Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1650

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1650 ón gComhairle an 6 Samhain 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise

    IO L 370I, 6.11.2020, p. 9–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 06/11/2020

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2020/1650/oj

    6.11.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 370/9


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2020/1650 ÓN gCOMHAIRLE

    an 6 Samhain 2020

    lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

    Ag féachaint do na tograí ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise.

    (2)

    An 9 Lúnasa 2020, reáchtáladh toghcháin uachtaránachta sa Bhealarúis, ar toghcháin iad a bhfuarthas nach raibh siad i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus gur milleadh iad i ngeall ar an mbrú faoi chois a rinneadh ar iarrthóirí neamhspleácha agus ar an gcniogbheartaíocht bhrúidiúil a imríodh ar agóideoirí síochánta i ndiaidh na dtoghchán sin. An 11 Lúnasa 2020, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) dearbhú thar ceann an Aontais inar tugadh an mheasúnacht nach raibh na toghcháin saor ná cóir. Luadh freisin gurbh fhéidir bearta a dhéanamh i gcoinne na ndaoine a bhí freagrach as foréigean, gabhálacha gan údar agus as torthaí na dtoghchán a fhalsú.

    (3)

    An 2 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1388 (2) inar ainmníodh 40 duine a sainaithníodh a bheith freagrach as cos ar bolg agus imeaglú ar léirsitheoirí síochánta, baill an fhreasúra agus iriseoirí tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020 sa Bhealarúis, agus as an místiúradh a rinne an Coimisiún Lárnach Toghchán ar an bpróiseas toghchánach do na toghcháin sin.

    (4)

    An 24 Meán Fómhair 2020, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais, inar dúradh nach raibh aon dlisteanacht dhaonlathach ag roinnt leis an “insealbhú” mar a tugadh air ná leis an sainordú nua a d’éiligh Aleksandr LUKASHENKO. Athdhearbhaíodh go láidir sa ráiteas go raibh an tAontas ag súil nach ndéanfadh údaráis na Bealarúise tuilleadh cos ar bolg agus foréigin i gcoinne mhuintir na Bealarúise agus go ndéanfaidís gach duine atá á choinneáil, lena n‐áirítear príosúnaigh pholaitiúla, a scaoileadh saor láithreach, gan choinníoll.

    (5)

    I bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa Bhealarúis, mar thoradh ar an gcos ar bolg leanúnach ar an tsochaí shibhialta agus ar ghníomhaithe sa fhreasúra, ba cheart Aleksandr LUKASHENKO agus 14 duine eile a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n‐eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES.

    (6)

    Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear leis seo an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Samhain 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. ROTH


    (1)  IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1388 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (IO L 319I, 2.10.2020, lch. 13).


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear na daoine seo a leanas leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES:

     

    Ainmneacha

    Tras-scríobh an litrithe Bealarúisise

    Tras-scríobh an litrithe Rúisise

    Ainmneacha

    (litriú Bealarúisise)

    Ainmneacha

    (litriú Rúisise)

    Faisnéis

    aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    “45.

    Aliaksandr Ryhoravich LUKASHENKA

    Alexandr Grigorievich LUKASHENKO

    Аляксандр Рыгоравiч ЛУКАШЭНКА

    Александр Григорьевич ЛУКАШЕНКО

    President of the Republic of Belarus (Uachtarán Phoblacht na Bealarúise)

    Dáta breithe: 30.8.1954

    Áit bhreithe: Kopys settlement, Vitebsk/Viciebsk Oblast, iar-USSR (Belarus sa lá atá inniu ann)

    Inscne: fireann

    Ina cháil mar Uachtarán na Bealarúise agus údarás aige ar chomhlachtaí Stáit, tá sé freagrach as cos ar bolg foréigneach a rinne orgáin an stáit roimh thoghchán uachtaránachta 2020 agus ina dhiaidh, go háirithe maidir le hiarrthóirí lárnacha sa fhreasúra a bhriseadh as a bpost, gabhálacha treallacha agus drochíde ar léirsitheoirí síochánta mar aon le himeaglú agus foréigean ar iriseoirí.

    46.

    Viktar Aliaksandravich LUKASHENKA

    Viktor Aleksandrovich LUKASHENKO

    Вiктар Аляксандравiч ЛУКАШЭНКА

    Виктор Александрович ЛУКАШЕНКО

    Comhairleoir Slándála Náisiúnta don Uachtarán, Comhalta den Security Council

    Dáta breithe: 28.11.1975

    Áit bhreithe: Mogilev/Mahiliou (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

    Inscne: fireann

    Ina phost mar Chomhairleoir Slándála Náisiúnta don Uachtarán agus mar Chomhalta den Security Council, chomh maith lena shuíomh neamhfhoirmiúil faireacháin ar fhórsaí slándála na Bealarúise, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde, céasadh san áireamh, ar léirsitheoirí síochánta go háirithe mar chuid de, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

    47.

    Ihar Piatrovich SERGYAENKA

    Igor Petrovich SERGEENKO

    Iгар Пятровiч СЕРГЯЕНКА

    Игорь Петрович СЕРГЕЕНКО

    Ceann Foirne ar an Riarachán Uachtaránachta

    Dáta breithe: 14.1.1963

    Áit bhreithe: sráidbhaile Stolitsa in Vitebsk/Viciebsk Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

    Inscne: fireann

    Ina phost mar Cheann Foirne ar an Riarachán Uachtaránachta, tá dlúthbhaint aige leis an Uachtarán agus is é atá freagrach as cur chun feidhme na gcumhachtaí uachtaránachta a áirithiú i réimse na mbeartas intíre agus seachtrach. Mar sin tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka, lena n‐áirítear an feachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020.

    48.

    Ivan Stanislavavich TERTEL

    Ivan Stanislavovich TERTEL

    Iван Станiслававiч ТЭРТЭЛЬ

    Иван Станиславович ТЕРТЕЛЬ

    Cathaoirleach KGB, iar-Chathaoirleach ar an State Control Committee

    Dáta breithe: 8.9.1966

    Áit bhreithe: sráidbhaile Privalki/Privalka in Hrodna/Grodno Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

    Inscne: fireann

    Ina phost ceannaireachta mar Chathaoirleach ar an State Security Committee KGB agus sa phost a bhí aige mar Chathaoirleach ar an State Control Committee, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde, céasadh san áireamh, ar léirsitheoirí síochánta go háirithe mar chuid de, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

    49.

    Raman Ivanavich MELNIK

    Roman Ivanovich MELNIK

    Раман Iванавiч МЕЛЬНIК

    Роман Иванович МЕЛЬНИК

    Ceann an Main Directorate of Law and Order Protection and Prevention ag an Aireacht Gnóthaí Baile

    Dáta breithe: 29.5.1964

    Inscne: fireann

    Ina phost ceannaireachta mar Cheann an Main Directorate of Law and Order Protection and Prevention ag an Aireacht Gnóthaí Baile, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde, céasadh san áireamh, ar léirsitheoirí síochánta go háirithe mar chuid de, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

    50.

    Ivan Danilavich NASKEVICH

    Ivan Danilovich NOSKEVICH

    Iван Данiлавiч НАСКЕВIЧ

    Иван Данилович НОСКЕВИЧ

    Cathaoirleach ar an Investigative Committee

    Dáta breithe: 25.3.1970

    Áit bhreithe: sráidbhaile Cierabličy in Brest Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

    Inscne: fireann

    Ina phost ceannaireachta mar Chathaoirleach ar an Investigative Committee, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an Coiste tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe le himscrúduithe arna seoladh i gcoinne na Coordination Council arna seoladh ag an bhfreasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin agus léirsitheoirí síochánta.

    51.

    Aliaksey Aliaksandravich VOLKAU

    Alexey Aleksandrovich VOLKOV

    Аляксей Аляксандравiч ВОЛКАЎ

    Алексей Александрович ВОЛКОВ

    Iar-Chéad-Leas-Chathaoirleach an Investigative Committee, Cathaoirleach an State Committee for Forensic Expertise faoi láthair

    Dáta breithe: 7.9.1973

    Áit bhreithe: Minsk, (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

    Inscne: fireann

    Ina phost ceannaireachta mar Chéad-Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee a bhí aige, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an Coiste tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe le himscrúduithe arna seoladh i gcoinne na Coordination Council arna seoladh ag an bhfreasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin agus léirsitheoirí síochánta.

    52.

    Siarhei Yakaulevich AZEMSHA

    Sergei Yakovlevich AZEMSHA

    Сяргей Якаўлевiч АЗЕМША

    Яковлевич АЗЕМША

    Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee

    Dáta breithe: 17.7.1974

    Áit bhreithe: Rechitsa, Gomel Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

    Inscne: fireann

    Ina phost ceannaireachta mar Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an Coiste tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe le himscrúduithe arna seoladh i gcoinne na Coordination Council arna seoladh ag an bhfreasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin agus léirsitheoirí síochánta.

    53.

    Andrei Fiodaravich SMAL

    Andrei Fyodorovich SMAL

    Андрэй Фёдаравiч СМАЛЬ

    Андрей Федорович СМАЛЬ

    Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee

    Dáta breithe: 1.8.1973

    Áit bhreithe: Brest (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

    Inscne: fireann

    Agus ról ceannaireachta aige mar Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an Coiste tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe le himscrúduithe arna seoladh i gcoinne na Coordination Council arna seoladh ag an bhfreasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin agus i gcoinne léirsitheoirí síochánta.

    54.

    Andrei Yurevich PAULIUCHENKA

    Andrei Yurevich PAVLYUCHENKO

    Андрэй Юр’евiч ПАЎЛЮЧЕНКА

    Андрей Юрьевич ПАВЛЮЧЕНКО

    Ceann an Operational-Analytical Center

    Dáta breithe: 1.8.1971

    Inscne: fireann

    Agus ról ceannaireachta aige agus é mar cheann ar an Operational-Analytical Center, tá dlúthbhaint aige leis an Uachtarán agus tá sé freagrach as an gcos ar bolg ar an tsochaí shibhialta, go sonrach maidir leis an nasc le líonraí teileachumarsáide a bhriseadh mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta, ar léirsitheoirí síochánta agus ar iriseoirí.

    55.

    Ihar Ivanavich BUZOUSKI

    Igor Ivanovich BUZOVSKI

    Iгар Iванавiч БУЗОЎСКI

    Игорь Иванович БУЗОВСКИЙ

    Leas-Aire Faisnéise Dáta breithe: 10.7.1972

    Áit bhreithe: sráidbhaile Koshelevo Grodno/Hrodna region (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

    Inscne: fireann

    Agus ról ceannaireachta aige mar Leas-Aire Faisnéise, tá sé freagrach as an gcos ar bolg ar an tsochaí shibhialta, go sonrach maidir le cinneadh na hAireachta Faisnéise deireadh a chur leis an rochtain ar shuíomhanna gréasáin neamhspleácha agus an rochtain idirlín sa Bhealarúis a theorannú tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta, ar léirsitheoirí síochánta agus ar iriseoirí.

    56.

    Natallia Mikalaeuna EISMANT

    Natalia Nikolayevna EISMONT

    Наталля Мiкалаеўна ЭЙСМАНТ

    Наталья Николаевна ЭЙСМОНТ

    Preas-Rúnaí Uachtarán na Bealarúise

    Dáta breithe: 16.2.1984

    Áit bhreithe: Minsk, (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

    Sloinne roimh phósadh: Kirsanova (RU: Кирсанова) nó Selyun (RU Селюн)

    Inscne: baineann

    Ina cáil mar Phreas-Rúnaí Uachtarán na Bealarúise, tá dlúthbhaint aici leis an Uachtarán agus tá sí freagrach as gníomhaíochtaí meán an Uachtaráin a chomhordú, lena n‐áirítear ráitis a dhréachtú agus taispeántaí poiblí a eagrú. Mar sin tá sí ag tacú le réimeas Lukashenka, lena n‐áirítear an feachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fearas an Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020. Go háirithe, leis na ráitis phoiblí a rinne sí a chosain an tUachtarán agus a cháin gníomhaithe sa fhreasúra mar aon le léirsitheoirí síochánta, a rinneadh tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, chuidigh sí leis an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta sa Bhealarúis.

    57.

    Siarhei Yaugenavich ZUBKOU

    Sergei Yevgenevich ZUBKOV

    Сяргей Яўгенавiч ЗУБКОЎ

    Сергей Евгеньевич ЗУБКОВ

    Ceannasaí ar Alfa Unit

    Dáta breithe: 21.8.1975

    Inscne: fireann

    Agus ról ceannaireachta aige ar fhórsaí Alfa Unit, tá sé freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a chuir na fórsaí sin ar bun tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n‐áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

    58.

    Andrei Aliakseevich RAUKOU

    Andrei Alekseevich RAVKOV

    Андрэй Аляксеевiч РАЎКОЎ

    Андрей Алексеевич РАВКОВ

    Iar-Státrúnaí ar an Security Council

    Dáta breithe: 25.6.1967

    Áit bhreithe: sráidbhaile Revyaki, Vitebsk/Viciebsk Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

    Inscne: fireann

    Agus é ina iar-Státrúnaí ar an Security Council, tá dlúthbhaint aige leis an Uachtarán agus tá sé freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a chuir fearas an Stáit ar bun tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n‐áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

    59.

    Pyotr Piatrovich MIKLASHEVICH

    Petr Petrovich MIKLASHEVICH

    Пётр Пятровiч МIКЛАШЭВIЧ

    Петр Петрович МИКЛАШЕВИЧ

    Cathaoirleach ar an Constitutional Court of the Republic of Belarus

    Dáta breithe: 18.10.1954

    Áit bhreithe: Minsk Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

    Inscne: fireann

    Agus é ina Chathaoirleach ar Chúirt Bhunreachtúil Phoblacht na Bealarúise, tá sé freagrach as cinneadh na Cúirte Bunreachtúla a glacadh an 25 Lúnasa 2020, trínar dlisteanaíodh torthaí na dtoghchán calaoiseach. Ar an gcaoi sin, thacaigh agus d’éascaigh sé gníomhartha i bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe fhearas an Stáit i gcoinne léirsitheoirí síochánta agus iriseoirí agus tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta sa Bhealarúis.”.


    Top