EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1166

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1166 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 a mhéid a bhaineann leis an dáta cur i bhfeidhm a chur siar le haghaidh cásanna caighdeánacha maidir le hoibríochtaí a dhéantar laistigh d’amharclíne súl nó lasmuigh di (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/5169

IO L 253, 16.7.2021, p. 49–50 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1166/oj

16.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 253/49


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1166 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Iúil 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 a mhéid a bhaineann leis an dáta cur i bhfeidhm a chur siar le haghaidh cásanna caighdeánacha maidir le hoibríochtaí a dhéantar laistigh d’amharclíne súl nó lasmuigh di

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 57 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 23(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 ón gCoimisiún (2), ón 2 Nollaig 2021, ní fhéadfaidh na Ballstáit glacadh le dearbhuithe arna ndéanamh ag oibreoirí UAS ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 5(5) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin le haghaidh oibríocht lena gcomhlíontar ceann amháin den dá chás chaighdeánacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(2)

Dar le monaróirí UAS, ionstraim thábhachtach atá sna caighdeáin chomhchuibhithe chun cur ar a gcumas UASanna comhlíontacha a chur ar an margadh.

(3)

Mar sin féin, ní bheidh fáil ar roinnt de na caighdeáin chomhchuibhithe a dhíríonn ar na ceanglais is infheidhme maidir le UAS d’aicme C5 agus d’aicme C6 faoin 2 Nollaig 2021.

(4)

Is gá, dá bhrí sin, an dáta cur i bhfeidhm a chur siar d’fhonn a áirithiú go mbeidh na caighdeáin chomhchuibhithe ar fáil lena dtugtar aghaidh ar na ceanglais is infheidhme maidir le UAS d’aicme C5 agus d’aicme C6, agus sin amháin, sula bhféadfaidh na Ballstáit glacadh le dearbhuithe le haghaidh oibríochtaí a chomhlíonann na cásanna caighdeánacha arna mbunú le Foscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947. Go dtí sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann glacadh le dearbhuithe arna ndéanamh ag oibreoirí UAS i gcomhréir le hAirteagal 5(5) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ach iad a bheith bunaithe ar chásanna caighdeánacha náisiúnta nó a gcomhionann.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 23 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4:

“2.   Beidh feidhm ag Airteagal 5(5) ón 3 Nollaig 2023.

3.   Beidh feidhm ag pointe (2)(g) de phointe UAS.OPEN.060 den Iarscríbhinn agus ag pointe (1)(l) de phointe UAS.SPEC.050 den Iarscríbhinn ón 1 Iúil 2022.

4.   Gan dochar d’Airteagal 21(1), go dtí an 2 Nollaig 2023, féadfaidh na Ballstáit glacadh le dearbhuithe arna ndéanamh ag oibreoirí UAS i gcomhréir le hAirteagal 5(5), bunaithe ar chásanna caighdeánacha náisiúnta nó a gcomhionann, má chomhlíonann na cásanna náisiúnta sin ceanglais phointe UAS.SPEC.020 den Iarscríbhinn.

Scoirfidh dearbhuithe den sórt sin de bheith bailí ón 2 Nollaig 2025.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2019 maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta le haghaidh oibriú aerárthaí gan foireann (IO L 152, 11.6.2019, lch. 45).


Top