Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2466

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2466 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2022 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [“Nuez de Pedroso” (STFC)]

    C/2022/9435

    IO L 322, 16.12.2022, p. 85–85 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2466/oj

    16.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 322/85


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2466 ÓN gCOIMISIÚN

    an 9 Nollaig 2022

    lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [“Nuez de Pedroso” (STFC)]

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Spáinn ar chlárú an ainm “Nuez de Pedroso” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

    (2)

    Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Nuez de Pedroso” a chlárú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Tá an t-ainm “Nuez de Pedroso” (STFC) cláraithe anois.

    Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte, faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Nollaig 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

    (2)  IO C 321, 25.8.2022, lch. 11.

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


    Top