Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2465

    Rialachán (AE) 2022/2465 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim

    ST/15095/2022/INIT

    IO L 322, 16.12.2022, p. 81–84 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 17/06/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2465/oj

    16.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 322/81


    RIALACHÁN (AE) 2022/2465 ÓN gCOMHAIRLE

    an 12 Nollaig 2022

    lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá margadh an Aontais Eorpaigh le haghaidh ionchuir áirithe leasacháin nítrigine ag brath go mór ar allmhairí ó thríú tíortha. In 2021, d’allmhairigh an tAontas 2,9 milliún tona amóinia agus 4,7 milliún tona úiré chun leasacháin nítrigine a tháirgeadh. Tháinig méadú suntasach ar phraghsanna na dtáirgí sin in 2021 agus tá méadú breise tagtha orthu le linn na bliana reatha.

    (2)

    Faoi láthair, déantar cuid shuntasach de na hionchuir sin le haghaidh leasacháin nítrigine a allmhairiú isteach san Aontas ó thríú tíortha a bhaineann tairbhe as rochtain fhabhrach ar mhargadh an Aontais, agus dá bhrí sin tá na hallmhairí saor ó dhleacht. D’ainneoin sin, allmhairíonn an tAontas méid mór ionchur le haghaidh leasacháin nítrigine de thionscnamh tíortha atá faoi réir na Comhtharaife Custaim a leagtar amach in Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), agus tá rátaí taraife idir 5,5 % agus 6,5 % ann faoi láthair.

    (3)

    I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 maidir leis “An tSlándáil bia a choimiriciú agus athléimneacht na gcóras bia a neartú”, tugann an Coimisiún dá aire go raibh borradh suntasach faoi phraghsanna i margaí tráchtearraí cheana féin roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin, rud a léiríodh i margaí talmhaíochta trí méaduithe ar chostais fuinnimh agus leasacháin, agus méadú ar phraghsanna earraí talmhaíochta. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil méadú breise tagtha ar phraghsanna i margaí talmhaíochta mar gheall ar an ionradh ar an Úcráin agus ar an ardú domhanda ar phraghsanna tráchtearraí, agus go bhfuil siad ag nochtadh leochaileachtaí chóras bia an Aontais, atá ag brath go páirteach ar allmhairiú leasachán. Leis sin méadaítear costais ar tháirgeoirí agus bíonn tionchar aige ar phraghas an bhia, rud a fhágann go bhfuil imní ann a mhéid a bhaineann le cumhacht cheannaigh tomhaltóirí, agus le hioncam fheirmeoirí san Aontas. Cuireann an Coimisiún i dtábhacht nach mór, sa ghearrthéarma, tús áite a thabhairt do chostas agus infhaighteacht leasachán mianraí, go dtí go n-aistreofar chuig cineálacha leasachán inbhuanaithe nó modhanna leasacháin inbhuanaithe. Le linn na tréimhse sin, ní mór don tionscal leasachán san Aontas a bheith in ann rochtain a fháil ar na hallmhairí riachtanacha, lena n-áirítear ionchuir chun leasacháin a tháirgeadh laistigh den Aontas é féin. Cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir freisin go ndéanfar faireachán ar phraghsanna leasacháin agus ar sholáthairtí d’fheirmeoirí chun a áirithiú nach gcuirfear na hionchais le haghaidh Fómhair an Aontais i mbaol.

    (4)

    I bhfianaise an mhéid sin, is iomchuí gníomhaíocht a dhéanamh chun na costais atá le híoc ag táirgeoirí leasacháin an Aontais agus na hionchuir is gá chun leasacháin nítrigine a tháirgeadh á n-allmhairiú acu, na costais sin a laghdú.

    (5)

    Ina theannta sin, tráth an ghanntanais leasachán nítrigine ar mhargaí idirnáisiúnta, is dídhreasacht do sholáthar mhargadh an Aontais é taraifí maidir le hionchuir idirmheánacha amhail amóinia agus úiré a allmhairiú isteach san Aontas, i gcomparáid le margaí domhanda eile nach bhfuil taraifí allmhairiúcháin acu. Cuireann an difreálach taraife bac freisin ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun allmhairí an Aontais a éagsúlú.

    (6)

    Is iomchuí, dá bhrí sin, dleachtanna na Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a chur ar fionraí go sealadach i gcás ionchuir áirithe leasachán nítrigine. Ba cheart feidhm a bheith ag an mbeart sealadach seo go ceann tréimhse 6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ionas go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an bhirt, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a dhéanamh agus í a chur faoi bhráid na Comhairle.

    (7)

    Ag an am céanna, i gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, áiritheoidh an tAontas comhsheasmhacht idir réimsí éagsúla a ghníomhaíochta seachtraí agus idir a ghníomhaíocht sheachtrach agus beartais eile an Aontais chomh maith.

    (8)

    Tá forbairt an-diúltach tagtha ar an gcaidreamh idir an tAontas agus Cónaidhm na Rúise le blianta beaga anuas, agus tá meath ar leith tagtha air le míonna beaga anuas ó thaobh neamhaird Chónaidhm na Rúise ar an dlí idirnáisiúnta agus go háirithe a cogadh foghach gan chúis gan údar i gcoinne na hÚcráine.

    (9)

    Ó bhí mí Iúil 2014 ann, tá bearta sriantacha á bhforchur de réir a chéile ag an Aontas ar Chónaidhm na Rúise. Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil an fogha míleata gan chúis gan údar a thugann Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin ag sárú an dlí idirnáisiúnta agus phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus go bhfuil an t-ionsaí sin ag baint an bhoinn de shlándáil agus cobhsaíocht na hEorpa agus an domhain.

    (10)

    Le déanaí, an 3 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle an séú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne Chónaidhm na Rúise mar gheall ar an gcogadh foghach leanúnach i gcoinne na hÚcráine agus na hainghníomhartha tuairiscithe a rinne fórsaí armtha na Rúise san Úcráin.

    (11)

    Thairis sin, cé gur comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála í Cónaidhm na Rúise, scaoiltear an tAontas, de bhua na n-eisceachtaí a bhfuil feidhm acu faoin gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus go háirithe Airteagal XXI de GATT 1994, ón oibleagáid na buntáistí a dheonaítear do tháirgí comhchosúla a allmhairítear ó thíortha eile (cóir an náisiúin barrfhabhair) a thabhairt do tháirgí a allmhairítear ó Chónaidhm na Rúise.

    (12)

    Dá bhrí sin, ní bheadh sé iomchuí allmhairí ó Chónaidhm na Rúise a bheith saor ó dhleacht agus cóir an náisiúin bharrfhabhair a thabhairt dóibh maidir leis na táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

    (13)

    Tá meath tagtha freisin ar an staid idir an tAontas agus an Bhealarúis le blianta beaga anuas, mar gheall ar neamhaird an réimis ar an dlí idirnáisiúnta, ar chearta bunúsacha agus ar chearta an duine. Ina theannta sin, thacaigh an Bhealarúis le cogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine ón tús, inter alia trí chead a thabhairt do Chónaidhm na Rúise diúracáin bhalaistíocha a scaoileadh ó chríoch na Bealarúise, trí iompar pearsanra míleata agus airm throma, tancanna agus iompróirí míleata de chuid na Rúise a chumasú, trí chead a thabhairt d’aerárthaí míleata na Rúise eitilt thar aerspás na Bealarúise go dtí an Úcráin, trí pointí athbhreoslaithe a chur ar fáil, agus trí airm Rúiseach agus trealamh míleata Rúiseach a stóráil sa Bhealarúis.

    (14)

    Ó mhí Dheireadh Fómhair 2020, tá bearta sriantacha á bhforchur de réir a chéile ag an Aontas ar an mBealarúis. An 2 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle an cúigiú pacáiste smachtbhannaí ag féachaint do sháruithe leanúnacha ar chearta an duine agus ar ionstraimiú imirceach. Glacadh pacáistí breise smachtbhannaí an 24 Feabhra, an 2 Márta, an 9 Márta agus an 3 Meitheamh 2022, i bhfianaise rannpháirtíocht na Bealarúise i gcogadh foghach gan chúis gan údar Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Ina theannta sin, níl an Bhealarúis ina comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Dá bhrí sin, níl sé d’oibleagáid ar an Aontas, de bhua an Chomhaontaithe lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, cóir an náisiúin barrfhabhair a thabhairt do tháirgí ón mBealarúis. Ina theannta sin, le comhaontuithe trádála ceadaítear gníomhaíochtaí a bhfuil bonn cirt leo ar bhonn clásail eisceachta is infheidhme, go háirithe eisceachtaí slándála.

    (15)

    I bhfianaise an mhéid sin, is iomchuí Cónaidhm na Rúise agus an Bhealarúis a eisiamh ó raon feidhme na bhfionraíochtaí taraife uathrialaitheacha a leagtar amach sa Rialachán seo, agus na Rialacha Ginearálta maidir le dleachtanna Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, go háirithe Cuid I, Roinn I, cuid B, mír 1, de, á gcur i bhfeidhm.

    (16)

    Dá réir sin, níor cheart allmhairí ionchur le haghaidh leasacháin nítrigine de thionscnamh Chónaidhm na Rúise agus na Bealarúise a bheith faoi réir na fionraí dleachta. Ina ionad sin, ba cheart go leanfadh allmhairí na dtáirgí lena mbaineann an Rialachán seo ó Chónaidhm na Rúise agus ón mBealarúis de bheith faoi réir na dleachta allmhairiúcháin a raibh siad faoina réir roimhe seo.

    (17)

    I bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh thobainn atá tagtha ar phraghsanna na n-ionchur le haghaidh táirgeadh leasachán nítrigine, atá níos measa fós mar gheall ar an staid éigeandála a spreag cogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine i margadh na leasachán, ba cheart don rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (18)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 mar a leanas:

    (1)

    I gCuid a Dó, Roinn VI, Caibidil 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs le haghaidh chód AC 2814 10 00 i gcolún 3 (“Ráta caighdeánach dleachta (%)”):

    “5,5 (*1)

    (*1)  Dleacht chustaim curtha ar fionraí go huathrialach go ceann tréimhse 6 mhí dar tús an 16 Nollaig 2022, cé is moite den Rúis agus den Bhealarúis a bhfuil feidhm ag ráta 5,5 % ina leith, de bhun Rialachán (AE) 2022/2465 ón gComhairle.”;"

    (2)

    I gCuid a Dó, Roinn I, Caibidil 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs le haghaidh chóid AC 3102 10 10 agus 3102 10 90 i gcolún 3 (“Ráta caighdeánach dleachta (%)”):

    “6,5 (*2)

    (*2)  Dleacht chustaim curtha ar fionraí go huathrialach go ceann tréimhse 6 mhí dar tús an 16 Nollaig 2022, cé is moite den Rúis agus den Bhealarúis a bhfuil feidhm ag ráta 6,5 % ina leith, de bhun Rialachán (AE) 2022/2465 ón gComhairle.”."

    Airteagal 2

    Faoin 17 Bealtaine 2023, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar meastóireacht ar iarmhairtí an fhionraí dleachta a leagtar amach sa Rialachán seo agus cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle í. Bunaithe ar an tuarascáil sin, tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach chun síneadh a chur leis an bhfionraí dleachta sin.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige an 17 Meitheamh 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


    Top