Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022O1378

    Treoirlíne (AE) 2022/1378 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH an 28 Iúil 2022 lena leasaítear Treoirlíne 2008/2008/5 maidir le bainistiú shócmhainní cúlchistí eachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag na bainc cheannais náisiúnta agus na doiciméid dlí le haghaidh oibríochtaí a bhaineann le sócmhainní den sórt sin (BCE/2022/28)

    ECB/2022/28

    IO L 206, 8.8.2022, p. 55–58 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 08/08/2022

    ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2022/1378/oj

    8.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 206/55


    TREOIRLÍNE (AE) 2022/1378 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

    an 28 Iúil 2022

    lena leasaítear Treoirlíne 2008/596/CE maidir le bainistiú shócmhainní cúlchistí eachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag na bainc cheannais náisiúnta agus na doiciméid dlí le haghaidh oibríochtaí a bhaineann le sócmhainní den sórt sin BCE/2008/5 (BCE/2022/28)

    TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe don tríú fleasc d’Airteagal 127(2) de,

    Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú fleasc d’Airteagal 3.1, Airteagal 12.1 agus Airteagal 30.6 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is le Treoirlíne 2008/596/CE ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2008/5) (1) a rialaítear bainistiú shócmhainní cúlchistí eachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) ag bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, chomh maith leis na doiciméid dlí le haghaidh oibríochtaí a bhaineann le sócmhainní den sórt sin. Mar thoradh ar an athbhreithniú rialta ar an Treoirlíne sin, tá gá le roinnt leasuithe uirthi.

    (2)

    Ar an gcéad dul síos, i gcás nach gcomhlíonfaidh contrapháirtithe na dlíthe is infheidhme maidir le sciúradh airgid agus/nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus/nó i gcás ina bhfuil baint acu le sciúradh airgid agus/nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, ba cheart é a bheith i gcumas BCE máistir-chomhaontuithe glanluachála a rinne sé le contrapháirtithe den sórt sin ón 1 Lúnasa 2022 amach nó a rinne BCE roimh an dáta sin agus a leasaíodh ina dhiaidh a fhoirceannadh. Léireofaí sa mhéid sin cleachtas reatha BCE maidir leis na máistir-chomhaontuithe eile a mbaineann BCE feidhm astu. Ar an dara dul síos, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar chontrapháirtithe in idirbhearta a bhaineann le sócmhainní cúlchistí eachtracha BCE cloí ar bhonn leanúnach le haon smachtbhannaí is infheidhme a fhorchuirtear ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus/nó ar leibhéal na Náisiún Aontaithe, nó a fhorchuireann aon údarás inniúil eile.

    (3)

    Ina theannta sin, is gá roinnt coigeartuithe eile de chineál oibríochtúil nó teicniúil a dhéanamh.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne 2008/596/CE a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe

    Leasaítear treoirlíne BCE/2008/5 mar a leanas:

    1.

    in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

    “ciallaíonn ‘dlínsí Eorpacha’ dlínsí na mBallstát uile a bhfuil an euro glactha acu i gcomhréir leis an gConradh, maille leis an Danmhairg, an tSualainn, an Eilvéis, agus Sasana agus an Bhreatain Bheag.”;

    2.

    in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Déanfar oibríochtaí athcheannaigh, athcheannaigh droim ar ais, ceannaigh/aisdíola agus díola/athcheannaigh a bhaineann le sócmhainní cúlchistí eachtracha BCE a dhoiciméadú trí úsáid a bhaint as na comhaontuithe caighdeánacha seo a leanas san eagrán nó sa leagan a léirítear, nó in aon eagrán nó leagan is déanaí a fhormheasfaidh BCE:

    (a)

    úsáidfear Máistir-Chomhaontú na Cónaidhme Baincéireachta Eorpaí le haghaidh Idirbhearta Airgeadais (Eagrán 2004) i gcás oibríochtaí ina bhfuil contrapháirtithe a eagraítear nó a chorpraítear faoi dhlíthe aon cheann de na dlínsí Eorpacha agus faoi dhlíthe Thuaisceart Éireann agus na hAlban;

    (b)

    úsáidfear Máistir-Chomhaontú Chomhlachas na Margaí Bannaí le haghaidh Athcheannaigh (leagan Mheán Fómhair 1996) i gcás oibríochtaí ina bhfuil contrapháirtithe a eagraítear nó a chorpraítear faoi dhlíthe cónaidhme nó faoi dhlíthe stáit de chuid Stát Aontaithe Mheiriceá;

