EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D1522
Decision No 2/2023 of the Joint Committee established by the Agreement on the Withdrawal of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland from the European Union and the European Atomic Energy Community of 3 July 2023 adding two newly adopted Union acts to Annex 2 to the Windsor Framework (2023/1522)
Cinneadh uimh. 2/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gcomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do fhuinneamh adamhach an 3 Iúil 2023 lena gcuirtear dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor [2023/1522]
Cinneadh uimh. 2/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gcomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do fhuinneamh adamhach an 3 Iúil 2023 lena gcuirtear dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor [2023/1522]
PUB/2023/867
IO L 184, 21.7.2023, p. 109–110
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 12020W/PRO/01 | Cur le | iarscríbhinn 2 pointe 20 Téacs | 04/07/2023 | |
Modifies | 12020W/PRO/01 | Cur le | iarscríbhinn 2 pointe 4 Téacs | 04/07/2023 |
21.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 184/109 |
CINNEADH uimh. 2/2023 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH
an 3 Iúil 2023
lena gcuirtear dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor [2023/1522]
AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), agus go háirithe Airteagal 13(4) de Chreat Windsor (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 13(4) de Chreat Windsor tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh lena ndéanfar gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor a chur leis na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor. De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste, beidh siad ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Na cinntí sin a bhfuil na héifeachtaí dlíthiúla céanna acu agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar, tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe leis na cinntí sin a chur chun feidhme. |
(2) |
Ba cheart dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Rialachán (AE) 2023/1182 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le rialacha sonracha a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh Thuaisceart Éireann agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, sa mhéid nach ndéantar leis Treoir 2001/83/CE a leasú (3), cuirfear an Rialachán sin le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor faoi phointe 20 ‘Táirgí Íocshláinte’.
2. Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an an 14 Meitheamh maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críoch talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann (4), ba cheart an Rialachán sin a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor faoi phointe 44 ‘Sláintíocht agus fíteashláintíocht – Eile’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 03 Iúil 2023.
Thar ceann an Chomhchoiste
Na Comhchathaoirligh
Maroš ŠEFČOVIČ
James CLEVERLY
(1) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(2) Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87).