Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1968

    Cinneadh (CBES) 2022/1968 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine)

    ST/12684/2022/INIT

    IO L 270, 18.10.2022, p. 85–91 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1968/oj

    18.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 270/85


    CINNEADH (CBES) 2022/1968 ÓN gCOMHAIRLE

    an 17 Deireadh Fómhair 2022

    maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go neamhbhalbh an fogha míleata arna thabhairt ag an Rúis gan chúis gan údar faoin Úcráin. D’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn sí go huile is go hiomlán le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha, ar teorainneacha iad a aithnítear go hidirnáisiúnta.

    (2)

    Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra, an 24-25 Márta agus an 30-31 Bealtaine 2022, d’éiligh an Chomhairle Eorpach go gcuirfeadh an Rúis deireadh láithreach leis na gníomhaíochtaí míleata atá ar siúl aici, go dtarraingeodh sí siar gan choinníoll ó chríoch na hÚcráine ina hiomláine na fórsaí agus an trealamh míleata uile, agus go n-urramódh sí iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta.

    (3)

    Sna conclúidí uaithi an 23-24 Meitheamh 2022, dúirt an Chomhairle Eorpach freisin go bhfuil an tAontas an-tiomanta i gcónaí do thacaíocht mhíleata bhreise a sholáthar chun cabhrú leis an Úcráin a ceart bunúsach féinchosanta i gcoinne fhogha na Rúise a fheidhmiú, agus a hiomláine chríochach agus a ceannasacht a chosaint. Chuige sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle oibriú go pras chun an tacaíocht mhíleata a mhéadú a thuilleadh.

    (4)

    I litir dar dáta an 30 Meán Fómhair 2022, d’iarr an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Aire Cosanta na hÚcráine i gcomhpháirt ar an Aontas tacaíocht mhíleata a thabhairt don Úcráin, dheimhnigh sé go n-áirítear ar na riachtanais reatha atá ar an Úcráin ina leith sin oiliúint mhíleata bhunúsach agus chomhchoiteann, chomh maith le hoiliúint mhíleata speisialaithe do phearsanra i réimsí an leighis, na lóistíochta, na cosanta ceimiceacha, bitheolaíochta agus radaíochta, na tacaíochta innealtóireachta, na cibearshlándála agus na cibearchosanta, agus oiliúint teagascóirí arm comhcheangailte, gan dochar do réimsí eile a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar spéise amach anseo, agus ba dhíol sásaimh dó gur bunaíodh, mar ábhar práinne, misean cúnaimh mhíleata de chuid an Aontais chun na críche sin mar thaca leis an Úcráin.

    (5)

    An 10 Deireadh Fómhair 2022 d’fhormheas an Chomhairle Coincheap Bainistithe Géarchéime do Mhisean Cúnaimh Mhíleata de chuid Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) neamhfheidhmiúcháin mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine), a mhairfidh dhá bhliain ar dtús tar éis é a sheoladh.

    (6)

    Ba cheart an cuspóir straitéiseach a bheith ag EUMAM Ukraine cur le cumas míleata Fhórsaí Armtha na hÚcráine (UAF) oibríochtaí a athghiniúint agus a sheoladh go héifeachtach, ionas go mbeidh an Úcráin in ann a hiomláine chríochach a chosaint laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, a ceannasacht a fheidhmiú go héifeachtach agus sibhialtaigh san Úcráin a chosaint.

    (7)

    Beidh EUMAM Ukraine mar chuid de Chur Chuige Comhtháite an Aontais chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin, lena n-áirítear bearta cúnaimh mhíleata faoin tSaoráid Eorpach Síochána arna bunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1) chun trealamh míleata a sholáthar do UAF. Oibreoidh EUMAM Ukraine i gcomhar le toscaireacht an Aontais i gCív agus le misean sibhialtach CBSC EUAM Ukraine arna bhunú le Cinneadh 2014/486/CBES ón gComhairle (2).

    (8)

    Mar fhreagairt ar iarraidh na hÚcráine do thacaíocht mhíleata, ba cheart do EUMAM Ukraine oiliúint aonair, chomhchoiteann agus speisialaithe a chur ar fáil do UAF, oiliúint a chur ar Fhórsaí Críochacha Cosanta UAF, agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit a chomhordú agus a shioncrónú mar thaca le hoiliúint a chur ar UAF.

    (9)

    Ba cheart dearadh EUMAM Ukraine a bheith inscálaithe, modúlach agus solúbtha, ionas go mbeidh a chuid gníomhaíochtaí in ann dul in oiriúint go pras don staid san Úcráin agus do riachtanais athraitheacha agus riachtanais níos fadtéarmaí UAF.

    (10)

    I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla a d’eascair as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a fhad is atá na himthosca sin ann, ba cheart do EUMAM Ukraine feidhmiú ar chríoch na mBallstát, mar bheart sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go dtí go gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt.

    (11)

    Ba cheart don Choiste Polaitiúil agus Slándála, faoi fhreagracht na Comhairle agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, rialú polaitiúil a fheidhmiú ar EUMAM Ukraine, treoir straitéiseach a thabhairt dó agus na cinntí ábhartha a dhéanamh i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 38 CAE.

    (12)

    Ba cheart feidhm a bheith ag Comhaontú an Aontais maidir le Stádas na bhFórsaí (EU SOFA) (3) maidir le haonaid agus pearsanra EUMAM Ukraine faoi stiúir an Aontais arna n-imscaradh ar chríoch na mBallstát. Maidir leis an stádas a bheidh ag pearsanra UAF a bheidh rannpháirteach in eagrú na hoiliúna arna cur ar fáil faoi EUMAM Ukraine, nó a bhainfidh tairbhe as an oiliúint sin, ba cheart stádas an phearsanra sin a shainiú sna socruithe idir údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil an oiliúint á hóstáil acu agus údaráis inniúla na hÚcráine. Féadfaidh EUMAM Ukraine socruithe a dhéanamh freisin le húdaráis inniúla na hÚcráine maidir leis na coinníollacha faoina ndéanfaidh EUMAM Ukraine pearsanra UAF a óstáil.

    (13)

    Ba cheart EUMAM Ukraine a bheith oscailte do rannpháirtíocht tríú Stáit atá ar aon intinn leis, arna iarraidh sin, faoi réir comhaontuithe idir an tAontas agus na tríú Stáit sin maidir lena rannpháirtíocht agus maidir lena nglacadh ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála.

    (14)

    De bhun Airteagal 41(2) CAE agus i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, is iad na Ballstáit atá leis as an gcaiteachas oibríochtúil a eascraíonn as an gCinneadh seo, a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta aige, a íoc.

    (15)

    I bhfianaise riachtanais uathúla EUMAM Ukraine agus na gcoinníollacha sonracha chun é a bhunú, mar thoradh ar mhéid na hoiliúna atá le cur ar fáil agus ar an luas atá riachtanach chun í a thabhairt don Úcráin, is gá a chinneadh go bhféachfar ar chostais incriminteacha áirithe, sa bhreis ar na costais sin a cháilíonn mar chostais choiteanna i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, mar chostais choiteanna le haghaidh EUMAM Ukraine. I gcás EUMAM Ukraine, de bharr na n-imthosca urghnácha, beidh an tAontas in ann na hacmhainní is gá a shlógadh chun tacaíocht a chur ar fáil don Úcráin ar an scála is gá trí chistiú a chur ar fáil, mar bheart eisceachtúil, do na míreanna coiteanna atá riachtanach chun tacú le hoiliúnaithe agus gníomhaíochtaí oiliúna UAF.

