EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0654

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a leagan síos (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2020/8703

IO L 137, 22.4.2021, p. 1–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/654/oj

22.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 137/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/654 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Nollaig 2020

lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a leagan síos

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 75(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 75(1) de Threoir (AE) 2018/1972, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh tarmligthe, uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna do sheirbhísí soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna do sheirbhísí seasta d’fhonn an t-ualach rialála a laghdú i ndul i ngleic le fadhbanna iomaíochta maidir le foirceannadh guthghlaonna mórdhíola go comhsheasmhach ar fud an Aontais. Leagtar amach na prionsabail, critéir agus paraiméadair ar cheart don Choimisiún cloí leo agus an gníomh tarmligthe á ghlacadh acu in Iarscríbhinn III den Treoir sin.

(2)

Tá an Rialachán seo gan dochar do chumhachtaí na nÚdarás Rialála Náisiúnta (NRAnna) chun sainmhíniú a dhéanamh ar na margaí ábhartha iomchuí do chúinsí náisiúnta, an tástáil trí chritéar a dhéanamh agus leigheasanna seachas rialú praghais i gcomhréir le hAirteagal 64(3), le hAirteagal 67 agus le hAirteagal 68 den Chód a fhorchur. Dá réir sin, ní bheidh tionchar ar na hoibleagáidí neamhphraghais a fhorchuireann na NRAnna faoi láthair ar oibreoirí le cumhacht margaidh suntasach i ndáil le seirbhísí foirceanta seasta nó soghluaiste nuair a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm, agus dá bhrí sin beidh siad bailí go dtí go ndéantar athbhreithniú orthu, i gcomhréir le rialacha an Aontais agus le rialacha náisiúnta.

(3)

Léiríonn cleachtas rialála go bhfuil ról ríthábhachtach ag an uimhir ar a bhfoirceanntar glaonna soghluaiste nó seasta in inionadaitheacht éilimh agus dinimicí iomaíocha i bhfoirceannadh guthghlaonna, dá bhrí sin is é sin an phríomhghné as a dtagann an mhonaplacht foirceanta atá mar bhun leis an ngá le rialáil. Dá bhrí sin, ba cheart gurb é an príomhchritéar a úsáidtear chun seirbhísí foirceanta a shainmhíniú an raon uimhreacha, i.e. cibé an seachadtar an glao chuig uimhir shoghluaiste, i gcás seirbhís foirceanta do ghuthghlaonna shoghluaiste, nó chuig cineálacha eile uimhreacha cosúil le huimhreacha tíreolaíocha agus uimhreacha áirithe neamh-thíreolaíocha, i gcás seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna seasta.

(4)

Ba cheart go n-áireofaí sna seirbhísí foirceanta seirbhísí arna gcur ar fáil trí aon teicneolaíocht a úsáidtear chun guthghlaonna a fhoirceannadh ag an soláthraí foirceanta amhail ar líonra 2G, 3G, 4G nó 5G agus/nó trí WiFi, nó aon chineál líonra seasta, beag beann ar bhunús an ghlao.

(5)

Baineann líonra an oibreora foirceanta ag idirnascadh le líonra amháin eile ar a laghad seachas a cheann féin le seirbhís foirceanta, bíodh sí soghluaiste nó seasta. Dá bhrí sin, ba cheart go mbreithneofaí soláthraithe seirbhísí foirceanta guthghlaonna amhail iad siúd a bhfuil rialú teicniúil agus an ceart dlíthiúil acu an uimhir ar glaodh uirthi a úsáid agus an glao a ródú chuig an bhfaighteoir.

(6)

Ba cheart go n-eisiafaí sa tseirbhís foirceanta na saoráidí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó oibreoirí áirithe nó i mBallstáit áirithe i gcomhair soláthar seirbhísí foirceanta. Ach, tá poirt idirnaisc, atá á rialáil faoi láthair in go leor Ballstát, ina ngnéithe ríthábhachtacha de sheirbhísí foirceanta d’aon oibreoir mar go bhfuil gá le cumas méadaithe i gcomhair idirnaisc le trácht ag méadú, agus dá bhrí sin ba cheart iad a áireamh sa sainmhíniú ar sheirbhís foirceanta. Níor cheart go ngearrfadh soláthraí seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna aon chostas seachas na rátaí ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo don tseirbhís iomlán chun glao a fhoirceannadh le húsáideoir ar a líonra.

