EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0257

Rialachán (AE) Uimh. 257/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 maidir le cuimsiú na Graonlainne i gcur chun feidhme scéim deimhniúcháin Phróiseas Kimberley

IO L 84, 20.3.2014, p. 69–71 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/257/oj

20.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

69


RIALACHÁN (AE) Uimh. 257/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 maidir le cuimsiú na Graonlainne i gcur chun feidhme scéim deimhniúcháin Phróiseas Kimberley

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 ón gComhairle (2), bunaítear Córas Comhphobail deimhniúcháin agus rialuithe allmhairithe agus onnmhairithe do dhiamaint gharbha chun críocha scéim deimhniúcháin Phróiseas Kimberley a chur chun feidhme.

(2)

Ní cuid de chríoch an Aontais an Ghraonlainn, ach tá sí san áireamh i liosta na dtíortha agus na gcríoch thar lear atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). I gcomhréir le hAirteagal 198 CFAE, is é is cuspóir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na dtíortha agus na gcríoch thar lear a chur chun cinn agus dlúthchaidreamh eacnamaíoch a bhunú idir na tíortha agus na críocha sin agus an tAontas ina iomláine.

(3)

I gCinneadh 2014/136/AE ón gComhairle (3) leagtar amach na rialacha agus na nósanna imeachta trína gcumasaítear don Ghraonlainn páirt a ghlacadh i scéim deimhniúcháin Phróiseas Kimberley um dhiamaint gharbha trína comhar leis an Aontas Eorpach. Neartódh comhar den sórt sin an caidreamh eacnamaíoch idir an tAontas agus an Ghraonlainn i dtionscal na ndiamant, agus go háirithe chuirfeadh sé ar chumas na Graonlainne diamaint gharbha a onnmhairiú agus Deimhniú AE arna eisiúint chun críocha na scéime deimhniúcháin ag gabháil leo, d’fhonn forbairt eacnamaíoch na Graonlainne a chur chun cinn.

(4)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 a leasú ionas go bhféadfaidh Cinneadh 2014/136/AE teacht i bhfeidhm agus go háirithe chun foráil a dhéanamh maidir le cuimsiú na Graonlainne sa scéim deimhniúcháin.

(5)

Dá réir sin, beidh toirmeasc ar an nGraonlainn glacadh le hallmhairí nó onnmhairí de dhiamaint gharbha chuig aon rannpháirtí, nó uaidh, seachas an tAontas gan deimhniú bailí. Ceadóidh na leasuithe atá sa Rialachán seo onnmhairiú diamant garbh ón nGraonlainn chuig tríú tíortha fad a bheidh Deimhniú AE ag gabháil leo.

(6)

I dteannta an choinníll atá ann cheana féin a éilíonn fianaise gur allmhairíodh na diamaint gharbha go dleathach isteach san Aontas, ba cheart coinníoll malartach a thabhairt isteach i gcás diamant a baineadh agus a eastóscadh sa Ghraonlainn agus nár onnmhairíodh riamh cheana, go háirithe fianaise ina leith sin a sholáthar.

(7)

Ina theannta sin, ba cheart leasuithe a dhéanamh ar na rialacha mionsonraithe maidir le diamaint gharbha a chur faoi bhráid údaráis an Aontais chun críocha fíorúcháin, chun na rialacha speisialta maidir le trasdul a leathnú chuig an nGraonlainn, rannpháirtíocht na Graonlainne sa Choiste do chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 a chumasú agus foráil a dhéanamh maidir le hionadaíocht na Graonlainne i bPróiseas Kimberley agus maidir le comhoibriú le Ballstáit eile tríd an gCoimisiún.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 mar seo a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Leis an Rialachán seo bunaítear córas Aontais deimhniúcháin agus rialuithe allmhairithe agus onnmhairithe do dhiamaint gharbha chun críocha scéim deimhniúcháin Phróiseas Kimberley a chur chun feidhme.

Chun críocha na scéime deimhniúcháin, déanfar críoch an Aontais agus críoch na Graonlainne a mheas mar eintiteas amháin gan teorainneacha inmheánacha.

