Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Ciste Taighde um Ghual agus Cruach — Clár agus treoirlínte

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2008/376/CE maidir le Clár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach agus na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla dá chuid

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

  • Bunaítear le Cinneadh 2008/376/CE an Ciste Taighde um Ghual agus Cruach (RFCS) agus leagtar amach na treoirlínte teicniúla le haghaidh an chláir.
  • Le Cinneadh leasaitheach (AE) 2017/955 nuashonraíodh an cinneadh bunaidh d’fhonn an clár RFCS a ailíniú le Fís 2020, clár réime taighde an Aontais Eorpaigh (AE) a bhí ann roimh Fís Eorpach. Áirítear leis sin na rialacha a athchóiriú maidir leis na grúpaí comhairleacha agus teicniúla d’fhonn follasacht a áirithiú agus cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir saineolas agus inscne, agus d’fhonn rannpháirtíocht gnólachtaí beaga agus meánmhéide sa chlár a éascú freisin.
  • Le Cinneadh leasaitheach (AE) 2021/1094 athbhreithnítear cuspóirí taighde an chláir, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (féach an achoimre) agus an Sásra um Aistriú Cóir. Tagann sé sin le cuspóir AE aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 (Rialachán (AE) 2021/1119 — féach an achoimre), arna ghlacadh de thoradh ar Chomhaontú Pháras (féach an achoimre) agus a dhaingnigh AE in 2016. Áirithítear leis freisin go gcomhlánaíonn taighde RFCS gníomhachtaí Fís Eorpach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Le Cinneadh 2008/376/CE, arna leasú le Cinneadh (AE) 2021/1094, déantar na tosaíochtaí taighde faoi RFCS a athbhreithniú agus a athdhíriú:

  • maidir le gual, tá sé mar aidhm leo:
    • tacaíocht a thabhairt d’aistriú cóir na hearnála agus na réigiún guail,
    • sláinte agus sábháilteacht i mianaigh ghuail dhúnta agus i gcinn a saothraíodh roimhe seo a fheabhsú,
    • tionchair chomhshaoil na suíomhanna mianadóireachta agus iad á n–aistriú a íoslaghdú;
  • maidir le cruach, áirítear obair leo ar:
    • phróisis déanta cruach agus críochnaithe nua, inbhuanaithe agus ísealcharbóin,
    • ardghráid agus ardfheidhmeanna cruacha,
    • chaomhnú achmhainní, cosaint na timpeallachta agus an geilleagar ciorclach,
    • bhainistíocht an lucht saothair (inniúlachtaí a fhorbairt agus a scaipeadh chun coimeád suas chun dáta le próisis táirgeachta cruach atá beagnach saor ó charbón) agus dálaí oibre a fheabhsú (sláinte, sábháilteacht agus eirgeanamaíocht laistigh den láthair oibre agus mórthimpeall na láithreach oibre).

D’fhéadfaí taighde ar theicneolaíochtaí ceannródaíocha ó thaobh laghdú astaíochtaí CO2 san earnáil thionsclaíoch chruach a chur chun feidhme trí Chomhpháirtíochtaí Eorpacha comh-chláreagraithe (lena mbaineann tiomsú achmhainní idir comhpháirtithe poiblí nó príobháideacha nó iad araon). Is féidir iad sin a bhunú i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2021/695 lena mbunaítear Fís Eorpach (féach an achoimre).

Nós imeachta

  • Bainistíonn Coimisiún Eorpach RFCS.
  • Cabhraíonn an Coiste um Ghual agus Cruach, atá comhdhéanta d’ionadaithe ó Bhallstát AE, leis an gCoimisiún le bainistíocht RFCS.
  • Tugann grúpaí comhairleacha um ghual agus cruach comhairle don Choimisiún Eorpach d’fhonn an clár taighde a fhorbairt lena n–áirítear tosaíochtaí bliantúla a shocrú.
  • Tugann grúpaí teicniúla um ghual agus cruach tacaíocht don Choimisiún chun tionscadail a mheasúnú agus faireachán a dhéanamh orthu.
  • Eisíonn RFCS glaonna bliantúla ar thograí, EUR 40 milliún i gcomhair taighde comhoibritheach a mhaoiniú agus EUR 71 mhilliún i gcomhair taighde a mhaoiniú do teicneolaíochtaí ceannródaíocha as a n–eascraíonn tionscadal déanta cruach agus taighde atá beagnach saor ó charbón. Bainistítear leis na tionscadail sin aistriú cóir na mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo, mianach guail atá á ndúnadh agus a mbonneagair ghaolmhair, de réir an tSásra um Aistriú Cóir agus i gcomhréir le hAirteagal 4(2) Ag tacú le haistriú cóir na hearnála agus na réigiún guail.
  • Déanann an Coimisiún faireachán ar an RFCS agus déanann sé measúnú air gach 7 mbliana.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

  • Tá Cinneadh 2008/376/CE i bhfeidhm ón .
  • Tá Cinneadh leasaitheach (AE) 2017/955 i bhfeidhm ón .
  • Tá Cinneadh leasaitheach (AE) 2021/1094 i bhfeidhm ón .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2008/376/CE ón gComhairle an maidir le glacadh le Clár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach agus maidir leis na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla le haghaidh an chláir sin (IO L 130, , lgh 7-17)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2008/376/CE a chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Top