This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Baineann go leor deiseanna agus buntáistí le teicneolaíochtaí digiteacha, rud a ligeann do leanaí idirghníomhú le daoine eile, foghlaim ar líne agus cuireann siad siamsaíocht ar fáil dóibh. Mar sin féin, maidir leis na teicneolaíochtaí seo, baineann rioscaí leo freisin, amhail an chontúirt a bhaineann le nochtadh do bhréagaisnéis, do chibearbhulaíocht agus d’ábhar díobhálach agus mídhleathach, ar nithe iad óna gcaithfear leanaí a chosaint.
In 2022, ghlac an Coimisiún Eorpach straitéis nua an Aontais Eorpaigh le haghaidh idirlíon níos fearr do leanaí (BIK+) Tá sé dírithe ar ábhar agus ar sheirbhísí inrochtana ar líne, atá aois-oiriúnach agus faisnéiseach, agus atá chun leasa na leanaí. Is ionann an straitéis nuashonraithe seo agus an ghné dhigiteach den straitéis maidir le cearta an linbh, a ghlac an Coimisiún in 2021, agus cuireann sí le bunstraitéis bhunaidh BIK a ghlac an Coimisiún in 2012.
Baineann trí thaobh leis an straitéis.