Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Leagtar amach ann rialacha maidir le pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta san Aontas Eorpach (AE) a chur ar an margadh agus a mhaoirsiú. Níl feidhm aige maidir le:
pléascáin a ceapadh lena n-úsáid ag na fórsaí armtha nó ag na póilíní;
earraí piriteicniúla (tinte ealaíne); nó
armlón (faoi réir eisceachtaí).
PRÍOMHPHOINTÍ
Leagtar síos sa treoir freagrachtaí na monaróirí, na n-allmhaireoirí agus na ndáileoirí maidir le trádáil i bpléascáin thráchtála.
Maidir leis na pléascáin a chuirtear ar fáil ar mhargadh an AE, ní mór an comhartha comhréireachta CE a bheith orthu chun a léiriú go gcomhlíonann siad na ceanglais riachtanacha sábháilteachta uile faoi dhlí an AE.
Chun marc comhréireachta a fháil, bíonn ar an monaróir measúnú comhréireachta a dhéanamh, doiciméid mhionsonraithe theicniúla a dhréachtú le haghaidh na dtáirgí agus a chinntiú gur féidir iad a rianú.
Ní mór d’allmhaireoirí a chinntiú go bhfuil measúnuithe cearta comhréireachta déanta ag monaróirí agus ní mór dóibh an t-údarás náisiúnta, a ceapadh chun monatóireacht a dhéanamh ar an tsábháilteacht, a chur ar an eolas má mheasann siad go mbaineann baol leis an bpléascán.
Ní mór an doiciméadúchán riachtanach go léir a thaifeadadh agus a choimeád ar feadh 10 mbliana.
Ní mór don doiciméadúchán agus don fhaisnéis sábháilteachta a bheith scríofa i dteanga atá éasca le tuiscint ag úsáideoirí deiridh.
Ní mór do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí a seoladh poist a sholáthar ar an bpléascán.
Ní mór do dháileoirí a chinntiú go bhfuil marc CE ar an bpléascán agus go bhfuil na doiciméid riachtanacha ag gabháil leis, mar aon le treoracha scríofa i dteanga atá éasca le tuiscint ag úsáideoirí deiridh sa tír cinn scríbe. Má chreideann siad go bhfuil baol ag baint leis na pléascáin, ní mór dóibh é sin a chur in iúl don údarás náisiúnta a ceapadh chun monatóireacht a dhéanamh ar shábháilteacht.
Déantar na nithe seo a leanas leis an treoir freisin:
leagtar síos sa treoir riachtanais do na comhlachtaí a dhéanann measúnuithe comhréireachta, ar gá dóibh a bheith neamhspleách agus neamhchlaonta;
sonraítear sa treoir na céimeanna atá le glacadh ag údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh chun táirgí neamhchomhlíontacha a aithint, chun allmhairiú táirgí contúirteacha ó thíortha neamh-AE a chosc agus chun an beart críochnaitheach cuí a dhéanamh.
Leis an treoir, déantar Treoir 93/15/CEE agus Treoir 2004/57/CE a aisghairm agus a ionadú amhail ón . Tá dhá ghníomh cur chun feidhme, a glacadh fad a bhí Treoir 93/15/CEE i bhfeidhm, fós infheidhme:
Leagtar amach i gCinneadh 2004/388/CE ón gCoimisiún an múnla de dhoiciméad (ar a dtugtar an doiciméad um aistriú pléascán laistigh den Chomhphobal) nach mór do na húdaráis ábhartha glacadh leis mar dhoiciméad bailí aistrithe a ghabhann leis na pléascáin lena n-aistriú idir Ballstáit go dtí go sroicheann na pléascáin a gceann scríbe.
Le Treoir 2008/43/CE ón gCoimisiún tugtar isteach córas chun pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a shainaithint agus a rianú. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh gnólachtaí in earnáil na bpléascán a mhonaraíonn nó a allmhairíonn pléascáin nó a chóimeálann pléascáin agus gach aonad pacáistithe is lú a mharcáil le sainaithint uathúil.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?
B’éigean an treoir a thrasuí faoin . Tá na rialacha sin i bhfeidhm ón .
Treoir 2014/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a chur ar fáil ar an margadh agus a mhaoirsiú (athmhúnlú) (IO L 96, , lgh. 1-44).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2008/43/CE ón gCoimisiún an lena mbunaítear, de bhun Threoir 93/15/CEE ón gComhairle, córas chun pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a shainaithint agus a rianú (IO L 94, , lgh. 8-12).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2008/43/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Cinneadh 2004/388/CE ón gCoimisiún an maidir le doiciméad pléascán a aistriú laistigh den Chomhphobal (IO L 120, , lgh. 43-47).