This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0338
Council Decision (CFSP) 2023/338 of 14 February 2023 amending certain Council decisions and common positions concerning restrictive measures in order to insert provisions on a humanitarian exemption
Cinneadh (CBES) 2023/338 ón gComhairle an 14 Feabhra 2023 lena leasaítear cinntí agus comhsheasaimh áirithe ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha chun forálacha maidir le díolúine dhaonnúil a chur isteach

ST/5294/2023/INIT
IO L 47, 15.2.2023, p. 50–54
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32003E0495 | Cur le | airteagal 2b | 16/02/2023 | |
Modifies | 32003E0495 | Athchur | airteagal 2 | 16/02/2023 | |
Modifies | 32005E0888 | Cur le | airteagal 2 mír 5 | 16/02/2023 | |
Modifies | 32010D0231 | Athchur | airteagal 6 mír 6 | 16/02/2023 | |
Modifies | 32013D0798 | Cur le | airteagal 2b mír 7 | 16/02/2023 | |
Modifies | 32014D0932 | Cur le | airteagal 2b mír 7 | 16/02/2023 | |
Modifies | 32014D0932 | Athchur | airteagal 6a | 16/02/2023 | |
Modifies | 32022D2319 | Athchur | airteagal 3 mír 7 | 16/02/2023 |
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Corrected by | 32023D0338R(01) | (IT) | |||
Corrected by | 32023D0338R(02) | (FR) |
15.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 47/50 |
CINNEADH (CBES) 2023/338 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Feabhra 2023
lena leasaítear cinntí agus comhsheasaimh áirithe ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha chun forálacha maidir le díolúine dhaonnúil a chur isteach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 9 Nollaig 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“CSNA”) Rún 2664 (2022), á mheabhrú di na rúin a ghlac sí roimhe seo lena bhforchuirtear bearta smachtbhannaí mar fhreagairt ar bhagairtí ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta, agus á chur i dtábhacht aici maidir leis na bearta a rinne Ballstáit na Náisiún Aontaithe chun smachtbhannaí a chur chun feidhme, go gcomhlíonann na bearta sin oibleagáidí na mBallstát sin faoin dlí idirnáisiúnta agus nach bhfuil na bearta sin ceaptha iarmhairtí díobhálacha daonnúla a bheith acu do phobail shibhialtacha, do ghníomhaíochtaí daonnúla ná dóibh siúd a dhéanann gníomhaíochtaí daonnúla. |
(2) |
Agus é á chur in iúl aici go bhfuil sí ullamh a córais smachtbhannaí a athbhreithniú, a choigeartú agus a fhoirceannadh, i gcás is iomchuí, agus aird á tabhairt ar staideanna síorathraitheach ar an láthair agus ar an ngá atá le héifeachtaí daonnúla neamhbheartaithe a íoslaghdú, cinneann CSNA i mír 1 de Rún 2664 (2022) go bhfuil sé ceadaithe cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc nó earraí agus seirbhísí riachtanacha a sholáthar chun seachadadh tráthúil cúnaimh dhaonnúil a áirithiú nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine agus nach sáraítear leis sin na reonna sócmhainní a fhorchuir CSNA nó a coistí smachtbhannaí. Chun críocha an Chinnidh seo, tugtar “an díolúine dhaonnúil” ar mhír 1 de Rún 2664 (2022). Tá an díolúine dhaonnúil infheidhme maidir le gníomhaithe áirithe mar a leagtar amach sa Rún sin. |
(3) |
Cuirtear i dtábhacht i Rún 2664 (2022), i gcás ina bhfuil an díolúine dhaonnúil ag teacht salach ar rúin roimhe sin, go ndéanfaidh an díolúine dhaonnúil na rúin a bhí ann roimhe sin a fhorshuíomh a mhéid a bhaineann leis an gcoinbhleacht sin. Mar sin féin, soiléirítear le Rún 2664 (2022) go bhfuil mír 1 de Rún 2615 (2021) ó CSNA fós i bhfeidhm. |
(4) |
Iarrtar le Rún 2664 (2022) go ndéanfaidh soláthraithe atá ag brath ar an díolúine dhaonnúil iarrachtaí réasúnacha chun fabhrú aon sochair a thoirmisctear le smachtbhannaí a íoslaghdú, bíodh sé sin mar thoradh ar sholáthar díreach nó indíreach nó atreorú, chuig daoine nó eintitis ainmnithe, lena n-áirítear trí straitéisí agus próisis bainistithe riosca agus díchill chuí a neartú. |
(5) |
Ní mór leasú a dhéanamh ar Chinntí 2010/231/CFSP (1), 2013/798/CBES (2), 2014/932/CFSP (3), (CBES) 2022/2319 ón gComhairle (4), agus Comhsheasaimh 2003/495/CBES (5) agus 2005/888/CBES ón gComhairle (6). |
(6) |
Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe den Chinneadh seo a chur chun feidhme, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6 d'Airteagal 6 de Chinneadh 2010/231/CBES:
