This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0435
Decision (EU) 2022/435 of the European Central Bank of 8 March 2022 amending Decision 2010/275/EU concerning the management of pooled bilateral loans for the benefit of the Hellenic Republic (ECB/2022/9)
Cinneadh (AE) 2022/435 ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/275/AE maidir le hiasachtaí déthaobhacha comhthiomsaithe a bhainistiú ar mhaithe leis an bPoblacht Heilléanach (CBE/2022/9)
Cinneadh (AE) 2022/435 ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/275/AE maidir le hiasachtaí déthaobhacha comhthiomsaithe a bhainistiú ar mhaithe leis an bPoblacht Heilléanach (CBE/2022/9)
ECB/2022/9
IO L 88, 16.3.2022, pp. 196–197
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32010D0004(01) | Athchur | airteagal 5 | 04/04/2022 |
|
16.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 88/196 |
CINNEADH (AE) 2022/435 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 8 Márta 2022
lena leasaítear Cinneadh 2010/275/AE maidir le hiasachtaí déthaobhacha comhthiomsaithe a bhainistiú ar mhaithe leis an bPoblacht Heilléanach (CBE/2022/9)
Tá BORD FEIDHMIÚCHÁIN an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 132 de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 17 agus 21 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart íocaíocht taiscí a shealbhaítear sa Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/275/AE ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2010/4) (1) a ailíniú le híocaíocht taiscí rialtais i gcomhréir le Treoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/7) (2), chun an chomhsheasmhacht a áirithiú a mhéid a bhaineann le híocaíocht taiscí inchomparáide ar fud an Eurochórais. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/275/AE (BCE/2010/4) a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 de Chinneadh BCE/2010/4:
“Airteagal 5
Íocaíocht
Is mar a leanas a íocfar an cuntas a choimeádtar in BCE in ainm na nIasachtóirí:
|
(a) |
de réir ráta nialas faoin gcéad nó ráta gearrthéarmach an euro (€STR), cibé acu is ísle, más nialas nó más airde ná sin (dearfach) a bhíonn ráta na saoráide taisce an lá féilire ábhartha; |
|
(b) |
de réir ráta na saoráide taisce nó ráta gearrthéarmach an euro (€STR), cibé acu is ísle, más ísle ná nialas (diúltach) a bhíonn ráta na saoráide taisce an lá féilire ábhartha.”. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 4 Aibreán 2022.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 8 Márta 2022.
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) Cinneadh 2010/275/AE ón mBanc Ceannais Eorpach an 10 Bealtaine 2010 maidir le hiasachtaí déthaobhacha comhthiomsaithe a bhainistiú ar mhaithe leis an bPoblacht Heilléanach agus lena leasaítear Cinneadh BCE/2010/4 (IO L 119, 13.5.2010, lch. 24).
(2) Treoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Aibreán 2019 maidir le hoibríochtaí bainistithe sócmhainní agus dliteanas intíre ag na bainc cheannais náisiúnta (BCE/2019/7) (IO L 113, 29.4.2019, lch. 11).