Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ESAanna)

Tar éis na géarchéime airgeadais domhanda 2008, rinne Grúpa Ardleibhéil, a raibh Jacques de Larosière ina chathaoireach air, scrúdú ar an chaoi a bhféadfaí socruithe maoirseachta an Aontais Eorpaigh (AE) a neartú, rud a chosnódh saoránaigh AE níos fearr agus a n-athbhunódh muinín na ndaoine sa chóras airgeadais.

Bhain an grúpa de thátal as gur cheart socruithe maoirseachta a dhíriú ar ghnólachtaí aonair (m.sh. bainc agus cuideachtaí árachais), agus ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláin.

Mar thoradh, cuireadh an Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais (CEMA) ar bun i mí Eanáir 2011. Is éard atá sa chóras seo ná trí údarás mhaoirseachta Eorpacha, an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach agus údaráis náisiúnta mhaoirseachta.

Is iad na trí údarás mhaoirseachta Eorpacha ná:

  • an tÚdarás Baincéireachta Eorpach;
  • an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde; agus
  • an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

FÉACH FOSTA

Top