Elija las funciones experimentales que desea probar

Este documento es un extracto de la web EUR-Lex

Pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná — Rialacha maidir le trédhearcacht pá

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2023/970 maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos léi íosrialacha maidir leis an méid seo a leanas a neartú:

  • meas ar phrionsabal an phá1 as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná;
  • toirmeasc ar aon idirdhealú2 pá díreach nó indíreach ar fhorais inscne;
  • trédhearcacht pá agus forfheidhmiú níos láidre maidir leis an gceart chun pá chomhionainn.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an treoir seo maidir le:

  • fostóirí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach;
  • gach oibrí a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu arna shainiú le dlí, comhaontú comhchoiteann agus/nó cleachtas.

Pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach

  • Áirithíonn Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) go bhfuil struchtúir phá ag fostóirí lena ndéantar idirdhealú pá ar bith ar fhorais inscne a eisiamh.
  • Beidh an measúnú ar obair inchomparáide bunaithe ar chritéir lena n–áirítear scileanna, iarracht, freagracht agus dálaí oibre, agus critéir eile a bheidh ábhartha don phost sonrach. Ní mór na critéir a chur i bhfeidhm ar bhealach oibiachtúil atá neodrach ó thaobh inscne de, gan idirdhealú díreach nó indíreach ar bith bunaithe ar inscne a áireamh.

Leagtar síos an méid seo a leanas i mbearta trédhearcachta pá:

  • maidir le hiarratasóirí poist:
    • tá an ceart acu faisnéis a fháil ón bhfostóir ionchasach roimh agallamh ar phá tosaigh an phoist nó a raoin agus, más ábhartha, sonraí maidir le forálacha an chomhaontaithe choitinn atá i bhfeidhm ag an bhfostóir maidir leis an bpost;
  • maidir le hoibrithe:
    • tá an ceart acu faisnéis a iarraidh (go díreach nó trí ionadaithe nó trí chomhlacht comhionannais náisiúnta a gcuid oibrithe) faoina leibhéal aonair pá agus faoi na meánleibhéil phá, arna miondealú de réir inscne, le haghaidh catagóirí oibrithe a dhéanann an obair chéanna leo nó obair ar comhionann a luach,
    • ní chuirfear cosc orthu a bpá a nochtadh chun críche prionsabal an phá chomhionainn a fhorfheidhmiú;
  • maidir le fostóirí;
    • ní fhiafraigh siad d’iarratasóirí poist faoina bpá reatha nó faoina bpá roimhe sin,
    • áiritheoidh siad go mbeidh fógraí folúntais agus teidil phoist neodrach ó thaobh inscne de agus go mbeidh na próisis earcaíochta neamh–idirdhealaitheach;
    • tabharfaidh siad rochtain éasca dá gcuid oibrithe ar na critéir a úsáidtear chun pá oibrithe, leibhéil phá agus dul chun cinn pá a chinneadh, agus beidh na critéir sin oibiachtúil agus neodrach ó thaobh inscne de,
    • cuirfidh siad a gcuid fostaithe ar an eolas gach bliain faoina gceart chun faisnéis a iarraidh agus a fháil i scríbhinn maidir lena leibhéal aonair pá agus leis na meánleibhéil phá arna miondealú de réir inscne do chomhghleacaithe a dhéanann an obair chéanna nó a dhéanann obair ar comhionann a luach,
    • soláthróidh siad faisnéis amhail an bhearna phá idir na hinscní agus an cion de bhaill foirne baineanna agus de bhaill foirne fireanna a fhaigheann comhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha (tabharfar an ceanglas sin isteach de réir a chéile ón , d’fhostóirí a bhfuil níos mó ná 100 oibrí acu, ag brath ar mhéid na cuideachta),
    • comhoibreoidh siad le hionadaithe oibrithe chun difríochtaí idirdhealaitheacha pá a shainaithint, a leighis agus a chosc i gcás go nochtar ina dtuairisciú pá bearna phá idir na hinscní os cionn 5% nach féidir údar a thabhairt léi le critéir oibiachtúla atá neodrach ó thaobh inscne de agus nár dtugadh aghaidh uirthi laistigh de 6 mhí.

