Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0708

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/708 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, aclóinífein, sulfáit amóiniam alúmanaim, foisfíd alúmanaim, sileacáit alúmanaim, beaflubútaimíd, beintiavalacarb, boscailid, cairbíd chailciam, captán, ciamocsainil, démheatomorf, dódamorf, eiteafón, eitiléin, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, aigéad gibriline, gibriliní, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, foisfíd maignéisiam, meatam, meatasaclór, meitríbhúisín, milbimeictin, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, olaí planda/ola ráibe, olaí planda/ola cartlainne garraí, própamacarb, prócuineaisíd, próitiaconasól, comhdhúile pireatraim, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, S-meitileaclór, fearamóin léipidipteire Slabhra Dhírigh, sulcaitrí-ón, teabúconasól agus úiré (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/2873

    IO L 133, 10.5.2022, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/708/oj

    10.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 133/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/708 ÓN gCOIMISIÚN

    an 5 Bealtaine 2022

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, aclóinífein, sulfáit amóiniam alúmanaim, foisfíd alúmanaim, sileacáit alúmanaim, beaflubútaimíd, beintiavalacarb, boscailid, cairbíd chailciam, captán, ciamocsainil, démheatomorf, dódamorf, eiteafón, eitiléin, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, aigéad gibriline, gibriliní, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, foisfíd maignéisiam, meatam, meatasaclór, meitríbhúisín, milbimeictin, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, olaí planda/ola ráibe, olaí planda/ola cartlainne garraí, própamacarb, prócuineaisíd, próitiaconasól, comhdhúile pireatraim, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, S-meitileaclór, fearamóin léipidipteire Slabhra Dhírigh, sulcaitrí-ón, teabúconasól agus úiré

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2) na substaintí gníomhacha a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn sin, na gníomhaíochta a formheasadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (2)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/745 ón gCoimisiún (3), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí fluraclóradón go dtí an 31 Bealtaine 2022. Leis an Rialachán sin, cuireadh síneadh freisin le tréimhse formheasa na substaintí gníomhaíochta beaflubútaimíd, beintiavalacarb, boscailid, captán, démheatomorf, eiteafón, fluocsastróibin, foilpéad, foirmeiteanáit, meatasaclór, meitríbhúisín, milbimeictin, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, próitiaconasól agus S-meitileaclór go dtí an 31 Iúil 2022, agus na substaintí gníomhacha sulfáit amóiniam alúmanaim, sileacáit alúmanaim, ciamocsainil, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, aigéad formailine, gibriliní, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, olaí planda/ola ráibe, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, fearamóin léipidipteire Slabhra Dhírigh, teabúconasól agus úiré go dtí an 31 Lúnasa 2022. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/195 ón gCoimisiún (4), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí aclóinífein go dtí an 31 Iúil 2022 agus na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, foisfíd alúmanaim, cairbíd chailciam, dódamorf, eitiléin, foisfíd mhaignéisiam, meataimíotrón, olaí plandaí/ola chlóibh, olaí planda/ola cartlainne garraí, comhdhúile pireatraim agus sulcaitrí-ón go dtí an 31 Lúnasa 2022. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2069 ón gCoimisiún (5), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí prócuineaisíd go dtí an 31 Iúil 2022.

    (3)

    Tá formheas na substainte gníomhaí meatam le dul in éag an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 359/2012 ón gCoimisiún (6).

    (4)

    Cuireadh isteach iarratais ar athnuachan fhormheas na substaintí gníomhacha sin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (7). Cé gur aisghaireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 (8), tá feidhm ag na forálacha a bhaineann le hathnuachan fhormheas na substaintí gníomhacha sin faoi mar a leagtar amach sa Rialachán go fóill i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740.

    (5)

    Ós rud é gur cuireadh moill ar mheasúnú na substaintí gníomhacha sin ar chúiseanna nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí orthu, is dócha go rachaidh na formheasanna atá ag na substaintí gníomhacha sin in éag sula mbeidh cinneadh déanta maidir lena n-athnuachan. Dá bhrí sin, is gá síneadh a chur lena dtréimhsí formheasa chun an t-am is gá chun an measúnú a chríochnú a chur ar fáil.

    (6)

    Thairis sin, is gá síneadh a chur leis an tréimhse formheasa i gcás na substaintí gníomhacha sulfáit amóiniam alúmanaim, ciamocsainil, démheatomorf, eiteafón, fluocsastróibin, foilpéad, foirmeiteanáit, aigéad gibriline, gibriliní, meitríbhúisín, milbimeictin, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, própamacarb, próitiaconasól agus S-meitileaclór, chun an t-am is gá a chur ar fáil chun measúnú a dhéanamh i ndáil leis na hairíonna suaite inchríneach a d’fhéadfadh a bheith ag na substaintí gníomhacha sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 13 agus 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012.

