This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32010R1237
Regulation (EU) No 1237/2010 of the European Parliament and of the Council of 15 December 2010 amending Council Regulation (EC) No 2187/2005 as regards the prohibition of highgrading and restrictions on fishing for flounder and turbot in the Baltic Sea, the Belts and the Sound
Rialachán (AE) Uimh. 1237/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle maidir leis an toirmeasc ar roghnaíocht ar son luacha agus leis na srianta ar iascaireacht leitheanna agus turbard i Muir Bhailt, sna Belts agus in Øresund
Rialachán (AE) Uimh. 1237/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle maidir leis an toirmeasc ar roghnaíocht ar son luacha agus leis na srianta ar iascaireacht leitheanna agus turbard i Muir Bhailt, sna Belts agus in Øresund
IO L 348, 31.12.2010, pp. 34–35
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV) Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta
(HR)
No longer in force, Date of end of validity: 13/08/2019; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32019R1241
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32005R2187 | Cur le | airteagal 15 BIS | 01/01/2011 | |
| Modifies | 32005R2187 | Athchur | airteagal 26 1 | 01/01/2011 | |
| Modifies | 32005R2187 | Cur le | airteagal 18 BIS | 01/01/2011 | |
| Modifies | 32005R2187 | Athchur | airteagal 26 2 | 01/01/2011 |
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Implicitly repealed by | 32019R1241 | 14/08/2019 |
|
31.12.2010 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
34 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1237/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 15 Nollaig 2010
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle maidir leis an toirmeasc ar roghnaíocht ar son luacha agus leis na srianta ar iascaireacht leitheanna agus turbard i Muir Bhailt, sna Belts agus in Øresund
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 (3) leagtar síos bearta teicniúla sonracha chun acmhainní iascaigh i Muir Bhailt, sna Belts agus in Øresund a chaomhnú, agus go háirithe, leagtar síos srianta ar iascaireacht i leith speiceas, méideanna mogaill agus limistéar áirithe. |
|
(2) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1226/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena socraítear na deiseanna iascaireachta agus na coinníollacha gaolmhara, i leith stoc éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme i Muir Bhailt le haghaidh na bliana 2010 (4), déantar foráil maidir le toirmeasc ar roghnaíocht ar son luacha agus le srianta ar iascaireacht leitheanna agus turbard. |
|
(3) |
Is bearta teicniúla de chineál buan iad an toirmeasc sin agus na srianta sin agus níor cheart iad a áireamh a thuilleadh sa chreat rialála lena mbunaítear deiseanna iascaireachta bliantúla. Ba cheart, dá bhrí sin, iad a ionchorprú i Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ó Eanáir 2011. |
|
(4) |
Ba cheart an téarma “Comhphobal” a úsáidtear i dtéarmaí achtacháin Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005, a athrú tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 a leasú dá réir. |
|
(6) |
Chun cur i bhfeidhm leanúnach na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart go dtiocfadh sé i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 leis seo mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 15a Toirmeasc ar roghnaíocht ar son luacha Déanfar aon speiceas atá faoi réir cuóta agus a ghabhtar le linn oibríochtaí iascaireachta a thabhairt ar bord an tsoithigh agus cuirfear i dtír é ina dhiaidh sin mura rud é go mbeadh sé sin contrártha d’oibleagáidí arna leagan síos i rialacháin iascaigh an Aontais, lena mbunaítear bearta teicniúla, rialaithe agus caomhnúcháin go háirithe sa Rialachán seo, i Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 nó i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (*1). |
|
(2) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 18a Srianta ar iascaireacht leitheanna agus turbard 1. Toirmiscfear na speicis éisc seo a leanas a choinneáil ar bord i gcás ina ngabhtar iad laistigh de na limistéir gheografacha agus i rith na dtréimhsí atá luaite thíos:
2. De mhaolú ar mhír 1, nuair a bheidh iascaireacht á déanamh le tráil, le saighní Danmhargacha nó le trealamh den tsamhail chéanna a bhfuil méid mhogaill comhionann le 105 mm nó níos mó ná sin acu, nó i gcás ina ndéantar iascaireacht le líonta geolbhaigh, le líonta sáinneacha nó le traimlí a bhfuil méid mhogaill comhionann le 100 mm nó níos mó ná sin acu, féadfar seachghabhálacha leitheanna agus turbard a choinneáil ar bord agus a chur i dtír laistigh de theorainn 10 % de réir bheomheáchan na gabhála iomláine arna coinneáil ar bord agus arna cur i dtír i rith na dtréimhsí toirmisc dá dtagraítear i mír 1.”. |
|
(3) |
In Airteagal 26(1) agus (2), cuirtear an leagan cuí gramadaí den ainmfhocal “Aontas” in ionad an leagain chomhfhreagraigh gramadaí den ainmfhocal “Comhphobal”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2011.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Nollaig 2010.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
O. CHASTEL
(1) Tuairim an 15 Meán Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 6 Nollaig 2010.