This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Is é is aidhm leis na híoscheanglais a leagan síos maidir le sláinte agus sábháilteacht na ndaoine atá ag obair a chosaint — ar an tír mhór agus amach ón gcósta — sna tionscail a bhaineann le heastóscadh mianraí trí dhruileáil1.
Ní mór do gach ionad oibre a úsáidtear le haghaidh taiscéalaíocht agus eastóscadh mianraí trí dhruileáil na ceanglais íosta sláinte agus sábháilteachta atá liostaithe sa treoir agus san iarscríbhinn a ghabhann léi a shásamh, ag cur san áireamh gnéithe an ionaid oibre, an ghníomhaíocht, na himthosca nó riosca ar leith.
Éilítear ar fhostóirí:
Sula dtosaíonn an obair ar eastóscadh mianraí, ní mór don fhostóir a áirithiú gur ullmhaíodh doiciméad ar shábháilteacht agus ar shláinte agus go bhfuil sé cothrom le dáta (i gcomhréir le hAirteagail 6, 9 agus 10 de Threoir 89/391/CEE lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sláinte agus sábháilteacht cheirde). Ní mór go léirítear an méid a leanas, go sonrach, sa doiciméad sin:
Nuair a bhíonn oibrithe ó níos mó ná gnólacht amháin i láthair ag an ionad oibre céanna, ní mór don fhostóir atá freagrach as an ionad oibre sin, i gcomhréir le dlíthe náisiúnta agus/nó cleachtais, na bearta sláinte agus sábháilteachta a bhfuil feidhm leo maidir leis na hoibrithe sin a chomhordú agus iad a leagan amach sa doiciméad.
Ní dhéantar difear leis an gcomhordú sin do dhliteanas fostóirí aonair.
Ní mór don fhostóir timpistí marfacha agus tromchúiseacha ceirde agus teagmhais chontúirteacha a thuairisciú do na húdaráis inniúla gan mhoill.
Chun oibrithe a chosaint ar bhaol (lena n–áirítear ó thine, pléascanna agus atmaisféar atá baolach don tsláinte), ní mór d’fhostóirí:
Nuair a dhéantar na hionaid oibre a mhionathrú, a leathnú agus/nó a athchóiriú tar éis an dáta ar a dtiocfaidh an treoir seo i bhfeidhm, ní mór d’fhostóirí a áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais íosta atá leagtha síos san iarscríbhinn a ghabhann leis an treoir.
Ní mór seiceáil sláinte a dhéanamh ar gach oibrí sula dtugtar dualgais dó/di a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa treoir agus ag tréimhsí tráthrialta ina dhiaidh sin.
Ní mór d’fhostóirí comhairliúchán agus rannpháirtíocht oibrithe a áirithiú maidir leis na nithe a chumhdaítear sa treoir.
Tá sí i bhfeidhm ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin .
Le tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
Treoir 92/91/CEE ón gComhairle an maidir le híoscheanglais chun sábháilteacht agus cosaint sláinte sna tionscail asbhainte mianraí trí dhruileáil a fheabhsú (an t–aonú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L348, , lgh. 9-24)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 92/91/CEE a chorprú sa doiciméad bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí