EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0638

Cinneadh (CBES) 2022/638 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine)

ST/8095/2022/INIT

IO L 117, 19.4.2022, p. 38–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/638/oj

19.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 117/38


CINNEADH (CBES) 2022/638 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Aibreán 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go géar an fogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin an 23 Feabhra 2022.

(2)

An 24 Márta 2022, luaigh an Chomhairle Eorpach, sna conclúidí uaithi, ‘is sárú fíochmhar ar an dlí idirnáisiúnta é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus líon ollmhór sibhialtach á ghortú agus á mharú mar thoradh air. Tá ionsaithe á ndíriú ag an Rúis ar an bpobal sibhialta agus réada sibhialtacha mar sprioc aici, lena n-áirítear ospidéil, saoráidí leighis, scoileanna agus scáthláin. Ní mór deireadh a chur leis na coireanna cogaidh sin láithreach bonn. Iad siúd atá freagrach, tabharfar chun cuntais iad, iad féin agus a gcionpháirtithe, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.’. Ina theannta sin d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach Dearbhú Versailles an 11 Márta 2022 ina maítear, go háirithe, gur díol sásaimh é an cinneadh a rinne ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta tús a chur le himscrúdú maidir le coireanna faoina dlínse.

(3)

Le Cinneadh 2014/486/CBES (1), bunaíodh EUAM Ukraine chun cabhrú leis an Ucráin i réimse an athchóirithe earnála slándála shibhialta, lena n-áirítear póilíní agus smacht reachta

(4)

Ba cheart do EUAM Ukraine tacaíocht a sholáthar d’údaráis na hÚcráine chun imscrúdú agus ionchúiseamh a éascú i dtaca le coireanna idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcomhthéacs an fhogha mhíleata atá á thabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin.

(5)

Ba cheart Cinneadh 2014/486/CBES a leasú dá réir.

(6)

Cuirfear EUAM Ukraine i gcrích i gcomhthéacs staide a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES mar a leanas:

(1)

Athuimhrítear Airteagal 2a mar Airteagal 2b;

(2)

Cuirtear isteach an t-Airteagal seo a leanas:

“Airteagal 2a

Tacaíocht a thabhairt d’údaráis na hÚcráine chun imscrúdú agus ionchúiseamh a éascú i dtaca le coireanna idirnáisiúnta

1.   Tabharfaidh EUAM Ukraine tacaíocht d’údaráis na hÚcráine, go háirithe d’Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta, d’oifigí réigiúnacha an Ionchúisitheora Phoiblí agus do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe an dlí, chun imscrúdú agus ionchúiseamh a éascú i dtaca le haon choireanna idirnáisiúnta a rinneadh i gcomhthéacs an fhogha mhíleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin.

2.   Chun an cúram sin a chur i gcrích:

a)

Cuirfidh EUAM Ukraine, go háirithe, comhairle straitéiseach ar údaráis na hÚcráine maidir le coireanna idirnáisiúnta a imscrúdú agus a ionchúiseamh, maidir leis na leasuithe is gá a dhéanamh ar reachtaíocht na hÚcráine agus maidir leis an straitéis chumarsáide ghaolmhar. Cuirfidh sé oiliúint ar fáil freisin maidir le hábhair ghaolmhara eile. Féadfaidh sé cistí a dheonú nó trealamh a thabhairt d’údaráis na hÚcráine chun imscrúdú agus ionchúiseamh a éascú i dtaca le coireanna idirnáisiúnta;

b)

Áiritheoidh EUAM Ukraine go mbeidh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (EUROJUST), chomh maith leis na Ballstáit ar aon chéim le chéile agus tacaíocht dhíreach á tabhairt acu i dtaca le coireanna idirnáisiúnta san Úcráin a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Oibreoidh sé i gcomheagar le gníomhaithe ábhartha eile de réir mar is iomchuí.

c)

féadfaidh codanna de EUAM Ukraine, ar bhonn sealadach, a gcuid gníomhaíochtaí a stiúradh chríocha Phoblacht na Moldóive agus na mBallstát. Féadfar socruithe chuige sin a dhéanamh idir EUAM Ukraine agus Poblacht na Moldóive nó na Ballstáit sin lena mbaineann.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh 2014/486/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2014 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine) (IO L 217, 23.7.2014, lch. 42).


Top