Lainausmerkkien "" avulla voit hakea täsmällistä merkkijonoa. Tähtimerkin * avulla voit korvata hakutermin loppuosan ja löytää kaikki vastaavat variaatiot (transp*, 32019R*). Kysymysmerkin * avulla voit korvata hakutermistä yksittäisen merkin ja löytää kaikki vastaavat variaatiot (ca?e löytää sanat case, cane, care).
tacú le bearta agus le hinfheistíochtaí chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí san earnáil iompair ar bhóthar agus san earnáil foirgníochta, rud a laghdóidh costais do theaghlaigh leochaileacha, d’mhicrifhiontair agus d’úsáideoirí iompair a dtéann cuimsiú astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar ar bhóthar laistigh de raon feidhme Threoir 2003/87/CE (féach an achoimre) i gcion go mór orthu;
tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach a mhaoiniú do theaghlaigh leochaileacha agus d’úsáideoirí iompair.
PRÍOMHPHOINTÍ
Teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair
Bunaítear le Treoir 2003/87/CE córas um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas chun laghduithe astaíochtaí a chur chun cinn, lena n–áirítear ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar. Sainaithnítear le Rialachán (AE) 2023/955 go dtéann tionchar chostas na trádála astaíochtaí nua maidir le foirgnimh agus iompar de bhóthar i gcion go mór ar thrí spriocghrúpa den Chiste Aeráide Sóisialta:
sainítear teaghlaigh leochaileacha mar theaghlaigh a bhfuil bochtaineacht fuinnimh ag cur isteach orthu, lena n–áirítear iad siúd ar ioncam íseal agus ar íseal-mheánioncaim, agus nach bhfuil sé ar a n–acmhainní an foirgneamh a áitíonn siad a athchóiriú;
is éard is micrifhiontair leochaileacha ann iad siúd nach bhfuil sé ar a n–acmhainn an foirgneamh a áitíonn siad a athchóiriú, feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a cheannach nó aistriú chuig modhanna iompair inbhuanaithe malartacha, iompar poiblí san áireamh;
sainítear úsáideoirí leochaileacha iompair mar dhaoine aonair agus mar theaghlaigh a bhfuil bochtaineacht iompair ag cur isteach orthu, lena n–áirítear iad siúd ar ioncaim ísle agus ar íseal-mheánioncaim, agus nach bhfuil sé ar a n–acmhainní feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a cheannach nó aistriú chuig modhanna eile inbhuanaithe iompair, iompar poiblí san áireamh.
Pleananna aeráide sóisialta
Ba cheart do gach Ballstát plean aeráide sóisialta a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i ndiaidh dóibh dul i gcomhairle le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, le comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta. Ba cheart bearta agus infheistíochtaí a chumhdach sna pleananna chun dul i ngleic le tionchar na praghsála carbóin don earnáil foirgníochta agus don earnáil iompair ar bhóthar ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair agus ar úsáideoirí iompair chun téamh, fuarú agus soghluaisteacht ar phraghas réasúnta a áirithiú.
Bearta agus infheistíochtaí incháilithe
D’fhéadfadh na pleananna tacú leis na bearta agus na hinfheistíochtaí seo a leanas atá deartha chun go mbeidh tionchar buan acu.