Maidir leis na Ballstáit:

  • áiritheoidh siad infhaighteacht uirlisí nó modheolaíochtaí anailíseacha chun luach post éagsúil ar leibhéal an fhostóra a mheasúnú agus a chur i gcomparáid lena chéile;
  • soláthróidh siad cúnamh agus oiliúint theicniúil chun cuidiú le fostóirí níos lú ná 250 ball foirne cloí le ceanglais na treorach;
  • déanfaidh siad bearta lena áirithiú go mbeidh comhpháirtithe sóisialta páirteach go gníomhach, gan dochar do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

Leigheasanna agus forfheidhmiú

Ní mór do na Ballstáit an méid seo a leanas a áirithiú:

  • go mbeidh an ceart ag oibrithe dul chun na cúirte lena gcearta chun pá chomhionainn a fhorfheidhmiú má theipeann ar réiteach;
  • gur féidir le cumainn, eagraíochtaí, comhlachtaí comhionannais, ionadaithe oibrithe agus daoine eile a bhfuil leas dlisteanach acu maidir le comhionannas idir fir agus mná a áirithiú bheith páirteach in imeachtaí riaracháin nó dlíthiúla;
  • gur féidir le hoibrithe ar sáraíodh a gcearta cúiteamh iomlán a éileamh, lena n–áirítear aisphá, bónais ghaolmhara nó íocaíochtaí comhchineáil, cúiteamh as deiseanna caillte agus damáiste neamh–ábhartha;
  • gur féidir le húdaráis inniúla nó cúirteanna náisiúnta an méid seo a leanas a ordú:
    • go gcuirfear stop le sárú agus go gcuirfear prionsabal an phá chomhionainn i bhfeidhm;
    • go ndéanfaidh fostóirí aon fhianaise ábhartha a nochtadh;
  • go gcaithfidh fostóirí a chruthú nach ndearnadh idirdhealú ar bith má thugtar cás ina gcoinne;
  • nach mbeidh an tréimhse teorann chun éilimh pá chomhionainn a thabhairt níos giorra ná 3 bliana;
  • go mbeidh pionóis, ar cheart fíneálacha a bheith san áireamh iontu, éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach;
  • i bhfeidhmiú conarthaí poiblí nó lamháltas, go gcloífidh oibreoirí eacnamaíocha (lena n–áirítear an slabhra soláthair) leis na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn;
  • nach ndéanfar leatrom a imirt ar oibrithe agus a gcuid ionadaithe mar gheall gur fheidhmigh siad a gcearta chun pá chomhionainn.

Forálacha cothrománacha

  • Tá údarás ag comhlachtaí comhionannais maidir le cúrsaí a thagann faoi raon na treorach maidir le trédhearcacht pá.

Maidir leis na Ballstáit:

  • ní mór dóibh na hacmhainní leordhóthanacha a sholáthar dá gcomhlachtaí comhionannais lena bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach maidir leis an gceart chun pá chomhionainn a urramú;
  • ní mór dóibh faireachán comhsheasmhach agus comhordaithe ar chur chun feidhme phrionsabal an phá chomhionainn a áirithiú agus tacú le cur chun feidhme an phrionsabail sin;
  • féadfaidh siad téarmaí níos fabhraí a chur i bhfeidhm ar oibrithe ná na cinn atá sa treoir;
  • ní mór dóibh sonraí náisiúnta maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a ríomh a sholáthar do Eurostat ar bhonn bliantúil, ón i leith;
  • ní mór dóibh an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas faoin faoi chur chun feidhme na reachtaíochta — soláthrófar leis sin ionchur do thuarascáil an Choimisiúin chuig Pharlaimint na hEorpa agus chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh faoin .

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

Ní mór an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin . Ba cheart go mbeidh feidhm ag na rialacha sin ón dáta sin.

CÚLRA

  • Saothraíonn mná san Aontas Eorpaigh 13% níos lú ar an meán ná a gcomhghleacaithe fireanna. Tá an bhearna phá sin idir na hinscní stalaithe den chuid is mó le deich mbliana anuas.
  • Soláthraítear leis an straitéis maidir le Comhionannas inscne 2020–2025 an Aontais Eorpaigh (féach an achoimre) an bonn d’obair an Choimisiúin maidir le comhionannas inscne agus leagtar amach inti na cuspóirí beartais, lena n–áirítear trédhearcacht pá, agus tionscnaimh mhóra le linn na tréimhse sin.
  • Cuimsítear prionsabal an phá chomhionainn in Airteagal 157 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ceanglaítear leis sin ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an ‘prionsabal go bhfuil an pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach ag dul d’oibrithe fireanna agus d’oibrithe baineanna i bhfeidhm’.
  • Tá na toirmisc ar idirdhealú ar fhorais inscne maidir le gnéithe agus coinníollacha uile an luach saothair leagtha síos in Airteagal 4 de Threoir 2006/54/CE (féach an achoimre).

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Pá. Pá nó tuarastal bunaidh nó íosta, móide aon sochair in airgead nó sochair chomhchineáil, a fhaigheann oibrí go díreach nó go hindíreach.
  2. Idirdhealú. Áirítear leis sin ciapadh agus gnéaschiapadh, cóir is lú fabhar agus treoir idirdhealú a dhéanamh in aghaidh daoine ar fhorais inscne, idirdhealú trasnach, agus tagraíonn sé d’idirdhealú díreach agus indíreach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (IO L 132, , lgh. 21–44).

nuashonrú is deireanaí

Arriba