Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comheagraíocht na margaí talmhaíochta (CEM)

I dtosach an chomhbheartais talmhaíochta (CBT), cruthaíodh comheagraíochtaí na margaí talmhaíochta (CEManna) mar a deirtear leo. Dearadh na CEManna seo chun táirgeadh agus trádáil a bhainistiú sa chuid is mó d’earnáil talmhaíochta an Aontais Eorpaigh. Ba é cuspóir na CEManna ioncam seasta do na feirmeoirí agus soláthar leanúnach do thomhaltóirí Eorpacha a áirithiú. Bhí 21 CEM ann, a raibh a gcuid rialacha féin acu, sular cruthaíodh aon CEM amháin in 2007. Tacaíonn Airteagal 40 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh le bunú CEManna.

Rinneadh athchóiriú breise ar CBT sa bhliain 2013. Is iad príomhchuspóirí an rialacháin CEM nua líontán sábhála a chur ar fáil do na margaí talmhaíochta trí uirlisí tacaíochta margaidh, bearta eisceachtúla agus scéimeanna cúnaimh a úsáid in earnálacha áirithe (go háirithe torthaí agus glasraí agus fíon), agus an comhar táirgeoirí a spreagadh freisin trí eagraíochtaí táirgeoirí agus trí rialacha sonracha maidir le hiomaíocht, mar aon le caighdeáin mhargaíochta a leagadh síos le haghaidh táirgí áirithe.

Faoin athchóiriú CBT is déanaí, cuirtear bearta eisceachtúla ar fáil don Choimisiún chun dul i ngleic le mór-mhíshocracht sa mhargadh (mar shampla trí mheán beart um thacaíocht mhargaidh i gcás ráige de ghalar ainmhithe nó nuair a chailltear muinín na dtomhaltóirí de bharr rioscaí sláinte poiblí, ainmhithe nó plandaí).

FÉACH FREISIN

Top