Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2391

    Cinneadh (AE) 2022/2391 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg, a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige

    ST/14200/2022/INIT

    IO L 316, 8.12.2022, p. 86–87 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2391/oj

    8.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 316/86


    CINNEADH (AE) 2022/2391 ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Samhain 2022

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg, a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tugadh an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (“an Comhaontú”) i gcrích thar ceann an Aontais le Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle (1).

    (2)

    De bhun Airteagal 7(1) den Chomhaontú, tá Comhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (“Comhairle na gComhaltaí”) le cinntí a dhéanamh agus moltaí a ghlacadh chun forálacha an Chomhaontaithe a chur i bhfeidhm.

    (3)

    Le linn an 116ú seisiún a bheidh aici, atá le reáchtáil idir an 28 Samhain agus an 2 Nollaig 2022, tá Comhairle na gComhaltaí le cinneadh a ghlacadh lena leasófar an caighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige mar aon le cinneadh chun modh anailíse maidir le céaracha agus eistir eitile aigéid shailligh a thabhairt cothrom le dáta.

    (4)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a bhunú, ós rud é go mbeidh na cinntí atá le glacadh ina gceangal ar an Aontas a mhéid a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta le comhaltaí eile de Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC) agus go bhféadfadh na cinntí atá le glacadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon maidir le caighdeáin mhargaíochta a bhaineann le hola olóige arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

    (5)

    Baineann na cinntí atá le glacadh ag Comhairle na gComhaltaí le hIarscríbhinn 1 a bhaint ón gcaighdeán trádála agus le simpliú na gcrann cinnteoireachta deilte-7-stiogmaisteanóil, chomh maith le hathbhreithniú 3 a áireamh, arb athbhreithniú é ar an modh maidir le céaracha agus eistir eitile aigéid shailligh a chinneadh. Saineolaithe eolaíocha agus teicniúla maidir le hola olóige, ar saineolaithe iad de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát, phléigh siad na cinntí sin go mion. Leis na cinntí sin, rannchuideofar le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán ola olóige agus leagfar síos creat lena n-áiritheofar iomaíocht chóir i dtrádáil tháirgí earnáil na hola olóige. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leis na cinntí sin.

    (6)

    I gcás ina gcuirfear glacadh na gcinntí sin i gComhairle na gComhaltaí ar atráth, le linn an 116ú seisiún a bheith aici, mar thoradh ar chuid de na Comhaltaí gan bheith in ann a bhformheas a thabhairt, ba cheart an seasamh chun tacú le glacadh na gcinntí sin a ghlacadh thar ceann an Aontais faoi chuimsiú nós imeachta um ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí a d’fhéadfadh a bheith ann trí chomhfhreagras a mhalartú, de bhun Airteagal 10(6) den Chomhaontú ar choinníoll go dtionscnófar an nós imeachta sin roimh an gcéad seisiún rialta eile de Chomhairle na gComhaltaí i mí Mheitheamh 2023.

    (7)

    Maidir leis an athbhreithniú ar an gcaighdeán trádála a bhfuil feidhm aige maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige COI/T.15/NC Uimh. 3/Rev. 19, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hoiriúnuithe teicniúla ar mhodhanna nó ar dhoiciméid eile de chuid IOC. Ba cheart tacú leis na hoiriúnuithe teicniúla sin.

    (8)

    Chun leas an Aontais a chaomhnú, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún, áfach, a iarraidh go gcuirfí glacadh na gcinntí lena leasaítear caighdeán trádála nó modhanna ar atráth go dtí seisiún níos déanaí de Chomhairle na gComhaltaí, dá mba dhócha go ndéanfadh faisnéis eolaíoch nó theicniúil nua a chuirfí i láthair roimh an 116ú seisiún nó lena linn difear don seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leagtar amach san Iarscríbhinn an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, i gComhairle na gComhaltaí, le linn an 116ú seisiún a bheidh aici, atá le reáchtáil idir an 28 Samhain agus an 2 Nollaig 2022 nó faoi chuimsiú nós imeachta um ghlacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú, ar nós imeachta é a thionscnófar roimh an gcéad seisiún rialta eile a bheidh aici i mí Mheitheamh 2023 a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar an gcaighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige COI/T.15/NC No. 3/Rev. 19, is é sin chun an cinneadh Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gcaighdeán trádála a bhaint agus na crainn chinnteoireachta deilte-7-stiogmaisteanóil a shimpliú; agus a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar an modh COI/T.20/Do. No 28/REV 3 (Cion céaracha agus eistear eitile aigéid shailligh a chinneadh le crómatagrafaíocht gháis le colún ribeach), is é sin chun modh malartach anailíse a áireamh agus roinnt athruithe beaga a dhéanamh ar an modh atá ann cheana.

    Airteagal 2

    Is é seasamh a bheidh ag an Aontas tacú le hoiriúnuithe teicniúla ar mhodhanna nó ar dhoiciméid eile de chuid IOC má eascraíonn siad as an athbhreithniú ar an gcaighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige COI/T.15/NC No. 3/Rev. 19.

    Airteagal 3

    I gcás inar dócha go ndéanfar difear don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 mar gheall ar fhaisnéis eolaíoch nó theicniúil arna cur i láthair roimh an 116ú seisiún de Chomhairle na gComhaltaí, nó lena linn, iarrfaidh an Coimisiún glacadh an chinnidh a chur ar atráth, cinneadh lena ndéanfar an caighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige agus an modh anailíse maidir le céaracha agus eistir eitile aigéid shailligh a leasú, go dtí go mbunófar seasamh an Aontais ar bhonn na faisnéise nua sin.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. SÍKELA


    (1)  Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 139, 27.5.2019, lch. 1).

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).


    Top