EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1990

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1990 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2022 lena gcealaítear formheas toiliolfluainíde mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/7359

IO L 273, 21.10.2022, p. 9–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1990/oj

21.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 273/9


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1990 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Deireadh Fómhair 2022

lena gcealaítear formheas toiliolfluainíde mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a úsáid agus a chur ar fáil ar an margadh (1), agus go háirithe Airteagal 15(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1087 ón gCoimisiún (2), formheasadh toiliolfluainíd mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7, leasaithigh sceo, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, faoi réir comhlíonadh coinníollacha áirithe (“an formheas”).

(2)

An 2 Márta 2020, d’iarr an Danmhairg ar an gCoimisiún athbhreithniú a thionscnamh ar an bhformheas de bhun Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ar bhonn tásca suntasacha go n-eascraíonn údair shuntasacha imní as úsáid na substainte gníomhaí i dtáirgí bithicídeacha nó in earraí cóireáilte maidir le sábháilteacht na dtáirgí bithicídeacha nó na n-earraí cóireáilte sin. Ar bhealach níos mionsonraithe, aimsíodh an mheitibilít toiliolfluainíd, démheitilsulfaimíd i líon mór soláthar uisce óil na Danmhairge, is féidir na héillithe sin a nascadh le húsáid péinteanna a cóireáladh le toiliolfluainíd. Sa chás ina ndéantar ózónú ar screamhuisce i gcóireáil uisce chun uisce óil a tháirgeadh, d’fhéadfadh démheitilsulfaimíd iompú ina níotrasóidimheitiolaimín, substaint atá géineatocsaineach, só-ghineach agus carcanaigineach. Dá bhrí sin, d’iarr an Danmhairg go ndéanfaí athbhreithniú ar mheastóireacht na measúnaithe riosca screamhuisce maidir le toiliolfluainíd do chineál táirge 7, d’fhonn úsáid toiliolfluainíde i bpéinteanna allamuigh a cóireáladh le toiliolfluainíd a shrianadh.

(3)

An 5 Iúil 2021, d’fhógair an Coimisiún don iarratasóir tosaigh ar fhormheas toiliolfluainíde go raibh sé beartaithe aige tús a chur le nós imeachta maidir le formheas na substainte gníomhaí sin do chineál táirge 7 i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus thug sé deis don iarratasóir tosaigh a bharúlacha a chur in iúl. Thairis sin, chuir an Coimisiún in iúl go poiblí ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Shláinte agus Sábháilteacht Bia go raibh sé i mbun an athbhreithnithe sin, i gcomhréir le Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(4)

An 7 Deireadh Fómhair 2021, thug an t-iarratasóir tosaigh ar fhormheas toiliolfluainíde le fios gur éirigh sé as táirgeadh na substainte gníomhaí agus as táirgí bithicídeacha ina bhfuil an tsubstaint gníomhach a chur ar an margadh, agus nach mbeidh sé ag iarraidh go n-athnuafar formheas na substainte. Is é an t-iarratasóir tosaigh ar fhormheas toiliolfluainíde an t-aon soláthróir substainte de réir bhrí Airteagal 95(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, a áirítear sa liosta dá dtagraítear san fhomhír sin, na substainte gníomhaí agus an chineáil táirge sin, a foilsíodh ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán. Thairis sin, níl aon táirge bithicídeach a bhfuil toiliolfluainíd do chineál táirge 7 ann údaraithe san Aontas.

(5)

Ós rud é nach bhfuil aon soláthróir eile na substainte ann, nach bhfuil aon táirge bithicídeach a bhfuil toiliolfluainíd do chineál táirge 7 ann údaraithe san Aontas agus nach mbeidh an t-iarratasóir tosaigh ag iarraidh go n-athnuafar formheas na substainte, ní dheachaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán de bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil, measann an Coimisiún go n-eascraíonn údair shuntasacha imní as úsáid toiliolfluainíde i dtáirgí bithicídeacha agus in earraí cóireáilte maidir le sábháilteacht na dtáirgí bithicídeacha agus na n-earraí cóireáilte sin. Ós rud é nach bhfuil aon soláthróirí eile na substainte ann, nach bhfuil aon táirge bithicídeach a bhfuil toiliolfluainíd do chineál táirge 7 ann údaraithe san Aontas agus nach mbeidh an t-iarratasóir tosaigh ag iarraidh go n-athnuafar formheas na substainte, measann an Coimisiún gurb iomchuí formheas toiliolfluainíde mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7 a chur ar ceal.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1087 a aisghairm.

(8)

Toisc go mbeidh roinnt ama ag teastáil ag oibreoirí eacnamaíocha chun iad féin a chur in oiriúint do chealú an fhormheasa, ba cheart a cheadú go leanfar le hearraí cóireáilte a cóireáladh le toiliolfluainíd nó a bhfuil toiliolfluainíd iontu do chineál táirge 7 a chur ar mhargadh an Aontais go ceann tamaill.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cealaítear formheas toiliolfluainíde mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7.

Airteagal 2

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1087 le héifeacht ón 10 Samhain 2022.

Airteagal 3

Ní chuirfear earraí cóireáilte a cóireáladh le toiliolfluainíd nó a bhfuil toiliolfluainíd iontu do chineál táirge 7 ar mhargadh an Aontais ón 10 Bealtaine 2023.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1087 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2016 lena bhformheastar toiliolfluainíd mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7 (IO L 180, 6.7.2016, lch. 18).


Top