This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0924
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/924 of 8 June 2022 entering a name in the register of protected designations of origin and protected geographical indications (‘Spreewälder Gurkensülze’ (PGI))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/924 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2022 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Spreewälder Gurkensülze” (TGFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/924 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2022 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Spreewälder Gurkensülze” (TGFC))
C/2022/4045
IO L 160, 15.6.2022, p. 29–29
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
15.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 160/29 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/924 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Meitheamh 2022
lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Spreewälder Gurkensülze” (TGFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Ungáir ar chlárú an ainm “Spreewälder Gurkensülze” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ós rud é nár tugadh aon fhógra faoi ráiteas freasúra don Choimisiún, ba cheart an t-ainm “Spreewälder Gurkensülze” a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an t-ainm “Spreewälder Gurkensülze” (TGFC) cláraithe anois.
Is táirge d’aicme 1.2 atá sainithe faoin ainm atá sa chéad mhír. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc). Faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 93, 28.2.2022, lch. 11.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).