Ní dhéanann an Rialachán seo dochar d’aon fhorálacha atá i bhfeidhm maidir le foirmiúlachtaí agus rialuithe custaim, agus ní théann sé ina n-ionad.”;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Déanfar allmhairiú na ndiamant garbh isteach i gcríoch an Chomhphobail (4) nó sa Ghraonlainn a thoirmeasc mura gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:”;

(3)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfar coimeádáin agus na deimhnithe a ghabhann leo a chur isteach gan mhoill le haghaidh fíorúcháin le chéile, chuig údarás Comhphobail sa Bhallstát ina n-allmhairítear iad nó sa Bhallstát dá mbíonn siad ceaptha, mar a léirítear sna doiciméid a ghabhann leo. Déanfar coimeádáin atá ceaptha don Ghraonlainn a chur isteach le haghaidh fíorúcháin chuig ceann d’údaráis an Chomhphobail, bíodh sé sin sa Bhallstát ina n-allmhairítear iad, nó i gceann de na Ballstáit eile ina bhfuil údarás Comhphobail bunaithe.”;

(4)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na rannpháirtithe i dtaobh na socruithe praiticiúla le deimhniú na n-allmhairí isteach i gcríoch an Chomhphobail nó sa Ghraonlainn a chur ar fáil d’údarás inniúil an rannpháirtí onnmhairithe a bhailíochtaigh an deimhniú.”;

(5)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Déanfar onnmhairiú na ndiamant garbh ó chríoch an Chomhphobail nó ón nGraonlainn a thoirmeasc mura gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:”;

(6)

in Airteagal 12(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

gur chuir an t-onnmhaireoir fianaise dhochloíte ar fáil:

(i)

gur onnmhairíodh na diamaint gharbha a bhfuil deimhniú á iarraidh ina leith go dleathach i gcomhréir le hAirteagal 3; nó

(ii)

gur baineadh nó gur eastóscadh na diamaint gharbha a bhfuil deimhniú á iarraidh ina leith sa Ghraonlainn i gcás nár onnmhairíodh na diamaint gharbha roimhe sin chuig rannpháirtí eile seachas an tAontas.”;

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

“Airteagal 18

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4, Airteagal 11, Airteagal 12 agus Airteagal 14 maidir le diamaint gharbha a thagann isteach i gcríoch an Chomhphobail nó sa Ghraonlainn chun críocha trasdula amháin chuig rannpháirtí atá lasmuigh de na críocha sin, ar choinníoll nach ndearnadh crioscaíl ar an gcoimeádán bunaidh ina bhfuil na diamaint gharbha á n-iompar ná ar an deimhniú bunaidh a ghabhann leo agus a d’eisigh údarás inniúil de chuid rannpháirtí ag an bpointe iontrála nó imeachta i gcríoch an Chomhphobail nó sa Ghraonlainn, agus go bhfuil cuspóir an trasdula fianaithe go soiléir ar an deimhniú a ghabhann leo.”:

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

“Airteagal 21

1.   Beidh an tAontas, lena n-áirítear an Ghraonlainn, ina rannpháirtí i scéim deimhniúcháin KP.

2.   Féachfaidh an Coimisiún, a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Aontais, lena n-áirítear an Ghraonlainn, i scéim deimhniúcháin KP, le cur chun feidhme optamach scéim deimhniúcháin KP a áirithiú, go háirithe trí chomhar leis na rannpháirtithe. Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, faisnéis a mhalartú leis na rannpháirtithe ar an trádáil idirnáisiúnta i ndiamaint gharbha agus, nuair is iomchuí, comhoibreoidh sé le gníomhaíochtaí faireacháin agus le socrú aon díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn.”;

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

“Airteagal 23

Féadfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 aon cheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a scrúdú. Féadfaidh an cathaoirleach nó ionadaí de chuid Ballstáit nó na Graonlainne ceisteanna den sórt sin a tharraingt anuas.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Feabhra 2014 (Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Feabhra 2014.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 ón gComhairle an 20 Nollaig 2002 lena gcuirtear chun feidhme scéim deimhniúcháin Phróiseas Kimberley um thrádáil idirnáisiúnta i ndiamaint gharbha (IO L 358, 31.12.2002, lch. 28).

(3)  Cinneadh 2014/136/AE ón gComhairle an 20 Feabhra 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta chun rannpháirtíocht na Graonlainne i scéim deimhniúcháin Phróiseas Kimberley a chumasú (Féach leathanach 99 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Le héifeacht ón 1 Nollaig 2009 thug an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh athruithe áirithe isteach sa téarmaíocht, mar shampla, an focal “Aontas” a chur in ionad “Comhphobal”.


Top