(7)

Ní fheidhmíonn seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna chuig uimhreacha neamh-thíreolaíocha áirithe, amhail iad siúd a úsáidtear i gcomhair seirbhísí príomhráta, seirbhísí saor in aisce agus seirbhísí costas comhroinnte (dá ngairtear freisin “seirbhísí breisluacha”), amhail seirbhísí foirceanta “traidisiúnta” i gcás ina bhfuil monaplacht ag na hoibreoirí a fhoirceannann an glao. Tá roinnt cumhacht margála ag soláthraithe na seirbhísí sin, agus tá siad in ann idirbheartaíocht a dhéanamh ar an ráta foirceanta mar chuid den chomhaontú comhroinnte ioncaim. Dá bhrí sin, tá srianta áirithe roimh sholáthraithe foirceanta agus táillí á socrú acu d’fhoirceannadh glaonna chuig na huimhreacha neamh-thíreolaíocha seo, murab ionann agus foirceannadh glaonna chuig uimhreacha tíreolaíocha nó soghluaiste. Dá bhrí sin, ba cheart foirceannadh glaonna chuig uimhreacha den chineál sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ní úsáidtear, i bhformhór cásanna, raonta uimhreacha sonrach do chumarsáidí meaisín le meaisín (M2M), chun cumarsáidí idirphearsanta a sholáthar, mar gheall gur trácht sonraí agus ní gutha atá i gceist, agus dá bhrí sin níor cheart iad a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo atá teoranta do chumarsáidí gutha.

(8)

Léiríonn seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna do ghlaonna chuig cineálacha eile uimhreacha neamh-thíreolaíocha, amhail iad siúd a úsáidtear i gcomhair seirbhísí fánaíochta seasta agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála, saintréithe monaplacht foirceanta, agus soláthraítear iad thar bhonneagar seasta. Dá bhrí sin, ba cheart go dtiocfaidís faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus go gcaithfí leo amhail seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna seasta.

(9)

Ní féidir roinnt seirbhísí guthghlaonna arna soláthar ag oibreoirí a rangú mar sheirbhísí soghluaiste nó seirbhísí seasta amháin ach is seirbhísí hibride iad. Sampla de na seirbhísí hibride sin is ea seirbhísí “crios baile”, trína seachadtar glaonna go hiondúil chuig uimhir sheasta thar líonra soghluaiste. De réir an tsainmhínithe ar sheirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna inarb í an uimhir a ghlaoitear uirthi an critéar cinntitheach, ba cheart caitheamh le seirbhísí hibride den sórt sin amhail seirbhísí soghluaiste nó seasta ag brath ar an uimhir ar glaodh uirthi.

(10)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rátaí rialaithe do sheirbhísí foirceanta guthghlaonna le glaonna a thionscnaítear agus a fhoirceanntar ó uimhir a áirítear i bpleananna uimhreacha náisiúnta a chomhfhreagraíonn do chóid tíre E.164 do limistéir gheografacha a bhaineann le críoch an Aontais (uimhreacha Aontais). Is ionann uimhreacha tríú tír agus gach uimhir seachas uimhreacha Aontais. Bheadh an baol ann go mbainfí an bonn de chuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe iad siúd lena n-áirithítear comhtháthú margaidh inmheánaigh, dá n-áireofaí glaonna a thionscnaítear i dtríú tíortha agus a fhoirceanntar chuig uimhir Aontais, i gcás ina ngearrann oibreoirí tríú tír rátaí foirceanta níos airde ná na huasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna nó sa chás nach ndéantar rialáil ar na rátaí foirceanta sin i gcomhréir le prionsabail chost-éifeachtúla atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach in Airteagal 75 agus in Iarscríbhinn III den Chód.

