Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D1068

Cinneadh Uimh. 20/2022 ó Chomhchoiste LEE an 4 Feabhra 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/1068]

IO L 175, 30.6.2022, p. 34–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1068/oj

30.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 175/34


CINNEADH Uimh. 20/2022 Ó CHOMHCHOISTE LEE

an 4 Feabhra 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/1068]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá Cinneadh (AE) 2021/1845 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2017/175 a mhéid a bhaineann le tréimhse bhailíochta i dtaca le critéir Éicilipéad AE do chóiríocht na dturasóirí agus leis na ceanglais ghaolmhara i ndáil le measúnú agus fíorú, (1) tá an Cinneadh sin le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas le pointe 2m (Cinneadh (AE) 2017/175 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:

“, arna leasú le:

32021 D 1845: Cinneadh (AE) 2021/1845 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2021 (IO L 376, 22.10.2021, lch. 1).”

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh (AE) 2021/1845 san Íoslainnis agus san Ioruais, agus tá sé le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 5 Feabhra 2022, ar choinníoll go mbeifear tar éis na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE a dhéanamh ina leith (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Feabhra 2022.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 376, 22.10.2021, lch. 1.

(*)  Ní shonraítear aon riail bhunreachtúil.


Top