EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0246

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle

/* COM/2013/0246 final - 2011/0276 (COD) */

52013PC0246

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle /* COM/2013/0246 final - 2011/0276 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Thíolaic an Coimisiún a thograí le haghaidh rialacháin lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir leis an CFRE, CSE, an CC, an CETFT agus an CEMI agus forálacha ginearálta maidir le cistí beartais comhtháthaithe an 6 Deireadh Fómhair 2011 (COM(2011)615 final).

I dtogra tosaigh an Choimisiúin maidir leis an Rialachán CEMI rinneadh an córas bainistithe agus rialaithe don CEMI a ailíniú leis na socruithe a moladh don CETFT. Moladh an méid sin go príomha ar an gcúis gur minic gurb ionann na húdaráis a bhainistíonn an CETFT agus an CEMI agus go dtairbheoidís as socruithe comhchuibhithe don dá chiste sin.

Agus scrúdú á dhéanamh ar thogra an CEMI ag an Meitheal um Iascach sa Chomhairle, chuir roinnt Ballstát a n-amhras in iúl maidir le haistriú go dtí an córas a mhol an Coimisiún do bhainistiú agus rialú agus do bhainistiú airgeadais. Sa tréimhse chlárúcháin roimhe seo (2000-2006) agus sa tréimhse chlárúcháin reatha bhí  córas seachadta an CEMI ailínithe le socruithe a leagadh amach faoi bheartas comhtháthaithe agus measann na Ballstáit gur gá an leibhéal comhleanúnachais is airde a áirithiú. Chuir siad in iúl go mbeifí in ann an úsáid is fearr a bhaint as an saineolas a fuair na húdaráis náisiúnta atá rannpháirteach i mbainistiú chistí an AE don iascach faoi láthair ach leanúint de na socruithe sin.

Cé gur chuir tromlach na mBallstát in iúl gur fearr leo ailíniú an CEMI leis an gcóras seachadta do bheartas comhtháthaithe, leag siad béim freisin ar an ngá le prionsabal na coimhdeachta a chur san áireamh (CPR Airteagal 4(5)). Tá na cláir oibríochtúla iascaigh, i bhformhór na gcásanna, níos lu ná cláir faoi bheartas comhtháthaithe agus tá gnéithe sonracha acu lena áirithiú go rannchuidíonn an CEMI le hathchóiriú an Chomhbheartais Iascaigh.

Leis na hidirbheartaíochtaí leanúnacha sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa a éascú molann an Coimisiún leasú comhuaineach ar thograí an Choimisiúin do Rialachán na bhForálacha Coiteann agus ar Rialachán an CEMI le comhtháthú simplí agus rianúil  an CEMI isteach i sraith rialacha atá ann cheana maidir le beartas comhtháthaithe a áirithiú  

Cuideoidh ailíniú dlúth chórais seachadta an CEMI leis na córais atá molta do bheartas comhtháthaithe ar an mbealach a mholtar le comhchuibheas agus comhsheasmhacht rialacha ar fud na gcistí éagsúla seo (CEFT, CSE, CC agus CEMI). Tríd an ailíniú sin is féidir leas a bhaint as an taithí a fuarthas i dtréimhsí clárúcháin roimhe seo agus éascaítear aistriú rianúil ó thréimhse chlárúcháin amháin go dtí an chéad cheann eile.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA agus measúnuithe tionchair

Roimh thogra an Choimisiúin lena leasaítear Rialachán na bhForálacha agus Rialachán an CEMI rinneadh mionphlé ar shocruithe seachadta an CEMI sa Mheitheal um Iascach na Comhairle agus rinneadh teagmháil déthaobhach leis na Ballstáit.

Rinneadh Measúnú Tionchair ar na tograí reachtacha bunúsacha.

2.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Sa togra seo tá leasú comhthreomhar ar thograí an Choimisiúin do Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus ar Rialachán an CEMI :

· tá an CEMI comhtháite sna forálacha ábhartha i Rialachán na bhForálacha Coiteanna ba shonrach do bheartas comhtháthaithe i dtosach, lena gcruthaítear Cuid a Ceathair nua i Rialachán na bhForálacha Coiteanna a bhfuil feidhm aige maidir le beartas comhtháthaithe agus leis an CEMI;

· Déantar forálacha faoi seach (a chomhfhreagraíonn le socruithe seachadta an CETFT nó a fhorluíonn le hAirteagail ó Rialachán na bhForálacha Coiteanna ina fhoirm leasaithe) a scriosadh ó Rialachán an CEMI agus tugtar isteach tagairtí iomchuí don RFC i Rialachán an CEMI, nuair is gá.

Ailínítear aithrisí agus sainmhínithe leis na hathruithe ar na hairteagail agus an leasú ar struchtúr na rialachán. Oiriúnaítear an téarmaíocht a úsáidtear i gCuid a Ceathair nua le sainiúlachtaí an CEMI a chumhdach agus i gcásanna áirithe sonraítear go bhféadfar leis na rialacha a bhaineann le Cistí sonracha faoin CEMI, rialacha comhlántacha a leagan amach.

3.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleachtaí buiséadacha ag an togra leasaithe. De thoradh sonraí nua agus réamhaisnéisí maicreacnamaíocha a bheith ar fáil chomh maith le haontachas Phoblacht na Cróite, áfach, beidh athruithe ar an gclúdach comhtháthaithe.

Tá na modhnuithe seo gan dochar do na caibidlíochtaí leanúnacha maidir le Rialachán an CAI agus an Rialachán Airgeadais.

4.           ACHOIMRE AR NA LEASUITHE

Maidir leis an Rialachán na bhForálacha, baineann an leasú le hAithrisí 3, 75, 78, 80, 84 agus 87. Tugtar isteach leis freisin athruithe ar Airteagal 1 agus Airteagal 3 le hinfheidhmeacht gach Cuid de Rialachán na bhForálacha Coiteann maidir le gach ceann de na Cistí (CEFT, CSE, CC, CEMI agus CETFT) Bhí gá le coigeartú teoranta ar shainmhínithe atá leagtha amach faoi mhíreanna (5), (7), (25) agus (26) d’Airteagal 2 le tagairtí do Chuid a Ceathair a chur in ionad tagairtí do Chuid a Trí.

Airítear ann leasuithe ar Airteagail 55 (7), 64 (6), 74 (1), 112 (3), 113 (5), 114 (3) (b) agus (g), 117 (4), 120, 121 (1), 124, 126 (4), 128, 130 (1), 131 (1), 133(1), 134 (1), 135, 136, 137 agus 140 (1).

Maidir leis an Rialachán CEMI, baineann an leasú le hAithrisí 86, 89, 101, 103, 104 agus scriosadh Aithrisí 91, 93, 94 agus 97. Airítear ann leasuithe ar Airteagail 3, 20, 62, 63, 78, 92, 94, 102, 108, 117, 118, 119, 122, 128, 129, 138, 143 and 150, agus scriosadh Airteagail 103, 104, 106, 107, 109, 110, 111, 112, 113, 114, 115, 116, 121, 123, 124, 125, 127 agus 130.

Ar chúiseanna soiléire, tíolactar an togra leasaithe seo i bhfoirm chomhdhlúthaithe, lena n-airítear na leasuithe uile ar an Rialachán Forálacha Coiteanna a ghlac an Coimisiún go dtí seo, i.e. COM(2012) 496 an 11 Meán Fómhair 2012 agus COM(2013) 146 an 12 Márta 2013. Mar sin féin, ní thíolactar i bhfoirm aibhsithe ach amháin na modhnuithe a mholtar tríd an togra leasaithe seo.

2011/0276 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[1],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[2],

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí[3],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       D’fhonn comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú, foráiltear le hAirteagal 174 den Chonradh go bhféachfaidh an tAontas leis na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla nó na n‑oileán a laghdú, go háirithe limistéir thuaithe, limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh, agus réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu. Ceanglaítear le hAirteagal 175 den Chonradh go dtacódh an tAontas leis na cuspóirí sin a ghnóthú agus é ag gníomhú trí Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, trí Chiste Sóisialta na hEorpa, trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta agus trí ionstraimí eile.

(2)       I gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí an 17 Meitheamh 2010, lenar glacadh Straitéis an Aontais maidir le, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, ba cheart go gcuirfeadh an tAontas agus na Ballstáit seachadadh an fháis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh chun feidhme, agus forbairt chomhchuí an Aontais á cur chun cinn agus éagothromaíochtaí réigiúnacha á laghdú acu ag an am céanna.

(3)       D’fhonn comhordú a fheabhsú agus cur chun feidhme a chomhchuibhiú i gcás na gCistí a thugann tacaíocht faoin mbeartas comhtháthaithe, eadhon, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus an Ciste Comhtháthaithe (CC), leis na Cistí le haghaidh forbartha tuaithe, eadhon, Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), agus le haghaidh na hearnála muirí agus iascaigh, eadhon, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), ba cheart forálacha coiteanna a bhunú maidir leis na Cistí sin uile (‘Cistí CSF’). Ina theannta sin, tá forálacha sa Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir leis an CFRE, CSE, agus CC, ach nach bhfuil feidhm acu maidir leis an CETFT CEMI chomh maith le forálacha a bhfuil feidhm acu maidir leis an CFRE, CSE, CC agus CEMI, ach nach bhfuil feidhm acu maidir leis an CETFT. I ngeall ar na sainiúlachtaí a bhaineann le gach Ciste CSF ar leith, ba cheart rialacha sonracha is infheidhme maidir le gach Ciste CSF ar leith agus maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh faoin CFRE a shonrú i rialacháin ar leithligh.

(4)       Maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT), tá sineirgíochtaí tábhachtacha bainte amach cheana féin trí na rialacha bainistíochta agus rialuithe a bhaineann leis an gcéad cholún (CERT – an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta) agus leis an dara colún (CETFT) den CBT. Ba cheart an nasc láidir idir CERT agus CETFT a choimeád ar an ábhar sin agus ba cheart na struchtúir atá ar bun cheana sna Ballstáit a chothú.

(5)       Ba cheart go mbainfeadh na réigiúin is forimeallaí tairbhe as bearta sonracha agus as cistiú breise chun na baic a eascraíonn as na tosca dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh a fhritháireamh.

(6)       Chun léirmhíniú beacht agus comhleanúnach na bhforálacha a áirithiú agus chun rannchuidiú le deimhneacht dhlíthiúil i leith na mBallstát agus i leith tairbhithe, is gá téarmaí áirithe a úsáidtear sa Rialachán a shainmhíniú.

(7)       Tá sé leagtha amach go bhfuil trí chuid sa Rialachán seo; cuid a haon ina bhfaightear na haithrisí agus na sainmhínithe, cuid a dó ina bhfuil na rialacha is infheidhme maidir leis na Cistí CSF uile agus cuid a trí ina bhfuil na forálacha nach bhfuil feidhm acu ach maidir le CFRE, CSE, agus an CC (na 'Cistí').

(8)       Faoi Airteagal 317 den Chonradh, agus i gcomhthéacs na bainistíochta comhpháirtí, ba cheart na coinníollacha faoina gceadaítear don Choimisiún a fhreagrachtaí maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme a shainiú agus ba cheart freagrachtaí comhair na mBallstát a shoiléiriú. Ba cheart go gcuirfeadh na coinníollacha sin ar chumas an Choimisiúin deimhin a dhéanamh de go bhfuil na Ballstáit ag úsáid na gCistí CSF ar mhodh dlíthiúil agus rialta agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais de réir bhrí Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (dá ngairtear an 'Rialachán Airgeadais' anseo feasta)[4]. Ba cheart do na Ballstáit agus na comhlachtaí arna n‑ainmniú acu chun na críche sin a bheith freagrach as cláir a chur chun feidhme ar an leibhéal críochach iomchuí i gcomhréir le creat institiúideach, dlí agus airgeadais an Bhallstáit. Áiritheoidh na forálacha sin freisin go dtabharfar aird ar an ngá le comhlántacht agus comhsheasmhacht idirghabháil an Aontais, comhréireacht na socruithe riaracháin agus laghdú ar ualach riaracháin thairbhithe na gCistí CSF a áirithiú.

(9)       I gcás an Chonartha Comhpháirtíochta agus gach cláir faoi seach, ba cheart don Bhallstát comhpháirtíocht a eagrú le hionadaithe ó na húdaráis inniúla réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus eile, le comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, agus le comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta, lena n‑áirítear comhpháirtithe comhshaoil, eagraíochtaí neamhrialtais agus comhlachtaí atá freagrach as comhionannas agus neamh‑idirdhealú a chur chun cinn. Is é is cuspóir do chomhpháirtíocht den sórt sin prionsabal an rialachais il-leibhéil a urramú, úinéireacht ag geallsealbhóirí ar idirghabhálacha atá beartaithe a áirithiú agus an taithí agus an saineolas atá ag gníomhaithe ábhartha a fhorbairt. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena ndéanfaí foráil maidir le cód iompair d’fhonn a áirithiú go mbeidh na comhpháirtithe rannpháirteach, ar shlí chomhsheasmhach, in ullmhú agus i gcur chun feidhme na gConarthaí Comhpháirtíochta agus na gclár, agus i bhfaireachán agus i meastóireacht a dhéanamh orthu.

(10)     Ba cheart gníomhaíochtaí na gCistí CSF agus na hoibríochtaí lena dtacaíonn siad dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme a bhfuil nasc díreach nó indíreach aige le cur chun feidhme na hoibríochta a chomhlíonadh.

(11)     I gcomhthéacs a iarrachta comhtháthú eacnamaíoch, críochach agus sóisialta a mhéadú, ba cheart don Aontas, ag gach céim de chur chun feidhme na gCistí CSF, díriú ar neamh‑chomhionannais a dhíothú agus comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn, agus dul i ngleic le hidirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó creideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach.

(12)     Ba cheart cuspóirí na gCistí CSF a shaothrú faoi chuimsiú forbartha inbhuanaithe agus de réir mar a chuireann an tAontas an aidhm maidir leis an gcomhshaol a chosaint agus a fheabhsú mar atá leagtha amach in Airteagal 11 agus Airteagal 19 den Chonradh ar aghaidh, agus cuirfear an prionsabal ‘íoc mar a thruaillítear’ san áireamh ag an am céanna. Ba cheart do na Ballstáit modheolaíocht arna glacadh ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme a úsáid chun faisnéis a sholáthar faoin tacaíocht a thugtar do chuspóirí athraithe aeráide i gcomhréir leis an uaillmhian 20 % ar a laghad de bhuiséad an Aontais a chaitheamh ar an gcuspóir sin.

(13)     D’fhonn spriocanna agus cuspóirí Straitéis an Aontais maidir le, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a ghnóthú, ba cheart an tacaíocht ó na Cistí CSF a dhíriú ar líon teoranta cuspóirí téamacha coiteanna. Ba cheart an raon feidhme díreach a bheidh le gach Ciste CSF ar leith a leagan amach i rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí agus d’fhéadfaí an raon feidhme sin a theorannú do roinnt de na cuspóirí téamacha arna sainiú sa Rialachán seo.

(14)     Ar mhaithe le ranníocaíocht na gcistí CSF a uasmhéadú agus treo straitéiseach soiléir a thabhairt don phróiseas clárúcháin ar leibhéal na mBallstát agus na réigiún, ba cheart Comhchreat Straitéiseach a  bhunú. Ba cheart don Chomhchreat Straitéiseach comhordú earnála agus críochach a éascú maidir le hidirghabháil an Aontais faoi na Cistí CSF agus le beartais agus le hionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais.

(15)     Ba cheart a leagan amach sa Chomhchreat Straitéiseach an modh chun comhtháthú agus comhsheasmhacht le beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais a bhaint amach, meicníochtaí comhordúcháin idir na cistí CSF agus le beartais agus ionstraimí ábhartha eile an Aontais, prionsabail chothrománacha agus cuspóirí beartais trasearnála, na socruithe chun dul i ngleic le dúshláin chríochacha, gníomhaíochtaí táscacha a bhfuil breisluach ard Eorpach acu agus prionsabail chomhfhreagracha lena mbaint amach, agus tosaíochtaí comhair.

(16)     Ar bhonn an Chomhchreata Straitéisigh, ba cheart do gach Ballstát, i gcomhar lena chomhpháirtithe agus i gcomhphlé leis an gCoimisiún, Conradh Comhpháirtíochta a ullmhú. Ba cheart don Chonradh Comhpháirtíochta na heilimintí atá leagtha amach sa Chomhchreat Straitéiseach a athrú de réir an chomhthéacs náisiúnta agus ceangaltais dhaingne a leagan amach maidir le cuspóirí an Aontais a ghnóthú trí chlárú Chistí CSF.

(17)     Ba cheart do na Ballstáit a gcuid tacaíochta a chomhchruinniú chun rannchuidiú suntasach le gnóthú chuspóirí an Aontais a áirithiú, i gcomhréir lena riachtanais shonracha forbartha náisiúnta agus réigiúnaí. Ba cheart coinníollachtaí ex ante a shainiú lena áirithiú go bhfuil na coinníollacha creata a bhfuil gá leo chun tacaíocht an Aontais a úsáid go héifeachtach i bhfeidhm. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante sin faoi chuimsiú a mheasúnaithe ar an gConradh Comhpháirtíochta agus ar na cláir. I gcásanna nach gcomhlíontar coinníollacht ex ante, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún íocaíochtaí leis an gclár a chur a fhionraí.

(18)     Ba cheart creat feidhmíochta a shainiú maidir le gach clár d’fhonn faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta feadh na tréimhse clárúcháin maidir leis na cuspóirí agus na spriocanna atá leagtha síos do gach clár a ghnóthú. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú ar fheidhmíocht a dhéanamh, i gcomhar leis na Ballstáit, in 2017 agus in 2019. Ba cheart cúlchiste feidhmíochta a fhoráil agus a leithdháileadh in 2019 sna cásanna sin inar gnóthaíodh garspriocanna a bhí leagtha síos sa chreat feidhmíochta. De bharr na héagsúlachta agus an ghné ilnáisiúnta a bhaineann leo, níor cheart aon chúlchiste feidhmíochta a bheith ann le haghaidh na gclár um ‘Chomhar Críochach Eorpach’. I gcásanna ina bhfuil sprioceasnamh suntasach ann maidir le garspriocanna nó spriocanna a ghnóthú, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann íocaíochtaí leis an gclár a fhionraí nó, ag deireadh na tréimhse clárúcháin, ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, d’fhonn a áirithiú nach n‑úsáidfear buiséad an Aontais go diomailteach ná go neamhéifeachtúil.

(19)     Trí nasc níos dlúithe a chruthú idir an beartas comhtháthaithe agus rialachas eacnamaíoch an Aontais áiritheofar go mbeidh beartais eacnamaíocha fhónta ina gcranntaca le héifeachtacht an chaiteachais a dhéantar faoi Chistí CSF agus gur féidir, más gá, Cistí CSF a atreorú ar aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna eacnamaíocha atá ag tír. Ní mór go dtarlódh an próiseas sin diaidh ar ndiaidh, agus go dtosódh sé le leasuithe ar an gConradh Comhpháirtíochta agus ar na cláir chun tacú le moltaí na Comhairle chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus ar dheacrachtaí sóisialta agus eacnamaíocha. I gcás, in ainneoin úsáid fheabhsaithe Chistí CSF, nach ndéanann Ballstát beart éifeachtach i gcomhthéacs phróiseas an rialachais eacnamaíoch, ba cheart an ceart a bheith ag an gCoimisiún na híocaíochtaí agus na ceangaltais uile nó cuid díobh a fhionraí. Ba cheart cinntí maidir le fionraí a bheith comhréireach agus éifeachtach, agus tionchar na gclár aonair chun aghaidh a thabhairt ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta sa Bhallstát ábhartha agus leasuithe roimhe sin ar an gConradh Comhpháirtíochta á gcur san áireamh. Agus cinneadh faoi fhionruithe á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún cóir chomhionann idir Ballstáit a urramú freisin, agus go háirithe tionchar na fionraí ar gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann. Ba cheart na fionruithe a bhaint agus cistí a chur ar fáil don Bhallstát lena mbaineann arís a luaithe is a dhéanann an Ballstát an beart is gá.

(20)     Lena áirithiú go ndíreofar ar straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur i gcrích, ba cheart eilimintí coiteanna a shainiú do na cláir ar fad. Lena áirithiú go mbeidh na socruithe clárúcháin le haghaidh na gCistí CSF comhsheasmhach, ba cheart na nósanna imeachta chun na cláir a ghlacadh agus a leasú a ailíniú. Ba cheart go n‑áiritheodh an clárú comhsheasmhacht leis an gComhchreat Straitéiseach agus leis an gConradh Comhpháirtíochta, comhordú na gCistí CSF eatarthu féin agus le hionstraimí airgeadais reatha eile agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta.

(21)     Leis an gConradh, cuireadh comhtháthú críochach le spriocanna an chomhtháthaithe eacnamaíoch agus shóisialta, agus tá sé fíor-riachtanach aghaidh a thabhairt ar an ról atá ag cathracha, ag geografaíocht fheidhmiúil agus ag limistéir fhoréigiúnacha a bhfuil fadhbanna geografacha agus déimeagrafacha ar leith le sárú acu. Chuige sin, chun leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht ar an leibhéal áitiúil, tá sé riachtanach forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a neartú agus a éascú trí chomhrialacha agus dlúthchomhordú a cheangal ar na Cistí CSF uile. Mar phrionsabal bunúsach, ba cheart an fhreagracht as straitéisí forbartha áitiúla a chur chun feidhme a thabhairt do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla a dhéanann ionadaíocht thar ceann leasanna an phobail.

(22)     Tá ionstraimí airgeadais ag éirí níos tábhachtaí i ngeall ar an éifeacht ghiarála a bhíonn acu ar na Cistí CSF, i ngeall ar a gcumas cineálacha éagsúla acmhainní poiblí agus príobháideacha a chomhcheangal d’fhonn tacú le cuspóirí beartais phoiblí, agus i ngeall go ndéantar an tacaíocht sin níos inbhuanaithe go fadtéarmach de bharr cineálacha imrothlacha maoinithe.

(23)     Ba cheart ionstraimí airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhargaidh faoi leith ar mhodh costéifeachtach, i gcomhréir le cuspóirí na gclár, agus níor cheart dóibh maoiniú príobháideach a bhrú amach. Ba cheart an cinneadh chun na bearta tacaíochta a mhaoiniú trí bhíthin ionstraimí airgeadais a chinneadh, dá bhrí sin, ar bhonn anailíse ex ante.

(24)     Ba cheart ionstraimí airgeadais a cheapadh agus a chur chun feidhme d’fhonn rannpháirtíocht shuntasach infheisteoirí na hearnála príobháidí agus institiúidí airgeadais a chur chun cinn ar bhonn cuí roinnte rioscaí. Le bheith tarraingteach go leor don earnáil phríobháideach, is gá ionstraimí airgeadais a cheapadh agus a chur chun feidhme ar mhodh solúbtha. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis bhainistíochta cinneadh a dhéanamh maidir leis na foirmeacha is iomchuí chun na hionstraimí airgeadais a chur chun feidhme, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na spriocréigiún, i gcomhréir le cuspóirí an chláir ábhartha.

(25)     Ba cheart an deis a bheith ag údaráis bhainistíochta acmhainní ó na cláir a chur leis na hionstraimí airgeadais a bhunaítear ar leibhéal an Aontais, nó le hionstraimí a bhunaítear ar an leibhéal réigiúnach. Ba cheart an deis a bheith ag údaráis bhainistíochta freisin ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme go díreach, trí bhíthin cistí sonracha nó trí bhíthin cistí de chuid cistí.

(26)     Ba cheart go gcomhfhreagródh méid na n‑acmhainní arna n‑íoc tráth ar bith ó na Cistí CSF le hionstraimí airgeadais don mhéid is gá chun infheistíochtaí atá beartaithe agus íocaíochtaí le faighteoirí deiridh a chur chun feidhme, lena n‑áirítear costais bhainistíochta agus táillí bainistíochta, arna gcinneadh ar bhonn pleananna gnó agus réamh‑mheastachán faoin sreabhadh airgid le haghaidh tréimhse réamhshainithe nár cheart a bheith níos faide ná dhá bhliain.

(27)     Tá sé riachtanach rialacha sonracha a leagan síos maidir leis na méideanna atá le glacadh mar chaiteachas incháilithe tráth an dúnta, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar na méideanna, lena n‑áirítear na costais bhainistíochta agus táillí bainistíochta, a íoctar ó na Cistí CSF le hionstraimí airgeadais, a úsáid go héifeachtach le haghaidh infheistíochtaí agus íocaíochtaí le faighteoirí deiridh. Tá sé riachtanach freisin rialacha sonracha a leagan síos maidir le hathúsáid na n‑acmhainní atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí CSF, lena n‑áirítear úsáid na n‑acmhainní leagáide i ndiaidh na cláir a dhúnadh.

(28)     Ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chláir d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar dhul chun cinn maidir le cuspóirí na gclár a ghnóthú. Chuige sin, ba cheart coistí faireacháin a bhunú agus a mballraíocht agus a bhfeidhmeanna a shainiú maidir leis na Cistí CSF. D’fhéadfaí Comhchoistí Faireacháin a bhunú chun comhordú idir na Cistí CSF a éascú. D'fhonn éifeachtacht a áirithiú, ba cheart do na coistí faireacháin a bheith ábalta moltaí a eisiúint chuig údaráis bhainistíochta maidir leis an gclár a chur chun feidhme agus ba cheart dóibh faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a rinneadh mar thoradh ar a gcuid moltaí.

(29)     Is gá na socruithe faireacháin agus tuairiscithe maidir leis na Cistí CSF a ailíniú ar mhaithe le socruithe bainistíochta a shimpliú ar gach uile leibhéal. Is tábhachtach ceanglais chomhréireacha tuairiscithe a áirithiú ach freisin go mbeadh faisnéis chuimsitheach ar dhul chun cinn ar fáil ag príomhthráthanna athbhreithnithe. Is gá, dá bhrí sin, do na ceanglais tuairiscithe na riachtanais faisnéise a léiriú sna blianta lena mbaineann agus go mbeadh siad ailínithe le huainiú na n‑athbhreithnithe ar fheidhmíocht.

(30)     D’fhonn faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na gclár, ba cheart cruinniú athbhreithnithe bliantúil a thionól idir an Ballstát agus an Coimisiún. Ba cheart go mbeadh an deis ag an Ballstát agus ag an Coimisiún teacht ar chomhaontú gan an cruinniú a thionól, áfach, chun ualach riaracháin neamhriachtanach a sheachaint.

(31)     Le gur féidir leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí an Aontais a ghnóthú, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha ar dhul chun cinn a chur isteach maidir le cur chun feidhme a gConarthaí Comhpháirtíochta. Ar bhonn tuarascálacha den sórt sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil straitéise a ullmhú ar dhul chun cinn in 2017 agus in 2019.

(32)     Is gá meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar thionchar an chúnaimh ó na Cistí CSF d’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht chur chun feidhme agus cheapadh na gclár, agus chun tionchar na gclár ar na spriocanna i straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus ar OTI agus ar fhostaíocht, nuair is ábhartha, a chinneadh. Ba cheart freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin maidir leis an méid sin a shonrú.

(33)     D’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht agus ar cheapadh gach cláir, agus d’fhonn a fhíorú gur féidir na cuspóirí agus na spriocanna a ghnóthú, ba cheart meastóireacht ex ante a dhéanamh ar gach clár.

(34)     Ba cheart don údarás atá freagrach as ullmhú an chláir plean meastóireachta a tharraingt suas. Le linn na tréimhse clárúcháin, ba cheart d'údaráis bhainistíochta meastóireachtaí a dhéanamh chun éifeachtacht agus tionchar cláir a mheas. D’fhonn cinntí luchta bainistíochta a éascú, ba cheart an coiste faireacháin agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachtaí.

(35)     Ba cheart meastóireachtaí ex-post a dhéanamh d’fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht na gCistí CSF agus a dtionchar ar spriocanna foriomlána na gCistí CSF agus Straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a mheas.

(36)     Is úsáideach na cineálacha gníomhaíochta is féidir a dhéanamh mar chúnamh teicniúil le tacaíocht ó na Cistí CSF ar thionscnamh an Choimisiúin agus na mBallstát a shainiú.

(37)     D'fhonn úsáid éifeachtach acmhainní an Aontais a áirithiú, agus d’fhonn rómhaoiniú oibríochtaí ginte ioncaim a sheachaint, is gá rialacha a leagan amach chun an ranníocaíocht ó na Cistí CSF i leith oibríochta ginte ioncaim a ríomh.

(38)     Ba cheart na dátaí tosaigh agus na dátaí deiridh a bhaineann le hincháilitheacht an chaiteachais a shainiú chun foráil a dhéanamh maidir le riail aonfhoirmeach agus chothrom a bheadh infheidhme maidir le cur chun feidhme na gCistí CSF ar fud an Aontais. D’fhonn feidhmiú na gclár a éascú, is iomchuí a leagan síos go bhféadfaidh an dáta tosaigh maidir le hincháilitheacht an chaiteachais a bheith roimh an 1 Eanáir 2014 má chuireann an Ballstát lena mbaineann clár isteach roimh an dáta sin. D’fhonn úsáid éifeachtach Chistí an AE a áirithiú agus an baol a bheadh ann do bhuiséad an AE a laghdú, is gá srianta a chur i bhfeidhm ar an tacaíocht a thugtar d'oibríochtaí lánchríochnaithe.

(39)     I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus faoi réir na n‑eisceachtaí dá bhforáiltear le Rialachán/Rialacháin (AE) Uimh. […] [Rialacháin CFRE, CSE, CC, ETC, CETFT, CEMI], ba cheart do na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh maidir le hincháilitheacht an chaiteachais.

(40)     D’fhonn úsáid na gCistí CSF a shimpliú agus riosca earráidí a laghdú, is iomchuí, agus foráil á déanamh maidir le difreáil nuair is gá chun sainiúlachtaí an bheartais a léiriú, sainmhíniú a thabhairt ar na cineálacha tacaíochta, ar na coinníollacha comhchuibhithe maidir le deontais a aisíoc agus ar mhaoiniú ar ráta comhréidh, ar na rialacha incháilitheachta sonracha maidir le deontais agus ar choinníollacha sonracha i ndáil le hincháilitheacht oibríochtaí ag brath ar a suíomh.

(41)     Chun éifeachtacht, cothroime agus tionchar inbhuanaithe na hidirghabhála arna déanamh ag na Cistí CSF a áirithiú, ba cheart forálacha a bheith ann lena rathófar gur ar bhonn fadtréimhseach a dhéantar na hinfheistíochtaí i ngnólachtaí agus i mbonneagar agus go gcuireann siad cosc ar na Cistí CSF a úsáid chun buntáiste mhíchuí. Is léir ó thaithí a fuarthas gur tréimhse íosta iomchuí le cur i bhfeidhm í tréimhse cúig bliana, ach amháin i gcás ina bhforáiltear tréimhse dhifriúil sna rialacha maidir le Státchabhair. Is iomchuí gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón CSE agus gníomhaíochtaí a bhfuil infheistíocht tháirgiúil nó infheistíocht bonneagair i gceist leo a eisiamh ó cheanglas ginearálta na hinmharthanachta, ach amháin i gcás ina dtagann na ceanglais sin ó rialacha maidir le Státchabhair is infheidhme, agus ranníocaíochtaí le hionstraimí airgeadais nó uathu a eisiamh.

(42)     Ba cheart do na Ballstáit bearta leormhaithe a ghlacadh d’fhonn bunú agus feidhmiú cuí a gcóras bainistíochta agus rialaithe a áirithiú d’fhonn úsáid dhlíthiúil agus rialta na gCistí CSF a dhearbhú. Ba cheart oibleagáidí na mBallstát maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe na gclár, agus maidir le cosc, brath agus ceartú neamhrialtachtaí agus sáruithe dhlí an Aontais a shonrú dá bhrí sin.

(43)     I gcomhréir le prionsabail na bainistíochta comhpháirtí, ba cheart go mbeadh príomhfhreagracht ar na Ballstáit, trína gcórais bhainistíochta agus rialaithe, as cur chun feidhme agus rialú na n‑oibríochtaí i gcláir. D’fhonn éifeachtacht an rialaithe ar roghnú nó ar chur chun feidhme na n‑oibríochtaí agus feidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe a neartú, ba cheart feidhmeanna an údaráis bainistíochta a shonrú.

(44)     D’fhonn urrús ex ante maidir le bunú agus ceapadh na bpríomhchóras bainistíochta agus rialaithe a áirithiú, ba cheart do Bhallstáit comhlacht creidiúnúcháin a ainmniú a bheidh freagrach as na comhlachtaí bainistíochta agus rialaithe a chreidiúnú agus as a gcreidiúnú a tharraingt siar.

(45)     Ba cheart cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin a leagan síos maidir le feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe a fhíorú, agus maidir le gníomhaíocht Ballstáit a cheangal. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún freisin iniúchtaí a dhéanamh dírithe ar na saincheisteanna a bhaineann le bainistíocht fhónta airgeadais d’fhonn teacht ar chonclúidí faoi fheidhmíocht na gCistí.

(46)     Ba cheart ceangaltais bhuiséadacha an Aontais a chur i bhfeidhm gach bliain. D’fhonn bainistíocht éifeachtach clár a áirithiú, is gá comhrialacha a leagan síos maidir le hiarrataí ar íocaíocht eatramhach agus maidir leis an iarmhéid bliantúil, agus nuair is iomchuí, an t‑iarmhéid deiridh, a íoc gan dochar do rialacha sonracha a cheanglaítear ar gach Ciste CSF ar leith.

(47)     Áirithíonn an íocaíocht réamh‑mhaoinithe ag tús na gclár go bhfuil an Ballstát in acmhainn tacaíocht a thabhairt do thairbhithe maidir le cur chun feidhme an chláir ón tráth a nglactar leis an gclár. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na méideanna réamh‑mhaoinithe tosaigh ó na Cistí CSF. Ba cheart don réamh‑mhaoiniú tosaigh a bheith imréitithe go hiomlán tráth a ndúntar an clár.

(48)     D’fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ba cheart bearta a bheith ann a bhfuil teorainn ama leo agus a chuireann ar chumas an oifigigh údaraithe, trí tharmligean, íocaíochtaí a stopadh i gcás inarb ann d’fhianaise go bhfuil easnamh suntasach i bhfeidhmiú an chórais bainistíochta agus rialaithe, d’fhianaise ar neamhrialtachtaí a bhaineann le hiarratas ar íocaíocht nó d’fhianaise ar mhainneachtain doiciméid a chur isteach chun críche imréitigh cuntas.

(49)     D’fhonn a áirithiú go ndéantar caiteachas arna chómhaoiniú ag buiséad an Aontais i mbliain airgeadais ar leith a úsáid i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, ba cheart creat cuí a chruthú le haghaidh imréiteach bliantúil na gcuntas. Faoin gcreat sin, ba cheart do na comhlachtaí creidiúnaithe, i gcás gach cláir ar leith, dearbhú urrúis bhainistíochta agus na cuntais bhliantúla dheimhnithe ag gabhháil leis, tuarascáil achomair agus tuairim iniúchóra neamhspleáigh agus tuarascáil ar rialuithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(50)     D'fhonn buiséad an Aontais a chosaint, d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach don Choimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh. D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i leith na mBallstát, is tábhachtach na dálaí faoina bhféadfadh an Coimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh, de dheasca sáruithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí náisiúnta is infheidhme, a shainiú. D’fhonn a áirithiú go bhfuil baint ag na ceartuithe airgeadais a d’fhéadfadh an Coimisiún a fhorchur ar Bhallstáit le cosaint leasanna airgeadais an AE, níor cheart iad a úsáid ach i gcásanna ina bhfuil baint dhíreach nó indíreach ag an sárú ar dhlí an Aontais nó ar an dlí náisiúnta le hincháilitheacht, le rialtacht, le bainistíocht nó le rialú na n‑oibríochtaí agus an chaiteachais chomhfhreagraigh. D’fhonn comhréireacht a áirithiú, is tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún nádúr agus tromaíocht an tsáraithe a mheas le linn nó méid an cheartaithe airgeadais a chinneadh.

(51)     D’fhonn smacht airgeadais a spreagadh, is iomchuí sainiú a dhéanamh ar na socruithe maidir le cuid ar bith den cheangaltas buiséadach a shaoradh i gclár, go háirithe i gcás ina n‑eisiafaí méid ón saoradh sin, go háirithe nuair a bhíonn moill ar chur chun feidhme mar thoradh ar dhálaí atá neamhspleách ar an bpáirtí lena mbaineann, ar dhálaí neamhghnácha nó ar dhálaí nach féidir a thuar agus nach féidir a n‑iarmhairtí a sheachaint d’ainneoin na dúthrachta a caitheadh.

(52)     Tá gá le forálacha ginearálta breise maidir le feidhmiú sonrach na gCistí. D’fhonn an luach breise atá orthu agus a rannchuidiú le tosaíochtaí Straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a mhéadú, ba cheart, go háirithe, feidhmiú na gCistí sin a shimpliú agus díriú ar na spriocanna a bhaineann le ‘Infheistíocht le haghaidh Fáis agus Post’ agus ‘Comhar críochach Eorpach’.

(53)     Tá forálacha breise maidir le feidhmiú sonrach an CETFT agus an CEMI leagtha amach sa reachtaíocht ábhartha a bhaineann go sonrach le hearnálacha.

(54)     D’fhonn cuspóirí an Chonartha maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur ar aghaidh, ba cheart don sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh Fáis agus Post’ tacú leis na réigiúin ar fad. D’fhonn tacaíocht chothromaithe agus chomhleanúnach a thabhairt i gcomhréir le leibhéal na forbartha eacnamaíche agus sóisialta, ba cheart acmhainní faoin sprioc sin a leithdháileadh ón CFRE agus ón CSE ar na réigiúin bheagfhorbartha, ar na réigiúin trasdula agus ar na réigiúin níos forbartha i gcomhréir lena n‑olltáirgeacht intíre (OTI) per capita maidir le meán an Aontais. D’fhonn inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hinfheistíochta ó na Cistí Struchtúracha a áirithiú, ba cheart do réigiúin a raibh a n‑OTI per capita don tréimhse 2007-2013 níos lú ná 75 % de mheán an AE-25 don tréimhse thagartha, ach a bhfuil a OTI per capita méadaithe go dtí níos mó ná 75 % de mheán an AE-27, dhá thrian ar a laghad dá leithdháileadh don tréimhse 2007-2013 a fháil. Ba cheart go rachadh an sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ ón CC chun tairbhe na mBallstát a bhfuil a n‑ollioncam náisiúnta (OIN) per capita níos ísle ná 90 % de mheán an Aontais.

(55)     Ba cheart critéir oibiachtúla a shocrú chun réigiúin agus limistéir atá incháilithe chun tacaíocht a fháil ó na Cistí a shainiú. Chuige sin, ba cheart sainaithint na réigiún agus na limistéar ar leibhéal an Aontais a bhunú ar chóras coiteann aicmithe na réigiún arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú[5].

(56)     Chun creat airgeadais iomchuí a leagan amach, ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme an miondealú bliantúil táscach ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí atá ar fáil a bhunú trí mhodh oibiachtúil agus trédhearcach a úsáid, d’fhonn díriú ar na réigiúin a bhfuil a bhforbairt tite ar gcúl, lena n‑áirítear na réigiúin sin a bhfuil tacaíocht idirthréimhseach á fáil acu.

(57)     Is gá teorainneacha na n‑acmhainní sin a shocrú maidir le sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus critéir oibiachtúla a ghlacadh chun iad a leithdháileadh ar réigiúin agus ar Bhallstáit. D’fhonn luathú riachtanach na forbartha bonneagair in iompar agus i bhfuinneamh maille le teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide a spreagadh ar fud an Aontais, ba cheart saoráid dar teideal 'Cónascadh na hEorpa' a chruthú. Ba cheart uasteorainn a chur ar iomlán na leithreasaí bliantúla is féidir a leithdháileadh ó na Cistí agus ar na méideanna a aistrítear ón gCiste Comhtháthaithe go dtí an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, uasteorainn a shocrófaí trí chumas an Bhallstáit faoi leith sin na leithreasaí sin a iompar a chur san áireamh. Ina theannta sin, i gcomhréir leis an bpríomhsprioc maidir le laghdú na bochtaineachta, is gá an scéim tacaíochta bia do na daoine is díothaí a atreorú chun cuimsiú sóisialta agus forbairt chomhchuibhithe an Aontais a chur chun cinn. Tá meicníocht beartaithe lena n‑aistreofar acmhainní chuig an ionstraim seo agus lena n‑áiritheofar gur leithdháiltí ó CSE a bheidh sna hacmhainní sin trí laghdú comhfhreagrach intuigthe ar chéatadán íosta na gCistí Struchtúracha a bheidh le leithdháileadh ar an CSE i ngach tír.

(57 (a) I bhfianaise na tosaíochta práinní dul i ngleic le dífhostaíocht na n-óg sna réigiúin is mó atá buailte san Aontas, ba cheart Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg a chruthú agus a chistiú ó leithdháileadh sonrach agus ó infheistíocht spriocdhírithe ó Chiste Sóisialta na hEorpa. Ba cheart é bheith d’aidhm ag an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg tacú le daoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna a bhfuil cónaí orthu sna réigiúin incháilithe. Ba cheart an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme mar chuid den sprioc Infheistíochta um fhás agus poist.

(58)     D’fhonn an bhéim atá ar thorthaí agus ar ghnóthú chuspóirí agus spriocanna Eoraip 2020 a neartú, ba cheart cúig faoin gcéad d’acmhainní an sprice 'Infheistíochta le haghaidh fáis agus post' a chur i leataobh mar chúlchiste feidhmíochta do gach Ciste agus catagóir réigiúin i ngach Ballstát.

(59)     Maidir leis na Cistí agus d’fhonn leithdháileadh iomchuí ar gach catagóir réigiún a áirithiú, níor cheart acmhainní a aistriú idir réigiúin bheagfhorbartha, réigiúin trasdula agus réigiúin níos forbartha cé is moite de dhálaí a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le cuspóir téamach amháin nó níos mó a chur i gcrích agus le haghaidh 2 % ar a mhéad den leithreasú iomlán don chatagóir réigiún sin.

(60)     D’fhonn fíorthionchar eacnamaíoch a áirithiú, níor cheart tacaíocht ó na Cistí a chur in ionad chaiteachas poiblí nó chaiteachas structúrach coibhéiseach na mBallstát faoi théarmaí an Rialacháin seo. Ina theannta sin, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear comhthéacs eacnamaíoch níos leithne san áireamh sa tacaíocht ó na Cistí, ba cheart leibhéal an chaiteachais phoiblí a shocrú faoi threoir na gcoinníollacha maicreacnamaíocha ginearálta faoina ndéantar an maoiniú bunaithe ar na táscairí sna Cláir Chobhsaíochta agus sna Cláir um Chóineasú a chuireann na Ballstáit isteach gach bliain i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1466/1997 an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú[6]. Maidir leis an bhfíorú a dhéanann an Coimisiún ar phrionsabal na breisíochta, ba cheart é a dhíriú ar na Ballstáit ina gcumhdaíonn na réigiúin bheagfhorbartha agus na réigiúin trasdula 15% ar a laghad den daonra de bharr scála na n‑acmhainní airgeadais a leithdháiltear orthu.

(61)     Is gá forálacha breise a leagan síos maidir le clárú, bainistíocht, faireachán agus rialú na gclár oibríochtúla a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí. Ba cheart go leagfaí amach sna cláir oibríochtúla aiseanna tosaíochta a fhreagraíonn do chuspóirí téamacha, loighic chomhsheasmhach idirghabhála chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais forbartha a aithníodh, agus an creat don mheasúnú feidhmíochta. Ba cheart go mbeadh eilimintí riachtanacha eile iontu freisin lena gcuirtear buntaca le cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na gCistí sin.

(62)     D’fhonn comhlántachtaí a fheabhsú agus cur chun feidhme a shimpliú, ba cheart an tacaíocht ón CC agus ón CFRE a chomhcheangal le tacaíocht ón CSE i gcomhchláir oibríochtúla faoi sprioc an fháis agus na bpost.

(63)     Tugann mórthionscadail cuntas ar chéatadán suntasach de chaiteachas an Aontais agus is minic a mbíonn tábhacht straitéiseach ag baint leo chun straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur i gcrích. Tá údar maith ann, dá bhrí sin, go mbeidh oibríochtaí de mhéid shuntasach fós faoi réir fhormheas an Choimisiúin faoin Rialachán seo. D’fhonn soiléireacht a áirithiú, is iomchuí ábhar an mhórthionscadail a shainiú chun na críche sin. Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún freisin diúltú do thacaíocht do mhórthionscadal, i gcás nach bhfuil údar maith ann an tacaíocht sin a dheonú.

(64)     D’fhonn rogha a thabhairt do na Ballstáit cuid de chlár oibríochtúla a chur chun feidhme trí chur chuige bunaithe ar thorthaí, is áisiúil foráil a dhéanamh maidir le comhphlean gníomhaíochta ina mbeadh sraith gníomhartha a bheadh le déanamh ag tairbhí mar rannchuidiú le cuspóirí an chláir oibríochtúla. D’fhonn an bhéim a chuireann na Cistí ar thorthaí a shimpliú agus a threisiú, ba cheart do bhainistiú an chomhphlean gníomhaíochta a bheith bunaithe go heisiach ar na garspriocanna, ar an aschur agus ar na torthaí a comhaontaíodh agus atá sainithe sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar an comhphlean gníomhaíochta. Ba cheart go mbeadh rialú agus iniúchadh comhphlean gníomhaíochta teoranta do na garspriocanna, an t‑aschur agus na torthaí sin a bhaint amach. Dá réir sin, is gá rialacha maidir le hullmhú, ábhar, glacadh, bainistíocht agus rialú airgeadais comhphleananna gníomhaíochta a leagan síos.

(65)     gcás ina bhfuil cur chuige comhtháite de dhíth do straitéis forbartha críochaí nó uirbí, i ngeall go mbaineann sí le hinfheistíochtaí faoi níos mó ná ais tosaíochta amháin de chlár oibríochtúil amháin nó níos mó, ba cheart gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí a dhéanamh i bhfoirm infheistíochta comhtháite críochaí laistigh de chlár oibríochtúil.

(66)     Is gá forálacha sonracha a ghlacadh maidir le feidhmeanna an choiste faireacháin agus leis na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme na gclár oibríochtúil a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí. Tá forálacha breise maidir le feidhmiú sonrach an CETFT leagtha amach sa reachtaíocht ábhartha a bhaineann go sonrach le hearnálacha.

(67)     Lena áirithiú go bhfuil faisnéis fhíor-riachtanach agus cothrom le dáta ar fáil faoi chur chun feidhme na gclár, is gá do na Ballstáit na príomhshonraí a sholáthar don Choimisiún go rialta. Lena sheachaint nach mbeidh ualach breise ar na Ballstáit, ba cheart go mbeadh na sonraí sin teoranta do shonraí a bhailítear go leanúnach, agus ba cheart na sonraí a tharchur ar mhodh leictreonach malartaithe sonraí.

(68)     I gcomhréir le hAirteagal 175 den Chonradh, cuireann an Coimisiún Tuarascálacha faoin gComhtháthú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta agus Choiste na Réigiún gach trí bliana ar an dul chun cinn atá déanta maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a bhaint amach. Is gá ábhar na tuarascála sin a leagan síos.

(69)     Meastar gurb iomchuí go ndéanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, meastóireacht ex post le haghaidh na gCistí chun faisnéis a fháil ar an leibhéal iomchuí faoi na torthaí a bhí ar na hidirghabhálacha arna maoiniú agus faoin tionchar a bhí acu. Tá gá le forálacha sonracha freisin chun nós imeachta a bhunú maidir le formheas na bpleananna meastóireachta le haghaidh na gCistí.

(70)     Tá sé tábhachtach éachtaí Chistí an Aontais a chur ar a shúile don phobal i gcoitinne. Tá sé de cheart ag saoránaigh eolas a bheith acu faoin gcaoi a ndéantar acmhainní airgeadais an Aontais a infheistiú. Ba cheart go mbeadh freagracht ar na húdaráis bhainistíochta agus ar na tairbhithe araon as a áirithiú go gcuirtear an fhaisnéis chuí in iúl don phobal. Lena áirithiú go ndéanfar cumarsáid níos éifeachtúla leis an bpobal i gcoitinne agus go gcruthófar sineirgí níos láidre idir na gníomhaíochtaí cumarsáide arna ndéanamh ar thionscnamh an Choimisiúin, rannchuideoidh na hacmhainní atá dírithe ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialachán seo le cumarsáid chorparáideach a dhéanamh faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh a mhéid is go mbaineann siad sin le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.

(71)     D'fhonn scaipeadh forleathan faisnéise faoi éachtaí na gCistí agus ról an Aontais iontu a áirithiú agus d’fhonn tairbhithe féideartha a chur ar an eolas faoi dheiseanna maoinithe, ba cheart rialacha mionsonraithe faoi bhearta cumarsáide agus faisnéise, mar aon le saintréithe teicniúla áirithe sna bearta sin, a shainiú sa Rialachán seo.

(72)     D’fhonn inrochtaineacht agus trédhearcacht faisnéise faoi dheiseanna maoinithe agus tairbhithe tionscadail a neartú, ba cheart suíomh Gréasáin aonair nó tairseach suímh Ghréasáin ina gcuirtear faisnéis ar fáil faoi na cláir oibríochtúla uile, lena n‑áirítear liostaí de na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi gach clár oibríochta, a chur ar fáil i ngach Ballstát.

(73)     Is gá na gnéithe chun modhnú a dhéanamh ar an ráta cómhaoinithe ó na Cistí le cláir oibríochtúla a chinneadh, go háirithe, chun éifeacht iolraitheora acmhainní an Aontais a mhéadú. Is gá freisin na huasrátaí cómhaoinithe a bhunú de réir catagóire réigiún d’fhonn a áirithiú go n‑urramaítear prionsabal an chómhaoinithe trí leibhéal iomchuí tacaíochta náisiúnta.

(74)     Ní mór do na Ballstáit údarás bainistíochta, údarás deimhniúcháin agus údarás iniúchóireachta atá neamhspleách ó thaobh feidhme a ainmniú le haghaidh gach cláir oibríochtúla. Chun solúbthacht a sholáthar do Bhallstáit i gcur ar bun córas rialaithe, is iomchuí an rogha a sholáthar feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a bheith curtha i gcrích ag an údarás bainistíochta. Ina theannta sin, ba cheart cead a bheith ag an mBallstát comhlachtaí idirmheánacha a ainmniú chun cúraimí áirithe de chuid an údaráis bainistíochta nó de chuid an údaráis deimhniúcháin a dhéanamh. Sa chás sin, ba cheart don Bhallstát a bhfreagrachtaí agus a bhfeidhmeanna faoi seach a leagan síos go soiléir.

(75)     Is ar an údarás bainistíochta a bheidh an phríomhfhreagracht as na Cistí agus an CEMI a chur chun feidhme go héifeachtach agus héifeachtúil agus, ar an dóigh sin, comhlíonfaidh sé líon suntasach feidhmeanna a bhaineann le bainistiú agus le faireachán ar na cláir, bainistíocht airgeadais agus rialuithe, chomh maith le roghnú tionscadal. Ba cheart a fhreagrachtaí agus a fheidhmeanna a leagan amach.

(76)     Ba cheart don údarás deimhniúcháin iarratais ar íocaíocht a tharraingt suas agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart dó na cuntais bhliantúla a tharraingt suas, ina ndeimhneofar iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil agus go gcomhlíonann an caiteachas a iontráladh sna cuntais na rialacha is infheidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart a fhreagrachtaí agus a fheidhmeanna a leagan amach.

(77)     Ba cheart don údarás iniúchóireachta a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí ar na córais bhainistíochta agus rialaithe, ar shampla iomchuí oibríochtaí agus ar na cuntais bhliantúla. Ba cheart a fhreagrachtaí agus a fheidhmeanna a leagan amach.

(78)     D’fhonn bainistíocht shainiúil na gcóras bainistíochta agus rialaithe don CFRE,  CSE, agus CC agus CEMI agus an gá le cur chuige comhréireach a áirithiú a chur san áireamh, is gá forálacha sonracha a bheith ann maidir le húdarás bainistíochta agus údarás deimhniúcháin a chreidiúnú agus maidir lena gcreidiúnú a tharraingt siar.

(79)     Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin maidir le rialú airgeadais, ba cheart an comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún sa réimse seo a mhéadú agus ba cheart critéir a bhunú a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin, i gcomhthéacs a straitéise chun córais náisiúnta a rialú, an leibhéal urrúis ar cheart dó a fháil ó chomhlachtaí iniúchóireachta náisiúnta a chinneadh. Le cois na gcomhrialacha maidir le bainistíocht airgeadais, is gá forálacha breise a bheith ann maidir leis an CFRE, leis an CSE agus leis an gCiste Comhtháthaithe.

(80)     Sa bhreis ar na comhrialacha maidir le bainistíocht airgeadais, tá gá le forálacha breise don CFRE, CSE, agus CC agus an CEMI. Go sonrach, d’fhonn cinnteacht réasúnta a áirithiú don Choimisiún sula ndéantar imréiteach bliantúil ar na cuntais, ba cheart iarratais ar íocaíochtaí eatramhacha a aisíoc ag ráta 90 % den mhéid a thig ón ráta cómhaoinithe le haghaidh gach aise tosaíocht arna leagan síos sa chinneadh lena nglactar an clár oibríochta a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas incháilithe le haghaidh na haise tosaíochta. Ba cheart na méideanna gan íoc atá dlite a íoc leis na Ballstáit tráth a ndéantar imréiteach bliantúil ar na cuntais, ar an gcoinníoll gur fuarthas cinnteacht réasúnta maidir le hincháilitheacht an chaiteachais don bhliain atá cumhdaithe ag an nós imeachta imréitigh.

(81)     Lena áirithiú go bhfaighidh tairbhithe an tacaíocht a luaithe is féidir agus chun an chinnteacht don Choimisiún a threisiú, is iomchuí a cheangal nach n‑áireofar sna hiarratais ar íocaíocht ach an caiteachas sin ar íocadh an tacaíocht leis na tairbhithe ina leith. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le réamh‑mhaoiniú gach bliain lena áirithiú go bhfuil dóthain acmhainní ag an mBallstát feidhmiú faoi na socruithe sin. Ba cheart an réamh‑mhaoiniú sin a imréiteach gach bliain tráth imréiteach na gcuntas.

(82)     Lena áirithiú go gcuirfear na rialacha ginearálta maidir le saoradh i bhfeidhm go cuí, ba cheart mionsonraí a thabhairt sna rialacha a bhunaítear le haghaidh na gCistí faoin tslí ina leagtar síos na spriocdhátaí don saoradh agus faoin tslí ina ríomhtar na méideanna faoi seach.

(83)     Is gá an nós imeachta mionsonraithe maidir le himréiteach bliantúil na gcuntas is infheidhme maidir leis na Cistí a shonrú chun bunús soiléir agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na socruithe sin. Tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh maidir le deis theoranta don Bhallstát foráil a shainiú ina chuntais bhliantúla maidir le méid atá faoi réir nós imeachta leanúnach leis an údarás iniúchóireachta.

(84)     Ba cheart dúnadh bliantúil oibríochtaí lánchríochnaithe (i gcás CFRE, an agus an CC agus an CEMI) nó caiteachais (i gcás CSE) a bheith ag gabháil leis an bpróiseas imréitigh bhliantúil ar na cuntais. D’fhonn na costais a bhaineann le dúnadh deiridh clár oibríochta a laghdú, an t‑ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú agus deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt, ba cheart go mbeadh an dúnadh bliantúil éigeantach, rud a chuirfeadh teorainn leis an tréimhse inar gá na doiciméid tacaíochta a choimeád lena linn agus inar féidir oibríochtaí a iniúchadh agus ceartuithe airgeadais a fhorchur.

(85)     D’fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus na hacmhainní a sholáthar chun cur chun feidhme éifeachtach na gclár a áirithiú, ba cheart bearta a bheith ann a chuireann ar chumas an Choimisiúin íocaíochtaí ar leibhéal na haise tosaíochta nó an chlár oibríochtúil a fhionraí.

(86)     Is iomchuí na socruithe agus na nósanna imeachta sonracha a bhaineann le ceartuithe airgeadais a dhéanann na Ballstáit nó an Coimisiún maidir leis na Cistí a leagan síos chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do na Ballstáit.

(87)     Ba cheart minicíocht iniúchtaí ar oibríochtaí a bheith comhréireach le méid thacaíocht an Aontais ó na Cistí. Go sonrach, ba cheart líon na n‑iniúchtaí a dhéantar a laghdú i gcás nach mó ná EUR 100 000 an caiteachas incháilithe iomlán le haghaidh oibríochta, nó i gcás an CEMI, EUR 50 000, le méid bheag na n-oibríochtaí a bhfuil tacaíocht acu faoin gciste seo a chur san áireamh. Dá ainneoin sin, ba cheart go mbeifí in ann iniúchtaí a dhéanamh tráth ar bith i gcás ina bhfuil fianaise ann ar neamhrialtacht nó ar chalaois, mar chuid de shampla iniúchta, i ndiaidh oibríocht lánchríochnaithe a dhúnadh. Chun go mbeidh leibhéal na hiniúchóireachta a dhéanann an Coimisiún comhréireach leis an riosca, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann a chuid oibre iniúchóireachta a laghdú i ndáil le cláir oibríochtúla i gcás nach bhfuil aon easnaimh shuntasacha ann nó i gcás inar féidir brath ar an údarás iniúchóireachta.

(88)     D’fhonn eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh maidir leis an méid seo a leanas: cód iompair maidir leis na cuspóirí agus na critéir chun tacú le cur chun feidhme na comhpháirtíochta, eilimintí an Chomhchreata Straitéisigh a bhaineann le gníomhaíochtaí táscacha a bhfuil breisluach ard Eorpach acu agus prionsabail chomhfhreagracha lena mbaint amach, agus tosaíochtaí comhair a ghlacadh, rialacha breise maidir le leithdháileadh an chúlchiste feidhmíochta, sainiú ar an limistéar agus ar an daonra faoi na straitéisí forbartha áitiúla, rialacha mionsonraithe maidir le hionstraimí airgeadais (measúnú ex ante, tacaíocht a chomhcheangal, incháilitheacht, cineálacha gníomhaíochtaí nach bhfaigheann tacaíocht), na rialacha maidir le cineálacha áirithe ionstraimí airgeadais arna gcur ar bun ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, trasnáisiúnta nó trasteorann, rialacha maidir le comhaontuithe cistiúcháin, aistriú agus bainistíocht sócmhainní, na socruithe maidir le bainistíocht agus rialú, na rialacha maidir le hiarrataí ar íocaíochtaí, agus bunú córais i gcomhair caipitliú tráthchodanna bliantúla, sainiú an ráta chomhréidh i ndáil le hoibríochtaí ginte ioncaim, sainiú an ráta chomhréidh a chuirfear i bhfeidhm ar chostais indíreacha i gcás deontas atá bunaithe ar mhodhanna atá ann cheana agus rátaí comhfhreagracha a bhfuil feidhm acu i mbeartais an Aontais, freagrachtaí na mBallstát maidir leis an nós imeachta chun neamhrialtachtaí a thuairisciú agus chun suimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú, rialacha mionsonraithe chun faisnéis faoi oibríochtaí a mhalartú, na socruithe maidir le rian iniúchóireachta leordhóthanaí, coinníollacha maidir le hiniúchtaí náisiúnta, na critéir chreidiúnúcháin le haghaidh údaráis bhainistíochta agus údaráis deimhniúcháin, aithint na n‑iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo, agus na critéir maidir le bunú leibhéal an cheartaithe airgeadais a bheidh le cur i bhfeidhm. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún Iarscríbhinní I agus VI, a bhfuil eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo iontu araon, a leasú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, chun díriú ar riachtanais oiriúnaithe sa todhchaí. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí mar chuid den obair ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe.

(89)     Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(90)     Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí a ghlacadh maidir le Cistí CSF uile, cinntí lena bhformheastar na Conarthaí Comhpháirtíochta, cinntí maidir le leithdháileadh an chúlchiste feidhmíochta, cinntí lena ndéantar íocaíochtaí atá nasctha le beartais eacnamaíocha Ballstát a fhionraí, agus, i gcás dídhílsithe, cinntí chun cinntí lena nglactar cláir a leasú; agus maidir leis na Cistí, cinntí lena n‑aithnítear na réigiúin agus na Ballstáit a chomhlíonann na critéir maidir le hInfheistíocht le haghaidh fáis agus post, cinntí lena leagtar amach an miondealú bliantúil ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí chuig na Ballstáit, cinntí lena leagtar amach an méid atá le haistriú ó leithdháileadh gach Ballstáit sa chiste comhtháthaithe chuig an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, cinntí lena leagtar amach an méid atá le haistriú ó leithdháileadh gach Ballstáit sna Cistí Struchtúracha i gcomhair bia le haghaidh daoine díothacha, cinntí lena nglactar agus lena leasaítear cláir oibríochtúla, cinntí maidir le mórthionscadail, cinntí maidir le pleananna comhghníomhaíochta, cinntí lena ndéantar íocaíochtaí a fhionraí agus cinntí maidir le ceartuithe airgeadais.

(91)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, is i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann leis an méid seo a leanas a fheidhmiú: an mhodheolaíocht a bhaineann le cuspóirí athraithe aeráide, téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha maidir le faireachán ar ionstraimí airgeadais, na coinníollacha aonfhoirmeacha i gcomhair faireacháin ar ionstraimí airgeadais agus chun faisnéis faireacháin a sholáthar, an mhodheolaíocht chun glanioncam oibríochtaí ginte ioncaim a ríomh, an córas malartaithe leictreonaigh sonraí idir an Ballstát agus an Coimisiún, samhail an chláir oibríochtúil do na Cistí samhail, an ainmníocht i gcomhair na gcatagóirí idirghabhála, an fhormáid d'fhaisnéis faoi mhórthionscadail agus an mhodheolaíocht atá le húsáid agus an anailís chostais/sochair á déanamh, an tsamhail don phlean gníomhaíochta comhpháirteach, samhail na tuarascála bliantúla agus na tuarascála deiridh ar chur chun feidhme, saintréithe teicniúla áirithe de chuid na mbeart faisnéise agus poiblíochta, agus treoracha gaolmhara, rialacha maidir le malartú faisnéise idir tairbhithe agus údaráis bhainistíochta, údaráis deimhniúcháin, údaráis iniúchóireachta agus comhlachtaí idirmheánacha, samhail an dearbhaithe bainistíochta, na samhlacha le haghaidh na straitéise iniúchta, tuairim agus tuarascáil bhliantúil rialaithe agus an mhodheolaíocht i gcomhair an mhodha samplála, na rialacha maidir le húsáid sonraí arna mbailiú le linn iniúchta, agus an tsamhail le haghaidh iarratas ar íocaíocht[7].

(92)     Tagann an Rialachán seo in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999[8]. Ba cheart an Rialachán sin a aisghairm dá bhrí sin.

(93)     Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach mar ba cheart, eadhon éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla nó na n‑oileán a laghdú, go háirithe limistéir thuaithe, limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh agus réigiúin atá faoi mhíbhuntáistí nádúrtha nó déimeagrafacha móra agus buana , agus toisc gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID A hAON ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1 Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha coiteanna is infheidhme maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (CC), maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), a fheidhmíonn faoin gComhchreat Straitéiseach (na ‘Cistí CSF’). Ina theannta sin, sainítear ann na forálacha atá riachtanach chun éifeachtacht na gCistí CSF agus a gcomhordú le chéile agus le hionstraimí eile an Aontais a áirithiú. Tá na comhrialacha leagtha amach i gCuid a Dó.

I gCuid a Trí sa Rialachán seo seo leagtar síos freisin na rialacha ginearálta faoina rialaítear an CFRE, an CSE (dá ngairtear ‘Cistí Struchtúracha’ le chéile) agus an CC maidir le . Sainítear sa Rialachán seo cúraimí, cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gCistí Struchtúracha agus an CC (na ‘Cistí’), na critéir chun na Ballstáit agus na réigiúin a cháiliú do thacaíocht ó na Cistí CSF, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil agus na critéir chun iad a leithdháileadh.

I gCuid a Ceathair den Rialachán seo leagtar síos na rialacha ginearálta is infheidhme maidir leis na Cistí agus an CEMI maidir le bainistiú agus rialú, bainistíocht airgeadais, cuntais agus ceartúcháin airgeadais.

Tá feidhm ag na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo gan dochar do na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maoiniú agus bainistiú an chomhbheartais talmhaíochta[9] agus maidir le faireachán a dhéanamh air (dá ngairtear Rialachán ‘CBT’ anseo feasta) agus do na forálacha sonracha a leagtar síos sna Rialacháin seo a leanas:

(1) Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006[10] (‘Rialachán ERDF’);

(2) Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006[11] (‘Rialachán CSE’);

(3) Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Comhtháthaithe agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006[12] (‘Rialachán CC’);

(4) Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhar críochach Eorpach[13] (‘Rialachán ETC’);

(5) Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005[14] (‘Rialachán CETFT’); agus

(6) Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006[15] (‘Rialachán CEMI’).

Airteagal 2 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm maidir le hionstraimí airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF ag na sainmhínithe a bhaineann le hionstraimí airgeadais de réir mar atá leagtha síos sa Rialachán Airgeadais, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

Ina dteannta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a lenas:

(1) ciallaíonn ‘Straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach’ na spriocanna agus an comhchuspóirí atá mar threoraíocht ag bearta na mBallstát agus an Aontais atá leagtha amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún: Eoraip 2020 – Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, agus sna Conclúidí arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach an 17 Meitheamh 2010 mar Iarscríbhinn I (Straitéis Nua Eorpach le haghaidh Post agus Fáis, Ceannspriocanna an AE), Moladh ón gComhairle an 13 Iúil 2010 ar threoirlínte ginearálta maidir le beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais[16] agus sa Chinneadh ón gComhairle an 21 Deireadh fómhair 2010 maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát[17], agus in aon leasú ar na spriocanna agus na comhchuspóirí sin;

(2) ciallaíonn ‘Comhchreat Straitéiseach’ na heilimintí a thugann treo straitéiseach soiléir don phróiseas clárúcháin agus a éascaíonn comhordú earnálach agus críochach na hidirghabhála a dhéanann an tAontas faoi na Cistí CSF agus comhordú le bearta agus ionstraimí ábhartha eile an Aontais i gcomhréir le cuspóirí agus spriocanna straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach;

(3) ciallaíonn ‘gníomhaíocht’ cineál oibríochta a dtabharfar tacaíocht ó na Cistí CSF chun cuspóirí an chláir a bhaint amach;

(4) ciallaíonn ‘gníomhaíocht tháscach a bhfuil breisluach ard Eorpach aici’ gníomhaíocht a bhfuiltear ag súil leis go rannchuideoidh sí go mór le spriocanna agus cuspóirí straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach agus a bheidh ina pointe tagartha in ullmhú na gclár;

(5) ciallaíonn ‘rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí’ forálacha a leagtar síos i gCuid a Trí nó Cuid a Ceathair den Rialachán seo nó i rialachán sonrach nó cineálach lena rialaítear ceann amháin nó níos mó de na Cistí CSF dá dtagraítear nó atá liostaithe sa cheathrú tríú fomhír d’Airteagal 1 nó forálacha atá bunaithe ar na rialacháin sin;

(6) ciallaíonn ‘clárú’ próiseas eagrúcháin, cinnteoireachta agus leithdháilte na n‑acmhainní airgeadais, próiseas atá roinnte i gcéimeanna éagsúla, lena bhfuil sé beartaithe an ghníomhaíocht a chur chun feidhme go comhpháirteach, idir an tAontas agus na Ballstáit, ar bhonn ilbhliantúil chun straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur i gcrích;

(7) ciallaíonn ‘clár’ ‘clár oibríochtúil’ dá dtagraítear i gCuid a Trí nó Cuid a Ceathair den Rialachán seo agus i Rialachán CEMI, agus an ‘clár forbartha tuaithe’ dá dtagraítear i Rialachán CETFT;

(8) ciallaíonn ‘tosaíocht’ an ‘ais tosaíochta’ dá dtagraítear i gCuid a Trí den Rialachán seo agus ‘tosaíocht an Aontais’ dá dtagraítear i Rialachán CEMI agus i Rialachán CETFT;

(9) ciallaíonn ‘oibríocht’ tionscadal, conradh, gníomhaíocht nó grúpa tionscadal arna roghnú ag údaráis bhainistíochta na gclár lena mbaineann, nó faoina gcúram, a chuireann le cuspóir nó le cuspóirí na tosaíochta lena mbaineann sé; i gcomhthéacs na n‑ionstraimí airgeadais, is éard is oibríocht ann ranníocaíochtaí ó chlár le hionstraimí airgeadais agus an tacaíocht airgeadais ina dhiaidh sin a thugann na hionstraimí airgeadais sin;

(10) ciallaíonn ‘tairbhí’ comhlacht poiblí nó príobháideach, atá freagrach as oibríochtaí a thionscnamh nó a thionscnamh agus a chur chun feidhme; i gcomhthéacs na státchabhrach, ciallaíonn an téarma 'tairbhí' an comhlacht a fhaigheann an chabhair; i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais, ciallaíonn an téarma 'tairbhí' an comhlacht a chuireann an ionstraim airgeadais chun feidhme;

(11) ciallaíonn ‘faighteoir deiridh’ duine dlítheanach nó duine nádúrtha a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó ionstraim airgeadais;

(12) ciallaíonn ‘Státchabhair’ cabhair a thig faoi Airteagal 107(1) den Chonradh agus, chun críocha an Rialacháin seo, measfar go gclúdaíonn sí cabhair de minimis de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1998/2006 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2006 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 87 agus Airteagal 88 de Chonradh CE maidir le cabhair de minimis[18], Rialachán (CE) Uimh. 1535/2007 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2007 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 87 agus Airteagal 88 de Chonradh CE maidir le cabhair de minimis in earnáil na táirgeachta talmhaíochta[19] agus Rialachán (CE) Uimh. 875/2007 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2007 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 87 agus Airteagal 88 de Chonradh CE maidir le cabhair de minimis in earnáil an iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1860/2004[20];

(13) ciallaíonn ‘oibríocht lánchríochnaithe' oibríocht atá lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán agus a bhfuil na híocaíochtaí gaolmhara go léir ina leith íoctha ag tairbhithe agus an ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach íoctha leis na tairbhithe;

(14) ciallaíonn ‘tacaíocht phoiblí’ aon tacaíocht airgeadais chun oibríocht a mhaoiniú arb éard é a tionscnamh buiséad údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, buiséad an Aontais a bhaineann leis na Cistí CSF, buiséad comhlachtaí dlí poiblí nó buiséad comhlachas d’údaráis phoiblí nó de chomhlachtaí dlí poiblí;

(15) ciallaíonn ‘comhlacht dlí poiblí’ aon chomhlacht arna rialú faoin dlí poiblí de réir bhrí Airteagal 1(9) de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[21] agus aon ghrúpáil Eorpach de chomhar críochach (EGTC) arna bunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle[22], is cuma an aithnítear nó nach n‑aithnítear an EGTC mar chomhlacht dlí poiblí nó mar chomhlacht dlí príobháideach sna forálacha cur chun feidhme náisiúnta ábhartha;

(16) ciallaíonn 'doiciméad’ páipéar nó meán leictreonach ina bhfuil faisnéis atá ábhartha de réir bhrí an Rialacháin seo;

(17) ciallaíonn ‘comhlacht idirmheánach’ comhlacht poiblí nó príobháideach ar bith a ghníomhaíonn faoi chúram údaráis bainistíochta nó deimhniúcháin, nó a dhéanann dualgais a chomhall ar son údaráis den sórt sin vis‑à-vis oibríochtaí cur chun feidhme na dtairbhithe;

(18) ciallaíonn ‘straitéis um fhorbairt áitiúil’ tacar comhleanúnach oibríochtaí chun cuspóirí agus riachtanais áitiúla a shásamh, agus a chuidíonn le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur i gcrích, agus a chuirtear chun feidhme i gcomhpháirtíocht ar an leibhéal iomchuí;

(19) ciallaíonn ‘dúnadh rollach’ dúnadh oibríochtaí mar thoradh ar imréiteach bliantúil an chleachtaidh cuntasaíochta agus roimh dhúnadh ginearálta an chláir;

(20) ciallaíonn ‘Conradh Comhpháirtíochta’ an doiciméad arna ullmhú ag an mBallstát, i bpáirt leis na comhpháirtithe i gcomhréir le cur chuige an rialachais il-leibhéil a leagann amach straitéis, tosaíochtaí agus socruithe an Bhallstáit maidir leis na Cistí CSF a úsáid ar shlí atá éifeachtach agus éifeachtúil d’fhonn straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a shaothrú, agus atá faofa ag an gCoimisiún i ndiaidh measúnaithe agus i ndiaidh comhphlé leis an mBallstát;

(21) ciallaíonn ‘catagóir réigiún’ catagóiriú na réigiún mar ‘réigiúin bheagfhorbartha’, ‘réigiúin trasdula’ agus ‘réigiúin níos forbartha’ i gcomhréir le hAirteagal 82(2);

(22) ciallaíonn ‘iarraidh ar íocaíocht’ iarratas ar íocaíocht nó dearbhú caiteachais arna chur faoi bhráid an Choimisiúin ag an mBallstát;

(23) ciallaíonn ‘BEI’ an Banc Eorpach Infheistíochta, an Ciste Eorpach Infheistíochta nó aon fhochuideachtaí arna mbunú ag an mBanc Eorpach Infheistíochta;

(24) ciallaíonn ‘FBM’ micreathionscadal, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún, nó de réir leasuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin;

(25) ciallaíonn ‘bliain chuntasaíochta’, chun críocha Chuid a Trí agus Cuid a Ceathair, an tréimhse idir an 1 Iúil agus an 30 Meitheamh, ach amháin sa chéad bhliain chuntasaíochta, tráth a gciallaíonn sé an tréimhse ó dháta tosaigh na hincháilitheachta caiteachais go dtí an 30 Meitheamh 2015. Beidh an bhliain chuntasaíochta dheiridh idir an 1 Iúil 2022 agus an 30 Meitheamh 2023;

(26) ciallaíonn ‘bliain airgeadais’, chun críocha Chuid a Trí agus Cuid a Ceathair, an tréimhse idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig;

CUID A DÓ FORÁLACHA COITEANNA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS NA CISTÍ CSF

TEIDEAL I Prionsabail maidir le tacaíocht an Aontais do na Cistí CSF

Airteagal 3 Raon feidhme

Beidh feidhm maidir leis na forálacha a leagtar síos i gCuid a Trí agus Cuid a Ceathair ag na rialacha a leagtar síos sa Chuid seo den Rialachán.

Airteagal 4 Prionsabail ghinearálta

1.           Déanfar tacaíocht a chur ar fáil ó na Cistí CSF, trí chláir ilbhliantúla, agus comhlánóidh an tacaíocht sin na hidirghabhálacha ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, d’fhonn straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur i gcrích, agus cuirfear na Treoirlínte Comhtháite agus na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi Airteagal 121(2) den Chonradh agus moltaí ábhartha na Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(4) den Chonradh san áireamh.

2.           Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go bhfuil an tacaíocht ó na Cistí CSF comhsheasmhach le beartais agus le tosaíochtaí an Aontais agus go gcomhlánaíonn sí ionstraimí eile an Aontais.

3.           Cuirfear tacaíocht ó na Cistí CSF chun feidhme i ndlúthchomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit.

4            Beidh na Ballstáit agus na comhlachtaí arna n‑ainmniú acu freagrach as cláir a chur chun feidhme agus as a gcúraimí faoin Rialachán seo agus faoi na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí a chur i gcrích ar an leibhéal críochach iomchuí de réir chreat institiúideach, dlí agus airgeadais an Bhallstáit agus faoi réir an Rialacháin seo agus faoi réir na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí a bheith comhlíonta.

5.           Agus aird á tabhairt ar an leibhéal tacaíochta a leithdháiltear, cuirfear prionsabal na comhréireachta san áireamh sna socruithe maidir le cur chun feidhme agus úsáid na gCistí CSF, agus go háirithe sna hacmhainní airgeadais agus riaracháin is gá chun na Cistí CSF a chur chun feidhme maidir le tuairisciú, meastóireacht, bainistíocht agus rialú.

6.           I gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú idir na Cistí CSF, agus comhordú idir iad agus beartais agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear na beartais agus na hionstraimí sin faoi chuimsiú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

7.           Déanfar an chuid de bhuiséad an Aontais arna leithdháileadh ar na Cistí CSF a chur chun feidhme faoi chuimsiú na bainistíochta comhpháirtí idir na Ballstáit agus an Coimisiún, de réir Airteagal 53(b) den Rialachán Airgeadais, cé is moite de mhéid an CC arna aistriú chuig an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 84(4) agus de ghníomhaíochtaí nuálaíocha ar thionscnamh an Choimisiúin faoi Airteagal 9 den Rialachán CFRE, agus cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin.

8.           Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chur i bhfeidhm de réir Airteagal 27 den Rialachán Airgeadais.

9.           Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit éifeachtacht na gCistí a áirithiú, go háirithe trí fhaireachán, trí thuairisciú agus trí mheastóireacht.

10.         Comhlíonfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a róil ar leith faoi seach maidir leis na Cistí CSF d’fhonn an t‑ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú.

Airteagal 5 Comhpháirtíocht agus rialachas il-leibhéil

1.           I gcás an Chonartha Comhpháirtíochta agus gach cláir oibríochtúla faoi seach, déanfaidh Ballstát comhpháirtíocht a eagrú i bpáirt leis na comhpháirtithe seo a leanas:

(a) údaráis inniúla réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile;

(b) comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta; agus

(c) comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta, lena n‑áirítear comhpháirtithe comhshaoil, eagraíochtaí neamhrialtais agus comhlachtaí atá freagrach as comhionannas agus neamh‑idirdhealú a chur chun cinn.

2.           I gcomhréir le cur chuige an rialachais il-leibhéil, déanfaidh na Ballstáit na comhpháirtithe a tharraingt isteach in ullmhú na gConarthaí Comhpháirtíochta agus na dtuarascálacha ar dhul chun cinn agus in ullmhú agus i gcur chun feidhme na gclár oibríochta agus i bhfaireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Beidh na comhpháirtithe rannpháirteach sna coistí faireacháin ar chláir.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142 d’fhonn foráil a dhéanamh maidir le cód Eorpach iompair ina leagfar síos na cuspóirí agus na critéir d’fhonn tacú le cur chun feidhme na comhpháirtíochta agus chun roinnt faisnéise, taithí, torthaí agus dea-chleachtas i measc na mBallstát a éascú.

4.           Uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, i gcás gach Ciste CSF, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na gcomhpháirtithe ar leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme na tacaíochta ó na Cistí CSF.

Airteagal 6 Comhlíonadh an dlí náisiúnta agus dhlí an Aontais

Comhlíonfaidh na hoibríochtaí a mhaoineofar tríd na Cistí CSF an dlí náisiúnta is infheidhme agus dlí an Aontais is infheidhme.

Airteagal 7 Comhionannas idir fir agus mná agus neamh‑idirdhealú a chur chun cinn

Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcuirfear comhionannas idir fir agus mná agus comhtháthú na gné inscne chun cinn agus na cláir á n‑ullmhú agus á gcur chun feidhme.

Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na céimeanna cuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar thrasuíomh gnéasach a chosc le linn na cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme.

Airteagal 8 Forbairt inbhuanaithe

Saothrófar cuspóirí na gCistí CSF faoi chuimsiú forbartha inbhuanaithe agus de réir mar a chuireann an tAontas an aidhm maidir leis an gcomhshaol a chosaint agus a fheabhsú mar atá leagtha amach in Airteagal 11 den Chonradh ar aghaidh, agus cuirfear an prionsabal ‘íoc mar a thruaillítear’ san áireamh ag an am céanna.

Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcuirfear ceanglais chosaint an chomhshaoil, éifeachtúlacht acmhainní, maolú an athraithe aeráide, oiriúnú don athrú aeráide, athléimneacht ó thubaistí agus cosc ar riosca agus bainistíocht riosca chun cinn agus na Conarthaí Comhphaírtíochta agus na cláir á n‑ullmhú agus á gcur chun feidhme. Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis faoin tacaíocht a thugtar do chuspóirí athraithe aeráide ag úsáid na modheolaíochta arna glacadh ag an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún an mhodheolaíocht sin a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 143(3).

TEIDEAL II CUR CHUIGE STRAITÉISEACH

CAIBIDIL I Cuspóirí téamacha le haghaidh na gCistí CSF agus le haghaidh an Chomhchreata Straitéisigh

Airteagal 9 Cuspóirí téamacha

Tacóidh gach Ciste CSF leis na cuspóirí téamacha seo a leanas i gcomhréir lena misean d’fhonn rannchuidiú le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach:

(1) taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a neartú;

(2) úsáid agus cáilíocht theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus rochtain orthu a fheabhsú;

(3) iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide agus earnáil na talmhaíochta (i gcás CETFT) agus earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (i gcás CEMI) a fheabhsú;

(4) tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha uile

(5) oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar rioscaí maidir le hathrú aeráide agus bainistiú an athraithe aeráide a chur chun cinn;

(6) an comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn

(7) iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus scrogaill i bpríomhbhonneagair ghréasáin a bhaint;

(8) an fhostaíocht agus soghluaisteacht an luchta saothair a chur chun cinn;

(9) cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac;

(10) infheistiú in oideachas, i scileanna agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil;

(11) acmhainní na n‑institiúidí agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú.

Déanfar na cuspóirí téamacha a athrú ina dtosaíochtaí a bhaineann go sonrach le gach Ciste CSF ar leith agus a leagan amach sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.

Airteagal 10 Comhchreat Straitéiseach

Ar mhaithe le forbairt chomhchuí, chothromúil agus inbhuanaithe an Aontais a chur chun cinn, tabharfaidh an Comhchreat Straitéiseach treo straitéiseach soiléir don phróiseas clárúcháin agus éascóidh sé comhordú earnálach agus críochach na idirghabhála a dhéanann an tAontas faoi na cistí CSF agus comhordú le beartais agus ionstraimí ábhartha eile an Aontais i gcomhréir le cuspóirí agus spriocanna straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach.

Airteagal 11 Ábhar

Bunófar leis an gComhchreat Straitéiseach:

(a)        modhanna le comhchuibheas agus comhsheasmhacht chlárú na gCistí CSF leis na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi Airteagal 121(2) den Chonradh agus le moltaí ábhartha na Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(4) den Chonradh a bhaint amach;

(b)        meicníochtaí comhordúcháin idir na Cistí CSF, agus idir iad agus beartais agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear ionstraimí seachtracha comhair;

(c)        prionsabail chothrománacha agus cuspóirí beartais trasearnála maidir le cur chun feidhme na gCistí CSF;

(d)        socruithe chun díriú ar na príomhdhúshláin chríochacha atá le sárú agus na bearta atá le déanamh chun cur chuige comhtháite a chothú a léiríonn róil na limistéar uirbeach, tuaithe, cósta agus iascaigh, mar aon leis na dúshláin shonracha do limistéir lena mbaineann sainghnéithe críochacha áirithe dá dtagraítear in Airteagal 174 agus Airteagal 349 den Chonradh;

(e)        I gcás gach cuspóra théamaigh, na ghníomhaíochtaí táscacha a bhfuil breisluach ard Eorpach acu a gheobhaidh tacaíocht ó gach ciste CSF agus na prionsabail chomhfhreagracha lena mbaint amach;

(f)         tosaíochtaí le haghaidh comhair maidir leis na Cistí CSF, nuair is iomchuí, ag cur straitéisí macairéigiúnacha agus straitéis um imchuacha farraige san áireamh.

Airteagal 12 Glacadh agus athbhreithniú

Eilimintí an Chomhchreata Straitéisigh a bhaineann le comhtháthú agus comhsheasmhacht le beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais, le meicníochtaí comhordúcháin idir cistí CSF agus le beartais agus ionstraimí ábhartha eile an Aontais, leis na prionsabail chothrománacha agus na cuspóirí beartais trasearnála agus na socruithe atá ceaptha díriú ar dhúshláin chríochacha, tá siad leagtha amach in Iarscríbhinn I.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhreir le hAirteagal 142 lena leagtar síos eilimintí sonracha an Chomhchreata Straitéisigh a bhaineann le bunú gníomhaíochtaí táscacha a bhfuil bhreisluach ard Eorpach acu agus prionsabail chomhfhreagracha le haghaidh baint amach gach cuspóra théamaigh agus le bunú tosaíochtaí comhair.

I gcás ina bhfuil mórathruithe ar straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gComhchreat Straitéiseach agus, nuair is iomchuí, déanfaidh sé leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 142.

Laistigh de shé mhí ó uair a ghlacfar athbhreithniú ar an gComhchreat Straitéiseach, molfaidh na Ballstáit leasuithe, más gá, ar a gConradh Comhpháirtíochta agus ar a gcláir chun a gcomhsheasmhacht leis an gComhchreat Straitéiseach athbhreithnithe a áirithiú.

CAIBIDIL II Conradh Comhpháirtíochta

Airteagal 13 An Conradh Comhpháirtíochta a ullmhú

1.           Ullmhóidh gach Ballstát Conradh Comhpháirtíochta le haghaidh na tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020.

2.           Déanfaidh na Ballstáit an Conradh Comhpháirtíochta a tharraingt suas i gcomhar leis na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5. Déanfar an Conradh Comhpháirtíochta a ullmhú i gcomhphlé leis an gCoimisiún.

3.           Cumhdófar sa Chonradh Comhpháirtíochta gach tacaíocht ó na Cistí CSF sa Bhallstát lena mbaineann.

4.           Tarchuirfidh gach Ballstát a Chonradh Comhpháirtíochta chuig an gCoimisiún laistigh de 3 mhí tar éis an Comhchreat Straitéiseach a ghlacadh.

Airteagal 14 Ábhar an Chonartha Comhpháirtíochta

              Leagfar amach sa Chonradh Comhpháirtíochta:

(a) socruithe d’fhonn ailíniú a áirithiú le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, lena n‑áirítear:

(i)      anailís ar éagothromaíochtaí agus ar riachtanais forbartha faoi threoir na gcuspóirí téamacha, an Chomhchreat Straitéiseach agus na spriocanna arna leagan amach i moltaí a bhaineann go sonrach leis an tír faoi Airteagal 121(2) agus moltaí ábhartha na Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(4) den Chonradh;

(ii)      anailís achomair ar mheastóireachtaí ex ante na gclár lena dtugtar údar cuí le roghnú na gcuspóirí téamacha agus leithdháiltí táscacha na gCistí CSF;

(iii)     i gcás gach cuspóra théamaigh, achoimre ar na príomhthorthaí a bhfuiltear ag súil leo le haghaidh gach ceann de na Cistí CSF;

(iv)     leithdháileadh táscach na tacaíochta ón Aontas de réir cuspóra théamaigh ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh gach ceann de na Cistí CSF, mar aon leis an méid iomlán táscach de thacaíocht atá foráilte maidir le cuspóirí athraithe aeráide;

(v)     na príomhréimsí tosaíochta comhair, ag cur straitéisí macairéigiúnacha agus straitéisí um imchuacha farraige san áireamh nuair is iomchuí;

(vi)     prionsabail chothrománacha agus cuspóirí beartais maidir le cur chun feidhme na gCistí CSF;

(vii)    liosta de na cláir faoin CFRE, faoin CSE agus faoin CC, cé is moite de na cláir sin faoi sprioc an chomhair chríche Eorpaigh, agus liosta de na cláir faoin CETFT agus faoin CEMI, ina sonraítear na leithdháiltí táscacha faoi seach de réir Ciste CSF agus de réir bliana;

(b) cur chuige comhtháite maidir le comhar críochach a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF, ina leagtar amach:

(i)      na meicníochtaí ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach lena n‑áirithítear comhordú idir na Cistí CSF agus ionstraimí cistiúcháin eile náisiúnta agus Aontais agus leis an BEI;

(ii)      na socruithe d’fhonn cur chuige comhtháite a áirithiú i leith úsáid na gCistí CSF maidir le forbairt chríochach na limistéar uirbeach, tuaithe, cósta agus iascaigh agus na limistéar ag a bhfuil sainghnéithe críochacha áirithe, go háirithe na socruithe cur chun feidhme le haghaidh Airteagal 28, Airteagal 29 agus Airteagal 99 agus beidh liosta ag gabháil leo, nuair is iomchuí, de na cathracha a bheidh rannpháirteach sa chlár um fhorbairt uirbeach dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán CFRE;

(c) cur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na limistéar geografach is mó a mbaineann an bhochtaineacht leo nó na spriocghrúpaí is mó atá i mbaol idirdhealaithe nó eisiaimh, agus aird faoi leith á tabhairt ar phobail imeallaithe, nuair is iomchuí, lena n‑áirítear an leithdháileadh táscach airgeadais ar na Cistí CSF ábhartha;

(d) socruithe d’fhonn cur chun feidhme éifeachtach a áirithiú, lena n‑áirítear:

(i)      tábla comhtháite de na garspriocanna agus na spriocanna arna mbunú i gcláir le haghaidh an chreata feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 19(1), mar aon leis an mhodheolaíocht agus an mheicníocht chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na cláir agus na Cistí CSF;

(ii)      achoimre ar an measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante agus na ngníomhaíochtaí ar gá iad a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, agus an tráthchlár dá gcur chun feidhme, i gcás nach ndéantar coinníollachtaí ex ante a chomhlíonadh;

(iii)     an fhaisnéis a theastaíonn d’fhíorú ex ante ar chomhlíonadh na rialacha ar bhreisíocht mar atá sainithe i gCuid a Trí den Rialachán seo;

(iv)     na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun na comhpháirtithe a tharraingt isteach agus a ról in ullmhú an Chonartha Comhpháirtíochta agus na tuarascála ar dhul chun cinn mar a shainítear in Airteagal 46 den Rialachán seo;

(e) socruithe chun cur chun feidhme éifeachtúil na gCistí CSF a áirithiú, lena n‑áirítear:

(i)      measúnú i dtaobh an bhfuil gá le hacmhainní riaracháin na n‑údarás, agus na dtairbhithe, nuair is iomchuí, a neartú agus gníomhaíochtaí atá le déanamh chun na críche sin;

(ii)      achoimre ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ar na spriocanna comhfhreagracha sna cláir chun laghdú a bhaint amach ar ualach riaracháin na dtairbhithe;

(iii)     measúnú ar na córais atá ann cheana maidir le malartú leictreonach sonraí, agus ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe le gur féidir gach malartú faisnéise idir na tairbhithe agus na húdaráis atá freagrach as bainistiú agus rialú na gclár a dhéanamh trí mhalartú leictreonach sonraí agus sin amháin.

Airteagal 15 An Conradh Comhpháirtíochta a ghlacadh agus a leasú

1.           Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht an Chonartha Comhpháirtíochta leis an Rialachán seo, leis an gComhchreat Straitéiseach, agus leis na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi Airteagal 121(2) den Chonradh agus le moltaí na Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(4) den Chonradh, ag tabhairt airde ar na meastóireachtaí ex ante ar na cláir, agus tabharfaidh an Coimisiún barúlacha le fios laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirfear an Conradh Comhpháirtíochta isteach. Cuirfidh an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá ar fáil agus, nuair is iomchuí, athbhreithneoidh sé an Conradh Comhpháirtíochta.

2.           Déanfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme chun an Conradh Comhpháirtíochta a fhormheas tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Bhallstát é a chur isteach, ar an gcoinníoll gur cuireadh aon bharúlacha a thug an Coimisiún le fios san áireamh go cuí. Ní thiocfaidh an Conradh Comhpháirtíochta i bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 2014.

3.           I gcás ina molann Ballstát leasú ar an gConradh Comhpháirtíochta, déanfaidh an Coimisiún measúnú i gcomhréir le mír 1 agus, nuair is iomchuí, glacfaidh sé cinneadh trí ghníomhartha cur chun feidhme chun an leasú a fhormheas.

CAIBIDIL III Comhchruinniú téamach, coinníollachtaí ex ante agus athbhreithniú ar fheidhmíocht

Airteagal 16 Comhchruinniú téamach

Díreoidh Ballstáit tacaíocht, i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, ar ghníomhaíochtaí lena mbaineann an breisluach is mó i ndáil le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, agus tabharfaidh siad aghaidh ar na dúshláin arna sainaithint sna moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi Airteagal 121(2) den Chonradh agus le moltaí ábhartha na Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(4) den Chonradh, agus cuirfidh siad riachtanais náisiúnta agus réigiúnacha san áireamh ag an am céanna.

Airteagal 17 Coinníollachtaí ex ante

1.           Déanfar coinníollachtaí ex ante a shainiú maidir le gach Ciste CSF sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.

2.           Déanfaidh na Ballstáit measúnú féachaint an bhfuil na coinníollachtaí ex ante is infheidhme comhlíonta.

3.           I gcás nach bhfuil na coinníollachtaí ex ante comhlíonta ar an dáta a tharchuirfear an Conradh Comhpháirtíochta, leagfaidh na Ballstáit amach sa Chonradh Comhpháirtíochta achoimre ar na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, agus an tráthchlár dá gcur chun feidhme, lena áirithiú go gcomhlíonfar iad tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis an Conradh Comhpháirtíochta a ghlacadh nó faoin 31 Nollaig 2016, cibé acu is luaithe.

4.           Déanfaidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí mionsonraithe a bhaineann le comhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante, lena n‑áirítear an tráthchlár dá gcur chun feidhme, a leagan amach sna cláir ábhartha.

5.           Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil maidir le comhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante faoi chuimsiú a mheasúnaithe ar an gConradh Comhpháirtíochta agus ar na cláir. Féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh, agus clár á ghlacadh aige, na híocaíochtaí eatramhacha uile leis an gclár, nó roinnt díobh, a fhionraí go dtí go ndéanfar na gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche go sásúil chun coinníollacht ex ante a chomhlíonadh. Beidh mainneachtain gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche chun coinníollacht ex ante a chomhlíonadh faoin spriocdháta arna leagan amach sa chlár ina cúis le híocaíochtaí ón gCoimisiún a fhionraí.

6.           Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 5 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

Airteagal 18 Cúlchiste feidhmíochta

Beidh 5 % de na hacmhainní a leithdháilfear ar gach Ciste CSF agus ar gach Ballstát, cé is moite de na hacmhainní sin a leithdháilfear ar sprioc an chomhair chríche Eorpaigh, ar an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg, agus ar Theideal V de Rialachán CEMI, ina chúlchiste feidhmíochta a leithdháilfear i gcomhréir le hAirteagal 20.

Airteagal 19 Athbhreithniú ar fheidhmíocht

1.           Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, athbhreithniú ar fheidhmíocht na gclár i ngach Ballstát in 2017 agus in 2019, faoi threoir an chreata feidhmíochta arna leagan amach sa Chonradh Comhpháirtíochta agus sna cláir ábhartha. Tá an modh chun an creat feidhmíochta a bhunú leagtha amach in Iarscríbhinn II.

2.           Déanfar scrúdú san athbhreithniú sin ar ghnóthú na ngarspriocanna sna cláir ar leibhéal na dtosaíochtaí, ar bhonn na faisnéise agus na measúnuithe sna tuarascálacha ar dhul chun cinn a chuirfidh na Ballstáit isteach in 2017 agus in 2019.

Airteagal 20 Leithdháileadh an chúlchiste feidhmíochta

1.           I gcás ina nochtann an t‑athbhreithniú ar fheidhmíocht arna dhéanamh in 2017 nár bhain tosaíocht laistigh de chlár a garspriocanna amach a socraíodh don bhliain 2016, tabharfaidh an Coimisiún moltaí don Bhallstát lena mbaineann.

2.           Ar bhonn an athbhreithniú arna dhéanamh in 2019, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun na cláir agus na tosaíochtaí a bhain a ngarspriocanna amach a chinneadh do gach Ciste CSF agus do gach Ballstát. Molfaidh an Ballstát sannadh an chúlchiste feidhmíochta do na cláir agus na tosaíochtaí arna leagan amach sa chinneadh sin ón gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún leasú na gclár lena mbaineann a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 26. I gcás nach gcuireann Ballstát an fhaisnéis isteach i gcomhréir le hAirteagal 46(2) agus (3), ní leithdháilfear an cúlchiste feidhmíochta do na cláir nó do na tosaíochtaí lena mbaineann.

3.           I gcás ina bhfuil fianaise ann a thig as athbhreithniú ar fheidhmíocht nár bhain tosaíocht na garspriocanna arna leagan amach sa chreat feidhmíochta amach, féadfaidh an Coimisiún íocaíocht eatramhach ar fad nó cuid di le tosaíocht cláir a fhionraí i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i rialacha a bhaineann go sonrach le Ciste.

4.           I gcás ina suíonn an Coimisiún, bunaithe ar scrúdú ar an dtuarascáil deiridh maidir le cur chun feidhme an chláir, mainneachtain thromchúiseach na spriocanna arna leagan amach sa chreat feidhmíochta a bhaint amach, féadfaidh sé ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tosaíochtaí lena mbaineann i gcomhréir le rialacha a bhaineann go sonrach le Ciste. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142 chun critéir agus an mhodheolaíocht a bhunú chun leibhéal an cheartaithe airgeadais atá le cur i bhfeidhm a chinneadh. .

5.           Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríche Eorpaigh ná le Teideal V de Rialachán CEMI.

CAIBIDIL IV Coinníollachtaí maicreacnamaíocha

Airteagal 21 Coinníollacht atá nasctha le comhordú bheartais eacnamaíocha Ballstát

1.           Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát a Chonradh Comhpháirtíochta agus na cláir ábhartha a athbhreithniú agus leasuithe orthu a mholadh, nuair is gá sin sna cásanna seo a leanas:

(a) chun tacú le cur chun feidhme molta de chud na Comhairle, atá dírithe ar an mBallstát lena mbaineann agus a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) agus/nó le hAirteagal 148(4) den Chonradh, nó chun tacú le cur chun feidhme beart atá dírithe ar na Ballstáit lena mbaineann agus a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 136(1) den Chonradh;

(b) chun tacú le cur chun feidhme molta de chuid na Comhairle, atá dírithe ar an mBallstát lena mbaineann agus a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 126(7) den Chonradh;

(c) chun tacú le cur chun feidhme molta de chud na Comhairle, atá dírithe ar an mBallstát lena mbaineann agus a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. .../2011 [maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú], ar an gcoinníoll go meastar go bhfuil gá leis na leasuithe sin chun éagothromaíochtaí macraieacnamaíocha a cheartú; nó

(d) chun an tionchar atá ag Cistí CSF atá ar fáil de bhun mhír 4 ar fhás agus ar iomaíochas a mhéadú, i gcás ina gcomhlíonann Ballstát ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i)      cuirtear cúnamh airgeadais de chuid an Aontais ar fáil dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle;

(ii)      cuirtear cúnamh airgeadais meántéarmach de chuid an Aontais ar fáil dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle[23];

(iii)     cuirtear cúnamh airgeadais i bhfoirm iasacht SEC ar fáil dó i gcomhréir leis an gConradh lena mbunaítear an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht.

2.           Laistigh de thréimhse míosa, cuirfidh an Ballstát togra isteach le haghaidh leasú ar an gConradh Comhpháirtíochta agus ar na cláir ábhartha. Féadfaidh an Coimisiún, más gá, barúlacha a thabhairt laistigh de thréimhse míosa ón tráth a cuireadh na leasuithe isteach, agus déanfaidh an Ballstát, sa chás sin, a thogra a chur isteach arís laistigh de mhí amháin.

3.           I gcás nach bhfuil barúlacha tugtha ag an gCoimisiún nó i gcás inar cuireadh a chuid barúlacha san áireamh go sásúil, glacfaidh an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, cinneadh lena bhformheasfar na leasuithe ar an gConradh Comhpháirtíochta agus ar na cláir ábhartha.

4.           De mhaolú ar mhír 1, más rud é go gcuirtear cúnamh airgeadais ar fáil do Bhallstát i gcomhréir le mír 1(d) agus go bhfuil sé nasctha le clár coigeartaithe, féadfaidh an Coimisiún an Conradh Comhpháirtíochta agus na cláir a leasú gan aon togra a fháil ón mBallstát d’fhonn an tionchar a imríonn Cistí CSF atá ar fáil ar fhás agus ar iomaíochas a uasmhéadú. D’fhonn cur chun feidhme éifeachtach an Chonartha Comhpháirtíochta agus na gclár ábhartha a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún páirt i mbainistíocht orthu mar atá mionsonraithe sa chlár coigeartaithe nó sa Mheamram Comhthuisceana arna shíniú ag an mBallstát lena mbaineann.

5.           I gcás nach dtugann Ballstát freagra ar iarraidh an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 1 nó nach dtugann sé freagra sásúil laistigh de thréimhse míosa ar bharúlacha an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thrí mhí i ndiaidh dó na barúlacha a thabhairt, cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, lena bhfionraítear na híocaíochtaí ar fad nó roinnt de na híocaíochtaí le haghaidh na gclár lena mbaineann.

6.           Féadfaidh an Coimisiún na híocaíochtaí agus na ceangaltais ar fad nó roinnt díobh le haghaidh na gclár lena mbaineann a fhionraí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle nár chomhlíon an Ballstát na bearta sonracha arna leagan amach ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 136(1) den Chonradh;

(b) i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(8) agus Airteagal 126(11) den Chonradh nach bhfuil beart éifeachtach déanta ag an mBallstát lena mbaineann chun a easnamh iomarcach a cheartú;

(c) i gcás ina dtagann an Chomhairle ar an gconclúid i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. […]/2011 [maidir le éagothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú] nach ndearna an Ballstát, in dhá chás ar leith i ndiaidh a chéile, plean gníomhaíochta ceartaitheach leormhaith a chur isteach nó i gcás ina nglacfaidh an Chomhairle cinneadh lena ndearbhaítear neamhchomhlíonadh ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Rialachán sin;

(d) i gcás ina dtagann an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil bearta déanta ag an mBallstát chun an clár coigeartaithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle nó i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle a chur chun feidhme agus ina gcinnfidh sé, dá thoradh sin, gan an cúnamh airgeadais a deonaíodh don Bhallstát sin a íoc; nó

(e) i gcás ina dtagann Bord Stiúrthóirí an tSásra Eorpaigh um Chobhsaíocht ar an gconclúid nár comhlíonadh an choinníollacht a bhaineann le cúnamh airgeadais SEC i bhfoirm iasacht SEC leis an mBallstát lena mbaineann agus, dá thoradh sin, ina gcinnfidh sé gan an tacaíocht cobhsaíochta a deonaíodh dó a íoc.

7.           Le linn dó cinneadh a dhéanamh faoi na híocaíochtaí nó na ceangaltais ar fad nó roinnt díobh a fhionraí i gcomhréir le mír 5 agus mír 6 faoi seach, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an fhionraí comhréireach agus éifeachtach, agus cuirfidh sé dálaí eacnamaíocha agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann san áireamh agus déanfaidh sé cóir chomhionann idir Bhallstáit a urramú, go háirithe maidir le tionchar na fionraí ar gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann.

8.           Déanfaidh an Coimisiún an fhionraí ar íocaíochtaí agus ar cheangaltais a fhoirceannadh gan mhoill i gcás ina bhfuil leasuithe ar an gConradh Comhpháirtíochta agus ar na cláir ábhartha molta ag an mBallstát, de réir mar a d’iarr an Coimisiún air a dhéanamh, agus ina bhfuil na leasuithe sin formheasta ag an gCoimisiún agus, i gcás inarb infheidhme:

(a) go bhfuil sé cinnte ag an gComhairle gur chomhlíon an Ballstát na bearta sonracha arna leagan amach ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 136(1) den Chonradh;

(b) go bhfuil an nós imeachta um easnamh iomarcach ar stad i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 nó go bhfuil sé cinnte ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(12) den Chonradh an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann a aisghairm;

(c) go bhfuil an plean gníomhaíochta ceartaithí a chuir an Ballstát lena mbaineann isteach i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. [...] [Rialachán EIP (um míchothromaíochtaí iomarcacha)] daingnithe ag an gComhairle nó go bhfuil an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha ar stad i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán sin nó go bhfuil an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha dúnta ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán sin;

(d) go bhfuil an Coimisiún tagtha ar an gconclúid go bhfuil bearta déanta ag an mBallstát chun an clár coigeartaithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle nó i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle a chur chun feidhme agus go bhfuil sé údaraithe aige, dá thoradh sin, an cúnamh airgeadais a deonaíodh don Bhallstát sin a íoc; nó

(e) go bhfuil Bord Stiúrthóirí an tSásra Eorpaigh um Chobhsaíocht tagtha ar an gconclúid gur comhlíonadh an choinníollacht a bhaineann le cúnamh airgeadais i bhfoirm iasacht SEC leis an mBallstát lena mbaineann agus, dá thoradh sin, go bhfuil sé cinnte aige an tacaíocht cobhsaíochta a deonaíodh dó a íoc.

An tráth céanna, cinnfidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na ceangaltais ar fionraí a athbhuiséadú i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. [...] ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020.

Airteagal 22 Ardú ar íocaíochtaí le haghaidh Ballstáit a bhfuil deacrachtaí sealadacha buiséadacha aige

1.           Ar iarratas ó Bhallstát, féadfar íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh a ardú 10 bpointe céatadáin os cionn an ráta cómhaoinithe is infheidhme maidir le gach tosaíocht i gcás an CFRE, an CSE agus an CC nó maidir le gach beart i gcás an CETFT agus an CEMI. Beidh feidhm ag an ráta ardaithe, ráta nach bhféadfaidh a bheith os cionn 100%, maidir le hiarrataí ar íocaíocht a bhaineann leis an tréimhse chuntasaíochta inar chuir an Ballstát a iarraidh isteach, agus i dtréimhsí cuntasaíochta ina dhiaidh sin ina gcomhlíonann an Ballstát ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a) i gcás ina bhfuil glactha leis an euro ag an mBallstát lena mbaineann, faigheann sé cúnamh macra-airgeadais ón Aontas faoi Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle[24];

(b) i gcás nach bhfuil glactha leis an euro ag an mBallstát lena mbaineann, faigheann sé cúnamh airgeadais meántéarmach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle[25];

(c) tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó i gcomhréir leis an gConradh lena mbunaítear an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht a síníodh an 11 Iúil 2011.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cláir faoin Rialachán ETC.

2.           D'ainneoin mhír 1, ní bheidh tacaíocht an Aontais trí bhíthin na n‑íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh níos airde ná an tacaíocht phoiblí agus uasmhéid na tacaíochta ó na Cistí CSF maidir le gach tosaíocht i gcás an CFRE, an CSE agus an CC, nó maidir le gach beart i gcás an CETFT agus CEMI, mar atá leagtha síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár.

TEIDEAL III CLÁRÚ

CAIBIDIL I Forálacha ginearálta maidir leis na Cistí CSF

Airteagal 23 Cláir a ullmhú

1.           Cuirfear na Cistí CSF chun feidhme trí chláir i gcomhréir leis an gConradh Comhpháirtíochta. Déanfar an tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020 a chumhdach i ngach clár.

2.           Déanfaidh na Ballstáit, nó údarás ar bith eile arna ainmniú acu, cláir a tharraingt suas i gcomhar leis na comhpháirtithe.

3.           Cuirfidh na Ballstáit na cláir isteach an tráth céanna is a chuirtear an Conradh Comhpháirtíochta isteach, ach amháin i gcás na gclár um chomhar críche Eorpach a chuirfear isteach laistigh de shé mhí ón tráth a fhormheastar an Comhchreat Straitéiseach. Beidh meastóireacht ex ante mar a leagtar amach in Airteagal 48 ag gabháil in éineacht le gach clár.   

Airteagal 24 Ábhar na gclár

1.           Leagfar straitéis amach i ngach clár maidir le rannchuidiú an chláir le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus beidh an straitéis comhsheasmhach leis an gComhchreat Straitéiseach agus leis an gConradh Comhpháirtíochta. Beidh ar áireamh i ngach clár socruithe lena n‑áiritheofar go gcuirfear na Cistí CSF chun feidhme go héifeachtach, go héifeachtúil agus go comhordaithe agus gníomhaíochtaí lena ndéanfar an t‑ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú.

2.           I ngach clár, beidh sainmhíniú ar thosaíochtaí lena leagtar amach cuspóirí sonracha, ar leithreasaí airgeadais tacaíochta ó na Cistí CSF agus ar chómhaoiniú comhfhreagrach ar an leibhéal náisiúnta.

3.           Leagfar amach le gach tosaíocht táscairí d’fhonn an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an chláir a mheasúnú agus beidh siad mar bhonn leis an bhfaireachán, leis an meastóireacht agus leis an athbhreithniú ar fheidhmíocht. Beidh orthu sin:

(a) táscairí airgeadais a bhaineann le caiteachas arna leithdháileadh;

(b) táscairí ar aschur a bhaineann leis na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht;

(c) táscairí ar thorthaí a bhaineann leis an tosaíocht.

I gcás gach Ciste CSF, leagfar táscairí coiteanna amach sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí agus d’fhéadfaí foráil a dhéanamh maidir le táscairí a bhaineann go sonrach leis na cláir.

4.           Beidh ar áireamh i ngach clár, ach amháin sna cláir sin lena gcumhdaítear cúnamh teicniúil amháin, tuairisc ar na gníomhaíochtaí lena gcuirtear na prionsababil atá leagtha amach in Airteagal 7 agus Airteagal 8 san áireamh.

5.           Leagfar amach i ngach clár, ach amháin sna cláir sin ina dtugtar faoi chúnamh teicniúil faoi chlár sonrach, an méid táscach tacaíochta a bheidh le húsáid le haghaidh cuspóirí athraithe aeráide.

6.           Déanfaidh na Ballstáit an clár a dhréachtú i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.

Airteagal 25

An nós imeachta chun cláir a ghlacadh

1.           Déanfaidh an Coimisiún, agus an mheastóireacht ex ante á cur san áireamh aige, measúnú ar chomhsheasmhacht na gclár leis an Rialachán seo, leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, leis an rannchuidiú iarbhír a thugann siad leis na cuspóirí téamacha agus le tosaíochtaí an Aontais a bhaineann go sonrach le gach Ciste CSF ar leith, leis an gComhchreat Straitéiseach, leis an gConradh Comhpháirtíochta, leis na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi Airteagal 121(2) den Chonradh agus le moltaí na Comhairle arna nglacadh faoi 148(4) den Chonradh. Tabharfar aghaidh sa mheasúnú, go háirithe, ar leordhóthanacht straitéis an chláir agus na gcuspóirí, na dtáscairí agus na spriocanna comhfhreagracha agus ar leithdháileadh na n‑acmhainní buiséadacha.

2.           Tabharfaidh an Coimisiún barúlacha laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirfear an clár isteach. Soláthróidh an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá don Choimisiún agus, nuair is iomchuí, leasóidh sé an clár atá beartaithe.

3.           I gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, déanfaidh an Coimisiún gach clár a fhormheas tráth nach déanaí ná sé mhí i ndiaidh don Bhallstát/do na Ballstáit é a chur isteach go foirmiúil, ar an gcoinníoll go bhfuil aon bharúlacha arna tabhairt ag an gCoimisiún curtha san áireamh go cuí, ach ní roimh an 1 Eanáir 2014 nó roimh don Choimisiún cinneadh a ghlacadh lena ndéanfar an Conradh Comhpháirtíochta a fhormheas.

Airteagal 26 Cláir a leasú

1.           Déanfar iarrataí ar leasú na gclár arna gcur isteach ag Ballstát a réasúnú go cuí agus leagfar amach go háirithe iontu an tionchar a mheastar a bheidh ag na hathruithe ar an gclár ar chur i gcrích straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus cuspóirí sonracha arna sainiú sa chlár, agus cuirfear an Comhchreat Straitéiseach agus an Conradh Comhpháirtíochta san áireamh. Beidh an clár leasaithe agus, nuair is iomchuí, Conradh Comhpháirtíochta leasaithe ag gabháil leo.

I gcás ina leasófar na cláir faoi sprioc an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, ní leasófar an Conradh Comhpháirtíochta ábhartha.

2.           Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis arna tabhairt i gcomhréir le mír 1, agus cuirfidh sé an bonn cirt a thug an Ballstát san áireamh freisin. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt agus soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise ar fad is gá don Choimisiún. I gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, déanfaidh an Coimisiún iarrataí ar leasú cláir a fhormheas tráth nach déanaí ná cúig mhí tar éis don Bhallstát iad a chur isteach go foirmiúil, ar an gcoinníoll gur cuireadh aon bharúlacha a thug an Coimisiún san áireamh go cuí. Leasóidh an Coimisiún an tráth céanna, nuair is gá, an cinneadh lena bhformheastar an Conradh Comhpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 15(3).

Airteagal 27 Rannpháirtíocht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta

1.           Féadfaidh an BEI, ar iarratas ó Bhallstáit, páirt a ghlacadh in ullmhú an Chonartha Comhpháirtíochta, agus i ngníomhaíochtaí a bhaineann le hoibríochtaí a ullmhú, go háirithe mórthionscadail, ionstraimí airgeadais agus comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí.

2.           Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an BEI sula nglacfar an Conradh Comhpháirtíochta nó na cláir.

3.           Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an BEI scrúdú a dhéanamh ar cháilíocht theicniúil agus inmharthanacht eacnamaíoch agus airgeadais mórthionscadal agus cabhrú leis i dtaca leis na hionstraimí airgeadais atá le cur chun feidhme nó le forbairt.

4.           Féadfaidh an Coimisiún, agus forálacha an Rialacháin seo á gcur chun feidhme aige, deontais nó conarthaí seirbhíse a bhronnadh ar an BEI lena gcuimseofar tionscnaimh a chuirfear chun feidhme ar bhonn ilbhliantúil. Is ar bhonn bliantúil a dhéanfar an ceangaltas de ranníocaíochtaí buiséid an Aontais maidir leis na deontais agus na conarthaí seirbhíse sin.

