Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1944

    Cinneadh (CBES) 2022/1944 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

    ST/12589/2022/INIT

    IO L 268, 14.10.2022, p. 24–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1944/oj

    14.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 268/24


    CINNEADH (CBES) 2022/1944 ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Deireadh Fómhair 2022

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1544 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach.

    (2)

    Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2018/1544 go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2022. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2023, agus nuashonrú a dhéanamh ar iontráil amháin atá ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin.

    (3)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2018/1544 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 mar a leanas:

    (1)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

    ‘Airteagal 8

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2023. Coimeádfar an Cinneadh seo faoi athbhreithniú go leanúnach. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.’;

    (2)

    leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    P. BLAŽEK


    (1)  Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach, (IO L 259, 16.10.2018, lch. 25).


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad iontráil Uimh. 12 ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544 faoin gceannteideal “A. Daoine nádúrtha”:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Forais ainmniúcháin

    Dáta liostaithe

    “12.

    Sergei Ivanovich MENYAILO

    (Сергей Иванович МЕНЯЙЛО)

    Inscne: fireann;

    Dáta breithe: an 22 Lúnasa 1960;

    Áit bhreithe: Alagir;

    Náisiúntacht: Rúiseach;

    Teideal: Ceann North Ossetia-Alania.

    Is é Sergei Menyailo Ceann North Ossetia-Alania. Bhí sé ina Ionadaí Lánchumhachtach d’Uachtarán an Russian Federation don Siberian Federal District idir 2016 agus mí Aibreáin 2021. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as cur chun feidhme chumhachtaí bunreachtúla an Uachtaráin a áirithiú, lena n-áirítear beartas intíre agus eachtrach an Stáit a chur chun feidhme. Bhí Sergei Menyailo ina chomhalta den Security Council of the Russian Federation go dtí mí Lúnasa 2021.

    Dhírigh gníomhaithe Stáit agus gníomhaithe breithiúnacha ciapadh agus diansmacht córasach ar Alexei Navalny i ngeall ar an ról tábhachtach a bhí aige sa fhreasúra polaitiúil.

    15.10.2020”

     

     

     

    Rinne údaráis Chónaidhm na Rúise dlúthfhaireachán ar ghníomhaíochtaí Alexei Navalny le linn a thurais go dtí an tSibéir i mí Lúnasa 2020. An 20 Lúnasa 2020, buaileadh go dona tinn é agus tugadh isteach in ospidéal é in Omsk i gCónaidhm na Rúise. An 22 Lúnasa 2020, tugadh go hospidéal é i mBeirlín na Gearmáine. Ina dhiaidh sin, d’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir, lenar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn freisin, gur nimhíodh Alexei Navalny le néar-oibreán tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Is ag údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise amháin atá rochtain ar an oibreán tocsaineach sin. Sna cúinsí sin, tá sé réasúnta a mheas nach bhféadfaí Alexei Navalny a nimhiú ach amháin le toiliú ó Oifig Feidhmiúcháin an Uachtaráin.

     

     

     

     

    Dá bhrí sin, i bhfianaise a róil shinsearaigh cheannaireachta mar iar-ionadaí na hOifige sin sa Siberian Federal District, tá Sergei Menyailo freagrach as spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do na daoine a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú leis an néar-oibreán Novichok, agus is ionann sin agus arm ceimiceach a úsáid faoin gCoinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha.

     


    Top