Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0844

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/844 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2022 lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/3374

    IO L 148, 31.5.2022, p. 24–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/844/oj

    31.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 148/24


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/844 ÓN gCOIMISIÚN

    an 30 Bealtaine 2022

    lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 23(1) agus Airteagal 27(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Sa leagan Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún (2), tá earráid in Iarscríbhinn I (Cuid-FCL), Fochuid A, pointe FCL.010, toisc gur úsáideadh téarma mícheart i gcás ceann de na coincheapa a shainmhínítear sa phointe sin. Déanann an earráid sin difear do shubstaint na bhforálacha san áit ina n-úsáidtear an téarma ábhartha.

    (2)

    Sa leagan Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 tá mionearráid eile in Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 5, pointe 14 c ‘Céim 3 – Idirmheánach’, an chéad fhleasc, maidir leis an téarma mícheart a úsáidtear don sainmhíniú.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, an leagan Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

    (4)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá bhforáiltear in Airteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    (Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 311, 25.11.2011, lch. 1).


    Top