athchóiriú ar fhoirgnimh, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha agus do mhicrifhiontair a bhfuil na foirgnimh is neamhfheidhmiúla á n–áitiú acu, lena n–áirítear do thionóntaí agus do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;
rochtain ar thithíocht inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh, lena n–áirítear tithíocht shóisialta;
dícharbhónú foirgneamh, amhail leictriú téimh, fuaraithe agus cócaireachta trí rochtain ar chórais inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh;
giniúint agus stóráil fuinnimh inathnuaite a chomhtháthú, lena n–áirítear trí phobail fuinnimh inathnuaite, pobail fuinnimh saoránach agus custaiméirí gníomhacha eile chun uath–ídiú fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn;
faisnéis, oideachas, feasacht agus comhairle spriocdhírithe faoi bhearta agus infheistíochtaí atá éifeachtúil ó thaobh costas de, tacaíocht atá ar fáil le haghaidh athchóiriú foirgneamh agus éifeachtúlacht fuinnimh agus roghanna eile soghluaisteachta agus iompair inbhuanaithe agus inacmhainne;
rochtain ar fheithiclí agus ar rothair astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle, lena n–áirítear tacaíocht airgeadais nó dreasachtaí cánach;
bonneagar poiblí agus príobháideach, lena n–áirítear feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a cheannach, bonneagar luchtaithe agus athbhreoslaithe agus margadh le haghaidh feithiclí tromshaothair athláimhe astaíochtaí nialasacha a fhorbairt;
dreasachtaí chun iompar poiblí inacmhainne agus inrochtana a úsáid;
soghluaisteacht inbhuanaithe ar éileamh, seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte agus roghanna soghluaisteachta gníomhacha bheith á bhforbairt agus á soláthar ag eintitis phríobháideacha agus phoiblí.
Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht ioncaim dhíreach do theaghlaigh leochaileacha agus d’úsáideoirí iompair a chur san áireamh ina bpleananna chun tionchar an mhéadaithe ar phraghsanna ar iompar de bhóthar agus ar bhreosla téimh a laghdú. Ní mór go mbeidh an méid seo a leanas i gceist leis an tacaíocht dhíreach sin:
go mbeidh sí sealadach agus go laghdófar í le himeacht ama;
nach mbeidh mó níos mó ná 37,5% de chostais iomlána mheasta an phlean i gceist léi.
Maoiniú
Leithdháilfear €65 billiún ar a mhéad ar an gciste ón go dtí an . Ina theannta sin, ní mór do na Ballstáit 25% ar a laghad de chostais iomlána mheasta a bpleananna a ranníoc.
Féadfaidh na Ballstáit aistrithe a iarraidh chuig an gcisteó na cláir um beartas comhtháthaithe faoi bhainistíocht chomhroinnte arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1060. Féadfaidh na Ballstáit suas le 15% dá leithdháileadh a aistriú ón gciste chuig na cláir um beartas comhtháthaithe chomh maith.
Faisnéis
Ba cheart dóibh siúd a fhaigheann tacaíocht ón gciste a chur ar an eolas maidir leis an áit as a dtagann na cistí, lena n–áirítear an áit a mbaineann siad leas as na cistí sin trí idirghabhálaithe. Ba cheart go gcuimseofaí san fhaisnéis suaitheantas an Aontais agus na focail ‘maoinithe ag an Aontas Eorpach — Ciste Aeráide Sóisialta’..
Trédhearcacht
Ba cheart don Choimisiún na pleananna arna gcur isteach ag na Ballstáit agus na cinntí, a chur ar aghaidh, ag an am céanna agus ar théarmaí comhionanna chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh gan mhoill mhíchuí.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón .
CÚLRA
Leasaítear leis an rialachán Airteagal 26 (aistriú acmhainní) de Rialachán (AE) 2021/1060 — rialacha comhchoiteanna maidir le cistí an Aontais (2021–2027).
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Oiriúnach do 55 (An Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh).
Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, , lgh. 1–51).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, , lgh. 32–46).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Treoir 2003/87/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.
Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú) (IO L 231, , lgh. 1–111).
Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, , lgh. 1–20).
Rialachán (AE) 2021/1060 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim Airgeadais um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IO L 231, , lgh. 159–706).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (COM(2021) 102 final, ).
Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, , lgh. 17–75).
Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, , lgh. 1–10).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final, ).
Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Rialachas an Aontais Fhuinnimh agus Gníomhaithe ar son na hAeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán 2009/119/CE agus Rialachán (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, , lgh. 1–77).
Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (IO L 328, , lgh. 82–209).
Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (IO L 282, , lgh. 1–3).