This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Is cuid dár saol laethúil iad na hardáin ar líne. Tagann siad i raon leathan foirmeacha a chuimsíonn seirbhísí amhail na meáin shóisialta, margaí ar líne, siopaí aipeanna, innill chuardaigh, córais íocaíochta, siopaí inneachair chruthaitheacha, suíomhanna gréasáin comparáide praghsanna agus ardáin don gheilleagar comhoibríoch (nó “poistíneachta”).
Cé go dtugann na hardáin seo go leor buntáistí dúinn, tá baol ann go dtugann ceannas ardán áirithe buntáiste dóibh thar a n–iomaitheoirí agus go gcuireann sé bac ar imreoirí nua dul isteach sa mhargadh. Tá contúirtí eile ann freisin, amhail ábhar neamhdhleathach nó díobhálach, i gcás inar tugadh tionchar míchuí ar roinnt páirtithe i dtoghcháin, nó inar gríosaíodh sceimhlitheoireacht nó mí-úsáid ghnéasach, nó fuathchaint, mar thoradh ar ardáin áirithe a úsáid.
Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, mar chuid de phacáiste seirbhísí digiteacha, chomhaontaigh an tAontas Eorpach go nglacfar dhá ghníomh reachtacha shuntasacha a tháinig i bhfeidhm i bhfómhar 2022: