EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020L1756

Treoir (AE) 2020/1756 ón gComhairle an 20 Samhain 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha a mhéid a bhaineann le daoine inchánach i dTuaisceart Éireann a shainaithint

IO L 396, 25.11.2020, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/1756/oj

25.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 396/1


TREOIR (AE) 2020/1756 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Samhain 2020

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha a mhéid a bhaineann le daoine inchánach i dTuaisceart Éireann a shainaithint

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis di an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020 ar bhonn an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”). Leis an gComhaontú um Tharraingt Siar déantar foráil maidir le hidirthréimhse a chríochnóidh an 31 Nollaig 2020. Go dtí an dáta sin, tá na forálacha i ndlí an Aontais maidir le cáin bhreisluacha (“CBL”) le bheith infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe. Tar éis na hidirthréimhse sin, níl feidhm le bheith ag na forálacha i ndlí an Aontais maidir le CBL maidir leis an Ríocht Aontaithe ná sa Ríocht Aontaithe a thuilleadh.

(2)

Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 8 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Prótacal”), ar dlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é, tá forálacha i ndlí an Aontais maidir le CBL mar a liostaítear in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le hearraí le leanúint d’fheidhm a bheith acu i dTuaisceart Éireann (3) tar éis na hidirthréimhse d’fhonn teorainn chrua idir Éire agus Tuaisceart Éireann a sheachaint.

(3)

Dá bhrí sin, beidh daoine inchánach agus daoine dlítheanacha áirithe neamh-inchánach faoi réir fhorálacha i ndlí an Aontais maidir le CBL d’idirbhearta in earraí i dTuaisceart Éireann, ach beidh siad faoi réir fhorálacha i reachtaíocht na Ríochta Aontaithe maidir le CBL i gcás gach idirbheart eile sa Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear i ndáil le Tuaisceart Éireann.

(4)

Ionas go bhfeidhmeoidh córas CBL an Aontais mar is ceart, tá sé ríthábhachtach go ndeonaítear uimhir aitheantais CBL ar leith do gach duine inchánach a dhéanann earraí a sholáthar i dTuaisceart Éireann agus do gach duine inchánach, nó duine dlítheanach neamh-inchánach, a dhéanann earraí a fháil laistigh den Chomhphobal mar a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 214(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (4), nó do dhuine inchánach d’fhonn na scéimeanna speisialta roghnacha le haghaidh daoine inchánach atá i mbun ciandíolachán earraí a bheith in úsáid.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart uimhreacha aitheantais CBL ar leith a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann, uimhreacha a bhfuil réimír shonrach acu chun idirdhealú a dhéanamh idir daoine inchánach agus daoine dlítheanacha neamh-inchánach a bhfuil a n-idirbhearta in earraí atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann faoi réir fhorálacha i ndlí an Aontais maidir le CBL, ar thaobh amháin, agus daoine a bhíonn ag cur idirbhearta eile i gcrích ar ina leith a shainaithnítear iad chun críocha CBL sa Ríocht Aontaithe.

(6)

Go hiondúil, tá réimíreanna uimhreacha aitheantais CBL san Aontas bunaithe ar chód ISO 3166 – alfa 2 – lenar féidir an Ballstát eisiúna a shainaithint. Níl aon chód sonrach ag Tuaisceart Éireann faoin gcóras sin, ach déantar foráil le ISO don fhéidearthacht cóid-X a úsáid le haghaidh críocha nach bhfuil cód sonrach acu. Dá bhrí sin, is iomchuí an cód “XI” a bheartú do Thuaisceart Éireann.

(7)

Ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 215 de Threoir 2006/112/CE, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“Úsáidfear an réimír ‘XI’ i dtaca le Tuaisceart Éireann”.

Airteagal 2

1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2020. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna ina ndéanfar tagairt den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh sa Bhruiséil, 20 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Tuairim an 11 Samahin (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil)

(2)  Tuairim an 29 Deireadh Fómhair (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil)

(3)  Faoi réir an toilithe dhaonlathaigh i dTuaisceart Éireann i leith chur i bhfeidhm leanúnach Airteagail 5 go 10 dá dtagraítear in Airteagal 18(1) den Phrótacal.

(4)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).


Top