(11)

Is dóchúil go mbeadh sé de thoradh ag meascán de rátaí foirceanta ísle rialaithe a thionscnaítear ó uimhreacha tríú tír agus a fhoirceanntar chuig uimhreacha Aontais agus rátaí foirceanta arda agus neamh-chost-éifeachtúla i gcomhair glaonna chuig uimhreacha tríú tír go mbeadh rátaí foirceanta níos airde ann do ghlaonna a thionscnófaí ó uimhreacha Aontais agus a fhoirceannfaí chuig uimhreacha tríú tír, rud a d’imreodh tionchar diúltach ar tharaifí miondíola san Aontais agus ar struchtúr costais oibreoirí an Aontais. Dá mbeadh céimeanna difriúla nochta ag oibreoirí Aontais le glaonna foirceanta ag oibreoirí tríú tír mar sin a ghearrann rátaí arda agus rátaí neamh-chost-éifeachtúla, bheadh éagothroime i struchtúir chostais oibreoirí an Aontais mar gheall ar thosca taobh amuigh de rialú na n-oibreoirí féin. Is dóchúil go gcoiscfeadh sé sin teacht chun cinn tairiscintí miondíola uile-Eorpacha ar a n-áirítear glaonna chuig uimhreacha tríú tír áirithe, de bharr rátaí foirceanta níos airde do ghlaonna chuig na tíortha sin, a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar thomhaltóirí agus gnólachtaí go háirithe san Aontas. Thairis sin, shaobhódh sé iomaíocht mar go mbeadh coinníollacha iomaíocha difriúla roimh oibreoirí difriúla Aontais, a shaobhódh cumas agus dreasachtaí infheistíochta freisin ar fud an Aontais (i dtaobh infheistíocht in oibreoirí agus ag oibreoirí), mar gheall ar an tionchar neamhshiméadrach a bheadh ag an nochtadh do rátaí foirceanta arda i gcomhair glaonna chuig uimhreacha tríú tír. Bheadh na tionchair sin ar fad in aghaidh chuspóirí an Rialacháin seo, a bhfuil sé i gceist leo comhtháthú an mhargaidh aonair a chur chun cinn trí shaobhadh a bhaint idir oibreoirí mar gheall ar rátaí foirceanta tabhaithe i bhfad os cionn an chostais.

(12)

Agus é mar aidhm uasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna a chur i bhfeidhm ar bhealach oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus chun eisiamh glaonna a thionscnaítear ó uimhreacha tríú tír a theorannú chuig an méid a bhfuil fíorghá leo lena áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an mhargaidh inmheánaigh agus chun comhréireacht a áirithiú, ba cheart go mbeadh feidhm ag na rátaí arna leagan amach ag an Rialachán seo ar ghlaonna a thionscnaítear ó uimhreacha tríú tír agus a fhoirceanntar chuig uimhreacha Aontais i gcás ina bhfuil na rátaí foirceanta arna gcur i bhfeidhm ag soláthraithe tríú tír seirbhísí foirceanta guthghlaonna ar ghlaonna a thionscnaítear ó uimhreacha Aontais ag leibhéal cothrom leis na huasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna arna leagan amach ag an Rialachán seo nó faoi na rátaí sin. I rith na hidirthréimhse do rátaí foirceanta guthghlaonna seasta in 2021 agus i rith na conaire eitilte do rátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste (ó 2021 go 2023), is iad na huasrátaí foirceanta soghluaiste ábhartha a spreagfaidh an sásra seo iad siúd arna leagan amach i míreanna 2 go 5 d’Airteagal 4 den Rialachán. Is iad na huasrátaí foirceanta seasta ábhartha a spreagfaidh an sásra seo in 2021 iad siúd a leagtar amach in Airteagal 5(2) den Rialachán Tarmligthe. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna san Aontas na rátaí sin a chur i bhfeidhm ar bhonn na rátaí arna gcur i bhfeidhm nó arna moladh ag soláthraithe seirbhísí foirceanta guthghlaonna i dtríú tíortha.

(13)

Ós rud é nach mbeidh soláthraithe seirbhísí foirceanta guthghlaonna an Aontais in ann fios a bheith acu i gcónaí faoi leibhéal an ráta foirceanta a chuireann oibreoirí tríú tír i bhfeidhm, ba cheart gurb é an t-oibreoir sa tríú tír a chuirfeadh faisnéis infhíoraithe ar fáil chun leibhéal an ráta foirceanta a chuirtear ar fáil a chruthú. I gcás ina n-athdhíolann soláthraithe idirthurais (nó idirghabhálaithe eile) seirbhísí foirceanta le hoibreoirí Aontais, ba é an ráta foirceanta a chuirfí i bhfeidhm nó a thairgfeadh na soláthraithe idirthurais sin an ceann ábhartha lena chinneadh an bhfuil sé cothrom leis na huasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna arna mbunú leis an Rialachán seo nó níos ísle.

(14)

Nuair a ghearrann oibreoirí tríú tír rátaí ar ghlaonna a thionscnaítear ó uimhreacha Aontais agus a fhoirceanntar chuig uimhreacha tríú tír atá níos airde ná rátaí foirceanta uile-Aontais, ba cheart go gcuirfí i bhfeidhm freisin na rátaí arna leagan amach ag an Rialachán seo do ghlaonna a thionscnaítear ó uimhreacha tríú tír agus a fhoirceanntar chuig uimhreacha Aontais, i gcás ina gcinneann an Coimisiún, bunaithe ar an bhfaisnéis a chuireann na tríú tíortha sin ar fáil don Choimisiún, go bhfuil rialáil na rátaí foirceanta sna tíortha sin bunaithe ar phrionsabail coibhéiseach leo siúd arna leagan amach in Airteagal 75 de Threoir (AE) 2018/1972 agus Iarscríbhinn III leis sin. Ba cheart an liosta tríú tíortha a shásaíonn na ceanglais sin a áireamh sa Rialachán seo ina dhiaidh sin agus ba cheart é a thabhairt cothrom le dáta go cuí.

(15)

Mar gheall go sainíonn túsphointe an ghlao cibé an bhfuil feidhm ag rátaí foirceanta uile-Aontais nó nach bhfuil, tá sé ríthábhachtach go mbeadh oibreoirí Aontais in ann tír thionscnaimh an ghlaoiteora a shainaithint. Chun na críche sin, féadfaidh oibreoirí brath ar an gcód tíre laistigh den aitheantas glaoiteora (CLI). D’fhonn a áirithiú go gcuirtear an Rialachán chun feidhme i gceart, ba cheart go bhfaigheadh oibreoirí Aontais CLI bailí sannta do gach glao isteach. Dá réir sin, ní bheadh ceangal ar oibreoirí Aontais chun rátaí foirceanta uile-Aontais a chur chun feidhme ar fhoirceannadh glaonna dá mbeadh CLI ar lár, neamhbhailí nó calaoiseach.

(16)

D’fhonn meastachán a dhéanamh ar chostas éifeachtach guthghlao a fhoirceannadh ar líonra soghluaiste nó seasta hipitéiseach san Aontas i gcomhréir leis na prionsabail arna leagan amach in Airteagal 75(1) de Threoir (AE) 2018/1972 agus Iarscríbhinn III leis sin, forbraíodh dhá shamhail chostais, eadhon d’fhoirceannadh soghluaiste agus seasta, agus costais i ngach Ballstát á gcur san áireamh.

(17)

Bunaithe ar an aiseolas ar chostais i ngach Ballstát a fuarthas tríd an bpróiseas comhairliúcháin, cuireadh na samhlacha costais i gcrích do líonraí soghluaiste agus seasta araon. De bhun Iarscríbhinn III le Treoir (AE) 2018/1972, sheachaid na samhlacha costais rátaí ar bhonn aisghabháil na gcostas a thabhaigh oibreoir éifeachtach. Dá bhrí sin, níl na rátaí bunaithe ach ar na costais incriminteacha a bhaineann le seirbhís foirceanta guthghlaonna mórdhíola a sholáthar, i.e. na costais sin amháin a bhaineann le trácht, a ndéanfaí iad a sheachaint in éagmais seirbhís foirceanta guthghlaonna mórdhíola.

(18)

Bunaíodh na huasrátaí aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus seasta mar thagairt don chostas éifeachtach sa tír is airde costas de réir na samhlacha costais a coimisiúnaíodh, ag áirithiú dá bhrí sin phrionsabal na haisghabhála costais ar fud an Aontais, agus ina dhiaidh sin ag cur mion-raon difríochta sábháilteachta leis chun cuntas a ghlacadh do mhíchruinnis fhéideartha sna samhlacha costais.

(19)

Ba cheart go dtosódh feidhm na n-uasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna arna mbunú leis an Rialachán seo 2 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm, d’fhonn a áirithiú go mbíonn an t-am riachtanach ag oibreoirí chun a gcuid faisnéise, sonrasctha agus córais chuntasaíochta a choigeartú, agus na hathruithe riachtanacha a dhéanamh ar na comhaontuithe idirnaisc.

(20)

I gcás ina mbíonn na meánrátaí foirceanta guthghlaonna reatha san Aontas i bhfad níos airde ná na rátaí atá le cur i bhfeidhm sa todhchaí, i.e. na huasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna mar a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart conair eitilte, ar cleachtas rialála comhchoiteann é, a chur i bhfeidhm. Sna cásanna sin, ba cheart gur uirlis éifeachtach a bheadh sa chonair eitilte chun cur i bhfeidhm na rátaí níos ísle a dhéanamh níos réidhe i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

(21)

Ag cur meánrátaí foirceanta reatha do ghuthghlaonna ar fud na mBallstát san áireamh, ba cheart conair eitilte a cheapadh chun an t-uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste a shroicheadh. D’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir cur chun feidhme tapa agus an gá le suaitheadh suntasach d’oibreoirí a sheachaint, ba cheart go dtosódh an chonair eitilte ag leibhéal gar do na meánrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste reatha agus teacht anuas go bliantúil thar thréimhse 3 bliana sula sroichfidh sé an t-uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste in 2024.

(22)

Dá bhrí sin, bunaítear conair eitilte 3 bliana leis an Rialachán seo, ag sroicheadh uasráta foirceanta aonair uile-Aontais cost-éifeachtúil do ghuthghlaonna soghluaiste in 2024. Níor cheart go mbeadh gá le hidirthréimhse i gcás soláthraithe sna Ballstáit a chuireann rátaí i bhfeidhm os cionn na n-uasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste aonair uile-Aontais do 2021, fad a chomhlíonann an chonair eitilte an cuspóir chun tionchar chur i bhfeidhm an uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste a éascú.

(23)

I roinnt Ballstát tá uasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste rialaithe reatha faoi bhun na rátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste a leagadh amach do 2021, 2022 agus 2023 de thoradh na conaire eitilte, agus gar don uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste. D’fhonn méaduithe féideartha i bpraghsanna miondíola a sheachaint sna Ballstáit sin, mar thoradh ar mhéadú sealadach ar rátaí foirceanta soghluaiste rialaithe, ba cheart go mbeadh sé indéanta leanúint le cur i bhfeidhm na rátaí foirceanta do ghuthghlaonna rialaithe reatha sna Ballstáit sin go dtí an bhliain a bhíonn an t-uasráta foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste a leagtar amach sa Rialachán seo don bhliain sin ag leibhéal atá cothrom nó níos ísle ná rátaí foirceanta reatha na mBallstát sin don bhliain sin.

(24)

Ó tharla go bhfuil an difríocht idir meán na rátaí foirceanta seasta agus an t-uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta mar a leagtar amach sa Rialachán seo níos lú ná an difríocht idir na rátaí foirceanta soghluaiste, níor cheart go mbeadh gá le conair eitilte i gcás foirceannadh guthghlaonna seasta. Ach, ba cheart go mbeadh sé iomchuí idirthréimhse a dheonú do Bhallstáit áirithe chun aistriú réidh chuig an uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a áirithiú agus aon mhoill gan ghá lena chur i bhfeidhm a sheachaint.

