Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Státchabhair: taighde agus forbairt agus nuálaíocht

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiún — rialacha maidir le Státchabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Féachtar leis an teachtaireacht soiléiriú a thabhairt ar na rialacha agus na coinníollacha faoinar féidir le Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) státchabhair a dheonú do chuideachtaí chun gníomhaíochtaí taighde, forbartha agus nuálaíochta (T&F&N) a dhéanamh.

PRÍOMHPHOINTÍ

dhá chuid chomhlántacha sna rialacha a bhaineann le Státchabhair i gcomhair gníomhaíochtaí T&F&N:

  • Le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014, ar a dtugtar an Rialachán Ginearálta Blocdhíolúine (RGBD, féach an achoimre), leagtar amach na coinníollacha faoina bhfuil Státchabhair T&F&N (mar aon le cineálacha eile státchabhrach) díolmhaithe ó fhógra éigeantach a thabhairt ina leith roimh ré don Choimisiún Eorpach (i.e. blocdhíolmhaithe).
  • Tá rialacha sa chóras maidir le Státchabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta (an “creat T&F&N”) don Choimisiún chun measúnú a dhéanamh ar chabhair T&F&N atá neamh–incháilithe maidir leis an blocdhíolúine.

An próiseas maidir le deonú Státchabhrach a luathú

  • Faoin RGBD, rinneadh méadú suntasach ar na méideanna thíos óna bhfuil chabhair díolmhaithe ó fhógra a thabhairt ina leith le haghaidh chead an Choimisiúin. Mar shampla, is féidir leis na Ballstáit Státchabhair i gcomhair forbairt thurgnamhach suas le €15 mhilliún a dheonú anois in aghaidh an tionscadail agus an tairbhí gan cead a fháil roimh ré ón gCoimisiún, i gcomparáid le €7.5 mhilliún faoi na rialacha roimhe seo.
  • Leis an gcóras sin tugtar níos mó solúbthachta do na Ballstáit agus luathaítear an próiseas maidir le cabhair T&F&N a chur chun feidhme.

Leathnú díolúintí

Leathnaítear díolúine cabhrach ó fhógra a thabhairt ina leith go:

  • taighde bhunúsach;
  • taighde tionsclaíoch;
  • forbairt thurgnamhach, lena n–áirítear treoirthionscadail agus fréamhshamhlacha;
  • staidéar féidearthachta;
  • bonneagair taighde;
  • cnuasaigh nuálaíochta;
  • cabhair le haghaidh nuálaíocht próiseas agus eagraíochtúil.

Leibhéil Státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith níos airde

  • Chun cabhrú leis an tionscal easnaimh mhaoinithe a shárú, ceadófar faoin gcreat T&F&N, i gcás bearta a dtugtar fógra ina leith go leithleach, cabhair dar luach suas le 70% de chostais incháilithe mórchuideachtaí agus 90% do chuideachtaí beaga a dhéanann taighde feidhmeach, lena n–áirítear na costais a bhaineann le fréamhshamhaltú agus le taisealbhadh.
  • Beidh cabhair ardleibhéil ar fáil má tá fíor–easnamh maoinithe ann. Déanfaidh an Coimisiún anailís mhionsonraithe, bunaithe ar na critéir sa chreat, lena ndeimhniú gur gá ard–rátaí dá leithéid a dheonú, chun saobhadh míchuí ar iomaíocht i margadh aonair AE a sheachaint.

Comhcheangal de Státchabhair do T&F&N le acmhainní AE faoi Fhís Eorpach nó le tionscadail ar a bhfuil an lipéad cáilíochta séala barr feabhais

Chun an measúnú maidir le méideanna móra cabhrach a shimpliú i leith tionscadal ar léir gur ar mhaithe le leas coiteann AE atá siad, cuireadh rialacha sonracha leis an RGBD agus glacadh iad faoi Rialachán (AE) 2021/1237 ón gCoimisiún. Baineann siad sin le cabhair:

Cur i bhfeidhm

Bhí ar na Ballstáit a áirithiú go raibh a scéimeanna cabhrach reatha T&F&N i gcomhréir leis an gcreat sin faoin .

CÚLRA

Tá sé mar aidhm le gníomhaíochtaí T&F&N cur leis an sprioc 3% d’olltáirgeacht intíre AE a chaitheamh ar T&F&N, agus ar an tslí sin:

  • fás eacnamaíoch cliste agus inbhuanaithe a áirithiú;
  • saobhadh ar an iomaíocht a eascraíonn as cabhair T&F&N a theorannú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Creat maidir le Státchabhair le haghaidh taighde agus forbartha agus nuálaíochta (IO C 198 , lgh. 1–29).

nuashonrú is deireanaí

Top