EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1324

Cinneadh (AE) 2020/1324 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán i leith aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995

IO L 311, 25.9.2020, p. 6–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1324/oj

25.9.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 311/6


CINNEADH (AE) 2020/1324 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Meán Fómhair 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán i leith aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas an Coinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 (“an Coinbhinsiún”) a thabhairt i gcrích trí bhíthin Chinneadh 96/88/CE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 1995. Tugadh an Coinbhinsiún i gcrích le haghaidh tréimhse 3 bliana.

(2)

De bhun Airteagal 33 den Choinbhinsiún, is féidir leis an gComhairle Idirnáisiúnta Grán síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha nach rachaidh thar 2 bhliain gach uair. Ó tugadh an Coinbhinsiún i gcrích, cuireadh síneadh leis go tráthrialta ar feadh tréimhsí breise 2 bhliain. Cuireadh síneadh leis an gCoinbhinsiún go deireanach le cinneadh ón gComhairle Idirnáisiúnta Grán an 10 Meitheamh 2019 (2) agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2021.

(3)

De bhun Airteagal 27(2) den Choinbhinsiún, i dtaca leis an gCoinbhinsiún, is féidir le Rialtas na Stát uile cur isteach ar aontachas ar na coinníollacha sin, faoi mar is iomchuí leis an gComhairle Idirnáisiúnta Grán.

(4)

An 9 Aibreán 2020, rinne an Ríocht Aontaithe iarratas foirmiúil ar aontachas leis an gCoinbhinsiún amhail ón 1 Eanáir 2021.

(5)

Táirgeoir mór grán, eorna agus cruithneacht go háirithe, is ea an Ríocht Aontaithe. Má dhéantar iarratas na Ríochta Aontaithe ar aontachas leis an gCoinbhinsiún a fhormheas, agus má bhíonn sí rannpháirteach sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán dá thoradh sin, beidh an Ríocht Aontaithe ina ball is allmhairí i gcomhréir le hAirteagal 12 den Choinbhinsiún. Ós ball is onnmhairí é an tAontas, ní bheidh tionchar ag aontachas na Ríochta Aontaithe ar líon na vótaí a leithdháilfear ar an Aontas chun críocha vótála faoi Airteagal 12 den Choinbhinsiún. Amhail ón mbliain airgeadais 2021/2022, áfach, de bharr aontachas na Ríochta Aontaithe laghdófar ar líon na vótaí a leithdháilfear ar an Aontas faoi Airteagal 11 den Choinbhinsiún, airteagal a úsáidtear chun ranníocaíochtaí airgeadais na mball a chinneadh.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a leagan síos agus aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gCoinbhinsiún a fhormheas, ar choinníoll nach dtiocfaidh an t‐aontachas i bhfeidhm ná nach gcuirfear an Coinbhinsiún i bhfeidhm go sealadach i leith na Ríochta Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán, aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 a fhormheas, ar choinníoll nach dtiocfaidh an t‐aontachas i bhfeidhm ná nach gcuirfear an Coinbhinsiún i bhfeidhm go sealadach i leith na Ríochta Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Meán Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. KLOECKNER


(1)  Cinneadh 96/88/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 1995 lenar fhormheas an Comhphobal Eorpach an Coinbhinsiún Trádála Gráin agus an Coinbhinsiún um Chúnamh Bia, lenar bunaíodh an Comhaontú Idirnáisiúnta Grán 1995 (IO L 21, 27.1.1996, lch. 47).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/813 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán i dtaobh síneadh a thabhairt don Choinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 (IO L 133, 21.5.2019, lch. 19).

(3)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.


Top