(25)

Bunaithe ar na rátaí foirceanta seasta reatha i mBallstáit áirithe agus leibhéal an uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta mar a leagtar amach sa Rialachán seo, tá bunús le hidirthréimhse a dheonú do roinnt Ballstát. Ba cheart go dtosódh an idirthréimhse ón dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm agus ba cheart go dtiocfadh deireadh leis an 31 Nollaig 2021. I rith na hidirthréimhse, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag rátaí sonracha, difriúil leis an uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta, sna Ballstáit lena mbaineann.

(26)

Sna Ballstáit sin ina bhfuil rátaí foirceanta seasta reatha i bhfad níos airde ná an t-uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta, tá bunús le hidirthréimhse a dheonú chun coigeartú de réir a chéile ar na rátaí sin a cheadú. I ngach Ballstát seachas péire i gcás ina bhfuil na rátaí foirceanta do ghuthghlaonna seasta reatha os cionn EUR 0,0875 cent (an t-uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta móide 25 %), ba cheart go mbeadh an t-uasráta foirceanta do ghuthghlaonna seasta in 2021 cothrom lena rátaí reatha arna laghdú faoi 20 %. Sa Pholainn agus san Fhionlainn, nach bhfuil na prionsabail arna leagan amach i Moladh 2009/396/CE ón gCoimisiún (2) á leanúint acu go fóill agus a bhfuil uasrátaí foirceanta seasta an-ard acu faoi láthair, ní bheadh laghdú 20 % ina chéim leordhóthanach i dtreo an uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh a ráta don idirthréimhse cothrom le ráta an Bhallstáit leis an ráta is airde i rith na hidirthréimhse, seachas an dá Bhallstát sin. Do na Ballstáit eile ina bhfuil rátaí foirceanta seasta reatha faoin uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta, nó i gcás ina dtabharfadh laghdú 20 % chuig an uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta nó faoin ráta sin iad, níor cheart aon idirthréimhse a bhunú.

(27)

Chuathas i gcomhairle le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) i gcomhréir le hAirteagal 75(1) de Rialachán (AE) 2018/1972 agus thug sé a thuairim uaidh an 15 Deireadh Fómhair 2020.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leagtar amach sa Rialachán seo uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta, le gearradh ag soláthraithe seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna i gcomhair soláthar seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste agus seasta.

2.   Tá an Rialachán seo gan dochar do chumhachtaí na n-údarás rialála náisiúnta faoi Airteagail 64(3), 67 agus 68 de Threoir (AE) 2018/1972.

3.   Beidh feidhm ag Airteagail 4 agus 5 ar ghlaonna a thionscnaítear ó uimhreacha Aontais agus a fhoirceanntar chuig uimhreacha Aontais.

4.   Beidh feidhm ag Airteagail 4 agus 5 freisin ar ghlaonna a thionscnaítear ó uimhreacha tríú tír agus a fhoirceanntar chuig uimhreacha Aontais i gcás ina sásaítear ceann den dá choinníoll seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbaineann soláthraí seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna i dtríú tír le glaonna a thionscnaítear ó uimhreacha Aontais, rátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste nó seasta cothrom le nó níos ísle ná na huasrátaí foirceanta a leagtar amach in Airteagail 4 nó 5 faoi seach d’fhoirceannadh soghluaiste nó seasta, do gach bliain agus gach Ballstát, ar bhonn na rátaí arna gcur i bhfeidhm nó arna moladh ag soláthraithe seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna i dtríú tíortha chuig soláthraithe seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna san Aontas; nó

(b)

nuair:

i.

a chinneann an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a chuireann tríú tír ar fáil, go rialaítear rátaí foirceanta do ghuthghlaonna a thionscnaítear ó uimhreacha Aontais agus a fhoirceanntar chuig uimhreacha an tríú tír sin i gcomhréir le prionsabail atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach in Airteagal 75 de Threoir (AE) 2018/1972 agus Iarscríbhinn III leis sin; agus

ii.

a liostaítear an tríú tír sin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

5.   Tuigfear Airteagail 4 agus 5 mar tháillí in aghaidh an nóiméid (gan CBL) agus gearrfar ar bhonn in aghaidh an tsoicind iad.

