EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Rialachán (AE) 2022/2379 maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta
Bunaítear leis creat le haghaidh staidreamh comhiomlánaithe an Aontais Eorpaigh (AE) ar ionchuir agus aschuir talmhaíochta — lena n–áirítear úsáid idirmheánach as an staidreamh ar ionchuir agus aschuir talmhaíochta — agus ar a bhailiú agus a phróiseáil.
Maidir leis na Ballstáit:
Maidir le Eurostat:
Maidir leis an gCoimisiún Eorpach:
Leagtar amach san Iarscríbhinn minicíocht an tarchuir, na tréimhsí tagartha, agus na toisí ionchasacha ar an leibhéal réigiúnach agus toisí ionchasacha feirmeoireachta orgánaí, maidir le gach ábhar mionsonraithe sna sonraí atá le tarchur ag na Ballstáit.
Íocfaidh an tAontas Eorpach suas le 95% de na costais a bhaineann le cuid de cheanglais an rialacháin a chomhlíonadh le deontais ón gclár um margadh aonair.
Beidh feidhm ag rialacha idirthréimhseacha maidir le táirgí cosanta plandaí ó 2025 go 2027 chun cumhdach a mhéadú de réir a chéile.
Maidir leis an rialachán:
Tá sé i bhfeidhm ón 01 Eanáir 2025.
Tá an rialachán ina chuid de bheart chun staidreamh talmhaíochta Eorpach a nuachóiriú. Feabhsaítear leis eolas faoi na cleachtais agus an táirgeadh talmhaíochta i gcomhthéacs an chomhbheartais talmhaíochta, an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na straitéise “ón bhfeirm go dtí an forc”.
Tá staidreamh trédhearcach, cuimsitheach agus iontaofa riachtanach chun beartais talmhaíochta AE eile a dhearadh, a chur chun feidhme, faireachán a dhéanamh orthu, iad a mheasúnú agus iad a athbhreithniú mar aon lena dtionchar ar réimsí beartais eile.
Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle (IO L 315, 7.12.2022, lgh. 1–29).
Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lgh. 187–261).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/2116 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n–áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n–ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n–aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lgh. 1–47).
Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 a leagann síos rialacha maidir le táirgí toirchithe an AE a chur ar fáil agus rialacháin leasaithe (CE) Uimhir 1069/2009 agus (CE) Uimhir 1107/2009 agus Rialachán (CE) Uimhir 2003/2003 (IO L 170, 25.6.2019, lgh. 1–114).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1–222).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lgh. 1–92).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair ainmhithe in–tarchurtha agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1–208).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 671–854).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n–aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lgh. 1–50).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste na gComhphobal Eorpach um an gClár Staidrimh (IO L 87, 31.3.2009, lgh. 164–173).
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir 2009/128/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lgh. 71–86).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2008 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 maidir le caighdeáin mhargaíochta d’uibheacha le haghaidh sicíní goir agus sicíní éanlaithe clóis (IO L 168, 28.6.2008, lgh. 5–16).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe ar réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lgh. 1–39).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lgh. 13–19).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le cuntais eacnamaíochta i gcomhair talmhaíochta sa Chomhphobal (IO L 33, 5.2.2004, lgh. 1–87).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun bó–ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lgh. 1–10).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 01.02.2023