    (16)

    I bhfianaise na práinne, ba cheart, a luaithe is féidir, armlón agus trealamh nó ardáin a ceapadh chun fórsa marfach a thabhairt a chistiú ó bheart cúnaimh tiomnaithe de chuid na Saoráide Eorpaí Síochána lena gcomhlánaítear EUMAM Ukraine. Ba cheart aon trealamh eile, lena n-áirítear fearais oiliúna phearsanta, a sholáthar faoi bheart cúnaimh eile. Le bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána, d’fhéadfaí trealamh speisialaithe a chur ar fáil agus, arna iarraidh sin don Úcráin, d’fhéadfaí trealamh míleata a deonaíodh don Úcráin faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chothabháil agus a dheisiú.

    (17)

    Chun an éifeachtúlacht a uasmhéadú maidir le freastal ar riachtanais na hÚcráine, ba cheart do EUMAM Ukraine a chuid gníomhaíochtaí a chomhordú le comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ar aon intinn leis agus a chuireann tacaíocht mhíleata ar fáil, go háirithe oiliúint mhíleata, do UAF,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Misean

    1.   Seolfaidh an tAontas Misean Cúnaimh Mhíleata mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine).

    2.   Ba cheart an cuspóir straitéiseach a bheith ag EUMAM Ukraine cur le cumas míleata Fhórsaí Armtha na hÚcráine (UAF) oibríochtaí a athghiniúint agus a sheoladh go héifeachtach, ionas go mbeidh an Úcráin in ann a hiomláine chríochach a chosaint laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, a ceannasacht a fheidhmiú go héifeachtach agus sibhialtaigh san Úcráin a chosaint.

    3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, déanfaidh EUMAM Ukraine an méid seo a leanas a sholáthar:

    (a)

    oiliúint aonair agus chomhchoiteanna do phearsanra UAF, ar bhunleibhéil, ardleibhéil agus leibhéil speisialaithe: go háirithe i gceannaireacht shóisearach ó leibhéil na rannóige/an scuaid agus na buíne suas go dtí leibhéil na cuideachta, an chathláin agus na briogáide, lena n-áirítear oiliúint oibríochtúil; agus ullmhú cuideachtaí, cathláin agus briogáidí in inlíocht chomhchoitianta agus in oirbheartaíocht suas go dtí leibhéal na briogáide, lena n-áirítear comhairle maidir le cleachtaí lámhaigh beo a phleanáil, a ullmhú agus a dhéanamh;

    (b)

    oiliúint speisialaithe do phearsanra UAF;

    (c)

    oiliúint d’Fhórsaí Cosanta Críochacha UAF;

    (d)

    comhordú agus sioncrónú ghníomhaíochtaí na mBallstát arna ndéanamh mar thaca le tacaíocht oiliúna a chur ar UAF.

    4.   Déanfar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, cearta an duine, cosaint sibhialtach lena n-áirítear i gcoinne an fhoréigin inscnebhunaithe, mar aon leis na cláir oibre maidir le “Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil”, “an Óige, an tSíocháin agus an tSlándáil” agus “Leanaí agus Coinbhleacht Armtha” a chomhtháthú go hiomlán i bpleanáil oibríochtúil, oiliúint agus tuairisciú EUMAM Ukraine.

    5.   Go dtí go gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt agus go dtí go ndéanfaidh an Chomhairle leasuithe dá réir, oibreoidh EUMAM Ukraine ar chríoch na mBallstát.

    6.   Féadfar an oiliúint a chuireann EUMAM Ukraine ar fáil a dhéanamh i roinnt áiteanna ar fud an Aontais, faoi réir thoiliú sainráite an Bhallstáit óstaigh. Déanfar é a oiriúnú do riachtanais athraitheacha agus riachtanais níos fadtéarmaí UAF.

    7.   Sainordú neamhfheidhmiúcháin a bheidh ag EUMAM Ukraine.

    Airteagal 2

    Ceanncheathrú a ainmniú

    1.   Maidir le ceannas agus rialú EUMAM Ukraine, is é Cumas Míleata Pleanála agus Seolta (MPCC) a bheidh ina Cheanncheathrú Oibríochtúil agus áiritheoidh sé comhordú agus sioncrónú foriomlán ar an leibhéal straitéiseach faoi chuimsiú chreat EUMAM Ukraine.

    2.   Sa chreat sin, bunófar Ceannasaíocht Oiliúna Arm Comhcheangailte ilnáisiúnta (CAT-C) ar an leibhéal oibríochtúil ar bhonn struchtúir ceannais agus rialaithe náisiúnta atá ann cheana agus atá ag feidhmiú go hiomlán cheana féin i mBallstát comharsanachta ina ndéanfar na comhpháirteanna oiliúna a chomhtháthú chun aonaid fhoirmithe a chruthú.

    3.   Cuirfidh Ballstát eile Ceannasaíocht Oiliúna Speisialta ilnáisiúnta ar fáil, a bheidh i gceannas ar ghníomhaíochtaí oiliúna sa tír sin. Bunófar an Cheannasaíocht Oiliúna Speisialta ilnáisiúnta sin ar bhonn struchtúir náisiúnta ceannais agus rialaithe atá ann cheana, chun an tairiscint oiliúna a fheabhsú a thuilleadh i gcomhar iomlán le CAT-C.

    4.   Déanfar feidhmeanna CAT-C agus na Ceannasaíochta Oiliúna Speisialta ilnáisiúnta chomh maith le horduithe oiliúna eile atá bunaithe i mBallstáit an Aontais a fhorbairt a thuilleadh sna doiciméid phleanála ábhartha i gcomhréir leis na rialacha bunaithe maidir le ceannas agus rialú míleata san Aontas.

    Airteagal 3

    Ceapachán Ceannasaí Misin an Aontais Eorpaigh

    Is é Stiúrthóir MPCC a bheidh mar Cheannasaí Misin EUMAM Ukraine.

    Airteagal 4

    Pleanáil agus seoladh EUMAM Ukraine

    Glacfaidh an Chomhairle an Cinneadh EUMAM Ukraine a sheoladh tar éis an Plean Misin do EUMAM Ukraine a fhormheas, lena n-áirítear a Rialacha Rannpháirtíochta.

    Airteagal 5

    Rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach

    1.   Faoi fhreagracht na Comhairle agus an Ardionadaí, feidhmeoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach EUTM Ukraine. Leis seo, údaraíonn an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 38 CAE. Áireofar leis an údarú sin na cumhachtaí chun na doiciméid phleanála EUMAM Ukraine a leasú, lena n-áirítear an Plean Misin, agus an Slabhra Ceannais. Áireofar leis an údarú sin freisin na cumhachtaí chun cinntí a dhéanamh maidir le Ceannasaithe an Aontais a cheapadh, eadhon Ceannasaí Oiliúna Arm Comhcheangailte, an Ceannasaí Speisialta Oiliúna, agus aon Cheannasaí Oiliúna eile de chuid an Aontais. Leanfaidh na cumhachtaí cinnteoireachta maidir le cuspóirí agus foirceannadh EUMAM Ukraine de bheith dílsithe don Chomhairle.

    2.   Tuairisceoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála don Chomhairle go tráthrialta.

    3.   Gheobhaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála tuarascálacha go tráthrialta ó chathaoirleach Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC) maidir le stiúradh EUMAM Ukraine. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cuireadh a thabhairt do Cheannasaithe an Aontais chuig na cruinnithe dá chuid, de réir mar is iomchuí.

    Airteagal 6

    Treoir mhíleata

    1.   Déanfaidh EUMC faireachán ar fheidhmiú cuí EUMAM Ukraine arna dhéanamh faoi fhreagracht Cheannasaí Mhisean an Aontais.

    2.   Gheobhaidh EUMC tuarascálacha ó Cheannasaí Mhisean an Aontais go tráthrialta. Féadfaidh sé cuireadh a thabhairt do Ceannasaithe an Aontais chuig na cruinnithe dá chuid, de réir mar is iomchuí.