    (c)

    úsáidfear Máistir-Chomhaontú Domhanda Chomhlachas Mhargadh na mBannaí/Chomhlachas Mhargadh Idirnáisiúnta na nUrrús le haghaidh Athcheannaigh (leagan 2000) i gcás oibríochtaí ina bhfuil contrapháirtithe a eagraítear nó a chorpraítear faoi dhlíthe aon dlínse diomaite de na dlínsí sin a liostaítear i bpointí (a) nó (b).”;

    3.

    in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Déanfar oibríochtaí díorthach thar an gcuntar a bhaineann le sócmhainní cúlchistí eachtracha BCE a dhoiciméadú trí úsáid a bhaint as na comhaontuithe caighdeánacha seo a leanas san eagrán nó sa leagan a luaitear, nó in aon eagrán nó leagan is déanaí a fhormheasfaidh BCE:

    (a)

    úsáidfear Máistir-Chomhaontú na Cónaidhme Baincéireachta Eorpaí le haghaidh Idirbhearta Airgeadais (Eagrán 2004) i gcás oibríochtaí ina bhfuil contrapháirtithe a eagraítear nó a chorpraítear faoi dhlíthe aon cheann de na dlínsí Eorpacha;

    (b)

    úsáidfear Máistir-Chomhaontú 1992 de chuid an Chomhlachais Idirnáisiúnta um Babhtálacha agus Díorthaigh (Ilairgeadra — leagan trasteorann, leagan dhlí Nua-Eabhrac) i gcás oibríochtaí ina bhfuil contrapháirtithe a eagraítear nó a chorpraítear faoi dhlíthe cónaidhme nó faoi dhlíthe stáit de chuid Stát Aontaithe Mheiriceá; agus

    (c)

    úsáidfear Máistir-Chomhaontú 1992 de chuid an Chomhlachais Idirnáisiúnta um Babhtálacha agus Díorthaigh (Ilairgeadra — leagan trasteorann, leagan dhlí Shasana) i gcás oibríochtaí ina bhfuil contrapháirtithe a eagraítear nó a chorpraítear faoi dhlíthe aon dlínse diomaite de na dlínsí sin a liostaítear i bpointí (a) nó (b).”;

    4.

    in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Taiscí ina bhfuil baint ag sócmhainní cúlchistí eachtracha BCE le contrapháirtithe: (i) atá incháilithe do na hoibríochtaí a luaitear i míreanna 2 agus/nó 3 thuas; agus (ii) a eagraítear nó a chorpraítear faoi dhlíthe aon cheann de na dlínsí Eorpacha seachas Éire, déanfar iad a dhoiciméadú trí úsáid a bhaint as Máistir-Chomhaontú na Cónaidhme Baincéireachta Eorpaí le haghaidh Idirbhearta Airgeadais (Eagrán 2004, nó aon eagrán is déanaí a fhormheasfaidh BCE). I gcásanna nach dtagann faoi phointí (i) agus (ii) thuas, déanfar taiscí a bhaineann le sócmhainní cúlchistí eachtracha BCE a dhoiciméadú trí úsáid a bhaint as an máistir-chomhaontú glanluachála mar a shonraítear i mír 7 thíos.”;

    5.

    in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    “6.   Déanfar doiciméad i mBéarla san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn I (dá ngairtear “ECB Annex” anseo feasta) a chur i gceangal le gach comhaontú caighdeánach agus beidh sé ina chuid lárnach de gach comhaontú caighdeánach faoina ndéanfar oibríochtaí athcheannaigh, athcheannaigh droim ar ais, ceannaigh/aisdíola, díola/athcheannaigh, iasachta urrús, athcheannaigh trípháirtí nó díorthach thar an gcuntar a bhaineann le sócmhainní cúlchistí eachtracha BCE, ach amháin má dhéantar na hoibríochtaí sin faoi Mháistir-Chomhaontú na Cónaidhme Baincéireachta Eorpaí le haghaidh Idirbhearta Airgeadais.”;

    6.

    in Airteagal 3, mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an abairtín tosaigh:

    “7.   Tabharfar máistir-chomhaontú glanluachála i gcrích leis na contrapháirtithe uile, diomaite de chontrapháirtithe: (i) lenar shínigh BCE Máistir-Chomhaontú na Cónaidhme Baincéireachta Eorpaí le haghaidh Idirbhearta Airgeadais; agus (ii) a eagraítear nó a chorpraítear faoi dhlíthe aon cheann de na dlínsí Eorpacha, seachas Éire, mar a leanas:”;

