Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bianna nua (núíosacha) — rialacha ó 2018 i leith

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2015/2283 maidir le bianna núíosacha

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar síos ann rialacha maidir le bianna núíosacha1 a chur ar an margadh san Aontas Eorpach (AE). Tá siad sin ceaptha chun ardleibhéal cosanta a chur ar fáil do shláinte an duine agus do leas tomhaltóirí.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do ghnólachtaí bia a chinneadh an bhfuil nó nach bhfuil an táirge ar mian leo a chur ar an margadh cumhdaithe faoin reachtaíocht. Mura bhfuil siad cinnte:
    • féadfaidh siad dul i gcomhairle le húdaráis náisiúnta an mhargaidh lena mbaineann tríd an bhfaisnéis uile a theastaíonn a chur ar fáil;
    • féadfaidh na húdaráis náisiúnta sin dul i gcomhairle le comhghleacaithe i dtíortha AE eile agus leis an gCoimisiún Eorpach.
  • Ní mór don Choimisiún liosta dearfach de bhianna núíosacha údaraithe a bhunú roimh an agus é a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta.
  • Ní mór nach ndéanfaidh táirge údaraithe:
    • sláinte an duine a chur i mbaol, ar bhonn fianaise eolaíche;
    • tomhaltóirí a chur ar míthreoir, go háirithe nuair atá sé beartaithe é a chur in ionad bia eile agus go bhfuil athrú suntasach ar na luach cothaitheach;
    • dul chun aimhleasa an tomhaltóra ó thaobh cothaitheachta de sa chás go gcuirfí in ionad bia eile é faoi ghnáth-thomhaltas.
  • Féadfaidh iarratasóir (tír AE, tír neamh-AE í nó páirtí leasmhar) nó an Coimisiún an nós imeachta um údarú maidir le bia núíosach a chur ar an margadh a thionscain.
  • Ní mór sonraí a bheith san iarratas, amhail ainm an bhia núíosaigh agus cur síos air, a chomhdhéanamh mionsonraithe, próisis táirgthe agus fianaise eolaíoch, lena ndearbhaítear nach gcuireann sé sláinte an duine i gcontúirt.
  • Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia a thuairim a thabhairt maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh a thabhairt.
  • Cuireann an Coimisiún a thuairim dheiridh i láthair an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha ar cibé acu an n-údaróidh nó nach n-údaróidh sé bia núíosach. Tá sé riachtanach a aontú a fháil sular féidir an táirge nua a chur ar an liosta dearfach.
  • Tá rialacha sonracha i bhfeidhm maidir le bianna traidisiúnta ó thíortha neamh-AE ar mian lena n-oibreoirí nó lena n-allmhaireoirí gnólachtaí bia iad a dhíol in AE.
  • Níl feidhm ag an reachtaíocht maidir leo seo a leanas:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉAMAÍ

  1. Bia núíosach: bia nár úsáideadh mar bhia don duine go méid suntasach in AE roimh an . Cumhdaítear leis sin raon leathan táirgí, amhail bia le struchtúr móilíneach nua nó struchtúr móilíneach a ndearnadh modhnú air d’aon ghnó, bia lena n-úsáidtear próiseas táirgthe nua bia (e.g. arán cóireáilte le solas ultravialait chun an méid vitimín D ann a mhéadú) nó atá táirgthe as miocrorgánaigh, fungais nó algaí (e.g. úsáid as an miocralga Schizochytrium sp i mbianna amhail barraí gránaigh, saillte cócaireachta, etc. mar fhoinse eile d’aigéad Docaisiheicséanóch).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, , lgh. 1-22)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 2015/2283 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Top