    3.   Feidhmeoidh cathaoirleach EUMC mar phríomhphointe teagmhála le Ceannasaí Mhisean an Aontais.

    Airteagal 7

    Comhsheasmhacht fhreagairt agus chomhordú an Aontais

    1.   Áiritheoidh an tArdionadaí cur chun feidhme an Chinnidh agus a chomhsheasmhacht le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais ar an iomlán, lena n-áirítear bearta cúnaimh mhíleata an Aontais mar thaca leis an Úcráin arna gcistiú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

    2.   Gan dochar don slabhra ceannais, coinneoidh Ceannasaí Mhisean an Aontais dlúthchomhar agus comhordú le Ceann Thoscaireacht an Aontais chun na hÚcráine agus le Ceann Misin EUAM Ukraine. Coinneoidh Ceannasaí Mhisean an Aontais, le tacaíocht ó struchtúr ceannais agus rialaithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 2(2), dlúthchomhar agus comhordú le húdaráis na hÚcráine ar na leibhéil iomchuí.

    3.   Déanfaidh EUMAM Ukraine a ghníomhaíochtaí a chomhordú le gníomhaíochtaí déthaobhacha na mBallstát mar thaca leis an Úcráin, chomh maith le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile atá ar aon intinn leis, go háirithe Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an Ríocht Aontaithe), Ceanada, an tAonad Idirnáisiúnta um Chomhordú Deontóirí (IDCC) agus Lárionad Rialaithe EUCOM san Úcráin.

    Airteagal 8

    Rannpháirtíocht tríú Stáit

    1.   Gan dochar do neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais ná dá chreat institiúideach aonair, agus i gcomhréir le treoirlínte ábhartha na Comhairle Eorpaí, féadfar cuireadh a thabhairt do thríú Stáit a bheith rannpháirteach in EUMAM Ukraine.

    2.   Leis seo, tugann an Chomhairle údarás don Choiste Polaitiúil agus Slándála cuireadh a thabhairt do thríú Stáit rannchuidiú a thairiscint agus cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le glacadh leis an rannchuidiú atá beartaithe, ar mholadh ó Cheannasaí Mhisean an Aontais agus ó EUMC.

    3.   Cumhdófar socruithe mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht tríú Stáit sna comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 37 CAE agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcás ina mbeidh comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas agus ag tríú Stát lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht an tríú Stát i misin bainistíochta géarchéime de chuid an Aontais, beidh feidhm ag forálacha an chomhaontaithe úd i gcomhthéacs EUMAM Ukraine.

    4.   Beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna ag tríú Stáit a thugann rannchuidiú suntasach míleata do EUMAM Ukraine i dtaobh bhainistiú laethúil EUMAM Ukraine agus a bhíonn ag na Ballstáit a ghlacann páirt in EUMAM Ukraine.

    5.   Leis seo, tugann an Chomhairle údarás don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a ghlacadh maidir le Coiste na gCuiditheoirí a bhunú, i gcás go dtabharfadh tríú Stáit rannchuidiú suntasach míleata.

    Airteagal 9

    Stádas na n-aonad agus an phearsanra faoi stiúir an Aontais

    Beidh feidhm ag Comhaontú an Aontais maidir le Stádas Fórsaí (EU SOFA) maidir le haonaid agus pearsanra faoi stiúir an Aontais a imscartar ar chríoch na mBallstát.

    Airteagal 10

    Stádas phearsanra na hÚcráine

    Déanfar stádas phearsanra UAF atá rannpháirteach in eagrú na hoiliúna a chuireann EUMAM Ukraine ar fáil nó a bhaineann tairbhe as an oiliúint sin, a shainiú i socruithe idir údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil an oiliúint á hóstáil acu agus údaráis inniúla na hÚcráine. Féadfaidh EUMAM Ukraine agus údaráis inniúla na hÚcráine socruithe a dhéanamh maidir leis na coinníollacha faoina ndéanfaidh EUMAM Ukraine pearsanra UAF a óstáil.

    Airteagal 11

    Socruithe airgeadais

    1.   Riarfar costais choiteanna EUMAM Ukraine i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509.

    2.   I gcomhréir le hAirteagal 44(6) de Chinneadh (CBES) 2021/509, beidh feidhm ag na rialacha sonracha seo a leanas maidir le EUMAM Ukraine:

    (a)

    tá struchtúr ceannais agus rialaithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (3) le cistiú i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le Ceanncheathrú Fórsa Misin, gan beann ar an áit ina bhfuil sé;

    (b)

    tá na costais incriminteacha seo a leanas le cistiú i gcomhar leis an tSaoráid Eorpach Síochána:

    (i)

    costais maidir le tacaíocht d'oiliúnaithe UAF (iompar ó theorainn na hÚcráine go dtí na saoráidí oiliúna agus filleadh, agus iompar ar na saoráidí oiliúna, timpeall orthu agus eatarthu; tacaíocht fíorshaoil; tacaíocht leighis agus aslonnuithe);

    (ii)

    costais oibríochtúla is gá le haghaidh na ngníomhaíochtaí oiliúna (peitriliam, ola agus bealaidh, cothabháil feithiclí a úsáidtear in oiliúint; ateangairí agus trealamh oiliúna pearsanta, i gcás nach ndéanann an Úcráin iad a sholáthar).

    3.   Ní mheasfar a thuilleadh gur costais choiteanna iad na fearais oiliúna phearsanta dá dtagraítear i mír 2 a luaithe a chuirfear ar fáil iad faoi bheart cúnaimh na Saoráide Eorpaí Síochána.

    4.   Féadfaidh Ballstát na míreanna a liostaítear i mír 2 a sholáthar, agus sa chás sin íocfaidh EUMAM Ukraine leis an mBallstát sin as na soláthairtí sin faoi na rialacha is infheidhme maidir le híocaíochtaí le soláthraithe EUMAM Ukraine. De rogha air sin, féadfaidh EUMAM Ukraine míreanna den sórt sin a fháil.

    5.   Is é EUR 106 700 000 an méid tagartha airgeadais le haghaidh chostais choiteanna EUMAM Ukraine don tréimhse dhá bhliain tar éis a sheolta. Is é a bheidh sa chéatadán den mhéid tagartha sin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509 30 % le haghaidh gealltanas agus 30 % le haghaidh íocaíochtaí.

    Airteagal 12

    Aonad tionscadail

    1.   Féadfaidh aonad tionscadail a bheith ag EUMAM Ukraine chun tionscadail a shainaithint agus a chur chun feidhme. Maidir leis na tionscadail arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus ag tríú Stáit atá faoina gcúram i réimsí a bhaineann le sainordú EUMAM Ukraine agus mar thaca lena chuspóirí, déanfaidh EUMAM Ukraine na tionscadail sin a chomhordú, a éascú agus cuirfidh sé comhairle ar fáil i dtaca leo, de réir mar is iomchuí.

    2.   Faoi réir mhír 3, údarófar Ceannasaí Mhisean an Aontais dul i muinín ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit nó ó thríú Stáit chun tionscadail a chur chun feidhme, ar tionscadail iad a sainaithneofar mar bhearta lena bhforlíontar gníomhaíochtaí eile EUMAM Ukraine ar bhealach comhsheasmhach. I gcás den sórt sin, déanfaidh Ceannasaí Mhisean an Aontais socrú a thabhairt chun críche leis na Stáit sin, go háirithe maidir leis na nósanna imeachta sonracha chun déileáil le haon ghearán ó thríú páirtithe i dtaobh aon damáiste a dhéanfaí mar thoradh ar ghníomhartha nó ar neamhghníomhartha de chuid Cheannasaí Mhisean an Aontais maidir le húsáid na gcistí arna soláthar ag na Stáit sin.