CAIBIDIL II

Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

Airteagal 28 Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

1.           Beidh an méid seo a leanas i gceist le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, dá ngairtear forbairt áitiúil LEADER maidir leis an CETFT:

(a) beidh sí dírithe ar shainchríocha foréigiúnacha;

(b) beidh sí faoi stiúir an phobail, trí ghrúpaí áitiúla gníomhaíochta ina mbeidh ionadaithe ar son leasanna socheacnamaíocha áitiúla poiblí agus príobháideacha, agus ní bheidh an earnáil phoiblí ná grúpa leasa aonair ar bith ag déanamh ionadaíochta thar ceann níos mó ná 49 % de na cearta vótála ar leibhéal na cinnteoireachta;

(c) déanfar í a chur i gcrích trí straitéisí forbartha áitiúla comhtháite agus ilearnála ar bhonn ceantair;

(d) cuirfear acmhainneacht áitiúil agus riachtanais áitiúla san áireamh agus í á ceapadh agus áireofar inti gnéithe nuálacha sa chomhthéacs áitiúil, líonrú agus comhar, nuair is iomchuí.

2.           Beidh comhsheasmhacht ag baint leis an tacaíocht ó na Cistí CSF le forbairt áitiúil agus déanfar an tacaíocht sin a chomhordú idir na Cistí CSF. Áiritheofar an méid sin inter alia trí fhorbairt chomhordaithe acmhainní, roghnú, faomhadh agus cistiú straitéisí forbartha áitiúla agus grúpaí forbartha áitiúla.

3.           I gcás ina gcinnfidh coiste roghnúcháin na straitéisí forbartha áitiúla arna mbunú faoi Airteagal 29(3) go mbeidh gá le tacaíocht ó níos mó ná Ciste amháin chun an straitéis forbartha áitiúla a chur chun feidhme, féadfar Príomhchiste a ainmniú.

4.           I gcás ina n‑ainmnítear Príomhchiste, ní dhéanfar costais reatha, bainistiú agus gníomhaíochtaí líonraithe le haghaidh na straitéise forbartha áitiúla a mhaoiniú ach ón bPríomhchiste sin amháin.

5.           Forbairt áitiúil a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF, cuirfear i gcrích í faoi thosaíocht amháin nó níos mó den chlár.

Airteagal 29 Straitéisí forbartha áitiúla

1.           Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh i straitéis forbartha áitiúla:

(a) sainiú ar an gceantar agus ar an daonra a chumhdófar faoin straitéis;

(b) anailís ar acmhainneacht agus riachtanais forbartha an cheantair, lena n‑áirítear anailís ar láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí;

(c) tuairisc ar an straitéis agus ar na cuspóirí a bhaineann léi, tuairisc ar shainghné chomhtháite agus nuálach na straitéise agus ordlathas na gcuspóirí, lena n‑áirítear spriocanna soiléire agus intomhaiste maidir le haschur agus torthaí; beidh an straitéis ag luí le cláir ábhartha na gCistí CSF uile lena mbaineann;

(d) tuairisc ar phróiseas na rannpháirtíochta pobail i bhforbairt na straitéise;

(e) plean gníomhaíochta ina léirítear conas a athraítear cuspóirí ina ngníomhaíochtaí;

(f) tuairisc ar shocruithe bainistíochta agus faireacháin na straitéise ina léirítear cumas an ghrúpa áitiúil gníomhaíochta an straitéis a chur chun feidhme agus cur síos ar na socruithe sonracha meastóireachta;

(g) plean airgeadais na straitéise, lena n‑áirítear an leithdháileadh atá beartaithe maidir le gach ceann de na Cistí CSF.

2.           Saineoidh na Ballstáit critéir maidir le straitéisí forbartha áitiúla a roghnú. Féadfar critéir roghnúcháin a leagan amach sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.

3.           Is coiste arna bhunú chun na críche sin ag údaráis bhainistíochta ábhartha na gclár a roghnóidh na straitéisí forbartha áitiúla.

4.           Cuirfear críoch le roghnú agus le formheas na straitéisí forbartha áitiúla uile faoin 31 Nollaig 2015 ar a dhéanaí.

5.           Leagfar amach na leithdháiltí ó gach Ciste CSF ar leith i gcinneadh an údaráis bainistíochta maidir le straitéis forbartha áitiúla a fhormheas. Leagfar amach ann freisin róil na n‑údarás a bheidh freagrach as cur chun feidhme na gclár ábhartha maidir leis na cúraimí cur chun feidhme go léir a bhaineann leis an straitéis.

6.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, maidir leis an sainmhíniú ar an gceantar agus ar an daonra a bheidh clúdaithe faoin straitéis dá dtagraítear i mír 1(a).

Airteagal 30 Grúpaí áitiúla gníomhaíochta

1.           Déanfaidh grúpaí áitiúla gníomhaíochta straitéisí forbartha áitiúla a cheapadh agus a chur chun feidhme.

Tabharfaidh na Ballstáit sainiú ar róil an ghrúpa áitiúil gníomhaíochta agus na n‑údarás faoi seach atá freagrach as cur chun feidhme na gclár ábhartha, maidir leis na cúraimí cur chun feidhme go léir a bhaineann leis an straitéis.

2.           Áiritheoidh an t‑údarás bainistíochta go roghnóidh na grúpaí áitiúla gníomhaíochta comhpháirtí amháin laistigh den ghrúpa mar pháirtí cinn i gcúrsaí riaracháin agus airgeadais, nó go dtiocfaidh siad le chéile i gcomhstruchtúr atá bunaithe go dlíthiúil.

3.           Beidh an méid seo a leanas san áireamh i gcúraimí na ngrúpaí áitiúla gníomhaíochta:

(a) acmhainneacht na ngníomhaithe áitiúla a fhorbairt chun oibríochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(b) critéir agus nós imeachta roghnúcháin trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach a tharraingt suas maidir le hoibríochtaí a roghnú, lena seachnaítear coinbhleachtaí leasa, agus lena n‑áirithítear go dtagann 50 % ar a laghad de na vótaí i gcinntí roghnúcháin ó pháirtithe nach bhfuil san earnáil phoiblí, lena ndéantar foráil go bhféadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí roghnúcháin agus lena gcumasaítear roghnú trí nós imeachta i scríbhinn;

(c) comhchuibheas a áirithiú leis an straitéis forbartha áitiúla agus oibríochtaí á roghnú trí thosaíocht a thabhairt dóibh de réir a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí agus spriocanna na straitéisí a bhaint amach;

(d) gairmeacha ar thograí nó nós imeachta leanúnach maidir le tionscadal a chur isteach a ullmhú agus a fhoilsiú, lena n‑áirítear sainiú na gcritéar roghnúcháin;

(e) iarratais ar thacaíocht a fháil agus a mheasúnú;

(f) oibríochtaí a roghnú agus méid na tacaíochta a shocrú nó, nuair is ábhartha, na tograí a chur faoi bhráid an údaráis atá freagrach as fíorú deiridh a dhéanamh ar incháilitheacht sula ndéanfar iad a fhormheas;

(g) faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise forbartha áitiúla agus ar na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht agus gníomhaíochtaí meastóireachta sonracha a dhéanamh a bhfuil baint acu leis an straitéis forbartha áitiúla.

Airteagal 31 Tacaíocht ó na Cistí CSF le forbairt áitiúil

Áireofar ar an tacaíocht le forbairt áitiúil:

(a) costais na tacaíochta ullmhúcháin;

(b) cur chun feidhme na n‑oibríochtaí faoin straitéis forbartha áitiúla;

(c) ullmhú agus cur chun feidhme ghníomhaíochtaí comhair an ghrúpa áitiúil gníomhaíochta;

(d) costais reatha agus bainistiú na straitéise forbartha áitiúla suas go dtí teorainn 25 % den chaiteachas poiblí iomlán arna thabhú laistigh den straitéis forbartha áitiúla.

TEIDEAL IV

IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

Airteagal 32 Ionstraimí airgeadais

1.           Féadfar úsáid a bhaint as na Cistí CSF chun tacú le hionstraimí airgeadais faoi chlár, lena n‑áirítear nuair a eagraítear iad trí bhíthin cistí de chuid cistí, d’fhonn rannchuidiú le gnóthú cuspóirí sonracha atá leagtha amach faoi thosaíocht, bunaithe ar mheasúnú ex ante inar aithníodh teipeanna sa mhargadh nó cásanna infheistíochta fo-optamacha, agus riachtanais infheistíochta.

Féadfar ionstraimí airgeadais a chomhthiomsú le deontais, le fóirdheontais ráta úis agus le fóirdheontais táillí ráthaíochta. Sa chás sin, ní mór taifid ar leithligh a choinneáil le haghaidh gach cineáil maoinithe.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na nithe seo a leanas: measúnú ex ante ar ionstraimí airgeadais, an teaglaim tacaíochta arna soláthar d’fhaighteoirí deiridh trí bhíthin deontas, fóirdheontas ráta úis, fóirdheontas táillí ráthaíochta agus ionstraimí airgeadais, chomh maith le rialacha sonracha breise maidir le hincháilitheacht caiteachais agus rialacha ina sonraítear na cineálacha gníomhaíochtaí nach dtabharfar tacaíocht dóibh trí ionstraimí airgeadais.

2.           Féadfaidh faighteoirí deiridh a fhaigheann tacaíocht ó ionstraimí airgeadais deontais nó cúnamh eile a fháil freisin ó chlár nó ó ionstraim eile lena dtacaíonn buiséad an Aontais. Sa chás sin, ní mór taifid ar leithligh a choinneáil le haghaidh gach foinse maoinithe.

3.           Níl ranníocaíochtaí comhchineáil ina gcaiteachas incháilithe maidir le hionstraimí airgeadais, ach amháin ranníocaíochtaí talún nó eastáit réadaigh maidir le hinfheistíochtaí a bhfuil sé de chuspóir leo tacú le forbairt uirbeach nó le hathnuachan uirbeach, i gcás ina bhfuil an talamh nó an t‑eastát réadach ina chuid den infheistíocht. Beidh ranníocaíochtaí talún nó eastáit réadaigh den sórt sin incháilithe ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 59.

Airteagal 33 Ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme

1.           Le linn d’údaráis bhainistíochta Airteagal 32 a chur chun feidhme, féadfaidh siad ranníocaíocht a dhéanamh leis na hionstraimí airgeadais seo a leanas:

(a) ionstraimí airgeadais arna mbunú ar leibhéal an Aontais agus arna mbainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún;

(b) ionstraimí airgeadais arna mbunú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, trasnáisiúnta nó trasteorann agus arna mbainistiú ag an údarás bainistíochta nó faoina fhreagracht.

2.           Beidh feidhm ag Teideal [VIII] den Rialachán Airgeadais maidir leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1(a). Déanfar ranníocaíochtaí ó na Cistí CSF le hionstraimí airgeadais faoi mhír 1(a) a thaisceadh i gcuntais ar leithligh agus úsáidfear na ranníocaíochtaí sin, i gcomhréir le cuspóirí na gCistí CSF faoi seach, chun tacú le gníomhaíochtaí agus le faighteoirí deiridh atá comhsheasmhach leis an gclár nó leis na cláir óna ndéantar na ranníocaíochtaí sin.

3.           I gcás ionstraimí airgeadais faoi mhír 1(b), féadfaidh an t‑údarás bainistíochta ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leis na hionstraimí airgeadais seo a leanas:

(a) ionstraimí airgeadais lena gcomhlíontar na téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha arna leagan síos ag an gCoimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 143(3);

(b) ionstraimí airgeadais atá ann cheana féin nó atá nuachruthaithe agus atá ceaptha go sonrach chun an cuspóir atá beartaithe a bhaint amach agus lena ndéantar rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme a urramú.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, ina leagfar síos na rialacha sonracha maidir le cineálacha éagsúla ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b), chomh maith leis na táirgí a fhéadfar a sheachadadh trí bhíthin ionstraimí den sórt sin.

4.           Agus é ag tacú leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1(b), féadfaidh an t‑údarás bainistíochta an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) infheistíocht a dhéanamh i gcaipiteal na n‑eintiteas dlíthiúil atá ann cheana nó na n‑eintiteas nuachruthaithe, lena n‑áirítear na heintitis sin a mhaoinítear trí Chistí eile CSF, atá tiomanta d’ionstraimí airgeadais atá comhsheasmhach le cuspóirí na gCistí CSF faoi seach a chur chun feidhme, agus a thabharfaidh faoi chúraimí cur chun feidhme; beidh an tacaíocht a thabharfar d’infheistíochtaí den sórt sin teoranta do na méideanna sin is gá ionstraimí airgeadais nua a chur chun feidhme atá comhsheasmhach le cuspóirí an Rialacháin seo; nó

(b) cúraimí cur chun feidhme a chur ar a n‑iontaoibh seo a leanas:

(i)      an Banc Eorpach Infheistíochta;

(ii)      institiúidí idirnáisiúnta airgeadais ina bhfuil Ballstát ina scairshealbhóir, nó institiúidí airgeadais atá bunaithe i mBallstát atá ag iarraidh leas an phobail a bhaint amach faoi rialú údaráis phoiblí, arna roghnú i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta is infheidhme;

(iii)     comhlacht arna rialú faoin dlí poiblí nó faoin dlí príobháideach arna roghnú i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta is infheidhme.

(c) cúraimí cur chun feidhme a chur i gcrích go díreach, i gcás ionstraimí airgeadais nach bhfuil ach iasachtaí nó ráthaíochtaí i gceist iontu.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena leagfar síos rialacha maidir le comhaontuithe cistiúcháin, ról agus freagracht na n‑eintiteas ar cuireadh na cúraimí cur chun feidhme ar a n‑iontaoibh, agus táillí agus costais bhainistíochta.

5.           Féadfaidh na heintitis dá dtagraítear i mír 4(b)(i) agus (ii), agus ionstraimí airgeadais á gcur chun feidhme acu trí bhíthin cistí de chuid cistí, cúram maidir le cuid bhreise den chur chun feidhme a chur ar idirghabhálaithe airgeadais ar choinníoll go n‑áiritheoidh na heintitis sin faoina bhfreagracht go gcomhlíonfaidh na hidirghabhálaithe airgeadais na critéir atá leagtha síos in [Airteagal 57 agus Airteagal 131(1), (1a) agus (3)] den Rialachán Airgeadais. Roghnófar idirghabhálaithe airgeadais bunaithe ar nósanna imeachta oscailte, trédhearcacha, comhréireacha agus neamh‑idirdhealaitheacha, trína seachnófar coinbhleachtaí leasa.

6.           Déanfaidh na heintitis dá dtagraítear i mír 4(b), ar cuireadh cúraimí cur chun feidhme ar a n‑iontaoibh, cuntais mhuiníneacha a oscailt ina n‑ainm nó thar ceann an údaráis bainistíochta. Déanfar bainistíocht ar na sócmhainní atá á sealbhú sna cuntais mhuiníneacha sin i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, de réir rialacha stuamachta iomchuí agus beidh leachtacht iomchuí acu.

7.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le sócmhainní arna mbainistiú ag na heintitis a gcuirtear na cúraimí cur chun feidhme ar a n‑iontaoibh a aistriú agus a bhainistiú, chomh maith le sócmhainní a chomhshó idir an euro agus airgeadraí náisiúnta.

Airteagal 34 Ionstraimí airgeadais áirithe a chur chun feidhme

1.           Na comhlachtaí atá creidiúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 64, ní dhéanfaidh siad fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí ina bhfuil ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi Airteagal 33(1)(a). Gheobhaidh siad tuarascálacha rialta ar rialú ó na comhlachtaí ar cuireadh de chúram orthu na hionstraimí aigeadais sin a chur chun feidhme.

2.           Ní dhéanfaidh na comhlachtaí a bhfuil freagracht orthu as cláir a iniúchadh iniúchtaí ar oibríochtaí ina bhfuil ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi Airteagal 33(1)(a) ná ar chórais bhainistíochta agus rialaithe a bhaineann leis na hionstraimí sin. Gheobhaidh siad tuarascálacha rialta ar rialú ó na hiniúchóirí atá ainmnithe sna comhaontuithe lenar bunaíodh na hionstraimí aigeadais sin.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, maidir leis na socruithe bainistíochta agus rialaithe ar ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi Airteagal 33(1)(a) agus Airteagal 33(4)(b)(i), (ii) agus (iii).

Airteagal 35 Iarrataí ar íocaíocht lena n‑áirítear caiteachas ar ionstraimí airgeadais

1.           Maidir leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 33(1)(a), áireofar agus nochtófar, ar bhonn leithligh, méid iomlán na tacaíochta arna híoc leis an ionstraim airgeadais san iarraidh ar íocaíocht.

2.           Maidir leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 33(1)(b), arna gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 33(4)(a) agus (b), déanfar méid iomlán na tacaíochta arna híoc nó a bhfuiltear ag súil a íoc leis an ionstraim airgeadais le haghaidh infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh a dhéanfar thar thréimhse réamhshainithe dhá bhliain ar a mhéid, lena n‑áirítear táillí nó costais bhainistíochta, a áireamh agus a nochtadh, ar bhonn leithligh, sa chaiteachas incháilithe iomlán arna chur i láthair san iarraidh ar íocaíocht.

3.           Déanfar an méid arna chinneadh i gcomhréir le mír 2 a choigeartú sna hiarrataí ar íocaíocht ina dhiaidh sin, chun an difríocht idir mhéid na tacaíochta a íocadh roimhe sin leis an ionstraim airgeadais lena mbaineann agus na méideanna arna n‑infheistiú iarbhír i bhfaighteoirí deiridh, móide costais bhainistíochta agus táillí bainistíochta atá íoctha, a chur san áireamh. Déanfar na méideanna sin a nochtadh, ar bhonn leithligh, san iarraidh ar íocaíocht.

4.           Maidir leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 33(1)(b) arna gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 33(4)(c), déanfar méid iomlán na n‑íocaíochtaí arna ndéanamh ag an údarás bainistíochta le haghaidh infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh a áireamh san iarraidh ar íocaíocht. Déanfar na méideanna sin a nochtadh, ar bhonn leithligh, san iarraidh ar íocaíocht.

5.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 142, rialacha sonracha a ghlacadh maidir le híocaíochtaí le hionstraimí airgeadais agus íocaíochtaí a tharraingt siar uathu agus na hiarmhairtí féideartha maidir le hiarrataí ar chaiteachas.

Airteagal 36 Caiteachas incháilithe tráth an dúnta

1.           Tráth a dhúntar clár, is éard a bheidh i gcaiteachas incháilithe na hionstraime airgeadais an méid iomlán atá íoctha ag an ionstraim airgeadais iarbhír nó, i gcás cistí ráthaíochta atá tiomanta, ag an ionstraim airgeadais laistigh den tréimhse incháilitheachta atá sonraithe in Airteagal 55(2), a chomhfhreagraíonn dóibh seo a leanas:

(a) íocaíochtaí le faighteoirí deiridh;

(b) acmhainní atá tiomanta do chonarthaí ráthaíochta, bídís gan íoc nó in aibíocht cheana féin, d’fhonn glaonna ráthaíochta féideartha ar chaillteanais a urramú, arna ríomh i gcomhréir le measúnú riosca ex ante stuama, lena gcumhdaítear méid iolrach iasachtaí bunúsacha nua nó ionstraimí rioscúla bunúsacha nua eile le haghaidh infheistíochtaí nua i bhfaighteoirí deiridh;

(c) fóirdheontais ráta úis nó fóirdheontais táillí ráthaíochta caipitlithe, atá dlite le híoc ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana tar éis na tréimhse incháilitheachta atá leagtha síos in Airteagal 55(2), agus a úsáidtear in éineacht le hionstraimí airgeadais, arna n‑íoc isteach i gcuntas eascró a bunaíodh go sonrach don chuspóir sin, le híoc iarbhír tar éis na tréimhse incháilitheachta atá leagtha síos in Airteagal 55(2), ach i ndáil le hiasachtaí nó le hionstraimí rioscúla eile arna n‑íoc le haghaidh infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh laistigh den tréimhse incháilitheachta atá leagtha síos in Airteagal 55(2);

(d) na costais bhainistíochta a tabhaíodh a aisíoc nó táillí bainistíochta na hionstraime airgeadais a íoc.

2.           I gcás ionstraimí bunaithe ar chothromas agus micreachreidmheasa, féadfar glacadh leis gur caiteachas incháilithe atá i gcostais bhainistíochta chaipitlithe nó táillí atá dlite le híoc ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis na tréimhse incháilitheachta atá leagtha síos in Airteagal 55(2), maidir leis na hinfheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh a tharla laistigh den tréimhse incháilitheachta sin agus nach féidir a chumhdach faoi fhorálacha Airteagal 37 agus Airteagal 38, i gcás ina n‑íoctar isteach i gcuntas eascró arna bhunú go sonrach don chuspóir sin iad.

3.           Ní bheidh an caiteachas incháilithe a chinnfear i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 níos airde ná suim na méideanna seo a leanas:

(i)      méid iomlán na tacíochta ó na Cistí CSF arna íoc leis an ionstraim airgeadais; agus

(ii)     an cómhaoiniú náisiúnta comhfhreagrach.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142 maidir le córas capitlithe na dtráthchodanna bliantúla le haghaidh fóirdheontas ráta úis agus fóirdheontas táillí ráthaíochta.

Airteagal 37 Ús agus gnóthachain eile arna nginiúint ag tacaíocht ó na Cistí CSF le hionstraimí airgeadais

1.           Cuirfear tacaíocht ó na Cistí CSF a íoctar le hionstraimí airgeadais i dtaisce i gcuntais a shaothraíonn ús agus a bhfuil sainchónaí orthu laistigh d’institiúidí airgeadais i mBallstáit nó déanfar í a infheistiú ar bhonn sealadach de réir phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

2.           Úsáidfear ús agus gnóthachain eile atá inchurtha i leith tacaíochta ó na Cistí CSF a íoctar le hionstraimí airgeadais chun na gcríoch céanna agus a úsáidfear an tacaíocht tosaigh ó na Cistí CSF laistigh den ionstraim airgeadais chéanna.

3.           Áiritheoidh an t‑údarás bainistíochta go gcoimeádfar taifid leormhaithe ar úsáid an úis agus na ngnóthachan eile.

Airteagal 38 Athúsáid acmhainní atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí CSF go dtí tráth dúnta an chláir

1.           Acmhainní caipitil a aisíoctar leis na hionstraimí airgeadais ó infheistíochtaí nó ó scaoileadh acmhainní a bhí tiomanta do chonarthaí ráthaíochta, atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí CSF, athúsáidfear iad le haghaidh infheistíochtaí breise trí na hionstraimí airgeadais céanna nó ionstraimí airgeadais eile, i gcomhréir le haidhmeanna an chláir nó na gclár.

2.           Déanfar gnóthachain agus ioncam nó fáltais eile, lena n‑áirítear ús, táillí ráthaíochta, díbhinní, gnóthachain chaipitiúla nó fáltais ioncaim ar bith eile arna nginiúint ag infheistíochtaí, atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí CSF leis an ionstraim airgeadais, a úsáid chun na gcríoch seo a leanas, nuair is infheidhme, suas go dtí na méideanna is gá:

(a) costais bhainistíochta arna dtabhú a aisíoc agus táillí bainistíochta na hionstraime airgeadais a íoc;

(b) luach saothair fabhrach na n‑infheisteoirí atá ag oibriú faoi phrionsabal an infheisteora sa gheilleagar margaidh, a chuireann acmhainní contrapháirte ar fáil don tacaíocht ó na Cistí CSF leis an ionstraim airgeadais nó a dhéanann comhinfheistíocht ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh;

(c) infheistíochtaí breise trí bhíthin na n‑ionstraimí airgeadais céanna nó ionstraimí airgeadais eile, i gcomhréir le haidhmeanna an chláir nó na gclár.

3.           Áiritheoidh an t‑údarás bainistíochta go gcoimeádfar taifid leormhaithe ar úsáid na n‑acmhainní agus na ngnóthachan dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.

Airteagal 39 Acmhainní leagáide a úsáid tar éis dhúnadh an chláir

Glacfaidh Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go ndéanfar na hacmhainní caipitil agus na gnóthachain chaipitiúla agus an t‑ioncam nó na fáltais eile atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí CSF le hionstraimí airgeadais a úsáid i gcomhréir le haidhmeanna an chláir ar feadh tréimhse 10 mbliana ar a laghad tar éis dhúnadh an chláir.

Airteagal 40 Tuarascáil ar chur chun feidhme ionstraimí airgeadais

1.           Déanfaidh an t‑údarás bainistíochta tuarascáil shonrach ina gcumhdófar na hoibríochtaí sin a bhfuil ionstraimí airgeadais iontu a chur chuig an gCoimisiún mar iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme.

2.           Beidh an fhaisnéis seo a leanas, i gcás gach ionstraime airgeadais, ar áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

(a) sainaithint an chláir agus na tosaíochta óna dtugtar tacaíocht ó na Cistí CSF;

(b) tuairisc ar an ionstraim airgeadais agus ar na socruithe cur chun feidhme;

(c) sainaithint na gcomhlachtaí ar cuireadh cúraimí cur chun feidhme ar a n‑iontaoibh;

(d) méid iomlán na tacaíochta, de réir cláir agus de réir tosaíochta nó birt, leis an ionstraim airgeadais atá ar áireamh in iarrataí ar íocaíocht arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin;

(e) méid iomlán na tacaíochta a d’íoc nó a thiomnaigh an ionstraim airgeadais, i gconarthaí ráthaíochta, leis na faighteoirí deiridh, de réir cláir agus de réir tosaíochta nó birt, atá ar áireamh in iarrataí ar íocaíocht arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin;

(f) ioncam ón ionstraim airgeadais agus aisíocaíochtaí léi;

(g) tionchar iolraitheach na n‑infheistíochtaí a dhéantar san ionstraim airgeadais agus luach na n‑infheistíochtaí agus na rannpháirtíochtaí;

(h) rannchuidiú na hionstraime airgeadais chun táscairí an chláir agus na tosaíochta lena mbaineann a bhaint amach.

3.           Déanfaidh an Coimisiún na coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le faireachán agus maidir le faisnéis faireacháin a sholáthar don Choimisiún, lena n‑áirítear i gcás na n‑ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 33(1)(a), a ghlacadh, trí ghníomh cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 143(3).

TEIDEAL V FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

CAIBIDIL I Faireachán

Roinn I Faireachán ar chláir

Airteagal 41 Coiste faireacháin

1.           Laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra chuig an mBallstát maidir leis an gcinneadh chun clár a ghlacadh, bunóidh an Ballstát coiste chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, i gcomhaontú leis an údarás bainistíochta.

Féadfaidh Ballstát coiste faireacháin amháin a bhunú le haghaidh na gclár a chómhaoiníonn na Cistí CSF.

2.           Déanfaidh gach coiste faireacháin a rialacha nós imeachta a tharraingt suas agus a ghlacadh.

Airteagal 42 Comhdhéanamh an choiste faireacháin

1.           Ionadaithe ón údarás bainistíochta, ó chomhlachtaí idirmheánacha agus ó ionadaithe thar ceann na gcomhpháirtithe a bheidh ar an gcoiste faireacháin. Beidh ceart vótála ag gach comhalta den choiste faireacháin.

I gcás an choiste faireacháin maidir le clár faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, beidh ionadaithe thar ceann gach tríú tír atá rannpháirteach sa chlár sin ar an gcoiste freisin.

2.           Beidh Coimisiún rannpháirteach i gcáil comhairleora in obair an choiste faireacháin.

3.           I gcás ina rannchuidíonn an BEI le clár, féadfaidh sé bheith rannpháirteach i gcáil comhairleora in obair an choiste faireacháin.

4.           Beidh ionadaí thar ceann an Bhallstáit nó an údaráis bainistíochta ina chathaoirleach ar an gcoiste faireacháin.

Airteagal 43 Feidhmeanna an choiste faireacháin

1.           Tiocfaidh an coiste faireacháin le chéile uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana agus déanfaidh sé athbhreithniú ar chur chun feidhme an chláir agus ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí an chláir a ghnóthú. Agus sin á dhéanamh aige, tabharfaidh sé aird ar na sonraí airgeadais, ar tháscairí coiteanna agus ar tháscairí a bhaineann go sonrach leis an gclár, lena n‑áirítear athruithe ar tháscairí ar thorthaí agus an dul chun cinn i dtreo spriocluachanna cainníochtaithe, agus na garspriocanna atá sainithe sa chreat feidhmíochta.

2.           Déanfaidh an coiste faireacháin scrúdú mionsonraithe ar na saincheisteanna uile a dhéanann difear d’fheidhmíocht an chláir.

3.           Rachfar i gcomhairle leis an gcoiste faireacháin agus eiseoidh sé tuairim uaidh maidir le haon leasú ar an gclár atá beartaithe ag an údarás bainistíochta.

4.           Féadfaidh an coiste faireacháin moltaí a eisiúint chuig an údarás bainistíochta maidir le cur chun feidhme an chláir agus maidir leis an meastóireacht a rinneadh air. Déanfaidh sé faireachán ar ghníomhaíochtaí arna nglacadh de thoradh a chuid moltaí.

Airteagal 44 Tuarascálacha cur chun feidhme

1.           Idir 2016 agus 2022, an bhliain sin san áireamh, déanfaidh an Ballstát tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an chláir sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Déanfaidh an Ballstát tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme an chláir a chur isteach faoin 30 Meán fómhair 2023 maidir leis an CFRE, an CSE agus an Ciste Comhtháthaithe agus tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme maidir leis an CETFT agus an CEMI.

2.           Leagfar amach i dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme faisnéis maidir leis an gclár agus a thosaíochtaí a chur chun feidhme faoi threoir sonraí airgeadais, táscairí coiteanna agus táscairí a bhaineann go sonrach leis na cláir agus spriocluachanna cainníochtaithe, lena n‑áirítear athruithe ar tháscairí ar thorthaí agus na garspriocanna atá sainithe sa chreat feidhmíochta. Bainfidh na sonraí a tharchuirfear le luachanna ar tháscairí i gcomhair oibríochtaí atá curtha chun feidhme go hiomlán, agus i gcomhair oibríochtaí roghnaithe chomh maith. Leagfar amach iontu freisin gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích chun coinníollachataí ex ante a chomhlíonadh agus aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht an chláir, agus na bearta ceartaitheacha a rinneadh.

3.           Sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2017, déanfar an fhaisnéis atá leagtha amach i mír 2 a leagan amach agus a mheasúnú, maille leis an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí an chláir a ghnóthú, lena n‑áirítear rannchuidiú na gCistí CSF le hathruithe ar tháscairí torthaí, i gcás ina bhfuil fianaise ar fáil ó mheastóireachtaí. Déanfar measúnú inti freisin ar chur chun feidhm na ngníomhaíochtaí ar mhaithe leis na prionsabail atá leagtha amach in in Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 a chur san áireamh agus tabharfar tuairisc ar an tacaíocht a úsáideadh le haghaidh na gcuspóirí athraithe aeráide.

4.           Áireofar sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a chuirfear isteach sa bhliain 2019 agus sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme a bhaineann leis na Cistí CSF, sa bhreis ar an bhfaisnéis agus ar an measúnú atá leagtha amach i mír 2 agus mír 3, faisnéis agus measúnú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí an chláir a ghnóthú agus ar a mhéid a rannchuidigh an clár le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur i gcrích.

5.           Beidh na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 inghlactha i gcás ina bhfuil an fhaisnéis go léir arna hiarraidh sna míreanna sin agus sna rialacha a bhaineann le Cistí sonracha, ar áireamh iontu. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát laistigh de 15 lá oibre ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme más rud é nach bhfuil sé inghlactha, agus mura ndéanfar a leithéid measfar é a bheith inghlactha.

6.           Scrúdóidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus cuirfidh sé a chuid barúlacha ina leith in iúl don Bhallstát laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus laistigh de 5 mhí ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil deiridh. I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl laistigh de na spriocdhátaí seo, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha.

7.           Féadfaidh an Coimisiún moltaí a eisiúint chun aghaidh a thabhairt ar aon saincheisteanna a dhéanann difear do chur chun feidhme an chláir. I gcás ina ndéanfar moltaí den sórt sin, cuirfidh an t‑údarás bainistíochta na bearta ceartaitheacha arna nglacadh in iúl don Choimisiún laistigh de thrí mhí.

8.           Déanfar achoimre don saoránach ar inneachar na dtuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme a chur ar fáil go poiblí.

Airteagal 45 Cruinniú athbhreithnithe bliantúil

1.           Eagrófar cruinniú athbhreithnithe bliantúil gach bliain idir 2016 agus 2022, an bhliain sin san áireamh, idir an Coimisiún agus gach Ballstát ar leith chun feidhmíocht gach cláir a scrúdú, agus cuirfear an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus moltaí agus barúlacha an Choimisiúin san áireamh, nuair is infheidhme.

2.           Féadfar níos mó ná clár amháin a chumhdach le linn an chruinnithe athbhreithnithe bhliantúil. In 2017 agus in 2019, cumhdóidh an cruinniú athbhreithnithe bliantúil gach clár sa Bhallstát, agus cuirfear na tuarascálacha ar dhul chun cinn arna gcur isteach ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 46 sna blianta sin san áireamh freisin.

3.           Féadfaidh an Ballstát agus an Coimisiún a chomhaontú nach n‑eagrófar cruinniú athbhreithnithe bliantúil i gcás cláir i mblianta eile seachas 2017 agus 2019.

4.           Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach ar an gcruinniú athbhreithnithe bliantúil.

5.           Áiritheoidh an Ballstát go ndéanfar na bearta leantacha iomchuí i gcás aon bharúlacha a dhéanfaidh an Coimisiún i ndiaidh an chruinnithe.

Roinn II Dul chun cinn straitéiseach

Airteagal 46 Tuarascáil ar dhul chun cinn

1.           Faoin 30 Meitheamh 2017 agus faoin 30 Meitheamh 2019, cuirfidh an Ballstát tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Chonartha Comhpháirtíochta amhail an 31 Eanáir 2016 agus an 31 Nollaig 2018, faoi seach, faoi bhráid an Choimisiúin.

2.           Sa tuarascáil ar dhul chun cinn leagfar amach faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) athruithe ar riachtanais forbartha an Bhallstáit ón tráth ar glacadh an Conradh Comhpháirtíochta;

(b) an dul chun cinn atá déanta chun straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur i gcrích, go háirithe maidir leis na garspriocanna atá leagtha amach le haghaidh gach cláir sa chreat feidhmíochta agus an tacaíocht a úsáideadh le haghaidh na gcuspóirí athraithe aeráide;

(c) cibé atá nó nach bhfuil na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun na coinníollachtaí ex ante nach raibh comhlíonta ar an dáta a glacadh an Conradh Comhpháirtíochta a chomhlíonadh curtha chun feidhme i gcomhréir leis an tráthchlár atá leagtha síos;

(d) cur chun feidhme meicníochtaí chun comhordú idir na Cistí CSF agus ionstraimí cistiúcháin náisiúnta agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais, agus idir iad agus an BEI, a áirithiú;

(e) an dul chun cinn maidir le réimsí tosaíochta arna mbunú le haghaidh comhair a bhaint amach;

(f) gníomhaíochtaí arna nglacadh d’fhonn dlús a chur faoi inniúlacht údaráis an Bhallstáit agus, nuair is iomchuí, tairbhithe chun na Cistí CSF a riar agus a úsáid;

(g) na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus na spriocanna comhfhreagracha sna cláir chun laghdú a bhaint amach ar ualach riaracháin na dtairbhithe;

(h) ról na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5 i gcur chun feidhme an Chonartha Comhpháirtíochta.

3.           I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, laistigh de thrí mhí ón dáta a gcuirtear an tuarascáil ar dhul chun cinn isteach, go bhfuil an fhaisnéis arna cur isteach neamhiomlán nó míshoiléir, féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh ón mBallstát. Soláthróidh an Ballstát gach faisnéis arna hiarraidh don Choimisiún laistigh de thrí mhí agus leasóidh sé an tuarascáil ar dhul chun cinn dá réir sin, nuair is iomchuí.

4.           In 2017 agus in 2019, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil straitéiseach, ina dtabharfar achoimre ar thuarascálacha ar dhul chun cinn na mBallstát, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún í.

5.           In 2018 agus in 2020, áireoidh an Coimisiún, ina Thuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn chuig Comhairle Eorpach an Earraigh, roinn ina dtabharfar achoimre ar an tuarascáil straitéiseach, go háirithe maidir leis an dul chun cinn arna dhéanamh chun straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur i gcrích.

CAIBIDIL II Meastóireacht

Airteagal 47  Forálacha ginearálta

1.           Déanfar meastóireachtaí chun cáilíocht cheapadh agus chur chun feidhme na gclár a fheabhsú agus chun measúnú a dhéanamh ar a n‑éifeachtacht, ar a n‑éifeachtúlacht agus ar a dtionchar. Déanfar meastóireacht ar thionchar na gclár i gcomhréir leis an misean a bhaineann leis na Cistí CSF faoi seach maidir leis na spriocanna do straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach[26] agus maidir le hOlltáirgeacht Intíre (OTI) agus dífhostaíocht, i gcás inarb iomchuí.

2.           Soláthróidh Ballstáit na hacmhainní is gá chun meastóireachtaí a dhéanamh, agus áiritheoidh siad go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun na sonraí is gá le haghaidh meastóireachtaí a tháirgeadh agus a bhailiú, lena n‑áirítear sonraí a bhaineann le táscairí coiteanna agus le táscairí a bhaineann go sonrach leis na cláir.

3.           Is saineolaithe atá neamhspleách ó thaobh feidhme ar na húdaráis atá freagrach as cur chun feidhme an chláir a dhéanfaidh na meastóireachtaí. Soláthróidh an Coimisiún treoraíocht maidir leis an tslí ina ndéanfar na meastóireachtaí.

4.           Cuirfear na meastóireachtaí go léir ina n‑iomláine ar fáil don phobal.

Airteagal 48 Meastóireacht ex-ante

1.           Déanfaidh gach Ballstát meastóireachtaí ex ante chun cáilíocht cheapadh gach cláir a fheabhsú.

2.           Cuirfear meastóireachtaí ex ante i gcrích faoi fhreagracht an údaráis atá freagrach as na cláir a ullmhú. Cuirfear iad faoi bhráid an Choimisiúin an tráth céanna agus a chuirfear an clár faoina bhráid, mar aon le hachoimre feidhmiúcháin. Féadfar tairseacha a bhunú sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, tairseacha faoina bhféadfar an mheastóireacht ex ante a nascadh leis an meastóireacht ar chlár eile.

3.           Tabharfar breithmheas ar an méid seo a leanas sna meastóireachtaí ex ante:

(a) an méid a rannchuidíonn siad le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, ag féachaint do chuspóirí téamacha roghnaithe agus do thosaíochtaí, ag cur riachtanas náisiúnta agus réigiúnach san áireamh;

(b) comhchuibheas inmheánach an chláir nó na gníomhaíochta atá beartaithe agus an gaol le hionstraimí ábhartha eile;

(c) a chomhsheasmhaí is atá leithdháileadh acmhainní buiséadacha le cuspóirí an chláir;

(d) a chomhsheasmhaí is atá cuspóirí téamacha roghnaithe, tosaíochtaí agus cuspóirí comhfhreagracha na gclár leis an gComhchreat Straitéiseach, leis an gConradh Comhpháirtíochta agus leis na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi Airteagal 121(2) den Chonradh agus le moltaí ábhartha na Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(4) den Chonradh;

(e) ábharthacht agus soiléireacht na dtáscairí cláir atá beartaithe;

(f) an chaoi a rannchuideoidh na haschuir a bhfuil súil leo le torthaí;

(g) an bhfuil na spriocluachanna cainníochtaithe le haghaidh táscairí réadúil, ag féachaint don tacaíocht atá beartaithe ó na Cistí CSF;

(h) an réasúnaíocht maidir leis an gcineál tacaíochta atá beartaithe;

(i) leordhóthanacht na n‑acmhainní daonna agus na n‑acmhainní riaracháin chun an clár a bhainistiú;

(j) oiriúnacht na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar an gclár agus chun na sonraí is gá chun meastóireachtaí a dhéanamh a bhailiú;

(k) oiriúnacht na ngarspriocanna arna roghnú le haghaidh an chreata feidhmíochta;

(l) leordhóthanacht na mbeart atá beartaithe chun comhdheiseanna idir fir agus mná a chur chun cinn agus chun idirdhealú a chosc;

(m) leordhóthanacht na mbeart atá beartaithe chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;

4.           Cuimseofar sa mheastóireacht ex ante, nuair is iomchuí, na ceanglais maidir leis an Measúnú Straitéiseach Comhshaoil atá leagtha amach i gcur chun feidhme Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú[27].

Airteagal 49 Meastóireacht le linn na tréimhse clárúcháin

1.           Déanfaidh an t‑údarás bainistíochta plean meastóireachta a tharraingt suas maidir le gach clár agus cuirfear isteach an plean i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.

2.           Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní meastóireachta iomchuí ar fáil.

3.           Le linn na tréimhse clárúcháin, déanfaidh údaráis bhainistíochta meastóireachtaí, lena n‑áirítear meastóireachtaí chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus tionchar a mheasúnú, le haghaidh gach cláir ar bhonn an phlean meastóireachta. Uair amháin ar a laghad le linn na tréimhse clárúcháin, déanfar measúnú trí bhíthin meastóireachta ar an gcaoi ar rannchuidigh tacaíocht ó na Cistí CSF leis na cuspóirí le haghaidh gach tosaíochta. Scrúdóidh an coiste faireacháin na meastóireachtaí uile agus seolfar chuig an gCoimisiún iad.

4.           Féadfaidh an Coimisiún meastóireachtaí a dhéanamh ar chláir ar a thionscnamh féin.

Airteagal 50 Meastóireacht ex-post

Is iad an Coimisiún agus na Ballstáit, i ndlúthchomhar le chéile, a dhéanfaidh na meastóireachtaí ex post. Déanfar scrúdú sna meastóireachtaí ex post ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na gCistí CSF agus ar an méid a rannchuidíonn siad le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur i gcrích i gcomhréir leis na ceanglais shonracha atá leagtha síos sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. Beidh meastóireachtaí ex-post lánchríochnaithe faoin 31 Nollaig 2023.

TEIDEAL VI CÚNAMH TEICNIÚIL

Airteagal 51 Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún

1.           Ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann, féadfaidh na Cistí CSF tacú leis na bearta ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus cúnaimh theicniúil, meastóireachta, inniúchóireachta agus rialaithe is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

Áireofar an méid seo a leanas sna bearta sin, ach ní bheidh siad teoranta dó sin amháin:

(a) cúnamh le tionscadal a ullmhú agus a mheas, lena n‑áirítear leis an BEI;

(b) tacaíocht do neartú institiúide agus forbairt acmhainní riaracháin le haghaidh bhainistíocht éifeachtach na gCistí CSF;

(c) staidéir a bhaineann le tuairisciú an Choimisiúin ar na Cistí CSF agus leis an tuarascáil faoin gcomhtháthú;

(d) bearta maidir le hanailísiú, bainistiú, faireachán, malartú faisnéise agus cur chun feidhme i dtaobh na gCistí CSF, mar aon le bearta a bhaineann le cur chun feidhme na gcóras rialaithe agus le cúnamh teicniúil agus riaracháin;

(e) meastóireachtaí, tuarascálacha saineolaithe, staidreamh agus staidéir, lena n‑áirítear cinn de chineál ginearálta, maidir le feidhmiú reatha na gCistí CSF agus feidhmiú na gCistí amach anseo, a bhféadfaidh an BEI tabhairt fúthu nuair is iomchuí;

(f) gníomhaíochtaí chun faisnéis a scaipeadh, tacú le líonrú, gníomhaíochtaí chun cumarsáid a dhéanamh, feasacht a spreagadh agus comhar agus malartú taithí a chur chun cinn, lena n‑áirítear le tríú tíortha. D'fhonn an chumarsáid leis an phobal i gcoitinne a dhéanamh níos éifeachtaí agus d'fhonn treisiú leis na sinéirgí idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin, rannchuideoidh na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialachán seo le cumarsáid chorparáideach a dhéanamh faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh, a mhéid is go bhfuil siad sin bainteach le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo;

(g) córais ríomhairithe bainistíochta, faireacháin, iniúchóireachta, rialaithe agus meastóireachta a shuiteáil, a fheidhmiú agus a idirnascadh;

(h) gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar mhodhanna meastóireachta agus ar mhalartú faisnéise maidir le cleachtais mheastóireachta;

(i) gníomhaíochtaí a bhaineann le hiniúchóireacht;

(j) acmhainní náisiúnta agus réigiúnacha a neartú maidir le pleanáil infheistíochtaí, measúnú ar riachtanais, ullmhú, ceapadh agus cur chun feidhme ionstraimí airgeadais, comhphleananna gníomhaíochta agus mórthionscadal, lena n‑áirítear comhthionscnaimh leis an BEI.

Airteagal 52 Cúnamh teicniúil na mBallstát

1.           Ar thionscnamh ó Bhallstát, féadfaidh na Cistí CSF tacú le gníomhaíochtaí maidir le hullmhúchán, bainistíocht, faireachán, meastóireacht, faisnéis agus cumarsáid, líonrú, réiteach gearán, agus rialú agus iniúchóireacht. Féadfaidh an Ballstát úsáid a bhaint as na Cistí CSF le tacú le gníomhaíochtaí chun an t‑ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú, lena n‑áirítear córais mhalartaithe leictreonaigh sonraí, agus gníomhaíochtaí d’fhonn dlús a chur faoi inniúlacht údaráis an Bhallstáit agus tairbhithe na Cistí CSF a riar agus a úsáid. D’fhéadfadh baint a bheith ag na gníomhaíochtaí sin le tréimhsí clárúcháin roimhe sin agus ina dhiaidh sin.

2.           De réir na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, féadfar gníomhaíochtaí a fhaigheann maoiniú ó chúnamh teicniúil gach Ciste CSF ar leith a chur leis nó a eisiamh.

TEIDEAL VII TACAÍOCHT AIRGEADAIS Ó NA CISTÍ CSF

CAIBIDIL I Tacaíocht ó na Cistí CSF

Airteagal 53 Rátaí cómhaoinithe a chinneadh

1.           I gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, déanfar an ráta nó na rátaí cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ó na Cistí CSF a shocrú sa chinneadh ón gCoimisiún maidir le clár a ghlacadh.

2            Féadfar bearta cúnaimh theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann, a mhaoiniú de réir ráta 100 %.

Airteagal 54 Oibríochtaí ginte ioncaim

1.           Déanfar an glanioncam a ghintear tar éis oibríocht a chur i gcrích thar thréimhse thagartha shonrach a chinneadh roimh ré ar cheann de na modhanna seo a leanas:

(a)     céatadán den ioncam ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm maidir leis an gcineál oibríochta lena mbaineann;

(b)     luach reatha ghlanioncam na hoibríochta a ríomh, agus cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘íoc mar a thruaillítear’ á chur san áireamh agus, más cuí, comaoineacha ar chothromas atá nasctha le rathúnas coibhneasta an Bhallstáit lena mbaineann.

Ní bheidh caiteachas incháilithe na hoibríochta atá le cómhaoiniú níos mó ná luach reatha chostas infheistíochta na hoibríochta lúide luach reatha an ghlanioncaim, arna chinneadh i gcomhréir le ceann de na modhanna sin.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142 maidir le sainiú an ráta chomhréidh dá dtagraítear i bpointe (a) thuas.

Déanfaidh an Coimisiún an mhodheolaíocht faoi phointe (b) a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 143(3).

2.           I gcás nach féidir an t‑ioncam a chinneadh go hoibiachtúil roimh ré de réir na modhanna atá leagtha amach i mír 1, déanfar an glanioncam arna ghiniúint laistigh de thrí bliana ón dáta a gcuirtear oibríocht i gcrích nó faoin 30 Meán fómhair 2023, cibé acu is túisce, a asbhaint ón gcaiteachas arna dhearbhú don Choimisiún.

3.           Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 ach amháin maidir le hoibríochtaí a bhfuil a gcostas iomlán níos mó ná EUR 1 000 000.

4.           Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an CSE.

5.           Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir le hoibríochtaí atá faoi réir na rialacha i leith Státchabhrach, nó atá faoi réir tacaíochta ó ionstraimí airgeadais nó dóibh.

CAIBIDIL II Incháilitheacht caiteachais agus inmharthanacht

Airteagal 55 Incháilitheacht

1.           Déanfar incháilitheacht caiteachais a chinneadh ar bhonn rialacha náisiúnta, ach amháin chás ina bhfuil rialacha sonracha leagtha síos sa Rialachán seo nó sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí nó ar bhonn na rialachán nó na rialacha sin.

2.           Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ó na Cistí CSF má dhéanann tairbhí é a thabhú agus a íoc idir an dáta a gcuirfear an clár faoi bhráid an Choimisiúin nó ón 1 Eanáir 2014, cibé acu is túisce, agus an 31 Nollaig 2022. Ina theannta sin, ní bheidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ón CETFT agus ón CEMI ach amháin sa chás ina bhfuil an chabhair ábhartha íoctha iarbhír ag an ngníomhaireacht íocaíochta idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2022.

3.           I gcás costas arna aisíoc ar bhonn Airteagal 57(1)(b) agus (c), déanfar na gníomhaíochtaí atá mar bhonn le haisíocaíocht a chur i gcrích idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2022.

4.           Ní roghnófar oibríochtaí le haghaidh tacaíochta ó na Cistí CSF i gcás ina ndearnadh iad a lánchríochnú go fisiceach nó a chur chun feidhme go hiomlán sular chuir an tairbhí an t‑iarratas ar chistiú faoin gclár isteach chuig an údarás bainistíochta, is cuma má rinne an tairbhí na híocaíochtaí gaolmhara go léir nó nach ndearna.

5.           Beidh an tAirteagal seo gan dochar do na rialacha maidir le hincháilitheacht cúnaimh theicniúil, ar thionscnamh an Choimisiúin, atá leagtha amach in Airteagal 51.

6.           Déanfar glanioncam arna ghiniúint díreach ó oibríocht le linn í a chur chun feidhme agus nár cuireadh san áireamh tráth formheasta na híocaíochta, a asbhaint ó chaiteachas incháilithe na hoibríochta san éileamh deireanach ar íocaíocht arna chur isteach ag an tairbhí. Ní bheidh feidhm ag an riail sin maidir le hionstraimí airgeadais ná le duaiseanna.

7.           I gcás ina ndéantar leasú ar chlár, ní bheidh caiteachas a thagann chun bheith incháilithe de thoradh leasú an chláir incháilithe ach ón dáta ar cuireadh an iarraidh ar leasú faoi bhráid an Choimisiúin.

Féadfar maolú a dhéanamh ón gcéad fhomhír i gcás na rialacha a bhaineann le Cistí sonracha le haghaidh an CEMI.

8.           Féadfaidh oibríocht tacaíocht a fháil ó Chiste CSF amháin nó níos mó agus ó ionstraimí eile de chuid an Aontais, ar an gcoinníoll nach bhfaightear tacaíocht ó Chiste eile nó ó ionstraim eile de chuid an Aontais i leith na hítime caiteachais arna áireamh in iarraidh ar íocaíocht maidir le haisíocaíocht ó cheann de na Cistí CSF, ná nach bhfaightear tacaíocht ón gCiste céanna faoi chlár eile ina leith.

Airteagal 56 Cineálacha tacaíochta

Bainfear úsáid as na Cistí CSF chun tacaíocht a sholáthar i bhfoirm deontas, duaiseanna, cúnaimh inaisíoctha agus ionstraimí airgeadais, nó teaglaim díobh sin.

I gcás cúnaimh inaisíoctha, déanfar an tacaíocht arna haisíoc leis an gcomhlacht a thug í, nó le húdarás inniúil eile an Bhallstáit, a choinneáil i gcuntas ar leith agus athúsáidfear í chun na críche céanna nó i gcomhréir le cuspóirí an chláir.

Airteagal 57 Foirmeacha deontas

1.           Féadfaidh na deontais bheith i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(a) aisíoc na gcostas incháilithe arna dtabhú agus arna n‑íoc iarbhír, mar aon le ranníocaíochtaí comhchineáil agus dímheas, nuair is infheidhme;

(b) scálaí caighdeánacha costas aonaid;

(c) cnapshuimeanna nach mó ná EUR 100 000 den ranníocaíocht phoiblí;

(d) maoiniú ar ráta comhréidh, arna chinneadh trí chéatadán a chur i bhfeidhm maidir le catagóir sainithe costas amháin nó níos mó.

2.           Ní fhéadfar na roghanna dá dtagraítear i mír 1 a chomhcheangal ach amháin i gcás ina gcumhdaíonn gach ceann acu catagóir dhifriúil costas nó i gcás ina n‑úsáidtear iad le haghaidh tionscadal éagsúil atá ina gcuid d’oibríocht nó le haghaidh céimeanna leantacha oibríochta.

3.           I gcás ina gcuirtear oibríocht nó tionscadal atá ina chuid d’oibríocht chun feidhme go heisiach trí oibreacha, earraí nó seirbhísí a sholáthar, ní bheidh feidhm ach le mír 1(a). I gcás ina bhfuil an soláthar laistigh d’oibríocht nó laistigh de thionscadal atá ina chuid d’oibríocht teoranta do chatagóirí áirithe costas, féadfar na roghanna go léir dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm.

4.           Bunófar na méideanna dá dtagraítear i mír 1(b), (c) agus (d) ar an mbonn seo a leanas:

(a) modh ríofa cóir, cothrom agus infhíoraithe bunaithe orthu seo a leanas:

(i)      sonraí staidrimh nó faisnéis oibiachtúil eile; nó

(ii)      sonraí stairiúla fíoraithe faoi thairbhithe aonair nó a ngnáthchleachtais chuntasaíochta costála a chur i bhfeidhm;

(b) modhanna agus scálaí comhfhreagracha costas aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidh is infheidhme i mbeartais an Aontais le haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna;

(c) modhanna agus scálaí comhfhreagracha costas aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidh arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna maidir le deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna;

(d) rátaí arna mbunú leis an Rialachán seo nó leis na rialacha a bhaineann go sonracha leis na Cistí.

5.           Leagfar amach an modh a chuirfear i bhfeidhm chun costais na hoibríochta agus coinníollacha íocaíochta an deontais a chinneadh sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta maidir le gach oibríocht ar leith.

Airteagal 58

Maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh costas indíreach deontas

I gcás ina n‑eascraíonn costais indíreacha as cur chun feidhme oibríochta, féadfar iad a ríomh mar ráta comhréidh ar cheann de na modhanna seo a leanas:

ráta comhréidh suas le 20 % de na costais dhíreacha incháilithe, i gcás ina ndéantar an ráta a ríomh ar bhonn modha ríofa atá cóir, cothrom agus infhíoraithe nó ar bhonn modha arna chur i bhfeidhm faoi scéimeanna i gcomhair deontas arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna;

ráta comhréidh suas le 15 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe;

ráta comhréidh a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na costais dhíreacha incháilithe bunaithe ar mhodhanna reatha agus ar rátaí comhfhreagracha, agus is infheidhme i mbeartais de chuid an Aontais le haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142 maidir le sainiú an ráta chomhréidh agus na modhanna gaolmhara dá dtagraítear i bpointe (c) thuas.

Airteagal 59 Rialacha incháilitheachta sonracha maidir le deontais

1.           Féadfar gur caiteachas incháilithe iad ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm soláthair oibreacha, earraí, seirbhísí, talún, agus eastáit réadaigh nach bhfuil aon íocaíocht airgid a bhfuil sonraisc nó doiciméid le luach coibhéiseach cruthúnais acu ag dul léi ar fáil ina leith, ar an gcoinníoll go gceadaítear é de réir rialacha incháilitheachta na gCistí CSF agus an chláir agus go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) ní bheidh an tacaíocht phoiblí arna híoc leis an oibríocht, lena n‑áirítear ranníocaíochtaí comhchineáil, níos airde ná an caiteachas incháilithe iomlán, gan ranníocaíochtaí comhchineáil a áireamh, ag deireadh na hoibríochta;

(b) níl sháraíonn an luach atá inchurtha i leith na ranníocaíochtaí comhchineáil na costais a bhfuil glacadh leo go ginearálta ar an margadh i dtrácht;

(c) féadfar luach agus seachadadh na ranníocaíochta a mheas agus a fhíorú go neamhspleách;

(d) i gcás soláthair talún nó eastáit réadaigh, beidh an luach deimhnithe ag saineolaí cáilithe neamhspleách nó ag comhlacht oifigiúil cuí-údaraithe agus níl sé níos airde ná an teorainn atá leagtha síos i mír 3(b);

(e) i gcás ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm oibre gan íocaíocht, déanfar luach na hoibre sin a chinneadh, ach an t‑am fíoraithe atá caite ar an obair agus ráta an luacha saothair le haghaidh oibre coibhéisí a chur san áireamh.

2.           Féadfar a mheas go bhfuil costais dímheasa incháilithe faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a) tá sé ceadaithe faoi na rialacha maidir le hincháilitheacht atá luaite leis an gclár;

(b) tá méid an chaiteachais cuí-réasúnaithe trí dhoiciméid tacaíochta a bhfuil luach cruthúnais atá coibhéiseach le sonrasc acu i gcás ina ndéantar aisíocaíocht san fhoirm dá dtagraítear in Airteagal 57(1)(a);

(c) baineann na costais go heisiach leis an tréimhse tacaíochta a bhaineann leis an oibríocht;

(d) ní bhfuarthas ranníocaíocht ó dheontais phoiblí chun na sócmhainní dímheasta a fháil mar éadáil.

