This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Is éard atá i gceist leis an gcibearshlándáil, ar a dtugtar teicneolaíocht faisnéise nó slándáil ríomhaireachta freisin, bearta a leagan síos a chosnaíonn córais agus líonraí ar nochtadh faisnéise, ar ghoid a gcuid crua-earraí, ar a mbogearraí nó ar a sonraí leictreonacha nó ar dhamáiste dóibh, agus ar chur isteach nó ar mhíthreorú na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.
Is tosaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) í an chibearshlándáil le fada. Léirítear sin le déanaí ina bhuiséad fadtéarmach (an creat airgeadais ilbhliantúil) don tréimhse 2021–2027, le maoiniú suntasach curtha in áirithe chun tacú le taighde, nuálaíocht agus bonneagar cibearshlándála, cibearchosaint agus tionscal na cibearshlándála.
Ó 2004 i leith, agus a neartaíodh le Gníomh an Aontais um Chibearshlándáil 2019, tá Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) ag obair le Ballstáit an Aontais agus le páirtithe ábhartha eile, ag cur comhairle agus réitigh ar fáil agus ag cur lena gcumais chibearshlándála chun freagairt go comhpháirteach do theagmhais chibearshlándála trasteorann mhórscála.
Leis an tstraitéis cibearshlándál is déanaí de chuid an Aontais, a cuireadh i láthair in 2020, féachtar lena hathléimneacht chomhchoiteann i gcoinne cibearbhagairtí a threisiú agus cuidiú lena chinntiú gur féidir le saoránaigh agus gnólachtaí tairbhe iomlán a bhaint as seirbhísí agus uirlisí digiteacha iontaofa ar féidir brath orthu. Tá tograí ann maidir le tionscnaimh rialála, infheistíochta agus beartais atá le déanamh i dtrí réimse.