Airteagal 2

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “seirbhís foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste” an tseirbhís mhórdhíola a theastaíonn chun glaonna chuig uimhreacha soghluaiste a fhoirceannadh a bhfuil saoráidí uimhreacha sannta dóibh go poiblí, eadhon uimhreacha ó phleananna uimhreacha náisiúnta, arna gcur ar fáil ag oibreoirí a bhfuil sé de chumas acu foirceannadh a rialú agus rátaí foirceanta do ghlaonna chuig uimhreacha den chineál sin a shocrú, i gcás ina bhfuil idirnasc le líonra amháin ar a laghad, gan beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear, lena n-áirítear poirt idirnaisc;

(b)

ciallaíonn “seirbhís foirceanta do ghuthghlaonna seasta” an tseirbhís mhórdhíola a theastaíonn chun glaonna chuig uimhreacha tíreolaíocha agus neamh-thíreolaíocha a úsáidtear i gcomhair seirbhísí fánaíochta seasta agus chun rochtain a fháil ar sheirbhísí éigeandála, a bhfuil saoráidí uimhreacha sannta dóibh go poiblí, eadhon uimhreacha ó phleananna uimhreacha náisiúnta, arna gcur ar fáil ag oibreoirí a bhfuil sé de chumas acu foirceannadh a rialú agus rátaí foirceanta do ghlaonna chuig uimhreacha den chineál sin a shocrú, i gcás go bhfuil idirnasc le líonra amháin ar a laghad, gan beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear, lena n-áirítear poirt idirnaisc;

(c)

Ciallaíonn “uimhir Aontais” uimhir ó phleananna uimhreacha náisiúnta a chomhfhreagraíonn do chóid tíre E.164 do limistéir gheografacha a bhaineann le críoch an Aontais.

Airteagal 3

1.   Ní ghearrfaidh soláthraí seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste nó seasta aon ráta níos airde ná an t-uasráta foirceanta do ghuthghlaonna ábhartha don tseirbhís foirceanta guthghlao don úsáideoir deiridh nó ar a líonra dá bhforáiltear in Airteagail 4 agus 5.

2.   I gcás ina bhfuil rátaí foirceanta do ghuthghlaonna reatha socraithe in airgeadra seachas an euro, tiontófar na huasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste agus seasta faoi Airteagail 4(1), 4(2), 4(4), 4(5) agus 5(1) chuig an airgeadra náisiúnta trí chur i bhfeidhm mheán na rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú an 1 Eanáir, an 1 Feabhra agus an 1 Márta 2021 ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   Déanfar athbhreithniú go bliantúil ar na huasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste agus seasta a ainmnítear in airgeadra seachas an euro agus tabharfar cothrom le dáta iad faoin 1 Eanáir gach bliain, leis an meán is deireanaí den ráta malairte tagartha arna bhfoilsiú an 1 Meán Fómhair, an 1 Deireadh Fómhair agus an 1 Samhain ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

1.   Is ionann an t-uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus EUR 0,2 cent in aghaidh an nóiméid.

2.   De mhaolú ó mhír 1, féadfaidh soláthraithe seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste na huasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

ón 1 Iúil 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021, i mBallstáit seachas iad siúd arna lua i mír 3: EUR 0,7 cent in aghaidh an nóiméid;

(b)

ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022, i mBallstáit seachas iad siúd arna lua i mír 4: EUR 0,55 cent in aghaidh an nóiméid;

(c)

ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023, i mBallstáit seachas iad siúd arna lua i mír 5: EUR 0,4 cent in aghaidh an nóiméid.