“6. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
(a) |
na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n eagraíochtaí gaolmhara; |
(b) |
eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(c) |
Eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin; |
(d) |
eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla; |
(e) |
fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó |
(f) |
gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí.”. |
Airteagal 2
In Airteagal 2b de Chinneadh 2013/798/CBES, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
(a) |
na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara; |
(b) |
eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(c) |
eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin; |
(d) |
eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla; |
(e) |
fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó |
(f) |
gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste.”. |
Airteagal 3
Leasaítear Cinneadh 2014/932/CBES mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2b, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6a: “Airteagal 6a Gan dochar d’Airteagal 2b(7), de mhaolú ar na bearta a fhorchuirtear le Rún 2140 (2014) ó CSNA agus le Rún 2216 (2015) ó CSNA, ar choinníoll gur chinn an Coiste Smachtbhannaí ar bhonn cás ar chás go bhfuil gá le díolúine chun obair na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí daonnúla eile in Éimin a éascú nó chun aon chríche eile atá i gcomhréir le cuspóirí na Rún sin, tabharfaidh údarás inniúil Ballstáit an t-údarú is gá.”. |
Airteagal 4
In Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2022/2319, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
“7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
(a) |
na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara; |
(b) |
eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(c) |
eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin; |
(d) |
eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla; |
(e) |
fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó |
(f) |
gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí.” |
Airteagal 5
Leasaítear Comhsheasamh 2003/495/CBES mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: “Airteagal 2 Gach ciste nó sócmhainn airgeadais nó acmhainn eacnamaíoch eile:
|
(2) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 2b Ní bheidh feidhm ag Airteagail 2 agus 2a maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
Airteagal 6
In Airteagal 2 de Chomhsheasamh 2005/888/CBES, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“5. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
(a) |
na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara; |
(b) |
eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(c) |
eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin; |
(d) |
eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla; |
(e) |
fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó |
(f) |
gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste.”. |
Airteagal 7
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Feabhra 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. SVANTESSON
(1) Cinneadh 2010/231/CBES an 26 Aibreán 2010 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2009/138/CBES (IO L 105, 27.4.2010, lch. 17).
(2) Cinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (IO L 352, 24.12.2013, lch. 51).
(3) Cinneadh 2014/932/CBES ón gComhairle an 18 Nollaig 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide in Éimin (IO L 365, 19.12.2014, lch. 147).
(4) Cinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (IO L 307, 28.11.2022, lch. 135).
(5) Comhsheasamh 2003/495/CFSP an 7 Iúil, 2003 ón gComhairle maidir leis an Iaráic agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 96/741/CFSP mar aon le nóta faisnéise míniúcháin. (IO L 169 , 8.7.2003 lch. 72).
(6) Comhsheasamh 2005/888/CFSP an 12 Nollaig, 2005 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha sonracha i gcoinne daoine áirithe a bhfuil amhras fúthu go raibh baint acu le feallmharú an iarPhríomh-Aire Liobánaigh Rafiq Hariri mar aon le nóta faisnéise míniúcháin (IO L 327, 14.12.2005, lch. 26).