    3.   Ní bheidh, in imthosca ar bith, an tAontas ná an tArdionadaí faoi dhliteanas ag na Stáit is ranníocóirí mar thoradh ar ghníomhaíochtaí nó ar neamhghníomhaíochtaí a dhéanfadh Ceannasaí Mhisean an Aontais maidir leis an úsáid a bhainfí as cistí ó na Stáit sin.

    4.   Tiocfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála ar chomhaontú maidir le ranníocaíocht airgeadais ó thríú Stáit a thabhairt don aonad tionscadail.

    Airteagal 13

    Scaoileadh faisnéise

    1.   Beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais, arna giniúint chun críocha EUMAM Ukraine, a scaoileadh leis na tríú Stáit a bhfuil baint acu leis an gCinneadh seo, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir le riachtanais EUMAM Ukraine, i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (4):

    (a)

    suas go dtí an leibhéal dá bhforáiltear sna comhaontuithe um shlándáil faisnéise is infheidhme arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú Stát lena mbaineann; nó

    (b)

    suas go dtí an leibhéal “CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL” i gcásanna eile.

    2.   Beidh sé d'údarás ag an Ardionadaí freisin, i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla EUMAM Ukraine, faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais suas go dtí leibhéal “RESTREINT UE/EU RESTRICTED”, arna giniúint chun críocha EUMAM Ukraine, a scaoileadh leis an Úcráin, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Ríocht Aontaithe, Ceanada agus IDCC, i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE. Déanfar na socruithe is gá idir an tArdionadaí agus údaráis inniúla na hÚcráine agus IDCC a tharraingt suas chun na críche sin.

    3.   Beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí aon doiciméid neamhaicmithe de chuid an Aontais atá bainteach le plé na Comhairle i ndáil le EUMAM Ukraine agus atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 6(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a scaoileadh le tríú stáit a bhfuil baint acu leis an gCinneadh seo (5).

    4.   Féadfaidh an tArdionadaí na cumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 1 go 3, chomh maith leis an gcumas na socruithe dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt i gcrích, a tharmligean chuig foireann na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí nó chuig Ceannasaithe an Aontais.

    Airteagal 14

    Teacht i bhfeidhm agus foirceannadh

    1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Beidh feidhm aige go dtí dhá bhliain tar éis EUMAM Ukraine a sheoladh.

    2.   Déanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála measúnú straitéiseach ar EUMAM Ukraine agus ar a shainordú sé mhí tar éis EUMAM Ukraine a sheoladh. Déanfar Athbhreithniú Straitéiseach ar EUMAM Ukraine in am trátha sula rachaidh an Cinneadh seo in éag.

    3.   Déanfar an Cinneadh seo a aisghairm amhail ó dháta dúnta struchtúr ceannais agus rialaithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (3) i gcomhréir leis na pleananna arna bhformheas le haghaidh fhoirceannadh EUMAM Ukraine, agus gan dochar do na nósanna imeachta maidir le cuntais EUMAM Ukraine a iniúchadh agus a chur i láthair, a leagtar síos i gCinneadh (CBES) 2021/509.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

    (2)  Cinneadh 2014/486/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2014 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh i leith Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM Ukraine) (IO L 217 23.7.2014, lch. 42).

    (3)  Comhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh maidir le stádas foirne míleata agus sibhialtacha do thabhairt ar iasacht d’institiúidí an Aontas Eorpaigh, leis an gceanncheathrú agus fórsaí gur bhféadfar cur ar fáil don Aontas Eorpach i gcomhthéacs na tascanna dá dtagraítear in Airteagal 17(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a ullmhú agus a fhorghníomhú, lena n-áirítear freachnaimh, agus leis na foirne míleata agus sibhialtacha a chuireadh ar láimh an Aontais Eorpaigh chun gníomhú sa chomhthéacs (EU SOFA) (IO C 321, 31.12.2003, lch. 6).

    (4)  Cinneadh ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

    (5)  Cinneadh ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena leasaítear Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).


    Top