3.           Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ó na Cistí CSF:

(a) ús ar fhiacha;

(b) ceannach talún nár tógadh air, agus ceannach talún a tógadh air, sa mhéid a sháraíonn 10% den chaiteachas incháilithe iomlán ar an oibríocht lena mbaineann; I gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna cuí-réasúnaithe, féadfar céatadán níos airde a cheadú le haghaidh oibríochtaí a bhaineann le caomhnú an chomhshaoil.

(c) cáin bhreisluacha. Mar sin féin, beidh méideanna CBL incháilithe i gcás nach bhfuil siad inghnóthaithe faoin reachtaíocht náisiúnta CBL agus gur tairbhí seachas duine neamh‑inchánach mar a shainítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 13(1) de Threoir 2006/112/CE a íocfaidh iad, ar choinníoll nach dtabhaítear na méideanna sin CBL i gcás bonneagar a sholáthar.

Airteagal 60 Incháilitheacht oibríochtaí atá ag brath ar shuíomh

1.           Beidh oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF, faoi réir na maoluithe dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3, agus sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, lonnaithe sa limistéar atá cumhdaithe sa chlár faoina bhfaigheann siad tacaíocht (‘limistéar an chláir’).

2.           Féadfaidh an t‑údarás bainistíochta glacadh leis go bhfuil oibríocht á cur chun feidhme lasmuigh de limistéar an chláir ach laistigh den Aontas, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) is chun leasa limistéar an chláir atá an oibríocht;

(b) ní sháraíonn an méid iomlán arna leithdháileadh faoin gclár le haghaidh oibríochtaí atá lonnaithe lasmuigh de limistéar an chláir 10 % den tacaíocht ón CFRE, ón gCiste Comhtháthaithe agus ón CEMI ar leibhéal na tosaíochta, ná 3 % den tacaíocht ón CETFT ar leibhéal an chláir;

(c) tá a thacaíocht leis an oibríocht nó leis na cineálacha oibríochtaí lena mbaineann léirithe ag an gcoiste faireacháin;

(d) tá oibleagáidí na n‑údarás i dtaobh an chláir maidir le hobair bhainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta a bhaineann leis an oibríocht comhlíonta ag na húdaráis atá freagrach as an gclár faoina dtugtar tacaíocht don oibríocht sin nó má dhéanann siad comhaontuithe le húdaráis sa limistéar ina bhfuil an oibríocht á cur chun feidhme.

3.           I gcás oibríochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí tionscnaimh, féadfar caiteachas a thabhú lasmuigh den Aontas ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach i mír 2(a) agus na hoibleagáidí maidir le hobair bhainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta a bhaineann leis an oibríocht.

4.           Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 3 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh agus ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 maidir le hoibríochtaí lena dtacaíonn an CSE.

Airteagal 61 Inmharthanacht oibríochtaí

1.           Déanfaidh oibríocht ina bhfuil infheistíocht bonneagair nó infheistíocht tháirgiúil an ranníocaíocht ó na Cistí CSF a aisíoc, más rud é, laistigh de chúig bliana ón íocaíocht deiridh leis an tairbhí nó laistigh de thréimhse arna leagan amach sna rialacha maidir le Státchabhair, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sí faoi réir na nithe seo a leanas:

(a) scor nó athlonnú gníomhaíochta táirgiúla;

(b) athrú ar úinéireacht ítime bonneagair a thugann buntáiste míchuí do ghnóthas nó do chomhlacht poiblí; nó

(c) athrú substaintiúil a dhéanann difear dá cineál, dá cuspóirí nó dá coinníollacha cur chun feidhme a mbainfí an bonn dá cuspóirí bunaidh dá bharr.

Déanfaidh an Ballstát méideanna a íocadh go míchuí i leith na hoibríochta a ghnóthú.

2.           Maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ón CSE agus oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Chistí eile CSF nach infheistíocht bonneagair ná infheistíochtaí táirgiúla iad, ní aisíocfaidh siad an ranníocaíocht ón gCiste ach amháin i gcás ina bhfuil siad faoi réir oibleagáide chun infheistíocht a chothabháil faoi na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair agus i gcás ina ndéantar gníomhaíocht tháirgiúil de chuid na hoibríochta a scor nó a athlonnú laistigh den tréimhse atá leagtha síos sna rialacha sin.

3.           Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir le ranníocaíochtaí le hionstraimí airgeadais nó uathu ná maidir le hoibríocht ar bith ina ndéantar gníomhaíocht tháirgiúil a scor de bharr féimheachta neamhchalaoisí.

4.           Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir le daoine nádúrtha ar tairbhithe de thacaíocht infheistíochta iad agus, tar éis an oibríocht infheistíochta a lánchríochnú, go mbeidh siad incháilithe do thacaíocht agus go bhfaighidh siad tacaíocht faoi (Rialachán EGF [/2012] lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú) i gcás ina bhfuil an infheistíocht lena mbaineann nasctha go díreach leis an gcineál gníomhaíochta a aithníodh mar ghníomhaíocht atá incháilithe do thacaíocht EGF.

TEIDEAL VIII BAINISTÍOCHT AGUS RIALÚ

CAIBIDIL I Córais bhainistíochta agus rialaithe

Airteagal 62 Prionsabail ghinearálta maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe

Déanfar foráil sna córais bhainistíochta agus rialaithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a) tuairisc ar fheidhmeanna gach comhlachta bainistíochta agus rialaithe lena mbaineann, agus ar leithdháileadh feidhmeanna i ngach comhlacht;

(b) comhlíonadh an phrionsabail deighilte feidhmeanna idir chomhlachtaí den chineál sin nó laistigh díobh;

(c) nósanna imeachta d’fhonn ceartaiseacht agus rialtacht an chaiteachais a dhearbhaítear a áirithiú;

(d) córais ríomhairithe maidir le cuntasaíocht, maidir le stóráil agus tarchur sonraí airgeadais agus sonraí ar tháscairí, maidir le faireachán agus maidir le tuairisciú;

(e) córais maidir le tuairisciú agus faireachán i gcás ina gcuireann an comhlacht atá freagrach cúraimí ar iontaoibh comhlachta eile;

(f) socruithe maidir feidhmiú na gcóras bainistíochta agus rialaithe a iniúchadh;

(g) córais agus nósanna imeachta d’fhonn raon iniúchóireachta leormhaith a áirithiú;

(h) neamhrialtachtaí, lena n‑áirítear calaois, a chosc, a bhrath agus a cheartú agus méideanna a íocadh go míchuí, mar aon le hús ar bith, a ghnóthú.

Airteagal 63 Freagrachtaí na mBallstát

1.           Comhlíonfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí bainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta agus glacfaidh siad ar láimh na freagrachtaí atá leagtha síos sna rialacha maidir le bainistíocht chomhpháirteach atá leagtha amach sa Rialachán Airgeadais agus sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta comhpháirtí, beidh na Ballstáit freagrach as cláir a bhainistiú agus a rialú.

2.           Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar a gcórais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh na gclár a bhunú i gcomhréir leis na forálacha atá sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí agus go bhfeidhmeoidh na córais go héifeachtach.

3.           Bunóidh na Ballstáit nós imeachta maidir le hiniúchadh agus réiteach neamhspleách gearán a bhaineann le roghnú nó le cur chun feidhme oibríochtaí arna gcómhaoiniú ag na Cistí CSF agus cuirfidh siad an nós imeachta sin chun feidhme. Arna iarraidh sin orthu, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar thorthaí na scrúduithe sin chuig an gCoimisiún.

4.           Cuirfear gach malartú oifigiúil faisnéise idir an Ballstát agus an Coimisiún i gcrích trí úsáid a bhaint as córas malartaithe leictreonaigh sonraí arna bhunú i gcomhréir leis na téarmaí agus leis na coinníollacha arna leagan síos ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 143(3).

CAIBIDIL II Comhlachtaí bainistíochta agus rialaithe a chreidiúnú

Airteagal 64 Creidiúnú agus comhordú

1.           I gcomhréir le [hAirteagal 56(3)] den Rialachán Airgeadais, déanfar gach comhlacht atá freagrach as caiteachas faoi na Cistí CSF a bhainistiú agus a rialú a chreidiúnú le cinneadh foirmiúil ó údarás creidiúnúcháin ar leibhéal aireachta.

2.           Bronnfar an creidiúnú ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht na critéir chreidiúnúcháin maidir le timpeallacht inmheánach, gníomhaíochtaí rialaithe, faisnéis agus cumarsáid, agus faireacháin atá leagtha síos sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.

3.           Beidh an creidiúnú bunaithe ar thuairim comhlachta neamhspleáigh iniúchóireachta a rinne measúnú ar chomhlíonadh na gcritéar creidiúnúcháin ag an gcomhlacht. Áiritheoidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta go ndéanfaidh sé a chuid oibre i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta.

4.           Déanfaidh an t‑údarás creidiúnúcháin maoirseacht ar an gcomhlacht creidiúnaithe agus déanfaidh sé creidiúnú an chomhlachta sin a tharraingt siar le cinneadh foirmiúil más rud é nach gcomhlíontar a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na critéir chreidiúnúcháin, ach amháin má dhéanann an comhlacht na bearta leasúcháin is gá laistigh de thréimhse phromhaidh a bheidh le cinneadh ag an údarás creidiúnúcháin i gcomhréir le déine na faidhbe. Tabharfaidh an t‑údarás creidiúnúcháin fógra don Choimisiún láithreach maidir le tréimhse phromhaidh ar bith a shocrú do chomhlacht creidiúnaithe nó maidir le cinneadh ar bith a tharraingt siar.

5.           Féadfaidh an Ballstát comhlacht comhordúcháin a ainmniú ar a mbeadh an fhreagracht idirchaidreamh a dhéanamh leis an gCoimisiún agus faisnéis a thabhairt dó, cur i bhfeidhm comhchuibhithe rialacha an Aontais a chur chun cinn, tuarascáil achomhair a bhunú ina dtugtar forléargas ar an leibhéal náisiúnta ar na dearbhuithe bainistíochta uile agus ar na tuairimí iniúchóireachta uile agus cur chun feidhme na mbeart leasúcháin a chomhordú maidir le haon easnaimh de nádúr coiteann.

6.           Gan dochar do na rialacha atá leagtha síos sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, is iad seo a leanas na comhlachtaí a chreidiúnófar faoi mhír 1:

(a) i gcás an CFRE, an CSE, agus an Chiste Comhtháthaithe agus an CEMI, na húdaráis bhainistíochta agus, nuair is iomchuí, na húdaráis deimhniúcháin;

(b) i gcás an CETFT agus an CEMI, na gníomhaireachtaí íocaíochta.

CAIBIDIL III Cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin

Airteagal 65 Cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin

1.           Deimhneoidh an Coimisiún dó féin, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n‑áirítear an nós imeachta creidiúnúcháin, an dearbhú bainistíochta bliantúil, na tuarascálacha bliantúla ar rialú, an tuairim iniúchóra bhliantúil, an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus iniúchtaí arna ndéanamh ag comhlachtaí náisiúnta agus ag comhlachtaí an Aontais, go bhfuil córais bhainistíochta agus rialaithe bunaithe ag na Ballstáit a chomhlíonann an Rialachán seo agus na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí agus go bhfeidhmíonn na córais sin go héifeachtach le linn na cláir a chur chun feidhme.

2.           Gan dochar d’iniúchtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit, féadfaidh oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe thar ceann an Choimisiúin iniúchtaí nó seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ach fógra leordhóthanach a bheith tugtha roimh ré. Féadfar, go háirithe, fíorú ar fheidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe i gclár nó i gcuid de chlár, in oibríochtaí agus measúnú ar bhainistíocht fhónta airgeadais na n‑oibríochtaí nó na gclár a bheith faoi raon feidhme na n‑iniúchtaí nó na seiceálacha sin. Féadfaidh ionadaithe thar ceann an Bhallstáit nó oifigigh údaraithe an Bhallstáit páirt a ghlacadh sna hiniúchtaí sin.

Oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe an Choimisiún, ar tugadh an chumhacht chuí dóibh iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh, beidh rochtain acu ar na taifid, na doiciméid agus na meiteashonraí uile, is cuma cén meán ina stóráiltear iad, a bhaineann le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF nó leis na córais bhainistíochta agus rialaithe. Soláthróidh na Ballstáit cóipeanna de na taifid, na doiciméid agus na meiteashonraí sin don Choimisiún arna iarraidh sin dó.

Ní dhéanfaidh na cumhachtaí atá leagtha amach sa mhír seo difear do chur i bhfeidhm forálacha náisiúnta lena bhforchoimeádtar gníomhartha áirithe do ghníomhaithe arna n‑ainmniú go sonrach sa reachtaíocht náisiúnta. Ní ghlacfaidh oifigigh an Choimisiúin ná ionadaithe údaraithe thar ceann an Choimisiúin páirt, inter alia, i gcuairteanna baile ná i gceistiú foirmiúil daoine faoi chuimsiú na reachtaíochta náisiúnta. Mar sin féin, beidh rochtain acu ar an bhfaisnéis a gheofar ar an gcaoi sin.

3.           Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar Bhallstát na bearta is gá a dhéanamh d’fhonn feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe nó ceartaiseacht an chaiteachais a fhíorú i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.

4.           Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar Bhallstát scrúdú a dhéanamh ar ghearán a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin maidir le roghnú nó cur chun feidhme na n‑oibríochtaí arna gcómhaoiniú ag na Cistí CSF nó maidir le feidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe.

TEIDEAL IX BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, IMRÉITEACH CUNTAS AGUS CEARTUITHE AIRGEADAIS, SAORADH

CAIBIDIL I Bainistíocht airgeadais

Airteagal 66 Ceangaltais bhuiséadacha

Is i dtráthchodanna bliantúla le haghaidh gach Ciste le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020 a dhéanfar ceangaltais bhuiséadacha an Aontais maidir le gach clár. Is éard a bheidh sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar clár an cinneadh maoinithe de réir bhrí Airteagal 75(2) den Rialachán Airgeadais agus a luaithe a thabharfar fógra ina leith don Bhallstát lena mbaineann, ceangaltas dlíthiúil de réir bhrí an Rialacháin sin.

I gcás gach cláir ar leith, déanfar an ceangaltas buiséadach don chéad tráthchuid tar éis an clár a bheith glactha ag an gCoimisiún.

I gcás na gceangaltas buiséadach do thráthchodanna ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún iad roimh an 1 Bealtaine de gach bliain, ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear sa dara fomhír, ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 13 den Rialachán Airgeadais.

Maidir leis an gcúlchiste feidhmíochta, déanfar na ceangaltais buiséadacha tar éis an chinnidh ón gCoimisiún lena bhformheastar an leasú ar an gclár.

Airteagal 67  Comhrialacha maidir le híocaíochtaí

1.           Beidh na híocaíochtaí a dhéanfaidh an Coimisiún leis an ranníocaíocht ó na Cistí CSF le gach clár i gcomhréir le leithreasaí buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Breacfar gach íocaíocht sa cheangaltas buiséadach is túisce a bheidh oscailte den Chiste lena mbaineann.

2.           Déanfar na híocaíochtaí i bhfoirm íocaíochtaí réamh‑mhaoinithe, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid bhliantúil, nuair is infheidhme, agus íocaíocht an iarmhéid deiridh.

3.           I gcás na bhfoirmeacha tacaíochta faoi Airteagal 57(1)(b), (c) agus (d), measfar gur caiteachas incháilithe iad méideanna a íoctar leis an tairbhí.

Airteagal 68 Comhrialacha maidir le híocaíochtaí eatramhacha, íocaíocht an iarmhéid bhliantúil, nuair is iomchuí, agus íocaíocht an iarmhéid deiridh a ríomh

Déanfar na rialacha maidir le ríomh an mhéid a aisíoctar i bhfoirm íocaíochtaí eatramhacha, íocaíocht an iarmhéid bhliantúil, nuair is infheidhme, agus íocaíocht an iarmhéid deiridh a leagan síos sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. Is feidhm den ráta cómhaoinithe sonrach atá infheidhme maidir leis an gcaiteachas incháilithe a bheidh sa mhéid sin.

Airteagal 69 Iarrataí ar íocaíocht

1.           Déanfar an nós imeachta sonrach agus an fhaisnéis is gá a chur isteach maidir le hiarraidh ar íocaíocht a leagan síos sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.

2.           Soláthrófar san iarraidh ar íocaíocht a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin an fhaisnéis uile is gá le go bhféadfaidh an Coimisiún cuntais a tháirgeadh i gcomhréir le hAirteagal 61(2) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 70 Carnadh na n‑íocaíochtaí réamh‑mhaoinithe agus na n‑íocaíochtaí eatramhacha

1.           Ní bheidh iomlán carnach na n‑íocaíochtaí réamh‑mhaoinithe agus na n‑íocaíochtaí eatramhacha agus an iarmhéid bhliantúil, nuair is infheidhme, ag an gCoimisiún, níos mó ná 95 % den ranníocaíocht ó na Cistí CSF leis an gclár.

2.           Nuair a a bhainfear an uasteorainn 95 % amach, leanfaidh na Ballstáit d’iarrataí ar íocaíocht a tharchur chuig an gCoimisiún.

Airteagal 71 Úsáid an euro

Is in euro a ainmneofar na méideanna atá leagtha amach i gcláir arna gcur isteach ag Ballstáit, i réamh‑mheastacháin ar chaiteachas, i ráitis chaiteachais, in iarrataí ar íocaíocht, i gcuntais bhliantúla agus an caiteachas atá luaite sna tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme.

Airteagal 72 Réamh‑mhaoiniú tosaigh a íoc

1.           I ndiaidh an chinnidh ón gCoimisiún lena nglactar an clár, íocfaidh an Coimisiún méid réamh‑mhaoinithe tosaigh le haghaidh na tréimhse clárúcháin ar fad. Déanfar an méid réamh‑mhaoinithe tosaigh a íoc i dtráthchodanna i gcomhréir le riachtanais bhuiséadacha. Déanfar na tráthchodanna a shainiú sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.

2.           Ní úsáidfear réamh‑mhaoiniú ach chun íocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe i gcur chun feidhme an chláir. Déanfar é a chur ar fáil gan mhoill don údarás atá freagrach chun na críche sin.

Airteagal 73 Réamh‑mhaoiniú tosaigh a imréiteach

Déanfar an méid arna íoc mar réamh‑mhaoiniú tosaigh a imréiteach go hiomlán ó chuntais an Choimisiúin tráth a ndúntar an clár ar a dhéanaí.

Airteagal 74 An spriocdháta le haghaidh íocaíochta a bhriseadh

1.           Féadfar go mbrisfidh an t‑oifigeach um údarú an spriocdháta chun éileamh ar íocaíocht eatramhach a dhéanamh de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais le haghaidh tréimhse naoi mí ar a mhéad más rud é:

(a) go bhfuil fianaise ann, i ndiaidh faisnéis a bheith curtha ar fáil ag comhlacht iniúchóireachta náisiúnta nó comhlacht iniúchóireachta an Aontais, a thugann le fios go bhfuil easnamh suntasach ann i bhfeidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe;

(b) go bhfuil ar an oifigeach um údarú, trí tharmligean, tabhairt faoi fhíoruithe breise i ndiaidh faisnéis a bheith tugtha ar a aird á chur in iúl dó go mbaineann neamhrialtacht ba chúis le hiarmhairtí airgeadais tromchúiseacha le hiarraidh ar íocaíocht;

(c) go mainnítear ceann de na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 75(1) a chur isteach.                                                                                                                                                                   

              Sna rialacha a bhaineann le Cistí sonracha le haghaidh an CEMI féadfar bunús breise a leagan síos maidir le briseadh íocaíochtaí i gcás in ar mhainnigh Ballstát a oibleagáidí faoin Chomhbheartas Iascaigh a chomhlíonadh.

2.           Féadfaidh an t‑oifigeach um údarú, trí tharmligean, an chuid sin den chaiteachas atá cumhdaithe ag an éileamh ar íocaíocht a ndéanann na gnéithe dá dtagraítear i mír 1 difear dó a bhriseadh agus an chuid sin amháin. Cuirfidh an t‑oifigeach um údarú, trí tharmligean, in iúl don Bhallstát agus don údarás bainistíochta láithreach faoin gcúis leis an mbriseadh agus iarrfaidh sé orthu an cás a leigheas. Cuirfidh an t‑oifigeach um údarú, trí tharmligean, deireadh leis an mbriseadh a luaithe a dhéanfar na bearta go léir is gá.

CAIBIDIL II Imréiteach cuntas agus ceartuithe airgeadais

Airteagal 75 Faisnéis a chur isteach

1.           Faoin 1 Feabhra den bhliain i ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta, cuirfidh an Ballstát na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le [hAirteagal 56] den Rialachán Airgeadais:

(a) cuntais bhliantúla dheimhnithe na gcomhlachtaí ábhartha atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 64;

(b) an dearbhú urrúis bhainistíochta maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil, dea-fheidhmiú na gcóras rialaithe inmheánaigh, dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart bunúsach, agus urramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais;

(c) tuarascáil achomair na n‑iniúchtaí agus ar na rialuithe uile a cuireadh i gcrích, lena n‑áirítear anailís ar laigí sistéamacha nó athfhillteacha, agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh nó atá beartaithe;

(d) tuairim iniúchóra ón gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta atá ainmnithe ar an dearbhú urrúis bhainistíochta ina gcumhdaítear iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil, dea-fheidhmiú na gcóras rialaithe inmheánaigh, dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart bunúsach, agus urramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, agus tuarascáil ar rialú ina leagtar amach na torthaí ar iniúchtaí a rinneadh maidir leis an mbliain airgeadais atá cumhdaithe sa tuairim.

2.           Ar iarratas ón gCoimisiún, soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise ar fad is gá don Choimisiún. Mura gcuireann Ballstát an fhaisnéis arna hiarraidh ar fáil faoin spriocdháta a bheidh socraithe ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh ar imréiteach na gcuntas a bhunú ar an bhfaisnéis atá ina sheilbh.

3.           Faoin [15 Feabhra] den bhliain i ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta, cuirfidh an Ballstát tuarascáil achomhair faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an bhfomhír dheireanach [d'Airteagal 56(5)] den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 76 Imréiteach cuntas

1.           Faoin 30 Aibreán den bhliain i ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, cinneadh ar imréiteach chuntais na gcomhlachtaí ábhartha a creidiúnaíodh de bhun Airteagal 64 maidir le gach clár. Cumhdóidh an cinneadh ar imréiteach iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil arna gcur isteach agus ní dhéanfaidh sé dochar d’aon cheartuithe airgeadais ina dhiaidh sin.

2.           Beidh na nósanna imeachta maidir le himréiteach bliantúil leagtha síos sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.

Airteagal 77 Ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún

1.           Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais trí ranníocaíocht iomlán an Aontais nó cuid di leis an gclár a chur ar ceal agus an méid a ghnóthú ón mBallstát d’fhonn é a eisiamh ó chaiteachas maoinithe an Aontais atá ag sárú an dlí náisiúnta agus dhlí an Aontais is infheidhme, lena n‑áirítear maidir le heasnaimh i gcórais bhainistíochta agus rialaithe na mBallstát atá aimsithe ag an gCoimisiún nó ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

2.           De dheasca dlí náisiúnta nó dlí an Aontais is infheidhme a bheith sáraithe, déanfar ceartú airgeadais i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) tá tionchar, nó d’fhéadfadh tionchar a bheith, ag an sárú ar roghnú oibríochta ag comhlacht atá freagrach as tacaíocht ó na Cistí CSF;

(b) tá baol ann go bhfuil tionchar, nó go bhféadfadh tionchar a bheith, ag an sárú ar mhéid an chaiteachais atá dearbhaithe le haisíoc le buiséad an Aontais.

3.           Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, agus cinneadh á dhéanamh aige faoi mhéid an cheartaithe airgeadais faoi mhír 1, cineál agus tromaíocht an tsáraithe ar dhlí náisiúnta nó ar dhlí an Aontais is infheidhme agus na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis do bhuiséad an Aontais.

4.           Beidh na critéir agus na nósanna imeachta maidir le ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm leagtha síos sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.

Caibidil III Saoradh

Airteagal 78 Na prionsabail

1.           Cuirfear gach clár faoi réir nós imeachta um shaoradh arna bhunú ar an mbonn go ndéanfar na méideanna atá nasctha le ceangaltas nach bhfuil cumhdaithe ag réamh‑mhaoiniú ná ag iarraidh ar íocaíocht laistigh de thréimhse shainithe a shaoradh.

2.           Déanfar an ceangaltas a bhaineann leis an mbliain dheireanach i dtréimhse a shaoradh i gcomhréir leis na rialacha maidir le dúnadh na gclár.

3.           Beidh cur i bhfeidhm beacht riail an tsaortha maidir le gach Ciste CSF faoi leith sonraithe sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.

4.           Saorfar an chuid sin de na ceangaltais a bheidh fós oscailte i gcás nach bhfuil ceann de na doiciméid a cheanglaítear don dúnadh curtha faoi bhráid an Choimisiúin faoi na spriocdhátaí atá leagtha síos sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.

Airteagal 79 Eisceacht ón saoradh

1.           Déanfar an méid a mbaineann an saoradh leis a laghdú de réir na méideanna nach raibh an comhlacht atá freagrach in ann a dhearbhú don Choimisiún i ngeall ar na nithe seo a leanas:

(a)     oibríochtaí a cuireadh ar fionraí trí nós imeachta dlíthiúil nó trí achomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fhionraitheach aige; nó

(b)     cúiseanna force majeure a dhéanann difear tromchúiseach do chur chun feidhme an chláir nó cuid de. Léireoidh na húdaráis náisiúnta a mhaíonn go raibh force majeure ann tionchar díreach an force majeure ar chur chun feidhme an chláir go léir nó cuid de.

Féadfar an laghdú a iarraidh uair amháin más rud é gur mhair an fhionraíocht nó an force majeure suas le bliain amháin, nó roinnt uaireanta ag comhfhreagairt d’fhad thréimhse an force majeure nó do na blianta idir an dáta a rinneadh an cinneadh dlíthiúil nó riaracháin lenar fionraíodh cur chun feidhme na hoibríochta agus an dáta a rinneadh an cinneadh deireanach dlíthiúil nó riaracháin.

2.           Faoin 31 Eanáir, cuirfidh an Ballstát faisnéis chuig an gCoimisiún faoi na heisceachtaí dá dtagraítear i mír 1 i dtaobh an mhéid atá le dearbhú faoi dheireadh na bliana roimhe sin.

Airteagal 80 Nós imeachta

1.           Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát agus don údarás bainistíochta in am trátha gach uair a bhfuil baol ann saoradh a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 78.

2.           Ar bhonn na faisnéise atá aige ar an 31 Eanáir, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát agus don údarás bainistíochta méid an tsaortha a thig ón bhfaisnéis ina sheilbh.

3.           Beidh dhá mhí ag an mBallstát le haontú leis an méid a bheidh le saoradh nó lena bharúlacha a chur isteach.

4.           Faoin 30 Meitheamh, cuirfidh an Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin plean maoinithe athbhreithnithe ina léireofar don bhliain airgeadais lena mbaineann méid laghdaithe na tacaíochta thar thosaíocht amháin nó níos mó den chlár. Mura gcuirtear isteach é, athbhreithneoidh an Coimisiún an plean maoinithe tríd an ranníocaíocht ó na Cistí CSF a laghdú don bhliain airgeadais lena mbaineann. Déanfar an laghdú sin a leithdháileadh ar gach tosaíocht go comhréireach.

5.           Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh lena nglactar an clár a leasú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tráth nach déanaí ná an 30 Meán fómhair.

CUID A TRÍ FORÁLACHA GINEARÁLTA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS AN CFRE, AN CSE AGUS AN CC

TEIDEAL I CUSPÓIRÍ AGUS AN CREAT AIRGEADAIS

CAIBIDIL I Misean, spriocanna agus cuimsiú geografach na tacaíochta

Airteagal 81 Misean agus spriocanna

1.           Rannchuideoidh na Cistí le forbairt agus saothrú ghníomhaíochtaí an Aontais ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú de réir Airteagal 174 den Chonradh.

Rannchuideoidh na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach.

2.           Chuige sin, saothrófar na spriocanna seo a leanas:

(a)     Beidh 'Infheistíocht le haghaidh fáis agus post' i mBallstáit agus i réigiúin, i dteideal tacaíocht a fháil ó na Cistí go léir; agus

(b)     Beidh ‘comhar críochach Eorpach’ i dteideal tacaíocht a fháil ón CFRE.

Airteagal 82 Infheistíocht le haghaidh fáis agus post

1.           Tacóidh na Cistí Struchtúracha leis an sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ i ngach réigiún a chomhfhreagraíonn do leibhéal 2 den aicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (dá ngairtear ‘leibhéal NUTS 2’ anseo feasta) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003.

2.           Déanfar acmhainní maidir leis an sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ a leithdháileadh i measc na dtrí chatagóir réigiún de leibhéal NUTS 2:

(a) réigiúin bheagfhorbartha, ag a bhfuil OTI per capita faoi bhun 75 % de mheán‑OTI an AE-27;

(b) réigiúin trasdula, ag a bhfuil OTI per capita idir 75 % agus 90 % de mheán‑OTI an AE-27;

(c) réigiúin níos forbartha, ag a bhfuil OTI per capita os cionn 90 % de mheán‑OTI an AE-27.

Déantar na trí chatagóir réigiún a chinneadh de réir mar a bhaineann a OTI per capita le meán‑OTI an AE-27 le haghaidh na tréimhse tagartha céanna, arna thomhas de réir paireachtaí cumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse 2006 go 2008.

3.           Na Ballstáit sin ar lú a n‑ollioncam náisiúnta (OIN) per capita ná 90 % de mheán‑OIN an AE-27 per capita le haghaidh na tréimhse tagartha céanna, arna thomhas de réir paireachtaí cumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse 2007 go 2009, tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leo.

Na Ballstáit atá incháilithe chun cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe in 2013, ach ar mó a OIN ainmniúil per capita ná 90 % de mheán‑OIN per capita an AE-27 arna ríomh faoin gcéad fhomhír, gheobhaidh siad tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe ar bhonn trasdula agus sonrach.

4.           Díreach i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomh cur chun feidhme, ina leagfar amach liosta de na réigiúin a chomhallann critéir na dtrí chatagóir réigiún dá dtagraítear i mír 2 agus de na Ballstáit a chomhallann critéir mhír 3. Beidh an liosta seo bailí ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

5.           In 2017, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar incháilitheacht na mBallstát i leith an Chiste Comhtháthaithe ar bhonn figiúirí OIN an Aontais i leith an AE-27 sa tréimhse idir 2013 agus 2015. Na Ballstáit sin ar mó a OIN ainmniúil per capita ná 90 % de mheán‑OIN per capita an AE-27, gheobhaidh siad tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe ar bhonn trasdula agus sonrach.

CAIBIDIL II Creat airgeadais

Airteagal 83 Acmhainní do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

1.           EUR [x] de réir phraghsanna 2011 a bheidh sna hacmhainní foriomlána a bheidh ar fáil le haghaidh ceangaltais bhuiséadaigh ó na Cistí i leith na tréimhse 2014 go 2020, de réir an mhiondealaithe bhliantúil a thaispeántar in Iarscríbhinn III, arb ionann EUR [x] de agus acmhainní foriomlána arna leithdháileadh ar an CFRE, an CSE agus an CC agus is ionann EUR [3 000 000 000] agus leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg. Chun críocha cláraithe agus áirimh ina dhiaidh sin i mbuiséad ginearálta an Aontais, déanfar méid na n‑acmhainní do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a innéacsú de réir 2 % in aghaidh na bliana.

2.           Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach miondealú bliantúil na n‑acmhainní foriomlána do na Cistí de réir Ballstáit, i gcomhréir leis na critéir agus an mhodheolaíocht atá leagtha amach in Iarscríbhinn IIIb agus miondealú bliantúil na n­-acmhainní ón leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg de réir Ballstáit mar aon le liosta na reigiún incháilithe, i gcomhréir leis na critéir agus an mhodheolaíocht atá leagtha amach in Iarscríbhinn IIIb gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo agus d’Airteagal 84(7).

3.           Déanfar 0,35 % de na hacmhainní foriomlána a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

Airteagal 84 Acmhainní maidir le hInfheistíocht le haghaidh fáis agus post agus le haghaidh comhair chríochaigh Eorpaigh

1.           Is éard a bheidh sna hacmhainní maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 96,50 % de na hacmhainní foriomlána (i.e., iomlán EUR 327 115 655 850) agus leithdháilfear iad mar a leanas:

(a)  48,25 % (i.e., iomlán EUR 163 560 715 122) le haghaidh réigiún beagfhorbartha;

(b) 10,76 % (i.e., iomlán EUR 36 471 144 190) le haghaidh réigiún trasdula;

(c) 16,35 % (i.e., iomlán EUR 55 419 403 116) le haghaidh réigiún níos forbartha;

(d) 20,87 % (i.e., iomlán EUR 70 739 863 599) le haghaidh Ballstát a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe;

(e) 0,27 % (i.e., iomlán EUR 924 529 823) mar mhaoiniú breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 den Chonradh agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhallann na critéir atá leagtha síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le Conradh Aontachais na hOstaire, na Fionlainne agus na Sualainne.

Gach réigiún a bhfuil a OTI per capita don tréimhse 2007-2013 níos ísle ná 75 % de mheán an AE-25 don tréimhse tagartha ach a bhfuil a OTI per capita os cionn 75 % de mheán‑OTI an AE-27, gheobhaidh siad leithdháileadh faoi na Cistí Struchtúracha a bheidh cothrom le dhá thrian, ar a laghad, dá leithdháileadh sa tréimhse 2007-2013.

2.           Is iad seo a leanas na critéir a úsáidfear sa mhiondealú de réir Ballstáit:

(a) daonra incháilithe, rathúnas réigiúnach, rathúnas náisiúnta agus ráta dífhostaíochta i gcás réigiún beagfhorbartha agus réigiún trasdula;

(b) daonra incháilithe, rathúnas réigiúnach, ráta dífhostaíochta, ráta fostaíochta, leibhéal oideachais agus dlús daonra i gcás réigiún níos forbartha;

(c) daonra, rathúnas náisiúnta agus achar dromchla i gcás an Chiste Comhtháthaithe.

3.           Déanfar 25 % ar a laghad d’acmhainní na gCistí Struchtúracha le haghaidh réigiún beagfhorbartha, 40 % le haghaidh réigiún trasdula agus 52 % le haghaidh réigiún níos forbartha i ngach Ballstát a leithdháileadh ar an CSE. Chun críocha na forála seo, glacfar leis gur cuid den sciar de na Cistí Struchtúracha a leithdháiltear ar an CSE atá sa tacaíocht a fhaigheann Ballstát tríd an [ionstraim maidir le bia do na daoine is díothaí].

 3a          EUR [3 000 000 000] a bheidh sna hacmhainní don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg ón leithdháileadh sonrach i leith an Tionscnaimh um Fhostaíocht don Aos Óg agus EUR [3 000 000 000] ó infheistíocht spriocdhírithe CSE.

4.           EUR 10 000 000 000 a bheidh sa tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe le haghaidh bonneagair iompair faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomh cur chun feidhme, ina leagfar amach an méid a bheidh le haistriú ó leithdháileadh gach Ballstáit den Chiste Comhtháthaithe i leith na tréimhse iomláine. Déanfar leithdháileadh gach Ballstáit den Chiste Comhtháthaithe a laghdú dá réir sin. Déanfar na leithreasaí bliantúla a chomhfhreagraíonn don tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe atá luaite sa chéad fhomhír a iontráil i línte buiséid ábhartha na Saoráide um Chónascadh na hEorpa amhail ó chleachtadh buiséid 2014.

Déanfar an tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe faoin tSaoráid ‘Nascadh na hEorpa' a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal [13] de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 lena mbunaítear an tSaoráid ‘Nascadh na hEorpa’[28] maidir leis na tionscadail atá liostaithe in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán sin, agus tabharfar an tosaíocht is mó is féidir do thionscadail a urramaíonn na leithreasaí náisiúnta faoin gCiste Comhtháthaithe.

5.           EUR 2 500 000 000 a bheidh sa tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha le haghaidh [bia do na daoine is díothaí] faoi Infheistíocht le haghaidh Fáis agus Post.

Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomh cur chun feidhme, ina leagfar amach an méid a bheidh le haistriú ó leithdháileadh gach Ballstáit de na Cistí Struchtúracha i leith na tréimhse iomláine i ngach Ballstát. Déanfar leithdháileadh gach Ballstáit de na Cistí Struchtúracha a laghdú dá réir sin.

Déanfar na leithreasaí bliantúla a chomhfhreagraíonn don tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha atá luaite sa chéad fhomhír a iontráil i línte buiséid ábhartha na hionstraime [maidir le bia do na daoine is díothaí] amhail ó chleachtadh buiséid 2014.

6.           Beidh 5 % de na hacmhainní don sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ ina chúlchiste feidhmíochta a leithdháilfear de réir Airteagal 20.

7.           Leithdháilfear 0,2 % d’acmhainní an CFRE don sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ ar ghníomhaíochtaí nuálacha, ar thionscnamh ón gCoimisiún, i réimse na forbartha uirbí inbhuanaithe.

8.           3,50 % de na hacmhainní foriomlána atá ar fáil le haghaidh an cheangaltais bhuiséadaigh ó na Cistí don tréimhse 2014 go 2020 (i.e., iomlán EUR 11 878 104 182) a bheidh sna hacmhainní le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

Airteagal 85 Neamh‑inaistritheacht acmhainní

1.           Ní bheidh na leithreasaí iomlána arna leithdháileadh ar gach Ballstát maidir le réigiúin bheagfhorbartha, réigiúin trasdula agus réigiúin níos forbartha inaistrithe idir gach ceann de na catagóirí réigiún sin.

2.           De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Coimisiún, in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le cur chun feidhme cuspóra théamaigh amháin nó níos mó, glacadh le togra ó Bhallstát agus an Conradh Comhpháirtíochta á chur isteach den chéad uair aige chun suas le 2 % den leithreasú iomlán le haghaidh catagóire réigiún a aistriú go dtí catagóirí réigiún eile.

Airteagal 86 Breisíocht

1.           Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn ‘caiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach’ Ollfhoirmiú Caipitil Sheasta an Rialtais Ghinearálta arna thuairisciú sna Cláir Chobhsaíochta agus sna Cláir um Chóineasú arna n‑ullmhú ag na Ballstáit de réir Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle[29] d’fhonn a straitéis bhuiséadach mheántéarmach a thíolacadh;

(2) ciallaíonn ‘sócmhainní seasta’ gach sócmhainn inláimhsithe nó doláimhsithe arna táirgeadh mar aschur ó phróisis táirgthe agus a úsáidtear arís agus arís eile, nó ar bhonn leanúnach, i bpróisis táirgthe ar feadh tréimhse níos faide ná bliain amháin;

(3) ciallaíonn ‘Ollfhoirmiú Caipitil Sheasta’[30] na sócmhainní seasta uile, lúide diúscairtí, arna bhfáil ag na táirgeoirí cónaitheacha mar éadálacha le linn tréimhse áirithe móide breiseanna áirithe ar luach sócmhainní neamhtháirgthe arna réadú trí ghníomhaíocht táirgthe táirgeora nó trí ghníomhaíocht táirgthe aonad institiúideach;

(4) ciallaíonn ‘rialtas ginearálta’ iomlán na n‑aonad institiúideach a tháirgeann seirbhísí neamh‑mhargaidh den chuid is mó (b’fhéidir earraí) lena dtomhailt ar bhonn aonair nó comhchoiteann agus a athdháileann ioncam agus rachmas anuas ar a bhfreagrachtaí polaitiúla agus a ról maidir le rialú eacnamaíoch a chomhlíonadh[31].

2.           Ní ghabhfaidh tacaíocht ó na Cistí a tugtar do Infheistíocht le haghaidh fáis agus post ionad an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh ag Ballstát.

3.           Déanfaidh Ballstáit leibhéal de chaiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach a chothabháil ar feadh na tréimhse 2014-2020 a bheidh cothrom ar a laghad leis an leibhéal tagartha arna shocrú sa Chonradh Comhpháirtíochta.

Déanfar an leibhéal tagartha de chaiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach ar an meán in aghaidh na bliana i leith na mblianta 2014-2020 a shocrú sa Chonradh Comhpháirtíochta, ar bhonn fhíorú ex ante an Choimisiúin ar an bhfaisnéis arna cur isteach sa Chonradh Comhpháirtíochta, ag féachaint do mheánleibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh in aghaidh na bliana sa tréimhse 2007-2013.

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na dálaí maicreacnamaíocha ginearálta mar aon le himthosca sonracha nó eisceachtúla a chur san áireamh, amhail príobháidithe nó leibhéal eisceachtúil de chaiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach ag Ballstát sa tréimhse 2007-2013. Ina theannta sin, déanfaidh siad athruithe sna leithdháiltí náisiúnta ó na Cistí Struchtúracha a chur san áireamh, i gcomparáid leis na blianta 2007-2013.

4.           Ní dhéanfar fíorú i dtaobh an ndearnadh leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a chothabháil ar feadh na tréimhse ach amháin sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin trasdula 15 % ar a laghad den daonra iomlán.

Déanfar an fíorú ar an leibhéal náisiúnta sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin trasdula 70 % ar a laghad den daonra.

Déanfar an fíorú ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin trasdula níos mó ná 15 % agus níos lú ná 70 % den daonra. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit sin faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún maidir leis an gcaiteachas sna réigiúin bheagfhorbartha agus sna réigiúin trasdula ag gach céim den phróiseas fíorúcháin.

5.           Déanfar an fíorú i dtaobh an ndearnadh leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a chothabháil an tráth a chuirfear an Conradh Comhpháirtíochta isteach (fíorú ex ante), in 2018 (fíorú meántéarma), agus in 2022 (fíorú ex post).

Tá na rialacha mionsonraithe a bhaineann le fíorú na breisíochta leagtha amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV.

6.           Má shuíonn an Coimisiún i bhfíorú ex post nach ndearna Ballstát an leibhéal tagartha de chaiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post arna leagan amach sa Chonradh Comhpháirtíochta faoi mar ata leagtha amach in Iarscríbhinn IV a chothabháil, féadfaidh an Coimisiún ceartú airgeadais a dhéanamh. Agus cinneadh á dhéanamh faoinar cheart nó nár cheart ceartú airgeadais a dhéanamh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ar athraigh staid eacnamaíoch an Bhallstáit go suntasach i ndiaidh an fhíoraithe mheántéarma agus ar cuireadh an t‑athrú san áireamh ag an am. Tá na rialacha mionsonraithe a bhaineann le rátaí ceartaithe airgeadais leagtha amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn IV.

7.           Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 6 maidir le cláir oibríochtúla faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

TEIDEAL II CLÁRÚ

CAIBIDIL I Forálacha ginearálta maidir leis na Cistí

Airteagal 87 Inneachar agus glacadh clár oibríochta faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

1.           Is aiseanna tosaíochta atá i gclár oibríochta. Bainfidh ais tosaíochta le haon Chiste amháin maidir le catagóir réigiún agus comhfhreagróidh sí, gan dochar d’Airteagal 52, do chuspóir téamach agus beidh tosaíocht infheistíochta amháin nó níos mó de chuid an chuspóra théamaigh sin inti, i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. I gcás an CSE, féadfar tosaíochtaí infheistíochta ó chuspóirí téamacha éagsúla arna leagan amach in Airteagal 9(8), (9), (10) agus (11) a chomhcheangal in ais tosaíochta ionas gur féidir leis na tosaíochtaí sin rannchuidiú le haiseanna tosaíochta eile, in imthosca a bhfuil údar cuí leo.

2.           Leagfar an méid seo a leanas amach i gclár oibríochta:

(a) straitéis maidir le rannchuidiú an chláir oibríochtúil le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, lena n‑áirítear:

(i)      sainaithint riachtanas lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin a aithníodh sna moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi Airteagal 121(2) agus moltaí na Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(4) den Chonradh, ag cur na dtreoirlínte comhtháite agus sainiúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha san áireamh;

(ii)      cosaint na gcuspóirí téamacha agus na dtosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha a roghnaíodh, ag féachaint don Chonradh Comhpháirtíochta agus do thorthaí na meastóireachta ex ante;

(b) le haghaidh gach aise tosaíochta ar leith:

(i)      na tosaíochtaí infheistíochta agus na cuspóirí sonracha comhfhreagracha;

(ii)      táscairí sonracha agus coiteanna ar thorthaí agus ar aschur, mar aon le luach bonnlíne agus luach sprice cainníochtaithe nuair is iomchuí, i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí;

(iii)     tuairisc ar ghníomhaíochtaí a bhfuil tacaíocht le fáil acu, lena n‑áirítear na spriocghrúpaí príomha, na críocha sonracha ar díríodh orthu mar aon le cineálacha na dtairbhithe, nuair is iomchuí, agus úsáid bheartaithe na n‑ionstraimí airgeadais a shainaithint;

(iv)     na catagóirí comhfhreagracha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht arna glacadh ag an gCoimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 143(3) agus miondealú táscach ar na hacmhainní atá cláraithe;

(c) a mhéid a rannchuidítear leis an gcur chuige comhtháite maidir le forbairt chríochach arna leagan amach sa Chonradh Comhpháirtíochta, lena n‑áirítear:

(i)      na meicníochtaí lena n‑áirithítear comhordú idir na Cistí, an CETFT, an CEMI agus ionstraimí cistiúcháin náisiúnta agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais, agus leis an BEI;

(ii)      nuair is iomchuí, cur chuige comhtháite pleanáilte i leith fhorbairt chríochach na limistéar uirbeach, tuaithe, cósta agus iascaigh agus na limistéar lena mbaineann sainghnéithe críochacha áirithe, go háirithe na socruithe cur chun feidhme maidir le hAirteagal 28 agus Airteagal 29;

(iii)     liosta na gcathracha ina gcuirfear gníomhaíochtaí comhtháite maidir le forbairt uirbeach inbhuanaithe chun feidhme, an leithdháileadh bliantúil táscach de thacaíocht ón CFRE le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin, lena n‑áirítear na hacmhainní arna dtarmligean chuig cathracha lena mbainistiú faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. [...] [CFRE] agus an leithdháileadh bliantúil táscach de thacaíocht ón CSE le haghaidh gníomhaíochtaí comhtháite;

(iv)     na limistéir ina gcuirfear forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail chun feidhme a shainaithint;

(v)     na socruithe maidir le gníomhaíochtaí idir-réigiúnacha agus trasnáisiúnta le tairbhithe atá lonnaithe i mBallstát amháin eile ar a laghad;

(vi)     nuair is iomchuí, a mhéid a rannchuidíonn na hidirghabhálacha atá beartaithe le straitéisí macrairéigiúnacha agus le straitéisí um imchuacha farraige;

(d) a mhéid a rannchuidítear leis an gcur chuige comhtháite atá leagtha amach sa Chonradh Comhpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na limistéar geografach is mó a mbaineann an bhochtaineacht leo nó na spriocghrúpaí is mó atá i mbaol idirdhealaithe nó eisiaimh, agus aird faoi leith á tabhairt ar phobail imeallaithe, agus an leithdháileadh táscach airgeadais;

(e) socruithe d’fhonn cur chun feidhme éifeachtach na gCistí a áirithiú, lena n‑áirítear:

(i)      creat feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 19(1);

(ii)      maidir le gach coinníollacht ex ante, arna bunú i gcomhréir le hIarscríbhinn V, nach mbeidh comhlíonta ar an dáta a chuirfear an Conradh Comhpháirtíochta agus an clár oibríochta isteach, tuairisc ar na gníomhaíochtaí chun an choinníollacht ex ante a chomhlíonadh agus tráthchlár do na gníomhaíochtaí sin;

(iii)     na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun na comhpháirtithe a tharraingt isteach in ullmhú an chláir oibríochtúil, agus ról na gcomhpháirtithe maidir le cur chun feidhme an chláir oibríochtúil agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh air;

(f) socruithe chun cur chun feidhme éifeachtach na gCistí a áirithiú, lena n‑áirítear:

(i)      úsáid bheartaithe an chúnaimh theicniúil lena n‑áirítear gníomhaíochtaí chun cumas riaracháin na n‑údarás agus na dtairbhithe a threisiú leis an bhfaisnéis ábhartha dá dtagraítear i mír 2(b) le haghaidh na haise tosaíochta lena mbaineann;

(ii)      measúnú ar an ualach riaracháin ar thairbhithe agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun laghdú a bhaint amach mar aon le spriocanna ag gabháil leo;

(iii)     liosta de na mórthionscadail arb é dáta roimh an 1 Eanáir 2018 an dáta atá measta a thosóidh feidhmiú na bpríomhoibreacha;

(g) plean maoinithe ina mbeidh dhá thábla:

(i)      tábla ina saineofar le haghaidh gach bliana, i gcomhréir le hAirteagal 53, Airteagal 110 agus le hAirteagal 111, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin atá beartaithe don tacaíocht ó gach Ciste ar leith;

(ii)      tábla ina saineofar méid an leithreasaithe airgeadais iomláin den tacaíocht ó na Cistí agus ón gcómhaoiniú náisiúnta le haghaidh na tréimhse clárúcháin ar fad, maidir leis an gclár oibríochta agus maidir le gach ais tosaíochta. Sa chás ina bhfuil an cómhaoiniú náisiúnta comhdhéanta de chómhaoiniú poiblí agus príobháideach, beidh miondealú táscach sa tábla idir na comhpháirteanna poiblí agus na comhpháirteanna príobháideacha. Déanfar an rannpháirtíocht atá beartaithe ón BEI a léiriú ann chun críocha faisnéise;

(h) na forálacha cur chun feidhme le haghaidh an chláir oibríochtúil, ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(i)      an comhlacht creidiúnúcháin, an t‑údarás bainistíochta, an t‑údarás deimhniúcháin, nuair is iomchuí, agus an t‑údarás iniúchóireachta;

(ii)      an comhlacht a ndéanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí leis a shainaithint;

3.           Beidh an méid seo a leanas ar áireamh i ngach clár oibríochta, ach amháin na cláir sin ina dtugtar faoi chúnamh teicniúil faoi chlár oibríochtúil sonrach:

(i)      tuairisc ar na gníomhaíochtaí sonracha trína gcuirfear san áireamh, agus oibríochtaí á roghnú, ceanglais chosaint an chomhshaoil, éifeachtúlacht acmhainní, maolú an athraithe aeráide, oiriúnú don athrú aeráide, athléimneacht ó thubaistí agus cosc ar rioscaí maidir le hathrú aeráide agus bainistíocht an athraithe aeráide;

(ii)     tuairisc ar na gníomhaíochtaí sonracha chun comhdheiseanna a chur chun cinn agus idirdhealú ar bith bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó creideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar thrasuíomh gnéasach a chosc agus an clár oibríochta á ullmhú, á cheapadh agus á chur chun feidhme agus go háirithe maidir le rochtain ar chistiú, ag féachaint do riachtanais na spriocghrúpaí éagsúla atá i mbaol idirdhealaithe den chineál sin, go háirithe na ceanglais chun inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú;

(iii)     tuairisc ar a mhéid a rannchuidíonn sé le cur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná agus, nuair is iomchuí, ar na socruithe chun comhtháthú na gné inscne a áirithiú ar leibhéal an chláir oibríochtúil agus ar leibhéal na hoibríochta.

Déanfaidh na Ballstáit tuairim ó na comhlachtaí comhionannais náisiúnta maidir leis na bearta arna leagan amach i bpointe (ii) agus i bpointe (iii) a chur isteach in éineacht leis an togra le haghaidh cláir oibríochtúla faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

4.           Déanfaidh na Ballstáit an clár oibríochta a dhréachtú de réir na samhla arna glacadh ag an gCoimisiún.

Déanfaidh an Coimisiún an tsamhail sin a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 143(2).

5.           Déanfaidh an Coimisiún cinneadh lena bhformheastar an clár oibríochta a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme.

Airteagal 88 Comhthacaíocht ó na Cistí

1.           Féadfaidh na Cistí tacaíocht a thabhairt, ar bhonn comhpháirteach, do chláir oibríochtúla faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

2.           Maidir le cuid d’oibríocht a bhfuil na costais ina leith incháilithe le haghaidh tacaíochta ó Chiste eile ar bhonn na rialacha incháilitheachta a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gCiste sin, féadfaidh an CFRE agus an CSE í a mhaoiniú, ar bhealach comhlántach agus faoi réir teorann 5 % de mhaoiniú ón Aontas maidir le gach ais tosaíochta de chlár oibríochtúil, ar an gcoinníoll go bhfuil na costais sin riachtanach chun an oibríocht a chur chun feidhme go sásúil agus go bhfuil baint dhíreach acu léi.

3.           Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

Airteagal 89

Raon feidhme geografach na gclár oibríochta faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

Ach amháin má chomhaontaítear a mhalairt idir an Coimisiún agus an Ballstát, déanfar cláir oibríochtúla maidir leis an CFRE agus an CSE a tharraingt suas ar an leibhéal geografach iomchuí agus ar NUTS leibhéal 2 ar a laghad, i gcomhréir leis an gcóras institiúideach a bhaineann go sonrach leis an mBallstát.

Déanfar cláir oibríochtúla a bhfuil tacaíocht acu ón gCiste Comhtháthaithe a tharraingt suas ar an leibhéal náisiúnta.

CAIBIDIL II Mórthionscadail

Airteagal 90 Ábhar

Mar chuid de chlár oibríochtúil nó de chláir oibríochtúla, féadfar tacaíocht a fháil ón CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe i leith oibríochta a chuimsíonn sraith oibreacha, gníomhaíochtaí nó seirbhísí atá beartaithe inti féin cúram doroinnte de chineál beacht eacnamaíoch nó teicniúil a chur i gcrích, ar cúram é lena ngabhann spriocanna atá sainaitheanta go soiléir agus ar mó a chostas iomlán ná EUR 50 000 000 (‘mórthionscadal’). Ní mheasfar gur mórthionscadail iad ionstraimí airgeadais.

Airteagal 91 Faisnéis atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin

1.           Déanfaidh an Ballstát nó an t‑údarás bainistíochta an fhaisnéis seo a leanas faoi mhórthionscadail a chur faoi bhráid an Choimisiúin a luaithe a bheidh an obair ullmhúcháin curtha i gcrích:

(a) faisnéis faoin gcomhlacht a bheidh freagrach as cur chun feidhme an mhórthionscadail, agus faisnéis faoina acmhainní;

(b) tuairisc ar an infheistíocht agus faisnéis fúithi agus faoina suíomh;

(c) an costas iomlán agus an costas incháilithe iomlán, ag féachaint do cheanglais Airteagal 54;

(d) faisnéis faoi na staidéir indéantachta a rinneadh, lena n‑áirítear anailís ar na roghanna, na torthaí agus athbhreithniú neamhspleách ar cháilíocht;

(e) anailís chostais is tairbhe, lena n‑áirítear anailís eacnamaíoch agus airgeadais, agus measúnú riosca;

(f) anailís ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus riachtanais maidir le maolú um athrú aeráide agus oiriúnú dó, agus athléimneacht ó thubaistí, á gcur san áireamh;

(g) an chomhsheasmhacht le haiseanna tosaíochta ábhartha an chláir oibríochtúla nó na gclár oibríochta lena mbaineann, agus a mhéid a mheastar go rannchuideoidh sí le sainchuspóirí na n‑aiseanna tosaíochta sin a ghnóthú;

(h) an plean maoinithe ina léirítear na hacmhainní airgeadais iomlána atá beartaithe agus an tacaíocht atá beartaithe ó na Cistí, ón BEI, agus ó gach foinse maoinithe eile, mar aon le táscairí fisiciúla agus airgeadais chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus na rioscaí sainaitheanta á gcur san áireamh;

(i) an tráthchlár do chur chun feidhme an mhórthionscadail agus, i gcás ina meastar go mbeidh an tréimhse cur chun feidhme níos faide ná an tréimhse chláraithe, na céimeanna a n‑iarrtar tacaíocht ó na Cistí ina leith i rith thréimhse chláraithe 2014 go 2020.

Soláthróidh an Coimisiún treoraíocht tháscach maidir leis an modheolaíocht atá le húsáid chun an anailís chostais is tairbhe dá dtagraítear i bpointe (e) thuas a dhéanamh, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 143(2).

Is trí ghníomhartha cur chun feidhme a bhunófar an fhormáid le haghaidh na faisnéise faoi mhórthionscadail atá le cur isteach i gcomhréir leis an tsamhail arna glacadh ag an gCoimisiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 143(2).

2.           Beidh mórthionscadail arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas ar áireamh sa liosta de na mórthionscadail i gclár oibríochta. Déanfaidh an Ballstát nó an t‑údarás bainistíochta an liosta a athbhreithniú dhá bhliain tar éis ghlacadh an chláir oibríochtúil agus féadfar é a oiriúnú ar iarratas ón mBallstát i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 26(2), go háirithe chun mórthionscadail a bhfuil a ndáta tosaithe measta roimh dheireadh 2022 a áireamh.

Airteagal 92 Cinneadh maidir le mórthionscadal

1.           Tabharfaidh an Coimisiún breithmheas ar an mórthionscadal ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 91 d’fhonn a chinneadh an bhfuil údar maith leis an tacaíocht atá beartaithe ó na Cistí.