3.   De mhaolú ó mhír 1, ón 1 Iúil 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021, féadfaidh soláthraithe seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste na huasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste seo a leanas a chur i bhfeidhm sna Ballstáit seo a leanas:

(a)

HRK 0,045 in aghaidh an nóiméid sa Chróit;

(b)

EUR 0,20 cent in aghaidh an nóiméid sa Chipir;

(c)

DKK 0,0385 in aghaidh an nóiméid sa Danmhairg;

(d)

EUR 0,622 cent in aghaidh an nóiméid sa Ghréig;

(e)

HUF 1,71 in aghaidh an nóiméid san Ungáir;

(f)

EUR 0,43 cent in aghaidh an nóiméid in Éirinn;

(g)

EUR 0,67 cent in aghaidh an nóiméid san Iodáil;

(h)

EUR 0,4045 cent in aghaidh an nóiméid i Málta;

(i)

EUR 0,581 cent in aghaidh an nóiméid san Ísiltír;

(j)

EUR 0,36 cent in aghaidh an nóiméid sa Phortaingéil;

(k)

EUR 0,64 cent in aghaidh an nóiméid sa Spáinn;

(l)

SEK 0,0216 in aghaidh an nóiméid sa tSualainn.

4.   De mhaolú ó mhír 1, ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022, féadfaidh soláthraithe seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste na huasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste seo a leanas a chur i bhfeidhm sna Ballstáit seo a leanas:

(a)

EUR 0,20 cent in aghaidh an nóiméid sa Chipir;

(b)

EUR 0,52 cent in aghaidh an nóiméid sa Danmhairg;

(c)

EUR 0,47 cent in aghaidh an nóiméid san Ungáir;

(d)

EUR 0,43 cent in aghaidh an nóiméid in Éirinn;

(e)

EUR 0,40 cent in aghaidh an nóiméid i Málta;

(f)

EUR 0,36 cent in aghaidh an nóiméid sa Phortaingéil;

(g)

EUR 0,21 cent in aghaidh an nóiméid sa tSualainn.

5.   De mhaolú ó mhír 1, ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023, féadfaidh soláthraithe seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste na huasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste seo a leanas a chur i bhfeidhm sna Ballstáit seo a leanas:

(a)

EUR 0,20 cent in aghaidh an nóiméid sa Chipir;

(b)

EUR 0,36 cent in aghaidh an nóiméid sa Phortaingéil;

(c)

EUR 0,21 cent in aghaidh an nóiméid sa tSualainn.

Airteagal 5

1.   Is ionann an t-uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta agus EUR 0,07 in aghaidh an nóiméid.

2.   De mhaolú ó mhír 1, ón 1 Iúil 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021, féadfaidh soláthraithe seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna seasta na huasrátaí i gcomhair seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna seasta seo a leanas a chur i bhfeidhm sna Ballstáit seo a leanas:

(a)

EUR 0,089 cent in aghaidh an nóiméid san Ostair;

(b)

EUR 0,093 cent in aghaidh an nóiméid sa Bheilg;

(c)

HRK 0,0057 in aghaidh an nóiméid sa Chróit;

(d)

CZK 0,0264 in aghaidh an nóiméid sa tSeicia;

(e)

EUR 0,111 cent in aghaidh an nóiméid san Fhionlainn;

(f)

EUR 0,076 cent in aghaidh an nóiméid sa Laitvia;

(g)

EUR 0,072 cent in aghaidh an nóiméid sa Liotuáin;

(h)

EUR 0,110 cent in aghaidh an nóiméid i Lucsamburg;

(i)

EUR 0,111 cent in aghaidh an nóiméid san Ísiltír;

(j)

PLN 0,005 in aghaidh an nóiméid sa Pholainn;

(k)

EUR 0,078 cent in aghaidh an nóiméid sa Rómáin;

(l)

EUR 0,078 cent in aghaidh an nóiméid sa tSlóvaic.

Airteagal 6

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Nollaig 2020.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 321, 17.12.2018, lch. 36.

(2)  Moladh 2009/396/CE ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2009 maidir le Cóireáil Rialála Rátaí Foirceanta Seasta agus Soghluaiste san Aontas (IO L 124, 20.5.2009, lch. 67).


IARSCRÍBHINN

Liosta tríú tíortha de bhun Airteagal 1(4)(b) den Rialachán seo:

1.


Top