    (7)

    A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar nach ndéanfar formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan toisc nach gcomhlíontar na critéir formheasa, is é an dáta atá le socrú ag an gCoimisiún mar dháta éaga an dáta céanna sin a bhí ann roimh an Rialachán seo nó dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena bhforáiltear nach ndéanfar formheas na substainte gníomhaí a athnuachan, cibé dáta acu sin is déanaí. A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar le haghaidh athnuachan substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, féachfaidh an Coimisiún leis an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a shocrú, de réir mar is iomchuí sna himthosca.

    (8)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

    (9)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Bealtaine 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/745 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sulfáit amóiniam alúmanaim, sileacáit alúmanaim, beaflubútaimíd, beintiavalacarb, défheineasáit, boscailid, carbónáit chailciam, captan, dé-ocsaíd charbóin, ciamocsainil, démheatomorf, eiteafón, úsc as crann tae, famocsadón, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, flumocsaisín, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, aigéad gibriline, gibriliní, heipteamalocsalaglúcan, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, meatasaclór, meitríbhúisín, milbimeictin, tréithchineál 251 Paecilomyces lilacinus, feinmeideafam, foismeit, pirimeafos-meitil, olaí planda/ola ráibe, hidrigincharbónáit photaisiam, própamacarb, próitiaconasól, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, S-meitileaclór, fearamóin léipidipteire Slabhra Dhírigh, teabúconasól agus úiré (IO L 160, 7.5.2021, lch. 89).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/195 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa roinnt substaintí gníomhacha a liostaítear i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 (clár athnuachana AIR IV) (IO L 31, 4.2.2017, lch. 21).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2069 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha floiniocaimíd (IKI-220), meatalacsail, peanocsulam agus prócuineaisíd (IO L 295, 14.11.2017, lch. 51).

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 359/2012 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2012 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach meatam, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 114, 26.4.2012, lch. 1).

    (7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).

    (8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana le haghaidh substaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

    1.

    Leasaítear Cuid A mar a leanas:

    (1)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 88, Feinmeideafam, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (2)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 97, S-meitileaclór, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (3)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 110, Milbimeictin, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (4)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 142, Eiteafón, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (5)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 145, Captán, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (6)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 146, Foilpéad, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (7)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 147, Foirmeiteanáit, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (8)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 150, Démheatomorf, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (9)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 152, Meitríbhúisín, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (10)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 154, Própamacarb, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (11)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 156, Pirimeafos-meitil, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (12)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 158, Beaflubútaimíd, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (13)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 163, Beintiavalacarb, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (14)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 164, Boscailid, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (15)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 166, Fluocsastróibin, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (16)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 168, Próitiaconasól, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (17)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 215, Boscailid, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (18)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 217, Meatasaclór, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (19)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 218, Aigéad aicéiteach, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (20)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 219, Sulfáit amóiniam alúmanaim, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (21)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 220, Sileacáit alúmanaim, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (22)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 223, Carbónáit chailciam, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (23)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 227, Eitiléin, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (24)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 228, Úsc as crann tae, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (25)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 229, Iarmhair ó dhriogadh saill, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (26)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 230, Aigéid shailleacha C7 go C20, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (27)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 232, Aigéad gibriline, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (28)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 233, Gibriliní, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (29)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 234, Próitéiní hidrealaithe, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (30)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 235, Sulfáit iarainn, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (31)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 241, Olaí planda/ola chlóibh, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (32)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 242, Olaí planda/ola ráibe, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (33)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 243, Olaí planda/ola cartlainne garraí, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (34)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 246, Comhdhúile pireatraim, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (35)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 247, Gaineamh grianchloiche, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (36)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 248, Ola éisc, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (37)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 249, Éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (38)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 255, fearamóin léipidipteire Slabhra Dhírigh, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (39)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 257, Úiré, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (40)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 260, Foisfíd alúmanaim, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (41)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 262, Foisfíd mhaignéisiam, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (42)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 263, Ciamocsainil, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (43)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 264, Dódamorf, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (44)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 265, Eistear meitile 2,5-aigéad dhéchlóraibeansóch, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (45)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 266, Meataimíotrón, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (46)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 267, Sulcaitrí-ón, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (47)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 268, Teabúconasól, cuirtear “31 Lúnasa 2023” in ionad an dáta;

    (48)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 302, Prócuineaisíd, cuirtear “31 Iúil 2023” in ionad an dáta;

    (49)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 354, Fluraclóradón, cuirtear “31 Bealtaine 2023” in ionad an dáta.

    2.

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 22, Meatam, cuirtear “30 Meitheamh 2023” in ionad an dáta.


    Top