023D1789

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/614/oj

    20.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 80/93


    CINNEADH (CBES) 2023/614 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

    An 14 Márta 2023

    maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh do mhisean comhpháirtíochta míleata an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger) (EUMPM Niger/1/2023)

    TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

    Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/2444 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 maidir le misean comhpháirtíochta míleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger) (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 5(1) de Chinneadh (CBES) 2022/2444, d’údaraigh an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh a bhaineann le, inter alia, Ceannasaí Mhisean a cheapadh ar mhisean comhpháirtíochta míleata an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger) (“Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh”).

    (2)

    An 2 Feabhra 2023, mhol údaráis mhíleata na hIodáile go gceapfaí an Coirnéal Antonio D’AGOSTINO mar chéad Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ón 1 Márta 2023.

    (3)

    An 7 Feabhra 2023, thacaigh Ceannasaí Mhisean EUMPM Niger leis an ainmniúchán sin.

    (4)

    An 10 Feabhra 2023, chomhaontaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh a mholadh go gceapfadh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an Coirnéal Antonio D’AGOSTINO mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ón 1 Márta 2023.

    (5)

    Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir le Coirnéal Antonio D’AGOSTINO a cheapadh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, ceaptar an Coirnéal Antonio D’AGOSTINO mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar mhisean comhpháirtíochta míleata an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger) ón 1 Márta 2023.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2023.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Márta 2023.

    Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

    D. PRONK

    An Cathaoirleach


    (1)   IO L 319, 13.12.2022, lch.86.


    Top