2.           Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an dáta a gcuirfear an fhaisnéis lena bhformheasfar mórthionscadal isteach i gcomhréir le hAirteagal 91. Saineofar sa chinneadh sin an cuspóir fisiciúil, an méid a mbeidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe don ais tosaíochta maidir leis, táscairí fisiciúla agus airgeadais chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn, agus a mhéid a mheastar a rannchuideoidh an mórthionscadal le cuspóirí na haise nó na n‑aiseanna tosaíochta ábhartha sin a bhaint amach. Beidh cinneadh formheasa coinníollach ar an gcéad chonradh oibreacha a bheith tugtha i gcrích laistigh de dhá bhliain ó dháta an chinnidh.

3.           I gcás ina ndiúltaíonn an Coimisiún tacaíocht ó na Cistí a cheadú le haghaidh mórthionscadail, cuirfidh sé na cúiseanna leis sin in iúl don Bhallstát laistigh den tréimhse atá leagtha síos i mír 2.

4.           Ní chuirfear caiteachas a bhaineann le mórthionscadail ar áireamh in iarratais ar íocaíocht sula nglacfaidh an Coimisiún cinneadh formheasa.

CAIBIDIL III Comhphlean gníomhaíochta

Airteagal 93 Raon feidhme

1.           Is éard is comhphlean gníomhaíochta ann oibríocht arna sainiú agus arna bainistiú i ndáil leis an aschur agus na torthaí a bhainfidh sí amach. Tá grúpa tionscadal ann, gan bonneagar a sholáthar, agus cuirtear i gcrích iad faoi fhreagracht an tairbhí, mar chuid de chlár oibríochtúil nó de chláir oibríochtúla. Déanfaidh an Ballstát agus an Coimisiún aschur agus torthaí comhphlean gníomhaíochta a chomhaontú agus rannchuideoidh siad chun sainchuspóirí na gclár oibríochta a bhaint amach agus beidh siad mar bhonn leis an tacaíocht ó na Cistí. Déanfar tagairt d’éifeachtaí díreacha an chomhphlean gníomhaíochta sna torthaí. Beidh an tairbhí ina chomhlacht corpraithe. Ní mheasfar gur mórthionscadail iad comhphleananna gníomhaíochta.

2.           Beidh EUR 10 000 000 ar a laghad sa tacaíocht phoiblí arna leithdháileadh ar chomhphlean gníomhaíochta nó 20 % de thacaíocht phoiblí an chláir oibríochtúil nó na gclár oibríochta, cibé acu is lú.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg

 Airteagal 94 Comhphleananna gníomhaíochta a ullmhú

1.           Féadfaidh an Ballstát, an t‑údarás bainistíochta nó comhlacht corpraithe ainmnithe ar bith togra le haghaidh comhphlean gníomhaíochta a chur isteach an tráth céanna a chuirtear na cláir oibríochtúla lena mbaineann isteach nó ina dhiaidh sin. Beidh na gnéithe go léir dá dtagraítear in Airteagal 95 ar áireamh ann.

2.           Cumhdóidh comhphlean gníomhaíochta cuid den tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2022. Ní bhfaighfear aisíocaíocht de thoradh aschuir agus torthaí comhphlean gníomhaíochta ach amháin má bhaintear amach iad tar éis dháta an chinnidh formheasa maidir leis an gcomhphlean gníomhaíochta agus roimh dheireadh na tréimhse cur chun feidhme atá sainithe.

Airteagal 95 Ábhar na gcomhphleananna gníomhaíochta

Beidh an méid seo a leanas sa chomhphlean gníomhaíochta:

(1) anailís ar riachtanais forbartha agus ar chuspóirí lena dtugtar údar maith leis an gcomhphlean gníomhaíochta, agus cuirfear san áireamh cuspóirí na gclár oibríochta agus, nuair is iomchuí, na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha agus treoirlínte ginearálta bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais faoi Airteagal 121(2) den Chonradh agus moltaí na Comhairle a chuirfidh na Ballstáit san áireamh ina mbeartais fostaíochta faoi Airteagal 148(4) den Chonradh;

(2) an creat ina ndéantar cur síos ar an gcaidreamh idir cuspóirí ginearálta agus cuspóirí sonracha an chomhphlean gníomhaíochta, na garspriocanna agus na spriocanna maidir le haschur agus torthaí, agus na tionscadail nó na cineálacha tionscadal atá beartaithe;

(3) na táscairí coiteanna agus na táscairí sonracha arna n‑úsáid chun faireachán a dhéanamh ar aschur agus ar thorthaí, nuair is ábhartha, de réir aise tosaíochta;

(4) faisnéis faoi chuimsiú geografach agus faoi spriocghrúpaí an chomhphlean gníomhaíochta;

(5) tréimhse cur chun feidhme measta an chomhphlean gníomhaíochta;

(6) anailís ar éifeachtaí an chomhphlean gníomhaíochta ar chur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná agus ar chosc ar idirdhealú;

(7) anailís ar éifeachtaí an chomhphlean gníomhaíochta ar chur chun cinn na forbartha inbhuanaithe, nuair is iomchuí;

(8) na forálacha cur chun feidhme i leith an chomhphlean gníomhaíochta, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:

(a) ainmniú an tairbhí a bheidh freagrach as cur chun feidhme an chomhphlean gníomhaíochta, agus ráthaíochtaí á thabhairt ar a inniúlacht sa réimse lena mbaineann chomh maith lena acmhainní riaracháin agus bainistíochta airgeadais;

(b) na socruithe chun an comhphlean gníomhaíochta a stiúradh, i gcomhréir le hAirteagal 97;

(c) na socruithe chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhphlean gníomhaíochta, lena n‑áirítear socruithe lena ndeimhnítear cáilíocht, bailiú agus stóráil sonraí maidir le garspriocanna, aschur agus torthaí a bhaint amach;

(d) na socruithe lena n‑áirithítear go scaipfear faisnéis agus ábhar cumarsáide faoin gcomhphlean gníomhaíochta agus faoi na Cistí;

(9) socruithe airgeadais an chomhphlean gníomhaíochta, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:

(a) na costais a bheidh i gceist chun garspriocanna, spriocanna aschuir agus torthaí a bhaint amach ag féachaint do phointe (2), bunaithe ar na modhanna atá leagtha amach in Airteagal 57(4) agus in Airteagal 14 de Rialachán CSE;

(b) sceideal táscach na n‑íocaíochtaí leis an tairbhí atá nasctha leis na garspriocanna agus na spriocanna;

(c) an plean maoinithe de réir cláir oibríochtúla, aise tosaíochta, lena n‑áirítear an méid iomlán incháilithe agus tacaíocht an phobail.

Bunófar an fhormáid le haghaidh an chomhphlean gníomhaíochta i gcomhréir leis an tsamhail arna glacadh ag an gCoimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 143(2).

Airteagal 96 Cinneadh maidir leis an gcomhphlean gníomhaíochta

1.           Tabharfaidh an Coimisiún breithmheas ar an gcomhphlean gníomhaíochta ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 95 d’fhonn a chinneadh an bhfuil údar maith leis an tacaíocht ó na Cistí.

I gcás ina measann an Coimisiún, laistigh de thrí mhí tar éis togra le haghaidh comhphlean gníomhaíochta a bheith curtha isteach, nach gcomhlíonann sé riachtanais an bhreithmheasa, tabharfaidh sé barúlacha don Bhallstát. Soláthróidh an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá arna hiarraidh ag an gCoimisiún agus, nuair is iomchuí, leasóidh sé an comhphlean gníomhaíochta dá réir sin.

2.           Ar an gcoinníoll gur cuireadh aon bharúlacha a thug an Coimisiún san áireamh go cuí, glacfaidh sé cinneadh maidir leis an gcomhphlean gníomhaíochta a fhormheas tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Bhallstát é a chur isteach, ach i ndiaidh na cláir oibríochtúla lena mbaineann a bheith glactha.

3.           Déanfar tairbhí agus cuspóirí an chomhphlean gníomhaíochta, na garspriocanna agus na spriocanna aschuir agus torthaí, na costais a bheidh i gceist leis na garspriocanna agus na spriocanna aschuir agus torthaí sin a bhaint amach, agus an plean maoinithe de réir cláir oibríochtúla agus aise tosaíochta, lena n‑áirítear an méid iomlán incháilithe agus ranníocaíocht an phobail, tréimhse cur chun feidhme an chomhphlean gníomhaíochta agus, nuair is ábhartha, cuimsiú geografach agus spriocghrúpaí an chomhphlean gníomhaíochta, a thabhairt le fios sa chinneadh dá dtagraítear i mír 2.

4.           I gcás ina ndiúltaíonn an Coimisiún tacaíocht ó na Cistí a cheadú le haghaidh comhphlean gníomhaíochta, cuirfidh sé na cúiseanna leis sin in iúl don Bhallstát laistigh den tréimhse atá leagtha síos i mír 2.

Airteagal 97 Coiste stiúrtha agus leasú ar an gcomhphlean gníomhaíochta

1.           Bunóidh an Ballstát nó an t‑údarás bainistíochta coiste stiúrtha le haghaidh an chomhphlean gníomhaíochta, a bheidh ina choiste ar leithligh ó choiste faireacháin na gclár oibríochta. Tiocfaidh an coiste stiúrtha le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad.

Socróidh an Ballstát comhdhéanamh an choiste sin i gcomhaontú leis an údarás bainistíochta agus tabharfar aird ar phrionsabal na comhpháirtíochta.

Féadfaidh an Coimisiún páirt a ghlacadh, i gcáil comhairleora, in obair an choiste stiúrtha.

2.           Déanfaidh an coiste stiúrtha na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) déanfaidh sé athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le garspriocanna, aschur agus torthaí an chomhphlean gníomhaíochta a bhaint amach;

(b) togra ar bith chun leasú a dhéanamh ar an gcomhphlean gníomhaíochta a mheas agus a fhormheas d’fhonn aon saincheisteanna a dhéanfaidh difear dá fheidhmíocht a chur san áireamh.

3.           Déanfar iarrataí ar chomhphleananna gníomhaíochta a leasú, arna gcur isteach ag Ballstát, a chuí-reasúnú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil údar maith leis an iarraidh ar leasú, agus cuirfidh sé an fhaisnéis arna soláthar ag an mBallstát san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt agus soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise ar fad is gá don Choimisiún. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le hiarraidh ar leasú tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh don Bhallstát í a chur faoina bhráid go foirmiúil, ar an gcoinníoll go mbeidh aon bharúlacha a bheidh tugtha ag an gCoimisiún curtha san áireamh go cuí. Tiocfaidh an leasú i bhfeidhm ar dháta an chinnidh, mura bhfuil a mhalairt leagtha amach sa chinneadh.

Airteagal 98

Bainistíocht airgeadais agus rialú an chomhphlean gníomhaíochta

1.           Déanfar íocaíochtaí le tairbhí comhphlean gníomhaíochta a láimhseáil mar chnapshuimeanna nó mar scálaí caighdeánacha de chostais aonaid. Ní bheidh feidhm ag an uasteorainn le haghaidh cnapshuimeanna atá leagtha amach in Airteagal 57(1)(c).

2.           Beidh bainistíocht airgeadais, rialú agus iniúchadh an chomhphlean gníomhaíochta dírithe go heisiach ar fhíorú a dhéanamh go bhfuil na coinníollacha maidir le híocaíochtaí atá sainithe sa chinneadh lena bhformheastar an comhphlean gníomhaíochta comhlíonta.

3.           Féadfaidh an tairbhí agus na comhlachtaí atá faoina fhreagracht a gcleachtais chuntasaíochta a chur i bhfeidhm maidir le costais na n‑oibríochtaí cur chun feidhme. Ní bheidh na cleachtais chuntasaíochta sin ná na costais arna dtabhú iarbhír ag an tairbhí faoi réir a n‑inúchta ag an údarás iniúchóireachta ná ag an gCoimisiún.

CAIBIDIL IV

Forbairt chríochach

Airteagal 99 Infheistíocht chríochach chomhtháite

1.           I gcás ina gceanglaítear cur chuige comhtháite lena ngabhann infheistíochtaí faoi ais tosaíochta amháin nó níos mó de chlár oibríochtúil amháin nó níos mó le straitéis forbartha uirbí nó le straitéis nó le comhshocrú críochach eile mar a shainítear in Airteagal 12(1) de Rialachán... [CSE], déanfar an ghníomhaíocht a chur i gcrích i bhfoirm infheistíochta críochaí comhtháite (‘ICC’).

2.           Sna cláir oibríochtúla ábhartha, aithneofar na ICCanna atá beartaithe agus leagfar amach an leithdháileadh táscach airgeadais ó gach ais tosaíochta le gach ICC.

3.           Féadfaidh an Ballstát nó an t‑údarás bainistíochta comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó a ainmniú, lena n‑áirítear údaráis áitiúla, comhlachtaí forbartha réigiúnaí nó eagraíochtaí neamhrialtasacha, chun ICC a bhainistiú agus a chur chun feidhme.

4.           Áiritheoidh an Ballstát nó na húdaráis bhainistíochta ábhartha go ndéantar foráil sa chóras faireacháin le haghaidh an chláir oibríochtúil maidir le hoibríochtaí agus aschur de chuid aise tosaíochta a rannchuidíonn le ICC a aithint.

TEIDEAL III FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT, FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID

CAIBIDIL I Faireachán agus meastóireacht

Airteagal 100 Feidhmeanna an choiste faireacháin

1.           Déanfaidh an coiste faireacháin an méid seo a leanas a scrúdú go háirithe:

(a) aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht an chláir oibríochtúil;

(b) an dul chun cinn maidir leis an bplean meastóireachta agus na bearta leantacha a dhéantar maidir le torthaí na meastóireachtaí a chur chun feidhme;

(c) cur chun feidhme na straitéise cumarsáide;

(d) cur chun feidhme mórthionscadal;

(e) cur chun feidhme comhphleananna gníomhaíochta;

(f) gníomhaíochtaí chun comhionannas idir fir agus mná, comhdheiseanna, agus neamh‑idirdhealú a chur chun cinn, lena n‑áirítear inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas;

(g) gníomhaíochtaí chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;

(h) gníomhaíochtaí sa chlár oibríochtúil a bhaineann le comhlíonadh coinníollachtaí ex ante;

(i) ionstraimí airgeadais.

2.           Déanfaidh an coiste faireacháin an méid seo a leanas a scrúdú agus a fhormheas:

(j) an mhodheolaíocht agus na critéir chun oibríochtaí a roghnú;

(k) na tuarascálacha bliantúla agus na tuarascálacha deiridh ar chur chun feidhme;

(l) an plean meastóireachta le haghaidh an chláir oibríochtúil agus leasú ar bith ar an bplean;

(m) an straitéis cumarsáide le haghaidh an chláir oibríochtúil agus leasú ar bith ar an straitéis;

(n) togra ar bith ón údarás bainistíochta maidir le leasú ar bith ar an gclár oibríochta.

Airteagal 101 Tuarascálacha cur chun feidhme maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

1.           Faoin 30 Aibreán 2016 agus faoin 30 Aibreán de gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2022, agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh an Ballstát tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 44(1). Cumhdófar na blianta airgeadais 2014 agus 2015, chomh maith leis an tréimhse idir an dáta tosaigh le haghaidh incháilitheachta caiteachais agus an 31 Nollaig 2013, sa tuarascáil a chuirfear isteach in 2016.

2.           Leagfar amach faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme:

(a) cur chun feidhme an chláir oibríochtúil i gcomhréir le hAirteagal 44(2);

(b) dul chun cinn ó thaobh mórthionscadail agus comhphleananna gníomhaíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme.

3.           Sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2017 agus in 2019, leagfar amach an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 44(3) agus (4) faoi seach, an fhaisnéis atá leagtha síos i mír 2, agus an méid seo a leanas:

(a) an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an chur chuige chomhtháite maidir le forbairt chríochach, lena n‑áirítear forbairt uirbeach inbhuanaithe, agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail faoin gclár oibríochta;

(b) an dul chun cinn atá déanta maidir le gníomhaíochtaí a chur chun feidhme d’fhonn dlús a chur faoi chumas údaráis agus thairbhithe na mBallstát na Cistí a riar agus a úsáid;

(c) an dul chun cinn atá déanta maidir le gníomhaíochtaí idir-réigiúnacha agus trasnáisiúnta ar bith a chur chun feidhme;

(d) an dul chun cinn atá déanta maidir leis an bplean meastóireachta agus na bearta leantacha a dhéantar maidir le torthaí na meastóireachtaí a chur chun feidhme;

(e) na gníomhaíochtaí sonracha arna nglacadh chun comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus chun idirdhealú a chosc, lena n‑áirítear inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, agus na socruithe arna gcur chun feidhme lena áirithiú go ndéanfaí gné na hinscne a chomhtháthú sa chlár oibríochtúil agus in oibríochtaí;

(f) gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 8;

(g) torthaí na mbeart faisnéise agus poiblíochta maidir leis na Cistí a dtugtar fúthu faoin straitéis cumarsáide;

(h) an dul chun cinn atá déanta maidir le gníomhaíochtaí a chur chun feidhme i réimse na nuálaíochta sóisialta, nuair is iomchuí;

(i) an dul chun cinn maidir le bearta a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na limistéar geografach is mó a mbaineann an bhochtaineacht leo nó na spriocghrúpaí is mó atá i mbaol idirdhealaithe nó eisiaimh, agus aird faoi leith á tabhairt ar phobail imeallaithe lena n‑áirítear, nuair is iomchuí, na hacmhainní airgeadais arna n‑úsáid;

(j) rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe i gcur chun feidhme, i bhfaireachán agus i meastóireacht an chláir oibríochtúil.

4.           Déanfar na tuarascálacha bliantúla agus agus na tuarascálacha deiridh ar chur chun feidhme a tharraingt suas de réir samhlacha arna nglacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 143(2).

Airteagal 102 Sonraí airgeadais a tharchur

1.           Faoin 31 Eanáir, 30 Aibreán, 31 Iúil agus 31 Deireadh fómhair, déanfaidh an t‑údarás bainistíochta an méid seo a leanas a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún chun críocha faireacháin, le haghaidh gach cláir oibríochtúla agus de réir aise tosaíochta:

(a) costas iomlán agus costas incháilithe poiblí na n‑oibríochtaí agus líon na n‑oibríochtaí arna roghnú le haghaidh tacaíochta;

(b) costas iomlán agus costas incháilithe poiblí na gconarthaí nó na gceangaltas dlíthiúil arna ndéanamh ag tairbhithe agus oibríochtaí atá roghnaithe le haghaidh tacaíochta á gcur chun feidhme;

(c) an caiteachas iomlán incháilithe arna dhearbhú ag tairbhithe don údarás bainistíochta.

2.           Ina theannta sin, beidh na sonraí thuasluaite, agus iad miondealaithe de réir catagóire idirghabhála, ar áireamh sa tarchur ar an 31 Eanáir. Measfar go gcomhlíonfar an ceanglas maidir le sonraí airgeadais a tharchur, dá dtagraítear in Airteagal 44(2), leis an trasdul sin.

3.           Beidh ag gabháil leis na tarchuir a dhéanfar faoin 31 Eanáir agus faoin 31 Iúil réamh‑mheastachán ar an méid a mbeidh sé beartaithe ag Ballstáit iarratais ar íocaíocht a chur isteach ina leith, le haghaidh na bliana airgeadais reatha agus na bliana airgeadais ina dhiaidh sin.

4.           Is é deireadh na míosa roimh an mí ina gcuirtear isteach na sonraí an spriocdháta le haghaidh na sonraí arna gcur isteach faoin Airteagal seo.

Airteagal 103 Tuarascáil faoin gComhtháthú

Áireofar an méid seo a leanas i dtuarascáil an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 175 den Chonradh:

(a) tuairisc ar an dul chun cinn atá déanta maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, lena n‑áirítear an cás socheacnamaíoch agus forbairt na réigiún, chomh maith le comhtháthú thosaíochtaí an Aontais;

(b) taifead ar ról na gCistí, an BEI agus na n‑ionstraimí eile, chomh maith leis an tionchar a bhí ag beartais eile an Aontais agus ag beartais náisiúnta eile, sa dul chun cinn atá déanta.

Airteagal 104 Meastóireacht

1.           Déanfaidh an t‑údarás bainistíochta plean meastóireachta a tharraingt suas le haghaidh gach cláir oibríochtúla. Cuirfear an plean meastóireachta faoi bhráid an chéad chruinnithe den choiste faireacháin. I gcás ina gcumhdaíonn coiste faireacháin amháin níos mó ná clár oibríochta amháin, féadfar na cláir oibríochtúla go léir lena mbaineann a chuimsiú i bplean meastóireachta.

2.           Faoin 31 Nollaig 2020, cuirfidh na húdaráis bhainistíochta tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, le haghaidh gach cláir, agus tabharfar achoimre sa tuarascáil sin ar thorthaí na meastóireachtaí arna ndéanamh le linn na tréimhse clárúcháin, lena n‑áirítear meastóireacht ar phríomhaschur agus ar phríomhthorthaí an chláir.

3.           Déanfaidh an Coimisiún meastóireachtaí ex post i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus na húdaráis bhainistíochta.

CAIBIDIL II Faisnéis agus Cumarsáid

Airteagal 105 Faisnéis agus poiblíocht

1.           Beidh na Ballstáit agus na húdaráis bhainistíochta freagrach as an méid seo a leanas:

(a) a áirithiú go mbunófar suíomh Gréasáin aonair nó tairseach suímh Ghréasáin aonair ar a soláthrófar faisnéis agus rochtain ar gach clár oibríochta sa Bhallstát sin;

(b) tairbhithe féideartha a chur ar an eolas faoi dheiseanna cistiúcháin faoi chláir oibríochtúla;

(c) ról agus éachtaí an bheartais chomhtháthaithe agus na gCistí a phoibliú do shaoránaigh an Aontais trí bhíthin gníomhaíochtaí cumarsáide agus faisnéise maidir le torthaí agus tionchar na gConarthaí Comhpháirtíochta, na gclár oibríochta agus na n‑oibríochtaí.

2.           D'fhonn trédhearcacht a áirithiú sa tacaíocht ó na Cistí coinneoidh Ballstáit liosta oibríochtaí de réir cláir oibríochtúla agus de réir Ciste, i bhformáid CSV nó XML, a bhféadfaí rochtain a fháil air tríd an suíomh Gréasáin aonair nó tríd an tairseach suímh Ghréasáin aonair ar a dtabharfar liosta agus achoimre ar na cláir oibríochtúla go léir sa Bhallstát sin.

Tabharfar an liosta oibríochtaí cothrom le dáta gach trí mhí ar a laghad.

Tá an fhaisnéis íosta atá le tabhairt sa liosta oibríochtaí leagtha síos in Iarscríbhinn VI.

3.           Tá rialacha mionsonraithe maidir leis na bearta faisnéise agus poiblíochta don phobal agus maidir leis na bearta faisnéise d’iarratasóirí agus do thairbhithe leagtha síos in Iarscríbhinn VI.

4.           Déanfaidh an Coimisiún saintréithe teicniúla na mbeart faisnéise agus poiblíochta le haghaidh na hoibríochta agus treoracha maidir leis an bhfeathal a chruthú agus sainiú ar na dathanna caighdeánacha a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 143(3).

Airteagal 106 Straitéis cumarsáide

1.           Déanfaidh an t‑údarás bainistíochta straitéis cumarsáide a tharraingt suas le haghaidh gach cláir oibríochtúla. Féadfar comhstraitéis cumarsáide a tharraingt suas le haghaidh roinnt clár oibríochta.

Áireofar sa straitéis cumarsáide na gnéithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI agus nuashonruithe bliantúla ina mbeidh sonraí na ngníomhaíochtaí faisnéise agus poiblíochta atá beartaithe.

2.           Déanfaidh an chéad choiste faireacháin an straitéis cumarsáide a phlé agus a fhormheas tar éis ghlacadh an chláir oibríochtúil.

Is é an coiste faireacháin freisin a dhéanfaidh aon leasú ar an straitéis cumarsáide a phlé agus a fhormheas.

3.           Cuirfidh an t‑údarás bainistíochta an coiste faireacháin le haghaidh gach cláir oibríochtúla ar an eolas, uair sa bhliain ar a laghad, faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na straitéise cumarsáide agus faoina mheasúnú ar na torthaí.

Airteagal 107 Oifigigh faisnéise agus chumarsáide agus a líonraí

1.           Ainmneoidh gach Ballstát oifigeach faisnéise agus cumarsáide chun comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide maidir le Ciste amháin nó roinnt Cistí agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

2.           Beidh an t‑oifigeach faisnéise agus cumarsáide ina chathaoirleach ar chruinnithe de líonra náisiúnta de chumarsáidithe Cistí agus déanfaidh sé iad a chomhordú, lena n‑áirítear cláir ábhartha de chomhar críochach Eorpach, cruthú agus cothabháil an tsuímh Ghréasáin nó na tairsí suímh Ghréasáin dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI agus an oibleagáid forbhreathnú a sholáthar ar na bearta cumarsáide arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta.

3.           Ainmneoidh gach údarás bainistíochta duine amháin a bheidh freagrach as faisnéis agus cumarsáid ar leibhéal an chláir oibríochtúil agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na daoine ainmnithe sin.

4.           Bunóidh an Coimisiún líonraí an Aontais ina mbeidh na comhaltaí arna n‑ainmniú ag na Ballstáit agus ag na húdaráis bhainistíochta chun malartú maidir le torthaí chur chun feidhme na straitéisí cumarsáide a áirithiú, mar aon le malartú taithí a fuarthas agus na bearta faisnéise agus cumarsáide á gcur chun feidhme, agus malartú dea-chleachtas.

TEIDEAL IV CÚNAMH TEICNIÚIL

Airteagal 108 Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún

Féadfaidh na Cistí tacú le cúnamh teicniúil go dtí uasteorainn 0,35 % den leithdháileadh bliantúil a fhaigheann siad faoi seach.

Airteagal 109 Cúnamh teicniúil na mBallstát

1.           Féadfaidh gach ceann de na Cistí oibríochtaí cúnaimh theicniúil atá incháilithe faoi cheann ar bith de na Cistí eile a mhaoiniú. Beidh méid na gCistí arna leithdháileadh ar chúnamh teicniúil teoranta do 4 % de mhéid iomlán na gCistí arna leithdháileadh ar chláir oibríochtúla faoi gach catagóir réigiún faoi chuimsiú sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

2.           Is i bhfoirm aise tosaíochta aonchiste laistigh de chlár oibríochtúil nó i bhfoirm cláir oibríochtúla shonraigh a bheidh an cúnamh teicniúil.

3.           Ní bheidh an leithdháileadh le haghaidh cúnaimh theicniúil ó Chiste níos mó ná 10 % de leithdháileadh iomlán an Chiste sin ar chláir oibríochtúla i mBallstát faoi gach catagóir réigiún faoi chuimsiú sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

TEIDEAL V TACAÍOCHT AIRGEADAIS Ó NA CISTÍ

Airteagal 110 Rátaí cómhaoinithe a chinneadh

1.           Socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ó Chistí le haghaidh gach aise tosaíochta sa chinneadh ón gCoimisiún maidir le clár oibríochta a ghlacadh.

2            I gcás gach aise tosaíochta, leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún an gcuirfear an ráta cómhaoinithe le haghaidh na haise tosaíochta i bhfeidhm maidir leo seo a leanas:

(a)     caiteachas iomlán incháilithe, lena n‑áirítear caiteachas poiblí agus príobháideach; nó

(b)     caiteachas poiblí incháilithe.

3.           Ní bheidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal gach aise tosaíochta de chláir oibríochtúla faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post níos airde ná:

(a) 85 % maidir leis an gCiste Comhtháthaithe;

(b) 85 % maidir le réigiúin bheagfhorbartha na mBallstát a raibh a meán‑OTI per capita sa tréimhse 2007 go 2009 níos ísle ná 85 % de mheán an AE-27 le linn na tréimhse céanna agus maidir leis na réigiúin is forimeallaí;

(c) 80 % maidir le réigiúin bheagfhorbartha na mBallstát seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (b) atá incháilithe le haghaidh chóras idirthréimhseach an Chiste Comhtháthaithe an 1 Eanáir 2014;

(d) 75 % maidir le réigiúin bheagfhorbartha na mBallstát seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c), agus maidir leis na réigiúin uile a raibh a OTI per capita don tréimhse 2007-2013 níos ísle ná 75 % de mheán an AE-25 don tréimhse tagartha ach a bhfuil a OTI per capita os cionn 75 % de mheán‑OTI an AE-27;

(e) 60 % maidir le réigiúin trasdula seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (d);

(f) 50 % maidir le réigiúin níos forbartha seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (d).

Ní bheidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal gach aise tosaíochta de chláir oibríochtúla faoi an chomhair chríochaigh Eorpaigh níos airde ná 75 %.

4.           Ní bheidh an ráta cómhaoinithe don leithdháileadh breise i gcomhréir le hAirteagal 84(1)(e) níos airde ná 50 %.

Beidh an ráta cómhaoinithe céanna i bhfeidhm maidir leis an leithdháileadh breise faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. [...]/2012 [Rialachán ETC].

5.           Déanfar an t‑uasráta cómhaoinithe faoi mhír 3 ar leibhéal na haise tosaíochta a mhéadú faoi dheich bpointe céatadáin, i gcás ina ndéantar ais tosaíochta iomlán a sholáthar trí ionstraimí airgeadais, nó trí fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail.

6.           Ní bheidh an ranníocaíocht ó na Cistí le haghaidh gach aise tosaíochta níos lú ná 20 % den chaiteachas poiblí incháilithe.

7.           Féadfar ais tosaíochta ar leithligh lena mbaineann ráta cómhaoinithe suas le 100 % a bhunú faoi chuimsiú cláir oibríochtúla chun tacú le hoibríochtaí arna gcur chun feidhme trí bhíthin ionstraimí airgeadais arna mbunú ar leibhéal an Aontais agus arna mbainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún. I gcás ina mbunaítear ais tosaíochta ar leithligh chun na críche sin, ní féidir an tacaíocht faoin ais sin a chur chun feidhme ar aon bhealach eile.

Airteagal 111 Modhnú na rátaí cómhaoinithe

Féadfar an ráta cómhaoinithe ó na Cistí chuig ais tosaíochta a mhodhnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(1) tábhacht na haise tosaíochta chun straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur i gcrích, ag féachaint do na bearnaí sonracha is gá aghaidh a thabhairt orthu;

(2) cosaint agus feabhsú an chomhshaoil, go háirithe trí phrionsabal an réamhchúraim, trí phrionsabal na gníomhaíochta coiscthí agus tríd an bprionsabal ‘íoc mar a thruaillítear’ a chur i bhfeidhm;

(3) ráta úsáidte an mhaoinithe phríobháidigh;

(4) cuimsiú limistéar ag a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha arna sainiú mar seo a leanas:

(a) Ballstáit oileánacha atá incháilithe faoin gCiste Comhtháthaithe, agus oileáin eile seachas na cinn sin ar a bhfuil príomhchathair an Bhallstáit suite nó a bhfuil nasc ceangailte acu leis an mórthír;

(b) limistéir shléibhteacha de réir mar a shainítear i reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit;

(c) limistéir faoi líon beag daoine (níos lú ná 50 cónaitheoir in aghaidh an chiliméadair chearnaigh) agus limistéir faoi líon fíorbheag daoine (níos lú ná 8 cónaitheoirí in aghaidh an chiliméadair chearnaigh).

CUID A CEATHAIR FORÁLACHA GINEARÁLTA IS INFHEIDME MAIDIR LEIS NA CISTÍ AGUS AN CEMI

TEIDEAL IVI BAINISTÍOCHT AGUS RIALÚ

CAIBIDIL I Córais bhainistíochta agus rialaithe

Airteagal 112 Freagrachtaí na mBallstát

1.           Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar córais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh na gclár oibríochta a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 62 agus Airteagal 63.

2.           Déanfaidh na Ballstáit neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú agus gnóthóidh siad méideanna a íocadh go míchuí, mar aon le hús ar bith ar íocaíochtaí déanacha. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi na neamhrialtachtaí sin agus coimeádfaidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le himeachtaí riaracháin agus dlíthiúla lena mbaineann.

Nuair nach féidir méideanna a íocadh go míchuí le tairbhí a ghnóthú mar thoradh ar locht nó faillí ar thaobh an Bhallstáit, beidh an Ballstát freagrach as na méideanna lena mbaineann a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena leagfar síos na rialacha mionsonraithe maidir le hoibleagáidí na mBallstát atá sonraithe sa mhír seo.

3.           Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir gach malartú faisnéise idir tairbhithe agus údaráis bhainistíochta, údaráis deimhniúcháin, údaráis iniúchóireachta agus comhlachtaí idirmheánacha a chur i gcrích trí chóras malartaithe leictreonaigh sonraí agus sin amháin tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2014.

Éascóidh na córais idir-inoibritheacht le creataí náisiúnta agus creataí an Aontais agus fágfaidh siad nach mbeidh ar na tairbhithe an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur isteach ach uair amháin.

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir leis na malartuithe faisnéise faoin mír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 143(3).

Ní bheidh feidhm ag an chéad mhír, an dara mír ná an tríú mír maidir leis an CEMI.

CAIBIDIL II Údaráis bhainistíochta agus rialaithe

Airteagal 113 Údaráis a ainmniú

1.           Déanfaidh an Ballstát, údarás poiblí nó comhlacht poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil a ainmniú mar údarás bainistíochta le haghaidh gach cláir oibríochtúla. Féadfar an t‑údarás poiblí nó comhlacht poiblí céanna a ainmniú mar údarás bainistíochta le haghaidh níos mó ná clár oibríochta amháin.

2.           Déanfaidh an Ballstát údarás poiblí nó comhlacht poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil a ainmniú mar údarás deimhniúcháin le haghaidh gach cláir oibríochtúla, gan dochar do mhír 3. Féadfar an t‑údarás deimhniúcháin céanna a ainmniú le haghaidh níos mó ná clár oibríochta amháin.

3.           Féadfaidh an Ballstát údarás bainistíochta a chuireann feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin i gcrích freisin a ainmniú le haghaidh cláir oibríochtúla.

4.           Déanfaidh an Ballstát, údarás poiblí nó comhlacht poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, atá neamhspleách ó thaobh feidhme ar an údarás bainistíochta agus ar an údarás deimhniúcháin, a ainmniú mar údarás iniúchóireachta le haghaidh gach cláir oibríochtúla. Féadfar an t‑údarás iniúchóireachta céanna a ainmniú le haghaidh níos mó ná clár oibríochta amháin.

5.           Maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus an CEMI, féadfaidh an t‑údarás bainistíochta, an t‑údarás deimhniúcháin, nuair is infheidhme, agus an t‑údarás iniúchóireachta a bheith mar chuid den údarás nó den comhlacht poiblí céanna, ar an gcoinníoll go n‑urramaítear prionsabal na deighilte feidhmeanna. Mar sin féin, i gcás na gclár oibríochta sin a bhfuil méid iomlán na tacaíochta ó na Cistí ina leith níos airde ná EUR 250 000 000 nó, an CEMI níos airde ná 100 000 000 ní fhéadfaidh an t‑údarás iniúchóireachta a bheith mar chuid den údarás poiblí nó den comhlacht poiblí céanna leis an údarás bainistíochta.

6.           Féadfaidh an Ballstát comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó a ainmniú chun cúraimí áirithe de chuid an údaráis bainistíochta agus de chuid an údaráis deimhniúcháin a dhéanamh faoi fhreagracht an údaráis sin. Déanfar na socruithe ábhartha idir an t‑údarás bainistíochta nó an t‑údarás deimhniúcháin agus na comhlachtaí idirmheánacha a thaifeadadh go foirmiúil i scríbhinn.

7.           Féadfaidh an Ballstát nó an t‑údarás bainistíochta an bhainistíocht ar chuid de chlár oibríochtúil a chur ar iontaoibh comhlachta idirmheánaigh trí chomhaontú i scríbhinn idir an comhlacht idirmheánach agus an Ballstát nó an t‑údarás bainistíochta (‘deontas foriomlán’). Soláthróidh an comhlacht idirmheánach ráthaíochtaí maidir lena shócmhainneacht agus lena inniúlacht sa réimse lena mbaineann, agus maidir lena bhainistíocht riaracháin agus airgeadais.

8.           Leagfaidh an Ballstát amach i scríbhinn na rialacha lena rialaítear an caidreamh idir an Ballstát sin agus na húdaráis bhainistíochta, na húdaráis deimhniúcháin agus na húdaráis iniúchóireachta, an caidreamh idir na húdaráis sin, agus caidreamh na n‑údarás sin leis an gCoimisiún.

Airteagal 114 Feidhmeanna an údaráis bainistíochta

1.           Beidh an t‑údarás bainistíochta freagrach as an gclár oibríochta a bhainistiú i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

2.           Maidir le bainistiú cláir an chláir oibríochtúil, déanfaidh an t‑údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a) tacóidh sé le hobair an choiste faireacháin agus cuirfidh sé an fhaisnéis atá de dhíth air chun a chúraimí a chomhlíonadh ar fáil dó, go háirithe sonraí a bhaineann le dul chun cinn an chláir oibríochtúil maidir lena chuspóirí a ghnóthú, sonraí airgeadais agus sonraí a bhaineann le táscairí agus garspriocanna;

(b) tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha deiridh ar chur chun feidhme a tharraingt suas agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin i ndiaidh don choiste faireacháin iad a fhormheas,

(c) faisnéis a chur ar fáil do chomhlachtaí idirmheánacha agus do thairbhithe, ar faisnéis í a bhaineann le comhlíonadh a gcúraimí agus cur chun feidhme na n‑oibríochtaí faoi seach;

(d) córas a bhunú chun sonraí maidir le gach oibríocht is gá chun faireachán, meastóireacht, bainistíocht airgeadais, fíorú agus iniúchadh a dhéanamh, lena n‑áirítear sonraí maidir le rannpháirtithe aonair in oibríochtaí, nuair is infheidhme, a thaifeadadh agus a stóráil i bhfoirm ríomhairithe;

(e) a áirithiú go ndéanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (d) a bhailiú, a iontráil agus a stóráil sa chóras, agus go ndéanfar sonraí maidir le táscairí a mhiondealú de réir inscne i gcás ina gceanglaítear sin in Iarscríbhinn I de Rialachán CSE.

3.           Maidir le hoibríochtaí a roghnú, déanfaidh an t‑údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a) nósanna imeachta agus critéir iomchuí roghnúcháin a tharraingt suas agus a chur i bhfeidhm a luaithe a fhormheasfar iad, agus beidh na nósanna imeachta agus na critéir sin:

(i)      neamh‑idirdhealaitheach agus trédhearcach;

(ii)      cuirfidh siad na prionsabail ghinearálta atá leagtha amach in Airteagal 7 agus Airteagal 8 san áireamh;

(b) a áirithiú go dtiocfaidh oibríocht a roghnófar faoi raon feidhme an Chiste nó na gCistí lena mbaineann agus go mbeidh sí laistigh de chatagóir idirghabhála nó, i gcás an CEMI, beart arna sainaithint i dtosaíocht nó i dtosaíochtaí in ais nó in aiseanna tosaíochta an chláir oibríochtúil;

(c) doiciméad a sholáthar don tairbhí ina leagtar amach na dálaí tacaíochta le haghaidh gach oibríochta, lena n‑áirítear na ceanglais shonracha maidir leis na táirgí nó na seirbhísí atá le soláthar faoin oibríocht, an plean maoinithe, agus an teorainn ama dá bhfeidhmiú;

(d) a dheimhniú dó féin go bhfuil na hacmhainní riaracháin, airgeadais agus oibriúcháin ag an tairbhí d’fhonn na coinníollacha atá sainithe i bpointe (c) a chomhlíonadh sula bhformheasfar an oibríocht;

(e) a dheimhniú dó féin, i gcás inar thosaigh an oibríocht sular cuireadh iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bainistíochta, gur comhlíonadh rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta a bhaineann leis an oibríocht;

(f) a áirithiú nach bhfaigheann an t‑iarratasóir tacaíocht ó na Cistí i gás ina raibh sé, nó inar cheart é a bheith, faoi réir nós imeachta um ghnóthú i gcomhréir le hAirteagal 61 i ndiaidh gníomhaíocht táirgthe laistigh den Aontas a athlonnú;

(g) na catagóirí idirghabhála nó, i gcás an CEMI, na bearta a bhfuil caiteachas oibríochta le cur ina leith a chinneadh.

4.           Maidir le bainistiú airgeadais agus rialú an chláir oibríochtúil, déanfaidh an t‑údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a) a fhíorú gur seachadadh na seirbhísí agus na táirgí cómhaoinithe agus go bhfuil an caiteachas a dhearbhaigh na tairbhithe íoctha acu agus go gcomhlíonann sé dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme, an clár oibríochta agus coinníollacha tacaíochta na hoibríochta;

(b) a áirithiú go ndéanfaidh na tairbhithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na n‑oibríochtaí a aisíoctar ar bhonn na gcostas incháilithe arna dtabhú iarbhír córas cuntasaíochta ar leith nó cód cuntasaíochta leormhaith a choimeád le haghaidh gach idirbhirt a bhaineann le hoibríocht;

(c) bearta frithchalaoise éifeachtacha agus comhréireacha a chur i bhfeidhm, ag cur na rioscaí a aithníodh san áireamh;

(d) nósanna imeachta a bhunú lena áirithiú go ndéanfar gach doiciméad a bhaineann leis an gcaiteachas agus leis na hiniúchtaí a theastaíonn chun rian iniúchóireachta leormhaith a áirithiú a shealbhú i gcomhréir le ceanglais Airteagal 62(g);

(e) an dearbhú urrúis bhainistíochta maidir le feidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe, le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart bunúsach agus le hurramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a tharraingt suas, mar aon le tuarascáil ina leagtar amach torthaí na rialuithe bainistíochta a cuireadh i gcrích, laigí ar bith a sainaithníodh sa chóras bainistíochta agus rialaithe agus beart ceartaitheach ar bith a rinneadh.

5.           Déanfar na nósanna imeachta seo a leanas a áireamh i bhfíoruithe de bhun mhír 4(a):

(a) fíoruithe riaracháin maidir le gach iarratas ar aisíocaíocht ag tairbhithe;

(b) fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí.

Beidh minicíocht agus cuimsiú na bhfíoruithe ar an láthair comhréireach le méid na tacaíochta poiblí a thugtar d’oibríocht agus leis an leibhéal riosca a aithneofar sna fíoruithe sin agus in iniúchtaí arna ndéanamh ag an údarás iniúchóireachta le haghaidh an chórais bhainistíochta agus rialaithe ina iomláine.

6.           Féadfar fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí aonair de bhun mhír (5)(b) a dhéanamh ar bhonn samplach.

7.           I gcás ina bhfuil an t‑údarás bainistíochta ina thairbhí faoin gclár oibriúcháin freisin, déanfar deighilt leormhaith feidhmeanna a áirithiú sna socruithe le haghaidh na bhfíoruithe dá dtagraítear i mír 4(a).

8.           Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena leagfar síos na rialacha mionsonraithe maidir le malartú faisnéise i mír 2(d).

9.           Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena leagfar síos na rialacha maidir le socruithe don rian iniúchóireachta dá dtagraítear i mír 4(d).

10.         Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an tsamhail don dearbhú bainistíochta dá dtagraítear i mír 4(e). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 143(2).

Airteagal 115 Feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin

Beidh údarás deimhniúcháin an chláir oibríochtúil freagrach go sonrach as:

(a) iarratais ar íocaíocht a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus a dheimhniú gur tháinig na torthaí sin as córais chuntasaíochta iontaofa, go bhfuil siad bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta infhíoraithe agus go raibh siad faoi réir fíoruithe ag an údarás bainistíochta;

(b) na cuntais bhliantúla a tharraingt suas;

(c) iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil a dheimhniú agus a dheimhniú go gcomhlíonann an caiteachas a iontráladh sna cuntais rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme agus gur tabhaíodh é i leith na n‑oibríochtaí a roghnaíodh lena gcistiú i gcomhréir leis na critéir a bhfuil feidhm acu maidir leis an gclár oibríochta agus a chomhlíonann rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta;

(d) a áirithiú go bhfuil córas ann a dhéanann taifid chuntasaíochta le haghaidh gach oibríochta a thaifead agus a stóráil, i bhfoirm ríomhairithe, agus a thacaíonn leis na sonraí uile a theastaíonn chun iarratais ar íocaíocht agus cuntais bhliantúla a tharraingt suas, lena n‑áirítear taifid ar mhéideanna inghnóthaithe, ar mhéideanna a gnóthaíodh agus ar mhéideanna a aistarraingíodh i ndiaidh na ranníocaíochta uile le haghaidh oibríochta nó cláir oibríochtúla nó cuid di a chealú;

(e) a áirithiú ar mhaithe le hiarratais ar íocaíocht a tharraingt suas agus a chur isteach go bhfuil faisnéis leormhaith faighte aige ón údarás bainistíochta maidir leis na nósanna imeachta agus na fíoruithe a cuireadh i gcrích i dtaca leis an gcaiteachas;

(f) a chur san áireamh, agus iarratais ar íocaíocht á dtarraingt suas agus á gcur isteach, torthaí na n‑iniúchtaí uile a rinne an t‑údarás iniúchóireachta nó a rinneadh faoina fhreagracht;

(g) taifid chuntasaíochta a choimeád i bhfoirm ríomhairithe maidir le caiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún agus maidir leis an ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach a íocadh le tairbhithe;

(h) cuntas a choimeád ar mhéideanna inghnóthaithe agus ar mhéideanna a aistarraingíodh i ndiaidh na ranníocaíochta uile le haghaidh oibríochta nó cuid di a chealú. Déanfar méideanna a gnóthaíodh a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais sula ndúnfar an clár oibríochta trí iad a asbhaint ón gcéad ráiteas caiteachais eile.

Airteagal 116 Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta

1.           Áiritheoidh an t‑údarás iniúchóireachta go ndéanfar iniúchtaí ar na córais bhainistíochta agus rialaithe, ar shampla iomchuí oibríochtaí agus ar na cuntais bhliantúla.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, chun na coinníollacha a chomhlíonfaidh na hiniúchtaí sin a leagan amach.

2.           I gcás ina ndéanfaidh comhlacht seachas an t‑údarás iniúchóireachta iniúchtaí, áiritheoidh an t‑údarás iniúchóireachta go mbeidh an neamhspleáchas ó thaobh feidhme is gá ag an gcomhlacht sin.

3.           Áiritheoidh an t‑údarás iniúchóireachta go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta san áireamh san obair iniúchóireachta.

4.           Ullmhóidh an t‑údarás iniúchóireachta, laistigh de shé mhí ón tráth a nglacfar clár oibríochta, straitéis iniúchóireachta chun iniúchtaí a dhéanamh. Leagfar síos sa straitéis iniúchóireachta, an mhodheolaíocht iniúchóireachta, an modh samplála maidir le hiniúchtaí ar oibríochtaí agus pleanáil na n‑iniúchtaí maidir leis an mbliain chuntasaíochta reatha agus an dá bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin. Déanfar an straitéis iniúchóireachta a nuashonrú gach bliain idir 2016 agus 2022, an bhliain sin san áireamh. I gcás ina bhfuil feidhm ag comhchóras bainistíochta agus rialaithe maidir le níos mó ná clár oibríochta amháin, féadfar straitéis iniúchóireachta amháin a ullmhú le haghaidh na gclár oibríochta lena mbaineann. Cuirfidh an t‑údarás iniúchóireachta an straitéis iniúchóireachta faoi bhráid an Choimisiúin arna iarraidh sin dó.

5.           Tarraingeoidh an t‑údarás iniúchóireachta suas na nithe seo a leanas:

(i)      tuairim iniúchóra ar na cuntais bhliantúla don bhliain chuntasaíochta roimhe sin, a mbeidh iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil, feidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart bunúsach faoina raon feidhme;

(ii)     tuarascáil bhliantúil ar rialú ina leagtar amach torthaí na n‑iniúchtaí a rinneadh le linn na bliana cuntasaíochta roimhe sin.

Leagfar amach faoi phointe (ii) sa tuarascáil easnaimh ar bith sa chóras bainistíochta agus rialaithe agus bearta ceartaitheacha ar bith a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh.

I gcás ina bhfuil feidhm ag comhchóras bainistíochta agus rialaithe maidir le níos mó ná clár oibríochta amháin, féadfar an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (ii) a ghrúpáil i dtuarascáil amháin.

6.           Déanfaidh an Coimisiún samhlacha maidir leis an straitéis iniúchóireachta, leis an tuairim iniúchóra agus leis an tuarascáil bhliantúil ar rialú, mar aon leis an modheolaíocht don mhodh samplála dá dtagraítear i mír 4, a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 143(3).

7.           Déanfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme maidir le húsáid sonraí arna mbailiú ag oifigigh an Choimisiúin nó ag ionadaithe údaraithe thar ceann an Choimisiúin le linn na n‑iniúchtaí sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 143(3).

CAIBIDIL III Creidiúnú

Airteagal 117 An t‑údarás bainistíochta agus an t‑údarás deimhniúcháin a chreidiúnú agus a gcreidiúnú a tharraingt siar

1.           Glacfaidh an comhlacht creidiúnúcháin cinneadh foirmiúil maidir leis na húdaráis bhainistíochta agus na húdaráis deimhniúcháin sin a chomhlíonann na critéir chreidiúnúcháin arna mbunú ag an gCoimisiún trí gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 142 a chreidiúnú.

2.           Beidh an cinneadh foirmiúil dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar thuarascáil agus ar thuairim ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta a dhéanann measúnú ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe, lena n‑áirítear ról na gcomhlachtaí idirmheánacha ann, agus ar an gcaoi ina gcomhlíonann sé Airteagal 62, Airteagal 63, Airteagal 114 agus Airteagal 115. Cuirfidh an comhlacht creidiúnúcháin san áireamh an bhfuil na córais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh an chláir oibríochtúil cosúil leis na cinn sin a bhí i bhfeidhm don tréimhse chláraithe roimhe sin, mar aon le fianaise ar bith maidir le feidhmiú éifeachtach na gcóras sin.

3.           Cuirfidh an Ballstát an cinneadh foirmiúil dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ón gcinneadh lena nglactar an clár oibríochta a ghlacadh.

4.           I gcás ina bhfuil méid iomlán na tacaíochta ó na Cistí do chlár oibríochtúil níos mó ná EUR 250 000 000 nó an CEMI níos mó ná EUR 100 000 , féadfaidh an Coimisiún, laistigh de dhá mhí tar éis dó an cinneadh foirmiúil dá dtagraítear i mír 1 a fháil, an tuarascáil agus an tuairim ón gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta agus an tuairisc ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe a iarraidh.

Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de dhá mhí tar éis dó na doiciméid sin a fháil.

Nuair a bheidh an Coimisiún ag cinneadh na doiciméid sin a iarraidh, cuirfidh sé san áireamh an bhfuil nó nach bhfuil na córais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh an chláir oibríochtúil cosúil leis na cinn sin a bhí i bhfeidhm don tréimhse chláraithe roimhe sin, an gcuireann nó nach gcuireann an t‑údarás bainistíochta feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin i gcrích freisin, mar aon le fianaise ar bith maidir le feidhmiú éifeachtach na gcóras sin.

Airteagal 118 Comhar le húdaráis iniúchóireachta

1.           Comhoibreoidh an Coimisiún le húdaráis iniúchóireachta d’fhonn a bpleananna agus a modhanna iniúchóireachta a chomhordú agus déanfaidh sé torthaí na n‑iniúchtaí arna ndéanamh ar chórais bhainistíochta agus rialaithe a mhalartú láithreach.

2.           D’fhonn an comhar seo a éascú i gcásanna ina n‑ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás iniúchóireachta amháin, féadfaidh an Ballstát comhlacht comhordúcháin a ainmniú.

3.           Tiocfaidh an Coimisiún, na húdaráis iniúchóireachta agus aon chomhlacht comhordúcháin atá ann le chéile ar bhonn rialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, mura gcomhaontaítear a mhalairt, d’fhonn an tuarascáil bhliantúil ar rialú, an tuairim iniúchóra agus an straitéis iniúchóireachta a scrúdú, agus d’fhonn tuairimí a mhalartú maidir le ceisteanna a bhaineann le feabhas a chur ar na córais bhainistíochta agus rialaithe.

TEIDEAL VII BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, IMRÉITEACH CUNTAS AGUS CEARTUITHE AIRGEADAIS

CAIBIDIL I Bainistíocht airgeadais

Airteagal 119  Comhrialacha maidir le híocaíochtaí

Áiritheoidh an Ballstát go mbeidh méid na tacaíochta poiblí a íocfar le tairbhithe, tráth a ndúntar an clár oibríochta ar a dhéanaí, cothrom leis an ranníocaíocht ó na Cistí, ar a laghad, a d’íoc an Coimisiún leis an Ballstát.

Airteagal 120 Comhrialacha maidir le híocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid bhliantúil agus an iarmhéid deiridh a ríomh

1.           Aisíocfaidh an Coimisiún mar íocaíochtaí eatramhacha 90% den mhéid a thig ón ráta cómhaoinithe le haghaidh gach aise tosaíochta arna leagan síos sa chinneadh lena nglactar an clár oibríochta a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas incháilithe le haghaidh na haise tosaíochta atá ar áireamh san iarratas ar íocaíocht. Cinnfidh sé an t‑iarmhéid bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 130(1).

2.           Ní bheidh an ranníocaíocht ó na Cistí nó ón CEMI le hais tosaíocht, trí bhíthin na n‑íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid bhliantúil agus íocaíocht an iarmhéid deiridh, níos airde ná:

(a) an tacaíocht phoiblí arna sonrú san iarratas ar íocaíocht le haghaidh na haise tosaíochta; agus

(b) an ranníocaíocht ó na Cistí nó ón CEMI le haghaidh na haise tosaíochta arna leagan síos sa chinneadh ón gCoimisiúin lena bhformheastar an clár oibríochta.

3.           D'ainneoin Airteagal 22, ní bheidh tacaíocht an Aontais trí bhíthin na n‑íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh níos airde ná an tacaíocht phoiblí agus uasmhéid na tacaíochta ó na Cistí nó ón CEMI maidir le gach ais tosaíocht mar atá leagtha síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochta.

Airteagal 121 Iarratais ar íocaíocht

1.           Áireofar sna hiarratais ar íocaíocht, maidir le gach ais tosaíocht:

(a) méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna íoc ag tairbhithe agus iad ag cur oibríochtaí chun feidhme, mar a iontráladh é i gcuntais an údaráis deimhniúcháin;

(b) méid iomlán na tacaíochta poiblí a tabhaíodh ag cur oibríochtaí chun feidhme, mar a iontráladh é i gcuntais an údaráis deimhniúcháin;

(c) méid iomlán na tacaíochta poiblí incháilithe comhfhreagraí a íocadh leis an tairbhí, mar a iontráladh é i gcuntais an údaráis deimhniúcháin.

2.           An caiteachas a áireofar in iarratais ar íocaíocht, cuirfear sonraisc admhaithe nó doiciméid chuntasaíochta a bhfuil luach cruthúnais atá coibhéiseach leis na sonraisc acu leis mar thacaíocht, cé is moite de chineálacha tacaíochta faoi Airteagal 57(1), (b), (c) agus (d), Airteagal 58, Airteagal 59(1) agus Airteagal 93 agus faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 [CSE]. I gcás cineálacha tacaíochta den sórt sin, is ionann na méideanna a áireofar san iarratas ar íocaíocht agus na costais arna n‑aisíoc leis an tairbhí ag an údarás bainistíochta.

3.           Déanfaidh an Coimisiún an tsamhail maidir le hiarratais ar íocaíocht a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 143(2).

Airteagal 122 Íocaíocht le tairbhithe

Áiritheoidh údaráis bhainistíochta go bhfaighidh na tairbhithe méid iomlán na tacaíochta poiblí a luaithe is féidir agus go hiomlán agus ar aon chuma roimh an gcaiteachas comhfhreagrach a áireamh san iarratas ar íocaíocht. Ní dhéanfar méid ar bith a asbhaint ná a choinneáil siar agus ní thoibheofar muirear sonrach ná muirear ar bith comhéifeachta a laghdódh na méideanna sin le haghaidh na dtairbhithe.

Airteagal 123 Úsáid an euro

1.           Déanfaidh Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra ar dháta iarratais ar íocaíocht na méideanna caiteachais a tabhaíodh san airgeadra náisiúnta a chomhshó in euro. Déanfar an méid a chomhshó in euro de réir ráta malartaithe cuntasaíochta míosúil an Choimisiúin an mhí inar cláraíodh an caiteachas i gcuntais údarás bainistíochta an chláir oibríochtúil lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún an ráta sin a fhoilsiú go leictreonach gach mí.

2.           Nuair a thiocfaidh an euro chun bheith mar airgeadra an Bhallstáit, beidh feidhm fós ag an nós imeachta comhshó atá leagtha amach i mír 1 maidir leis an gcaiteachas uile atá taifeadta sna cuntais ag an údarás bainistíochta roimh dháta theacht i bhfeidhm an ráta seasta comhshó idir an t‑airgeadra náisiúnta agus an euro.

Airteagal 124 Réamh‑mhaoiniú a íoc

1.           Déanfar an méid réamh‑mhaoinithe tosaigh a íoc i dtráthchodanna mar a leanas:

(a)     in 2014: 2 % de mhéid na tacaíochta ó na Cistí agus ón CEMI feadh na tréimhse clárúcháin iomláine leis an gclár oibríochta;

(b)     in 2015: 1 % de mhéid na tacaíochta ó na Cistí agus ón CEMI feadh na tréimhse clárúcháin iomláine leis an gclár oibríochta;

(c)     in 2016: 1 % de mhéid na tacaíochta ó na Cistí agus ón CEMI feadh na tréimhse clárúcháin iomláine leis an gclár oibríochta.

I gcás ina nglactar clár oibríochta in 2015 nó níos déanaí, íocfar na tráthchodanna is luaithe an bhliain a nglacfar é.

2.           Déanfar an méid réamh‑mhaoinithe bliantúil a íoc roimh an 1 Iúil sna blianta ó 2016 go 2022. In 2016, is 2 % de mhéid na tacaíochta ó na Cistí agus ón CEMI feadh na tréimhse clárúcháin iomláine leis an gclár oibríochta a íocfar. Sna blianta idir 2017 agus 2022, 2,5% de mhéid na tacaíochta ó na Cistí agus ón CEMI feadh na tréimhse clárúcháin iomláine leis an gclár oibríochta a íocfar.

Airteagal 125 Réamh‑mhaoiniú a imréiteach

Déanfar an méid arna íoc mar réamh‑mhaoiniú tosaigh a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 130.

Airteagal 126 Spriocdhátaí chun iarratais ar íocaíochtaí eatramhacha a chur isteach agus chun iad a íoc

1.           Déanfaidh an t‑údarás deimhniúcháin iarratas ar íocaíocht eatramhach ina gcuimsítear méideanna arna n‑iontráil ina chuntais mar thacaíocht phoiblí arna híoc le tairbhithe sa bhliain chuntasaíochta dar críoch 30 Meitheamh a chur isteach ar bhonn rialta.

2.           Déanfaidh an t‑údarás deimhniúcháin an t‑iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach a chur isteach faoin 31 Meitheamh i ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta roimhe sin agus, ar chuma ar bith, roimh an gcéad iarratas ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin.

3.           Ní dhéanfar an chéad iarratas ar íocaíocht eatramhach sula mbeidh an gníomh foirmiúil lena gcreidiúnaítear an t‑údarás bainistíochta faighte ag an gCoimisiún.

4.           Ní dhéanfar íocaíochtaí eatramhacha le haghaidh cláir oibríochtúla i gcás nach mbeidh tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme curtha chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 101 rialacha a bhaineann le Cisti sonracha.

5.           Faoi réir an chistithe a bheidh ar fáil, déanfaidh an Coimisiún an íocaíocht eatramhach tráth nach déanaí ná 60 lá i ndiaidh an dáta ar a ndéanfar iarratas ar íocaíocht a chlárú leis an gCoimisiún.

Airteagal 127 Saoradh

1.           Déanfaidh an Coimisiún aon chuid den mhéid a ríomhtar i gcomhréir leis an dara fomhír i gclár oibríochta agus nár úsáideadh chun an réamh‑mhaoiniú tosaigh agus bliantúil a íoc nó chun íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid bhliantúil a dhéanamh faoin 31 Nollaig den dara bliain airgeadais tar éis bhliain an cheangaltais bhuiséadaigh faoin gclár oibríochta nár cuireadh iarratas ar íocaíocht, arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 121, isteach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 126.

Chun críocha an tsaortha, déanfaidh an Coimisiún an méid a ríomh tríd an séú cuid den cheangaltas buiséadach bliantúil a bhaineann le ranníocaíocht bhliantúil iomlán 2014 a shuimiú le gach ceann de na ceangaltais bhuiséadacha do na blianta 2015 go 2020.

2.           De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 1, ní bheidh feidhm ag na spriocamanna maidir le saoradh i leith an cheangaltais bhuiséadaigh bhliantúil a bhaineann leis an ranníocaíocht bhliantúil iomlán don bhliain 2014.

3.           I gcás ina bhfuil baint ag an gcéad cheangaltas buiséadach bliantúil le ranníocaíocht bhliantúil iomlán 2015, de mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag na spriocamanna maidir le saoradh i leith an cheangaltais bhuiséadaigh bhliantúil a bhaineann leis an ranníocaíocht bhliantúil iomlán don bhliain 2015. Sna cásanna sin, déanfaidh an Coimisiún an méid a ríomh faoin gcéad fhomhír de mhír 1 tríd an gcúigiú cuid de na ceangaltais bhuiséadacha bhliantúla a bhaineann le ranníocaíocht bhliantúil iomlán 2015 a shimiú le gach ceann de na ceangaltais bhuiséadacha do na blianta 2016 go 2020.

4.           Saorfar an chuid sin de na ceangaltais a bheidh fós oscailte ar an 31 Nollaig 2022 mura bhfuil ceann ar bith de na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 130(1) curtha faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán fómhair 2023.

CAIBIDIL II Imréiteach cuntas agus dúnadh

Roinn I Imréiteach cuntas

Airteagal 128 Ábhar na gcuntas bliantúil

1.           Cumhdófar an bhliain chuntasaíochta sna cuntais bhliantúla dheimhnithe le haghaidh gach cláir oibríochtúla agus beidh an méid seo a leanas ar áireamh iontu ar leibhéal gach aise tosaíochta:

(a) méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna iontráil i gcuntais an údaráis deimhniúcháin mar mhéid a d’íoc tairbhithe agus na hoibríochtaí á gcur chun feidhme acu agus an tacaíocht phoiblí incháilithe chomhfhreagrach a íocadh agus méid iomlán na tacaíochta poiblí a tabhaíodh ag cur oibríochtaí chun feidhme;

(b) na méideanna atá aistarraingthe agus gnóthaithe le linn na bliana cuntasaíochta, na méideanna atá le gnóthú amhail ag deireadh na bliana cuntasaíochta, na méideanna a gnóthaíodh de bhun Airteagal 61, agus na méideanna neamh‑inghnóthaithe;

(c) le haghaidh gach aise tosaíochta, liosta de na hoibríochtaí a tugadh chun críche le linn na bliana cuntasaíochta agus a fuair tacaíocht ón CFRE, agus Ciste Comhtháthaithe agus ón CEMI;

(d) le haghaidh gach aise tosaíochta, réiteach idir an caiteachas atá sonraithe de bhun phointe (a) agus an caiteachas ata dearbhaithe maidir leis an mbliain chéanna chuntasaíochta in iarratais ar íocaíocht, agus beidh míniú faoi dhifríochtaí ar bith ag gabháil leis;

2.           Féadfaidh an t‑údarás deimhniúcháin foráil a shonrú, de réir aise tosaíochta sna cuntais, nach rachaidh thar 5 % den chaiteachas iomlán sna hiarratais ar íocaíocht arna dtíolacadh do bhliain chuntasaíochta ar leith, i gcás ina bhfuil measúnú ar dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais faoi réir nós imeachta leanúnaigh leis an údarás iniúchóireachta. Ní chuirfear an méid atá cumhdaithe ar áireamh i méid iomlán an chaiteachais incháilithe dá dtagraítear i mír 1(a). Cuirfear, nó ní chuirfear, na méideanna sin san áireamh go cinntitheach i gcuntais bhliantúla na bliana dar gcionn.

Airteagal 129 Faisnéis a chur isteach

Idir 2016 agus 2022, an bhliain sin san áireamh, cuirfidh an Ballstát na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 75(1) isteach maidir le gach bliain ar leith.

Airteagal 130 Imréiteach bliantúil cuntas

1.           Ar mhaithe leis an méid is inmhuirir i leith na gCistí agus leis an CEMI do bhliain chuntasaíochta ar leith a ríomh, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a)     méid iomlán an chaiteachais arna iontráil sna cuntais dá dtagraítear in Airteagal 128(1)(a), a gcuirfear an ráta cómhaoinithe seo a leanas i bhfeidhm maidir leis le haghaidh gach aise tosaíochta;

(b)     líon iomlán na n‑íocaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún le linn na bliana cuntasaíochta, agus arb é atá iontu:

(i)      méid na n‑íocaíochtaí eatramhacha arna n‑íoc ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 120(1) agus Airteagal 22; agus

(ii)      méid an réamh‑mhaoinithe bhliantúil arna íoc faoi Airteagal 124(2).

2.           An t‑iarmhéid bliantúil atá, mar thoradh ar imréiteach na gcuntas, inghnóthaithe ó Bhallstát, beidh sé faoi réir ordaithe ghnóthaithe ón gCoimisiún. An t‑iarmhéid bliantúil atá iníoctha leis an mBallstát, suimeofar é leis an gcéad íocaíocht eatramhach eile arna déanamh ag an gCoimisiún i ndiaidh na cuntais a imréiteach.

3.           Mura bhfuil sé ar chumas an Choimisiúin, ar chúiseanna atá inchurtha i leith Ballstáit, na cuntais a imréiteach faoin 30 Aibreán den bhliain i ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát faoi na gníomhaíochtaí ar gá don údarás bainistíochta nó don údarás iniúchóireachta tabhairt fúthu, nó faoi na fiosrúcháin bhreise a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún tabhairt fúthu de bhun Airteagal 65(2) agus (3).

4.           Íocfaidh an Coimisiún an t‑iarmhéid bliantúil bunaithe ar an gcaiteachas atá dearbhaithe sna cuntais, glan ar aon fhoráil a rinneadh maidir le caiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún atá faoi réir nós imeachta sáraíochta leis an údarás iniúchóireachta.

Airteagal 131 Dúnadh rollach

1.           I gcás an CFRE, agus an Chiste Comhtháthaithe agus an CEMI déanfar liosta de na hoibríochtaí a lánchríochnaíodh le linn na bliana cuntasaíochta a áireamh sna cuntais bhliantúla le haghaidh gach cláir oibríochtúla ar leibhéal gach aise tosaíochta. Measfar gur caiteachas dúnta é an caiteachas a bhaineann leis na hoibríochtaí sin atá ar áireamh sna cuntais atá faoi réir an chinnidh maidir le himréiteach.

2.           I gcás an CSE, measfar gur caiteachas dúnta é an caiteachas atá ar áireamh sna cuntais atá faoi réir cinnidh maidir le himréiteach.

Airteagal 132 Infhaighteacht doiciméad

1.           Gan dochar do na rialacha lena rialaítear Státchabhair, áiritheoidh an t‑údarás bainistíochta go mbeidh gach doiciméad tacaíochta maidir le hoibríochtaí ar fáil don Choimisiún agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa arna iarraidh sin dóibh ar feadh tréimhse trí bliana. Mairfidh an tréimhse trí bliana sin ón 31 Nollaig den bhliain ina ndéanfar cinneadh maidir le himréiteach cuntas de bhun Airteagal 130 nó, ar a dhéanaí, ón dáta a n‑íocfar an t‑iarmhéid deiridh.

Brisfear an tréimhse trí bliana sin i gcás imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin nó ar iarratas cuí-réasúnaithe ón gCoimisiún.

2.           Coimeádfar na doiciméid i bhfoirm na mbunchóipeanna, nó i bhfoirm cóipeanna dílse deimhnithe de na bunchóipeanna, nó ar iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo, lena n‑áirítear leaganacha leictreonacha de na bundoiciméid nó de dhoiciméid nach bhfuil le fáil acu i bhfoirm leictreonach.

3.           Coimeádfar na doiciméid sin i bhfoirm a áirithíonn nach féidir daoine is ábhar do na sonraí a aithint ach ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse is gá chun na gcríoch dar bailíodh na sonraí nó dá bhfuil tuilleadh próiseála á déanamh orthu.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142 chun na hiompróirí sonraí a mheasfar gur iompróirí sonraí iad a nglactar go coitianta leo a leagan síos.

5.           Déanfaidh na húdaráis náisiúnta an nós imeachta a leagan síos lena ndeimhnítear go bhfuil doiciméid atá á gcoimeád ar iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo i gcomhréir leis an mbundoiciméad, agus áiritheoidh an nós imeachta sin go gcomhlíonann na leaganacha atá á gcoimeád ceanglais náisiúnta dhlíthiúla agus gur féidir brath orthu chun críocha iniúchóireachta.

6.           I gcás doiciméad nach bhfuil le fáil ach i bhfoirm leictreonach, ní mór do na córais ríomhaireachta a mbaintear úsáid astu caighdeáin slándála a bhfuil glacadh leo chomhlíonadh, lena n‑áirithítear go gcomhlíonann na doiciméid atá á gcoimeád ceanglais náisiúnta dhlíthiúla agus gur féidir brath orthu chun críocha iniúchóireachta.

Roinn II Cláir oibríochtúlaí a dhúnadh

Airteagal 133  Doiciméid i leith dúnta a chur isteach agus an t‑iarmhéid deiridh a íoc

1.           Cuirfidh Ballstáit na doiciméid seo a leanas isteach faoin 30 Meán fómhair 2023:

(a) iarratas ar an iarmhéid deiridh a íoc;

(b) tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme maidir leis an gclár oibríochta a bhfuil tacaíocht aige ó na Cistí nó an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme don chlár oibríochta a bhfuil tacaíocht aige ón CEMI; agus

(c) na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 75(1) don bhliain chuntasaíochta deiridh, ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023.

2.           Íocfar an t‑iarmhéid deiridh tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh dháta imréitithe na gcuntas don bhliain chuntasaíochta deiridh nó mí amháin i ndiaidh an dáta a glacadh leis an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme, cibé dáta is déanaí.

Roinn III Íocaíochtaí a fhionraí

Airteagal 134  Íocaíochtaí a fhionraí

1.           Féadfaidh an Coimisiún gach íocaíocht eatramhach nó cuid de na híocaíochtaí eatramhacha ar leibhéal na n‑aiseanna tosaíochta na dtosaíochtaí nó na gclár oibríochta a fhionraí sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás ina bhfuil easnamh tromchúiseach ann i gcóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil, easnamh nár tugadh faoi bhearta ceartaitheacha ina leith;

(b) i gcás ina bhfuil baint ag caiteachas i ráiteas caiteachais le neamhrialtacht thromchúiseach nár ceartaíodh fós;

(c) i gcás inar mhainnigh Ballstát tabhairt faoin ngníomhaíocht is gá chun an cás a leigheas, rud a chuireann briseadh faoi deara faoi Airteagal 74;

(d) i gcás ina bhfuil easnamh tromchúiseach ann i gcáilíocht agus in iontaofacht an chórais faireacháin nó sna sonraí ar tháscairí coitianta agus ar tháscairí sonracha;

(e) i gcás inar mhainnigh Ballstát tabhairt faoi ghníomhaíochtaí arna leagan amach sa chlár oibríochtúil a bhaineann le coinníollachtaí ex ante a chomhlíonadh;

(f) i gcás ina bhfuil fianaise ann a thig ó athbhreithniú ar fheidhmíocht gur mhainnigh ais tosaíochta na garspriocanna atá leagtha amach sa chreat feidhmíochta a ghnóthú;

(g) i gcás inar mhainnigh Ballstát freagra a thabhairt nó freagra sásúil a thabhairt faoi Airteagal 20(3).

Sna rialacha do Chistí sonracha le haghaidh an CEMI féadfar forais bhreise a leagan síos maidir le fionraí íocaíochtaí áit inar mhainnigh Ballstát a oibleagáidí faoin gComhbhreatas Iascaigh a chomhlíonadh

2.           Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, gach íocaíocht eatramhach nó cuid de na híocaíochtaí sin a fhionraí, i ndiaidh dó deis a thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a thíolacadh.

3.           Cuirfidh an Coimisiún deireadh le fionraí na n‑íocaíochtaí eatramhacha nó cuid de na híocaíochtaí sin i gcás ina bhfuil na bearta is gá déanta ag an mBallstát chun an fhionraí a fhoirceannadh.

CAIBIDIL III Ceartuithe airgeadais

Roinn I Ceartuithe airgeadais ag Ballstáit

Airteagal 135  Ceartuithe airgeadais ag Ballstáit

1.           Beidh na Ballstáit freagrach, sa chéad ásc, as neamhrialtachtaí a imscrúdú agus as na ceartuithe airgeadais is gá a dhéanamh agus gnóthuithe a shaothrú. I gcás neamhrialtachta sistéamaí, leathnóidh an Ballstát a imscrúdú chun na hoibríochtaí ar fad a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh a chuimsiú ann.

2.           Déanfaidh an Ballstát na ceartuithe airgeadais is gá maidir le neamhrialtachtaí aonair nó sistéamacha arna mbrath in oibríochtaí nó i gcláir oibríochtúlaí. Is éard a bheidh i gceist le ceartuithe airgeadais an ranníocaíocht phoiblí iomlán le hoibríocht nó le clár oibríochta nó cuid de ranníocaíocht a chur ar ceal. Cuirfidh an Ballstát san áireamh cineál agus tromaíocht na neamhrialtachtaí agus an chaillteanais airgeadais i leith na gCistí nó an CEMI agus cuirfidh sé ceartú comhréireach i bhfeidhm. Déanfaidh an t‑údarás bainistíochta ceartuithe airgeadais a thaifeadadh sna cuntais bhliantúla le haghaidh na bliana cuntasaíochta ina gcinntear an cealú.    

3.           Féadfaidh an Ballstát an ranníocaíocht ó na Cistí nó ón CEMI a cealaíodh i gcomhréir le mír 2 a athúsáid laistigh den chlár oibríochtúil lena mbaineann, faoi réir mhír 4.

4.           Ní fhéadfar an ranníocaíocht a cealaíodh i gcomhréir le mír 2 a athúsáid le haghaidh oibríochta ar bith a bhí ina ábhar ceartaithe nó, i gcás ina ndéantar ceartú airgeadais i gcás neamhrialtachta sistéamaí, le haghaidh oibríochta ar bith a ndearna an neamhrialtacht shistéamach difear di.

5.           Sna rialacha a bhaineann le Cistí sonracha don CEMI féadfar rialacha nós imeachta breise, maidir le ceartú airgeadais i gcás neamhchomhlíonta rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Talmhaíochta, a leagan síos.

Roinn II Ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún

Airteagal 136  Critéir le haghaidh ceartuithe airgeadais

1.           Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais, trí ghníomhartha cur chun feidhme, trí ranníocaíocht an Aontais le clár oibríochta nó cuid de ranníocaíocht den sórt sin a chur ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 77 más rud é, i ndiaidh dó tabhairt faoin scrúdú is gá, go measann sé:

(a)     go bhfuil easnamh tromchúiseach ann i gcóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil, agus go bhfuil ranníocaíocht an Aontais a íocadh leis an gclár oibríochta cheana féin i mbaol dá bharr.

(b)     nár chomhlíon an Ballstát a oibleagáidí faoi Airteagal 135 sular osclaíodh an nós imeachta maidir le ceartuithe faoin mír seo;

(c)     go bhfuil an caiteachas san iarratas ar íocaíocht neamhrialta agus nár cheartaigh an Ballstát é sular osclaíodh an nós imeachta maidir le ceartuithe faoin mír seo.

Bunóidh an Coimisiún a cheartuithe airgeadais ar chásanna ar leithligh den neamhrialtacht atá tugtha faoi deara agus cuirfidh sé san áireamh más rud é gur neamhrialtacht shistéamach atá ann. I gcás nach féidir méid an chaiteachais neamhrialta a muirearaíodh ar na Cistí nó ar an CEMI a chainníochtú go cruinn, cuirfidh an Coimisiún ráta comhréidh nó ceartú eachtarshuite airgeadais i bhfeidhm.

2.           Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, agus cinneadh á dhéanamh aige faoi mhéid an cheartaithe faoi mhír 1, cineál agus tromaíocht na neamhrialtachta agus méid agus impleachtaí airgeadais na n‑easnamh sna córais bhainistíochta agus rialaithe a aimsíodh sa chlár oibríochtúil.

3.           I gcás in bhfuil seasamh an Choimisiúin bunaithe ar thuarascálacha iniúchóirí nach iniúchóirí a chuid seirbhísí féin iad, tiocfaidh sé ar a chonclúidí féin maidir leis na hiarmhairtí airgeadais tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar na bearta a rinne an Ballstát lena mbaineann faoi Airteagal 135(2), na fógraí a seoladh faoi Airteagal 112(3), agus freagraí ar bith ón mBallstát.

4.           I gcás ina suíonn an Coimisiún, bunaithe ar an iniúchadh ar thuarascáil deiridh ar chur chun feidhme an chláir oibríochtúil do na Cistí nó ar an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme don CEMI, go bhfuil mainneachtain thromchúiseach ann na spriocanna arna leagan amach sa chreat feidhmíochta a bhaint amach, féadfaidh sé ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, trí ghníomhartha cur chun feidhme, maidir leis na dtosaíochtaí haiseanna tosaíochta lena mbaineann.

5.           I gcás nach gcomhlíonann Ballstát a chuid oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 86, féadfaidh an Coimisiún, maidir lena mhéid nach gcomhlíontar na hoibleagáidí sin, ceartú airgeadais a dhéanamh trí ranníocaíocht na gCistí Struchtúracha leis an mBallstát nó cuid den ranníocaíocht sin a chur ar ceal.

6.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena mbunófar na critéir maidir le leibhéal an cheartaithe airgeadais atá le cur i bhfeidhm a leagan síos.

Airteagal 137 Nós imeachta

1.           Sula ndéanfar cinneadh maidir le ceartú airgeadais, seolfaidh an Coimisiún an nós imeachta tríd an mBallstát a chur ar an eolas faoi chonclúidí sealadacha a scrúdaithe agus trína iarraidh ar an mBallstát a bharúlacha a chur faoina bhráid laistigh de dhá mhí.

2.           I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún ceartú airgeadais a dhéanamh ar bhonn eachtarshuímh nó ráta chomhréidh, tabharfar deis don Bhallstát a léiriú, trí bhíthin scrúdaithe ar an doiciméadacht lena mbaineann, go bhfuil méid iarbhír na neamhrialtachta níos lú ná mar a mheas an Coimisiún. I gcomhaontú leis an gCoimisiún, féadfaidh an Ballstát raon feidhme an scrúdaithe sin a theorannú go dtí cion nó sampla iomchuí den doiciméadacht lena mbaineann. Ní rachaidh an t‑am a bheidh ceadaithe don scrúdú sin thar thréimhse dhá mhí eile tar éis an dá mhí dá dtagraítear i mír 1, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

3.           Déanfaidh an Coimisiún aon fhianaise a sholáthraíonn an Ballstát laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1 agus mír 2 a chur san áireamh.

4.           I gcás nach nglacfaidh an Ballstát le conclúidí sealadacha an Choimisiúin, tabharfar cuireadh don Bhallstát freastal ar éisteacht ag an gCoimisiún, d’fhonn a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha agus na barúlacha ábhartha ar fad ar fáil mar bhonn le conclúidí an Choimisiúin i dtaobh an ceartú airgeadais a chur i bhfeidhm.

5.           D’fhonn ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, laistigh de shé mhí ó dháta na héisteachta, nó ón dáta a fhaightear an fhaisnéis bhreise i gcás ina n‑aontaíonn an Ballstát faisnéis bhreise den sórt sin a chur isteach tar éis an éisteachta. Déanfaidh an Coimisiún gach faisnéis agus gach barúil a cuireadh isteach le linn an nós imeachta a chur san áireamh. Mura mbeidh éisteacht ann, tosóidh an tréimhse sé mhí dhá mhí tar éis dháta na litreach lenar tugadh cuireadh chuig an éisteacht agus a sheol an Coimisiún.

6.           I gcás ina mbraitheann an Coimisiún nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa neamhrialtachtaí a dhéanann difear do na cuntais bhliantúla, is é an toradh a bheidh ar an gceartú airgeadais dá thoradh sin go laghdófar an tacaíocht ó na Cistí leis an gclár oibríochta.

7.           Sna rialacha a bhaineann le Cistí sonracha don CEMI féadfar rialacha nós imeachta breise, maidir le ceartú airgeadais i gcás neamhchomhlíonta rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Talmhaíochta, a leagan síos.

Airteagal 138 Oibleagáidí na mBallstát

Ní dhéanfaidh ceartú airgeadais ag an gCoimisiún dochar d’oibleagáid an Bhallstáit gnóthuithe a shaothrú faoi Airteagal 135(2) den Rialachán seo agus Státchabhair a ghnóthú de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh agus faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle[32].

Airteagal 139 Aisíoc

1.           Déanfar aon aisíocaíocht a bheidh le déanamh le buiséad ginearálta an Aontais a chur i gcrích roimh an dáta dlite atá sonraithe san ordú gnóthaithe arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 73 den Rialachán Airgeadais. Is ar an lá deiridh den dara mí tar éis an t‑ordú a eisiúint a bheidh an dáta dlite.

2.           Má bhíonn aon mhoill ann a bhaineann le haisíocaíocht a dhéanamh, beidh ús i ngeall ar íocaíocht dheireanach i gceist ag tosú ar an dáta dlite agus ag críochnú ar dháta na híocaíochta iarbhír. Beidh ráta an úis sin céatadán go leith os cionn an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ina phríomhoibríochtaí athmhaoinithe ar an gcéad lá oibre den mhí ina mbeidh an dáta dlite.

TEIDEAL IIIVIII

Rialú comhréireach ar chláir oibríochtúla

            Airteagal 140 Rialú comhréireach ar chláir oibríochtúla

1.           Oibríochtaí nach dtéann an caiteachas incháilithe iomlán thar EUR 100 000 i leith na gCistí nó EUR 50 000 i leith an CEMI ní bheidh siad faoi réir níos mó ná iniúchta amháin ag an údarás iniúchóireachta ná ag an gCoimisiún roimh dhúnadh an chaiteachais uile lena mbaineann faoi Airteagal 131. Ní bheidh oibríochtaí eile faoi réir níos mó ná iniúchta amháin in aghaidh na bliana cuntasaíochta ag an údarás iniúchóireachta agus ag an gCoimisiún roimh dhúnadh an chaiteachais uile lena mbaineann faoi Airteagal 131. Ní dhéanann na forálacha seo dochar do mhír 4.

2.           I gcás clár oibríochta a léiríonn an tuairim iniúchóra is déanaí ina leith nach bhfuil aon easnaimh shuntasacha ann, féadfaidh an Coimisiún aontú leis an údarás iniúchóireachta sa chruinniú ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 118(3) go bhféadfar leibhéal na hoibre iniúchóireachta a cheanglaítear a laghdú ionas go mbeidh sé i gcomhréir leis na rioscaí a shuítear. I gcásanna den sórt sin, ní dhéanfaidh an Coimisiún féin a iniúchtaí ar an láthair mura bhfuil fianaise ann a thabharfadh le fios go bhfuil easnaimh sa chóras bainistíochta agus rialaithe a dhéanann difear do chaiteachas arna dhearbhú don Choimisiún i mbliain chuntasaíochta ina raibh na cuntais mar ábhar do chinneadh maidir le himréiteach.

3.           I gcás clár oibríochta dá bhfuil an Coimisiún den tuairim gur féidir leis dul i muinín thuairim an údaráis iniúchóireachta, féadfaidh sé aontú leis an údarás iniúchóireachta a iniúchtaí féin ar an láthair a shrianadh chun obair an údaráis iniúchóireachta a iniúchadh mura bhfuil fianaise ann go bhfuil easnaimh in obair an údaráis iniúchóireachta i mbliain chuntasaíochta ina raibh na cuntais mar ábhar do chinneadh maidir le himréiteach.

4.           Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an t‑údarás iniúchóireachta agus an Coimisiún iniúchtaí a dhéanamh ar oibríochtaí i gcás ina suítear i measúnú riosca go bhfuil riosca sonrach neamhrialtachta nó calaoise ann, i gcás ina bhfuil fianaise ann d’easnaimh thromchúiseacha sa chóras bainistíochta agus rialaithe den chlár oibríochtúil lena mbaineann, agus, le linn na 3 bliana tar éis dhúnadh an chaiteachais uile de chuid oibríochta faoi Airteagal 131, mar chuid de shampla iniúchóireachta. Féadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith, iniúchtaí a dhéanamh ar oibríochtaí ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar obair an údaráis iniúchóireachta trína ghníomhaíocht iniúchóireachta a dhéanamh arís.

CUID A CÚIGCEATHAIR

TARMLIGEAN CUMHACHTA, FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME, IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

CAIBIDIL I

Tarmligean cumhachta agus forálacha cur chun feidhme

Airteagal 141 Na hIarscíbhinní a leasú

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 142, leasuithe ar Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo a ghlacadh, faoi chuimsiú raon feidhme fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo.

Airteagal 142 An tarmligean a fheidhmiú

1.           Tugtar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.           Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa Rialachán seo a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ama ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5(3), 12, 20(4), 29(6), 32(1), 33(3), 33(4), 33(7), 34(3), 35(5), 36(4), 54(1), 58, 112(2), 114(8), 114(9), 116(1), 117(1), 132(4), 136(6) agus 141 a chúlghairm tráth ar bith.

Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.           A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin an tráth céanna.

5.           Ní thiocfaidh na gníomhartha tarmligthe i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula rachfaidh an tréimhse sin in éag, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse sin, nach bhfuil agóid déanta i gcoinne an ghnímh tharmligthe ag Parliamint na hEorpa ná ag an gComhairle, foilseofar an gníomh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta atá luaite ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse in éag, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe na cúiseanna lena hagóid.

Airteagal 143 Nós imeachta coiste

1.           Tabharfaidh Coiste Comhordúcháin na gCistí cúnamh don Choimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste faoi mhír 2 agus mhír 3 le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, nó i gcás ina n‑iarrfaidh (...) [líon na gcomhaltaí] (tromlach de...) [tromlach le sonrú: tromlach simplí, dhá thrian, etc.] comhaltaí de chuid an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun an tuairim a sholáthar.

I gcás nach dtugann an coiste tuairim uaidh, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL II

Forálacha idirthréimhseacha agus deiridh

Airteagal 144 Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 20XX i gcomhréir le hAirteagal 177 den Chonradh.

Airteagal 145 Forálacha idirthréimhseacha

1.           Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do bhuanú ná do mhodhnú, lena n‑áirítear cealú iomlán nó páirteach, na dtionscadal lena mbaineann, go dtí go ndúnfar iad, nó an chúnaimh arna fhaomhadh ag an gCoimisiún ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 nó aon reachtaíochta eile is infheidhme maidir leis an gcúnamh sin amhail an 31 Nollaig 2013.

2.           Beidh iarratais a rinneadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle fós bailí.

Airteagal 146 Aisghairm

1.           Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle, le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

2.           Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 147 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Eilimintí an Chomhchreata Straitéisigh a bhaineann le comhtháthú agus comhsheasmhacht le beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais, meicníochtaí comhordúcháin idir cistí an CSF agus le beartais agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais, prionsabail cothrománacha agus cuspóirí beartais trasearnála agus socruithe chun dul i ngleic le dúshláin chríochacha.

1.           RÉAMHRA

Ar mhaithe le ranníocaíocht na gcistí CSF le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a uasmhéadú, agus éagothromaíochtaí a laghdú ar an gcaoi sin, is gá a áirithiú go mbeidh infheistíocht trí na Cistí CSF agus ionstraimí Aontais eile ina gcranntaca ag na gealltanais bheartais a dhéanfar i gcomhthéacs na straitéise Eoraip 2020. Sonróidh na Ballstáit dá bhrí sin conas mar a chuideoidh a gcláir le cuspóirí beartais agus príomhspriocanna na straitéise Eoraip 2020 agus na dtionscnamh suaitheanta a bhaint amach.

2.           COMHTHÁTHÚ AGUS COMHSHEASMHACHT LE RIALACHAS EACNAMAÍOCH  AN AONTAIS

1.           Tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar chaiteachas a chuireann leis an bhfás, lena n‑áirítear caiteachas ar oideachas, taighde, nuálaíocht agus tíosacht ar fhuinneamh agus caiteachas chun an rochtain atá ag FBManna ar mhaoiniú a éascú agus chun inbhuanaitheacht chomhshaoil, bainistiú acmhainní nádúrtha agus gníomhú ar son na haeráide a áirithiú, agus chun éifeachtacht an chaiteachais sin a áirithiú. Cuirfidh siad san áireamh freisin conas cuimsiú agus éifeachtacht na seirbhísí fostaíochta agus beartas gníomhach maidir leis an margaidh saothair a chothabháil agus a neartú, agus béim ar leith acu ar dhífhostaíocht daoine óga.

2.           Agus a gConarthaí Comhpháirtíochta á n‑ullmhú acu, cláróidh na Ballstáit na Cistí CSF ag cur san áireamh na moltaí tír-sonracha is ábhartha agus is deireanaí arna n‑eisiúint ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, gach ceann acu i gcomhréir lena róil agus a n‑oibleagáidí . Déanfaidh na Ballstáit moltaí ábhartha ón gComhairle bunaithe ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus na cláir um choigeartú eacnamaíoch a chur san áireamh. Sa Chonradh Comhpháirtíochta sonróidh gach Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 14(a)(i) den Rialachán seo, conas mar a chuideoidh sreabha cistiúcháin éagsúla Aontais agus náisiúnta le dul i ngleic leis na dúshláin a aithníodh sna moltaí ábhartha tír-sonracha lena mbaineann agus díriú ar na moltaí atá leagtha amach ina gCláir Náisiúnta um Athchóiriú i ndlúthchomhairle leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla freagracha.

3.           MEICNÍOCHTAÍ COMHORDÚCHÁIN I MEASC NA GCISTÍ CSF

3.1         Réamhrá

1.           Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hidirghabhálacha arna dtacú trí na Cistí CSF comhlántach agus go gcuirfear chun feidhme iad ar bhealach comhordaithe as a dtiocfaidh laghdú ar chostais agus ualach riaracháin ar an talamh.

3.2         Comhordú agus comhlántacht

1.           Oibreoidh na Ballstáit agus údaráis bhainistíochta i ndlúthchomhar le chéile agus an Conradh Comhphairtíochta agus na cláir á n‑ullmhú, á gcur chun feidhme, agus faireachán agus measúnú á dhéanamh orthu. Go háirithe, áiritheoidh siad go gcuirfear na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcrích:

(a) réimsí idirghabhála a shainaithint inar féidir na Cistí CSF a chomhcheangal ar bhealach comhlántach chun cuspóirí téamacha atá leagtha amach sa Rialachán seo a bhaint amach;

(b) rannpháirteachas údarás bainistíochta atá freagrach as Cistí eile CSF nó údarás bainistíochta agus aireachtaí ábhartha eile i bhforbairt scéimeanna tacaíochta a chur chun cinn chun comhordú a áirithiú agus forluíonna a sheachaint.

(c) i gcás inar cuí, comhchoistí faireacháin le haghaidh clár lena gcuirtear na Cistí CFS chun feidhme, a bhunú, agus socruithe eile comhbhainistíochta agus rialaithe a fhorbairt chun comhordú idir údaráis atá freagrach as cur chun feidhme Cistí CSF a éascú;

(d) úsáid a bhaint as comhréitigh r-rialachais atá dírithe ar iarrthóirí agus tairbhithe, agus as ‘aonaid uileghnó’ chun comhairle a thabhairt faoi na deiseanna tacaíochta atá ar fáil trí gach ceann de na Cistí CSF;

(e) meicníochtaí a bhunú chun gníomhaíochtaí comhair arna maoiniú ag an CFRE agus CSE a chomhordú le hinfheistíochtaí arna dtacú ag na gcláir ‘Infheistíochta le haghaidh Fáis agus Post’

3.3         Cur chuige comhtháite a spreagadh

1.           Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inar cuí, na Cistí CSF a chomhcheangal ina bpacáistí comhtháite ar leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, agus iad saincheaptha chun díriú ar riachtanais shonracha chun tacú le spriocanna náisiúnta Eoraip 2020 a bhaint amach, agus bainfidh siad úsáid as Infheistíochtaí Críochacha Comhtháite, Oibríochtaí Comhtháite agus Comhphleananna Gníomhaíochta.

2.           Déanfaidh na Ballstáit forbairt cur chuige áitiúil agus fo-áitiúil a chur chun cinn, go háirithe trí fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail trí chinnteoireacht agus cur chun feidhme a tharmligean chuig comhpháirtíocht áitiúil de ghníomhaithe poiblí, príobháideacha agus gníomhaithe ón tsochaí shibhialta. Cuirfear forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail chun feidhme mar chuid de chur chuige straitéisigh lena áirithiú go gcuirfear san áireamh tosaíochtaí arna leagan síos ar leibhéal níos airde agus riachtanais áitiúla 'ó bhun aníos' á sainmhíniú. Dá bhrí sin, sainmhíneoidh na Ballstáit an cur chuige maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail sna gCistí CSF ar fad agus léireoidh siad sna Conarthaí Comhpháirtíochta na dúshláin atá le sárú ar an mbealach sin, na príomhchuspóirí agus na príomhthosaíochtaí le haghaidh forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, na cineálacha críoch atá le cuimsiú, an ról sonrach a thabharfar do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla agus straitéisí á gcur i bhfeidhm agus an ról a bheartaítear do na Cistí CSF éagsúla i gcur chun feidhme straitéisí forbartha áitiúla ar chineálacha éagsúla críoch amhail limistéir thuaithe, uirbeacha agus chósta agus na meicníochtaí comhordúcháin comhfhreagracha.

4.         COMHORDÚ CISTÍ CSF LE BEARTAIS AGUS IONSTRAIMÍ EILE AONTAIS

Ní hionann na cláir Aontais atá leagtha amach sa roinn seo agus liosta uileghabhálach.

4.1       Réamhrá

1.           Déanfaidh na Ballstáit anailís ar thionchar na mbeartas Aontais ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, agus ar chomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach, d’fhonn comhordú éifeachtach a chothú agus na modhanna is oiriúnaí a shainaithint agus a chur chun cinn i dtaobh cistí Eorpacha a úsáid chun tacú le hinfheistíocht áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.

2.           Áiritheoidh na Ballstáit comhsheasmhacht sna céimeanna clárúcháin agus cur chun feidhme idir idirghabhálacha arna dtacú ag Cistí CSF agus cuspóirí de chuid beartas eile Aontais. Chun na críche sin, féachfaidh siad leis na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

(a) comhlántachtaí idir ionstraimí éagsúla Aontais ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach a shainaithint agus a shaothrú, i gcéim na pleanála agus le linn an chur chun feidhme araon;

(b) struchtúir atá ann cheana a bharrfheabhsú agus i gcás inar gá, struchtúir nua a bhunú lena n‑éascófar sainaithint straitéiseach tosaíochtaí do na hionstraimí agus struchtúir éagsúla comhordúcháin ar an leibhéal náisiúnta, athobair a sheachaint agus réimsí inar gá tacaíocht airgeadais bhreise a shainaithint;

(c) úsáid iomlán a bhaint as an bhféidearthacht tacaíocht ó ionstraimí éagsúla a chomhcheangal chun tacú le hoibríochtaí aonair agus oibriú i ndlúthchomhar leo siúd atá freagrach as ionstraimí náisiúnta eile a chur chun feidhme chun deiseanna comhleanúnacha agus cuíchóirithe a chur ar fáil do thairbhithe.

4.2       Comhordú leis an gComhbheartas Talmhaíochta agus leis an gComhbheartas Iascaigh

1.           Is dlúthchuid den Chomhbheartas Talmhaíochta é an CETFT agus comhlánann sé na bearta faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta a thugann tacaíocht dhíreach d’fheirmeoirí agus a thacaíonn le bearta margaidh. Dá bhrí sin, bainisteoidh na Ballstáit na hidirghabhálacha sin le chéile chun sineirgíochtaí agus breisluach thacaíocht an AE a uasmhéadú.

2.           Féachann an CEMI le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh athchóirithe agus an Bheartais Mhuirí Chomhtháite a bhaint amach. Bainfidh na Ballstáit úsáid as an CEMI chun tacú le hiarrachtaí chun bailiú sonraí a fheabhsú agus rialú a neartú, agus áiritheoidh siad go lorgfar sineirgíochtaí chun tacú le tosaíochtaí an Bheartais Mhuirí Chomhtháite, amhail eolas muirí, spásphleanáil mhuirí, bainistiú comhtháite creasa cósta, faireachas muirí comhtháite, cosaint na timpeallachta muirí agus na bithéagsúlachta, agus oiriúnú d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide i limistéir chósta.

4.3       Fís 2020[33] agus cláir eile AE faoi bhainistíocht lárnach i réimsí an taighde agus na nuálaíochta

1.           Tabharfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún aird ar leith ar neartú comhordúcháin agus comhlántachtaí idir na Cistí CSF agus Fís 2020, an Clár um Iomaíochas Fiontar agus um fhiontair bheaga agus mheánmhéide (COSME)[34], agus ar chláir ábhartha eile Aontais faoi bhainistíocht lárnach agus deánfaidh siad dealú soiléir idir réimsí idirghabhála gach ceann acu.

2.           Go háirithe, forbróidh na Ballstáit taighde agus nuálaíocht (R&I) náisiúnta agus/nó réigiúnach le haghaidh ‘speisealtóireacht chliste’ i gcomhréir leis an gClár Náisiúnta um Athchóiriú. Forbrófar na straitéisí sin trí rannpháirteachas údarás bainistíochta náisiúnta nó réigiúnach agus geallsealbhóirí amhail ollscoileanna nó institiúidí ardoideachais, tionsclaíochta agus comhpháirtithe sóisialta i bpróiseas fionnachtana fiontraíochta. Beidh dlúthcheangal ag na húdaráis a bhaineann go díreach le Fís 2020 leis an bpróiseas sin. Faoi na straitéisí sin déanfar, inter alia, an méid seo:

(a) Forbrófar “Gníomhaíochtaí réamhtheachtacha” chun gníomhaithe Taighde agus Nuálaíochta a ullmhú chun bheith rannpháirteach in Fís 2020 trí fhorbairt acmhainní. Neartófar an chumarsáid agus an comhar idir pointí teagmhála náisiúnta Fís 2020 agus údaráis bhainistíochta na gCistí CSF.

(b) Tabharfaidh “ gníomhaíochtaí iartheachtacha” an dóigh le torthaí Taighde agus Nuálaíochta, a thig as Fis 2020 agus as cláir roimhe sin, a shaothrú agus a scaipeadh sa mhargadh agus aird ar leith ar thimpeallacht ghnó atá fabhrach don nuálaíocht a chruthú do FBManna agus atá ag luí leis na tosaíochtaí a sainaithníodh le haghaidh na gcríoch sa straitéis ábhartha speisealtóireachta cliste.

3.           Bainfidh na Ballstáit úsáid iomlán as na forálacha sa rialachán seo lena gceadaítear na Cistí CSF a chomhcheangal leis na cistí faoi Fís 2020 sna cláir ábhartha a úsáidfear chun codanna de na straitéisí a chur chun feidhme. Tabharfar comhthacaíocht d’údaráis náisiúnta agus réigiúnacha chun na straitéisí sin a cheapadh agus a chur chun feidhme, chun deiseanna cómhaoinithe bonneagar Taighde agus Nuálaíochta a bhaineann le leas na hEorpa a shainaithint, chun comhar idirnáisiúnta, tacaíocht mhodheolaíoch trí athbhreithnithe piaraí, malartú dea-chleachtais, agus oiliúint tras‑réigiúnach a chur chun cinn.

4.           Breithneoidh na Ballstáit na bearta breise seo a leanas atá ceaptha a n‑acmhainneacht barrfheabhais sa taighde agus sa nuálaíocht a spreagadh, ar bhealach atá comhlántach le Fís 2020 agus a chruthóidh sineirgíochtaí léi, go háirithe trí chómhaoiniú:

(a) lárionaid bharrfheabhais agus réigiúin nuálaíocha atá ag teacht chun cinn i mBallstáit bheagfhorbartha a nascadh le le lárionaid agus réigiúin mór le rá den sórt sin in áiteanna eile san Eoraip;

(b) naisc a chruthú le cnuasaigh nuálacha agus barrfheabhas i réigiúin bheagfhorbartha a aithint;

(c) “Ollúnachtaí LET (Limistéar Eorpach Taighde)” a bhunú chun lucht acadúil den scoth a mhealladh, go háirithe chuig na réigiúin bheagfhorbartha;

(d) tacú le rochtain ar líonraí idirnáisiúnta bheith ag taighdeoirí agus nuálaithe nach bhfuil chomh rannpháirteach céanna sa LET nó taighdeoirí agus nuálaitheó na réigiúin bheagfhorbartha;

(e) rannchuidiú mar is cuí leis na Comhpháirtíochtaí Eorpacha um Nuálaíocht ;

(f) institiúidí náisiúnta agus/nó cnuasaigh bharrfheabhais a ullmhú chun bheith rannpháirteach i bPobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus

(g) bheith ina n‑óstaigh do cláir um shoghluaisteacht taighdeoirí idirnáisiúnta ardcháilíochta a fhaigheann cómhaoiniú ó “Ghníomhaíochtaí Marie Sklodowska-Curie”.

4.4       Cistiú taispeántais an Chúlchiste Iontrálaithe Nua 300 (NER 300)[35]

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar cuí, go gcomhordófar maoiniú ó na Cistí CSF le tacaíocht ó chlár NER 300 (Cúlchiste Iontrálaithe Nua), a úsáideann na hioncaim ó cheantáil 300 milliún lámhaltas atá forchoimeádta faoi chúlchiste iontrálaithe nua na Scéime Eorpaí um Trádáil Astaíochtaí chun cómhaoiniú a dhéanamh ar raon leathan tionscadal taispeántais mórscála maidir le carbón a ghabháil agus a stóráil (CCS) agus maidir le teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite nuálacha ar fud na hEorpa chomh maith.

4.5       LIFE[36] (an Coiste um an Ionstraim Airgeadais don Chomhshaol) agus an acquis maidir leis an gcomhshaoil

1.           Féachfaidh na Ballstáit, nuair is féidir é, le sineirgíochtaí a shaothrú le hionstraimí beartais Aontais (ionstraimí cistiúcháin agus neamhchistiúcháin araon) a fhónann d’athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, do chosaint an chomhshaoil agus d’éifeachtúlacht acmhainní.

2.           Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar cuí, comhlántacht agus comhordú le LIFE, go háirithe le Tionscadail Chomhtháite i réimsí an dúlra, an uisce, na dramhaíola, an aeir, an mhaolaithe ar athrú aeráide agus an oiriúnaithe d’athrú aeráide. Déanfar an comhordú sin go háirithe trí chistiú gníomhaíochtaí leis na Cistí CSF a chomhlánann Tionscadail Chomhtháite faoi Chlár LIFE a chur chun cinn agus trí úsáid réiteach, modhanna agus cur chuige arna mbailíochtú faoi Chlár LIFE a chur chun cinn chomh maith.

3.           Na pleananna, cláir, nó straitéisí earnála ábhartha (lena n‑áirítear an Creat Gnímh Tosaíochta, an Plean um Bainistiú Abhantracha, an Plean um Bainistiú Dramhaíola, an plean náisiúnta maolaithe nó oiriúnaithe), dá dtagraítear sa Rialachán LIFE, beidh siad ina gcreat comhordúcháin ag an tacaíocht ó na Cistí éagsúla.

4.6       ERASMUS do Chách[37]

1.           Féachfaidh na Ballstáit le Cistí CSF a úsáid chun uirlisí agus modhanna a tastáladh agus a forbraíodh go ráthúil faoi “Erasmus do Chách” a phríomhshruthú.

2.           Áiritheoidh na Ballstáit comhordú éifeachtach idir Cistí CSF agus “Erasmus do Chách” ar an leibhéal náisiúnta trí dhealú soiléir a dhéanamh idir na cineálacha infheistíochta atá ann agus spriocghrúpaí a dtugtar tacaíocht dóibh. Féachfaidh na Ballstáit le comhlántacht a bhunú maidir le maoiniú gníomhaíochtaí soghluaisteachta, agus san am céanna sineirgíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann a lorg.

3.           Bainfear comhordú amach trí mheicníochtaí iomchuí comhair a chur ar bun idir údaráis bhainistíochta agus na gníomhaireachtaí náisiúnta arna mbunú faoin gclár “Erasmus do Chách”.

4.7       An Clár um Athrú Sóisialta agus Nuálaíocht (PSCI)[38]

1.           Féachfaidh na Ballstáit, i gcás inar cuí, le comhordú éifeachtach a bhunú idir an Clár um Athrú Sóisialta agus Nuálaíocht agus an tacaíocht a thugann na Cistí CSF faoi na cuspóirí téamacha maidir le fostaíocht agus cuimsiú sóisialta.

2.           Féachfaidh na Ballstáit, i gcás inar cuí, leis na bearta is rathúla arna bhforbairt faoi ais ascnaimh an PSCI a mhéadú, go háirithe maidir le nuálaíocht shóisialta agus tástáil beartais shóisialta le tacaíocht an CSE.

3.           Ar mhaithe le soghluaisteacht gheografach oibrithe a chur chun cinn agus deiseanna fostaíochta a mhéadú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gníomhaíochtaí atá ceaptha feabhas a chur ar shoghluaisteacht saothair thrasnáisiúnta a dtacaíonn an CSE leo, lena n‑áirítear comhpháirtíochtaí trasteorann, comhlántach le tacaíocht a thugtar faoi ais EURES den PSCI.

4.           Féachfaidh na Ballstáit le comhlántacht agus comhordú a bhunú idir an tacaíocht ó Chistí CSF d’fhéinfhostaíocht, fiontraíocht, cruthú gnó agus fiontar sóisialta agus tacaíocht an PSCI faoin ais micreamhaoinithe agus fiontraíochta sóisialta atá ceaptha rochtain ar mhicreamhaoiniú do na daoine is faide ón margadh saothair a mhéadú agus do mhicreafhiontair freisin agus féachfaidh siad le tacú le forbairt fiontar sóisialta chomh maith.

4.8       An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE)[39]

1.           Is é an SCE ciste tiomnaithe an Aontais le haghaidh chur chun feidhme na mbeartas Aontais do Ghréasáin Tras‑Eorpacha Iompair de bhonneagair (GTE‑I) i réimse an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh) Ar mhaithe le breisluach Eorpach a uasmhéadú sna réimsí sin, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go ndéanfar an CFRE agus idirghabhálacha na gCistí Comhtháite a phleanáil i dlúthchomhar leis an tacaíocht arna soláthar ag an SCE, ionas gur féidir athobair a sheachaint agus a áirithiú go ndéanfar foráil maidir le naisc optamacha de chineálacha éagsúla bonneagar ar leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, agus ar fud an Aontais. Áiritheofar uasghiaráil na n‑ionstraimí éagsúla cistiúcháin do thionscadail a mbeidh gné Eorpach agus Margaidh Aonair acu, agus go háirithe na tionscadail sin a chuireann chun feidhme na gréasáin tosaíochta de bhonneagair iompair, fuinnimh agus dhigiteacha atá sainaitheanta sna creata beartais GTE faoi seach.

2.           I réimse an iompair, beidh pleananna bunaithe ar an éileamh réadúil agus réamh‑mheasta iompair agus aithneofar sna pleananna sin naisc atá ar iarraidh agus scrogaill tráchta, cuirfear san áireamh forbairt nasc trasteorann an Aontais, agus forbrófar naisc ar fud réigiún laistigh de Bhallstát. Aon infheistíocht a dhéantar i lúdracht réigiúnach leis an ngréasán cuimsitheach tras‑Eorpach iompair (GTE‑I) agus leis an gcroí‑ghréasán GTE‑I, áiritheofar léi go dtairbheoidh limistéir uirbeacha agus tuaithe de na deiseanna a bhaineann leis na príomhghréasáin.

3.           Nuair a thugtar tosaíocht d'infheistíochtaí a mbeidh tionchar lasmuigh de Bhallstát ar leith acu, go háirithe feadh chonairí chroíghréasán an GTE‑I, comhordófar é le pleanáil GTE‑I agus le pleananna um chur chun feidhme conairí croíghréasáin, ionas go mbeidh infheistíochtaí ón CFRE agus ón gCiste Comhtháite sa bhonneagar iompair ag luí go hiomlán le Treoirlínte an GTE‑I.

4.           Cuirfidh na Ballstáit san áireamh an Páipéar Bán ón gCoimisiúin maidir le hIompar[40], ina leagtar amach fís le haghaidh córas iompair iomaíoch agus tíosach ar acmhainní, agus ina gcuirtear béim ar an ngá atá laghdú suntasach ar na gáis cheaptha teasa in earnáil an iompair. I gcás na gCistí CSF, ciallaíonn sé sin díríú ar fhoirmeacha inbhuanaithe iompair agus ar shoghluaisteacht inbhuanaithe uirbeach chomh maithe le hinfheistiú a dhéanamh i limistéir a mbeidh an breisluach Eorpach is mó ag baint leo. Ón uair a shainaithneofar iad, cuirfear infheistíochtaí in ord tosaíochta de réir a an méid a rannchuidíonn siad le soghluaisteacht, le hinbhuanaitheacht, le gáis cheaptha teasa a laghdú, agus leis an Limistéar Iompair Eorpach Aonair.

5.           Tabharfaidh na Cistí CSF na bonneagair áitiúla agus réigiúnacha agus a nascuithe do na gréasáin tosaíochta Aontais i réimsí an fhuinnimh agus na teileachumarsáide.

6.           Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún meicníochtaí comhordúcháin agus tacaíochta teicniúla iomchuí a chur ar bun chun comhlántacht agus pleanáil éifeachtach beart TFC (Teicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide) a áirithiú chun úsáid iomlán a bhaint as na hionstraimí éagsúla Aontais (Cistí CSF, SCE, gréasáin Tras‑Eorpacha, Fís 2020) atá ann chun gréasán leathanbhanda agus na mbonneagar seirbhísí digiteacha a mhaoiniú. Agus an ionstraim maoinithe is iomchuí á roghnú cuirfear san áireamh acmhainneacht ghinte ioncaim na hoibríochta agus an leibhéal riosca a bhaineann leis chun an úsáid is éifeachtaí is féidir a bhaint as cistí poiblí. Sa chás inar cuireadh oibríocht isteach ar chistiú SCE ach nár roghnaíodh í, déanfaidh an Ballstát a meastóireacht faoin SCE a chur san áireamh agus iad sin a gheobhaidh tacaíocht ó na Cistí CSF á roghnú.

4.9       An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA), an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (ENI) agus an Ciste Forbraíochta Eorpach (CFE)[41]

1.           Féachfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún le comhordú idir ionstraimí seachtracha agus na Cistí CSF a mhéadú chun iliomad cuspóirí beartais Aontais a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí. Tá comhordú agus comhlántachtaí idir an Ciste Forbraíochta Eorpach, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht thar a bheith tábhachtach.

2.           Ar mhaithe le tacú le lánpháirtíocht chríochach níos doimhne, féachfaidh na Ballstáit le tairbhe a bhaint as gníomhaíochtaí comhair chríochaigh faoi bheartas comhtháite agus faoi na hIonstraimí Eorpacha um Chomharsanacht, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí comhair trasteorann. Áiritheoidh na Ballstáit freisin, i gcás inar cuí, go mbainfidh gníomhaíochtaí atá ann cheana le Grúpáil Eorpach um Chomhar Críche nua-chruthaithe, ag féachaint go háirithe do chomhar agus do mhalartú dea‑chleachtas.

5.         Comhordú le Gníomhaíochtaí Comhair

1.           Féachfaidh na Ballstáit le comhlántacht a bhunú idir gníomhaíochtaí comhair agus gníomhaíochtaí eile a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF.

2.           Áiritheoidh na Ballstáit go rannchuideoidh gníomhaíochtaí comhair ar bhealach éifeachtach le cuspóirí na straitéise Eoraip 2020 agus go n‑eagrófar comhar chun tacú le spriocanna beartais níos leithne. Ar mhaithe lena leithéid sin a bhaint amach áiritheoidh na Ballstáit comhlántacht agus comhordú le cláir nó ionstraimí eile arna gcistiú ag an Aontas.

3.           Ar mhaithe le héifeachtacht an bheartais chomhtháite a threisiú, féachfaidh na Ballstáit leis go mbeidh comhordú agus comhlántacht idir an Comhar Críochach Eorpach agus na cláir um “Infheistíocht le haghaidh Fáis agus Post”, go háirithe le pleanáil chomhtháite a áirithiú agus le cur chun feidhme infheistíochta mórscála a éascú.

4.           Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar cuí, go mbeidh cuspóirí na straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuacha mar chuid den phleanáil straitéiseach fhoriomlán i gcláir an bheartais chomhtháthaithe sna réigiúin agus sna Ballstáit lena mbaineann. Áiritheoidh na Ballstáit freisin, i gcás ina bhfuil straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuacha curtha ar bun, go dtacóidh na Cistí CSF uile, i gcás inar cuí, lena gcur chun feidhme. Ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtúil a áirithiú beidh comhordú ann freisin le hionstraimí eile a fhaigheann tacaíocht ón Aontas agus le hionstraimí ábhartha eile chomh maith.

5.           I gcás inar cuí, bainfidh na Ballstáit úsáid as an deis gníomhaíochtaí idir-réigiúnacha agus trasnáisiúnta a dhéanamh le tairbhithe atá lonnaithe i mBallstát amháin eile ar a laghad faoi chuimsiú chreat na gclár oibríochtúil faoin sprioc “hInfheistíocht le haghaidh Fáis agus Post”, lena n‑áirítear cur chun feidhme beart ábhartha taighde agus nuálaíochta a thig as a straitéisí speisealtóireachta cliste.

6.         PRIONSABAIL CHOTHROMÁNACHA AGUS CUSPÓIRÍ BEARTAIS THRASEARNÁLA

A. Prionsabail chothrománacha

6.1       Comhpháirtíocht agus rialachas il-leibhéil

I gcomhréir le hAirteagal 5, urramóidh na Ballstáit prionsabal na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil chun gur fusa comtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach agus cur i gcrích thosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach. Chuige sin ní mór gníomhaíocht chomhordaithe, i gcomhpháirtíocht, arna déanamh i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Beidh comhar oibríochtúil agus institiúidithe i gceist leis sin, go háirithe maidir le beartais an Aontais a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, bainfidh na Ballstáit lánúsáid as na comhpháirtíochtaí arna mbunú faoi chuimsiú na gCistí CSF.

6.2       Forbairt inbhuanaithe

1.           D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an fhorbairt inbhuanaithe a ionchorprú ina hiomláine san cistí CSF, agus ag urramú phrionsabal na forbartha inbhuanaithe mar atá leagtha síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus na hoibleagáide i dtaobh ceanglas maidir le cosaint chomhshaoil a chomhtháthú i gcomhréir le hAirteagal 11 agus an phrionsabail ‘íoc mar a thruaillítear’ mar atá leagtha amach in Airteagal 192 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh údaráis bhainistíochta gníomhaíochtaí go feadh shaolré an chláir, chun éifeachtaí díobhálacha idirghabhálacha a sheachaint nó a laghdú agus chun torthaí i bhfoirm glansochar sóisialta, comhshaoil agus aeráide a áirithiú trí na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) infheistíochtaí a threorú i dtreo na roghanna is tíosaí ar acmhainní agus is inbhuanaithe,

(b) infheistíochtaí a bhféadfadh tionchar diúltach nach beag a bheith acu ar an gcomhshaol nó ar an aeráid a sheachaint, agus tacú le gníomhaíochtaí chun aon tionchair a bheadh fágtha a mhaolú,

(c) peirspeictíocht fadthéarmach a ghlacadh agus costais ‘shaolré’ na roghanna malartacha infheistíochta á gcur i gcomparáid,

(d) soláthar poiblí glas a mhéadú.

2.           Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh infheistíochtaí arna ndéanamh le tacaíocht na gCistí CSF an acmhainn mhaolaithe ar athrú aeráide san áireamh, chomh maith le bheith athléimneach ó thaobh tionchair ar athrú aeráide agus tubaistí nádúrtha amhail rioscaí tuilte, tonnta teasa agus eachtraí adhaimsire.

3.           Déanfaidh na Ballstáit bithéagsúlacht a bhaineann le caiteachas a rianú trí úsáid a bhaint as an mhodheolaíocht atá bunaithe ar na catagóirí idirghabhála nó ar na bearta arna nglacadh ag an gCoimisiún .

4.           Ní mór na hinfheistíochtaí a bheith comhsheasmhach le hord na réiteach uisce, agus béim á cur ar roghanna bainistithe éilimh agus gan roghanna soláthair malartacha a chur san áireamh ach amháin nuair a bheidh deireadh leis na féidearthachtaí maidir le coigealtas uisce agus éifeachtúlacht. Beidh idirghabháil phoiblí in earnáil an bhainistithe dramhaíola comhlántach le hiarrachtaí san earnáil phríobháideach, go háirithe maidir le freagracht an táirgeora. Ba cheart do ghníomhaíochtaí tacú le cineálacha cur chuige nuálacha a chuireann geilleagar lúbiata chun cinn agus ní foláir dóibh a bheith comhsheasmhach le hord na réiteach dramhaíola.

6.3       Comhionannas idir fir agus mná agus neamh‑idirdhealú a chur chun cinn

1.           I gcomhréir le hAirteagal 7, saothróidh na Ballstáit cuspóir an chomhionannais idir fir agus mná agus ní mór dóibh bearta iomchuí a dhéanamh chun aon idirdhealú a sheachaint agus chun inrochtaineacht a áirithiú agus oibríochtaí sna cláir arna gcómhaoiniú ag na Cistí CSF a n‑ullmhú, a gcur chun feidhme, agus faireachán agus meastóireacht á dhéanamh orthu. Agus cuspóirí Airteagal 7 á saothrú acu, tabharfaidh na Ballstáit cur síos mionsonraithe ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh, go háirithe maidir le roghnú oibríochtaí, socrú cuspóirí idirghabhálacha, agus socruithe chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh. Déanfaidh na Ballstáit anailísí inscne i gcás inar cuí.

2.           Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteachas na gcomhlachtaí ábhartha atá freagrach as comhionannas inscne, neamh‑idirdhealú agus inrochtaineacht sa chomhpháirtíocht a chur chun cinn, agus áiritheoidh siad struchtúir leordhóthanacha i gcomhréir le cleachtais náisiúnta chun comhairle a thabhairt maidir leis an gcomhionannas inscne, neamh‑idirdhealú agus inrochtaineacht chun an saineolas is gá a sholáthar agus na Cistí CSF á n‑ullmhú agus faireachán agus meastóireacht á ndéanamh orthu. Beidh comhdhéanamh na gcoistí faireacháin cothromaithe ó thaobh inscne agus áireofar iontu saineolas inscne/feidhm freagrachta.

3.           Gabhfaidh údaráis bhainistíochta meastóireachtaí sonracha nó cleachtaí féinmheasúnaathe de láimh go rialta, i gcomhar leis na coistí faireacháin, ag díriú ar chur i bhfeidhm phrionsabal na hinscne a phríomhshruthú.

4.           Díreoidh na Ballstáit, ar bhealach iomchuí, ar riachtanais na ngrúpaí faoi mhíbhuntáiste chun gur féidir leo lánpháirtiú níos fearr sa mhargadh saothair, agus a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí.

B. Cuspóirí beartais trasearnála

6.4       An inrochtaineacht

1.           Maidir leis na táirgí, na hearraí, na seirbhísí agus na bonneagair go léir atá oscailte nó ar fáil don phobal agus atá cómhaoinithe ag na Cistí CSF, airitheoidh údaráis bhainistíochta go bhfuil siad inrochtana ag na saoránaigh uile lena n‑áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas. Go háirithe, ní foláir a áirithiú go mbeidh ag gach grúpa faoi mhíbhuntáiste, lena n‑áirítear daoine faoi mhíchumas, inrochtaineacht ar an timpeallacht fisiciúil, ar an iompar, agus ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide ionas nach ndéanfar leithcheal orthu. Gabhfaidh údaráis bhainistíochta gníomhaíochtaí de láimh go feadh shaolré an chláir chun bacainní inrochtana atá ann cheana a shainaithint agus a bhaint nó chun bacainní nua a chosc.

6.5       Diríú ar athrú deimeagrafach

1.           Déanfar na dúshláin a thig as athrú deimeagrafach a chur san áireamh ar gach leibhéal. Dá bhrí sin, bainfidh na Ballstáit úsáid as na Cistí CSF chun straitéisí saincheaptha a fhorbairt, i gcás inar cuí, chun dul i ngleic le fadhbanna deimeagrafacha agus chun fás a bhaineann le sochaí atá ag aosú a chruthú.

2.           Bainfidh na Ballstáit úsáid as na Cistí CSF chun dul i mbun birt chun cuimsiú gach aois‑ghrúpa a éascú. Cuirfidh siad go háirithe le deiseanna fostaíochta do dhaoine óga agus cnagaosta. Ach infheistíochtaí a dhéanamh i mbonneagair sláinte fónfar don sprioc i dtaobh saol oibre fada sláintiúil a áirithiú do shaoránaigh uile an Aontais.

3.           Sna réigiúin is mó atá thíos le hathrú deimeagrafach, sainaithneoidh na Ballstáit na bearta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) tacú le hathnuachan deimeagrafach trí dhálaí níos fearr do theaghlaigh agus cothromaíocht níos fearr idir saol na hoibre agus saol an teaghlaigh a chur chun cinn;

(b) fostaíocht a mhéadú, táirgiúlacht agus feidhmíocht eacnamaíoch a ardú trí infheistiú in oideachas, TFC agus taighde;

(c) díriú ar leormhaitheas agus cáilíocht oideachais agus na struchtúr tacaíochta sóisialta; agus

(d) soláthar cúraim shláinte atá cost‑éifeachtach agus cúram fadthéarmach a áirithiú, lena n‑áirítear infheistíocht sa ríomhshláinte, sa ríomhchúram agus sa bhonneagar.

6.6       Maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin

Déanfar maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus cosc ar rioscaí maidir le hathrú aeráide a ionchorprú in ullmhú, clárú, cur chun feidhme gach ciste agus san fhaireachán agus sa mheastóireacht a dhéantar orthu.

Áiritheofar infheictheacht na n‑iarrachtaí i dtreo an sprioc 20 % de bhuiséad an Aontais ar a laghad a chaitheamh ar mhaolú ar athrú aeráide.

7. SOCRUITHE CHUN DUL I NGLEIC LE DÚSHLÁIN CHRÍOCHACHA

7.1.      Déanfaidh na Ballstáit agus na réigiúin na bearta seo a leanas a ghabháil de láimh chun críche a gConarthaí Comhpháirtíochta agus a gcláir a ullmhú:

(a) Anailís ar acmhainneacht agus cumas forbartha an Bhallstáit nó an réigiúin, go háirithe i ndáil leis na príomhdhúshláin a sainaithníodh in Eoraip 2020, sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú agus sna moltaí ábhartha tír-sonracha. Déanfaidh na húdaráis fhreagracha anailís mhionsonraithe ar shaintréithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a ghabháil de láimh.

(b) measúnú ar na príomhdhúshláin a mbeidh ar an réigiún nó an Ballstát díriú orthu, sainaithint na scrogall tráchta agus nasc atá ar iarraidh, bearnaí nuálaíochta, lena n‑áirítear easpa acmhainneachta pleanála agus cur chun feidhme a chuirfidh bac ar acmhainneacht fhadthéarmach fáis agus post. Beidh an méid sin ina bhonn chun réimsí agus gníomhaíochtaí féideartha ó thaobh beartais a chur in ord tosaíochta, idirghabhála agus comhchruinniú a shainaithint;

(c) Measúnú ar na dúshláin chomhordúcháin thrasearnála, thrasdhlínse nó thrasteorann, go háirithe i gcomhthéacs na straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuacha;

(d) Bearta a shainaithint chun comhordú níos fearr thar leibhéil éagsúla chríochacha agus acmhainní cistiúcháin a bhaint amach chun go mbeidh cur chuige comhtháite ann lena nascfar Eoraip 2020 le gníomhaithe réigiúnacha agus áitiúla.

7.2.      Ar mhaithe le cuspóir an chomhtháthaithe chríochaigh a chur san áireamh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an cur chuige foriomlán i leith fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur chun cinn an méid seo a leanas:

(a) léireoidh sé ról na gcathracha, na limistéar tuaithe iascaigh agus na limistéar cósta, na limistéar atá ag tabhairt aghaidh ar fhadhbanna sonracha geografacha nó deimeagrafacha;

(b) Cuirfidh sé san áireamh dúshláin shonracha na réigiún is forimeallaí, na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil daonra an‑íseal iontu agus na réigiún oileánach, trasteorann nó sléibhe;

(c) díreoidh sé ar naisc uirbeacha-thuaithe, i dtéarmaí rochtana ar bhonneagair agus seirbhísí ar phraghas réasúnta, cáilíochta, agus fadhbanna i réigiúin ina bhfuil ardtiúchan pobal atá imeallaithe go sóisialta.

IARSCRÍBHINN II

Modh lena mbunaítear an creat feidhmíochta

1.           Is éard a bheidh sa chreat feidhmíochta garspriocanna atá bunaithe do gach tosaíocht maidir leis na blianta 2016 agus 2018 agus do spriocanna atá bunaithe le haghaidh 2022. Cuirfear na garspriocanna agus na spriocanna i láthair i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i dtábla 1.

Tábla 1: Formáid chaighdeánach don chreat feidhmíochta

Tosaíocht || Táscaire agus aonad tomhais, nuair is iomchuí || Garsprioc le haghaidh 2016 || Garsprioc le haghaidh 2018 || Sprioc le haghaidh 2022

|| || || ||

|| || || ||

|| || || ||

|| || || ||

2.           Spriocanna idirmheánacha iad garspriocanna a bhaineann le gnóthú cuspóra sonraigh tosaíochta lena sloinntear an dul chun cinn atá beartaithe i dtreo na spriocanna atá socraithe do dheireadh na tréimhse. Áireofar le garspriocanna atá bunaithe le haghaidh 2016 táscairí airgeadais agus táscairí aschuir. Áireofar le garspriocanna atá bunaithe le haghaidh 2018 táscairí airgeadais, táscairí aschuir agus, nuair is iomchuí, táscairí toraidh. Féadfar garspriocanna a bhunú freisin le haghaidh na bpríomhchéimeanna cur chun feidhme.

3.           Beidh na nithe seo a leanas i gceist le garspriocanna:

– beidh siad ábhartha, gabhfaidh siad faisnéis fhíor-riachtanach faoi dhul chun cinn tosaíochta;

– beidh siad trédhearcach, agus beidh spriocanna atá infhíoraithe go hoibiachtúil iontu mar aon leis na sonraí foinse atá sainaitheanta agus ar fáil go poiblí;

– beidh siad infhíoraithe, gan ualach riaracháin díréireach a cheangal;

– beidh siad comhsheasmhach thar chláir oibríochtúla, nuair is iomchuí.

IARSCRÍBHINN III

Miondealú bliantúil ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí idir 2014 agus 2020

[…]

                                                                 IARSCRÍBHINN IIIb

     Modheolaíocht maidir leis an leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg dá dtagraítear in Airteagal 83

I Cinntear an miondealú bliantúil ar an leithdháileadh don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg i gcomhréir leis na céimeanna seo a leanas:

1. Sainaithneofar líon na ndaoine óga dífhostaithe idir aois 15-24 i réigiúin ar leibhéal NUTS 2 ina bhfuil rátaí dífhostaíochta na n‑óg níos nó ná 25% in 2012 (anseo feasta na ‘réigiúin incháilithe’)

2. Ríomhtar an leithreas a chomhfhreagraíonn le gach réigiúin incháilithe ar bhonn na coibhéise idir líon na ndaoine óga dífhostaithe sa réigiún incháilithe agus líon iomlán na ndaoine óga dífhostaithe dá dtagraítear i bpointe 1 sna réigiúin incháilithe uile.

3. Is ionann an leithdháileadh do gach Ballstát agus suim na leithdháiltí do gach ceann dá réigiúin incháilithe.

II. Ní chuirfear leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg san áireamh chun críche chur i bhfeidhm na rialacha maidir le huasteorannú atá leagtha amach in Iarscríbhinn IIIa i ndáil le leithdháileadh na n-acmhainní foriomlána.

IARSCRÍBHINN IV Breisíocht

1.           Caiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach

Déanfar an figiúr maidir le hOllfhoirmiú Caipitil Sheasta i gcolún X-1, arna shloinneadh mar sciar d’Olltáirgeacht Intíre (‘OTI’), de réir Thábla 2 d’Iarscríbhinn 2 de na “Treoirlínte maidir le formáid agus inneachar na gClár Cobhsaíochta agus na gClár um Chóineasú”[42] , a úsáid chun caiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach a chinneadh.

2.           Fíorú

Tá fíoruithe breisíochta i gcomhréir le hAirteagal 86(3) faoi réir na rialacha seo a leanas:

2.1       Fíorú ex-ante

(b) Nuair a chuirfidh Ballstát Conradh Comhpháirtíochta isteach, soláthrófaidh sé faisnéis maidir le próifíl bheartaithe an chaiteachais i bhformáid Thábla 1 thíos. Sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin idirmheánacha níos mó ná 15 % agus níos lú ná 70 % den daonra, soláthrófar faisnéis faoin gcaiteachas i [réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin idirmheánacha] san fhormáid chéanna.

            Tábla 1

Caiteachas an Rialtais Ghinearálta mar sciar den OTI || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

P51 || X || X || X || X || X || X || X

(c) Cuirfidh an Ballstát ar fáil don Choimisiún faisnéis maidir leis na príomhtháscairí agus réamh‑mheastacháin mhaicreacnamaíocha is bun leis an leibhéal caiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh.

(d) A luaithe a bheidh comhaontú ann idir an Coimisiún agus an Ballstát, áireofar Tábla 1 thuas i gConradh Comhpháirtíochta an Bhallstáit lena mbaineann mar leibhéal tagartha an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh a bheidh le cothabháil sna blianta 2014-2020.

2.2       Fíorú meántéarma

(a) Tráth an fhíoraithe mheántéarma, measfar go mbeidh leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh á chothabháil ag Ballstát má tá an méanchaiteachas bliantúil sna blianta 2014-2017 cothrom le, nó níos mó ná, leibhéal tagartha an chaiteachais arna shocrú sa Chonradh Comhpháirtíochta.

(b) Tar éis an fhíoraithe meántéarma, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhairle le Ballstát, leibhéal tagartha an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh sa Chonradh Comhpháirtíochta a athbhreithniú más rud é go bhfuil athrú suntasach tagtha ar staid eacnamaíoch an Bhallstáit ó glacadh an Conradh Comhpháirtíochta agus nár cuireadh an t‑athrú san áireamh nuair a bhí an leibhéal tagartha á shocrú sa Chonradh Comhpháirtíochta.

2.3       Fíorú ex-post

Tráth an fhíoraithe ex post, measfar go mbeidh leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh á chothabháil ag Ballstát má tá an méanchaiteachas bliantúil sna blianta 2014-2020 cothrom le, nó níos mó ná, leibhéal tagartha an chaiteachais arna shocrú sa Chonradh Comhpháirtíochta.

7.           Rátaí ceartaithe airgeadais tar éis fíorú ex post

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur cheart ceartú airgeadais a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 86(4), gheofar ráta an cheartaithe airgeadais trí bhíthin 3 % a dhealú ón difríocht idir an leibhéal tagartha sa Chonradh Comhpháirtíochta agus an leibhéal a baineadh amach, arna shloinneadh mar chéatadán den leibhéal tagartha, agus an toradh a roinnt ar 10. Cinnfear an ceartú airgeadais, trí bhíthin ráta sin an cheartaithe airgeadais a chur i bhfeidhm maidir le ranníocaíocht na gCistí leis an mBallstát lena mbaineann maidir le réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin trasdula le haghaidh na tréimhse clárúcháin ar fad.

I gcás ina bhfuil an difríocht idir an leibhéal tagartha sa Chonradh Comhpháirtíochta agus an leibhéal a bhainfear amach, arna shloinneadh mar chéatadán den leibhéal tagartha sa Chonradh Comhpháirtíochta, cothrom le 3 % nó níos lú, ní dhéanfar aon cheartú airgeadais.

Ní rachaidh an ceartú airgeadais thar 5 % de leithdháileadh na gCistí ar an mBallstát lena mbaineann maidir le réigiúin beagfhorbartha agus réigiúin trasdula le haghaidh na tréimhse clárúcháin ar fad.

IARSCRÍBHINN V

Coinníollachtaí ex ante

Coinníollachta téamacha ex ante

Cuspóirí téamacha || Coinníollacht ex ante || Critéir na comhlíontachta

1. Taighde, forbairt theicneolaíoch agus nuálaíocht a neartú (Sprioc T&F) (dá dtagraítear in Airteagal 9(1)) || 1.1. Taighde agus nuálaíocht: Straitéis taighde agus nuálaíochta náisiúnta agus/nó réigiúnach maidir le speisialtóireacht chliste a bheith ann i gcomhréir leis an gClár um Athchóiriú Náisiúnta, chun caiteachas príobháideach ar thaighde agus nuálaíocht a ghiaráil, a chomhlíonann gnéithe na gcóras taighde agus nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnach sin a fheidhmíonn go maith[43]. || – Tá straitéis nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnach i bhfeidhm maidir le speisialtóireacht chliste ar straitéis í: – atá bunaithe ar anailís láidreachtaí, laigí, deiseanna, agus bagairtí (SWOT) chun acmhainní a dhíriú ar líon teoranta tosaíochtaí taighde agus nuálaíochta; – a leagann amach bearta chun infheistíocht phríobháideach i dTaighde agus Forbairt Theicneolaíoch a spreagadh; – a bhfuil córas faireacháin agus athbhreithnithe mar chuid di. – Tá creat glactha ag Ballstát ina leagtar amach na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil don taighde agus nuálaíocht; – Tá plean ilbhliantúil glactha ag Ballstát maidir le buiséadú agus beartú tosaíochta infheistíochtaí atá nasctha le tosaíochtaí an AE (Fóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagar Taighde - ESFRI).

2. Úsáid agus cáilíocht theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus rochtain orthu a fheabhsú (Sprioc Leathanbhanda) (dá dtagraítear in Airteagal 9(2)) || 2.1. Fás digiteach: Caibidil shainráite maidir le Fás Digiteach a bheith cuimsithe sa straitéis nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnach maidir le speisialtóireacht chliste chun éileamh ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha atá ar phraghas réasúnta, ar ardchaighdeán agus atá idir-inoibritheach le TFC a spreagadh agus líon na saoránach, lena n‑áirítear grúpaí leochaileacha, na ngnólachtaí agus na ranna riaracháin phoiblí, lena n‑áirítear tionscnaimh trasteorann a úsáideann iad a mhéadú. || – Tá caibidil maidir le fás digiteach cuimsithe sa straitéis nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnach maidir le speisialtóireacht chliste ina bhfuil na nithe seo a leanas: – buiséadú agus beartú tosaíochta gníomhaíochtaí trí bhíthin anailís SWOT a dhéantar i gcomhréir le Scórchlár an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip[44]; – ba cheart anailís a bheith déanta ar thacaíocht a chothromú idir an t‑éileamh ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus soláthar TFC; – spriocanna intomhaiste do thorthaí ar idirghabhálacha i réimse na litearthachta digití, na scileanna, an ríomhchuimsithe, na rochtana leictreonaí, na ríomhshláinte atá i gcomhréir leis na straitéisí ábhartha earnála náisiúnta agus réigiúnacha atá ann cheana; – measúnú ar riachtanais chun forbairt acmhainní TFC a threisiú.

2.2. Bonneagar de Líonraí Rochtana don Chéad Ghlúin Eile (NGA): Pleananna Náisiúnta NGA a bheith ann a chuireann gníomhaíochtaí réigiúnacha san áireamh d’fhonn spriocanna an AE maidir le rochtain Idirlín ardluais a bhaint amach[45], a dhíríonn ar réimsí ina dteipeann ar an margadh bonneagar oscailte ar phraghas réasúnta agus ar cháilíocht leordhóthanach a chur ar fáil i gcomhréir le rialacha an AE maidir le hiomaíochas agus státchabhair, agus seirbhísí inrochtana a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha. || – Tá Plean NGA náisiúnta i bhfeidhm ina bhfuil na nithe seo a leanas: – plean d'infheistíochtaí bonneagair trí éilimh a chomhiomlánú agus mapáil ar bhonneagar agus seirbhísí, a thugtar cothrom le dáta go rialta; – samhlacha infheistíochta inbhuanaithe a fheabhsaíonn iomaíocht agus a sholáthraíonn rochtain ar bhonneagar agus ar sheirbhísí atá oscailte, ar phraghas réasúnta, ar ardcháilíocht agus atá oiriúnaithe don todhchaí; – bearta chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh.

3. Iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBM) a fheabhsú (dá dtagraítear in Airteagal 9(3)) || Tá gníomhaíochtaí sonracha déanta chun an Gníomh um Ghnólachtaí Beaga agus an tAthbhreithniú air an 23 Feabhra 2011[46] a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n‑áirítear an prionsabal “Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dtús”. || – Ar na gníomhaíochtaí sonracha sin tá: – meicníocht faireacháin lena áirithítear cur chun feidhme an Ghnímh um Ghnólachtaí Beaga, lena n‑áirítear comhlacht atá i gceannas ar shaincheisteanna FBM a chomhordú thar leibhéil riaracháin éagsúla (“Toscaire FBM”); – bearta chun an t‑am a thógtar chun gnó a chur ar bun a laghdú go 3 lá oibre agus an costas a laghdú go €100; – bearta chun an t‑am a theastaíonn chun ceadúnais agus ceadanna a fháil chun gníomhaíocht shonrach de chuid fhiontair a dhéanamh agus a chomhlíonadh a laghdú go 3 mhí; – meicníocht chun measúnú córasach a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag an reachtaíocht FBM ina n‑úsáidtear “Tástáil FBM" agus difríochtaí idir mhéid na bhfiontar á gcur san áireamh, nuair is ábhartha.

3.2. Treoir (2011/7/AE) ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála a thrasuí sa dlí náisiúnta[47]. || – An Treoir sin a thrasuí i gcomhréir le hAirteagal 12 den Treoir (faoin 16 Márta 2013).

4. Tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha uile (dá dtagraítear in Airteagal 9(4)) || 4.1. Tíosacht ar fhuinneamh: Treoir (2010/31/AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i gcomhréir le hAirteagal 28 den Treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta[48]. Comhlíonadh Airteagal 6(1) de Chinneadh 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát a gcuid astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú d'fhonn gealltanais an Chomhphobail suas go dtí 2020 a chomhlíonadh i ndáil le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú[49]. Treoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh na críochúsáide agus le seirbhísí fuinnimh a thrasuí sa dlí náisiúnta[50]. Treoir 2004/8/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhghiniúint a chur chun cinn bunaithe ar éileamh teasa úsáideach sa mhargadh inmheánach fuinnimh agus lena leasaítear Treoir 92/42/CEE[51]. || – Cur chun feidhme na n‑íoscheanglas a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i gcomhréir le hAirteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Threoir 2010/31/AE; – Bearta a ghlacadh atá riachtanach chun córas deimhniúcháin a bhunú maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2010/31/AE; – An ráta athchóirithe atá ceangailte maidir le foirgnimh phoiblí a bhaint amach; – Tugtar méadair aonair do na custaiméirí deiridh; – Cuirtear éifeachtúlacht i dtéamh agus i bhfuarú chun cinn i gcomhréir le Treoir 2004/8/CE.

4.2. Fuinneamh in‑athnuaite: Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir (2001/77/CE) agus Treoir (2003/30/CE) a thrasuí sa dlí náisiúnta[52]. || – Tá scéimeanna tacaíochta trédhearcacha, tosaíocht maidir le rochtain ar an eangach agus maidir le seoladh, rialacha caighdeánacha a bhaineann le costas na n‑oiriúnuithe teicniúla a iompar agus a chomhroinnt curtha i bhfeidhm ag Ballstát agus tá siad curtha ar fáil don phobal; – Ghlac Ballstát le plean gníomhaíochta náisiúnta um fhuinneamh in‑athnuaite i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2009/28/CE.

5. Oiriúnú don athrú aeráide agus cosc ar rioscaí maidir le hathrú aeráide a chur chun cinn (Sprioc an Athraithe Aeráide) (dá dtagraítear in Airteagal 9(5)) || 5.1. Cosc ar rioscaí agus bainistiú rioscaí: Measúnuithe náisiúnta nó réigiúnacha riosca um bainistíocht tubaistí a bheith ann a chuireann oiriúnú don athrú aeráide san áireamh[53] || – Beidh measúnú riosca náisiúnta nó réigiúnach i bhfeidhm agus beidh na nithe seo a leanas ar áireamh ann: – Tuairisc ar an bpróiseas, ar an modheolaíocht, ar na modhanna agus ar shonraí neamhíogaire a úsáideadh do mheasúnú riosca náisiúnta; – Tuairisc ar chásanna aonriosca agus ilrioscaí; – Straitéisí náisiúnta maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide a chur san áireamh, nuair is iomchuí.

6. An comhshaol a chosaint agus úsáid inbhuanaithe acmhainní a chur chun cinn (dá dtagraítear in Airteagal 9(6)) || 6.1. Earnáil an uisce: Go bhfuil ann a) beartas praghsála uisce, lena dtugtar dóthain dreasachtaí do na húsáideoirí acmhainní uisce a úsáid go héifeachtúil agus b) go n‑áirithítear go rannchuidíonn na húsáidí éagsúla uisce le costas na seirbhísí uisce a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce[54]. || – Tá sé áirithithe ag Ballstát go rannchuidíonn na húsáidí éagsúla uisce le costas na seirbhísí uisce de réir earnála a ghnóthú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2000/60/CE. – Glacadh plean um bainistiú abhantracha le haghaidh limistéar na habhantraí i gcás ina ndéantar infheistíocht i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce[55]. ·

6.2. Earnáil na dramhaíola: Cur chun feidhme Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n‑aisghairtear Treoracha[56] áirithe, go háirithe forbairt pleananna bainistithe dramhaíola i gcomhréir leis an Treoir agus le hord na réiteach dramhaíola. || – Tá tuairisc tugtha ag Ballstát don Choimisiún ar dhul chun cinn i dtreo spriocanna Airteagal 11 de Threoir 2008/98/CE, ar chúiseanna mainneachtana, agus ar ghníomhaíochtaí atá beartaithe chun na spriocanna a bhaint amach; – Tá sé áirithithe ag Ballstát go mbunaíonn a údaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagail 1, 4, 13 agus 16 de Threoir 2008/98/CE, plean bainistithe dramhaíola amháin nó níos mó mar a cheanglaítear le hAirteagal 28 den Treoir; – Tráth nach déanaí ná an 12 Nollaig 2013, beidh cláir maidir le dramhaíl a chosc bunaithe ag Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE, mar a cheanglaítear le hAirteagal 29 den Treoir; – Tá na bearta is gá déanta ag Ballstát chun sprioc 2020 a bhaint amach maidir le hathúsáid agus athchúrsáil i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2008/98/CE.

7. Iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus scrogaill i bpríomhbhonneagair líonraí a bhaint (dá dtagraítear in Airteagal 9(7)) || 7.1. Bóithre: Plean cuimsitheach iompair náisiúnta a bheith ann ina bhfuil beartú tosaíochta iomchuí infheistíochtaí i gcroí-Ghréasán Tras‑Eorpach de Bhonneagar Iompair (TEN‑T), sa ghréasán cuimsitheach (infheistíochtaí seachas an croí-TEN‑T) agus i lúdracht thánaisteach (lena n‑áirítear iompar poiblí ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil). || – Tá plean cuimsitheach iompair i bhfeidhm ina bhfuil na nithe a leanas: – beartú tosaíochta infheistíochtaí i gcroíghréasán TEN‑T, sa ghréasán cuimsitheach agus i lúdracht thánaisteach. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa bheartú tosaíochta ranníocaíocht infheistíochtaí le soghluaisteacht, inbhuanaitheacht, laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus ranníocaíocht leis an limistéar iompair Eorpach Aonair; – plean réalaíoch agus aibí don tionscadal (lena n‑áirítear tráthchlár, creat buiséadach); – measúnú straitéiseach comhshaoil lena gcomhlíontar na ceanglais dlí don phlean iompair; – bearta chun cumas na gcomhlachtaí agus na dtairbhithe idirghabhála a neartú chun plean an tionscadail a chur i gcrích.

7.2. Iarnród: Caibidil shainráite maidir le forbairt iarnróid a bheith sa phlean cuimsitheach iompair náisiúnta agus d’áireofaí sa Chaibidil sin beartú tosaíochta iomchuí infheistíochtaí i gcroí-Ghréasán Tras‑Eorpach de Bhonneagar Iompair (TEN‑T), sa ghréasán cuimsitheach (infheistíochtaí seachas sa chroíghréasán TEN‑T) agus i lúdracht thánaisteach an chórais iarnróid lena ranníocaíochtaí le soghluaisteacht, éifeachtaí ar líonraí náisiúnta agus Eorpacha. Cuimsítear sócmhainní soghluaiste agus idir-inoibritheacht agus forbairt acmhainní sna hinfheistíochtaí. || – Tá caibidil ar fhorbairt iarnróid áirithe sa phlean cuimsitheach iompair ina bhfuil na nithe a leanas: – plean réalaíoch agus aibí don tionscadal (lena n‑áirítear tráthchlár, creat buiséadach); – measúnú straitéiseach comhshaoil lena gcomhlíontar na ceanglais dlí don phlean iompair; – bearta chun cumas na gcomhlachtaí agus na dtairbhithe idirghabhála a neartú chun plean an tionscadail a chur i gcrích.

8. An fhostaíocht agus soghluaisteacht an luchta saothair a chur chun cinn (Sprioc na fostaíochta) (dá dtagraítear in Airteagal 9(8)) || 8.1. Rochtain ar fhostaíocht do chuardaitheoirí poist agus do dhaoine neamhghníomhacha, lena n‑áirítear tionscnaimh fostaíochta áitiúla agus soghluaisteacht an luchta saothair a chur chun cinn: Tá beartais ghníomhacha um margadh an luchta saothair ullmhaithe agus seachadta i gcomhréir leis na treoirlínte fostaíochta[57]. || – Tá sé ar chumas na seirbhísí fostaíochta na nithe seo a leanas a dhéanamh agus a sheachadadh: – seirbhísí pearsantaithe agus bearta gníomhacha agus coisctheacha sa mhargadh saothair ag céim luath, atá ar fáil do gach cuardaitheoir poist; – réamh‑mheas agus comhairliú ar dheiseanna fostaíochta fadtéarmaí arna gcruthú ag athruithe struchtúracha i margadh an tsaothair amhail an t‑athrú go geilleagar ísealcharbóin; – faisnéis thrédhearcach agus chórasach ar fholúntais poist nua. – Tá líonraí le fostóirí agus le hinstitiúidí oideachais bunaithe ag seirbhísí fostaíochta.

8.2. Féinfhostaíocht, fiontraíocht agus cruthú gnó: straitéis chuimsitheach do thacaíocht uilechuimsitheach tionscnaimh i gcomhréir leis an nGníomh um Ghnólachtaí Beaga[58] agus i gcomhréir leis na treoirlínte fostaíochta agus leis na treoirlínte ginearálta do bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais[59], maidir leis na dálaí fabhracha faoinar féidir poist a chruthú; || – Tá straitéis chuimsitheach i bhfeidhm lena n‑áirítear na nithe seo a leanas: – bearta chun an t‑am a thógtar chun gnó a chur ar bun a laghdú go trí lá oibre agus an costas a laghdú go €100; – bearta chun an t‑am a theastaíonn chun ceadúnais agus ceadanna a fháil chun gníomhaíocht shonrach gnólachta fiontair a dhéanamh agus a chomhlíonadh a laghdú go trí mhí; – gníomhaíochtaí lena nasctar seirbhísí oiriúnacha forbartha gnó agus seirbhísí airgeadais (rochtain ar chaipiteal), lena n‑áirítear an fhor-rochtain ar ghrúpaí agus ar limistéir faoi mhíbhuntáiste.

8.3. Na hinstitiúidí sa mhargadh saothair a nuachóiriú agus a neartú, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí chun soghluaisteacht an luchta saothair trasnáisiúnta a éascú[60]: - Tá institiúidí mhargadh an tsaothair nuachóirithe agus neartaithe i gcomhréir leis na Treoirlínte Fostaíochta; - Gabhfaidh straitéis shoiléir agus measúnú ex ante, lena n‑áirítear gné na hinscne, roimh athchóiriú ar institiúidí mhargadh an tsaothair || – Gníomhaíochtaí chun seirbhísí fostaíochta a athchóiriú, a bhfuil d’aidhm leo a chur a chumas na seirbhísí na nithe seo a leanas a sheachadadh[61]: – seirbhísí pearsantaithe agus bearta gníomhacha agus coisctheacha sa mhargadh saothair ag céim luath, atá ar fáil do gach cuardaitheoir poist; – comhairliú ar dheiseanna fostaíochta fadtéarmaí arna gcruthú ag athruithe struchtúracha i margadh an tsaothair amhail an t‑athrú go geilleagar ísealcharbóin; – faisnéis thrédhearcach agus chórasach ar fholúntais poist nua atá inrochtana ar leibhéal an Aontais. – Áireoidh athchóiriú na seirbhísí fostaíochta cruthú líonraí le fostóirí agus le hinstitiúidí oideachais.

8.4. Aosú gníomhach agus sláintiúil: Tá beartais aosaithe ghníomhaigh deartha agus seachadta i gcomhréir leis na Treoirlínte Fostaíochta[62] || – Gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aosaithe ghníomhaigh agus shláintiúil[63]: – tá geallsealbhóirí ábhartha bainteach le dearadh agus cur chun feidhme na mbeartas aosaithe ghníomhaigh; – tá bearta i bhfeidhm ag Ballstát chun aosú gníomhach a chur chun cinn agus chun luathscor a laghdú.

|| 8.5. Inoiriúnú oibrithe, fiontar agus fiontraithe d’athrú: Beartais a bheith ann atá dírithe ar chuidiú le réamh‑mheas agus le dea-bhainistíocht athraithe agus le hathstruchtúrú ar gach leibhéal ábhartha (náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus earnála)[64]. || – Tá ionstraimí éifeachtacha i bhfeidhm chun tacú le comhpháirtithe sóisialta agus le húdaráis phoiblí chun cineálacha cur chuige réamhghníomhaigh a fhorbairt maidir le hathrú agus le hathstruchtúrú.

|| 8.6  Daoine óga idir 15-24, nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna a lánpháirtiú ar bhealach inbhuanaithe i margadh an tsaothair: Creat beartais straitéiseach cuimsitheach a bheith ann le cuspóirí an Phacáiste Fostaíochta don Aos Óg a bhaint amach agus go háirithe le Scéim Ráthaíochta don Aos Óg a bhunú i gcomhréir le moladh [xxx] ón gComhairle || – Creat beartais straitéiseach cuimsitheach a bheith ann le cuspóirí an Phacáiste Fostaíochta don Aos Óg a bhaint amach agus go háirithe le Scéim Ráthaíochta don Aos Óg a bhunú i gcomhréir le moladh [xxx] ón gComhairle: –atá bunaithe ar fhianaise lena dtomhastar na torthaí do dhaoine óga idir 15-24 nach bhuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna: - a fhóráileann do chóras le sonraí agus faisnéis faoin Scéim Ráthaíochta don Aos Óg a bhailiú agus a anailísiú ar leibhéil ábhartha a thugann bonn fianaise leordhóthanach le beartais spriocdhírithe a fhorbairt agus a dhéanann faireachán ar fhorbairtí, le meastóireachtaí frithfhíorasach a mhéidi is féidir. –        a shainaithíonn an t-údarás poiblí ábhartha atá freagrach as an Scéim Ráthaíochta don Aos Óg a bhunú agus a bhainistiú agus comhpháirtíochtaí ar fud na leibhéal agus na n‑earnálacha uile a chomhordú; –        a bhaineann leis na geallsealbhóirí uile is ábhartha le díriú ar dhífhostaíocht i measc na n-óg; –        atá bunaithe ar idirghabháil luath agus gníomhachtú luath; – –        a chuimsíonn bearta tacaíochta do lánpháirtiú i margadh an tsaothair, lena n‑áirítear bearta lena bhfeabhsaítear scileanna agus bearta a bhaineann le margadh an tsaothair.

9. Infheistíocht i scileanna, in oideachas, agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil (Sprioc an oideachais) (dá dtagraítear in Airteagal 9(10)) || 9.1. Luathfhágáil na scoile: Straitéis chuimsitheach a bheith ann chun luathfhágáil na scoile (LFS) a laghdú i gcomhréir le Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a mhaolú[65]. || – Tá córas i bhfeidhm chun sonraí agus faisnéis LFS a bhailiú agus a anailísiú ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena ndéantar na nithe seo a leanas: – cuirtear bonn leordhóthanach faisnéise ar fáil chun beartais spriocdhírithe a fhorbairt; – úsáidtear go córasach é chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ar an leibhéal ábhartha. – Tá straitéis maidir le LFS i bhfeidhm: – atá bunaithe ar fhianaise; – atá cuimsitheach (m.sh. clúdaítear gach earnáil oideachais, lena n‑áirítear forbairt luath an pháiste) agus lena dtugtar aghaidh leormhaith ar bhearta coiscthe, idirghabhála agus cúitimh; – ina leagtar amach cuspóirí atá comhsheasmhach leis an Moladh ón gComhairle maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a mhaolú; – ina gcuimsítear gach earnáil, agus bíonn gach earnáil beartais agus gach geallsealbhóir atá ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar LFS bainteach léi agus déantar iad a chomhordú.

9.2. Ardoideachas: Straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha a bheith ann chun gnóthachtáil, cáilíocht agus éifeachtúlacht oideachais threasaigh a mhéadú i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Meán fómhair 2011 maidir le nuachóiriú chórais ardoideachais na hEorpa[66]. || – Tá straitéis náisiúnta nó réigiúnach maidir le hoideachas treasach i bhfeidhm, lena n‑áirítear na nithe seo a leanas: – bearta chun rannpháirtíocht agus gnóthachtáil a mhéadú lena ndéantar na nithe seo a leanas: – an treoraíocht a thugtar do mhic léinn ionchasacha a fheabhsú; – rannpháirtíocht san ardoideachas a mhéadú i measc grúpaí ísealioncaim agus grúpaí eile faoi ghannionadaíocht; – rannpháirtíocht foghlaimeoirí fásta a mhéadú; – (más gá) rátaí luathfhágála scoile a mhaolú/rátaí comhlíonta a fheabhsú; – bearta chun cáilíocht a mhéadú, lena ndéantar na nithe seo a leanas: – dearadh cláir agus ábhar nuálaíoch a spreagadh; – ardchaighdeáin cháilíochta sa teagasc a chur chun cinn; – bearta chun infhostaitheacht agus fiontraíocht a mhéadú, lena ndéantar na nithe seo a leanas: – forbairt “scileanna idirdhisciplíneacha” a spreagadh, lena n‑áirítear fiontraíocht i ngach clár ardoideachais; – difríochtaí inscne a laghdú i roghanna acadúla agus gairmoideachais agus mic léinn a spreagadh chun gairmeacha a roghnú in earnálacha mar a bhfuil siad faoi ghannionadaíocht d’fhonn an leithscaradh inscne i margadh an tsaothair a laghdú; – teagasc feasach a áirithiú trí eolas a úsáid ó thaighde agus ó fhorbairtí i gcleachtais ghnó.

9.3. Foghlaim ar feadh an tsaoil: Creat beartais náisiúnta agus/nó réigiúnaigh a bheith ann ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil i gcomhréir le treoraíocht beartais ar leibhéal an Aontais[67]. || – Tá creat beartais náisiúnta nó réigiúnaigh ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil i bhfeidhm ina gcuimsítear na nithe seo a leanas: – bearta chun tacú le cur chun feidhme na foghlama ar feadh an tsaoil (FFS) agus uasghrádú scileanna agus le haghaidh rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus comhpháirtíocht le geallsealbhóirí, lena n‑áirítear comhpháirtithe sóisialta agus comhlachais sochaí sibhialta; – bearta maidir le soláthar éifeachtach forbartha scileanna do dhaoine óga faoi ghairmoiliúint, do dhaoine fásta, do mhná ag filleadh ar mhargadh an tsaothair, d’oibrithe ar bheagán oiliúna agus níos sine, agus do ghrúpaí eile faoi mhíbhuntáiste; – bearta chun rochtain ar FFS a leathnú, lena n‑áirítear trí chur chun feidhme éifeachtach uirlisí trédhearcachta (an Creat Eorpach um Cháilíochtaí, an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí, ECVET, an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus Gairmoiliúint) agus forbairt agus comhtháthú seirbhísí foghlama ar feadh an tsaoil (oideachas agus oiliúint, treoraíocht, bailíochtú, deimhniú); – bearta chun ábharthacht an oideachais agus na hoiliúna a fheabhsú agus chun iad a oiriúnú do riachtanais na spriocghrúpaí sainaitheanta.

10. Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac (sprioc na bochtaineachta) (dá dtagraítear in Airteagal 9(9)) || 10.1. Cuimsiú gníomhach Lánpháirtiú pobal imeallaithe amhail na Romaigh: Straitéis náisiúnta um laghdú na bochtaineachta a bheith ann agus í a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún an 3 Deireadh fómhair 2008 maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair[68] agus leis na Treoirlínte Fostaíochta Tá straitéis náisiúnta um lánpháirtiú na Romaigh i bhfeidhm i gcomhréir le Creat an AE maidir le straitéisí náisiúnta um lánpháirtiú na Romach[69] - Foráil tacaíochta do pháirtithe leasmhara ábhartha maidir le rochtain a fháil ar na Cistí. || – Tá straitéis náisiúnta um laghdú na bochtaineachta i bhfeidhm: – atá bunaithe ar fhianaise. Chuige sin, teastaíonn córas chun sonraí agus faisnéis a bhailiú agus a anailísiú lena gcuirtear faisnéis leordhóthanach ar fáil chun beartais a fhorbairt do laghdú na bochtaineachta. Úsáidtear an córas seo chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí; – atá i gcomhréir leis an sprioc um bochtaineacht náisiúnta agus eisiamh sóisialta (mar a shainítear sa Chlár Athchóirithe Náisiúnta), lena n‑áirítear síneadh ar dheiseanna fostaíochta do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste; – a chuimsíonn mapáil ar chomhchruinniú críochach thar an leibhéal réigiúnach/ar leibhéal NUTS 3 ar ghrúpaí imeallaithe agus ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste lena n‑áirítear na Romaigh; – ina léirítear go bhfuil comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha bainteach le dearadh an chuimsithe ghníomhaigh; – ina n‑áirítear bearta maidir leis an athrú ó chúram cónaithe go cúram pobail; – ina dtugar bearta soiléire maidir le leithscaradh a chosc agus a chomhrac i ngach réimse. – Tá straitéis náisiúnta um lánpháirtiú na Romach i bhfeidhm: – ina leagtar síos spriocanna náisiúnta indéanta maidir le lánpháirtiú na Romach chun an bhearna idir na Romaigh agus an gnáthphobal a laghdú. Ba cheart do na spriocanna sin aghaidh a thabhairt, ar a laghad, ar na ceithre sprioc um lánpháirtiú na Romach san AE a bhaineann le rochtain ar oideachas, ar fhostaíocht, ar chúram sláinte agus ar thithíocht; – atá comhsheasmhach leis an gClár um Athchóiriú Náisiúnta; – ina n‑aithnítear, nuair is ábhartha, na micriréigiúin atá faoi mhíbhuntáiste nó na comharsanachtaí deighilte, ina bhfuil na pobail is díothaí, ach táscairí socheacnamaíocha agus críochacha atá ar fáil cheana a úsáid (i.e. leibhéal an‑íseal oideachais, dífhostaíocht fhadtéarmach, etc.). – lena leithdháiltear a dhóthain maoinithe ó bhuiséid náisiúnta, a chomhlánófar, nuair is iomchuí, le maoiniú idirnáisiúnta agus maoiniú AE. – lena n‑áirítear modhanna láidre faireacháin chun meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar a bheidh gníomhaíochtaí lánpháirtithe na Romach agus meicníocht athbhreithnithe chun an straitéis a oiriúnú. – atá deartha agus curtha chun feidhme i ndlúthchomhar agus i gcomhphlé leanúnach le sochaí shibhialta na Romach, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus a ndéantar faireachán uirthi i ndlúthchomhar leo freisin. – ina bhfuil pointe teagmhála náisiúnta don straitéis náisiúnta um lánpháirtiú na Romaigh san údarás ar mhaithe le forbairt agus cur chun feidhme na straitéise a chomhordú. – Cuirtear tacaíocht ar fáil do na geallsealbhóirí ábhartha chun iarratais ar thionscadail a chur isteach agus chun na tionscadail roghnaithe a chur chun feidhme agus a bhainistiú

10.2. Sláinte: Straitéis náisiúnta nó réigiúnach a bheith ann don tsláinte, lena n‑áirithítear rochtain ar sheirbhísí cáilíochta sláinte agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch. || – Tá straitéis náisiúnta nó réigiúnach sláinte i bhfeidhm: – ina bhfuil bearta comhordaithe chun an rochtain ar sheirbhísí sláinte cáilíochta a fheabhsú; – a bhfuil bearta inti chun éifeachtúlacht a spreagadh san earnáil sláinte, lena n‑áirítear trí úsáid teicneolaíochtaí éifeachtacha nuálaíochta, samhlacha seachadta seirbhíse agus bonneagair; – a bhfuil córas faireacháin agus athbhreithnithe mar chuid di. – Tá creat glactha ag Ballstát nó ag réigiún a léiríonn acmhainní buiséadacha atá ar fáil do chúram sláinte.

11. Acmhainní na n‑institiúidí agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú (dá dtagraítear in Airteagal 9(11)) || Éifeachtúlacht riaracháin na mBallstát: Straitéis a bheith ann chun éifeachtúlacht riaracháin na mBallstát a threisiú, lena n‑áirítear athchóiriú ar riarachán poiblí[70] || – Tá straitéis chun éifeachtúlacht riaracháin Ballstáit a threisiú i bhfeidhm agus á cur chun feidhme[71]. Áirítear sa straitéis sin: – anailís agus pleanáil straitéiseach ar ghníomhaíochtaí dlíthiúla, eagraíochtúla agus/nó athchóirithe nós imeachta; – forbairt córais bainistithe cáilíochta; – gníomhaíochtaí comhtháite do shimpliú agus do chuíchóiriú nósanna imeachta riaracháin; – forbairt agus cur chun feidhme straitéisí agus beartais acmhainní daonna, lena gcumhdaítear pleananna earcaíochta agus gairmeacha foirne, forbairt inniúlachta agus acmhainní a chur ar fáil; – forbairt scileanna ar gach leibhéal; – forbairt nósanna imeachta agus uirlisí i gcomhair faireacháin agus meastóireachta.

Coinníollachtaí ginearálta ex ante

Limistéar || Coinníollacht ex-ante || Critéir na comhlíontachta

1. Frith‑idirdhealú || Meicníocht a bheith ann lena n‑áiritheofar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Threoir 2000/78/CE an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha[72] agus Threoir 2000/43/CE an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir dhaoine beag beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach[73] || – Déantar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Threoir 2000/78/CE agus Threoir 2000/43/CE ar neamh‑idirdhealú a áirithiú trí na nithe seo a leanas: – socruithe institiúideacha maidir le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus maoirseacht na dtreoracha ón AE ar neamh‑idirdhealú; – straitéis i gcomhair oiliúna agus scaipthe faisnéise ar bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme na gcistí; – bearta chun acmhainní riaracháin a neartú do chur chun feidhme agus do chur i bhfeidhm na dtreoracha ón AE ar neamh‑idirdhealú.

2. Comhionannas inscne || Straitéis a bheith ann do chur chun cinn an chomhionannais inscne agus meicníocht lena n‑áirithítear a chur chun feidhme éifeachtach. || – Déantar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach straitéise sainráite ar chur chun cinn an chomhionannais inscne a áirithiú trí na nithe seo a leanas: – córas chun sonraí agus táscairí, agus iad miondealaithe de réir inscne, a bhailiú agus a anailísiú agus chun beartais inscne bunaithe ar fhianaise a fhorbairt; – plean agus critéir ex ante do chomhtháthú cuspóirí comhionannais inscne trí threoirlínte agus trí chaighdeáin inscne; – meicníochtaí cur chun feidhme lena n‑áirítear rannpháirtíocht comhlachta inscne agus an saineolas ábhartha chun na hidirghabhálacha a dhréachtú, agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu.

3. Míchumas || Meicníocht a bheith ann lena n‑áirithítear cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún na NA ar chearta daoine atá faoi mhíchumas. [74] || – Déantar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún na NA ar chearta daoine atá faoi mhíchumas a áirithiú trí na nithe seo a leanas: – Cur chun feidhme beart i gcomhréir le hAirteagal 9 de Choinbhinsiún na NA chun constaicí agus bacainní ar inrochtaineacht daoine atá faoi mhíchumas a chosc, a aithint agus a dhíchur; – socruithe institiúideacha do chur chun feidhme agus do mhaoirseacht Choinbhinsiún na NA i gcomhréir le hAirteagal 33 den Choinbhinsiún; – plean i gcomhair oiliúna agus scaipthe faisnéise do bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme na gcistí; – bearta chun acmhainní riaracháin a neartú do chur chun feidhme agus do chur i bhfeidhm Choinbhinsiún na NA, lena n‑áirítear socruithe iomchuí chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta.

4.. Soláthar poiblí || Meicníocht a bheith ann lena n‑áirithítear cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Threoir 2004/18/CE agus Threoir 2004/17/CE agus maoirseacht faireachas leormhaith orthu. || – Déantar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Threoir 2004/18/CE agus Threoir 2004/17/CE a áirithiú trí na nithe seo a leanas: – trasuíomh iomlán Threoir 2004/18/CE agus Threoir 2004/17/CE; – socruithe institiúideacha maidir le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus maoirseacht dhlí soláthair phoiblí an AE; – bearta lena n‑áirithítear maoirseacht agus faireachas leormhaith ar nósanna imeachta trédhearcacha maidir le dámhachtain conarthaí agus faisnéis leordhóthanach faoi; – straitéis i gcomhair oiliúna agus scaipthe faisnéise ar bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme na gcistí; – bearta chun acmhainní riaracháin a neartú do chur chun feidhme agus do chur i bhfeidhm dhlí soláthair phoiblí an AE.

5. Státchabhair || Meicníocht a bheith ann lena n‑áirithítear cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an AE maidir le státchabhair || – Déantar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an AE maidir le státchabhair a áirithiú trí na nithe seo a leanas: – socruithe institiúideacha maidir le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus maoirseacht dhlí an AE maidir le státchabhair; – straitéis i gcomhair oiliúna agus scaipthe faisnéise ar bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme na gcistí; – bearta chun acmhainní riaracháin a neartú do chur chun feidhme agus do chur i bhfeidhm dhlí an AE maidir le státchabhair.

6. Reachtaíocht chomhshaoil a bhaineann le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) agus leis an measúnacht straitéiseach comhshaoil (MSC) || Meicníocht a bheith ann lena n‑áiritheofar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach reachtaíocht chomhshaoil an Aontais maidir le MTC agus MSC i gcomhréir le Treoir (85/337/CEE) an 27 Meitheamh 1985 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol[75] agus le Treoir (2001/42/CE) an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú[76]. || – Áirithítear cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach reachtaíocht chomhshaoil an Aontais trí na nithe seo a leanas: – trasuíomh iomlán agus ceart dhlí Treoracha MTC agus MSC; – socruithe institiúideacha maidir le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus maoirseacht Threoracha MTC agus MSC; – straitéis i gcomhair oiliúna agus scaipthe faisnéise ar bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme Threoracha MTC agus MSC; – bearta chun acmhainní leordhóthanacha riaracháin a áirithiú.

7. Córais staidrimh agus táscairí ar thorthaí || Córas staidrimh a bheith ann atá riachtanach chun tabhairt faoi mheastóireachtaí chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar thionchar na gclár. Córas éifeachtach a bheith ann de tháscairí ar thorthaí is gá chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo torthaí agus measúnú tionchair a dhéanamh. || – Tá plean ilbhliantúil i bhfeidhm do bhailiú tráthúil agus do chomhiomlánú sonraí, lena n‑áirítear na nithe seo a leanas: – sainaithint na bhfoinsí agus na meicníochtaí chun bailíochtú staidrimh a áirithiú; – socruithe maidir le foilsiú agus le hinfhaighteacht phoiblí. – córas éifeachtach de táscairí ar thorthaí, lena n‑áirítear: – roghnú táscairí ar thorthaí do gach clár, lena gcuirtear faisnéis ar fáil faoi na gnéithe sin a bhaineann le dea-bhail agus dul chun cinn daoine, lena spreagtar na gníomhaíochtaí beartais a mhaoinítear leis an gclár; – spriocanna a bhunú do na táscairí sin; – urramú gach táscaire, lena gceanglaítear an méid seo a leanas: stóinseacht agus bailíochtú staidrimh, soiléire an léirmhínithe normataigh, sofhreagracht don bheartas, bailiú tráthúil agus infhaighteacht phoiblí sonraí; – nósanna imeachta leordhóthanacha lena áirithiú go nglacfaidh na hoibríochtaí uile a mhaoinítear faoin gclár córas éifeachtach táscairí.

IARSCRÍBHINN VI

Faisnéis agus cumarsáid ar thacaíocht ó na Cistí

1.           Liosta oibríochtaí

Beidh na réimsí sonraí seo a leanas sa liosta oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 105(2), i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ar a laghad:

– Ainm an tairbhí (eintitis dhlíthiúla amháin; ní ainmneofar aon duine nádúrtha);

– Ainm na hoibríochta;

– Achoimre ar an oibríocht;

– Dáta tosaithe na hoibríochta;

– Dáta críochnaithe na hoibríochta (an dáta a bhfuiltear ag súil go mbeidh an oibríocht críochnaithe go fisiciúil nó curtha chun feidhme go hiomlán);

– An caiteachas iomlán incháilithe arna leithdháileadh ar an oibríocht;

– Ráta cómhaoinithe an AE (in aghaidh na haise tosaíochta);

– Postchód na hoibríochta;

– Tír;

– Ainm na catagóire idirghabhála don oibríocht;

– Dáta an nuashonraithe is déanaí ar an liosta oibríochtaí.

