This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1935
Council Implementing Regulation (EU) 2022/1935 of 13 October 2022 implementing Regulation (EU) 2019/1716 concerning restrictive measures in view of the situation in Nicaragua
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1935 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1716 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1935 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1716 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua
ST/12469/2022/INIT
IO L 268, 14.10.2022, p. 5–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32019R1716 | Athchur | iarscríbhinn I tábla A pointe 19 | 15/10/2022 | |
Modifies | 32019R1716 | Athchur | iarscríbhinn I tábla A pointe 3 | 15/10/2022 |
14.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 268/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1935 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Deireadh Fómhair 2022
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1716 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua (1) agus go háirithe Airteagal 13(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 14 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/1716 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua. |
(2) |
Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart an ráiteas ar chúiseanna maidir le beirt daoine nádúrtha a thabhairt cothrom le dáta. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. BLAŽEK
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716, faoin teideal “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 2”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 3 agus 19:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“3. |
Francisco Javier DÍAZ MADRIZ |
Dáta breithe: 3/8/1961 Inscne: fireann |
Ard-Stiúrthóir Nicaraguan National Police (NNP) ón 23 Lúnasa 2018 agus iar-Leas-Ard-Stiúrthóir NNP. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach i Nicearagua a chur faoi chois, lena n-áirítear bheith i gceannas ar fhórsaí póilíneachta a bhfuil baint acu le foréigean i gcoinne sibhialtach, lena n-áirítear úsáid iomarcach an fhornirt, gabháil agus coinneáil threallach agus céastóireacht. In 2021, rinne sé na himscrúduithe chun cásanna a bhunú i gcoinne cheannairí an fhreasúra a gabhadh roimh na toghcháin. |
4.5.2020 |
19. |
Lumberto Ignacio CAMPBELL HOOKER |
Comhalta den Supreme Electoral Council, Uachtarán gníomhach ar an Supreme Electoral Council in 2018 Dáta breithe: 3.12.1949 Áit bhreithe: Raas, Nicaragua Inscne: fireann Náisiúntacht: Nicearaguach Pasuimhir: A00001109 (Nicaragua) Uimhir aitheantais: 6010302490003J |
Tá Lumberto Ignacio Campbell Hooker ina chomhalta den Supreme Electoral Council (SEC) ó 2014, ar comhlacht é atá freagrach as ullmhúchán, reáchtáil agus deimhniú olltoghcháin an 7 Samhain 2021 a bhain an bonn ó institiúidí daonlathacha agus ó phróisis dhaonlathacha de bharr easpa trédhearcachta chomh maith le fíor-fhreasúra agus díospóireacht dhaonlathach a bheith in easnamh. Thóg SEC an deis ón bhfreasúra seasamh i saorthoghcháin agus d’áirithigh sé eagrú na vótála i ndálaí neamhdhaonlathacha. Rinne an Comhthionól Ginearálta a shainordú mar chomhalta de SEC a athnuachan i mí na Bealtaine 2021. Labhair sé leis na meáin le linn na dtoghchán an 7 Samhain 2021, agus thug sé údar agus ardmholadh dá n-eagraíocht. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an bhfreasúra daonlathach a chur faoi chois agus as an mbonn a bhaint ón daonlathas agus ón smacht reachta i Nicearagua. |
10.1.2022”. |