    7.

    in Airteagal 3, cuirtear isteach an mhír seo 9 a leanas:

    “9.   Gach máistir-chomhaontú a dhéanfaidh BCE ón 1 Lúnasa 2022 amach nó a dhéanfaidh BCE roimh an dáta sin agus a leasófar tar a éis sin, beidh uiríoll ann ar bhonn leanúnach ó gach contrapháirtí á rá: (a) go bhfuil an contrapháirtí i gcomhréir, i ngach slí ábhartha, leis na dlíthe go léir is infheidhme (lena n-áirítear treoracha a thabharfaidh údaráis inniúla) a bhaineann le cosc ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta; (b) nach bhfuil baint aige le sciúradh airgid agus/nó le maoiniú na sceimhlitheoireachta; agus (c) go gcomhlíonann an contrapháirtí gach beart sriantach is infheidhme (dá ngairtear ‘smachtbhannaí’ de ghnáth) arna nglacadh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus/nó na Náisiún Aontaithe, nó arna bhforchur ag aon údarás inniúil eile.”;

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    1.   Tiocfaidh an Treoirlíne seo i bhfeidhm an lá a thabharfar fógra do bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát arb é an euro an t-airgeadra atá acu.

    2.   Comhlíonfaidh bainc cheannais Eurochórais an Treoirlíne seo ón 1 Lúnasa 2022.

    Airteagal 3

    Seolaithe

    Dírítear an Treoirlíne seo ar gach banc ceannais Eurochórais.

    Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 28 Iúil 2022.

    Do Chomhairle Rialaithe an BCE

    Uachtarán an BCE

    Christine LAGARDE


    (1)  Treoirlíne 2008/596/CE ón mBanc Ceannais Eorpach an 20 Meitheamh 2008 maidir le bainistiú shócmhainní cúlchistí eachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag na bainc cheannais náisiúnta agus maidir leis na doiciméid dlí le haghaidh oibríochtaí a bhaineann le sócmhainní den sórt sin (IO L 192, 19.7.2008, lch. 63).


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne 2008/596/CE:

    ECB ANNEX

    1.

    The provisions of this Annex shall be supplemental terms and conditions applying to [name the standard agreement to which this Annex applies] dated [date of agreement] (the “Agreement”) between the European Central Bank (the “ECB”) and [name of counterparty] (the “Counterparty”). The provisions of this Annex shall be annexed to, incorporated in and form an integral part of the Agreement. If and to the extent that any provisions of the Agreement (other than the provisions of this Annex) or the ECB Master Netting Agreement dated as of [date] (the “Master Netting Agreement”) between the ECB and the Counterparty, including any other supplemental terms and conditions, annex or schedule to the Agreement, contain provisions inconsistent with or to the same or similar effect as the provisions of this Annex, the provisions of this Annex shall prevail and apply in place of those provisions.

    2.

    Except as required by law or regulation, the Counterparty agrees that it shall keep confidential, and under no circumstances disclose to a third party, any information or advice furnished by the ECB or any information concerning the ECB obtained by the Counterparty as a result of it being a party to the Agreement, including without limitation information regarding the existence or terms of the Agreement (including this Annex) or the relationship between the Counterparty and the ECB created thereby, nor shall the Counterparty use the name of the ECB in any advertising or promotional material.

    3.

    The Counterparty agrees to notify the ECB in writing as soon as reasonably practicable of: (i) any consolidation or amalgamation with, or merger with or into, or transfer of all or substantially all of its assets to, another entity; (ii) the appointment of any liquidator, receiver, administrator or analogous officer or the commencement of any procedure for the winding-up or reorganisation of the Counterparty or any other analogous procedure; or (iii) a change in the Counterparty’s name.

    4.

    There shall be no waiver by the ECB of immunity from suit or the jurisdiction of any court, or any relief against the ECB by way of injunction, order for specific performance or for recovery of any property of the ECB or attachment of its assets (whether before or after judgment), in every case to the fullest extent permitted by applicable law.

    5.

    There shall not apply in relation to the ECB any event of default or other provision of any kind in which reference is made to the bankruptcy, insolvency or other analogous event of the ECB.

    6.

    The Counterparty agrees that it has entered into the Agreement (including this Annex) as principal and not as agent for any other entity and that it shall enter into all transactions as principal.”.

    Top