Cuirfear ceannteidil na réimsí sonraí agus ainmneacha na n‑oibríochtaí ar fáil freisin i dteanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid an Aontais Eorpaigh.

2.           Bearta faisnéise agus poiblíochta don phobal

Glacfaidh an Ballstát, an t‑údarás bainistíochta agus na tairbhithe na céimeanna is gá chun faisnéis agus poiblíocht a chur ar fáil don phobal faoi oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi chlár oibríochtúil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.1.        Freagrachtaí an Bhallstáit agus an údaráis bhainistíochta

1.           Áiritheoidh an Ballstát agus an t‑údarás bainistíochta go gcuirtear na bearta faisnéise agus poiblíochta chun feidhme i gcomhréir leis an straitéis chumarsáide agus go bhféachtar leis na bearta sin le cumarsáid a dhéanamh leis an líon is mó daoine is féidir sna meáin uile trí leas á bhaint as cineálacha agus modhanna éagsúla cumarsáide ar an leibhéal iomchuí.

2.           Beidh an Ballstát nó an t‑údarás bainistíochta freagrach as na bearta faisnéise agus poiblíochta seo a leanas ar a laghad a eagrú:

(a) mórghníomhaíocht faisnéise lena ndéantar poiblíocht maidir le seoladh an chláir oibríochtúil;

(b) mórghníomhaíocht faisnéise amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ina gcuirtear chun cinn na deiseanna cistiúcháin, na straitéisí arna saothrú agus ina gcuirtear i láthair mórghníomhartha an chláir oibríochtúil, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, pleananna gníomhaíochta comhpháirteacha agus samplaí eile tionscadail;

(c) taispeáint bhratach an Aontais Eorpaigh os comhair áite nó ag áit inar féidir leis an bpobal í a fheiceáil, ag áitreabh gach údaráis bhainistíochta;

(d) foilsiú leictreonach an liosta oibríochtaí i gcomhréir le roinn 1;

(e) samplaí d'oibríochtaí a thabhairt, de réir cláir oibríochtúla, ar an suíomh gréasáin aonair nó ar shuíomh gréasáin an chláir oibríochtúil ar féidir rochtain a fháil air tríd an dtairseach aonair suímh ghréasáin; ba cheart na samplaí a bheith i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a labhraítear go forleathan, teanga seachas teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann;

(f) nuashonrú faisnéise faoi chur chun feidhme an chláir oibríochtúil, lena n‑áirítear a phríomh‑mhórghníomhartha, ar an suíomh gréasáin aonair nó ar shuíomh gréasáin an chláir oibríochtúil ar féidir rochtain a fháil air tríd an dtairseach aonair suímh ghréasáin.

3.           Socróidh an t‑údarás bainistíochta go mbeidh baint ag na comhlachtaí seo a leanas le bearta faisnéise agus poiblíochta i gcomhréir le dlíthe agus le cleachtais náisiúnta:

(a) na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5;

(b) ionaid faisnéise faoin Eoraip, chomh maith le hoifigí ionadaíochta an Choimisiúin sna Ballstáit;

(c) institiúidí oideachais agus taighde.

Déanfaidh na comhlachtaí sin an fhaisnéis a ndéantar cur síos uirthi in Airteagal 105(1)(a) agus (b) a scaipeadh go forleathan.

2.2.        Freagrachtaí na dtairbhithe

1.           Déanfaidh gach beart faisnéise agus cumarsáide a chuireann an tairbhí i bhfeidhm tacaíocht ó na Cistí don oibríocht a aithint trína nithe seo a leanas a thaispeáint:

(d) feathal an AE, a thaispeáint i gcomhréir leis na saintréithe teicniúla atá leagtha síos sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 105(4), chomh maith le tagairt don Aontas Eorpach;

(e) tagairt don Chiste nó do na Cistí atá ag tacú leis an oibríocht.

2.           Le linn chur chun feidhme oibríochta, cuirfidh an tairbhí an pobal ar an eolas faoin tacaíocht a fuarthas ó na Cistí tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) cur síos gairid ar an oibríocht a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin an tairbhí, i gcás inarb ann dá leithéid de shuíomh gréasáin, lena n‑áirítear a haidhmeanna agus a torthaí, agus béim a chur ar an tacaíocht airgeadais a fuarthas ón Aontas Eorpach;

(b) póstaeir amháin ar a laghad ar a bhfuil faisnéis faoin tionscadal (A3 ar a laghad), lena n‑áirítear an tacaíocht airgeadais ón Aontas Eorpach, a chur in áit is féidir leis an bpobal a fheiceáil go héasca, amhail limistéar bhealach isteach foirgnimh.

3.           I gcás oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE, agus i gcásanna iomchuí i gcás oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CFRE nó ón gCiste Comhtháthaithe, áiritheoidh an tairbhí gur cuireadh iad siúd a ghlacann páirt in oibríocht ar an eolas faoin gcistiú sin.

Aon doiciméad, lena n‑áirítear aon teastas tinrimh nó teastas eile, a bhaineann leis an oibríocht sin, áireofar ann ráiteas go bhfuair an clár oibríochtúil tacaíocht ón gCiste nó ó na Cistí.

4.           Le linn chur chun feidhme oibríocht CFRE nó oibríocht de chuid an Chiste Chomhtháthaithe, déanfaidh an tairbhí clár fógraí sealadach a chur suas, in áit is féidir leis an bpobal a fheiceáil go héasca, clár de mhéid shuntasach do gach oibríocht arb é maoiniú bonneagair nó oibríochtaí tógála a bhfuil an tacaíocht iomlán phoiblí don oibríocht os cionn EUR 500 000 atá inti.

5.           Tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis chríochnú oibríochta, déanfaidh an tairbhí, in áit is féidir leis an bpobal a fheiceáil go héasca, plaic bhuan nó clár fógraí buan de mhéid shuntasach a chur suas do gach oibríocht a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a) tá an tacaíocht iomlán phoiblí don oibríocht os cionn EUR 500 000;

(b) is é atá san oibríocht ceannach ruda fhisicigh nó maoiniú oibríochtaí bonneagair nó tógála.

Sonrófar ar an bplaic nó ar an gclár fógraí cineál, ainm agus cuspóir na hoibríochta agus ullmhófar í/é i gcomhréir leis na saintréithe teicniúla arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 105(4).

3.           Bearta faisnéise do thairbhithe féideartha agus do thairbhithe

3.1.        Bearta faisnéise do thairbhithe féideartha

1.           Áiritheoidh an t‑údarás bainistíochta, i gcomhréir leis an straitéis chumarsáide, go ndéantar straitéisí, cuspóirí agus deiseanna cistiúcháin an chláir oibríochtúil, ar deiseanna iad a chuireann tacaíocht chomhpháirteach ón Aontas Eorpach agus ón mBallstát ar fáil, a scaipeadh go forleathan i measc tairbhithe féideartha agus gach páirtí leasmhair, le sonraí faoin tacaíocht airgeadais ó na Cistí lena mbaineann.

2.           Áiritheoidh an t‑údarás bainistíochta go gcuirtear tairbhithe féideartha ar an eolas faoi na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a) coinníollacha incháilitheachta caiteachais atá le comhlíonadh chun cáiliú do thacaíocht faoi chlár oibríochtúil;

(b) cur síos ar na nósanna imeachta chun iarratais ar chistiú a scrúdú agus ar na tréimhsí ama i gceist;

(c) na critéir chun na hoibríochtaí a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh a roghnú;

(d) na teagmhálaithe ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil atá in ann faisnéis a chur ar fáil faoi na cláir oibríochtúla;

(e) gur cheart d'iarratais gníomhaíochtaí cumarsáide atá comhréireach le méid na hoibríochta a mholadh, chun an pobal a chur ar an eolas faoi aidhmeanna na hoibríochta agus faoi thacaíocht an AE don oibríocht.

3.2.        Bearta faisnéise do thairbhithe

1.           Cuirfidh an t‑údarás bainistíochta tairbhithe ar an eolas gurb ionann glacadh le cistiú agus glacadh lena gcuimsiú ar an liosta oibríochtaí arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 105(2).

2.           Cuirfidh an t‑údarás bainistíochta pacáistí faisnéise agus poiblíochta ar fáil, lena n‑áirítear teimpléid i bhformáid leictreonach, chun cabhrú le tairbhithe a n‑oibleagáidí atá leagtha amach i roinn 2.2 a chomhlíonadh.

4.           Gnéithe na straitéise cumarsáide

Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa straitéis chumarsáide a tharraingeoidh an t‑údarás bainistíochta suas:

(a) cur síos ar an gcur chuige a úsáideadh, lena n‑áirítear na príomhbhearta faisnéise agus poiblíochta atá le déanamh ag an mBallstát nó ag an údarás bainistíochta, dírithe ar thairbhithe féideartha, ar thairbhithe, ar iolraitheoirí agus ar an bpobal i gcoitinne, ag féachaint do na haidhmeanna a gcuirtear síos orthu in Airteagal 105;

(b) cur síos ar ábhair a chuirfear ar fáil i bhformáid inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas;

(c) cur síos ar an gcaoi a dtacófar le tairbhithe ina ngníomhaíochtaí cumarsáide;

(d) an buiséad táscach do chur chun feidhme na straitéise;

(e) cur síos ar na comhlachtaí riaracháin, lena n‑áirítear na hacmhainní foirne, atá freagrach as na bearta faisnéise agus poiblíochta a chur chun feidhme;

(f) na socruithe do na bearta faisnéise agus poiblíochta dá dtagraítear i roinn 2, lena n‑áirítear an suíomh gréasáin nó an tairseach suímh ghréasáin ar a bhfuil fáil ar shonraí den sórt sin;

(g) tásc ar an gcaoi a ndéanfar measúnú ar na bearta faisnéise agus poiblíochta i dtéarmaí infheictheacht an bheartais agus feasacht i leith an bheartais, na gclár oibríochtúil agus na n‑oibríochtaí, agus ról na gCistí agus an Aontais Eorpaigh;

(h) i gcás inarb iomchuí, cur síos ar úsáid phríomhthorthaí an chláir oibríochtúil roimhe sin;

(i) nuashonrú bliantúil ina leagtar amach na gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide atá le déanamh.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Na forais atá leis an togra/tionscnamh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna áirithe maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006

1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[77]

13.Beartas réigiúnach, gníomhaíochtaí ABB 13 03 (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus oibríochtaí réigiúnacha eile); 13 04 an Ciste Comhtháthaithe

4. Fostaíocht agus gnóthaí sóisialta, gníomhaíocht ABB 04 02 (Ciste Sóisialta na hEorpa)

1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

■ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[78]

¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Is é cuspóir an Bheartais Chomhtháthaithe éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil a laghdú, go háirithe maidir le limistéir thuaithe, limistéir a bhfuil tionchar ag an trasdul tionsclaíoch orthu, agus réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó deimeagrafacha acu agus cabhrú chun na spriocanna atá leagtha amach sa Straitéis "Eoraip 2020" maidir le fás cliste inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach, agus go háirithe i dtaobh na bpríomhspriocanna cainníochtúla atá sainaitheanta sa straitéis sin a bhaint amach.

1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Tá Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) dírithe ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú san Aontas Eorpach le hinfheistíochtaí cómhaoinithe sna Ballstáit, agus cuireann Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) fostaíocht, oideachas agus cuimsiú sóisialta chun cinn.

Tugann an Ciste Comhtháthaithe cabhair do na Ballstáit infheistíochtaí a dhéanamh i líonraí iompair agus sa chomhshaol.

Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha idirghabhála na gCistí:

-        taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a neartú

-         úsáid agus cáilíocht theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus rochtain orthu a fheabhsú

-        iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide agus earnáil na talmhaíochta (i gcás an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)) agus earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (i gcás an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh (CEMI)) a fheabhsú

-        tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha uile;

-        oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar rioscaí maidir le hathrú aeráide agus bainistíocht an athraithe aeráide a chur chun cinn

-        an comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn

-        iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus scrogaill i bpríomhbhonneagair ghréasáin a bhaint

-        an fhostaíocht agus soghluaisteacht an luchta saothair a chur chun cinn

-        cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac

-        infheistíocht a dhéanamh in oideachas, i scileanna agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil

-        acmhainní na n‑institiúidí agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann:

13 03: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus idirghabhálacha réigiúnacha eile

13 04: An Ciste Comhtháthaithe

04 02: Ciste Sóisialta na hEorpa

1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Rannchuidíonn an beartas comhtháthaithe ar bhealach suntasach le fás agus rathúnas a scaipeadh ar fud an Aontais, ag tabhairt i gcrích tosaíochtaí beartais Eorpacha, agus ag laghdú éagothromaíochta eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha san am céanna.

1.4.4.     Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Molann an Coimisiún príomhshraith choiteann de tháscairí ar aschur is féidir a chomhiomlánú ar leibhéal an AE. Tá na táscairí coiteanna ar aschur sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na rialacháin a bhaineann go sonrach leis na Cistí. Beidh táscairí ar thorthaí éigeantach do gach clár agus do gach tosaíocht. Déanfar tionchar na gclár sin a mheas i gcomparáid le cuspóirí agus spriocanna Straitéis "Eoraip 2020", agus le OTI agus táscairí ar dhífhostaíocht nuair is iomchuí.

1.5.        Na forais atá leis an togra/tionscnamh

1.5.1.     Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Cuirfidh an tAontas chun cinn comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, mar aon leis an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit. Leagtar amach sa togra an creat don bheartas comhtháthaithe don chéad tréimhse cistiúcháin eile 2014-2020.

1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Tá bonn maith le gníomhaíocht an AE de thairbhe na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 174 den Chonradh agus freisin de thairbhe phrionsabal na coimhdeachta. Bunaítear an ceart beart a dhéanamh le hAirteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ina sonraítear go gcuirfidh an tAontas “chun cinn an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, mar aon leis an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit”, agus le hAirteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontas Eorpaigh chomh maith ina n‑iarrtar go sainráite ar an Aontas an beartas seo a chur chun feidhme trí bhíthin Cistí Struchtúracha, agus le Airteagal 177 ina sainítear ról an Chiste Comhtháthaithe. Tá aidhmeanna Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (ERDF) agus an Chiste Chomhtháthaithe sainithe in Airteagal 162, Airteagal 176 agus Airteagal 177. Is féidir tuilleadh sonraí faoin luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE sa Mheasúnú Tionchair gaolmhar.

Mar a tugadh chun suntais san Athbhreithniú ar Bhuiséad an AE, “ba cheart buiséad an AE a úsáid chun earraí poiblí de chuid an AE a mhaoiniú, gníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit ná na réigiúin a mhaoiniú dóibh féin, nó i gcás inar féidr torthaí níos fearr a bhain amach leis an mBuiséad”[79]. Urramóidh an togra dlíthiúil prionsabal na coimhdeachta toisc go bhfuil cúraimí na gCistí leagtha amach sa Chonradh agus go gcuirtear an beartas chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na comhbhainistíochta agus ag urramú inniúlachtaí institiúideacha na mBallstát agus na réigiún.

1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

Tá achoimre le fáil sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra.

1.5.4.     Comhoiriúnacht d'ionstraimí ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Bunófar Comhchreat Straitéiseach. Aistreoidh an comhchreat sin cuspóirí agus tosaíochtaí "Eoraip 2020" isteach i dtosaíochtaí infheistíochta do CFRE, don Chiste Comhtháthaithe, do CSE, don CETFT agus don CEMI, agus áiritheofar úsáid lánpháirtithe na gcistí chun na cuspóirí coiteanna a thabhairt i gcrích. Leagfar amach meicníochtaí comhordúcháin agus beartais agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais sa chomhchreat straitéiseach.

1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

1. ¨  Togra/tionscnamh i bhfeidhm ón 1.1.2014 go 31.12.2020

2. ¨  Tionchar airgeadais ó 2014 go 2023

¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

· Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB

· cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe[80]

¨ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

· ¨  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

· ¨  comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[81]

· ¨  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

3. ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

■ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

.

.

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic, agus na coinníollacha.

Beidh an córas faireacháin bunaithe ar chóras bainistíochta comhpháirtí. Beidh coistí faireacháin arna mbunú le haghaidh gach cláir oibríochtúla agus tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme le haghaidh gach cláir oibríochtúla mar chuid lárnach den chur chuige. Tiocfaidh na coistí faireacháin le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad. Cuirfidh cruinnithe athbhreithnithe bliantúla idir an Coimisiún agus na Ballstát leis an gcóras.

I dteannta na dtuarascálacha cur chun feidhme le haghaidh gach cláir oibríochtúla, beidh tuarascálacha in 2017 agus in 2019 ar dhul chun cinn dírithe ar shaincheisteanna straitéiseacha ar leibhéal na mBallstát. Bunaithe ar an méid sin, ullmhóidh an Coimisiún tuarascálacha straitéiseacha in 2017 agus in 2019.

Beidh an córas faireacháin agus tuairiscithe bunaithe ar tháscairí ar aschur agus ar thorthaí. Leagtar amach sna tograí sraith de tháscairí coiteanna a úsáidfear chun faisnéis a chomhiomlánú ar leibhéal an AE. Ag pointí tábhachtacha den tréimhse cur chun feidhme (2017 agus 2019), is cuid de na tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme iad breischeanglais anailíse ar dhul chun cinn na gclár. Baineann an córas faireacháin agus tuairiscithe úsáid iomlán as cumas na n‑aistrithe leitreonacha sonraí.

Cuirfear socruithe meastóireachta i bhfeidhm chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus tionchar an bheartais a mheas, go háirithe maidir le príomhspriocanna "Eoraip 2020" agus táscairí ábhartha eile ar thionchar.

2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh

Ó 2007 i leith tá tuairisc tugtha ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ('an Chúirt') ina tuarascáil bhliantúil ar ráta earráide measta maidir leis an mBeartas Comhtháthaithe iomlán do gach bliain buiséid (2006-2009) bunaithe ar shampla neamhspleách bliantúil randamach d'idirbhearta.

Tá leibhéal measta earráide na Cúirte maidir leis an mBeartas Comhtháthaithe ard i gcomparáid le grúpaí beartais eile de bhuiséad an AE sna blianta sin, agus leibhéal thart ar 5 % – 10 % den chaiteachas don tréimhse reatha clárúcháin atá ann. Tá feidhm an ráta earráide arna soláthar ag an gCúirt, áfach, maidir le híocaíochtaí eatramhacha arna gcur isteach ag na Ballstáit a aisíocann an Coimisiún sula ndéantar na rialaithe ar fad dá bhforáiltear i gcláir 2007-1013 ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Chomhphobail.

Faoi na rialacha reatha, deimhníonn údarás deimhniúcháin an Choimisiúin na híocaíochtaí eatramhacha tar éis don lucht bainistíochta seiceálacha deisce a dhéanamh ar an gcaiteachas ar fad a éilíonn tairbhithe agus go minic deimhnítear iad sula ndéanann an lucht bainistíochta seiceálacha cuimsitheacha ar an láthair, nó gníomhaíochtaí iniúchóireachta ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, ciallaíonn na socruithe ilbhliantúla maoinithe go ndéantar rialaithe sula ndéanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa an obair iniúchóireachta, nó ina dhiaidh, agus féadfaidh an earráid iarmharach tar éis na rialuithe sin ar fad a thabhairt i gcrích bheith níos ísle ná an ráta earráide a bhraith an Chúirt. Bunaithe ar thaithí a fuarthas roimhe seo, meastar an earráid iarmharach ag deireadh an chláraithe, tar éis na rialaithe ar fad a thabhairt i gcrích, a bheith thart ar 2-5 %.

Rinneadh foráil do roinnt beart sna tograí chun an ráta earráide atá nasctha leis na híocaíochtaí eatramhacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún a laghdú (an ráta earráide arna thuairisciú ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa):

1) Cuirfear teorainn le híocaíocht eatramhacha an Choimisiúin ag 90 % den mhéid atá dlite do na Ballstáit, toisc nach bhfuil ach cuid de na rialuithe náisiúnta curtha i gcrích ag an bpointe sin. Íocfar an t‑iarmhéid atá fágtha nuair a dhéanfar an t‑imréiteach bliantúil ar an cuntais a luaithe agus a sholáthróidh an t‑údarás bainistíochta agus an t‑údarás iniúchóireacht fianaise ar iniúchadh agus urrús réasúnta. Déanfar glancheartúchán ar bhonn aon neamhrialtachtaí a bhraitheann an Coimisiún nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tar éis don údarás bainistíochta/deimhniúcháin na cuntais dheimhnithe bhliantúla a tharchur. Beidh dreasachtaí níos mó ann, dá bhrí sin, do na Ballstáit rialtacht an chaiteachais atá deimnithe don Choimisiún a áirithiú i gcomparáid leis an gcur chuige atá ann faoi láthair a cheadaíonn athchúrsáil níos forleithne ar chistí ghnóthaithe fad is a mhaireann na cláir.

2) Imréiteach bliantúil cuntas a thabhairt isteach mar aon le dúnadh bliantúil na n‑oibríochtaí lánchríochnaithe nó an chaiteachais, a chruthóidh dreasachtaí breise d'údaráis náisiúnta agus réigiúnach tabhairt faoi rialuithe cáilíochta ar bhealach tráthúil i bhfianaise dheimhniú bhliantúil cuntas don Choimisiún. Is ionann sin agus socruithe reatha na bainistíochta airgeadais a threisiú agus tugann sé dearbhú níos fearr go mbeidh caiteachas mírialta á eisiamh ó na cuntais ar bhonn bliantúil seachas ag deireadh na tréimhse clárúcháin.

Táthar ag súil go ndéanfaidh na bearta a luaitear thuas (an córas nua aisíocaíochta, imréiteach agus dúnadh bliantúil agus glancheartúcháin cinntitheacha a dhéanfaidh an Coimisiún) an ráta earráide a laghdú go dtí faoi bhun 5 % agus go mbeidh an ráta deiridh iarmharach earráide tráth a dhúnfar na cláir níos giorra don tairseach ábharthachta 2 % arna chur i bhfeidhm ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Mar sin féin, beidh an meastachán faoi réir chumas an Choimisiúin agus na mBallstát aghaidh a thabhairt ar na príomhrioscaí a luaitear thíos.

Léiríonn anailís a rinneadh ar earráidí arna dtuairisciú ag an gCúirt agus ag an gCoimisiún le cúig bliana anuas, go bhfuil na príomhearráidí le fáil i líon teoranta clár i roinnt Ballstát. Léiríonn na rátaí earráide atá bunaithe ar shampla staitistiúla arna dtuairisciú ag na húdaráis iniúchóireachta freisin go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir cláir éagsúla agus tacaíonn siad leis an anailís sin dá bhrí sin. I gcás an togra maidir le díriú ar ghníomhaíochtaí iniúchóireachta agus acmhainní do cláir ardriosca, agus chun bearta comhréireacha rialaithe a cheadú do chláir a bhfuil córais éifeachtacha rialaithe acu, thabharfadh sé aghaidh ar na príomhrioscaí ar bhealach níos éifeachtaí agus bheadh úsáid níos éifeachtúla na n‑acmhainní iniúchóireachta atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Choimisiúin mar thoradh air. Féadfaidh an fhéidearthacht go mbeadh tairbhe le baint as socruithe comhréireacha i ndáil le cás gach cláir ann féin dreasachtaí a chruthú maidir le bearta rialaithe níos éifeachtaí.

Léiríonn an anailís a rinneadh ar earráidí nár bhraith na córais náisiúnta bainistíochta agus rialaithe, agus ar sainaithníodh sa Chúirt sna hiniúchtaí 2006-2009, dá bhrí sin, go bhfuil na rioscaí comhchruinnithe sna catagóirí seo a leanas:

Maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, chuir earráidí i soláthar poiblí le thart ar 41 % de na hearráidí inchainníochtúla carnacha a aimsíodh. Earráidí a bhain le hincháilitheacht a bhí in 39% de na hearráidí agus ar áireamh acu sin bhí cineálacha éagsúla earráidí amhail earráidí i dtionscadal a roghnú, catagóirí neamh‑incháilithe costas a mhaoiniú, costais lasmuigh den tréimhse incháilitheachta nó lasmuigh den limistéar incháilithe, míríomh rátaí cómhaoinithe, CBL neamh‑incháilithe a mhaoiniú etc. Laigí sa raon iniúchóireachta a bhí in 11% de na hearráidí inchainníochtúla (coibhneas a dtagann laghdú air le himeacht ama de bharr rialuithe bainistíochta treisithe), agus earráidí atá nasctha le saincheist chasta na dtionscadal ginte ioncaim (ionam nach n‑asbhaintear nó nach ríomhtar i gceart agus ráta cómhaoinithe ró-ard a bheith mar thoradh air sin) a bhí in 6 % de na hearráidí cainníochtúla a tuairiscíodh le linn na tréimhse sin.

Maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, saincheisteanna incháilitheachta a bhí in thart ar 58 % de na hearráidí inchainníochtúla carnacha a aimsíodh agus a bhain siad go háirithe le rannpháirtithe áirithe neamh‑incháilithe, costais díreacha agus indíreacha neamh‑incháilithe, le híocaíochtaí tar éis na tréimshe incháilitheachta nó ina diaidh, le caiteachas neamh‑incháilithe arna dhearbhú ar bhonn ráta comhréidh, le costais neamh‑incháilithe scoláireachta agus liúntas poiblí, le hioncam nár asbhaineadh agus caiteachas incháilithe á ríomh nó á ríomh go mícheart, nó le seirbhísí a n‑íoctar astu ach nach seachadtar agus le CBL neamh‑incháilithe. Saincheisteanna cruinnis, a bhí in 7 % de na hearráidí inchainníochtúla a tuairiscíodh, agus bhain siad le leithdháileadh mícheart costas díreach agus indíreach, le modh leithdháilte ar na costais indíreacha nach raibh údar cuí leis, le botúin i ríomh na gcostas, le neamhurramú phrionsabal an chostais iarbhír, le ródhearbhú costas, le ríomh mícheart na rátaí cómhaoinithe agus le dearbhú iolrach costas foirne. Chuir saincheisteanna maidir leis an raon iniúchóireachta le 35 % de na hearráidí agus bhain siad leis an easpa doiciméad riachtanach tacaíochta, go háirithe ar leibhéal na dtairbhithe.

Cé go bhfuil an Coimisiún ag tabhairt faoi roinnt gníomhaíochtaí leis na Ballstáit chun na hearráidí sin a laghdú, meastar go bhféadfadh riosca a bheith leis na hearráidí sin, go dtí go nglacfar an togra seo agus go gcuirfear na i bhfeidhm go cuí sna Ballstáit é, sa chéad tréimhse clárúcháin eile 2014-2020.

Is mórfhoinse earráidí iad earráidí a bhaineann le soláthar poiblí go háirithe agus féadfar iad a mheas ag ráta earráide thart ar 2-4 % gach bliain ar an meán don tréimhse reatha clárúcháin. Áiritheofar le tograí a chuirfear isteach faoin mBeartas Comhtháthaithe rialuithe níos éifeachtaí, ach chun laghdú suntasach sa ráta earráide a bhaint amach faoin mBeartas Comhtháthaithe, tá sé tábhachtach na gníomhaíochtaí sin a chomhlánú trí na rialacha maidir le soláthar poiblí a shoiléiriú agus a shimpliú. In éagmais nósanna imeachta níos éifeachtaí um sholáthar poiblí, agus mura bhfuil riaracháin phoiblí agus tairbhithe sna Ballstáit in ann cur chun feidhme na rialacha sin a fheabhsú, bheadh an chuid sin den ráta earráide reatha ag cur isteach go córasach ar an mBeartas Comhtháthaithe. Ba cheart go mbeadh deis ann le hathbhreithniú reatha na Treorach maidir le soláthar poiblí, dá bhrí sin, cabhrú chun na hearráidí sa Bheartas Comhtháthaithe a laghdú ar na bealaí a luaitear thuas.

2.2.2.     Modhanna rialaithe atá beartaithe

Is forbairt ar atá i bhfeidhm 2007-2013 an struchtúr atá beartaithe do na córais bainistíochta agus rialaithe agus caomhnaítear leis formhór na bhfeidhmeanna arna ndéanamh sa tréimhse reatha lena n‑áirítear fíoruithe riaracháin agus fíoruithe ar an láthair, iniúchtaí ar chórais bainistíochta agus rialaithe agus iniúchtaí ar oibríochtaí. Caomhnaítear ann freisin ról an Choimisiún mar aon leis an bhféidearthacht bristeacha, fionraithe agus ceartúcháin airgeadais a bheith á ndéanamh ag an gCoimisiún.

Chun cuntasacht a threisiú, chreidiúnódh comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin údaráis an chláir a bhfuil sé de chúram ar an gcomhlacht maoirseacht leanúnach a dhéanamh orthu. Tugtar deis solúbthachta leis an togra chun an struchtúr atá ann faoi láthair de thrí príomhúdarás faoi láthair do gach clár a choinneáil i gcásanna inar léir go raibh an córas sin éifeachtach. Tugtar leis freisin an deis chun an t‑údarás bainistíochta agus an t‑údarás deimhniúcháin a chumasc ar mhaithe le líon na n‑údarás bainteach a laghdú sna Ballstáit. Dá mbeadh líon níos lú comhlachtaí ann, laghdófaí ar an ualach riaracháin agus ba mhó an deis a bheadh ann cumas níos láidre riaracháin a fhorbairt, ach cheadófaí leithdháileadh níos soiléire freagrachtaí freisin.

Meastar costas na gcúraimí a bhaineann le rialú (ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, gan costais an Choimisiún a áireamh) a bheith thart ar 2 % den mhaoiniú iomlán arna riar sa tréimhse 2007-2013[82]. Baineann na costais sin leis na réimsí rialaithe seo a leanas: Díorthaítear 1 % ó chomhordú náisiúnta agus ó ullmhúchán clár, baineann 82 % le bainistíocht clár, 4 % le deimhniúchán agus 13 % le hiniúchadh.

Déanfaidh na tograí seo a leanas costais an rialaithe a mhéadú:

comhlacht creidiúnúcháin a chruthú agus a fheidhmiú (féadfar costais an chomhlachta a chúiteamh le cumasc na n‑údarás bainistíochta agus deimhniúcháin, má roghnaíonn an Ballstát an rogha seo);

- cuntais dheimhnithe bhliantúla agus dearbhú bainistíochta bliantúil a chur isteach, a thugann le fios go bhfuil na rialuithe ar fad is gá déanta sa bhliain cuntasaíochta (féadfaidh iarracht bhreise riaracháin a bheith de dhith chun an méid sin a dhéanamh);

- an gá le breisghníomhaíocht iniúchóireachta ó na húdaráis iniúchóireachta chun iniúchadh a dhéanamh ar an dearbhú bainistíochta nó an gá leis na hiniúchtaí a chríochnú agus tuairim iniúchóireachta a chur in iúl i dtréimhse níos giorra i gcomparáid leis na hoibleagáidí reatha.

Tá tograí ann freisin a dhéanfaidh costais an rialaithe a laghdú, áfach:

- an rogha chun na húdaráis bainistíochta agus deimhniúcháin a chumasc, a cheadódh don Bhallstát cuid shuntasach a shábháil den 4 % de na costais reatha a bhaineann le deimhniúchán de thoradh éifeachtúlachta níos fearr riaracháin, laghdú ar an ngá le comhordú, agus raon feidhme na n‑iniúchtaí a laghdú;

costais shimplithe agus Comhphleananna Gníomhaíochta a úsáid, a dhéanann laghdú ar chostais agus ar ualaí riaracháin ar gach leibhéal, i gcás riarachán agus tairbhithe araon.

socruithe comhréireacha rialaithe le haghaidh fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí;

dúnadh bliantúil, a laghdóidh costas coinneála na ndoiciméad chun críoch rialaithe do riaracháin phoiblí agus tairbhithe.

Táthar ag súil, dá bhrí sin, go mbeidh sé mar thoradh ar na tograí, ar an iomlán, go ndéanfar na costais rialaithe a athdháileadh (costais a fhanfaidh ag thart ar 2 % den mhaoiniú iomlán atá á bhainistiú), seachas iad a mhéadú nó a laghdú. Meastar, áfach, go n‑éascóidh an t‑athdháileadh sin ar chostais (do na feidhmeanna ar fad agus de bharr na socruithe comhréireacha rialaithe, agus freisin do na Ballstáit agus na cláir ar fad) maolú níos éifeachtaí ar rioscaí agus go mbeidh ráta earráide níos lú ná 5 % mar thoradh air sin.

I dteannta na n‑athruithe a rinneadh ar an mbainistíocht airgeadais agus ar an socrú rialaithe a chuireann le braith éifeachtach agus eisiamh luath earráidí ó na cuntais, déanann an togra foráil maidir le simpliú i réimsí áirithe a chabhraíonn chun earráidí a chosc. Mar atá luaite thuas, thabharfadh na bearta atá beartaithe do na réimsí sin aghaidh ar 55 % de na rátaí earráide atá tuairiscithe don tréimhse reatha.

Tá orthu sin:

- Úsáid níos forleithne costas simplithe a dhéanann earráidí a bhaineann le bainistíocht airgeadais, rialacha incháilitheachta agus an raon iniúchóireachta a laghdú, agus a atreoraíonn an cur chun feidhme agus an rialú i dtreo fheidhmíocht na n‑oibríochtaí.

- Comhchruinniú téamach níos mó i dtaobh maoinithe a bhféadfadh laghdú ar earráidí de thoradh rogha leathan idirghabhálacha a bheith i gceist leis, agus rogha rialacha incháilitheachta arna gcur i bhfeidhm dá bhrí sin.

- Rialacha soiléirithe chun tionscadail a roghnú.

- Cur chuige níos simplí, bunaithe ar ráta comhréidh, i dtaobh oibríochtaí ginte ioncam a laghdóidh riosca na n‑earráidí maidir leis an ioncam arna ghineadh ag oibríochtaí a chinneadh agus a asbhaint.

- Comhchuibhiú, soiléiriú agus simpliú na rialacha incháilitheachta i dtaobh ionstraimí eile um thacaíocht airgeadais, a dhéanfaidh na botúin a dhéanann tairbhithe a bhaineann úsáid as cúnamh ó fhoinsí éagsúla a laghdú.

- Bainistiú agus malartú leictreonach sonraí la bhunú ar bhonn éigeantach idir an riarachán agus na tairbhithe d'fhonnan ráta earráide a ghearradh atá de thoradh ar mhodhanna neamh‑leordhóthanacha coinneála doiciméad agus ar an ualach riaracháin atá ar thairbhithe a shimpliú.

- Dúnadh bliantúil oibríochtaí nó caiteachais, a dhéanann earráidí sa raon iniúchóireachta a laghdú tríd an tréimhse coinneála do dhoiciméid a laghdú agus a sheachnaíonn méadú suntasach ar an ualach riaracháin atá nasctha leis an dúnadh aonuaire ag deireadh na tréimhse clárúcháin.

Cuireann formhór na simplithe atá liostaithe thuas leis an ualach riaracháin do thairbhithe a laghdú freisin agus dá bhrí sin, is ionann iad agus laghdú comhuaineach ar rioscaí earráide agus ar an ualach riaracháin.

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Tá Comhstraitéis Frith‑Chalaoise curtha i bhfeidhm ag seirbhísí na gCistí Struchtúracha i gcomhar le OLAF a dhéanann forail do shraith gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstát chun calaois a chosc i ngníomhaíochtaí struchtúracha faoi bhainistíocht chomhpháirteach.

Faoi láthair, tá an dá DG ag forbairt samhla a thabharfaidh scór don riosca calaoise agus úsáidfidh na húdaráis bainistíochta lena mbaineann é ar 116 clár CSE agus ar 60 clár CFRE.

Fáiltíonn an Teachtaireacht a d'eisigh an Coimisiún le déanaí maidir le straitéis frithchalaoise (COIM(2011) 376 leagan críochnaitheach an 24.6.2011) roimh an straitéis atá ann cheana mar thionscnamh dea-chleachtais agus beartaíonn sé gníomhaíochtaí comhlántacha a chur leis, ar an gceann is tábhachtaí acu go n‑iarrfar ar na Ballstáit sa togra ón gCoimisiún do rialacháin 2014-2020, bearta frithchalaoise a chur i bhfeidhm ar bearta iad atá éifeachtach agus comhréireach maidir leis na rioscaí calaoise atá sainaitheanta.

Áirítear i dtogra reatha an Choimisiúin saincheanglas maidir leis na bearta sin a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 86(4)(c). Ba cheart feasach ar chalaois a threisiú sna Ballstáit dá bhrí sin, i measc na gcomhlachtaí ar fad atá bainteach le cistí a bhainistiú agus a rialú, agus an riosca calaoise a laghdú dá bhrí sin.

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas  caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir || LD ([83]) || ó thíortha CSTE[84] || ó thíortha is iarrthóirí[85] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

1 Fás cliste agus cuimsitheach Ceannteidil nua do 2014-2020 || 04021700 CSE Cóineasú 04021900 CSE Iomaíochas Réigiúnach 13031600 CFRE Cóineasú 13031800 CFRE Iomaíochas Réigiúnach 13031900 CFRE Comhar críochach Eorpach 13040200 Cistí comhtháthaithe || Difreáilte || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh: Uimh.

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir   [Ceannteideal………………………...……] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

[…] || [XX.YY.YY.YY] […] || […] || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL

3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir 1 || Fás cliste agus cuimsitheach

DG: REGIO agus EMPL || || || Bliain N[86] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || IOMLÁN

Ÿ Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (praghsanna 2011) || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 ||

Línte nua buiséid CFRE agus CSE || Gealltanais || (1) || 37.004,476 || 37.564,774 || 38.023,079 || 38.379,867 || 38.722,325 || 39.021,277 || 39.303,920 || 268.019,718

Íocaíochtaí || (2) || 5.662,072 || 11.297,046 || 21.863,675 || 28.576,824 || 31.789,232 || 36.702,873 || 34.774,287 || 170.666,010

Líne nua buiséid an Chiste Comhtháthaithe roimh an aistriú chuig líne buiséid na Saoráide um Chónascadh na hEorpa || Gealltanais || (1a) || 9.482,581 || 9.751,240 || 9.968,903 || 10.138,977 || 10.308,621 || 10.456,512 || 10.595,853 || 70.702,687

Íocaíochtaí || (2a) || 1.499,397 || 2.821,047 || 5.410,638 || 7.352,290 || 8.652,800 || 9.699,964 || 8.801,732 || 44.237,869

Aistriú chuig líne buiséid nua na Saoráide um Chónascadh na hEorpa || Gealltanais || (1b) || 1397,5 || 1401,8 || 1403,8 || 1414,8 || 1440,9 || 1451,3 || 1489,9 || 10 000,0

Íocaíochtaí || (2b) || 4,8 || 903,8 || 1003,8 || 1103,2 || 1129,9 || 1177,6 || 1303,6 || 6 626,7

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach[87] || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

13.01.04.01 – Foireann sheachtrach CFRE || || (3) || 3,060 || 3,060 || 3,060 || 3,060 || 3,060 || 3,060 || 3060 || 21,420

13.01.04.03 – Foireann sheachtrach an Chiste Comhtháthaithe || || || 1,340 || 1,340 || 1,340 || 1,340 || 1,340 || 1,340 || 1,340 || 9,380

04.01.04.01 - External Staff ESF || || || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 35,000

Iomlán na foirne seachtraí ar sheanlínte BA || || || 9,400 || 9,400 || 9,400 || 9,400 || 9,400 || 9,400 || 9,400 || 65,800

LEITHREASAÍ EILE RIARACHÁIN Ó REGIO || || || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 93,555

LEITHREASAÍ EILE RIARACHÁIN Ó EMPL || || || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 112,000

IOMLÁN leithreasaí le haghaidh DGanna REGIO, EMPL agus MOVE || Gealltanais || =1+1a +3 || 46.525,822 || 47.354,779 || 48.030,747 || 48.557,608 || 49.069,711 || 49.516,554 || 49.938,537 || 338.993,760

Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 7.200,235 || 14.156,859 || 27.313,078 || 35.967,879 || 40.480,798 || 46.441,602 || 43.614,784 || 215.175,234

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || 46.487,058 || 47.316,014 || 47.991,982 || 48.518,843 || 49.030,946 || 49.477,789 || 49.899,772 || 338722,405

Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || ||

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || 38,765 || 38,765 || 38,765 || 38,765 || 38,765 || 38,765 || 38,765 || 271,355

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 1 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || 46.525,822 || 47.354,779 || 48.030,747 || 48.557,608 || 49.069,711 || 49.516,554 || 49.938,537 || 338.993,760

Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || ||

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin: Neamhbhainteach

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || ||

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasaí faoi Cheannteidil 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Gealltanais || =4+ 6 || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || ||

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || IOMLÁN

DG: REGIO ||

Ÿ Acmhainní daonna || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 561,309

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 26,600

IOMLÁN DG REGIO || Leithreasuithe || 83,987 || 83,987 || 83,987 || 83,987 || 83,987 || 83,987 || 83,987 || 587,909

739109 || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || IOMLÁN

DG: EMPL ||

Ÿ Acmhainní daonna || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 177,800

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || ||

IOMLÁN DG EMPL || Leithreasuithe || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 177,800

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 109,387 || 109,387 || 109,387 || 109,387 || 109,387 || 109,387 || 109,387 || 765,709

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain N[88] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasaí faoi Cheannteidil 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 46.635,210 || 47.464,166 || 48.140,134 || 48.666,995 || 49.179,098 || 49.625,941 || 50.047,924 || 339.759,469

Íocaíochtaí || || || || || || || ||

3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

· ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

· ¨  Éilíonn an togra go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos. Cuirtear an beartas comhtháthaithe i bhfeidhm tríd an mbainistíocht chomhpháirteach. Cé go socraítear tosaíochtaí straitéiseacha ar leibhéal an AE, tugtar an bhainistíocht laethúil de chúram d'údaráis bainistíochta ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Cé go molann an Coimisiún táscairí coiteanna ar aschur, is iad na húdaráis bainistíocht sin a mholann na spriocanna iarbhír maidir le haschur mar chuid dá gcláir oibríochtúla, arna gcomhaontú ag an gCoimisiún. Tá sé deacair, dá bhrí sin, táscairí maidir le haschur a lua go dtí go mbeidh na cláir dréachtaithe, caibidlithe agus comhaontaithe in 2013/14.

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas aschuir[89] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Iomlán iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[90]… || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || ||

COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || ||

.

3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.  Achoimre

· ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

· ¨  Éilíonn an togra go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

DG REGIO

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain N [91] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5  den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní Daonna REGIO || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 561,309

Caiteachas riaracháin eile || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 26,600

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 83,741 || 83,741 || 83,741 || 83,741 || 83,741 || 83,741 || 83,741 || 586,187

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[92] den chreat airgeadais ilbhliantúil [93] || || || || || || || ||

Acmhainní Daonna REGIO || 4,4 || 4,4 || 4,4 || 4,4 || 4,4 || 4,4 || 4,4 || 30,8

Caiteachas eile    de chineál riaracháin || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 93,555

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 17,765 || 17,765 || 17,765 || 17,765 || 17,765 || 17,765 || 17,765 || 124,355

IOMLÁN || 101,506 || 101,506 || 101,506 || 101,506 || 101,506 || 101,506 || 101,506 || 710,542

DG EMPL

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain N [94] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 177,800

Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || ||

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 177,800

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[95] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 35,000

Caiteachas eile de chineál riaracháin || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 112,000

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 21,000 || 21,000 || 21,000 || 21,000 || 21,000 || 21,000 || 21,000 || 147,000

IOMLÁN || 46,400 || 46,400 || 46,400 || 46,400 || 46,400 || 46,400 || 46,400 || 324,800

IOMLÁN || 148,933 || 148,933 || 148,933 || 148,933 || 148,933 || 148,933 || 148,933 || 1.042,531

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

· ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

· ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos: Is iad figiúirí 2011 a úsáidtear do bhliain n.

DG REGIO:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) REGIO ||

13 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 606 || 606 || 606 || 606 || 606 || 606 || 606

13 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

13 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[96] REGIO ||

13 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "ciste iomlánaíoch") || 48 || 48 || 48 || 48 || 48 || 48 || 48

13 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

13 01 04 01[97] || - sa Cheanncheathrú[98] || 56 || 56 || 56 || 56 || 56 || 56 || 56

- i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

13 01 04 03 [99] || - sa Cheanncheathrú[100] || 25 || 25 || 25 || 25 || 25 || 25 || 25

- i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || ||

Eile || || || || || || ||

IOMLÁN || 735 || 735 || 735 || 735 || 735 || 735 || 735

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun na bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Chun rannchuidiú le hanailís, idirbheartaíocht, modhnú agus/nó ullmhúchán le haghaidh tograí formheas do chláir agus/nó do thionscadail i mBallstát XXX. Chun rannchuidiú le bainistíocht, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár/na dtionscadal arna bhformheas. Chun comhlíonadh na rialacha a rialaíonn clár XXX a áirithiú.

Pearsanra seachtrach || Idem agus/nó tacaíocht riaracháin

DG EMPL

Sloinnfear an meastachán in aonaid i gcoibhéis lánaimseartha gan pointí deachúla

|| Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) ||

04 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) (200 post, costas aonaid EUR 127.000) || 200 || 200 || 200 || 200 || 200 || 200 || 200

 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

(Taighde indíreach) || || || || || || ||

 (Taighde díreach) || || || || || || ||

Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[101] ||

 (CA, INT, SNE ón "ciste iomlánaíoch") || || || || || || ||

 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

04 01 04 01 [102] || - sa Cheanncheathrú[103] || 93 || 93 || 93 || 93 || 93 || 93 || 93

- i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || ||

xx 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || ||

Eile xx 01 04 02) || || || || || || ||

IOMLÁN || 293 || 293 || 293 || 293 || 293 || 293 || 293

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

· ¨  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

· ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

· ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[104]

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

· Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

· ¨ Déantar foráil sa togra gur gá cistiú Eorpach a chómhaoiniú. Ní féidir an méid cruinn a chainníochtú. Bunaítear leis an rialachán uasrátaí cómhaoinithe atá difreáilte i gcomhréir le leibhéal na forbartha réigiúnaí (cf. Art. 73 den rialachán atá beartaithe):

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || BS || BS || BS || BS || BS || BS || BS ||

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh ||

3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

· ¨  Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

· ¨  Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

¨         ar acmhainní dílse

¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don tréimhse bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[105]

Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal …………. || || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

[…]

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[…]

[1]               IO C , , lch. .

[2]               IO C , , lch. .

[3]               IO C , , lch. .

[4]               IO L 248, 16.9.02, lch 1.

[5]               IO L 154, 21.06.03, lch 1.

[6]               IO L 209, 02.08.97, lch 1.

[7]               IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[8]               IO L 210, 31.07.06, lch 25.

[9]              

[10]            

[11]            

[12]             IO L , , lch. .

[13]            

[14]            

[15]            

[16]             IO L 191, 23.7.2010, lch. 28.

[17]             IO L 308, 24.11.2010, lch. 46.

[18]             IO L 379, 28.12.06, lch 5.

[19]             IO L 337, 21.12.07, lch 35.

[20]             OJ L 193, 25.7.2007, p. 6.

[21]             IO L 134, 30.04.04, lch 114.

[22]             IO L 210, 31.07.06, lch 19.

[23]             IO L 53, 23.02.02, lch 1.

[24]             IO L 118, 12.5.2010, lch. 1.

[25]             IO L 53, 23.02.02, lch 1.

[26]             Tag. ceannspriocanna 2020 an AE.

[27]             IO L 197, 21.7.2001, lch. 30

[28]             IO…

[29]             IO L 209, 02.08.97, lch. 1.

[30]             Mar atá sainmhínithe i gCóras Eorpach na gCuntas (CEC) agus atá tarchurtha ag an 27 Ballstát uile ina gCláir Chobhsaíochta agus ina gCláir um Chóineasú.

[31]             Míniú: Is éard atá in earnáil an rialtais ghinearálta, den chuid is mó, aonaid rialtais láir, stáit agus áitiúla mar aon le cistí slándála sóisialta arna bhforchur agus arna rialú ag na haonaid sin. Ina theannta sin, áirítear ann institiúidí neamhbhrabúis a bhfuil táirgeadh neamh‑mhargaidh ar siúl acu agus atá rialaithe agus maoinithe, den chuid is mó, ag aonaid rialtais nó ag cistí slándála sóisialta.

[32]             IO L 83, 27.03.99, lch 1.

[33]             COM(2011) 809 críochnaitheach

[34]             COM(2011) 834 críochnaitheach

[35]             IO L 290, 6.11.2010, lgh. 39–48 2010/670/AE: Cinneadh ón gCoimisiún an 3 Samhain 2010 lena leagtar síos na critéir agus na bearta maidir le maoiniú tionscadal taispeántais trachtála atá ceaptha CO2 a ghabháil ar bhealach sábháilte ó thaobh an chomhshaoil agus a stóráil go geolaíoch chomh maith le tionscadail taispeántais de theicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh inathnuaite faoin scéim i ndáil le trádáil lámhaltas astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal arna bhunú le Cinneadh 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2010/670/AE) IO L 275, 25.10.2003, lgh. 32–46.

[36]             COM(2011) 874 críochnaitheach

[37]             COM(2011) 788 críochnaitheach

[38]             COM(2011) 609 críochnaitheach

[39]             COM(2011) 665 críochnaitheach

[40]             “Treochlár um Limistéar Iompair Eorpach Aonair – I dtreo córais iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní”COM(2011) 144 críochnaitheach.

[41]             COM(2011) 838 críochnaitheach COM(2011) 839 críochnaitheach COIM(2011) 837 críochnaitheach

[42]             Arna fhormhuiniú ag Comhairle ECOFIN an 7 Meán fómhair 2010.

[43]             Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Aontas na Nuálaíochta - Tionscnamh Suaitheanta de chuid Eoraip 2020 (COIM(2010) 546 críochnaitheach, 6.10.2010). Ceangaltais 24/25 agus Iarscríbhinn I “Uirlis féinmheasúnaithe: Gnéithe a bhaineann le córais taighde agus nuálaíochta náisiúnta agus réigiúnacha a fheidhmíonn go maith”. Conclúidí na Comhairle Iomaíochais: Conclúidí maidir le hAontas na Nuálaíochta don Eoraip (doic. 17165/10, 26.11.2010).

[44]             Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Clár Oibre Digiteach don Eoraip (COIM(2010) 245 críochnaitheach/2, 26.8.2010); Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin: Scórchlár an Chláir Oibre Dhigitigh (SEC(2011) 708, 31.5.2011). Conclúidí na Comhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh maidir leis an gClár Oibre Digiteach don Eoraip (doic. 10130/10, 26 Bealtaine 2010)

[45]             Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Clár Oibre Digiteach don Eoraip (COIM(2010) 245 críochnaitheach/2, 26.8.2010); Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin: Digital Agenda Scoreboard (SEC(2011) 708 of 31.5.2011).

[46]             Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús - Gníomh um Ghnólachtaí Beaga don Eoraip (COIM(2008) 394, 23.6.2008); Conclúidí na Comhairle Iomaíochais: Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús - Gníomh um Ghnólachtaí Beaga don Eoraip (doic. 16788/08, 1.12.2008); Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Athbhreithniú ar an “Gníomh um Ghnólachtaí Beaga” don Eoraip (COIM(2008) 78 críochnaitheach, 23.02.11); Conclúidí na Comhairle Iomaíochais: Conclúidí maidir leis an Athbhreithniú ar an “Gníomh um Ghnólachtaí Beaga” don Eoraip (doc. 10975/11, 30.5.2011).

[47]             IO L 48, 23.2.2011, lch. 1.

[48]             IO L 153, 18.06.10, lch. 13

[49]             IO L 140, 05.06.09, lch 136.

[50]             IO L 114, 27.04.06, lch 64.

[51]             IO L 52, 21.2.2004, lch. 50.

[52]             IO L 140, 05.06.09, lch 16.

[53]             Conclúidí na Comhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile; 11-12 Aibreán 2011, Conclúid maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mheasúnuithe riosca i ndáil le bainistíocht tubaistí san Aontais Eorpach.

[54]             IO L 327, 22.12.00, lch 1.

[55]             IO L 327, 22.12.00, lch 1.

[56]             IO L 312, 22.11.08, lch 3.

[57]             Cinneadh ón gComhairle (2010/707/AE) an 21 Deireadh fómhair, IO L 308, 24.11.2010, lch. 46

[58]             Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús - Gníomh um Ghnólachtaí Beaga don Eoraip (COIM(2008) 394, 23.6.2008); Conclúidí na Comhairle Iomaíochais: Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús - Gníomh um Ghnólachtaí Beaga don Eoraip (doic. 16788/08, 1.12.2008); Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Athbhreithniú ar an “Gníomh um Ghnólachtaí Beaga” don Eoraip (COIM(2008) 78 críochnaitheach, 23.02.11); Conclúidí na Comhairle Iomaíochais: Conclúidí maidir leis an Athbhreithniú ar an “Gníomh um Ghnólachtaí Beaga” don Eoraip (doc. 10975/11, 30.5.2011).

[59]             Moladh (2010/410/AE) ón gComhairle an 13 Iúil 2010, IO L 191, 23.7.2010, lch. 28.

[60]             Má tá Moladh ón gComhairle a bhaineann go sonrach le tír i bhfeidhm, a bhfuil nasc díreach aici leis an bhforáil seo um choinníollacht, déanfar an measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le comhlíonadh an Mholta ón gComhairle a bhaineann go sonrach le tír a chur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh.

[61]             Féadfaidh spriocdhátaí do sheachadadh na ngnéithe uile atá anseo a bheith le linn thréimhse cur chun feidhme an chláir.

[62]             Má tá Moladh ón gComhairle a bhaineann go sonrach le tír i bhfeidhm, agus a bhfuil nasc díreach aici leis an bhforáil seo um choinníollacht, déanfar an measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le comhlíonadh an Mholta ón gComhairle a bhaineann go sonrach le tír a chur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh.

[63]             Féadfaidh spriocdhátaí do sheachadadh na ngnéithe uile atá anseo a bheith le linn thréimhse cur chun feidhme an chláir.

[64]             Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Comhthiomantas maidir le fostaíocht – COIM(2009)257 críochnaitheach.

[65]             IO C 191, 1.7.2011, lch. 1.

[66]             COIM(2011) 567 leagan críochnaitheach.

[67]             Conclúidí na Comhairle an 12 Bealtaine 2009 maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhair Eorpaigh maidir le hoideachas agus le hoiliúint ("ET 2020") (IO C 119, 28.5.2009, lch. 2)

[68]             Moladh ón gComhairle an 3 Deireadh fómhair 2008 maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair (IO L 307, 18.11.2008, lch. 11).

[69]             Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Creat AE maidir le Straitéisí Náisiúnta um Lánpháirtiú na Romach go dtí 2020. COIM(2011) 173.

[70]             Má tá Moladh ón gComhairle a bhaineann go sonrach le tír i bhfeidhm, a bhfuil nasc díreach aici leis an bhforáil seo um choinníollacht, déanfar an measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le comhlíonadh an Mholta ón gComhairle a bhaineann go sonrach le tír a chur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh.

[71]             Féadfaidh spriocdhátaí do sheachadadh na ngnéithe uile atá anseo dul in éag linn thréimhse cur chun feidhme an chláir.

[72]             IO L 303, 2.12.2000, lch. 16.

[73]             IO L 180, 19.7.2000, lch. 22

[74]             IO, L 23, 27.01.2010, lch. 35 foilsiú na Treorach ón gComhairle an 26 Samhain 2009 i ndáil le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas a bheith á thabhairt chun críche ag an gComhphobal Eorpach.

[75]             IO L 175, 05.07.85, lch 40.

[76]             IO L 197, 21.7.2001, lch. 30.

[77]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[78]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais

[79]             COM(2010) 700, 19.10.2010.

[80]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[81]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

[82]             Staidéar "Regional governance in the context of globalisation: reviewing governance mechanisms & administrative costs. Administrative workload and costs for Member State public authorities of the implementation of ERDF and Cohesion Fund", 2010 (Rialachas réigiúnach i gcomhthéacs an domhandaithe: meicníochtaí rialachais agus costais riaracháin a athbhreithniú. Ualach oibre riaracháin agus costais d'údaráis phoiblí na mBallstát de bharr Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Chiste Comhtháthaithe a chur chun feidhme", 2010)

[83]             LD – Leithreasuithe difreáilte / LN – Leithreasuithe neamhdhifreáilte

[84]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[85]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.

[86]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[87]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[88]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[89]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[90]             Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. "Cuspóirí sonracha...".

[91]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[92]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[93]             Foireann sheachtrach arna maoiniú ó sheanlínte BA, bunaithe ar Leithdháileadh Críochnaitheach 2011 ar Acmhainní Daonna, lena n‑áirítear foireann sheachtrach ag an gCeanncheathrú agus i dToscaireachtaí

[94]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[95]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[96]             CA= Gníomhaire ar conradh; INT= foireann ghníomhaireachta (" Intérimaire "); JED= " Jeune Expert en Délégation " (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[97]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[98]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[99]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[100]            Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[101]            CA= Gníomhaire ar conradh; INT= foireann ghníomhaireachta (" Intérimaire "); JED= " Jeune Expert en Délégation " (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[102]            Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[103]            Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[104]            Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach

[105]            A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

Top